EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0582

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2024 Aibreán 9.
FY v Profi Credit Polska S.A. w Bielsku Białej.
Tarchur chun réamhrialú – Prionsabail dhlí an Aontais – Airteagal 4(3) CAE – Prionsabal an chomhair dhílis – Neamhspleáchas ó thaobh nós imeachta de – Prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta – Prionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do leigheas urghnách lena gceadaítear imeachtaí sibhialta a athoscailt ar cuireadh clabhsúr orthu trí bhreithiúnas críochnaitheach – Forais – Cinneadh ó Chúirt Bhunreachtúil ina dhiaidh sin lena gcinntear go bhfuil foráil dlí náisiúnta ar neamhréir leis an mBunreacht, ar foráil dlí náisiúnta í ba bhun leis an mbreithiúnas sin a thabhairt – Ceilt na deise chun gníomhú mar gheall ar shárú ar an dlí – Cur i bhfeidhm forleathan an leighis seo – Sárú líomhainte ar dhlí an Aontais le breithiúnas ina dhiaidh sin ag an gCúirt lena dtugtar rialú ar léiriú ar an gceart sin faoi Airteagal 267 CFAE – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Breithiúnas mainneachtana – Gan fíorú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil téarmaí conartha éagórach.
Cás C-582/21.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:282

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

9 Aibreán 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Prionsabail dhlí an Aontais – Airteagal 4(3) CAE – Prionsabal an chomhair dhílis – Neamhspleáchas ó thaobh nós imeachta de – Prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta –Prionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do leigheas urghnách lena gceadaítear imeachtaí sibhialta a athoscailt ar cuireadh clabhsúr orthu trí bhreithiúnas críochnaitheach – Forais – Cinneadh ó Chúirt Bhunreachtúil ina dhiaidh sin lena gcinntear go bhfuil foráil dlí náisiúnta ar neamhréir leis an mBunreacht, ar foráil dlí náisiúnta í ba bhun leis an mbreithiúnas sin a thabhairt – Ceilt na deise chun gníomhú mar gheall ar shárú ar an dlí – Cur i bhfeidhm forleathan an leighis seo – Sárú líomhainte ar dhlí an Aontais le breithiúnas ina dhiaidh sin ag an gCúirt lena dtugtar rialú ar léiriú ar an gceart sin faoi Airteagal 267 CFAE – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Breithiúnas mainneachtana – Gan fíorú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil téarmaí conartha éagórach)

I gCás C‑582/21,

Iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Sąd Okręgowy Warszawa-Praga (Cúirt Réigiúnach Warszawa--Praga, an Pholainn), trí bhreith an 31 Lúnasa 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 17 Meán Fómhair 2021, sna himeachtaí

FY

v

Profi Credit Polska S.A. w Bielsku Białej,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, F. Biltgen, N. Piçarra agus O. Spineanu-Matei (Rapóirtéir), Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, P. G. Xuereb, I. Ziemele, J. Passer agus D. Gratsias, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,

Cláraitheoir: M. Siekierzyńska, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i dtaca le héisteacht an 24 Eanáir 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna agus S. Żyrek, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag N. Ruiz García, A. Szmytkowska agus P. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag an éisteacht ar an 14 Meán Fómhair 2023

an breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú leis an léiriú ar Airteagal 4(3) agus Airteagal 19(1) CAE chomh maith le prionsabal na coibhéise agus prionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais.

2

Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir Profi Credit Polska S.A. w Bielsku Białej (‘Profi Credit Polska’) agus FY maidir le suimeanna atá dlite ag FY chun comhaontú tomhaltóra creidmheasa a fhorghníomhú.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

Sonraítear an méid seo a leanas le haithris 24 de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29):

‘ag féachaint dó nach mór modhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha a bheith ar fáil do chúirteanna nó údaráis riaracháin na mBallstát chun cosc a chur ar chur i bhfeidhm téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra.’

4

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 3(1) den Treoir sin:

‘Measfar gurb éagórach téarma conartha nach ndearnadh idirbheartaíocht ar leith faoi i gcás, d’ainneoin cheanglas an mheoin mhacánta, ina ndéantar leis go bhfuil cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe faoin gconradh neamhchothrom le chéile.’

5

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 6(1) den Treoir sin:

‘Déanfaidh na Ballstáit foráil dó nach mbeidh téarmaí éagóracha a úsáidtear i gconradh arna chur i gcrích le tomhaltóir ag díoltóir nó soláthróir ina gceangal ar an tomhaltóir, amhail dá bhforáiltear faoina ndlí náisiúnta, agus go leanfaidh an conradh sin de bheith ina cheangal ar na páirtithe de réir na dtéarmaí céanna, más féidir leis leanúint de bheith ann gan na téarmaí éagóracha.’

6

Leagtar amach an méid seo a leanas in Airteagal 7(1) den Treoir sin:

‘Áiritheoidh na Ballstáit, ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus na n‑iomaitheoirí, gurb ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun cosc a chur ar úsáid leanúnach a bhaint as téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Polainne

Bunreacht na Polainne

7

Foráiltear dó le hAirteagal 188(1) de Konstytucja Rzeczypospolitej Polskiej (Bunreacht Phoblacht na Polainne, ‘Bunreacht na Polainne’) go dtabharfaidh an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil, an Pholainn) rialú ar chomhréireacht an Bhunreachta seo, go háirithe, na ndlíthe.

8

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 190(1) go (4) de Bhunreacht na Polainne:

‘1.   Beidh feidhm cheangailteach uilíoch ag cinntí an Trybunał Konstytucyjny [(an Chúirt Bhunreachtúil)] agus beidh siad críochnaitheach.

2.   Foilseofar cinntí ón Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) dá dtagraítear in Airteagal 188, gan mhoill san fhoilseachán oifigiúil inar fógraíodh an gníomh normatach. I gcás nár fógraíodh é, foilseofar an cinneadh in Iris Oifigiúil Phoblacht na Polainne darb ainm ‘Monitor Polski’.

3.   Tiocfaidh an cinneadh ón Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) i bhfeidhm ar lá a fhógartha, bíodh is féidir leis an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) dáta eile a shocrú a dtiocfaidh deireadh le feidhm an ghnímh reachtaigh. [...]

4.   Beidh breithiúnas ón Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) maidir le neamh-chomhréireacht an Bhunreachta, comhaontú nó reacht idirnáisiúnta, gníomh normatach ar eisíodh breithiúnas cúirte atá éifeachtach ó thaobh dlí de, cinneadh riaracháin críochnaitheach nó socrú ar ábhair eile, ina bhonn chun imeachtaí a athoscailt, nó chun an cinneadh nó an socrú eile a neamhniú ar dhóigh agus ar phrionsabail atá sonraithe sna forálacha is infheidhme maidir leis na himeachtaí áirithe.’

Cód an Nós Imeachta Shibhialta

9

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 399(1) den ustawa – Kodeks postępowania cywilnego (Cód an Nós Imeachta Shibhialta), an 17 Samhain 1964 (Dz. U. 1964, Uimh. 43, mír 296), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (‘Cód an Nós Imeachta Shibhialta’):

‘Sna cásanna dá bhforáiltear sa roinn seo, féadfar iarraidh a dhéanamh ar imeachtaí a athoscailt ar cuireadh clabhsúr orthu le breithiúnas críochnaitheach.’

10

Faoi réir Airteagal 401(2) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta, d’fhéadfaí a iarraidh go n‑athosclófaí imeachtaí ar fhíorais neamhbhailíochta ‘i gcás [...] ina gceiltear an deis chun gníomhú ar pháirtí mar gheall ar shárú ar an dlí; ní fhéadfaí a iarraidh go n-osclófaí na himeachtaí, áfach, má tháinig deireadh leis an dodhéanta gníomhú sula ndearnadh res judicata den bhreithiúnas, inar agraíodh go heisceachtúil nach bhfuil ionadaíocht á déanamh nó inar ghlac an páirtí céimeanna na n‑imeachtaí a rinneadh [roimhe sin]’.

11

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 4011 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta:

‘D’fhéadfaí a iarradh go n‑athosclófaí imeachtaí chomh maith i gcás inar rialaigh an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) go bhfuil an gníomh normatach, ar a bhonn a rinneadh breithiúnas, ar neamhréir leis an mBunreacht, le comhaontú idirnáisiúnta arna dhaingniú nó leis an dlí.’

12

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 407(1) agus (2) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta:

‘1.   Déanfar an t‑iarratas ar imeachtaí a athoscailt laistigh de thréimhse trí mhí; tosóidh an tréimhse ama ar an lá a dtiocfaidh an páirtí ar an eolas faoi na forais lena athoscailt agus más é na forais sin nach féidir leis an bpáirtí gníomhú nó nach bhfuil ionadaíocht chuí aige, an lá a thiocfaidh an páirtí, a chomhlacht rialaithe nó a ionadaí dlíthiúil ar an eolas faoin mbreithiúnas.

2.   Sa cás dá dtagraítear in Airteagal 4011, déanfar an t‑iarratas ar athoscailt laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm do chinneadh an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil). Más rud é, ar dháta chinneadh an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil), nár cuireadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 4011 chun críochnaitheachta de dheasca achomharc dár ndiúltaíodh ina dhiaidh sin, tosóidh an tréimhse ama ar an dáta a thabharfar fógra an chinnidh diúltaithe nó, i gcás inar tugtar é i gcúirt phoiblí – ón dáta a thabharfar an breithiúnas sin.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

13

An 16 Meitheamh 2015, thug FY conradh tomhaltóra creidmheasa i gcrích le Profi Credit Polska, ar gnóthas creidmheasa é, le haghaidh shuim 4000 zloty de chuid na Polainne (PLN) (thart ar EUR 920). Foráladh leis an gconradh sin gurbh ea PLN 13104 (thart ar EUR 3020) an tsuim iomlán arna dhlí de FY, ar suim í a bhí le haisíoc le 48 dtráthchuid mhíosúil PLN 273 (thart ar EUR 63).

14

Ar thabhairt i gcrích don chonradh sin, d’eisigh FY nóta gealltanais bán, ar nóta gealltanais é a líon Profi Credit Polska ansin trí shuim PLN 8 170.11 (thart ar EUR 1880) agus dáta dlite na híocaíochta a lua.

15

An 30 Deireadh Fómhair 2017, thug Profi Credit Polska caingean os comhair an Sąd Rejonowy dla Warszawy Pragi – Południe (Cúirt Dúiche Warszawa Praga – Deisceart, an Pholainn, ‘an chúirt chéadchéime’) ionas go n‑íocfaí suim PLN 8 170.11 go príomha, móide ús conarthach. Níor ceanglaíodh leis an iarratas lena mbaineann an chaingean sin ach an nóta gealltanais sin agus an fógra faoi fhoirceannadh an chomhaontaithe creidmheasa atá i gceist sna príomhimeachtaí, lenar luadh iarmhéid sochair PLN 6779 (thart ar EUR 1560) le haisíoc agus méid iomlán na riaráistí, arbh ionann méid iomlán na riaráistí agus PLN 8 170.11.

16

An 17 Aibreán 2018, thug an chúirt chéadchéime breithiúnas mainneachtana (‘an breithiúnas mainneachtana’), ina raibh an fhoirmle lena n‑údaraítear a fhorfheidhmiú láithreach, lenar ordaíodh do FY suim PLN 8 170.11, móide ús reachtach ar íocaíocht dhéanach, a íoc, agus dhiúltaigh sí an t‑éileamh a bhaineann le hús conarthach.

17

Is léir ón ordú tarchuir nár bhun leis an mbreithiúnas sin ach an nóta gealltanais arna shíniú ag FY agus ar na ráitis in iarratas Profi Credit Polska. Ní raibh an conradh creidmheasa i gceist sna príomhimeachtaí ag gabháil leis an ordú sin agus níor iarr an chúirt chéadchéime go mbeadh sé ag gabháil leis.

18

Ní dhearna FY agóid i gcoinne an bhreithiúnais mainneachtana, a cuireadh chun críochnaitheachta ag deireadh na tréimhse dhá sheachtain a leagadh síos chun na críche sin.

19

An 25 Meitheamh 2019, rinne FY iarratas ar an gcúirt chéadchéime chun go n‑athosclófaí na himeachtaí ar cuireadh clabhsúr orthu trí bhreithiúnas mainneachtana. Bhunaigh FY an t‑iarratas sin ar Airteagal 401(2) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta, agus é den tuairim go ndearna an chúirt sin léiriú earráideach ar Threoir 93/13 dá bhrí gur cheil sí an deis chun gníomhú mar gheall shárú ar an dlí, de réir bhrí na forála sin. Go sonrach, cháin FY an chúirt sin as iarratas Profi Credit Polska a dheonú ar bhonn an nóta gealltanais arna eisiúint aige, gan scrúdú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil téarmaí conartha creidmheasa arna thabhairt i gcrích aige éagórach, go háirithe maidir le costas neamh-úis an chreidmheasa. I ndáil leis sin, d’agair FY, go háirithe, breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2018, Profi Credit Polska (C‑176/17, ‘breithiúnas Profi Credit Polska IEU:C:2018:711). D’áitigh Profi Credit Polska, óna thaobh féin, gur cheart diúltú don iarraidh chun an nós imeachta a athoscailt, ar an bhforas go ndearnadh é i ndiaidh éag don tréimhse arna foráil chuige sin. D’agair sé chomh maith nach ndearna FY agóid ina choinne, a raibh fios ábhar an bhreithiúnais mainneachtana aige.

20

Le hordú an 27 Lúnasa 2020, dhiúltaigh an chúirt chéadchéime don iarratas go n‑athosclófaí na himeachtaí toisc go ndearnadh é agus an t‑am istigh ina leith agus, ina theannta sin, toisc nach raibh bunús dlí leis an iarratas sin.

21

Thug FY achomharc i gcoinne an ordaithe sin os comhair an Sąd Okręgowy Warszawa-Praga (an Chúirt Réigiúnach, Warszawa-Praga, an Pholainn), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, ag maíomh, inter alia, gur mhainnigh an chúirt chéadchéime dlí an Aontais agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais a chur san áireamh, go háirithe an oibleagáid atá ar na cúirteanna agus binsí náisiúnta scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin an bhfuil nó nach bhfuil téarmaí conartha tomhaltóirí éagórach.

22

Measann an chúirt a rinne an tarchur, ós rud é nár scrúdaigh an chúirt chéadchéime an comhaontú creidmheasa atá i gceist sna príomhimeachtaí nó, dá bhrí sin, an raibh nó nach raibh na téarmaí iontu éagórach, gur dócha go sáraítear leis an mbreithiúnas mainneachtana Airteagail 6 agus 7 de Threoir 93/13, mar a rinne an Chúirt léiriú air, go háirithe i mbreithiúnas Profi Credit Polska.

23

Sna himthosca sin, fiafraíonn an chúirt sin an gceanglaítear uirthi faoi dhlí an Aontais iarratas FY a dheonú go n‑athosclófaí na himeachtaí, beag beann air nár thaisc FY agóid i gcoinne an bhreithiúnais mainneachtana.

24

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, cuireann an chúirt a rinne an tarchur béim ar thábhacht an phrionsabail res judicata agus ar dho-athraitheacht na mbreithiúnas críochnaitheach, tagraíonn sí go bhfuil forálacha i ndlí na Polainne, lena sonraítear go sainráite gur cúis le himeachtaí a athoscailt atá i mbreithiúnas ón gCúirt agus tugann sí dá haire nach gcuirtear d’oibleagáid ghinearálta le dlí an Aontais ar na cúirteanna agus binsí náisiúnta imeachtaí a athoscailt ba chúis iad le cinneadh dá ndearnadh res judicata d’fhonn breithiúnas ón gCúirt maidir leis an léiriú ar dhlí an Aontais a chur san áireamh.

25

Ar an dara dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gceanglaítear nó nach gceanglaítear le prionsabail na coibhéise agus nach mór léiriú a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta go ndéanfaí léiriú ar fhorálacha ábhartha dhlí na Polainne ionas gur féidir na príomhimeachtaí a athoscailt. Tagraíonn sí go háirithe do dhá fhoráil de Chód an Nós Imeachta Shibhialta.

26

Ar an gcéad dul síos, luann an chúirt sin Airteagal 4011 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta, lena ndéantar gur féidir imeachtaí a athoscailt ba chúis iad le breithiúnas críochnaitheach i ndiaidh cinneadh ón Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) lena gcinntear go bhfuil foráil dlí náisiúnta míbhunreachtúil a rinneadh an breithiúnas sin ar a bhonn. Fiafraíonn sí an amhlaidh nó nach amhlaidh nach gceanglaítear air le prionsabal na coibhéise an fhoráil sin a chur i bhfeidhm, mutatis mutandis, i gcás, i ndiaidh res judicata a dhéanamh de bhreithiúnas náisiúnta, inar cúis é breithiúnais ón gCúirt le cinneadh go bhfuil foráil dlí náisiúnta is bun leis an mbreithiúnas sin ar neamhréir le dlí an Aontais.

27

Ar an dara dul síos, tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur d’Airteagal 401(2) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta lena ndéantar gur féidir imeachtaí a athoscailt ba chúis iad le breithiúnas críochnaitheach i gcás inar ceileadh an deis chun gníomhú mar gheall ar shárú ar an dlí. Fiafraíonn an chúirt sin an amhlaidh nó nach amhlaidh nach gceanglaítear le prionsabal nach mór léiriú a dhéanamh mar atá i gcomhréir le dlí an Aontais go ndéanfaí léiriú ar an bhforáil sin amhail go dtagann na cásanna fúithi chomh maith nach ndearna cúirt náisiúnta scrúdú as a stuaim féin an féidir nó nach féidir téarmaí éagóracha sa chonradh sin de shárú ar Threoir 93/13, ar cúirt náisiúnta í nár thug breith mhainneachtana ar an gcaingean ag trádálaí. I ndáil leis sin, tugann an chúirt sin dá haire gur chomhchosúil den chuid is mó iad na socruithe maidir le feidhmiú an chirt chun agóid a dhéanamh i gcoinne breithiúnas mainneachtana agus na socruithe maidir le feidhmiú an chirt chun agóid a dhéanamh i gcoinne ordú cúirte lena ndlitear íocaíocht a dhéanamh, ar socruithe iad inar rialaigh an Chúirt, i mbreithiúnas Profi Credit Polska, de dheasca iad a bheith sriantach go mór mór, go bhfuil an baol nach beag ag gabháil leo nach bhfeidhmeodh an tomhaltóir lena mbaineann an ceart sin agus nach bhféadfaí comhlíonadh chearta na dtomhaltóirí ón Treoir sin a áirithiú mar sin.

28

Sna himthosca sin, chinn Sąd Okręgowy Warszawa-Praga (an Chúirt Réigiúnach, Warszawa-Praga) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1.

An gá Airteagail 4(3) agus 19(1) [CAE], ag féachaint do phrionsabal na coibhéise [...] a léiriú sa chiall nach mór breithiúnas [na Cúirte Breithiúnais] maidir le léiriú dhlí an Aontais arna thabhairt de bhun Airteagal 267(1) CFAE a bheith mar fhorais chun imeachtaí sibhialta a tugadh i gcrích le breithiúnas críochnaitheach a athoscailt, má cheadaítear le foráil den dlí náisiúnta, amhail Airteagal 4011 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta, imeachtaí a athoscailt i gcás ina dtabharfar breithiúnas críochnaitheach ar bhonn fhoráil [an dlí náisiúnta] ina ndearbhaigh an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil, an Pholainn) go raibh sé ar neamhréir le dlí níos airde?

2.

An gá an prionsabal go gcaithfear an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais a eascraíonn as Airteagal 4(3) [CAE], [...] léiriú leathan a thabhairt ar fhoráil den dlí náisiúnta, amhail Airteagal 401(2) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta, ionas go n‑áireofar sna forais chun imeachtaí a athoscailt atá leagtha amach ann breithiúnas mainneachtana deiridh ina sáraíonn an chúirt na hoibleagáidí a eascraíonn as breithiúnas na Cúirte Breithiúnais in [Profi Credit Polska], trí mhainneachtain scrúdú a dhéanamh ar chonradh idir tomhaltóir agus iasachtóir maidir le téarmaí conarthacha éagóracha agus theorannaigh sí í féin do scrúdú a dhéanamh ar bhailíocht fhoirmiúil an nóta gealltanais amháin?’

Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

An chéad cheist

29

Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara, i ndiaidh an iarratais ar fhaisnéis arna sheoladh chuici an 13 Iúil 2022, gur shoiléirigh an chúirt a rinne an tarchur, i gcomhthéacs na chéad cheiste, idir na cinntí, dá dtagraítear in Airteagal 190(4) de Bhunreacht na Polainne, lenar dhearbhaigh an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) go bhfuil foráil den dlí náisiúnta ar neamhréir leis an mBunreacht sin nó le riail eile atá níos airde, ar foráil den dlí náisiúnta í ar a bun a tugadh breithiúnas críochnaitheach agus na cinntí a thugtar ‘diúltachas ó thaobh an léirithe de’ síos dóibh, ar cinntí iad lenar rialaigh an chúirt sin go bhfuil léiriú áirithe ar fhoráil den dlí náisiúnta ba bhun lena leithéid de bhreithiúnas ar neamhréir leis an mBunreacht sin nó le riail eile atá níos airde.

30

Thug an chúirt a rinne an tarchur le fios, bíodh is go bhfuil raon feidhme na gcinntí sin, atá diúltach ó thaobh an léirithe de, mar chuid d’imeachtaí sibhialta ar cuireadh clabhsúr orthu le breithiúnas críochnaitheach, faoi chonspóid, gur mheas sí gurbh ionann a leithéid de chinneadh a bheith ann agus foras lena leithéid d’imeachtaí a athoscailt i ndlí na Polainne. Cuireann Rialtas na Polainne an léiriú sin faoi chonspóid.

31

I ndáil leis sin, ní mór, áfach, a thabhairt faoi deara gurb í an chúirt nó binse náisiúnta amháin a bhfuil dlínse aici, de réir cásdlí socair, in imeachtaí faoi Airteagal 267 CFAE atá bunaithe ar scaradh soiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí a chinneadh agus a mheas agus an dlí náisiúnta a léiriú agus a chur i bhfeidhm (breithiúnais an 14 Meitheamh 2012, Banco Español de Crédito, C‑618/10, EU:C:2012:349, mír 76 agus an 22 Meán Fómhair 2022, Servicios prescriptor y medios de pagos EFC, C‑215/21, EU:C:2022:723, mír 26).

32

Dá bhrí sin, ní mór a mheas go soiléirítear an cheist sin leis an méid arna thabhairt le fios ag an gcúirt a rinne an tarchur i mír 29 den bhreithiúnas seo.

33

Dá bhrí sin, ní mór a chinneadh, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, lena chéad cheist, go bunúsach, an bhfuil nó nach bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 4(3) agus Airteagal 19(1) CAE agus ar phrionsabal na coibhéise amhail, i gcás ina ndéantar le réiteach urghnách dá bhforáiltear le foráil náisiúnta nós imeachta go bhfuil athoscailt imeachtaí ba chúis le breithiúnas críochnaitheach iniarrtha ag dlíthí trí chinneadh ina dhiaidh sin ag Cúirt Bhunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann lena ndearbhaítear go bhfuil foráil den dlí náisiúnta ar neamhréir leis an mBunreacht nó le riail eile den dlí náisiúnta atá níos airde, ar tugadh an breithiúnas sin ar a bun, go gceanglaítear leo nach mór fáil a bheith ar an réiteach sin chomh maith mar gheall ar chinneadh ón gCúirt a agairt agus réamhrialú á thabhairt aici ar dhlí an Aontais, de réir Airteagal 267 CFAE (‘réamhrialú maidir le léiriú’).

34

Maidir le hAirteagal 19(1) CAE, ceanglaítear leis an dara fomhír den fhoráil sin, arb í an t‑aon fhoráil amháin atá i gceist leis an gcúirt a rinne an tarchur, ar na Ballstáit na leigheasanna a bhunú atá riachtanach chun a áirithiú, sna réimsí a thagann faoi dhlí an Aontais, go dtabharfaí urraim dá gceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Randstad Italia, C‑497/20, EU:C:2021:1037, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35

Níl oibleagáid ag gabháil le hurraim a thabhairt don cheart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil, go bhforálfaí na Ballstáit do na leigheasanna urghnácha lena ndéantar gur féidir imeachtaí a athoscailt ar cuireadh clabhsúr orthu le breithiúnas críochnaitheach i ndiaidh réamhrialú maidir le léiriú.

36

Go deimhin, is léir ó chásdlí na Cúirte nach gceanglaítear le dlí an Aontais, d’fhonn an léiriú ar fhoráil a bhaineann leis an gceart sin arna ghlacadh ag an gCúirt i ndiaidh an chinnidh ón údarás breithiúnach atá ina res judicata, nach mór don údarás breithiúnach, i bprionsabal, dul siar ar an gcinneadh sin (breithiúnas an 10 Iúil 2014, Impresa Pizzarotti, C‑213/13, EU:C:2014:2067, mír 60 agus an 6 Deireadh Fómhair 2015, Târşia, C‑69/14, EU:C:2015:662, mír 38).

37

I ndáil leis sin ní mór an tábhacht a thabhairt chun cuimhne atá ag baint leis an bprionsabal res judicata, i ndlíchóras an Aontais agus i ndlíchórais náisiúnta araon. Go deimhin, d’fhonn cobhsaíocht an dlí chomh maith le riar cuí an cheartais a áirithiú, ní mór na cinntí cúirte a bheith neamh-inchonspóidte ar cuireadh chun críochnaitheachta i ndiaidh triail a bhaint as na leigheasanna go léir atá ar fáil agus i ndiaidh éag na dtréimhsí dá bhforáiltear le haghaidh na gcaingne sin (breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2015, Târşia, C‑69/14, EU:C:2015:662, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear agus an 17 Bealtaine 2022, Ibercaja Banco, C‑600/19, EU:C:2022:394, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

Dá bhrí sin, ní cheanglaítear le dlí an Aontais ar an gcúirt náisiúnta gan na rialacha inmheánacha nós imeachta a chur i bhfeidhm lena ndéantar go bhfuil cinneadh cúirte ina res judicata, fiú i gcás inarbh inréitithe leis cás náisiúnta atá ar neamhréir leis an gceart sin (breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2015, Târşia, C‑69/14, EU:C:2015:662, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 17 Bealtaine 2022, Ibercaja Banco, C‑600/19, EU:C:2022:394, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39

Mar sin, i gcás nach bhfuil rialacha ón Aontas ann ina leith sin, tagann na socruithe maidir leis an bprionsabal res judicata a chur i bhfeidhm faoi dhlíchóras intíre na mBallstát, de réir phrionsabal neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát, de réir, áfach, phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta (breithiúnais an 10 Iúil 2014, Impresa Pizzarotti, C‑213/13, EU:C:2014:2067, mír 54, agus an 24 Deireadh Fómhair 2018, XC agus páirtithe eile, C‑234/17, EU:C:2018:853, mír 21).

40

Go deimhin, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE, ba cheart nach bhfuil socruithe nós imeachta na gcaingne lena bhféachtar le cearta na ndlíthe faoi dhlí an Aontais a chosaint níos lú fabhraí ná socruithe caingne comhchosúla atá de chineál intíre (prionsabal na coibhéise) agus ba cheart nach ndéantar gur do-fheidhmithe i ngníomh nó deacair as cuimse na cearta arna dtabhairt le dlíchóras an Aontais (prionsabal na héifeachtachta) (breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2018, XC agus páirtithe eile, C‑234/17, EU:C:2018:853, mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41

Faoi mar atá na rialacha lena mbaineann i measc na n‑imeachtaí ina n‑iomláine, seoladh an nós imeachta agus sainghnéithe na rialacha sin os comhair na gcomhlachtaí náisiúnta éagsúla, ní mór anailís a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil na ceanglais faoi phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta á gcomhlíonadh tríd an méid sin a chur san áireamh (breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2018, XC agus páirtithe eile, C‑234/17, EU:C:2018:853, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

Is léir ón méid thuasluaite, i gcás inar féidir le cúirt náisiúnta dul siar ar chinneadh res judicata ionas go bhfuil cúrsaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta de réir na rialacha nós imeachta intíre, faoi choinníollacha áirithe, nach mór tús áite a bheith ag an bhféidearthacht sin, i gcomhréir le prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, má chomhlíontar na coinníollacha, d’fhonn na cúrsaí atá i gceist a athchur ag teacht le dlí an Aontais (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Târşia, C‑69/14, EU:C:2015:662, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43

Ó thaobh, go háirithe, na gceanglas faoi phrionsabal na coibhéise, arb é an t‑aon cheann dá dtagraítear leis an gceist seo, tá sé le fíorú ag an gcúirt náisiúnta, ag féachaint do shocruithe nós imeachta na gcaingne is infheidhme i ndlí náisiúnta, an bhfuil nó nach bhfuil an prionsabal sin á chomhlíonadh i bhfianaise a chuspóra, na cúise leis na caingne lena mbaineann agus na mbunchodanna díobh (féach, chuige sin, breithiúnais an 20 Meán Fómhair 2018, EOS KSI Slovensko, C‑448/17, EU:C:2018:745, mír 40, agus an 17 Bealtaine 2022, Unicaja Banco, C‑869/19, EU:C:2022:397, mír 23).

44

I gcomhthéacs na bpríomhimeachtaí, is éard atá i gceist leis an bhfíorú sin ná scrúdú a dhéanamh, i gcás ina dtugtar an ceart do na dlíthe, leis an dlí náisiúnta, a iarraidh go n‑athosclófaí imeachtaí ar cuireadh clabhsúr orthu le breithiúnas críochnaitheach de bhun foráil de dhlí náisiúnta, nó de bhun léiriú áirithe ar a leithéid d’fhoráil, ar foráil í ar dhearbhaigh an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) go bhfuil sé ar neamhréir le Bunreacht na Polainne nó le riail eile atá níos airde, ní mór a aithint go bhfuil ceart coibhéiseach ag na dlíthithe i gcás ina dtagann sé ó réamhrialú maidir le léiriú a thug an Chúirt i ndiaidh a leithéide de bhreithiúnas críochnaitheach go bhfuil an breithiúnas sin bunaithe ar fhoráil den dlí náisiúnta, nó ar léiriú ar a leithéid d’fhoráil, atá ar neamhréir le dlí an Aontais. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 54 dá Tuairim, i ndeireadh na dála, tá sé le cinneadh de réir an fhíoraithe sin an bhfuil nó nach bhfuil sé insuite go bhfuil a leithéid de chinneadh ón gCúirt Bhunreachtúil sin agus a leithéid de bhreithiúnas ón gCúirt coibhéiseach.

45

I ndáil leis sin, agus faoi réir na bhfíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil, i bhfianaise Airteagal 188(1) agus Airteagal 190(4) de Bhunreacht na Polainne agus na faisnéise arna soláthar ag an gcúirt sin, gurb é is cuspóir le caingean os comhair an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) ná go dtabharfadh an Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachtúil) rialú maidir le bailíocht forála den dlí náisiúnta, nó maidir le léiriú áirithe ar a leithéid d’fhoráil. Is í cúis na caingne neamhréireacht líomhainte na forála sin, nó an léirithe uirthi, leis an mBunreacht nó le rialacha eile atá níos airde.

46

Thairis sin, is cosúil gur bunghné den nós imeachta sin í an éifeacht a bheadh ag cinneadh lena ndeonaítear achomharc den sórt sin, trína gcinneann an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) nach gcomhlíonann an fhoráil den dlí náisiúnta atá i gceist Bunreacht na Polainne ná riail eile atá níos airde. Go deimhin, de réir na ráiteas atá san ordú tarchuir, cuirtear an fhoráil lena mbaineann ó cheangailteacht lena leithéid de chinneadh ón Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil). Ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 190(1) den Bhunreacht sin go mbeidh feidhm cheangailteach uilíoch ag cinntí na cúirte sin agus go mbeidh siad críochnaitheach, is cosúil, dá bhrí sin, go bhfuil sé de thoradh ar an gcinneadh sin go n‑eisiatar an fhoráil sin ón dlíchóras náisiúnta.

47

Tá sé de thoradh ar na ráitis sin chomh maith gurb é is cúis leis an gceart dá dtagraítear in Airteagal 190(4) de Bhunreacht na Polainne agus in Airteagal 4011 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta ar son gach dlíthí, breithiúnas críochnaitheach a chur faoi cheist atá bunaithe ar fhoráil den dlí náisiúnta ar dearbhaíodh le cinneadh ón Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) ina dhiaidh sin go bhfuil sé ar neamhréir leis an mBunreacht nó le riail eile atá níos airde, ná deireadh a theacht lena cheangailteacht ag an bhforáil sin, ós rud é nach bhfuil bunús dlí leis an mbreithiúnas sin de dheasca an chinnidh sin.

48

Faoi réir an fhíoraithe atá le déanamh i ndáil leis sin ag an gcúirt a rinne an tarchur ina leith sin, i bhfianaise go ndéanann an chúirt sin cinneadh atá diúltach ó thaobh an léirithe de dá mbeadh cinneadh ann lena ndearbhaítear go bhfuil foráil den dlí náisiúnta ar neamhréir le Bunreacht na Polainne nó le riail eile atá níos airde, is cosúil, i gcás inarbh é atá faoi chonspóid os comhair an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) ná léiriú áirithe ar a leithéid d’fhoráil, go bhfuil sé d’éifeacht ag an gcinneadh uaidh lena ndearbhaítear go bhfuil an léiriú sin ar neamhréir leis mBunreacht nó le riail eile atá níos aire, mutatis mutandis, go ndéantar go bhfuil an breithiúnas sin do-thacaithe leis an léiriú sin ipso facto.

49

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 78 agus 88 dá Tuairim, is cosúil go bhfuil ráiteas maidir le neamhréireacht na forála sin den dlí náisiúnta atá i gceist sna cinntí ón Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) dá dtagraítear i míreanna 46 go 48 den bhreithiúnas seo, léiriú áirithe ar a leithéid d’fhoráil, le Bunreacht na Polainne nó le riail eile atá níos airde. Teastaíonn a leithéid de ráiteas cinneadh cúirte a ghlacadh ina dhiaidh sin agus níl sé d’éifeacht aige go gcuirtear an fhoráil sin nó an léiriú sin ó cheangailteacht agus ón dlíchóras náisiúnta, rud a fhágann go díreach go mbaintear a bhunús dlí den bhreithiúnas críochnaitheach a tugadh de bhun na forála sin nó an léirithe sin.

50

I ndáil leis sin, is indealaithe na breithiúnais réamhrialaithe maidir le léiriú ó na cinntí lena mbaineann ón Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil). Go deimhin, tá comhthuiscint ann, i gcás ina bhfuil sé de ról ag an gCúirt léiriú ceangailteach a thabhairt ar dhlí an Aontais, gurb é cúram na gcúirteanna agus binsí náisiúnta iarmhairtí an léirithe sin don chás faoi leith.

51

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne go ndéantar leis an nós imeachta um réamhrialú dá bhforáiltear le hAirteagal 267 CFAE go bhfuil an Chúirt i gcomhairle dhíreach le cúirteanna agus binsí na mBallstát d’fhonn a áirithiú go bhfuil aon léiriú amháin á dhéanamh ar dhlí an Aontais, dá bhrí gur féidir a áirithiú idir gur comhleanúnach lán‑éifeachtach uathrialach é dlí an Aontais agus, i ndeireadh na dála, gur sonrach an dlí arna bhunú leis na conarthaí (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi, C‑561/19, EU:C:2021:799, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

52

Mar sin, déantar leis an gcóras arna chruthú leis an bhforáil sin go bhfuil an Chúirt i gcomhar díreach leis na cúirteanna agus binsí náisiúnta, ar dá réir a ghlacann na cúirteanna agus binsí naisiúnta dlúthpháirt i gcur i bhfeidhm ceart dhlí an Aontais agus sa chosaint a thugtar le dlí an Aontais do dhlíthe (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi, C‑561/19, EU:C:2021:799, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53

Mar chuid den chomhar seo, tugann an Chúirt do na cúirteanna agus binsí náisiúnta, agus iad ina gcáil mar chúirteanna agus binsí atá freagrach as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, ábhar léirithe an dlí sin is gá chun réiteach a thabhairt ar an gcás a iarrtar orthu rialú a thabhairt air (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi, C‑561/19, EU:C:2021:799, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).

54

Thairis sin, mar a thugtar chun cuimhne i mír 31 den bhreithiúnas seo, mar chuid d’imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 267 CFAE, scaradh soiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt, is í an chúirt náisiúnta amháin atá inniúil chun an dlí náisiúnta a léiriú agus a chur i bhfeidhm. Tugtar le tuiscint uaidh sin, sa chás atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur, gur faoin gcúirt sin atá an léiriú arna thabhairt ag an gCúirt mar fhreagra ar iarraidh ar réamhrialú arna déanamh ag an gcúirt sin sa chás sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Iúil 2022, F. Hoffmann‑La Roche agus páirtithe eile, C‑261/21, EU:C:2022:534, mír 55).

55

Dá bhrí sin, mar chuid d’imeachtaí um réamhrialú, ní hí an Chúirt ag a bhfuil rialú le tabhairt an bhfuil nó nach bhfuil foráil náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. Is faoin gcúirt náisiúnta atá sé a leithéid de mheasúnú a dhéanamh i bhfianaise an ábhair léirithe arna sholáthar ag an gCúirt (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C‑896/19, EU:C:2021:311, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).

56

Dá bhrí sin, murab ionann agus cinntí an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) lena mbaineann, lena gcinneann an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) go bhfuil foráil den dlí náisiúnta ar neamhréir le Bunreacht na Polainne nó le foráil eile den dlí náisiúnta atá níos airde, féachtar leis na breithiúnais réamhrialaithe maidir le léiriú arna dtabhairt ag an gCúirt ábhar léirithe dhlí an Aontais a sholáthar is gá ag an gcúirt nó binse náisiúnta chun réiteach a thabhairt ar an gcás a iarrtar uirthi nó air rialú a thabhairt air. Maidir le neamhréireacht fhéideartha forála den dlí náisiúnta, nó le léiriú arna dhéanamh ar a leithéid d’fhoráil, atá faoi chonspóid os comhair na cúirte náisiúnta, chomh maith le hiarmhairtí a leithéide de neamhréireacht fhéideartha, tagann na measúnuithe agus na ráitis atá le déanamh i ndáil leis sin i bhfianaise an bhreithiúnais réamhrialaithe maidir le léiriú faoi inniúlacht na cúirte náisiúnta sin i ndeireadh na dála, i bhfianaise scaradh na bhfeidhmeanna dar tréithe an nós imeachta faoina réir a thugann an Chúirt rialú ar dhlí an Aontais faoi Airteagal 267 CFAE.

57

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, gur dócha gurb é is bun lena leithéidí de mheasúnuithe agus ráitis ní hamháin ná cé acu éifeacht dhíreach a bheith nó gan bheith ag an bhforáil lena mbaineann de dhlí an Aontais, inti féin, i gcomhthéacs díospóid faoi dhlí an Aontais, d’fhonn staonadh, de réir phrionsabal thosaíocht an dlí sin, ó chur i bhfeidhm forála den dlí náisiúnta atá ar neamhréir leis (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, Popławski, C‑573/17, EU:C:2019:530, míreanna 61 agus 62), ach inléiritheacht na rialach náisiúnta i gceist mar atá i gcomhréir le dlí an Aontais chomh maith. Go deimhin, i gcomhréir leis an bprionsabal nach mór léiriú a dhéanamh mar atá i gcomhréir le dlí an Aontais, ceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta léiriú a dhéanamh ar an dlí náisiúnta, a mhéid is féidir, i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais (breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, Popławski, C‑573/17, EU:C:2019:530, mír 55).

58

Tugtar le tuiscint uaidh sin, faoi réir an fhíoraithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil go bhfuil idir raon feidhme cinnidh ón Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) lena ndearbhaítear go bhfuil foráil den dlí náisiúnta nó léiriú áirithe ar a leithéid d’fhoráil ar neamhréir le Bunreacht na Polainne nó le riail eile atá níos airde agus raon feidhme réamhrialaithe maidir le léiriú, a mhéid, ina leithéid de bhreithiúnas, nach dtugann an Chúirt rialú díreach, agus léiriú á thabhairt ar dhlí an Aontais, ar neamhréireacht fhéideartha forála den dlí náisiúnta nó léirithe ar a leithéid de cheart leis an gceart sin, ós rud é nach mór don chúirt a rinne an tarchur rialú a thabhairt in fine ar an gceist sin.

59

Dá bhrí sin, ní mór freagra a thabhairt ar an gcéad cheist gur gá Airteagal 4(3) agus prionsabal na coibhéise a léiriú sa chaoi, gur i gcás ina ndéantar le réiteach urghnách dá bhforáiltear le foráil náisiúnta nós imeachta go bhfuil athoscailt imeachtaí ba chúis le breithiúnas críochnaitheach iniarrtha ag dlíthí trí chinneadh ina dhiaidh sin ag Cúirt Bhunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann lena ndearbhaítear go bhfuil foráil den dlí náisiúnta ar neamhréir leis an mBunreacht nó le riail eile den dlí náisiúnta atá níos airde, ar tugadh an breithiúnas sin ar a bun, nach gceanglaítear go mbeadh an leigheas sin ar fáil leo chomh maith de bharr breithiúnas réamhrialaithe maidir le léiriú a agairt, a mhéid gurb ón gcinneadh sin go díreach a thagann iarmhairtí nithiúla a leithéide de chinneadh ón gCúirt Bhunreachtúil sin maidir le foráil de dhlí náisiúnta, nó maidir leis an léiriú ar a leithéid d’fhoráil, a bhfuil an breithiúnas críochnaitheach sin bunaithe air.

An dara ceist

60

Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil nó nach bhfuil léiriú le déanamh ar an bprionsabal nach mór léiriú a dhéanamh ar an dlí náisiúnta mar atá i gcomhréir le dlí an Aontais amhail, nach mór léiriú forleathan a dhéanamh ar fhoráil den dlí náisiúnta lena gcruthaítear leigheas urghnách, lena bhfuil athoscailt imeachtaí iniarrtha ag páirtí ar cuireadh clabhsúr orthu le breithiúnas críochnaitheach i gcás inar ceileadh an deis chun gníomhú air trí shárú ar an dlí ionas go gcuirtear san áireamh ina raon feidhme an cás inar theip ar an gcúirt ar dheonaigh iarratas ó thrádálaí de bhun conradh arna chur i gcrích le tomhaltóir, trí bhreithiúnas críochnaitheach mainneachtana, scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin ar an gconradh sin i bhfianaise téarmaí éagóracha a bheith ann, de shárú ar na hoibleagáidí atá uirthi de réir Threoir 93/13.

61

Ní mór a thabhairt chun cuimhne gur cuid dhílis de chóras na gconarthaí an prionsabal nach mór léiriú a dhéanamh ar an dlí náisiúnta mar atá i gcomhréir le dlí an Aontais, a mhéid a bhfuil lán‑éifeacht dhlí an Aontais in‑áirithe ag na cúirteanna náisiúnta, mar chuid dá n‑inniúlachtaí, i gcás ina dtugann siad rialú ar an díospóid os a gcomhair (breithiúnas an 21 Eanáir 2021, Whiteland Import Export, C‑308/19, EU:C:2021:47, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

62

De réir an phrionsabail sin, tá ar na cúirteanna náisiúnta, i bhfianaise iomlán na rialacha den dlí náisiúnta agus de réir na modhanna léirithe a aithnítear leis, a chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil, agus a chinneadh an méid a bhfuil, foráil den dlí náisiúnta in‑léirithe i gcomhréir le forálacha ábhartha dhlí an Aontais (breithiúnas an 17 Aibreán 2018, Egenberger, C‑414/16, EU:C:2018:257, mír 71 agus an cásdlí dá dtagraítear).

63

Tá teorannacha áirithe leis an bprionsabal sin. Mar sin, cuirtear teorainn trí phrionsabail ghinearálta an dlí leis an oibleagáid atá ar chúirteanna agus binsí náisiúnta tagairt a dhéanamh do dhlí an Aontais i gcás ina ndéantar léiriú ar, agus ina gcuirtear i bhfeidhm, na rialacha ábhartha den dlí náisiúnta agus ní fhéadfadh sí a bheith ina bunús le léiriú contra legem ar an dlí náisiúnta (breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin, C‑261/20, EU:C:2022:33, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

64

Ós iad na cúirteanna náisiúnta amháin atá inniúil chun léiriú a dhéanamh ar an dlí náisiúnta, i gcomhréir leis an gcásdlí a thugtar chun cuimhne i mír 31 den bhreithiúnas seo, ní mór don chúirt a rinne an tarchur measúnú a dhéanamh an indéanta nó dodhéanta an léiriú a bheartaítear a dhéanamh in Airteagal 401(2) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta, i bhfianaise na dteorainneacha sa mhír dheireanach. Dá ainneoin sin, is faoin gCúirt atá sé treoracha fónta a thabhairt don chúirt sin i bhfianaise an mhéid atá san ordú tarchuir.

65

Maidir leis an gcásdlí náisiúnta dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur maidir leis an bhforas leis na himeachtaí lena mbaineann a athoscailt, ar dá réir, nach mbaineann sé le sáruithe ar na rialacha nós imeachta go gceiltear an deis ar pháirtí amháin chun gníomhú trí shárú ar an dlí, de réir bhrí Airteagal 401(2) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil an oibleagáid atá ar na cúirteanna agus binsí náisiúnta cásdlí seanbhunaithe a athrú, i gcás inarb iomchuí, más bun leis léiriú ar an dlí náisiúnta atá ar neamhréir le cuspóirí na Treorach, san áireamh sa cheanglas maidir le léiriú a dhéanamh mar atá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Dá réir sin, ní fhéadfadh an chúirt náisiúnta a mheas, agus cúis mhaith a bheith aici, go bhfuil léiriú dodhéanta aici ar fhoráil den dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais toisc, agus dá toisc sin amháin, gur minic a dhéantaí léiriú ar an bhforáil sin mar atá ar neamhréir leis an gceart sin (breithiúnas an 6 Samhain 2018, Bauer agus Willmeroth, C‑569/16 agus C‑570/16, EU:C:2018:871, mír 68 agus an cásdlí dá dtagraítear).

66

In aon chás, ní mór a thabhairt chun cuimhne, i gcomhréir le cásdlí socair, is riail nós imeachta atá de cheangal ar na húdaráis bhreithiúnacha scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin an bhfuil nó nach bhfuil téarmaí áirithe atá i gconradh tomhaltóra éagórach (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Samhain 2019, Profi Credit Polska, C‑419/18 agus C‑483/18, EU:C:2019:930, mír 74 agus an cásdlí dá dtagraítear).

67

Thairis sin, is léir ó na treoracha atá san ordú tarchuir nach mbaineann breithnithe na cúirte a rinne an tarchur is bun leis an dara ceist leis amháin gur tugadh an chúirt chéadchéime an breithiúnas mainneachtana ar bhonn an nóta gealltanais arna eisiúint ag FY agus an fhógra ó Profi Credit Polska faoi fhoirceannadh an chomhaontaithe creidmheasa arna thabhairt i gcrích le FY, gan scrúdú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil téarmaí an chonartha sin éagórach agus leis na socruithe nós imeachta maidir le feidhmiú an chirt chun agóid a dhéanamh i gcoinne a leithéide de bhreithiúnas.

68

I ndáil leis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte nach mór scrúdú a dhéanamh ar na himeachtaí os comhair na cúirte céadchéime ina n‑iomláine, agus an ceart á chur san áireamh atá ag FY agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais sin chomh maith (féach, chuige sin, Profi Credit Polska I, mír 54).

69

Sna príomhimeachtaí, ní mór a thabhairt faoi deara gurb an‑chosúil leis na socruithe nós imeachta maidir le feidhmiú an chirt chun agóid a dhéanamh a dhéantar scrúdú orthu i míreanna 64 go 68 de bhreithiúnas Profi Credit Polska iad na rialacha nós imeachta i gcoinne an bhreithiúnais mainneachtana, mar a chuireann an chúirt a rinne an tarchur síos orthu, eadhon tréimhse dhá sheachtain a chomhlíonadh chun an agóid a thaisceadh, an oibleagáid iomlán na n‑agóidí agus na n‑éileamh a dhéanamh láithreach, an oibleagáid costais a íoc is comhionann iad agus leathchuid costais caingne agus gan éifeacht fionraíochta a bheith ag agóid a dhéanamh, rud a fhágann go bhfuil baol nach beag ann nach ndéanfadh na tomhaltóirí lena mbaineann agóid.

70

Dá bhrí sin, tá ar an gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a mheas gur cúis iad na socruithe atá faoi cheist sna príomhimeachtaí le cás ina gceiltear an deis chun gníomhú mar gheall ar shárú ar an dlí de réir bhrí Airteagal 401(2) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta, a mhéid nach féidir a áirithiú leo go bhfuil cearta an tomhaltóra faoi Threoir 93/13 á gcomhlíonadh.

71

Dá ainneoin sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhféadfaí a mheas, a priori, nach bhfuil an chosaint inráthaithe do thomhaltóir mar a fhéachtar léi trí Threoir 93/13 sna himthosca amhail na himthosca sna príomhimeachtaí ach le haithint cirt chun imeachtaí a athoscailt ar cuireadh clabhsúr orthu de réir an phrionsabail nach mór léiriú a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

72

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, ina fhianaise go bhfuil an tomhaltóir in íochtar an trádálaithe, go bhforáiltear le hAirteagal 6(1) den Treoir sin nach bhfuil na téarmaí éagóracha de cheangal ar na tomhaltóirí. Is foráil shainordaitheach é sin atá dírithe ar fhíorchothromaíocht a athbhunú idir na páirtithe sa chaoi go bhfuil comhionannas eatarthu, in áit na cothromaíochta foirmiúla a bhunaítear leis an gconradh idir cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe conarthacha (féach, go háirithe, breithiúnas an 17 Bealtaine 2022, Ibercaja Banco, C‑600/19, EU:C:2022:394, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ní mór a mheas gurb é atá san fhoráil sin ná riail is comhionann leis na rialacha náisiúnta atá ina rialacha poiblí mar chuid den dlíchóras intíre (breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

73

Thairis sin, i bhfianaise chineál agus thábhacht leas poiblí na cosanta tomhaltóra, ceanglaítear le Treoir 93/13 ar na Ballstáit, mar is léir ó Airteagal 7(1), arna léamh i gcomhar leis an gceathrú haithris is fiche di, foráil a dhéanamh maidir le modhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun bac a chur ar úsáid na dtéarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra arna dtabhairt i gcrích ag trádálaithe (breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).

74

I ndáil leis sin, ní dhéantar na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an scrúdú an bhfuil nó nach bhfuil téarmaí conartha éagórach a chomhfhogasú, rud a fhágann go dtagann siad faoi dhlíchóras intíre na mBallstát, de réir phrionsabal neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát, ar choinníoll, áfach, go gcomhlíontar leo prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta (féach, chuige sin, Profi Credit Polska I, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

75

Sa chás seo, ní léir ón gcáschomhad de chuid na Cúirte gurb infhorchurtha cur i bhfeidhm Airteagal 401(2) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta sna himthosca amhail imthosca an cháis sna príomhimeachtaí. Go deimhin, níl aon tásc ann gurbh infheidhme an fhoráil sin i gcás nach maítear saincheist as a stuaim féin de bhun riail náisiúnta phoiblí, ar riail í atá le meas gur comhionann í agus Airteagal 6(1) de Threoir 93/13, mar a thugtar chun cuimhne i mír 72 den bhreithiúnas seo.

76

Maidir le prionsabal na héifeachtachta, ní mór béim a chur air go bhfuil ceanglas maidir le cosaint éifeachtach bhreithiúnach i gceist leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit éifeachtacht na gceart atá ag daoine aonair faoi dhlí an Aontais a áirithiú, go háirithe i gcás na gceart a eascraíonn as Treoir 93/13, ceanglas maidir le cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus a chumhdaítear freisin in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a bhfuil feidhm aige, inter alia, maidir le sainiú na rialacha mionsonraithe nós imeachta a bhaineann le caingne os comhair na gcúirteanna atá bunaithe ar na cearta sin (breithiúnas an 22 Aibreán 2021, Profi Credit Slovakia, C‑485/19, EU:C:2021:313, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

77

I ndáil leis sin, dá gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur, sna príomhimeachtaí, ag féachaint go háirithe do na tosca a leagtar amach i míreanna 67 go 69 den bhreithiúnas seo, nach féidir a áirithiú leis na rialacha mionsonraithe nós imeachta lena rialaítear feidhmiú an chirt agóid a dhéanamh in aghaidh an bhreithiúnais mainneachtana go n‑urramaítear na cearta a bhaineann tomhaltóirí ó Threoir 93/13, leanfadh sé nach bhfuil na himeachtaí sin comhsheasmhach le ceart an tomhaltóra chun leigheas éifeachtach a fháil.

78

Dá bhrí sin, i gcás ina measfadh an chúirt a rinne an tarchur nach bhfuil na cúrsaí atá i gceist sna príomhimeachtaí in ann teacht faoi raon feidhme an fhorais leis na himeachtaí sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 401(2) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta a athoscailt, ar Airteagal é a bhaineann le ceilt neamhdhleathach na deise chun gníomhú mar gheall ar shárú ar an dlí, b’iomchuí a mheas go gcinnfí nach mór leigheas dlí eile a bheith ag FY ar mhaithe leis an gcosaint arna saothrú le Treoir 93/13 a ráthú go héifeachtúil. Ní féidir constaic a chur roimhe sin toisc gur res judicata an bhreithiúnais mainneachtana, a tugadh gan scrúdú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil téarmaí an chonartha i gceist éagórach.

79

Mar sin féin, ní mór a thabhairt faoi deara gur léir ó chásdlí na Cúirte nach mór a áirithiú go bhfuil na cearta arna ráthú leis an Treoir sin inchomhlíonta chomh maith, i gcás inarb iomchuí, mar chuid d’imeachtaí um fhorghníomhú, nó fiú i ndiaidh críoch a chur leis na himeachtaí sin.

80

Go deimhin, ar dtús, i gcás ina bhfuair an trádálaí ordú forghníomhaithe i gcoinne tomhaltóir de bhun conradh arna thabhairt i gcrích leis gan scrúdú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil iomlán théarmaí an chonartha sin, nó cuid de, éagórach, tugtar le tuiscint ó phrionsabal na héifeachtachta go bhféadfaidh an chúirt ar tugadh caingean os a comhair maidir le forghníomhú an ordaithe sin an scrúdú sin a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Feabhra 2016, Finanmadrid EFC, (C‑49/14, EU:C:2016:98, mír 55).

81

Is cuma gurb í is cúis leis nach ndéantar réamhscrúdú ar a leithéidí de théarmaí, mar is amhlaidh atá sa chás is cúis leis an mbreithiúnas dá dtagraítear i mír 80 den bhreithiúnas seo, ná neamh-inniúlacht an údaráis a d’eisigh an t‑ordú forghníomhaithe chun an scrúdú sin a dhéanamh nó, mar is amhlaidh atá sna príomhimeachtaí, theip ar an gcúirt a rinne breithiúnas mainneachtana atá infhorghníomhaithe láithreach a leithéid de scrúdú a dhéanamh, mar aon le sriantacht fhéideartha na socruithe maidir le feidhmiú an chirt chun agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais sin. Go deimhin, i gcás nach ndéantar athbhreithniú éifeachtúil an bhfuil nó nach bhfuil téarmaí an chonartha lena mbaineann éagórach, ní fhéadfaí a ráthú na cearta arna dtabhairt le Treoir 93/13 á gcomhlíonadh (breithiúnas Profi Credit Polska I, mír 62).

82

Ní mór a chur i dtreis, ina leithéid de chás, go dteastaíonn lán‑éifeacht chosaint na dtomhaltóirí a shaothraítear le Treoir 93/13 go bhféadfaí na himeachtaí forghníomhaithe a chur ar fionraí chomh maith, i gcás inarb iomchuí de réir na socruithe nach bhfuil an tomhaltóir inchurtha ó chaingean a thabhairt nó a choinneáil ar bun, go ndéanfadh an chúirt inniúil athbhreithniú an bhfuil nó nach bhfuil téarmaí an chonartha lena mbaineann éagórach (féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Iúil 2014, Sánchez Morcillo agus Abril García, C‑169/14, EU:C:2014:2099, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 17 Bealtaine 2022, Impuls Leasing România, C‑725/19, EU:C:2022:396, mír 60).

83

Anuas air sin, sna cúrsaí inar cuireadh críoch leis na himeachtaí forghníomhaithe, ní mór don tomhaltóir, áfach, a bheith in ann, i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta, nádúr éagórach théarmaí an chonartha a agairt in imeachtaí ar leith ina dhiaidh sin chun bheith in ann a chearta faoin Treoir sin a fheidhmiú go héifeachtach agus go hiomlán d’fhonn cúiteamh a fháil i leith an chaillteanais airgeadais de bharr chur i bhfeidhm na dtéarmaí sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Bealtaine 2022, Ibercaja Banco, C‑600/19, EU:C:2022:394, mír 58).

84

Sna himthosca sin, ní mór freagra a thabhairt ar an dara ceist ná nach mór prionsabal nach mór léiriú a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a léiriú sa chaoi gur faoin gcúirt náisiúnta atá sé scrúdú a dhéanamh maidir le cé acu an féidir nó nach féidir léiriú forleathan a dhéanamh ar fhoráil den dlí náisiúnta lena gcruthaítear leigheas urghnách, lena bhfuil athoscailt imeachtaí iniarrtha ag páirtí ar cuireadh clabhsúr orthu le breithiúnas críochnaitheach i gcás inar ceileadh an deis chun gníomhú mar gheall ar shárú ar an dlí ionas go gcuirtear san áireamh ina raon feidhme an cás inar mhainnigh an chúirt a dheonaigh iarratas ó thrádálaí de bhun conradh arna chur i gcrích le tomhaltóir, trí bhreithiúnas críochnaitheach mainneachtana, scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin ar an gconradh sin i bhfianaise téarmaí éagóracha a bheith ann, de shárú ar na hoibleagáidí atá uirthi de réir Threoir 93/13, agus ina bhfuil baol nach beag ag gabháil leis na socruithe nós imeachta maidir le feidhmiú a chirt chun agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais mainneachtana sin go dtréigfeadh an tomhaltóir sin an ceart sin dá bhrí nach n‑áirithítear leo go bhfuil cearta an tomhaltóra sin faoin Treoir sin á gcomhlíonadh. I gcás nach bhfuil a leithéid de léiriú forleathan indéanta de dheasca na dteorainneacha atá i bprionsabail ghinearálta an dlí agus léiriú contra legem a bheith dodhéanta, tá sé de thoradh riachtanach ar phrionsabal na héifeachtachta nach mór a áirithiú go bhfuil na cearta sin á gcomhlíonadh mar chuid d’imeachtaí um fhorghníomhú an bhreithiúnais mainneachtana sin nó imeachtaí ar leith ina dhiaidh sin.

Costais

85

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagal 4(3) CFAE agus prionsabal na coibhéise

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina gceadaítear le réiteach urghnách dá bhforáiltear le foráil náisiúnta nós imeachta do dhuine aonair athoscailt imeachtaí a iarraidh a bhfuil breithiúnas críochnaitheach mar thoradh orthu trí chinneadh ina dhiaidh sin ag Cúirt Bhunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann lena ndearbhaítear go bhfuil foráil den dlí náisiúnta ar neamhréir leis an mBunreacht nó le riail eile den dlí náisiúnta atá níos airde, ar tugadh an breithiúnas sin ar a bun, nach gceanglaítear go mbeadh an leigheas sin ar fáil leo chomh maith de bharr breithiúnas réamhrialaithe maidir le léiriú ar dhlí an Aontais, de réir Airteagal 267 CFAE, a agairt, a mhéid gurb ón gcinneadh sin go díreach a thagann iarmhairtí nithiúla a leithéide de chinneadh ón gCúirt Bhunreachtúil sin maidir le foráil de dhlí náisiúnta, nó maidir leis an léiriú ar a leithéid d’fhoráil, a bhfuil an breithiúnas críochnaitheach sin bunaithe air.

 

2.

Maidir leis an bprionsabal nach mór léiriú a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

Is faoin gcúirt náisiúnta atá sé scrúdú a dhéanamh maidir le cé acu an féidir nó nach féidir léiriú forleathan a dhéanamh ar fhoráil den dlí náisiúnta lena gcruthaítear leigheas urghnách, lena bhfuil athoscailt imeachtaí iniarrtha ag páirtí ar cuireadh clabhsúr orthu le breithiúnas críochnaitheach i gcás inar ceileadh an deis chun gníomhú mar gheall ar shárú ar an dlí ionas go gcuirtear san áireamh ina raon feidhme an cás inar mhainnigh cúirt a dheonaigh iarratas ó thrádálaí de bhun conradh arna chur i gcrích le tomhaltóir, trí bhreithiúnas críochnaitheach mainneachtana, scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin ar an gconradh sin i bhfianaise téarmaí éagóracha a bheith ann, de shárú ar na hoibleagáidí atá uirthi de réir Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra, agus ina bhfuil baol nach beag ag gabháil leis na socruithe nós imeachta maidir le feidhmiú a chirt chun agóid a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais mainneachtana sin go dtréigfeadh an tomhaltóir sin an ceart sin dá bhrí nach n‑áirithítear leo go bhfuil cearta an tomhaltóra sin faoin Treoir sin á gcomhlíonadh. I gcás nach bhfuil a leithéid de léiriú forleathan indéanta de dheasca na dteorainneacha atá i bprionsabail ghinearálta an dlí agus léiriú contra legem a bheith dodhéanta, tá sé de thoradh riachtanach ar phrionsabal na héifeachtachta nach mór a áirithiú go bhfuil na cearta sin á gcomhlíonadh mar chuid d’imeachtaí um fhorghníomhú an bhreithiúnais mainneachtana sin nó imeachtaí ar leith ina dhiaidh sin.

 

Sínithe


( *1 ) Langue de procédure : le polonais.

Top