Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0116

    Breithiúnas na Cúirte (An Tríú Dlísheomra) 2022 Iúil 14.
    An Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh v VW e.a.
    Achomharc – Státseirbhís – Pinsean – Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh – Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII – Pinsean marthanóra a dheonú – Céile marthanach d’iar-oifigeach a raibh pinsean scoir á fháil aige nó aici – Oifigeach a pósadh tar éis dó nó di éirigh as an bpost – An coinníoll gur mhair an pósadh cúig bliana ar a laghad ar dháta bhás an oifigigh – Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII – Oifigeach a pósadh roimh dó nó di éirigh as an bpost – An coinníoll gur mhair an pósadh bliain amháin ar a laghad – Pléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 20 – Prionsabal na córa comhionainne – Airteagal 21(1) – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhun aoise – Airteagal 52(1) – Easpa idirdhealú treallach nó idirdhealú atá mí-oiriúnach go follasach i bhfianaise an chuspóra a bhfuil reachtas an Aontais dírithe air.
    Cásanna uamtha C-116/21 P go C-118/21 P agus C-138/21 P.

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:557

     BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Tríú Dlísheomra)

    14 Iúil 2022 ( *1 )

    (Achomharc – Státseirbhís – Pinsean – Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh – Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII – Pinsean marthanóra a dheonú – Céile marthanach d’iar-oifigeach a raibh pinsean scoir á fháil aige nó aici – Oifigeach a pósadh tar éis dó nó di éirigh as an bpost – An coinníoll gur mhair an pósadh cúig bliana ar a laghad ar dháta bhás an oifigigh– Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII – Oifigeach a pósadh roimh dó nó di éirigh as an bpost – An coinníoll gur mhair an pósadh bliain amháin ar a laghad– Pléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 20 – Prionsabal na córa comhionainne – Airteagal 21(1) – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhun aoise – Airteagal 52(1) – Easpa idirdhealú treallach nó idirdhealú atá mí-oiriúnach go follasach i bhfianaise an chuspóra a bhfuil reachtas an Aontais dírithe air)

    I gCásanna Uamtha C‑116/21 P go C‑118/21 P, C‑138/21 P agus C‑139/21 P,

    CÚIG ACHOMHARC faoi Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tugadh an 25 Feabhra 2021 i gCásanna C‑116/21 P go C‑118/21 P agus an 26 Feabhra 2021 i gCásanna C‑138/21 P agus C‑139/21 P,

    An Coimisiún Eorpach, dá ndéanann G. Gattinara, B. Mongin agus B. Schima ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    achomharcóir,

    is iad seo a leanas na páirtithe eile sna himeachtaí:

    VW, dá ndéanann N. de Montigny, avocate, ionadaíocht

    iarratasóir ag an gcéad chéim,

    Parlaimint na hEorpa, dá ndéanann D. Boytha, J. Steele agus J. Van Pottelberge ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    Comhairle an Aontais Eorpaigh, dá ndéanann M. Alver, M. Bauer agus R. Meyer ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    idiragraithe ag an gcéad chéim (C‑116/21 P),

    agus

    An Coimisiún Eorpach, dá ndéanann G. Gattinara, B. Mongin agus B. Schima ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    achomharcóir,

    is iad seo a leanas na páirtithe eile sna himeachtaí:

    BT, ina cónaí in Overijse (an Bheilg), dá ndéanann J.-N. Louis, avocat, ionadaíocht

    iarratasóir ag an gcéad chéim,

    Parlaimint na hEorpa, dá ndéanann D. Boytha, J. Steele agus J. Van Pottelberge ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    Comhairle an Aontais Eorpaigh, dá ndéanann M. Alver agus M. Bauer ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    Cumann Idirnáisiúnta iarOifigigh an Aontais Eorpaigh (AIACE International), a bunaíodh sa Bhruiséil (an Bheilg), dá ndéanann N. Maes, advocaat, agus J. Van Rossum, avocat, ionadaíocht

    idiragraithe ag an gcéad chéim (C‑117/21 P),

    agus

    An Coimisiún Eorpach, dá ndéanann G. Gattinara, B. Mongin agus B. Schima ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    achomharcóir,

    is iad seo a leanas na páirtithe eile sna himeachtaí:

    RN, ina cónaí in [faoi rún] (an Fhrainc), dá ndéanann F. Moyse, avocat, ionadaíocht

    iarratasóir ag an gcéad chéim,

    Parlaimint na hEorpa, dá ndéanann D. Boytha, J. Steele agus J. Van Pottelberge ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    idiragraí ag an gcéad chéim (C‑118/21 P),

    agus

    Comhairle an Aontais Eorpaigh, dá ndéanann M. Alver agus M. Bauer ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    achomharcóir,

    is iad seo a leanas na páirtithe eile sna himeachtaí:

    BT, ina cónaí in Overijse, dá ndéanann J.-N. Louis, avocat, ionadaíocht

    iarratasóir ag an gcéad chéim,

    An Coimisiún Eorpach, dá ndéanann G. Gattinara, B. Mongin agus B. Schima ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    Parlaimint na hEorpa, dá ndéanann D. Boytha, J. Steele agus J. Van Pottelberge ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    Cumann Idirnáisiúnta iarOifigigh an Aontais Eorpaigh (AIACE International), a bunaíodh sa Bhruiséil, dá ndéanann N. Maes, advocaat, agus J. Van Rossum, avocat, ionadaíocht

    idiragraithe ag an gcéad chéim (C‑138/21 P),

    agus

    Comhairle an Aontais Eorpaigh, dá ndéanann M. Alver agus M. Bauer ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    achomharcóir,

    is iad seo a leanas na páirtithe eile sna himeachtaí:

    VW, dá ndéanann N. de Montigny, avocate, ionadaíocht

    iarratasóir ag an gcéad chéim,

    An Coimisiún Eorpach, dá ndéanann G. Gattinara, B. Mongin agus B. Schima ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    cosantóir ag an gcéad chéim,

    Parlaimint na hEorpa, dá ndéanann D. Boytha, J. Steele agus J. Van Pottelberge ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

    idiragraí ag an gcéad chéim (C‑139/21 P),

    tugann AN CHÚIRT (an Tríú Dlísheomra),

    agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Jürimäe, Uachtarán Dlísheomra, N. Jääskinen, M. Safjan (Rapóirtéir), N. Piçarra agus M. Gavalec, Breithiúna,

    Abhcóide Ginearálta: A Rantos,

    Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

    ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

    ag féachaint don chinneadh arna ghlacadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, chun breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

    an breithiúnas seo a leanas:

    Breithiúnas

    1

    Trína n‑achomhairc, iarrann an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh go gcuirfí breithiúnais Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 16 Nollaig 2020, VW v an Coimisiún (T‑243/18, nár foilsíodh, EU:T:2020:619, ‘an chéad bhreithiúnas faoi achomharc’), agus an 16 Nollaig 2020, BT v an Coimisiún (T‑315/19, nár foilsíodh, EU:T:2020:622) (‘an dara breithiúnas atá faoi achomharc’), agus iarrann an Coimisiún freisin go gcuirfí breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Nollaig 2020, RN v an Coimisiún (T‑442/17 RENV, EU:T:2020:618, ‘an tríú breithiúnas atá faoi achomharc’) a chur ar neamhní (le chéile ‘na breithiúnais atá faoi achomharc’). Leis na breithiúnais sin, sheas an Chúirt Ghinearálta leis na caingne a thug VW, BT agus RN agus a cuireadh ar neamhní, faoi seach, le cinntí an 26 Meitheamh 2017, an 20 Iúil 2018 agus an 24 Meán Fómhair 2014 (le chéile, ‘na cinntí atá faoi chonspóid’) lenar dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh ar phinsean marthanóra a dheonú i leith gach duine de na daoine sin, ar bhonn Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, arna bhunú le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO 1968 L 56, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 (IO 2013 L 287, lch. 15) (‘na Rialacháin Foirne’).

    An dlí lena mbaineann

    2

    Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 1d de na Rialacháin Foirne:

    ‘1.   Agus na Rialacháin Foirne seo á gcur i bhfeidhm, toirmiscfear aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail inscne, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, nó claonadh gnéasach.

    Chun críocha na Rialachán Foirne seo, déileálfar le páirtnéireachtaí neamhphósta mar phósadh ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a liostaítear in Airteagal 1(2)(c) d’Iarscríbhinn VII.

    2.   D’fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir fir agus mná a áirithiú i saol na hoibre, ar gné riachtanach í a bheidh le cur san áireamh i gcur chun feidhme gach gné de na Rialacháin Foirne seo, ní chuirfidh prionsabal na córa comhionainne cosc ar institiúidí an Aontais Eorpaigh bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena bhforáiltear do bhuntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh.

    […]

    5.   I gcás daoine a chumhdaítear leis na Rialacháin Foirne seo, a mheasann go ndearnadh éagóir orthu toisc nár cuireadh prionsabal na córa comhionainne, mar atá leagtha amach thuas, i bhfeidhm maidir leo, fíorais a shuíomh óna bhféadfar a thoimhdiú go ndearnadh idirdhealú díreach nó indíreach, beidh an dualgas ar an institiúid a chruthú nár sáraíodh prionsabal na córa comhionainne. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo in imeachtaí araíonachta.

    6.   Agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus prionsabal na comhréireachta á n‑urramú, ní mór údar a bheith le haon teorannú ar a gcur i bhfeidhm ar fhorais oibiachtúla agus réasúnacha agus ní mór é a bheith dírithe ar chuspóirí dlisteanacha ar mhaithe leis an leas ginearálta faoi chuimsiú an bheartais foirne. Féadfaidh cuspóirí den sórt sin, go háirithe, bonn cirt a thabhairt d’aois scoir éigeantach agus aois íosta chun pinsean scoir a tharraingt a shonrú.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    3

    Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 35 de na Rialacháin Foirne:

    ‘Sannfar ceann de na stádais riaracháin seo a leanas d’oifigigh:

    (a)

    Fostaíocht ghníomhach;

    (b)

    Iasacht;

    (c)

    Saoire ar fhorais phearsanta;

    (d)

    Stádas neamhghníomhach;

    (e)

    Saoire le haghaidh seirbhísí míleata;

    (f)

    Saoire do thuismitheoirí nó saoire teaghlaigh;

    (g)

    Saoire ar mhaithe leis an tseirbhís.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    4

    Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 47 de na Rialacháin Foirne:

    ‘Cuirfear deireadh le seirbhísí mar seo a leanas:

    (a)

    éirí as oifig;

    (b)

    éirí as oifig éigeantach;

    (c)

    scor ar mhaithe leis an tseirbhís;

    (d)

    dífhostú mar gheall ar neamhinniúlacht;

    (e)

    baint ón bpost;

    (f)

    scor; nó

    (g)

    bás.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    5

    Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 52 de na Rialacháin Foirne:

    ‘Gan dochar d’fhorálacha Airteagal 50, déanfar oifigeach a scor:

    (a)

    go huathoibríoch an lá deireanach den mhí ina slánóidh sé 66 bliana d’aois lena linn, nó

    (b)

    arna iarraidh sin dó féin ar an lá deireanach den mhí ar cuireadh an iarraidh isteach ina leith i gcás ina bhfuil an aois inphinsin slánaithe aige nó i gcás ina mbeidh sé idir 58 mbliana d’aois agus an aois inphinsin agus ina gcomhlíonfaidh sé na ceanglais maidir le pinsean a íoc láithreach i gcomhréir le hAirteagal 9 d’Iarscríbhinn VIII. Beidh feidhm de réir analaí ag an dara habairt den dara mír d’Airteagal 48.

    Féadfaidh oifigeach, áfach, arna iarraidh sin dó féin, agus i gcás ina measfaidh an t‑údarás ceapacháin go bhfuil údar cuí leis ar mhaithe leis an tseirbhís, leanúint de bheith ag obair go dtí 67 mbliana d’aois, nó go heisceachtúil, go dtí 70 bliain d’aois, agus sa chás sin cuirfear ar scor é go huathoibríoch ar an lá deireanach den mhí ina mbainfidh sé an aois sin amach.

    […]’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    6

    De réir Airteagal 76 de na Rialacháin Foirne:

    ‘Féadfar bronntanais, iasachtaí nó airleacain a thabhairt d’oifigigh, d’iar-oifigigh nó, i gcás ina bhfuair oifigeach bás, dóibh siúd a bhfuil teidlíocht acu faoi agus atá i staid an‑deacair mar thoradh ar thinneas tromchúiseach nó fadtréimhseach nó mar gheall ar mhíchumas nó imthosca teaghlaigh.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    7

    Léitear Airteagal 17 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne mar a leanas:

    ‘Sa chás ina bhfaigheann an t-oifigeach bás agus ceann de na stádais riaracháin a leagtar amach in Airteagal 35 de na Rialacháin Foirne a bheith aige beidh an céile marthanach i dteideal, ar choinníoll go raibh an bheirt pósta ar feadh aon bhliain amháin ar a laghad ar am a bháis agus faoi réir fhorálacha Airteagal 1(1) agus Airteagal 22, pinsean marthanóra a fháil arb ionann sin agus 60 % den phinsean scoir a n‑íocfaí don oifigeach dá mbeadh sé cáilithe, is cuma faoi fhad na seirbhíse nó faoi aois, le haghaidh pinsean den sórt sin ar am an bháis.

    Ní chuirfear fad an phósta san áireamh má tá leanbh amháin nó níos mó de phósadh nó de phósadh roimhe sin ag an oifigeach ar choinníoll go bhfuil aire á thabhairt do na leanaí sin ag an gcéile marthanach nó go raibh aire á tabhairt acu dóibh, nó gur tharla bás an oifigigh mar thoradh ar mhíchumas coirp nó breoiteacht a tharla agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige nó de dheasca tionóisce.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    8

    Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne:

    ‘I gcás ina raibh pinsean scoir á fháil ag iar-oifigeach, beidh an céile marthanach i dteideal pinsean marthanóra a fháil, ar choinníoll go raibh an lánúin pósta cheana sular fhág an t‑oifigeach seirbhís institiúide agus gur mhair an pósadh bliain amháin ar a laghad, agus faoi réir fhorálacha Airteagal 22, pinsean a bhí comhionann le 60 % den phinsean scoir a bhí á fháil aige tráth a bháis. Is é 35 % den bhuntuarastal deireanach an t‑íosphinsean marthanóra a bheidh ann; ní rachaidh an pinsean marthanóra in aon chás, áfach, thar mhéid an phinsin scoir a bhí á fháil ag an gcéile tráth a bháis.

    Ní chuirfear fad an phósta san áireamh má tá leanbh amháin nó níos mó i bpósadh ar conradh ag an oifigeach sular fhág sé an tseirbhís, ar choinníoll go bhfuil aire á tabhairt do na leanaí ag an gcéile marthanach nó go raibh aire á tabhairt acu dóibh.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    9

    Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 19 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne:

    ‘I gcás ina raibh liúntas easláine á fháil ag iar-oifigeach, beidh an céile marthanach i dteideal pinsin marthanóra, faoi réir fhorálacha Airteagal 22 den Iarscríbhinn seo, ar choinníoll go raibh an lánúin pósta nuair a tháinig an t‑oifigeach chun bheith incháilithe don liúntas, pinsean a bheidh cothrom le 60 % den liúntas easláine a bhí á fháil ag an gcéile tráth a bháis.

    Is é 35 % den bhuntuarastal deiridh an t‑íosphinsean marthanóra a bheidh ann; ní rachaidh méid an phinsin marthanóra i gcás ar bith, áfach, thar mhéid an liúntais easláine a bhí á fháil ag an gcéile tráth a bháis.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    10

    Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne:

    ‘Chun críche Airteagail 17a, 18, 18a, agus 19, ní chuirfear san áireamh fad an phósta i gcás inar mhair an pósadh cúig bliana ar a laghad, cé go ndearnadh an pósadh tar éis fhoirceannadh sheirbhís an oifigigh.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    11

    Faoi Airteagal 27 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne:

    ‘Beidh céile colscartha oifigigh nó iar-oifigigh i dteideal pinsean marthanóra a fháil, mar a shainmhínítear sa Chaibidil seo, ar choinníoll, ar bhás an iar-chéile, gur féidir leis/léi údar cuí a thabhairt le teidlíocht ar a chuntas féin chun cothabháil a fháil uaidh nó uaithi de bhua ordú cúirte nó de bharr socraíocht atá cláraithe go hoifigiúil agus atá i bhfeidhm idir é féin nó í féin agus a iarchéile nó a hiarchéile.

    Mar sin féin, ní fhéadfaidh an pinsean marthanóra dul thar an méid cothabhála a íocadh tráth bhás an iar-chéile, tar éis an méid a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 82 de na Rialacháin Foirne.

    Tiocfaidh deireadh le teidlíocht an chéile colscartha má athphósann sé nó sí sula bhfaighidh an t‑iarchéile bás. Beidh feidhm ag Airteagal 26 i gcás athphósadh tar éis bhás an iar-chéile.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    Cúlra na ndíospóidí agus na gcinntí atá faoi chonspóid

    12

    Bhí VW, BT agus RN, de réir an cháis aonair, pósta nó athphósta le hoifigigh de chuid an Aontais nach raibh i seirbhís institiúide de chuid an Aontais a thuilleadh ar an dáta a tugadh a bpósadh nó a n‑athphósadh chun críche. Fuair an triúr iar-oifigeach bás níos lú ná cúig bliana tar éis an dáta sin i ngach cás.

    13

    Rinne gach duine den triúr ban atá i gceist, mar chéile marthanach iar-oifigigh de chuid an Aontais, iarratas ar phinsean marthanóra faoi Chaibidil 4 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    14

    Leis na cinntí atá faoi chonspóid, dhiúltaigh an Oifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla (PMO) do na hiarratais ó VW, BT agus RN faoi seach, ar an bhforas nár chomhlíon siad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne maidir le teidlíocht ar phinsean marthanóra, ós rud é gur mhair a bpósadh leis an oifigeach éagtha, tar éis fhoirceannadh sheirbhís an oifigigh sin, níos lú ná cúig bliana.

    15

    Diúltaíodh do na hagóidí uile a thaisc VW, BT agus RN i gcoinne gach ceann de na cinntí sin.

    Na gníomhaíochtaí ag an gcéad chéim agus na breithiúnais atá faoi achomharc

    16

    Le hiarratais a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 20 Aibreán 2018 agus an 22 Bealtaine 2019, faoi seach, agus i gClárlann an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an 17 Iúil 2015, thug VW, BT agus RN caingean le haghaidh neamhniú na gcinntí atá faoi chonspóid maidir le gach ceann díobh faoi seach.

    17

    Tugadh cead do Pharlaimint na hEorpa idirghabháil a dhéanamh chun tacú leis an gcineál ordaithe a bhí á lorg ag an gCoimisiún sna trí chás. Maidir leis an gComhairle, tugadh cead di idirghabháil a dhéanamh chun tacú leis an gcineál ordaithe a bhí á lorg ag an gCoimisiún sna cásanna a bhaineann le VW agus BT, agus tugadh cead do Chomhlachas Idirnáisiúnta iarOifigigh an Aontais Eorpaigh (AIACE International) idirghabháil a dhéanamh chun tacú leis an gcineál ordaithe a bhí á lorg ag BT sa chás a bhaineann léi.

    18

    Le breithiúnas an 20 Iúil 2016, RN v an Coimisiún (F‑104/15, EU:F:2016:163), sheas Binse na Seirbhíse Sibhialta, sa chás a bhaineann le RN, leis an gcéad phléadáil dlí sa chaingean agus chuir sé cinneadh an 24 Meán Fómhair 2014 ar neamhní. Bhí an breithiúnas sin ina ábhar d’achomharc arna thabhairt ag an gCoimisiún, ar sheas an Chúirt Ghinearálta leis le breithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520). Sa bhreithiúnas sin, chuir an Chúirt Ghinearálta breithiúnas an 20 Iúil 2016, RN v an Coimisiún (F‑104/15, EU:F:2016:163) ar ceal, agus í den tuairim nár cuireadh ar a cumas le staid na n‑imeachtaí breithiúnas críochnaitheach a thabhairt, tharchuir sí an cás ar ais chuig Dlísheomra den Chúirt Ghinearálta seachas an Dlísheomra a thug rialú ar an achomharc.

    19

    Le cinntí an 6 Bealtaine 2019 agus an 11 Márta 2019, d’ordaigh an Chúirt Ghinearálta gur cheart bac a chur ar na cásanna a bhaineann le VW agus RN go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach na Cúirte Breithiúnais i gCás HK v an Coimisiún, C‑460/18 P.

    20

    An 19 Nollaig 2019, thug an Chúirt a breithiúnas in HK v an Coimisiún (C‑460/18 P, EU:C:2019:1119).

    21

    Sna trí chás as ar eascair na breithiúnais atá faoi achomharc, d’iarr an Chúirt Ghinearálta, le litreacha an 23 Nollaig 2019, ar na páirtithe a mbarúlacha a thíolacadh maidir leis na hiarmhairtí a bheidh le baint as an mbreithiúnas sin ón gCúirt Bhreithiúnais.

    22

    Leis na breithiúnais atá faoi achomharc, chuir an Chúirt Ghinearálta, an 16 Nollaig 2020, gach ceann de na cinntí atá faoi chonspóid ar neamhní, agus sheas sí leis an bpléadáil a d’ardaigh VW, BT agus RN lena n‑éilítear, go bunúsach, go raibh Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne neamhdhleathach i bhfianaise phrionsabal na córa comhionainne agus, sna cásanna a bhaineann le VW agus RN, i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta agus, sna cásanna a bhaineann le BT agus RN, i bhfianaise phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise.

    23

    Tá na breithiúnais atá faoi achomharc bunaithe ar réasúnaíocht atá comhionann go hábhartha, seachas an eisceacht shuntasach de na breithnithe atá leagtha amach ag an gCúirt Ghinearálta i míreanna 41 go 46 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc. I ndáil leis sin, rialaigh an Chúirt Ghinearálta, agus í ag rialú ar raon feidhme na díospóide tar éis an cás a tharchur ar ais chuici, i mbreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), nár déileáladh leis an bpléadáil a d’ardaigh RN lena n‑éilítear sárú ar phrionsabail na córa comhionainne, an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise agus na comhréireachta, mar thoradh air sin, i ndeireadh na dála, b’éigean don Chúirt Ghinearálta rialú sa tríú breithiúnas atá faoi achomharc ar na pléadálacha dlí go léir a d’ardaigh RN ag an gcéad chéim, i bhfianaise na bpointí dlí a chinn an Chúirt Ghinearálta i mbreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520).

    24

    Maidir leis an gcuid eile, sna trí bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta, chun críocha pinsean marthanóra a dheonú, go raibh an staid a chumhdaítear le hAirteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, eadhon cás céilí marthanacha iar-oifigigh de chuid an Aontais Eorpaigh a phós sular foirceannadh a sheirbhís, inchomparáide leis an staid a chumhdaítear le hAirteagal 20 den Iarscríbhinn sin, eadhon cás céilí marthanacha iar-oifigigh a chuaigh i mbun pósadh tar éis fhoirceannadh sheirbhís an oifigigh sin. Chinn an Chúirt Ghinearálta ansin go raibh difríocht sa chaoi a gcaitear le staideanna inchomparáide ag brath ar an dáta a rinneadh an pósadh, sa mhéid go ndeonaítear pinsean marthanóra do chéilí marthanacha ar choinníoll gur mhair an pósadh bliain amháin ar a laghad faoi Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus ar a laghad cúig bliana faoi Airteagal 20 den Iarscríbhinn sin. Dúirt an Chúirt Ghinearálta freisin go raibh an difríocht sin ina cúis le míbhuntáiste do chéilí marthanacha iar-oifigigh a phós tar éis fhoirceannadh sheirbhís an oifigigh sin i gcomparáid le céilí marthanacha iar-oifigigh a chuaigh i bpósadh roimh an bhfoirceannadh sin. Sna cásanna a bhaineann le BT agus RN, chinn an Chúirt Ghinearálta freisin go raibh difríocht idir an chaoi a gcaitear le staideanna inchomparáide bunaithe go hindíreach ar aois an iar-oifigigh ar an dáta a rinneadh an pósadh.

    25

    Tar éis di a rá go bhforáladh an difríocht sa chóir a tugadh isteach trí Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII de na Rialacháin Foirne de réir ‘dlí’, laistigh de léiriú Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), rinne an Chúirt Ghinearálta iniúchadh ar féidir údar a thabhairt don difríocht sa chóir a luadh trí chuspóir leasa ghinearálta agus an raibh sí comhréireach i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú, go háirithe i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 48 den chéad bhreithiúnas agus den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 70 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc.

    26

    I dtaca leis sin, ar an gcéad dul síos, maidir leis an gcuspóir leasa ghinearálta maidir le calaois a chosc, is féidir leis an gCúirt Ghinearálta, cé go n‑aithníonn sí nach mór gur mhair an pósadh ar feadh íostréimhse sula n‑eascraíonn teidlíocht ar phinsean marthanóra as an bpósadh, a áirithiú nach bhfuil an pósadh bunaithe go heisiach ar chúinsí nach mbaineann le comhthionscadal saoil, amhail cúinsí airgeadais amháin nó cúinsí a bhaineann le ceart cónaithe a fháil, ar an mbonn go bhfuil sé míréasúnta an coinníoll a ghlacadh, dá bhforáiltear faoi Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, go bhféadfadh sé go mbeadh an pósadh cúig bliana ar a laghad, atá cúig huaire níos faide ná an íostréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, agus nach bhfuil faoi réir aon eisceachta lena bhféadfaí easpa calaoise a shuíomh, beag beann ar an bhfianaise oibiachtúil a thugtar ar aird, chun an cuspóir maidir le calaois a chomhrac a bhaint amach.

    27

    Ar an dara dul síos, maidir leis an gcuspóir leasa ghinearálta maidir le hairgeadas an Aontais Eorpaigh a chosaint, d’aithin an Chúirt Ghinearálta go bhféadfaí cuspóir den sórt sin a mheas mar chuspóir dlisteanach, ach, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, nach bhféadfadh sí ann féin údar a thabhairt le maolú ar phrionsabal ginearálta na córa comhionainne. Chinn an Chúirt Ghinearálta ansin, ós rud é nach féidir údar a thabhairt leis an gcoinníoll maidir le híostréimhse an phósta, a leagtar síos in Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, mar gheall ar an gcuspóir calaois a chomhrac, nach bhféadfaí údar a thabhairt leis an difríocht sa chóir a bhunaítear leis an bhforáil sin ach oiread trí airgeadas an Aontais Eorpaigh a choimirciú.

    28

    Tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid go sáraítear prionsabal na córa comhionainne agus, sa chás a bhaineann le VW, prionsabal na comhréireachta agus, sna cásanna a bhaineann le BT agus RN, prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Sna himthosca sin, agus mar a luadh cheana i mír 22 den bhreithiúnas seo, sheas sí leis na pléadálacha neamhdhleathachta a d’ardaigh VW, BT agus RN agus chuir sí gach ceann de na cinntí atá faoi chonspóid ar neamhní.

    An t‑ordú atá á lorg agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

    29

    Trína achomhairc i gCásanna C‑116/21 P go C‑118/21 P, iarrann an Coimisiún ar an gCúirt:

    gach ceann de na breithiúnais atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

    gach ceann de na caingne a dhíbhe ag an gcéad chéim; agus

    a ordú do VW, BT agus RN na costais a tabhaíodh ag an gcéad chéim agus ar achomharc a íoc, lena n‑áirítear, a mhéid a bhaineann le RN, na costais a bhaineann le Cásanna F‑104/15 agus T‑442/17 RENV.

    30

    Trína hachomhairc i gCásanna C‑138/21 P agus C‑139/21 P, iarrann an Chomhairle ar an gCúirt:

    seasamh leis na hachomhairc agus an chéad bhreithiúnas agus an dara breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

    na cásanna a chur de láimh agus na caingne a dhíbhe ag an gcéad chéim toisc iad a bheith gan bhunús; agus

    a ordú do VW agus BT na costais a tabhaíodh ag an gcéad chéim agus san achomharc seo a íoc.

    31

    I gCásanna C‑116/21 P agus C‑139/21 P, iarrann VW ar an gCúirt:

    na hachomhairc arna dtabhairt ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle faoi seach a dhíbhe; agus

    a ordú do Choimisiún agus don Chomhairle faoi seach na costais a tabhaíodh ag an gcéad chéim agus ar achomharc a íoc.

    32

    I gCásanna C‑117/21 P agus C‑138/21 P, iarrann BT ar an gCúirt:

    na hachomhairc arna dtabhairt ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle faoi seach a dhíbhe; agus

    a ordú don Choimisiún agus don Chomhairle faoi seach na costais a íoc.

    33

    I gCás C‑118/21 P, iarrann RN ar an gCúirt:

    a dhearbhú, go príomha, go bhfuil an t‑achomharc neamh-inghlactha;

    a dhearbhú, de rogha air sin, go bhfuil na forais achomhairc neamh-inghlactha nó, in aon chás, gan bhunús, agus an t‑achomharc a dhíbhe toisc é a bheith gan bhunús; agus

    a ordú don Choimisiún na costais a tabhaíodh san achomharc seo a íoc agus, má chuirtear an tríú breithiúnas atá faoi achomharc ar neamhní, ag an gcéad chéim, lena n‑áirítear na costais a bhaineann le Cásanna F‑104/15 agus T‑442/17 RENV.

    34

    I gCásanna C‑116/21 P go C‑118/21 P, C‑138/21 P agus C‑139/21 P, iarrann an Pharlaimint, mar idiragraí ag an gcéad chéim, a thaisc freagra i gcomhréir le hAirteagal 172 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ar an gCúirt seasamh leis na hachomhairc.

    35

    I gCásanna C‑117/21 P agus C‑138/21 P, iarrann AIACE International, mar idiragraí ag an gcéad chéim, a thaisc freagra i gcomhréir le hAirteagal 172 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ar an gCúirt:

    na hachomhairc arna dtabhairt ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle faoi seach a dhíbhe; agus

    a ordú don Choimisiún agus don Chomhairle faoi seach na costais a íoc.

    36

    I gCásanna C‑138/21 P agus C‑139/21 P, iarrann an Coimisiún, mar chosantóir ag an gcéad chéim, a thaisc freagra i gcomhréir le hAirteagal 172 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ar an gCúirt:

    an chéad bhreithiúnas agus an dara breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamní;

    na caingne a dhíbhe ag an gcéad chéim; agus

    a ordú do VW agus BT na costais a íoc.

    37

    De bhun Airteagal 54(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, chinn Uachtarán na Cúirte, an 13 Aibreán 2021, Cásanna C‑116/21 P go C‑118/21 P, C‑138/21 P agus C‑139/21 P a uamadh chun críocha na gcodanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus den bhreithiúnas.

    Na hachomhairc

    38

    Mar thaca lena achomhairc i gCásanna C‑116/21 P agus C‑117/21 P, maíonn an Coimisiún trí fhoras achomhairc chomhionanna lena n‑éilítear, ar dtús, earráid dlí maidir leis na critéir chun measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na roghanna a dhéanann reachtas an Aontais agus sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, ar an dara dul síos, earráid dlí i léiriú phrionsabal an neamh-idirdhealaithe agus, ar an tríú dul síos, earráid dlí i léiriú Airteagal 52(1) den Chairt agus roinnt sáruithe ar an oibleagáid cúiseanna a lua. I gCás C‑118/21 P, ardaíonn an Coimisiún na forais chéanna achomhairc agus foras eile achomhairc os a gcomhair lena n‑éilítear earráid dlí i sainiú agus i gcur i bhfeidhm chumhacht na cúirte a rinne an tarchur rialú a thabhairt ar na pléadálacha dlí sa chaingean ag an gcéad chéim tar éis an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní.

    39

    Mar thaca lena hachomhairc, maíonn an Chomhairle trí fhoras achomhairc chomhionanna lena n‑éilítear, ar an gcéad dul síos, earráidí dlí maidir le difríocht sa chóir a bheith ann, ar an dara dul síos, earráidí dlí maidir le méid an athbhreithnithe a rinne an Chúirt Ghinearálta ar na roghanna a rinne reachtas an Aontais agus, ar an tríú dul síos, earráidí dlí maidir leis an mbonn cirt atá leis an difríocht sa chóir. I gCás C‑138/21 P, ardaíonn an Chomhairle ceathrú foras achomhairc freisin lena n‑éilítear earráidí dlí agus sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua maidir le cinntí na Cúirte Ginearálta maidir le sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise.

    40

    Phléadáil VW, BT agus RN freisin go bhfuil na hachomhairc a rinneadh i gCásanna C‑116/21 P go C‑118/21 P, faoi seach, agus freisin i gCás C‑138/21 P i gcás BT, neamh-inghlactha.

    Inghlacthacht an achomhairc i gCás C‑116/21 P

    41

    Áitíonn VW go bhfuil an bhrí agus an raon feidhme atá ag forais áirithe achomhairc agus argóintí an Choimisiúin dothuigthe agus nach bhfuil aon achoimre ar na forais achomhairc ann, de shárú ar Airteagal 168(1)(d) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

    42

    Tá an Coimisiún i gcoinne na hargóinte sin, ag tagairt go háirithe d’ábhar a achomhairc.

    43

    Ina leith sin, ní mór a chur san áireamh go n‑eascraíonn sé ón dara fomhír d’Airteagal 256(1) CFAE agus ón gcéad fhomhír d’Airteagal 58 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus ó Airteagal 168(1)(d) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais freisin, nach mór a léiriú in achomharc go sonrach na heilimintí faoi achomharc den bhreithiúnas a bhfuil an t‑achomharcóir ag iarraidh a bheith curtha ar neamhní agus chomh maith leis sin na hargóintí dlíthiúla a cuireadh ar aghaidh go sonrach ar son an achomhairc sin, dá uireasa sin caithfear amach an t‑achomharc nó an foras achomhairc toisc iad a bheith neamh-inghlactha (breithiúnas an 25 Eanáir 2022, an Coimisiún v European Food agus páirtithe eile, C‑638/19 P, EU:C:2022:50, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    44

    Sa chás seo, is leor a thabhairt faoi deara gur leag an Coimisiún amach, i gcomhthéacs na dtrí fhoras achomhairc a chuireann sé ar aghaidh mar thaca lena achomharc, argóint shoiléir agus mhionsonraithe ina leagtar amach na forais ar a bhfuil míreanna an chéad bhreithiúnais faoi achomharc a cháineann sé, dar leis, curtha ó bhail ag earráidí dlí nó ag sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

    45

    Thairis sin, murab ionann agus an méid a mhaíonn VW, tá achoimre ar na forais a cuireadh chun cinn san achomharc arna thabhairt ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 168(1)(d) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

    46

    Dá bhrí sin, tá an t‑achomharc i gCás C‑116/21 P inghlactha.

    Inghlacthacht na n‑achomharc i gCásanna C‑117/21 P agus C‑138/21 P

    47

    Áitíonn BT go bhfuil na hachomhairc i gCásanna C‑117/21 P agus C‑138/21 P neamh-inghlactha a mhéid atá siad bunaithe ar an ngá atá ann na hiarmhairtí airgeadais do bhuiséad an Aontais a sheachaint a eascraíonn as an gcinneadh, sa dara breithiúnas atá faoi achomharc, go bhfuil Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne neamhdhleathach, agus go bhféadfadh iarmhairtí den sórt sin a bheith ann mar cheist fíorais amháin nach gcomhlíonann ceanglais Airteagal 58 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    48

    Thairis sin, tá BT den tuairim, ós rud é gur gheall an Coimisiún pinsean marthanóra a íoc le RN is cuma cén toradh a bhí ar an achomharc i gCás C‑118/21 P, nach mór don institiúid sin, ar fhorais na córa comhionainne, an gealltanas céanna a thabhairt di agus do VW, rud a cheileann ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle araon leas a bhaint as imeachtaí a thionscnamh agus, dá bhrí sin, a fhágann go bhfuil na hachomhairc go léir sna cásanna uamtha neamh-inghlactha.

    49

    Tá an Coimisiún i gcoinne na hargóinte sin, ag míniú, go háirithe, gur ar bhonn deonach amháin a tugadh an gealltanas a tugadh i ndáil le RN faoi Airteagal 76 de na Rialacháin Foirne agus nach féidir í a leathnú chuig daoine eile in ainm phrionsabal na córa comhionainne. Thairis sin, ós rud é nár tharla síneadh den sórt sin i gcás BT, ní mór diúltú don argóint lena ndéantar iarracht a léiriú go bhfuil na hachomhairc neamh-inghlactha ar an bhforas go bhfuil easpa leasa ann in imeachtaí a thionscnamh.

    50

    I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, de bhun Airteagal 256 CFAE agus Airteagal 58 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nach féidir achomharc a dhéanamh ach amháin ar phointí dlí (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Algebris (UK)agusAnchorage Capital Group v BRA, C‑934/19 P, EU:C:2021:1042, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    51

    Sa chás sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil na hachomhairc i gCásanna C‑117/21 P agus C‑138/21 P bunaithe go deimhin ar fhorais dlí amháin nach bhféachtar leo na cinntí fíorais a rinne an Chúirt Ghinearálta a cheistiú, ach nach ndéanann ach an réasúnú dlíthiúil a ghlac an Chúirt Ghinearálta sa dara breithiúnas atá faoi achomharc a cháineadh. Maidir leis an bhfíoras go dtarraingíonn an Coimisiún agus an Chomhairle ar aird na Cúirte Breithiúnais, trí thabhairt isteach nó trí laghdú, faoi seach, ar na hiarmhairtí a bhaineann lena n‑achomhairc a dhíbhe, ní mór a chinneadh nach féidir le mínithe den sórt sin, nach n‑úsáidtear amhlaidh chun tacú leis an argóint dhlíthiúil atá dírithe i gcoinne an dara breithiúnas atá faoi achomharc, inghlacthacht na n‑achomharc a thabhairt faoi cheist.

    52

    Maidir leis an bpléadáil neamh-inghlacthachta a eascraíonn ón easpa leasa in imeachtaí a thionscnamh, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an argóint sin bunaithe ar oibleagáid líomhnaithe a bhfuil an Coimisiún faoina réir le sochar an phinsin marthanóra a thabhairt do BT, ar oibleagáid í, mar is léir ó mhínithe an Choimisiúin, a deonaíodh do RN go deonach faoi Airteagal 76 de na Rialacháin Foirne, cé nach dtagann oibleagáid den sórt sin ó na Rialacháin Foirne nó, ar bhonn níos ginearálta, ó dhlí an Aontais, ós rud é go ndéantar aon chinneadh ‘bronntanas’ a dhéanamh, de réir bhrí na forála sin de na Rialacháin Foirne, i bhfeidhmiú discréide agus ní mór di a bheith bunaithe ar chinneadh aonair i bhfianaise imthosca an cháis.

    53

    Dá bhrí sin, tá na hachomhairc i gCásanna C‑117/21 P agus C‑138/21 P inghlactha.

    Inghlacthacht an achomhairc i gCás C‑118/21 P

    54

    Maíonn RN go bhfuil an t‑achomharc i gCás C‑118/21 P neamh-inghlactha. Áitíonn sí nach féidir leis an gCoimisiún an dara hachomharc a dhéanamh sa chás céanna. Níl aon fhoráil in CFAE ná i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena n‑údaraítear achomhairc arís agus arís eile sa chás céanna. Braitheann RN freisin i ndáil leis sin ar an riail ‘nach bhfuil achomharc ar achomharc bailí’.

    55

    Tugann an Coimisiún freagra nach bhfuil bunús ar bith ag argóintí RN sna forálacha nós imeachta is infheidhme.

    56

    I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, mar is léir ó mhír 18 den bhreithiúnas seo, go ndearna an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, achomharc i gcoinne bhreithiúnas Bhinse na Seirbhíse Sibhialta an 20 Iúil 2016, RN v an Coimisiún (F‑104/15, EU:F:2016:163). Sheas an Chúirt Ghinearálta leis an achomharc sin le breithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), agus tarchuireadh an cás ar ais, tar éis dhíscaoileadh Bhinse na Seirbhíse Sibhialta an 1 Meán Fómhair 2016, chuig Dlísheomra den Chúirt Ghinearálta seachas an Dlísheomra a thug rialú ar an achomharc. Dá bhrí sin, éisteadh an cás den dara huair ag an gcéad chéim, rud ba chúis leis an tríú breithiúnas atá faoi achomharc. I gcomhréir le hAirteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, rinne an Coimisiún achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin.

    57

    Ós rud é go bhfuil breithiúnas an 20 Iúil 2016, RN v an Coimisiún (F‑104/15, EU:F:2016:163) agus an tríú breithiúnas atá faoi achomharc araon, ina n‑aonar, ‘cinntí críochnaitheacha’ de réir bhrí Airteagal 9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus de réir bhrí Airteagal 56 den Reacht sin, tá RN mícheart chun a dhearbhú go bhfuil dhá achomharc déanta ag an gCoimisiún sa chás céanna.

    58

    Dá bhrí sin, tá an t‑achomharc i gCás C‑118/21 P inghlactha.

    An chéad fhoras achomhairc i gCás C‑118/21 P

    Argóint na bpáirtithe

    59

    De réir a chéad fhorais achomhairc, áitíonn an Coimisiún go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, i míreanna 41 go 46 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, i sainiú agus i bhfeidhmiú chumhacht na cúirte a rinne an tarchur rialú ar na pléadálacha dlí a ardaíodh ag an gcéad chéim tar éis don Chúirt Ghinearálta, ag rialú ar an achomharc, an breithiúnas ag an gcéad chéim a chur ar neamhní. Tá an foras achomhairc sin roinnte ina thrí chuid.

    60

    Faoin gcéad chuid dá chéad fhoras achomhairc, maíonn an Coimisiún nach bhfágtar méid an tarchuir faoi rogha na cúirte a ndéantar an cás a tharchur chuici. I ndáil leis sin, is léir, go háirithe, ó mhír 68 de bhreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), go raibh ábhar an tarchuir os comhair na Cúirte Ginearálta, sa chás as ar eascair an tríú breithiúnas atá faoi achomharc, teoranta go soiléir do scrúdú ar an tríú pléadáil sa chaingean arna tabhairt ag an gcéad chéim, nach bhfuil aon argóint ann lena n‑éilítear neamhdhleathacht líomhnaithe Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Dá réir sin, ní fhéadfadh an Chúirt Ghinearálta, sa tríú breithiúnas atá faoi achomharc, rialú a dhéanamh ar aon phléadáil seachas an tríú pléadáil.

    61

    Ina theannta sin, chomh maith leis an maíomh gur chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh go mícheart, i mír 42 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, na forais a ardaíodh chun tacú leis an achomharc d’fhonn a shuí cibé ar cinneadh eilimintí den bhreithiúnas ag an gcéad chéim a bheith neamhbhailí, áitíonn an Coimisiún go bhfuil neamhniú bhreithiúnas an 20 Iúil 2016, RN v an Coimisiún (F‑104/15, EU:F:2016:163), bunaithe ar mhíreanna 51 go 57 de bhreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), maidir le léiriú Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, míreanna 58 go 64 den bhreithiúnas sin ag tacú le réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta maidir le héilimh RN a thacaíonn leis an bpléadáil neamhdhleathachta i ndáil leis an bhforáil sin de na Rialacháin Foirne.

    62

    Dá bhrí sin, á áitiú gur cumhdaíodh freisin le raon feidhme na díospóide, tar éis tarchur ar ais, an phléadáil a chuir RN chun cinn ina caingean bhunaidh os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, lena n‑éilítear sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí.

    63

    Leis an dara cuid dá chéad fhoras achomhairc, measann an Coimisiún, sa tríú breithiúnas atá faoi achomharc, gur rialaigh an Chúirt Ghinearálta go hintuigthe, ach gur ghá gur rialaigh sí, ar easpa idirdhealaithe i staideanna arna rialú ag Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. I ndáil leis sin, áitíonn an Coimisiún gur chinn an Chúirt Ghinearálta, i mbreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), go raibh léiriú Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ar Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne mícheart mar ábhar dlí maidir le hargóint RN lena n‑éilítear difríocht i bhfad an phósta. Agus an tuairim á glacadh aici, i ndáil leis sin, nach féidir leis an mainneachtain tréimhse an phósta a chur san áireamh roimh dháta foirceanta sheirbhís an oifigigh neamhdhleathacht na forála sin a léiriú, mheas an Chúirt Ghinearálta go hintuigthe, ach gur ghá gur mheas sí, go raibh raon feidhme Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne den chineál nach bhféadfadh pléadáil neamhdhleathachta maidir leis an bhforáil dheireanach sin ar an bhforas gur sáraíodh prionsabal na córa comhionainne teacht chun cinn agus, mar thoradh air sin, nach raibh sé riachtanach rialú a dhéanamh ar cheist na comhréireachta, mar a dearbhaíodh i mír 63 den bhreithiúnas sin. Dá bhrí sin, tar éis di anailís mhícheart a dhéanamh, i mír 45 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, ar bhreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), bhí an Chúirt Ghinearálta mícheart chun a mheas, i mír 46 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, nár socraíodh na pléadálacha lena n‑éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne agus ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta sa bhreithiúnas sin an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520).

    64

    Faoin tríú cuid dá chéad fhoras achomhairc, maíonn an Coimisiún gur rialaigh an Chúirt Ghinearálta ar bhealach atá contrártha le breithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), trína chinneadh i mír 112 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc go sáraítear le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, inter alia, prionsabal na córa comhionainne. Maidir leis an gcinneadh i mír 59 den bhreithiúnas sin maidir le teorannú raon feidhme Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus an difríocht idir na coinníollacha maidir le pinsean marthanóra a dheonú idir an fhoráil sin agus Airteagal 18 den Iarscríbhinn sin, ní thacaíonn siad leis an gconclúid gur sáraíodh prionsabal na córa comhionainne.

    65

    Áitíonn RN, óna taobh féin, go príomha, go bhfuil an chéad fhoras achomhairc neamh-inghlactha sa mhéid go bhfuil easpa cruinnis ann, ós rud é nach féidir leis an gCoimisiún an Chúirt Ghinearálta a cháineadh go loighciúil as an earráid dlí a bheith déanta aici sa sainmhíniú agus i gcur i bhfeidhm chumhacht na cúirte a rinne an tarchur. Dá bhrí sin, bíonn tionchar ag an easpa beachtais sin ar na hargóintí dlíthiúla is bonn leis an gcéad fhoras achomhairc.

    66

    Áitíonn RN, mar mhalairt air sin, nach mór an chéad fhoras achomhairc a dhiúltú toisc é a bheith gan bhunús.

    67

    Ina fhreagra, áitíonn an Coimisiún go bhfuil an chéad fhoras achomhairc inghlactha sa mhéid nach féidir leis é féin a theorannú d’agóid a dhéanamh i gcoinne léiriú na bprionsabal atá ina n‑ábhar achomhairc amháin gan agóid a dhéanamh i gcoinne a gcur i bhfeidhm agus vice versa. Maidir leis an gcuid eile, cuireann sé i gcoinne léirmhíniú RN ar an tríú breithiúnas atá faoi achomharc.

    Measúnú na Cúirte

    – Inghlacthacht an chéad fhorais achomhairc

    68

    Murab ionann agus aighneacht RN, ní mór a mheas nach bhfuil foirmliú an chéad fhorais achomhairc den Choimisiún in easnamh beacht ná neamhloighciúil i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 43 den bhreithiúnas seo. Leis an gcéad fhoras achomhairc sin, maíonn an Coimisiún, i dtéarmaí soiléire, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí sa sainmhíniú agus i gcur i bhfeidhm chumhacht na cúirte a rinne an tarchur rialú a dhéanamh ar na pléadálacha dlí sa chaingean ag an gcéad chéim tar éis an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní agus trí líne argóinte a chur ar aghaidh, mar thaca leis an bhforas sin, agus iad leagtha amach ar bhealach atá chomh beacht agus chomh soiléir céanna.

    69

    A mhéid a cháin RN an Coimisiún as an tuairim a ghlacadh go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí sa sainmhíniú agus i bhfeidhmiú chumhacht na cúirte a rinne an tarchur ‘araon’, rud nach bhfuil indéanta, dar léi, is leor a thabhairt faoi deara go ndearbhaíonn an Coimisiún, ina achomharc, go bunúsach, nach ndearna an Chúirt Ghinearálta, sa tríú breithiúnas atá faoi achomharc, ábhar agus raon feidhme na díospóide a shainiú i gceart sa chás a tugadh os a comhair, ós rud é gur chuir sé breithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520) i bhfeidhm go mícheart agus an cásdlí a bhaineann le cinneadh an ábhair agus raon feidhme na díospóide tar éis tarchur ar ais.

    70

    Dá réir sin, ní mór a bhaint de thátal as go bhfuil an chéad fhoras achomhairc de chuid an Choimisiúin i gCás C‑118/21 P inghlactha.

    – Substaint an chéad fhorais achomhairc

    71

    Ar an gcéad dul síos, ní mór diúltú do ghearán an Choimisiúin lena n‑éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí i mír 42 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc. Maidir leis an gCoimisiún, agus é den tuairim gur chinn an Chúirt Ghinearálta ábhar na díospóide agus a raon feidhme tar éis í a tharchur ar ais ar bhonn na bpléadálacha a chuir an Coimisiún ar aghaidh ina achomharc i gCás T‑695/16 P, tá míthuiscint aige ar an mír sin. Sa chéad abairt de mhír 42 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, meabhraíonn an Chúirt Ghinearálta maidir le breithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), gur cuireadh ar neamhní breithiúnas an 20 Iúil 2016, RN v an Coimisiún (F‑104/15, EU:F:2016:163), tar éis dhá fhoras achomhairc a d’ardaigh an Coimisiún a chaomhnú i bpáirt. Sna himthosca sin, agus mar a áitíonn RN, ba cheart go ndéanfadh an chúirt a rinne an tarchur rialú ar an gcaingean ina hiomláine mar thoradh ar bhreithiúnas Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a chur ar neamhní go hiomlán.

    72

    Dá bhrí sin, bhí an Chúirt Ghinearálta ceart a chinneadh, i mír 43 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, go raibh uirthi rialú arís ar na héilimh uile ar neamhniú a d’ardaigh RN os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, i bhfianaise na bpointí dlí arna gcinneadh le breithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), atá ina gceangal ar an gCúirt Ghinearálta i gcomhthéacs an tarchuir ar ais. Chun teacht ar an gconclúid sin, is gá go raibh an Chúirt Ghinearálta ag brath ar an gcásdlí dá dtagraítear i mír 41 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, nach bhfuil faoi dhíospóid ag an gCoimisiún, agus ar an gcinneadh a rinneadh sa chéad abairt de mhír 42 den bhreithiúnas sin maidir le breithiúnas an 20 Iúil 2016, RN v an Coimisiún (F‑104/15, EU:F:2016:163) a chur ar neamhní go hiomlán. Maidir leis an dá abairt dheireanacha i mír 42 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, ní mór a lua nach bhfuil iontu ach meabhrúchán, neamhéifeachtach chun críocha na conclúide sin, ar na pléadálacha a d’ardaigh an Coimisiún sa chás as ar eascair breithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520).

    73

    Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ach oiread, i míreanna 45 agus 46 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, agus í á mheas, ina breithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), nár rialaigh sí ar na codanna den dara pléadáil dlí a d’ardaigh RN ina caingean os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta.

    74

    Is léir ó mhíreanna 35, 55 go 60 agus 76 de bhreithiúnas an 20 Iúil 2016, RN v an Coimisiún (F‑104/15, EU:F:2016:163), gur scrúdaigh Binse na Seirbhíse Sibhialta dara pléadáil RN gan dearcadh na pléadála neamhdhleathachta i ndáil le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ach chun an coinníoll a bhaineann le híostréimhse an phósta atá san fhoráil sin a léiriú, agus chun na críche sin amháin, agus an chéad phléadáil dlí á scrúdú aige. Sa chomhthéacs sin, d’fhéach Binse na Seirbhíse Sibhialta lena chinneadh an bhféadfaí an fhoráil sin a léiriú, i gcomhréir le prionsabail dhlí an Aontais amhail prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, sa chaoi go raibh ar an gCoimisiún comhfhad dhá thréimhse phósta RN lena céile éagtha a chur san áireamh, léiriú nach raibh curtha as an áireamh, de réir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, le foclaíocht na forála sin.

    75

    Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur mheas an Chúirt Ghinearálta, i mír 57 de bhreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), agus rialú á thabhairt aici ar achomharc, go raibh an léiriú ar an bhforáil atá i gceist a rinne Binse na Seirbhíse Sibhialta i míreanna 57 agus 76 de bhreithiúnas an 20 Iúil 2016, RN v an Coimisiún (F‑104/15, EU:F:2016:163), curtha ó bhail mar gheall ar earráid dlí ar an bhforas, go bunúsach, gur cuireadh bac le foclaíocht shoiléir na forála sin ar léiriú den sórt sin. Chuir an Chúirt Ghinearálta an breithiúnas sin ar neamhní ina iomláine ansin.

    76

    Dá bhrí sin, cé gur chuir an Chúirt Ghinearálta, lena breithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), breithiúnas an 20 Iúil 2016, RN v an Coimisiún (F‑104/15, EU:F:2016:163) ar neamhní, rinne sí amhlaidh toisc go ndearna sí léiriú Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ar Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a chur ar ceal i bhfianaise na chéad phléadála dlí de RN agus i bhfianaise phrionsabal na córa comhionainne, beag beann ar na gearáin lena n‑éilítear pléadáil neamhdhleathachta i leith na forála sin arna hardú ag RN.

    77

    Agus an méid sin á dhéanamh aici, ní raibh an Chúirt Ghinearálta in ann seasamh a ghlacadh, fiú mura raibh ann ach go hintuigthe, maidir leis na gearáin lena n‑éilítear neamhdhleathacht den sórt sin toisc, murab ionann agus an méid a dhearbhaíonn an Coimisiún, nach dtugann cuireadh ar ceal léiriú Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ar Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialachán Foirne ná an raon feidhme a shann an Chúirt Ginearálta d’Airteagail 18 agus 20 den Iarscríbhinn sin le fios nach bhféadfaí a dhearbhú go fóill go raibh an t‑Airteagal deireanach sin neamhdhleathach i bhfianaise na n‑argóintí a d’ardaigh RN i gcomhthéacs an dara pléadáil ina caingean bhunaidh. Dá seasfaí leis an bpléadáil sin, d’fhéadfadh RN, d’ainneoin nach bhféadfadh sí a éileamh go ndéanfaí fad a dhá phósadh a chomhiomlánú i gcomhthéacs léiriú Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, a dhearbhú go bhfuil an fhoráil sin neamhdhleathach, agus é mar thoradh air sin go mbeadh sé de cheangal ar an gCoimisiún cinneadh nua a dhéanamh ina leith, agus na conclúidí iomchuí á mbaint as an mbreithiúnas lena gcuirtear deireadh leis an díospóid.

    78

    Sna himthosca sin, tá an Coimisiún mícheart a dhearbhú, go bunúsach, gur rialaigh an Chúirt Ghinearálta go hintuigthe, ach gur ghá gur rialaigh sí, go raibh sí diúltach, i mbreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), ar phléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    79

    Ina theannta sin, murab ionann agus an méid a dhearbaigh an Coimisiún, níor scrúdaigh ná níor dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 58 go 64 dá breithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), na héilimh a chuir RN ar aghaidh chun tacú leis an bpléadáil neamhdhleathachta i ndáil le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, agus mar thoradh air sin nach bhfuil an Coimisiún in ann a éileamh, i mír 46 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart chun a chinneadh nár rialaigh sí ar an dara pléadáil sa chéad bhreithiúnas sin.

    80

    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i míreanna 58 go 64 dá breithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), níor fhreagair an Chúirt Ghinearálta ach do na hargóintí a chuir RN chun cinn mar fhreagairt ar achomharc an Choimisiúin. Ar an gcéad dul síos, baineann an dá argóint de chuid RN, a scrúdaíodh i míreanna 59 go 61 den bhreithiúnas sin, go heisiach le léiriú na Cúirte Ginearálta ar Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus, dá bhrí sin, níl aon bhaint acu le pléadáil neamhdhleathachta na forála sin.

    81

    Ar an dara dul síos, maidir le hargóint RN a scrúdaíodh i míreanna 62 go 64 de bhreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), is fíor go mbaineann an argóint sin a bhaineann le sárú ar phrionsabal na comhréireachta leis an dara pléadáil sa chaingean bhunaidh, lena n‑éilítear pléadáil neamhdhleathachta. Mar sin féin, míníonn an Chúirt Ghinearálta, i mír 63 den bhreithiúnas sin, gur scrúdaigh Binse na Seirbhíse Sibhialta ceist an tsáraithe ar phrionsabal na comhréireachta trí thús a chur leis an réamhrá go bhféadfaí foclaíocht Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a léiriú mar fhoclaíocht lena gceanglaítear comhfhad dhá thréimhse phósta RN a chur san áireamh. Tar éis di a mheas, áfach, nach raibh Binse na Seirbhíse Sibhialta in ann tosú ó réamhleagan den sórt sin, tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid, fós i mír 63 den bhreithiúnas sin, nach raibh sé riachtanach rialú a thabhairt ar argóint RN maidir le sárú líomhnaithe ar phrionsabal na comhréireachta. Dá bhrí sin, i bhfad ó dhiúltú do dhara pléadáil RN sa chaingean bhunaidh, níor dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta ach scrúdú a dhéanamh ar an bpléadáil sin agus, go sonrach, ar an argóint lena n‑éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta, ar an bhforas nár tháinig scrúdú den sórt sin faoi raon feidhme an achomhairc.

    82

    Dá bhrí sin, i mír 45 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, rinne an Chúirt Ghinearálta anailís cheart ar mhír 63 de bhreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), agus mar thoradh air sin ní féidir aon earráid dlí i ndáil leis sin a chur ina leith.

    83

    Sa tríú háit, tá an Coimisiún mícheart a dhearbhú, sa tríú breithiúnas atá faoi achomharc, nach bhféadfadh an Chúirt Ghinearálta, mar gheall ar an ráiteas sa chéad abairt de mhír 68 de bhreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), rialú ar phléadálacha seachas an tríú pléadáil sa chaingean a tugadh os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta.

    84

    Ní mór a thabhairt faoi deara, i mír 68 den bhreithiúnas sin, nár luaigh an Chúirt Ghinearálta ach nach raibh sí in ann rialú ar an gcás cionn is nár scrúdaigh Binse na Seirbhíse Sibhialta an tríú pléadáil ar a raibh RN ag brath. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbaineann an ráiteas sin leis an tsaincheist an bhféadfadh an Chúirt Ghinearálta rialú ar an gcás ag éisteacht an cháis ar achomharc agus gan ar an ábhar eile ar leith a bhaineann leis an gcinneadh ar an ábhar agus raon feidhme na díospóide tar éis í a tharchur ar ais. I ndáil leis sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur amháin, agus ní faoin gcúirt achomhairc, an t‑ábhar sin agus an raon feidhme sin a chinneadh de thoradh an bhreithiúnais a thug an chúirt achomhairc. Dá bhrí sin, ní féidir aon ráiteas maidir le cé acu a cheadaíonn nó nach gceadaíonn staid na n‑imeachtaí breithiúnas críochnaitheach a bheith cinntitheach ann féin chun críocha anailís a dhéanamh ar ábhar agus raon feidhme an cháis tar éis an cás a tharchur ar ais, rud nach mór don chúirt a rinne an tarchur a dhéanamh.

    85

    Sa chás seo, is léir ó mhír 73 den bhreithiúnas seo gur chinn an Chúirt Ghinearálta i gceart, i mír 46 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, nár rialaigh sí ar chodanna an dara pléadáil dlí i mbreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520) lena n‑éilítear sárú ar phrionsabail na córa comhionainne, an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise agus na comhréireachta.

    86

    Sa cheathrú háit, ní féidir le héileamh an Choimisiúin lena n‑éilítear go bhfuil mír 112 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc ag teacht salach ar mhír 59 de bhreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), teacht i gcomharbas air a mhéid atá sé bunaithe ar an réamhleagan, a diúltaíodh i mír 78 den bhreithiúnas seo, gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta go hintuigthe, ach gur ghá gur dhiúltaigh sí, i mbreithiúnas an 18 Iúil 2017, an Coimisiún v RN (T‑695/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2017:520), don fhoras lena n‑éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.

    87

    I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, ní mór an chéad fhoras achomhairc a d’ardaigh an Coimisiún chun tacú lena achomharc i gCás C‑118/21 P a dhiúltú toisc é a bheith gan bhunús.

    An tríú cuid den chéad fhoras achomhairc agus an dara foras achomhairc i gCás C‑116/21 P, an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc agus an chéad dá chuid den dara foras achomhairc i gCás C‑117/21 P, an tríú cuid den dara foras achomhairc agus an chéad dá chuid den tríú foras achomhairc i gCás C‑118/21 P agus an chéad fhoras achomhairc i gCásanna C‑138/21 P agus C‑139/21 P

    Argóint na bpáirtithe

    88

    Ar na forais achomhairc sin agus ar na codanna díobh, áitíonn an Coimisiún agus, go príomha, an Chomhairle, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, de réir na mbreithiúnas atá faoi achomharc, maidir lena léiriú ar phrionsabal na córa comhionainne agus ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe sa mhéid is gur tháinig sí ar an tátal mícheart go raibh na staideanna a chumhdaítear le forálacha Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne inchomparáide agus, dá bhrí sin, go raibh difríocht sa chóir a tháinig as scéimeanna éagsúla a chur i bhfeidhm maidir leis na staideanna inchomparáide sin.

    89

    Go ginearálta, measann na hinstitiúidí sin, le tacaíocht ón bParlaimint, go ndearna an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 59 agus 60 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i míreanna 58 agus 59 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus, a mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún, i míreanna 80 agus 81 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, earráid dlí agus measúnú á dhéanamh gurb é an dáta a rinneadh an pósadh an t‑aon toisc amháin lenar cinneadh cur i bhfeidhm Airteagal 18 nó Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus, dá bhrí sin, go raibh na cásanna a chumhdaítear leis na forálacha sin inchomparáide go deimhin. Dá gcuirfeadh an Chúirt Ghinearálta na tosca go léir a bhaineann leis na staideanna sin san áireamh, bheadh uirthi a mheas go bhfuil difríocht riachtanach agus oibiachtúil idir oifigigh sa tseirbhís agus iad siúd nach bhfuil i seirbhís institiúide de chuid an Aontais a thuilleadh, maidir le staid dhlíthiúil faoi seach na n‑oifigeach sin, go háirithe ag féachaint do na cearta gairmiúla agus do na hoibleagáidí gairmiúla a bhfuil na hoifigigh sin faoi cheangal orthu, murab ionann agus na cearta agus na hoibleagáidí sin, faoi fhorálacha na Rialachán Foirne le linn ré a seirbhíse.

    90

    Go háirithe, cuireann an Coimisiún agus an Chomhairle araon i bhfios go láidir, inter alia, nach mór d’oifigeach atá i mbun seirbhíse, murab ionann agus iar-oifigigh nach bhfuil oibleagáid orthu oibriú a thuilleadh, ranníocaíocht a dhéanamh leis an scéim pinsin, buntuarastal a fháil atá níos airde ná an pinsean scoir a dheonófar dóibh le linn dóibh dul ar scor, go bhfuil sé d’oibleagáid orthu cónaí ina n‑áit fostaíochta agus go bhfuil siad i dteideal liúntais easaoránachta, cónaithe eachtraigh agus taistil. Cuireann an Coimisiún in iúl freisin nach bhfuil iar-oifigigh cumhdaithe a thuilleadh ag an gComhscéim Árachais Breoiteachta le haghaidh tionóiscí ag an obair. Deir an Coimisiún freisin, murab ionann agus Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, go bhforáiltear le hAirteagal 18 den Iarscríbhinn sin nach bhfuil an coinníoll a bhaineann le fad an phósta le cur san áireamh más rud é, i dteaghlach an oifigigh, gur rugadh leanbh ón bpósadh a rinne an t‑oifigeach sular foirceannadh a sheirbhís nó a seirbhís, rud a léiríonn go bhfuil na cásanna a chumhdaítear leis an dá fhoráil sin an‑difriúil óna chéile. Léiríonn na breithnithe sin go léir nach gá, mar gheall ar staid iar-oifigigh a phósann, mar is léir i gcás oifigigh a phósann agus é ag obair go fóill, ioncam athsholáthair a thairiscint don chéile marthanach trí an bpinsean marthanóra a dheonú.

    91

    Measann an Coimisiún freisin gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir staid na n‑oifigeach sa tseirbhís agus staid na n‑oifigeach a d’fhág seirbhís institiúide de chuid an Aontais ar leibhéal aonair. Ar an gcéad dul síos, tá oifigigh a phósann roimh fhoirceannadh a seirbhíse níos óige ná na hoifigigh a chumhdaítear le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Ar an dara dul síos, meastar cheana féin go bhfuil duine a phósann oifigeach ar scor i staid neamhspleáchais eacnamaíoch, rud a fhágann go bhfuil éifeacht níos teoranta ag bás an oifigigh sin ná i gcás oifigigh a choinnigh a theaghlach nó a teaghlach ó bhí sé nó sí i mbun seirbhíse gníomhaí. I ndáil leis sin, áitíonn an Coimisiún, i mír 51 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i mír 50 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 72 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, gur bhain an Chúirt Ghinearálta míthuiscint as mír 69 de bhreithiúnas an 19 Nollaig 2019, HK v an Coimisiún (C‑460/18 P, EU:C:2019:1119). Murab ionann agus an méid a d’éiligh an Chúirt Ghinearálta, d’fhéadfadh cumas eacnamaíoch an chéile mharthanaigh, go beacht, a bheith ina toisc ábhartha do reachtas an Aontais agus na critéir á leagan síos maidir le pinsean marthanóra a dheonú faoi Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ag féachaint do na himthosca inar tharla an pósadh.

    92

    Dúirt an Coimisiún agus an Chomhairle freisin go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart chun diúltú, i mír 56 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i mír 55 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus, maidir leis an gCoimisiún, i mír 77 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, na tátail iomchuí a bhaint as mír 33 de bhreithiúnas an 17 Meitheamh 1993, Arauxo-Dumay v an Coimisiún (T‑65/92, EU:T:1993:47), a mhéid a chuir an Chúirt Ghinearálta, sa bhreithiúnas deireanach sin, béim ar an difríocht idir na staideanna a rialaítear le hAirteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, agus an loighic is bun leis an mbreithiúnas sin a bheith inaistrithe don chás seo d’ainneoin na difríochta ó thaobh na bhfíoras de atá mar chúis ag na díospóidí faoi seach.

    93

    Ina theannta sin, áitíonn an Coimisiún, i mír 58 den chéad bhreithiúnas faoi achomharc, i mír 57 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 79 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, gur thug an Chúirt Ghinearálta neamhaird go mícheart, ina hanailís, ar chuspóir íostréimhse an phósta a leagtar síos in Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, eadhon, mar is léir ó mhír 89 de bhreithiúnas an 19 Nollaig 2019, HK v an Coimisiún (C‑460/18 P, EU:C:2019:1119), comhaontuithe maidir le comharbas a chosc agus, dá bhrí sin, dul i mbun pósadh agus é mar aidhm leis sin amháin a bheith in ann pinsean marthanóra a fháil gan an pósadh sin a fhreagraíonn d’aon réaltacht nó cobhsaíocht sa chaidreamh idir na daoine lena mbaineann. Dá bhrí sin, theip ar an gCúirt Ghinearálta cloí leis an gcritéar nach mór a chur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh ar inchomparáideacht na staideanna, na heilimintí go léir atá mar shaintréith acu agus na rialacha dlí uile lena rialaítear seasaimh gach ceann de na staideanna atá le cur i gcomparáid. Go háirithe, trína fháil amach, sna míreanna céanna sin de na trí bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach ndéanann pósadh a rinneadh tar éis fhoirceannadh na seirbhíse athrú bunúsach ar staid céile mharthanaigh i ndáil lena chearta maoine nó a cearta maoine i gcomparáid leis an staid a chumhdaítear le hAirteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, thug an Chúirt Ghinearálta neamhaird, chomh maith le mainneachtain go hiomlán cúiseanna a lua leis an mbreithniú sin, ar an mbaol go bhféadfadh pósadh den sórt sin a bheith ina chúis le comhaontuithe maidir le comharbas a thabhairt i gcrích.

    94

    Conspóideann VW, BT, le tacaíocht ó AIACE International, agus RN a argóint sin.

    Cinntí na Cúirte

    95

    Mar réamhphointe, is gá cuimhneamh ar chásdlí socair na Cúirte ar dá réir atá comhionannas os comhair an dlí, a leagtar amach in Airteagal 20 den Chairt, ina phrionsabal ginearálta de dhlí an Aontais lena gceanglaítear nár cheart caitheamh go héagsúil le cásanna inchomparáide agus nár cheart déileáil le cásanna éagsúla ar an mbealach céanna mura bhfuil údar oibiachtúil leis an gcóir sin (breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, État belge (Ceart cónaithe i gcás foréigean baile), C‑930/19, EU:C:2021:657, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    96

    Ní mór measúnú a dhéanamh ar an gceanglas nach mór cásanna a bheith inchomparáide, d’fhonn a chinneadh an bhfuil sárú ar phrionsabal na córa comhionainne ann, i bhfianaise na ngnéithe uile lena mbaineann siad agus, go háirithe, i bhfianaise ábhar agus chuspóir an ghnímh lena ndéantar an t‑idirdhealú atá i gceist, agus ní mór prionsabail agus cuspóirí an réimse lena mbaineann an gníomh a chur san áireamh freisin. Sa mhéid nach bhfuil na cásanna inchomparáide, ní sháraíonn difríocht sa chaoi a gcaitear leis na cásanna lena mbaineann comhionannas os comhair an dlí mar a chumhdaítear in Airteagal 20 den Chairt (breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, État belge (Ceart cónaithe i gcás foréigean baile), C‑930/19, EU:C:2021:657, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    97

    I bhfianaise an chásdlí sin, is gá scrúdú a dhéanamh ar mhaímh an Choimisiúin agus na Comhairle, le tacaíocht ón bParlaimint, gur chinn an Chúirt Ghinearálta go hearráideach, sna breithiúnais atá faoi achomharc, go raibh na staideanna a chumhdaítear le forálacha Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne inchomparáide agus go raibh difríocht sa chaoi a gcaitear leis na staideanna inchomparáide sin ag brath ar an dáta a rinneadh an pósadh.

    98

    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i míreanna 51, 52 agus 55 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i míreanna 50, 51 agus 54 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i míreanna 72, 73 agus 76 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, gur chinn an Chúirt Ghinearálta gurb é cuspóir Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, faoi réir chomhlíonadh an choinníll a bhaineann le híostréimhse an phósta, pinsin marthanóra a dheonú don chéile marthanach go heisiach ar bhonn chineál dlíthiúil na nasc a nascann an céile sin leis an gcéile nach maireann. Shonraigh an Chúirt Ghinearálta freisin go saothraítear leis na forálacha sin an cuspóir ioncam athsholáthair a dheonú don chéile marthanach a bhfuil sé mar aidhm leis cúiteamh páirteach a thabhairt do chaillteanas ioncam an chéile éagtha, agus é ina iar-oifigeach nach bhfuil i mbun seirbhíse a thuilleadh agus, dá bhrí sin, nach ndéanann ranníocaíocht a thuilleadh le scéim pinsin an Aontais.

    99

    Dá bhrí sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, go raibh ábhar agus cuspóir an dá fhoráil sin d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne comhionann go suntasach i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 96 den bhreithiúnas seo agus ar thagair an Chúirt Ghinearálta di féin i mír 44 den chéad bhreithiúnas agus den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 66 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc. De réir na Cúirte Ginearálta, is é nádúr dlíthiúil na nasc idir an céile marthanach, mar dhuine a dtugtar ceart dó nó di leis na forálacha sin, agus an t‑iar-oifigeach éagtha, príomhghné na bpinsean marthanóra atá i gceist. Arís, de réir na Cúirte Ginearálta, baineann an t‑aon difríocht i gcur i bhfeidhm Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne leis an gcoinníoll maidir le híostréimhse an phósta, ar coinníoll é a bhraitheann ar an dáta a ndearnadh an pósadh i bhfianaise phost an oifigigh faoi na Rialacháin Foirne ar an dáta sin, mar is léir ó mhír 53 den chéad bhreithiúnas faoi achomharc, mír 52 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus mír 74 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc.

    100

    Sna himthosca sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a mheas sí, ar an gcéad dul síos, i mír 59 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i mír 58 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 80 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, go raibh na staideanna a chumhdaítear le forálacha Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne inchomparáide agus, ar an dara dul síos, i míreanna 53 agus 60 den chéad bhreithiúnas faoi achomharc, i míreanna 52 agus 59 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i míreanna 74 agus 81 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, nach raibh na staideanna a chumhdaítear leis na forálacha sin éagsúil ach amháin maidir leis an dáta a ndearnadh an pósadh i ndáil le seasamh an oifigigh faoi na Rialacháin Foirne.

    101

    Deir an Coimisiún agus an Chomhairle, le tacaíocht ón bParlaimint, áfach, ar an gcéad dul síos, go bhfuil na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne éagsúil ar bhealach fíor-riachtanach agus oibiachtúil ós rud é, ar an dáta a rinneadh an pósadh, go raibh an t‑oifigeach fós ag obair, i gcomhthéacs na chéad fhorála, d’institiúid de chuid an Aontais, ach i gcomhthéacs an dara foráil nach raibh sé nó sí ag obair d’institiúid de chuid an Aontais a thuilleadh. Mar sin, theip ar an gCúirt Ghinearálta an ghné thréithiúil sin a chur san áireamh go leordhóthanach ina measúnú ar inchomparáideacht na staideanna.

    102

    Mar a luaigh an Chúirt Ghinearálta i gceart, áfach, i mír 54 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i mír 53 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 75 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, ní hionann cineál dlíthiúil na nasc idir an céile marthanach agus an t‑oifigeach éagtha ag brath ar cé acu a bhí nó nach raibh na hoifigigh i bhfostaíocht ghníomhach ar an dáta a rinneadh an pósadh agus de réir mhéid na ranníocaíochtaí le scéim pinsin an Aontais a íocadh nó a bhí dlite fós. Mar an gcéanna, mar a chinn an Chúirt Ghinearálta i mír 58 den chéad bhreithiúnas faoi achomharc, i mír 57 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 79 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, cibé acu a phós an t‑oifigeach éagtha roimh fhoirceannadh a sheirbhíse nó a seirbhíse nó ina dhiaidh sin, ní féidir staid an chéile mharthanaigh a athrú go substaintiúil maidir lena chearta nó a cearta maoine, lena n‑áirítear an ceart chun pinsin marthanóra mar ioncam athsholáthair.

    103

    Ba chóir a thabhairt faoi deara go ndéantar an dáta a rinneadh an pósadh a chinneadh go hiomlán le huacht na gcéilí amach anseo. Gur toradh é an cinneadh sin ar shaor-rogha a rinne an t‑oifigeach ar bhonn cúinsí iomadúla nach gá nó nach gá aird a thabhairt orthu ach amháin ar imthosca a bhaineann le cibé acu atá nó nach bhfuil sé nó sí i bhfostaíocht ghníomhach. Murab ionann agus dearbhuithe an Choimisiúin agus na Comhairle, ní fhéadfaidh tionchar cinntitheach a bheith ag cibé an raibh nó nach riabh an t‑oifigeach sin i bhfostaíocht ghníomhach ar mheasúnú a dhéanamh ar inchomparáideacht na staideanna atá i gceist i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach i mír 96 den bhreithiúnas seo agus, go háirithe, ábhar agus cuspóir Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, mar a leagtar amach i mír 98 den bhreithiúnas seo. I ndáil leis sin, tá réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta, a leagtar amach sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo, bunaithe, go bunúsach, ar an ábhar sin, ar an gcuspóir sin agus ar an bpríomhghné sin.

    104

    Is fíor, mar is léir ó mhír 99 den bhreithiúnas seo, go bhfuil tionchar ag seasamh oifigigh faoi na Rialacháin Foirne ar an dáta a rinneadh an pósadh ar choinníoll íostréimhse an phósta sin. Cé nach bhfuil an tréimhse riachtanach ach bliain amháin i gcás ina ndéantar an pósadh nuair atá an t‑oifigeach fós i mbun seirbhíse, cuirtear síneadh cúig bliana leis i gcás ina bpósann an t‑oifigeach tar éis scor de bheith i mbun seirbhíse d’institiúid de chuid an Aontais.

    105

    Mar sin féin, mar a léiríonn VW agus mar is léir ó mhíreanna 102 agus 103 den bhreithiúnas seo, níl seasamh oifigigh faoi na Rialacháin Foirne ná an dáta a rinneadh an pósadh ábhartha ag céim inchomparáide na staideanna sa mhéid is nach bhfuil aon nasc díreach acu le hábhar, le cuspóir agus le príomhghné an chirt chun pinsin marthanóra dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    106

    Is ar an gcúis sin is gá a mheas, de réir analaí, mar a chuir an Chúirt in iúl, maidir leis an bpinsean marthanóra dá bhforáiltear in Airteagal 17 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, i mír 70 de bhreithiúnas an 19 Nollaig 2019, HK v an Coimisiún (C‑460/18 P, EU:C:2019:1119), go mbraitheann deonú an phinsin marthanóra, i bprionsabal, ar chineál dlíthiúil na nasc idir an duine lena mbaineann agus an t‑oifigeach éagtha ‘amháin’, cé gur aithin an Chúirt, i mír 89 den bhreithiúnas sin, go bhfuil íostréimhse an phósta ina coinníoll freisin chun go mbainfeadh an céile marthanach tairbhe as an bpinsin marthanóra.

    107

    Is é cineál dlíthiúil na nascanna idir na céilí a fholuíonn scéim phinsin marthanóra státseirbhís an Aontais, sa mhéid is go mbaineann an coinníoll sin maidir le deonú an phinsin le gach pinsean marthanóra dá dtagraítear in Airteagail 17 go 20 agus in Airteagal 27 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Ó thaobh an phósta de, tá an coinníoll maidir le híostréimhse an phósta coimhdeach leis an gcoinníoll a bhaineann le cineál dlíthiúil na nasc idir na céilí, a mhéid nach bhféachann sé ach leis an tréimhse a shonrú ina gcaithfidh an caidreamh dlíthiúil leanúint ar aghaidh chun críocha dheonú an phinsin marthanóra. Thairis sin, ní dhéantar an coinníoll coimhdeach sin a athdhéanamh i gcuid de na pinsin marthanóra, amhail na pinsin dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 27 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    108

    Dá bhrí sin, bhí an ceart ag an gCúirt Ghinearálta, i míreanna 52 agus 54 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i míreanna 51 agus 53 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i míreanna 73 agus 75 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, béim a leagan, ina ráiteas ar chúiseanna, ar a thábhachtaí atá an nasc dlíthiúil idir na céilí mar phríomhghné de scéim phinsin marthanóra an Aontais agus chun teacht ar an gconclúid nach bhfuil aon éifeacht ag seasamh an oifigigh faoi na Rialacháin Foirne ar an nasc sin.

    109

    Maíonn an Coimisiún agus an Chomhairle, ar an dara dul síos, nach n‑éilítear le staid iar-oifigigh a phósann tar éis fhoirceannadh a sheirbhíse nó a seirbhíse go dtairgfear ioncam athsholáthair don chéile marthanach ar bhealach chomh soiléir agus a bheadh i gcás oifigigh a phósann le linn dó nó di a bheith fós i mbun seirbhíse. I ndáil leis sin, is leor a mheabhrú, mar a luaigh an Chúirt Ghinearálta i gceart i mír 58 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i mír 57 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 79 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, trí thagairt a dhéanamh do mhír 69 de bhreithiúnas an 19 Nollaig 2019, HK v an Coimisiún (C‑460/18 P, EU:C:2019:1119), nach bhfuil teidlíocht ar na pinsin marthanóra dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne faoi réir coinníollacha acmhainní nó sócmhainní ba cheart a bheith ina saintréith de neamhábaltacht an chéile mharthanaigh a riachtanais a chomhlíonadh agus ar an gcaoi sin a spleáchas airgeadais roimhe sin ar an duine éagtha a léiriú.

    110

    Maíonn an Coimisiún, ar an tríú dul síos, nár chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh cuspóir íostréimhse an phósta a leagtar síos in Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, rud, mar is léir ó mhír 89 de bhreithiúnas an 19 Nollaig 2019, HK v an Coimisiún (C‑460/18 P, EU:C:2019:1119), a chuirfidh cosc ar chomhaontuithe calaoiseacha nó mí-úsáideacha a thabhairt i gcrích maidir le comharbas. I ndáil leis sin, is leor a thabhairt faoi deara nach bhfuil an ghné sin ábhartha ag céim an mheasúnaithe ar inchomparáideacht na staideanna. Baineann an argóint sin leis an mbonn cirt atá leis an tréimhse ama is faide nó níos lú nach mór a bheith caite ag an bpósadh, agus mar thoradh air sin ní féidir é a chur san áireamh ach amháin ag an gcéim ina ndéantar measúnú ar chomhréireacht aon difríocht sa chóir a fuarthas a bheith ann.

    111

    Ina theannta sin, maidir le hargóint an Choimisiúin go bhfuil easpa inchomparáideachta na gcásanna léirithe freisin ós rud é, i gcodarsnacht leis an méid dá bhforáiltear in Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, go scoireann an coinníoll a bhaineann le híostréimhse an phósta d’oibriú, faoi Airteagal 18 den Iarscríbhinn sin, nuair a fhorálann an céile marthanach do riachtanais leanaí an iar-oifigigh nó nuair a rinne sé nó sí foráil do riachtanais leanaí an iar-oifigigh, níl aon tionchar ag an gcoinníoll sin ar mheasúnú inchomparáideacht na gcásanna a chumhdaítear leis an dá Airteagal sin. Tá an coinníoll a bhaineann le haire a thabhairt do leanaí, dá bhforáiltear in Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne amháin, de réir analaí leis an méid a luaitear i míreanna 104 agus 106 den bhreithiúnas seo, den chineál coimhdeach céanna leis an gcoinníoll a bhaineann le híostréimhse an phósta, a ngabhfaidh sé a ionad. Dá bhrí sin, níl aon nasc díreach aige le hábhar, le cuspóir agus le príomhghné an chirt chun pinsin marthanóra dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 20 den Iarscríbhinn sin.

    112

    Leanann sé ó na breithnithe roimhe seo, murab ionann agus an méid a luann an Coimisiún agus an Chomhairle, le tacaíocht ón bParlaimint, nach bhfuil na conclúidí ar tháinig an Chúirt Ghinearálta orthu, i míreanna 59 agus 60 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i míreanna 58 agus 59 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i míreanna 80 agus 81 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, nach gcuireann earráid dlí ó bhail iad.

    113

    Sna himthosca sin, ní mór a mheas go bhfuil argóint an Choimisiúin agus na Comhairle gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta go mícheart, i mír 56 den chéad bhreithiúnas faoi achomharc, i mír 55 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus, maidir leis an gCoimisiún, i mír 77 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, teacht ar na conclúidí iomchuí ó mhír 33 de bhreithiúnas an 17 Meitheamh 1993, Arauxo-Dumay v an Coimisiún (T‑65/92, EU:T:1993:47) neamhéifeachtach. Fiú má bhí bunús maith leis an argóint sin, tá conclúidí na Cúirte Ginearálta maidir le hinchomparáideacht na staideanna bunaithe go leordhóthanach ar an réasúnaíocht a leagtar amach i míreanna 51 go 55 agus 58 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i míreanna 50 go 54 agus 57 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i míreanna 72 go 76 agus 79 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, faoi seach, beag beann ar na breithnithe a leagtar amach i míreanna 56, 57 agus 77 de na breithiúnais sin, faoi seach.

    114

    Dá bhrí sin, ní mór an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc agus an dara foras achomhairc i gCás C‑116/21 P, an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc agus an chéad dá chuid den dara foras achomhairc i gCás C‑117/21 P, an tríú cuid den dara foras achomhairc agus an chéad dá chuid den tríú foras achomhairc i gCás C‑118/21 P, mar aon leis an gcéad fhoras achomhairc i gCásanna C‑138/21 P agus C‑139/21 P, a dhiúltú toisc iad a bheith gan bhunús.

    An chéad dá chuid den chéad fhoras achomhairc i gCásanna C‑116/21 P agus C‑117/21 P, an chéad dá chuid den dara foras achomhairc i gCás C‑118/21 P agus an dara foras achomhairc i gCásanna C‑138/21 P agus C‑139/21 P

    Argóint na bpáirtithe

    115

    Ar na forais achomhairc sin, maíonn an Coimisiún agus, mar mhalairt air sin, an Chomhairle, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí sna breithiúnais atá faoi achomharc maidir le raon feidhme an athbhreithnithe bhreithiúnaigh.

    116

    Tá an dá institiúid sin, le tacaíocht ón bParlaimint, den tuairim, sa dara habairt de mhír 48 den chéad dá bhreithiúnas atá faoi achomharc agus, maidir leis an gCoimisiún, sa dara habairt de mhír 70 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, gur chuir an Chúirt Ghinearálta cásdlí an Aontais i bhfeidhm a forbraíodh i gcomhthéacs fíordhifriúil na roghanna beartais foirne i staideanna ina bhfuil roinnt roghanna oscailte don reachtas. Dá bhrí sin, tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid go mícheart, go háirithe i mír 80 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i mír 84 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus, a mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún, i mír 105 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, nach raibh an rogha a rinne reachtas an Aontais i ndáil le híostréimhse an phósta a sainordaíodh in Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne ach rogha ‘neamhréasúnta’. Agus an méid sin á dhéanamh aici, rinne sí athbhreithniú a chuaigh níos faide ná cineál ‘mí-oiriúnach nó míchuí go follasach’ an bhirt atá i gceist i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag na hinstitiúidí inniúla, eadhon, sa chás seo, mí-úsáid ceart agus calaoise a chosc agus airgeadas an Aontais Eorpaigh a chaomhnú. Rinne an Chúirt Ghinearálta, ar an gcaoi sin, a measúnú féin a chur in ionad mheasúnú reachtas an Aontais agus dá bhrí sin sháraigh sí teorainneacha an athbhreithnithe ar dhlíthiúlacht.

    117

    Maidir leis an gcuspóir airgeadas an Aontais Eorpaigh a chaomhnú, maíonn an Chomhairle nár scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne i bhfianaise an chuspóra sin, a thuigtear sa chiall is leithne, i gcomhar leis an gcuspóir calaois a chomhrac. Cé is moite de gur cheart don Chúirt Ghinearálta scrúdú a dhéanamh maidir le cibé an raibh nó nach raibh an fhoráil sin míchuí go follasach i bhfianaise na gcuspóirí sin, áitíonn an Chomhairle go raibh sé mícheart ag an gCúirt Ghinearálta a mheas, i mír 83 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 87 den dara breithiúnas atá faoi achomharc, nach gcuirfí cothromaíocht airgeadais scéim pinsin an Aontais i mbaol, fiú mura mbeadh an fhoráil sin ann. Bhí ar an Aontas Eorpach córas a cheapadh a bheadh in ann cosc a chur ar chásanna calaoise a eascraíonn as póstaí áisiúlachta arna dtabhairt i gcrích ag oifigigh de chuid an Aontais atá ar scor.

    118

    Áitíonn an Coimisiún, thairis sin, gur imigh an Chúirt Ghinearálta, nuair a dhearbhaigh sí gur bhunaigh sí a measúnú ar dhlíthiúlacht Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne maidir le hAirteagail 20 agus 21 den Chairt, ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais ar dá réir nach féidir an measúnú ar dhlíthiúlacht bheart an Aontais i bhfianaise cearta bunúsacha a bheith bunaithe, in aon chás, ar líomhaintí a eascraíonn as iarmhairtí an ghnímh sin i gcás ar leith. Leag an Chúirt Ghinearálta béim ar an míbhuntáiste ar leith a d’fhéadfadh a bheith i ndán do dhaoine áirithe agus a d’fhéadfadh a bheith ag brath ar chineál sonrach imthosca fíorasacha an cháis i dtrácht, i míreanna 77 agus 78 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i mír 81 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i míreanna 101 go 103 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, chun a fháil amach go bhfuil Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne neamhdhleathach.

    119

    Measann VW, agus an Chúirt Ghinearálta á cáineadh toisc gur chinn siad go raibh an rogha a rinne reachtas an Aontais de chineál ‘neamhréasúnta’, go ndearna an Coimisiún agus an Chomhairle mí-léamh ar an gcéad bhreithiúnas atá faoi achomharc. Scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 69 go 74 den bhreithiúnas sin, cineál ‘neamhréasúnta’ na rogha sin, a thuigtear mar ‘mhí-chuí’. Ós rud é go raibh VW den tuairim gur chloígh an Chúirt Ghinearálta le loighic cheart an scrúdaithe ar chomhréireacht mar a leanann sé ó chásdlí chúirteanna an Aontais Eorpaigh, áitíonn VW go raibh sé de cheart ag an gCúirt Ghinearálta a chinneadh, fiú dá n‑aithneofaí mar chuspóir dlisteanach an chalaois a chomhrac, go raibh an beart lena bhféachtar le híostréimhse phósta a fhorchur, ar bhonn toimhde neamh-infhrisnéise, cúig huaire níos mó ná mar a cheanglaítear le hAirteagal 18 den Iarscríbhinn sin, míchuí go follasach agus go ndeachaigh sé thar a raibh riachtanach chun a áirithiú nach ndearnadh aon chalaois.

    120

    Tá VW den tuairim freisin, murab ionann agus an méid a choinníonn an Coimisiún ar bun, gur luaigh an Chúirt Ghinearálta, i dteannta na mbreithnithe a bhaineann lena staid fhíorasach agus lena n‑imthosca teaghlaigh, i mír 61 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh míbhuntáiste i gceist leis an difríocht sa chóir, ní hamháin di féin ach, ar bhonn níos ginearálta, do gach céile marthanach d’iar-oifigeach a phós tar éis fhoirceannadh sheirbhís an oifigigh sin agus, dá bhrí sin, do gach céile marthanach a thagann faoi raon feidhme Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    121

    Áitíonn BT freisin, le tacaíocht ó AIACE International, gur chuir an Chúirt Ghinearálta í féin in iúl, i mír 61 den dara breithiúnas atá faoi achomharc, i dtéarmaí cineálacha gan tagairt shonrach a dhéanamh dá cás féin agus gan aon argóint a bhaint as imthosca fíorasacha an cháis.

    122

    Ina theannta sin, maíonn BT, díreach mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas an 19 Nollaig 2019, HK v an Coimisiún (C‑460/18 P, EU:C:2019:1119) nach ndealraíonn sé go bhfuil an coinníoll maidir le lánúin a bheith pósta le haghaidh bliain amháin ar a laghad, a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, idirdhealaitheach nó míchuí go follasach i bhfianaise an chuspóra a bhí á shaothrú le deonú an phinsin marthanóra, ceanglaíodh ar an gCúirt Ghinearálta scrúdú a dhéanamh an raibh an coinníoll gur ghá don lánúin a bheith pósta ar feadh cúig bliana ar a laghad, a leagtar amach in Airteagal 20 den Iarscríbhinn sin, idirdhealaitheach nó míchuí go follasach agus an raibh gá leis chun na cuspóirí a leag reachtas an Aontais síos a bhaint amach. Rinne an Chúirt Ghinearálta an scrúdú sin go cúramach sa dara breithiúnas atá faoi achomharc.

    123

    Áitíonn RN go bhfuil easpa soiléireachta i gceist le hargóint an Choimisiúin lena n‑éilítear go ndéanann an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar mhéid a cumhachta athbhreithnithe agus go bhfuil sí neamh-inghlactha dá bhrí sin, sa mhéid nach sonraíonn an Coimisiún i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an bpinsean marthanóra gur cheart dlíthiúlacht Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a bheartú. I gcás ar bith, tá RN den tuairim go ndearna an Chúirt Ghinearálta measúnú ar staid na gcéilí marthanacha i bhfianaise an chuspóra maidir le cúiteamh a thabhairt, ar mhaithe leis na céilí sin, as caillteanas ioncaim a d’eascair as bás an iar-oifigigh.

    124

    Áitíonn RN freisin, murab ionann agus dearbhú an Choimisiúin, nach ndearna an Chúirt Ghinearálta, agus bailíocht Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne á measúnú aici, machnamh ar chur i bhfeidhm na forála sin maidir leis an gcás i dtrácht amháin, ach, i míreanna 83 agus 103 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, thug sí faoi deara go raibh míbhuntáiste ar leith ag baint leis an bhforáil sin do gach catagóir daoine, eadhon céilí marthanacha a phós iar-oifigeach.

    Breithniú na Cúirte

    125

    Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, murab ionann agus dearbhuithe RN, nach bhfuil argóint an Choimisiúin gur thug an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar raon feidhme a athbhreithnithe bhreithiúnaigh in easnamh ó thaobh soiléireachta de agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sí neamh-inghlactha i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 43 den bhreithiúnas seo. Leis an argóint sin, cháin an Coimisiún an Chúirt Ghinearálta toisc nár chuir sí i bhfeidhm i gceart an tagarmharc ar ina choinne a bhí gá measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    126

    Maidir leis an substaint, ba cheart a thabhairt faoi deara gur mheabhraigh an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 46 go 48 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc agus den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i míreanna 68 go 70 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 52(1) den Chairt agus den chásdlí atá infheidhme chun críocha athbhreithniú a dhéanamh ar chomhréireacht aon difríochta sa chóir. Chinn sí ansin, i mír 49 den chéad bhreithiúnas agus den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 71 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, dá mbeadh na staideanna dá dtagraítear faoi seach in Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne inchomparáide, go mbeadh uirthi a fhíorú ansin nach raibh sé míréasúnach do reachtas an Aontais a mheas go bhféadfadh an difríocht sa chóir a tugadh isteach a bheith iomchuí agus riachtanach chun an cuspóir leasa ghinearálta a shaothraítear leis an gcoinníoll a bhaineann le híostréimhse an phósta a leagtar síos in Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a bhaint amach. Tar éis dó a chinneadh go raibh na staideanna inchomparáide, rinne sí an anailís sin dar tús mír 65 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i mír 66 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 90 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc.

    127

    Mar a áitíonn an Coimisiún agus an Chomhairle, le tacaíocht ón bParlaimint, is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais, nuair atá forálacha na Rialachán Foirne amhail iad siúd atá i gceist sna cásanna seo agus i bhfianaise na lánrogha leathan atá ag reachtas an Aontais maidir leis sin, nach sárófar prionsabal na córa comhionainne, mar a chumhdaítear in Airteagal 20 den Chairt, ach amháin i gcás ina ndéanann reachtas an Aontais idirdhealú atá treallach nó míchuí go follasach maidir leis an gcuspóir a shaothraítear leis na rialacha atá i gceist (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Márta 2021, Alvarez y Bejarano agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑517/19 P agus C‑518/19 P, EU:C:2021:240, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    128

    Ní mór a mheas go bhfuil an cásdlí sin infheidhme i gcomhthéacs fhíorú cheanglas na comhréireachta a fhorchuirtear le hAirteagal 52(1) den Chairt.

    129

    Sna cásanna seo, mheas an Chúirt Ghinearálta, i mír 49 den chéad bhreithiúnas agus den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 71 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, go raibh uirthi a fháil amach an raibh sé míréasúnach do reachtas an Aontais a mheas go bhféadfadh an difríocht sa chóir a bunaíodh a bheith iomchuí agus riachtanach chun an cuspóir leasa ghinearálta atá á shaothrú leis an gcoinníoll a bhaineann le híostréimhse pósta a leagtar síos in Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a bhaint amach. Mar sin féin, ba cheart dó a bheith teoranta lena fháil amach an raibh nó nach raibh an t‑idirdhealú a rinneadh san fhoráil sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 den Iarscríbhinn sin, treallach ná míchuí i bhfianaise chuspóir an leasa ghinearálta atá á shaothrú. Agus í ag déanamh amhlaidh, bhain sí míthuiscint as raon feidhme a cumhachta chun athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh trí scrúdú mícheart a dhéanamh ar cheanglas na comhréireachta agus, ar an gcaoi sin, rinne sí earráid dlí. Gan an earráid sin, ghlacfadh an Chúirt Ghinearálta réasúnaíocht éagsúil agus d’fhéadfadh sí teacht ar chonclúidí seachas na cinn ar tháinig sí orthu i míreanna 80, 85 agus 87 den chéad bhreithiúnas faoi achomharc, i míreanna 84, 90 agus 92 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i míreanna 105, 110 agus 112 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc.

    130

    Léiríodh an mhíthuiscint sin maidir le raon feidhme a athbhreithnithe bhreithiúnaigh freisin i mír 69 den chéad bhreithiúnas atá faoi achomharc, i mír 71 den dara breithiúnas atá faoi achomharc agus i mír 94 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc. D’fhéach an Chúirt Ghinearálta lena scrúdú, ag tosú ó na míreanna sin, má bhí an coinníoll maidir le híostréimhse an phósta arb ionann sin agus cúig bliana mar a leagtar síos le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne ina n‑aonar agus go neamhspleách ó íostréimhse bliana amháin mar a leagtar síos le hAirteagal 18 den Iarscríbhinn sin, i gcomhthéacs Airteagal 52(1) den Chairt, comhréireach a mhéid is nach ndeachaigh sé go suntasach thar an méid is gá chun an cuspóir atá á shaothrú ag reachtas an Aontais a bhaint amach. Mar is léir ó mhír 128 den bhreithiúnas seo, fiú i gcomhthéacs na forála sin den Chairt, ba cheart go mbeadh an Chúirt Ghinearálta teoranta do scrúdú a dhéanamh ar cibé an bhfuil gá an t‑idirdhealú arna shuí sa chás seo, eadhon go bhfuil an ceanglas a bhaineann le híostréimhse an phósta, sna staideanna a chumhdaítear le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cúig huaire níos mó ná an ceanglas sna staideanna a chumhdaítear le hAirteagal 18 den Iarscríbhinn sin, cé go bhfuil na staideanna sin go léir inchomparáide, a mheas mar idirdhealú atá treallach nó míchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag reachtas an Aontais.

    131

    Sna himthosca sin, agus gan é a bheith riachtanach scrúdú a dhéanamh ar na hargóintí eile a d’ardaigh an Coimisiún agus an Chomhairle, ní mór seasamh leis an gcéad dá chuid den chéad fhoras achomhairc i gCásanna C‑116/21 P agus C‑117/21 P, an chéad dá chuid den dara foras achomhairc i gCás C‑118/21 P agus an dara foras achomhairc i gCásanna C‑138/21 P agus C‑139/21 P.

    132

    Dá réir sin, is iomchuí, gan aon ghá scrúdú a dhéanamh ar an tríú foras achomhairc i gCás C‑116/21 P, an tríú cuid den dara foras achomhairc agus an tríú foras achomhairc i gCás C‑117/21 P, an tríú cuid den tríú foras achomhairc agus an ceathrú foras achomhairc i gCás C‑118/21 P, an tríú foras agus an ceathrú foras achomhairc i gCás C‑138/21 P agus an tríú foras achomhairc i gCás C‑139/21 P, seasamh leis na hachomhairc agus na trí bhreithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní.

    Na caingne os comhair na Cúirte Ginearálta

    133

    I gcomhréir leis an dara habairt den chéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, má chuirtear breith na Cúirte Ginearálta ar neamhní, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ar an díospóid má cheadaítear an méid sin le staid na n‑imeachtaí.

    134

    Sna cásanna seo, ag féachaint go háirithe don fhíoras go bhfuil na caingne le haghaidh neamhniú i gCásanna T‑243/18, T‑315/19 agus T‑442/17 RENV bunaithe ar phléadálacha a bhí ina n‑ábhar do mhalartú argóintí os comhair na Cúirte Ginearálta, nach gá aon bheart breise maidir le heagrú nós imeachta ná fiosrúcháin a ghlacadh lena scrúdú, ní mór a mheas go bhfuil na caingne sin réidh le haghaidh breithiúnais agus nach mór an breithiúnas críochnaitheach sin a thabhairt orthu.

    135

    Chun go mbeidh an comhad iomlán a bhaineann leis na cásanna chun na críche sin ag an gCúirt, d’iarr Clárlann na Cúirte Breithiúnais, arna iarraidh chuige sin ag an mBreitheamh is Rapóirtéir, ar Chlárlann na Cúirte Ginearálta, an 21 Eanáir 2022, taifeadadh fuaime na n‑éisteachtaí a tionóladh i gCásanna T‑243/18 agus T‑315/19 a tharchur. Dheonaigh Clárlann na Cúirte Ginearálta an iarraidh sin an 25 Eanáir 2022.

    An chaingean i gCás T‑243/18

    136

    Mar thaca lena caingean os comhair na Cúirte Ginearálta, i gCás T‑243/18, d’ardaigh VW, go bunúsach, dhá phléadáil dlí lena n‑éilítear, go príomha, pléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus, de rogha air sin, gur míléiriú é ar Airteagal 27 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. D’iarr sí freisin, mar mhalairt air sin, go raibh an fhoráil sin neamhdhleathach ar an bhforas go sáraíonn sí prionsabal na córa comhionainne a chumhdaítear in Airteagal 20 den Chairt.

    An chéad phléadáil lena n‑éilítear pléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne

    137

    Lena céad phléadáil, i gCás T‑243/18, maíonn VW go sáraíonn Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne prionsabail na córa comhionainne agus na comhréireachta, a chumhdaítear in Airteagail 20 agus 52 den Chairt, faoi seach, sa mhéid is go bhforchuireann sí coinníoll nach mór go mhair an pósadh ar feadh cúig bliana ar a laghad, cé go gceanglaítear le hAirteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne nach raibh ach bliain amháin caite ag an bpósadh, go séanann sé go míchuí a teidlíocht ar phinsean marthanóra.

    138

    Déanann an Coimisiún, le tacaíocht ón bParlaimint agus ón gComhairle, an argóint sin a dhíospóid.

    139

    Ba cheart a mheabhrú, faoi Airteagal 52(1) den Chairt, is fíor nach mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n‐aithint sa Chairt agus nach mór bunbhrí na gceart agus na saoirsí sin a urramú. Faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad dáiríre do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

    140

    Ina theannta sin, is prionsabal ginearálta é prionsabal na córa comhionainne, a chumhdaítear in Airteagal 20 den Chairt, ar slonn sonrach é prionsabal an neamh-idirdhealaithe de mar a chumhdaítear in Airteagal 21(1) den Chairt (breithiúnas an 29 Deireadh Fómhair 2020, Veselības ministrija, C‑243/19, EU:C:2020:872, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear). Athdhearbhaítear an dá phrionsabal sin in Airteagal 1d de na Rialacháin Foirne freisin.

    141

    Chinn an Chúirt cheana féin go bhfuil an toirmeasc ar gach idirdhealú ar fhorais aoise, mar a leagtar síos le hAirteagal 21(1) den Chairt, éigeantach mar phrionsabal ginearálta de dhlí an Aontais, gur leor an toirmeasc ann féin chun ceart a thabhairt do dhaoine aonair ar féidir leo brath air mar sin i ndíospóidí a ndéantar ina gcoinne i réimse atá cumhdaithe ag dlí an Aontais (breithiúnas an 17 Aibreán 2018, Egenberger, C‑414/16, EU:C:2018:257, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ní mór feidhm a bheith ag an méid céanna maidir le prionsabal ginearálta na córa comhionainne nó an chomhionannais os comhair an dlí dá dtagraítear in Airteagal 20 den Chairt.

    142

    Mar sin de, mar a luadh cheana féin i mír 95 den bhreithiúnas seo, éilítear le prionsabal ginearálta na cora comhionainne ar reachtas an Aontais, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 52(1) den Chairt, nár cheart caitheamh le cásanna inchomparáide ar bhealach difriúil agus nár cheart caitheamh le cásanna difriúla ar an mbealach céanna ach amháin más féidir bonn cirt a thabhairt go hoibiachtúil leis. Tá údar le difríocht sa chóir má tá sé bunaithe ar chritéar oibiachtúil agus réasúnach, is é sin, má bhaineann an difríocht le haidhm atá ceadaithe go dlíthiúil agus atá á saothrú leis an reachtaíocht atá i gceist, agus má tá sé i gcomhréir leis an aidhm a shaothraítear leis an gcóir atá i gceist (breithiúnas an 22 Bealtaine 2014, Glatzel, C‑356/12, EU:C:2014:350, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    143

    Mar a leagtar amach i mír 96 den bhreithiúnas seo, ní mór measúnú a dhéanamh ar an gceanglas nach mór cásanna a bheith inchomparáide, d’fhonn a chinneadh an bhfuil sárú ar phrionsabal na córa comhionainne ann, i bhfianaise na ngnéithe ar fad lena léirítear iad agus, go háirithe, i bhfianaise ábhar agus chuspóir an ghnímh lena ndéantar an t‑idirdhealú atá i gceist, agus ní mór prionsabail agus cuspóirí an réimse lena mbaineann an gníomh a chur san áireamh freisin. Sa mhéid nach bhfuil na cásanna inchomparáide, ní sháraíonn difríocht sa chaoi a gcaitear leis na cásanna lena mbaineann comhionannas os comhair an dlí mar a chumhdaítear in Airteagal 20 den Chairt.

    144

    Ina theannta sin, ní mór aird a thabhairt ar chásdlí na Cúirte, dá dtagraítear i mír 127 den bhreithiúnas seo, nuair atá forálacha na Rialachán Foirne amhail iad siúd atá i gceist sna cásanna seo agus i bhfianaise na lánrogha leithne atá ag reachtas an Aontais ina leith sin, nach sárófar prionsabal na córa comhionainne ach amháin i gcás ina ndéanann reachtas an Aontais idirdhealú atá treallach nó míchuí go follasach maidir leis an gcuspóir atá á shaothrú.

    145

    Is i bhfianaise an chásdlí sin agus ceanglas Airteagal 52(1) den Chairt nach mór an phléadáil neamhdhleathachta a d’ardaigh VW i gCás T‑243/18 i ndáil le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a scrúdú i bhfianaise Airteagail 20 agus 52 den Chairt.

    146

    Maidir le hinchomparáideacht na gcásanna dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ar an gcéad dul síos, ní mór a mheas, ar na cúiseanna a luaitear i míreanna 98 go 113 den bhreithiúnas seo, go bhfuil na cásanna sin inchomparáide.

    147

    Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, trí fhoráil a dhéanamh sna forálacha sin d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, go ndéileálfadh reachtas an Aontais le staideanna inchomparáide ar bhealach éagsúil, ar feadh íostréimhsí éagsúla nach mór don phósadh a bheith caite ina leith.

    148

    Ar an tríú dul síos, is gá scrúdú a dhéanamh an gcomhlíonann an difríocht sa chóir sin Airteagal 20 den Chairt sa mhéid is go gcomhlíonann sí na critéir a leagtar amach in Airteagal 52(1) dá sin agus dá dtagraítear i mír 139 den bhreithiúnas seo.

    149

    Ar an gcéad dul síos is bonn coiteann é go bhforáiltear do dhifríocht sa chóir leis an dlí, de réir bhrí Airteagal 52(1) den Chairt, cionn is go n‑eascraíonn as Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne é, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 den Iarscríbhinn sin. Leis na forálacha sin de dhlí an Aontais, leagtar síos coinníollacha maidir le híostréimhse an phósta go beacht, lena sainítear raon feidhme na teorann ar fheidhmiú an chirt chun cóir chomhionann (féach, a mhéid a bhaineann le raon feidhme an cheanglais nach mór foráil a dhéanamh le dlí maidir le haon teorannú ar fheidhmiú ceart bunúsach, breithiúnas an 26 Aibreán 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑401/19, EU:C:2022:297, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    150

    Ar an dara dul síos, leis an teorannú a thugtar isteach do scéim na bpinsean marthanóra de bharr na difríochta sa chóir atá i gceist, urramaítear bunbhrí phrionsabal na córa comhionainne, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt. Leis an teorannú sin, ní chaitear amhras ar an bprionsabal sin ann féin, ós rud é nach mbaineann sé ach le hábhar teoranta an choinníll maidir le híostréimhse an phósta nach mór do chéilí marthanacha oifigeach nó iar-oifigeach a fuair bás a shásamh chun go mbeidh siad in ann pinsean marthanóra a fháil, gan an deis a bheith bainte de na céilí sin pinsean den sórt sin a fháil i ngach ceann de na staideanna a bheartaítear in Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    151

    Ar an tríú dul síos, comhlíonann an teorannú sin cuspóir leasa ghinearálta, de réir bhrí Airteagal 52(1) den Chairt, eadhon an cuspóir maidir le mí-úsáid ceart agus calaoise a chosc, ar prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é an toirmeasc uirthi nach mór do dhaoine aonair a chomhlíonadh (breithiúnas an 6 Feabhra 2018, Altun agus páirtithe eile, C‑359/16, EU:C:2018:63, mír 49). Chinn an Chúirt cheana féin go bhfuil sé mar aidhm leis an gcoinníoll nach mór don phósadh a bheith ar feadh tréimhse áirithe ama chun go mbeidh an céile marthanach i dteideal pinsean marthanóra réaltacht agus cobhsaíocht an chaidrimh idir na daoine lena mbaineann a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Nollaig 2019, HK v an Coimisiún, C‑460/18 P, EU:C:2019:1119, mír 89). Is critéar aonfhoirmeach é seo is infheidhme gan idirdhealú maidir le gach céile marthanach a chumhdaítear le forálacha Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ar critéar é atá ceaptha ní chun a thoimhdiú gurb ann do mhí-úsáid nó do chalaois ag céilí marthanacha, ach chun cosc a chur ar mhí-úsáid nó ar chalaois den sórt sin.

    152

    A mhéid a bhaineann, ar an gceathrú dul síos, leis an measúnú comhréireachta, is gá, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar dhlíthiúlacht forála de dhlí an Aontais i bhfianaise phrionsabal na córa comhionainne agus mar gheall ar an lánrogha leathan atá ag reachtas an Aontais i ndáil le rialacha na Rialachán Foirne, a fháil amach, mar a luadh i míreanna 127 agus 144 den bhreithiúnas seo, an amhlaidh, trí cheanglas a bheith pósta ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad a fhorchur ar chéilí marthanacha a phós oifigeach tar éis fhoirceannadh a sheirbhíse, cé nach bhfuil an íostréimhse sin, faoi Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ach bliain amháin i gcás pósadh a dhéantar le hoifigeach atá fós i mbun seirbhíse, foráiltear le hAirteagal 20 den Iarscríbhinn sin d’idirdhealú atá treallach nó míchuí go follasach maidir leis an gcuspóir leasa ghinearálta dá dtagraítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo.

    153

    Chinn an Chúirt cheana nach bhfuil an coinníoll maidir le híostréimhse bliana a leagtar síos in Airteagal 17 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne treallach ná míchuí go follasach i bhfianaise an chuspóra sin, an anailís sin a bhfuil feidhm mutatis mutandis aici maidir leis an gcoinníoll d’íostréimhse bliana a leagtar síos in Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne (féach, de réir analaí, breithiúnas an 19 Nollaig 2019, HK v an Coimisiún, C‑460/18 P, EU:C:2019:1119, mír 90).

    154

    Mar a léirigh an Coimisiún, le tacaíocht ón gComhairle agus ón bParlaimint, go bunúsach, ina phléadálacha i scríbhinn agus le linn na héisteachta os comhair na Cúirte Ginearálta, is cosúil nach bhfuil sé treallach ná míchuí go follasach, in Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, íostréimhse phósta níos faide ná an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 18 den Iarscríbhinn sin a éileamh. Sa staid dá dtagraítear in Airteagal 20, arb é is príomhthréith di go ndearnadh an pósadh tar éis fhoirceannadh sheirbhís an oifigigh, is dócha go mbeidh dreasacht níos mó ann mí-úsáid nó calaois a dhéanamh mar thoradh ar níos mó intuarthacht báis agus ar ghaireacht níos dlúithe do bhás an oifigigh ós rud é, mar atá sna cásanna seo, gur fágadh an t‑oifigeach as an tseirbhís mar thoradh ar scor, de réir bhrí Airteagal 52 de na Rialacháin Foirne.

    155

    Sna himthosca sin, ní mór a mheas, trí fhoráil a dhéanamh in Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne nach mór gur mhair an pósadh ar feadh cúig bliana ar a laghad chun mí-úsáid agus calaois a chosc, cé nach mór don phósadh a bheith ach bliain amháin ar a laghad sna staideanna a chumhdaítear le hAirteagal 18 den Iarscríbhinn sin, nár tharraing reachtas an Aontais, agus a lánrogha leathan á feidhmiú aige, idirdhealú treallach ná míchuí go follasach.

    156

    Leanann as an méid sin roimhe seo, gan aon ghá a bheith ann scrúdú a dhéanamh ar an gcuspóir maidir le leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint, arna tharraingt anuas ag an gCoimisiún ag an éisteacht os comhair na Cúirte Ginearálta, go bhfuil an difríocht sa chóir a bhunaítear in Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne comhsheasmhach le hAirteagal 20 den Chairt.

    157

    Dá bhrí sin, ní mór an chéad phléadáil lena n‑éilítear pléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, a dhiúltú.

    An dara pléadáil lena n‑éilítear gur baineadh míthuiscint as Airteagal 27 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus pléadáil neamhdhleathachta na forála sin

    158

    Leis an dara pléadáil dlí uaithi, i gCás T‑243/18, maíonn VW go ndearna an Coimisiún earráid dlí ina léiriú ar Airteagal 27 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, sa mhéid, de réir VW, nach féidir an fhoráil sin a léiriú ach amháin mar thagairt do staid phósta a tharla tar éis colscaradh idir daoine éagsúla. Mar mhalairt air sin, maíonn VW go bhfuil an fhoráil sin neamhdhleathach a mhéid a sháraíonn sé prionsabail na córa comhionainne agus na comhréireachta a chumhdaítear in Airteagail 20 agus 52 den Chairt, faoi seach.

    159

    Déanann an Coimisiún, le tacaíocht ón bParlaimint agus ón gComhairle, an argóint sin a dhíospóid, ag tagairt, go háirithe, d’fhoclaíocht shoiléir Airteagal 27 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Tar éis don Choimisiún a mhaíomh, ina chosaint, go raibh an dara pléadáil neamh-inghlactha, dúirt sé ina athfhreagra go raibh sé ag tarraingt siar na hagóide neamh-inghlacthachta sin maidir leis an gcuid is mó den phléadáil sin, agus í á coimeád ar bun maidir leis an gcuid mhalartach den phléadáil sin. Maidir leis sin, luaitear ann, inter alia, go bhfuil an phléadáil neamhdhleathachta i ndáil le hAirteagal 27 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne neamh-inghlactha mar gheall ar an easpa soiléireachta san iarratas maidir leis an gcuid sin den dara pléadáil.

    160

    Ar an gcéad dul síos, maidir leis an earráid dlí a líomhnaítear a rinne an Coimisiún ina léiriú ar Airteagal 27 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a léiríonn an Coimisiún ina chosaint, de réir a fhoclaíocht shoiléir, go rialaítear leis an Airteagal sin go heisiach an ceart chun pinsin marthanóra atá ag céilí colscartha oifigigh nó iar-oifigigh. Gan gá le léiriú a dhéanamh ar an téarma ‘athphósadh’, atá le feiceáil sa tríú mír den Airteagal sin, is bonn coiteann é go raibh VW pósta le hiar-oifigeach, ar dháta báis a fear céile, agus nach raibh sí colscartha uaidh, agus mar thoradh air sin, maidir lena teidlíocht ar phinsean marthanóra, níor tháinig sí faoi raon feidhme Airteagal 27 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ach faoi raon feidhme Airteagal 20 den Iarscríbhinn sin amháin. Níl an t‑Airteagal sin, mar is léir ón diúltú don chéad phléadáil, curtha ó bhail ag neamhdhleathacht agus, dá bhrí sin, ní fhágann sé, ann féin, nach bhfuil céilí atá fós i staid VW in ann pinsean marthanóra a fháil ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20.

    161

    Ar an dara dul síos, maidir leis an bpléadáil neamhdhleathachta i ndáil le hAirteagal 27 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ní mór a mheabhrú go leanann sé ó Airteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ó Airteagal 76 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta go gcaithfidh an t‑iarratas ag an gcéad chéim, inter alia, ábhar na díospóide a shonrú le soiléireacht agus beachtas leordhóthanach chun a chur ar chumas an chosantóra a chosaint a ullmhú agus ar chúirteanna an Aontais Eorpaigh chun a gcumhacht athbhreithnithe a fheidhmiú. Go háirithe, ní mór an t‑ordú atá á lorg ag an iarratasóir a leagan amach gan débhrí ionas nach rialóidh cúirteanna an Aontais Eorpaigh ultra petita nó nach dteipeann orthu rialú ar éileamh (féach, chuige sin, ordú an 3 Nollaig 2019, WB v an Coimisiún, C‑271/19 P, nár foilsíodh, EU:C:2019:1037, mír 15 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    162

    Cé go sainaithnítear in iarratas VW, ó thaobh foirmiúil de, dhá chuid den dara pléadáil dlí, ní mór a lua go bhfuil na hargóintí atá ceaptha tacú leis an dara cuid den phléadáil sin, a cuireadh ar aghaidh mar mhalairt ar an gcéad chuid, róghairid chun cur ar chumas chúirteanna an Aontais Eorpaigh a mheas an bhfuil bunús maith léi. Tá breithnithe ginearálta sa cheannteideal agus san ábhar a ghabhann leis agus ní féidir mionscrúdú a dhéanamh air. Go háirithe, ní mhínítear san iarratas sin conas a sháraíonn Airteagal 27 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne prionsabail na córa comhionainne agus na comhréireachta a chumhdaítear in Airteagail 20 agus 52 den Chairt, faoi seach.

    163

    Dá bhrí sin, maidir leis an dara páirt den dara pléadáil, teipeann ar iarratas VW ceanglais Airteagal 76(d) de na Rialacha Nós Imeachta de chuid na Cúirte Ginearálta a chomhlíonadh agus tá sé, ar an gcúis sin, neamh-inghlactha.

    164

    I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, ní mór an dara pléadáil dlí a dhiúltú agus, dá bhrí sin, ní mór caingean VW i gCás T‑243/18 a dhíbhe.

    An chaingean i gCás T‑315/19

    165

    Mar thaca lena caingean os comhair na Cúirte Ginearálta, i gCás T‑315/19, d’ardaigh BT, le tacaíocht ó AIACE International, dhá phléadáil dlí. Éilítear leis an gcéad phléadáil go bhfuil an coinníoll gur mhair an pósadh cúig bliana ar a laghad, atá leagtha síos in Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, neamhdhleathach agus éilítear leis an dara pléadáil gur sáraíodh Airteagal 1d de na Rialacháin Foirne.

    166

    Déanann an Coimisiún, le tacaíocht ón bParlaimint agus ón gComhairle, an argóint sin a dhíospóid.

    167

    Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an réasúnaíocht iomlán a ghlac BT ina hiarratas os comhair na Cúirte Ginearálta bunaithe, go bunúsach, ar shárú, i ndáil le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 den Iarscríbhinn sin, ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise. Dá bhrí sin, in ainneoin go ndearnadh dhá phléadáil a chur i láthair go foirmiúil ina hiarratas, ní chuireann BT ach aon phléadáil dlí amháin ar aghaidh lena n‑éilítear go bhfuil Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne neamhdhleathach i bhfianaise na bprionsabal sin.

    168

    Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur luaigh BT, ina freagra agus ansin ag an éisteacht os comhair na Cúirte Ginearálta, go raibh sárú á éileamh aici freisin ar an dualgas aird a thabhairt ar leas na n‑oifigeach, a chumhdaítear in Airteagal 1d(6) de na Rialacháin Foirne. Is fíor nach dtagraíonn an t‑iarratas ach do shárú ar Airteagal 1d, agus dá thoradh sin go bhféadfaí a mheas gur thagair BT go hintuigthe do mhír 6 den Airteagal sin de na Rialacháin Foirne. Mar sin féin, ní léir ón argóint a chuir BT chun cinn ina hiarratas os comhair na Cúirte Ginearálta go raibh sé i gceist aici aon sárú ar an dualgas aird a thabhairt ar leas na n‑oifigeach, agus ar an sárú sin amháin ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise. Ba cheart a chur in iúl freisin i ndáil leis sin nár thuig an Coimisiún, ina chosaint, an dara pléadáil mar phléadáil a bhaineann le sárú ar an dualgas aird a thabhairt ar leas na n‑oifigeach.

    169

    Dá bhrí sin, de bhun an chásdlí dá dtagraítear i mír 161 den bhreithiúnas seo agus i bhfianaise an fhíorais gur mhaígh an Coimisiún, ag an éisteacht os comhair na Cúirte Ginearálta, go raibh an phléadáil a bhí bunaithe ar an dualgas aird a thabhairt ar leas na n‑oifigeach neamh-inghlactha, ní mór a mheas nach féidir a thuiscint as an dara pléadáil dá dtagraítear i mír 165 den bhreithiúnas seo ná ag an gcéad phléadáil go gcumhdaítear leo sárú ar an dualgas atá ann aird a thabhairt ar leas na n‑oifigeach dá dtagraítear in Airteagal 1d(6) de na Rialacháin Foirne.

    170

    Ar mhaithe leis na réamhbhreithnithe sin, is gá an phléadáil aonair a scrúdú lena n‑éilítear bhfuil Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne neamhdhleathach i bhfianaise phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise.

    171

    Sa chomhthéacs sin, a mhéid a bhaineann, ar an gcéad dul síos, leis an bpléadáil neamhdhleathachta i ndáil le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a mhéid atá sí bunaithe ar shárú ar phrionsabal na córa comhionainne mar a chumhdaítear in Airteagal 20 den Chairt agus mar a athdhearbhaítear in Airteagal 1d de na Rialacháin Foirne, is gá tagairt a dhéanamh do mhíreanna 139 go 156 den bhreithiúnas seo agus an chéad chuid sin den phléadáil aonair dlí a dhiúltú ar na cúiseanna céanna.

    172

    Sa dara háit, maidir leis an bpléadáil neamhdhleathachta i ndáil le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a mhéid n‑éilítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise mar a chumhdaítear in Airteagal 21(1) den Chairt agus a athdhearbhaítear in Airteagal 1d de na Rialacháin Foirne, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, mar a luaitear i mír 146 den bhreithiúnas seo, go bhfuil na staideanna dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII de na Rialacháin Foirne inchomparáide.

    173

    Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, trí fhoráil a dhéanamh, in Airteagail 18 agus 20, ar feadh íostréimhsí éagsúla pósta, gur thug reachtas an Aontais difríocht sa chóir isteach bunaithe ar aois go hindíreach.

    174

    Mar a luadh i míreanna 99 agus 154 den bhreithiúnas seo, tá difríocht idir na staideanna a chumhdaítear le forálacha Airteagail 18 agus 20 d’Iarscríbhinn VIII maidir leis an dáta a tháinig an pósadh i bhfeidhm i ndáil le cibé acu ar foirceannadh nó nár foirceannadh seirbhís an oifigigh mar thoradh ar Airteagal 47 de na Rialacháin Foirne agus, ar an taobh eile, tarlaíonn foirceannadh seirbhíse den sórt sin, den chuid is mó, mar atá suntasach, go bunúsach ó argóint sheasmhach na bpáirtithe, de bharr éifeacht a bheith ar scor de réir bhrí Airteagal 52 de na Rialacháin Foirne. Ós rud é go bhforáiltear in Airteagal 52 de na Rialacháin Foirne, ina iarratas is leithne, mar a thugann BT le fios ina freagra os comhair na Cúirte Ginearálta, go bhféadfar oifigigh atá i dteideal pinsean scoir a fháil, chun críoch Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, a scor idir 58 mbliana d’aois agus 70 bliain d’aois, ní mór a chinneadh gur phós na hiar-oifigigh a chumhdaítear leis an Airteagal 20 sin ag aois níos airde ná iar-oifigigh dá dtagraítear in Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    175

    Dá bhrí sin, le hAirteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 den Iarscríbhinn sin, bunaítear difríocht sa chóir indíreach bunaithe ar aois an oifigigh, agus é á shonrú nach leor an fíoras go bhféadfaidh oifigigh, faoi Airteagal 52 de na Rialacháin Foirne, dul ar scor agus pinsean scoir a fháil ag aoiseanna atá éagsúil le 12 bhliain sna cásanna is tromchúisí chun a shéanadh go bhfuil an difríocht sa chóir sin bunaithe ar aois go deimhin (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Aibreán 2020, Comune di Gesturi, C‑670/18, EU:C:2020:272, míreanna 26 go 28).

    176

    Ar an tríú dul síos, is gá tagairt a dhéanamh do mhíreanna 148 go 154 den bhreithiúnas seo agus a thabhairt i gcrích, ar na forais chéanna, gan aon ghá a bheith ann scrúdú a dhéanamh ar an gcuspóir leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ar tharraing an Coimisiún anuas ina athfhreagra os comhair na Cúirte Ginearálta é, go gcomhlíonann an difríocht sa chóir atá bunaithe go hindíreach ar aois, a bhunaítear in Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise mar a chumhdaítear in Airteagal 21(1) den Chairt é agus a athdhearbhaítear in Airteagal 1d de na Rialacháin Foirne.

    177

    Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara cuid den phléadáil aonair lena n‑éilítear go bhfuil Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne neamhdhleathach i bhfianaise phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise.

    178

    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ní mór diúltú don phléadáil aonair dlí lena n‑éilítear pléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus, dá réir sin, ní mór caingean BT i gCás T‑315/19 a dhíbhe.

    An chaingean i gCás T‑442/17 RENV

    179

    Mar réamhphointe, ní mór a mheabhrú nach gá don Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa chaingean ach amháin laistigh de theorainneacha na díospóide atá os a comhair (breithiúnas an 23 Samhain 2021, an Chomhairle v Hamas, C‑833/19 P, EU:C:2021:950, mír 78 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    180

    Mar thaca lena caingean os comhair na Cúirte Ginearálta i gCás T‑442/17 RENV, bhí RN ag brath ar thrí phléadáil dlí. Ós rud é gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don chéad agus don tríú pléadáil sa tríú breithiúnas atá faoi achomharc agus nach ndearna RN agóid, i gcros-achomharc, i gcoinne thuillteanais na gcodanna den bhreithiúnas sin a bhí dírithe ar an dá phléadáil sin, ní chaitear amhras ar an mbreithiúnas sin a bheith curtha ar neamhní ag an gCúirt Bhreithiúnais sa mhéid gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta do na pléadálacha sin. D’fhéadfadh RN cros-achomharc a thabhairt lena gcaitear amhras ar dhiúltú don chéad phléadáil agus don tríú pléadáil a cuireadh chun tosaigh ag an gcéad chéim, cionn is go soláthraítear le hAirteagal 178(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnas gurb í foirm an oird atá á lorg sa chros-achomharc chun a lorg go gcuirfear ar neamhní, go hiomlán nó i bpáirt, cinneadh na Cúirte Ginearálta, gan raon feidhme fhoirm an oird atá a lorg a theorannú go dtí cinneadh na Cúirte Ginearálta mar a leagtar amach sa chuid oibríochtúil den chinneadh sin, murab ionann agus Airteagal 169(1) de na rialacha sin, a bhaineann le foirm an oird atá á lorg san achomharc. In éagmais cros-achomharc den sórt sin, dá bhrí sin, tá feidhm res judicata ag an tríú breithiúnas atá faoi achomharc a mhéid a bhaineann le diúltú don chéad agus don tríú pléadáil (féach, de réir analaí, breithiúnas an 23 Samhain 2021, an Chomhairle v Hamas, C‑833/19 P, EU:C:2021:950, míreanna 81 agus 82 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    181

    Dá bhrí sin, ní gá don Chúirt Bhreithiúnais ach rialú a thabhairt, i gcomhthéacs na caingne i gCás T‑442/17 RENV, ar an dara pléadáil dlí ar a bhfuil RN ag brath os comhair na Cúirte Ginearálta. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go ndearna an Coimisiún inghlacthacht na pléadála sin a dhíospóid os comhair na Cúirte Ginearálta. Ní mór, áfach, an phléadáil neamh-inghlacthachta sin a dhiúltú ar na forais chéanna a leagtar amach ag an gCúirt Ghinearálta i míreanna 62 agus 63 den tríú breithiúnas atá faoi achomharc, ar breithiúnas é nach ndearna an Coimisiún a chonspóid ina achomharc.

    182

    I bhfianaise na réamhbhreithnithe sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go maíonn RN lena dara pléadáil, go bhfuil Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 den Iarscríbhinn sin, neamhdhleathach sa mhéid is go sáraíonn sé prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise a leagtar síos in Airteagal 20 agus in Airteagal 21(1) den Chairt, faoi seach, agus mar a athdhearbhaítear in Airteagal 1d de na Rialacháin Foirne, chomh maith le prionsabal na comhréireachta.

    183

    Déanann an Coimisiún, le tacaíocht ón bParlaimint, an argóint sin a dhíospóid.

    184

    I ndáil leis sin, ní mór tagairt a dhéanamh do mhíreanna 171 go 176 den bhreithiúnas seo agus diúltú, ar na forais chéanna, don dara pléadáil dlí agus, dá bhrí sin, do chaingean RN i gCás T‑442/17 RENV.

    Costais

    185

    Faoi Airteagal 184(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, i gcás ina bhfuil bunús maith leis an achomharc agus ina dtugann an Chúirt féin breithiúnas críochnaitheach sa chás, tabharfaidh an Chúirt breith i dtaobh na gcostas.

    186

    Faoi Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, a bhfuil feidhm aige ar imeachtaí achomhairc de bhua Airteagal 184(1) de, ordaítear d’aon pháirtí nár éirigh leis costais na n‑imeachtaí a íoc ar a rinneadh iarratas i bpléadálacha an pháirtí a d’éirigh leis.

    187

    Ós rud é nár éirigh le VW tar éis do na hachomhairc a bheith ceadaithe agus go bhfuil iarratas déanta ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle ar chostais, ní mór a ordú do VW a costais féin agus na costais a thabhaíonn an dá institiúid sin a íoc ag an gcéad chéim i gCás T‑243/18 agus sna hachomhairc reatha i gCásanna C‑116/21 P agus C‑139/21 P a íoc.

    188

    Ós rud é nár éirigh le BT tar éis do na hachomhairc a bheith ceadaithe agus tar éis don Choimisiún agus don Chomhairle iarratas a dhéanamh ar chostais, faoi seach, ní mór a ordú do BT a costais féin agus na costais a thabhaíonn an dá institiúid sin a íoc ag an gcéad chéim i gCás T‑315/19 agus sna hachomhairc reatha i gCásanna C‑117/21 P agus C‑138/21 P a íoc.

    189

    Ós rud é nár éirigh le RN tar éis don achomharc a bheith ceadaithe agus tar éis don Choimisiún iarratas a dhéanamh ar chostais, ní mór a ordú di a costais féin agus na costais a thabhaíonn an Coimisiún ag an gcéad chéim i gCásanna F‑104/15 agus T‑442/17 RENV agus san achomharc reatha i gCás C‑118/21 P a íoc. I gcodarsnacht leis sin, ós rud é nach bhfuil iarratas déanta ag an gCoimisiún ar RN a ordú na costais a íoc i gCás T‑695/16 P, ní mór a ordú do gach ceann de na páirtithe sin a gcostais féin a íoc sa chás sin.

    190

    Foráiltear le hAirteagal 184(4) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, i gcás nach ndearna idiragraí ag an gcéad chéim an t‑achomharc, nach bhféadfar a ordú dó nó di costais a íoc sna himeachtaí achomhairc mura raibh sé nó sí rannpháirteach sa chuid i scríbhinn nó sa chuid ó bhéal de na himeachtaí os comhair na Cúirte. I gcás ina nglacann idiragraí ag an gcéad chéim páirt sna himeachtaí, féadfaidh an Chúirt a chinneadh go n‑íocfaidh sé nó sí a chostais nó a costais féin.

    191

    I gcomhréir leis na forálacha sin, íocfaidh an Pharlaimint agus AIACE International, idiragraithe ag an gcéad chéim, a bhí rannpháirteach sna himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais, a gcostais féin sna cásanna uile ina ndearna siad idirghabháil, faoi seach, ag an gcéad chéim agus sna hachomhairc, lena n‑áirítear, maidir leis an bParlaimint, i gCásanna F‑104/15 agus T‑695/16 P.

     

    Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór‐Dhlísheomra) mar seo a leanas:

     

    1.

    Cuirtear breithiúnais Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 16 Nollaig 2020, VW v an Coimisiún (T‑243/18, nár foilsíodh, EU:T:2020:619), an 16 Nollaig 2020, BT v an Coimisiún (T‑315/19, nár foilsíodh, EU:T:2020:622), agus an 16 Nollaig 2020, RN v an Coimisiún (T‑442/17 RENV, EU:T:2020:618) ar neamhní.

    2.

    Diúltaítear do na hachomhairc ó VW i gCás T‑243/18, ó BT i gCás T‑315/19 agus ó RN i gCás T‑442/17 RENV.

    3.

    Ordaítear do VW a costais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh i gCás T‑243/18 agus i gCásanna C‑116/21 P agus C‑139/21 P.

    4.

    Ordaítear do BT a costais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh i gCás T‑315/19 agus i gCásanna C‑117/21 P agus C‑138/21 P.

    5.

    Ordaítear do RN a costais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach i gCás F‑104/15 agus T‑442/17 RENV agus i gCás C‑118/21 P.

    6.

    Ordaítear don Choimisiún Eorpach agus do RN a gcostais féin a íoc i gCás T‑695/16 P.

    7.

    Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa agus do Chumann idirnáisiúnta iarOifigigh an Aontais Eorpaigh (AIACE Internationale) a gcostais féin a íoc sna cásanna uile a raibh siad mar idirghabháilí iontu ag an gcéad chéim agus ar achomharc, lena n‑áirítear, a mhéid a mbaineann le Parlaimint na hEorpa, i gCásanna F‑104/15 agus T‑695/16 P.

     

    Sínithe


    ( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.

    Top