Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0014

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Lúnasa 1.
    Sea Watch eV v Ministero delle Infrastrutture e dei Trasporti e.a.
    Tarchur chun réamhrialú — Gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine i mbaol nó in anacair ar muir, arna ndéanamh ag eagraíocht neamhrialtasach (ENR) chun críoch daonnúil — Rialacha is infheidhme maidir le longa — Treoir 2009/16/CE — Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige — Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir — Inniúlachtaí agus cumhachtaí an Bhratstáit agus Stát an chalafoirt faoi seach — Cigireacht a dhéanamh ar longa agus longa a choinneáil.
    Cásanna uamtha C-14/21 agus C-15/21.

    Court reports – general

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:604

     BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

    1 Lúnasa 2022 ( *1 )

    (Tarchur chun réamhrialú — Gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine i mbaol nó in anacair ar muir, arna ndéanamh ag eagraíocht neamhrialtasach (ENR) chun críoch daonnúil — Rialacha is infheidhme maidir le longa — Treoir 2009/16/CE — Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige — Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir — Inniúlachtaí agus cumhachtaí an Bhratstáit agus Stát an chalafoirt faoi seach — Cigireacht a dhéanamh ar longa agus longa a choinneáil)

    I gCásanna uamtha C‑14/21 agus C‑15/21,

    DHÁ IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Tribunale amministrativo regionale per la Sicilia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, an tSicil, an Iodáil), trí bhreitheanna an 23 Nollaig 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 8 Eanáir 2021, sna himeachtaí idir

    Sea Watch eV

    v

    Ministero delle Infrastrutture e dei Trasporti (C‑14/21 agus C‑15/21),

    Capitaneria di Porto di Palermo (C‑14/21),

    Capitaneria di Porto di Porto Empedocle (C‑15/21),

    tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

    agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, E. Regan, I. Jarukaitis, N. Jääskinen, I. Ziemele agus J. Passer (Rapóirtéir), Uachtaráin Dlísheomra, F. Biltgen, P.G. Xuereb, N. Piçarra, L.S. Rossi, N. Wahl agus D. Gratsias, Breithiúna,

    Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

    Cláraitheoir: C. Di Bella, Riarthóir,

    ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 30 Samhain 2021,

    tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

    Sea Watch eV, ag C.L. Cecchini, G. Crescini, L. Gennari, E. Mordiglia agus A. Mozzati, avvocati,

    Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó L. D’Ascia agus A. Jacoangeli, avvocati dello Stato,

    Rialtas na Spáinne, ag L. Aguilera Ruiz, i gcáil Gníomhaire,

    Rialtas na hIorua, ag V. Hauan, L.‑M. Moen Jünge agus K. Moe Winther, i gcáil Gníomhairí,

    an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouquet, C. Cattabriga agus S.L. Kalėda, i gcáil Gníomhairí,

    agus tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 22 Feabhra 2022,

    an Breithiúnas seo a leanas:

    Breithiúnas

    1

    Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léirmhíniú Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stát an chalafoirt (IO 2009 L 131, lch. 57, agus ceartúcháin IO 2013 L 32, lch. 23, agus IO 2014 L 360, lch. 111), arna leasú le Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 (IO 2017 L 315, lch. 61) (“Treoir 2009/16”), agus leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, arna thabhairt i gcrích i Londain an 1 Samhain 1974 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 1185, Uimh. 18961, lch. 3, an “Coinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir”).

    2

    Taisceadh na hiarrataí ar réamhrialú seo i gcomhthéacs dhá dhíospóid idir, ar thaobh amháin, Sea Watch eV agus an Ministero delle Infrastrutture e dei Trasporti (An Aireacht Bonneagair agus Iompair, an Iodáil) agus an Capitaneria di Porto di Palermo (Oifig Mháistir Chalafort Palermo, an Iodáil), agus, ar an taobh eile, idir Sea Watch eV agus an Aireacht chéanna sin agus an Capitaneria di Porto di Porto Empedocle (Oifig Mháistir Chalafort Porto Empedocle, an Iodáil), maidir le horduithe coinneála arna n‑eisiúint ag Oifigí Mháistir na gcalafort sin, a bhí dírithe, faoi seach, ar na longa ar a dtugtar “Sea Watch 4” agus “Sea Watch 3.”

    An dlí lena mbaineann

    Dlí idirnáisiúnta

    An Coinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige

    3

    Tháinig Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, arna thabhairt i gcrích i mBá Montego an 10 Nollaig 1982 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 1833, 1834 agus 1835, lch. 3, an “Coinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige”) i bhfeidhm an 16 Samhain 1994. Rinneadh a thabhairt i gcrích a fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 (IO 1998 L 179, lch. 1).

    4

    Is i gCuid II den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige, dar teideal “Farraige theorann agus réigiún tadhlach”, atá Airteagail 2 go 33 den Choinbhinsiún.

    5

    In Airteagal 2(1) den Choinbhinsiún sin, dar teideal “Socruithe dlíthiúla maidir leis an bhfarraige theorann agus an t‑aerspás os a cionn, agus le grinneall na farraige sin agus a fho-ithir”, luaitear an méid seo a leanas:

    “Leathnóidh ceannasacht an Stáit chósta lasmuigh dá chríoch agus dá uiscí inmheánacha agus, i gcás Stát oileánra, dá uiscí oileánra, agus cumhdófar léi limistéar farraige tadhlaí ar a dtugtar an fharraige theorann.”

    6

    Foráiltear le hAirteagal 17 den Choinbhinsiún sin, dar teideal “An ceart gluaiseachta neamhurchóidí”:

    “Faoi réir an Choinbhinsiúin seo, beidh an ceart gluaiseachta neamhurchóidí san fharraige theorann ag longa de chuid na Stát cósta agus talamhiata uile.”

    7

    Foráiltear le hAirteagal 18 den Choinbhinsiún céanna, dar teideal “Ciall an téarma “gluaiseacht”, mar seo a leanas:

    “1.   Ciallaíonn “gluaiseacht” loingseoireacht a dhéanamh san fharraige theorann chun na gcríoch seo a leanas:

    a)

    an fharraige theorann a thrasnú gan dul isteach sna huiscí inmheánacha ná dul isteach i ród nó i saoráid chalafoirt suite lasmuigh de na huiscí inmheánacha; nó

    b)

    dul isteach sna huiscí inmheánacha nó dul amach astu, nó dul isteach i ród nó i saoráid chalafoirt den sórt sin nó dul amach astu.

    2.   Ní mór don ghluaiseacht a bheith leanúnach agus gasta. Cumhdaítear leis an ngluaiseacht, áfach, an stopadh agus an ancaireacht, más gnáth-eachtraí loingseoireachta atá iontu nó má tá gá leo de bharr force majeure nó anacra nó chun cúnamh a sholáthar do dhaoine, do longa nó d’aerárthaí atá i mbaol nó in anacair.”

    8

    Sonraítear in Airteagal 19(1) agus (2) den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige, dar teideal “Ciall an fhrása “gluaiseacht neamhurchóideach”, go bhfuil gluaiseacht loinge eachtraí neamhurchóideach chomh fada is nach ndéanfaí dochar léi do shíocháin, dea-ord ná sábháilteacht an Stáit chósta agus go measfar go ndéanfaí dochar leis an ngluaiseacht sin do cheann de na heilimintí sin más rud é, san fharraige theorann, go rachaidh an long sin i mbun sraith gníomhaíochtaí ar leith. Faoi mhír 2(g) den Airteagal sin, áirítear i measc na ngníomhaíochtaí sin gníomhaíochtaí a bhaineann le hearraí, cistí nó daoine a chur ar bord nó a thabhairt i dtír de shárú ar dhlíthe agus rialacha chustam, fioscacha, sláintíochta nó inimirce an Stáit chósta.

    9

    Foráiltear le hAirteagal 21 den Choinbhinsiún sin, dar teideal “Dlíthe agus rialacha an Stáit chósta maidir le gluaiseacht neamhurchóideach”:

    “1.   Féadfaidh an Stát cósta dlíthe agus rialacha a ghlacadh, i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin seo agus le rialacha eile an dlí idirnáisiúnta, a bhaineann le gluaiseacht neamhurchóideach san fharraige theorann, maidir leis na ceisteanna seo a leanas:

    a)

    sábháilteacht na loingseoireachta [...]

    [...]

    h)

    sáruithe ar dhlíthe agus rialacha chustam, fioscacha, sláintíochta nó inimirce an Stáit chósta a chosc.

    2.   Ní bheidh feidhm ag na dlíthe agus na rialacha sin maidir le dearadh, tógáil nó trealmhú long eachtrach, mura dtugtar éifeacht leo do rialacha nó do chaighdeáin idirnáisiúnta a nglactar leo go ginearálta.

    [...]

    4.   Comhlíonfaidh na longa eachtracha a bhfuil an ceart gluaiseachta neamhurchóidí á fheidhmiú acu san fharraige theorann na dlíthe agus na rialacha seo [...]”

    10

    Foráiltear in Airteagal 24(1) den Choinbhinsiún sin, dar teideal “Oibleagáidí an Stáit chósta”:

    “Ní chuirfidh an Stát cósta bac ar ghluaiseacht neamhurchóideach long eachtrach san fharraige theorann, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún seo. Go háirithe, agus an Coinbhinsiún seo nó aon dlí nó riail arna nglacadh i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo á gcur i bhfeidhm, ní dhéanfaidh an Stát cósta:

    a)

    ceanglais a fhorchur ar longa eachtracha a bhfuil d’éifeacht acu feidhmiú an chirt gluaiseachta neamhurchóidí ag na longa sin a chosc nó a shrianadh; nó

    b)

    idirdhealú de jurede facto in aghaidh longa Stáit ar leith nó in aghaidh longa a bhfuil earraí á n‑iompar acu ó nó go dtí Stát ar leith nó ar son Stáit ar leith.”

    11

    Is i gCuid VII den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige, dar teideal “Mórmhuir”, atá Airteagail 86 go 120.

    12

    Faoi Airteagal 86 den Choinbhinsiún sin, dar teideal “Raon feidhme na Coda seo”, sonraítear mar seo a leanas:

    “Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le gach cuid den fharraige nach n‑áirítear sa limistéar eacnamaíoch eisiach, san fharraige theorann nó in uiscí inmheánacha Stáit, nó in uiscí oileánra Stáit oileánra. [...]”

    13

    In Airteagal 91 den Treoir sin, dar teideal “Náisiúntacht na long”, sonraítear mar seo a leanas:

    “1.   Socróidh gach Stát na coinníollacha faoina mbronnann sé a náisiúntacht ar longa, na coinníollacha chun longa a chlárú ina chríoch, agus na coinníollacha a n‑éilítear chun bheith i dteideal a bhratach a chur ar foluain. Tá náisiúntacht an Stáit ag longa a bhfuil i dteideal a bhratach a chur ar foluain. [...]

    2.   Eiseoidh gach Stát, do na longa ar thug sé an ceart dóibh a bhratach a chur ar foluain, doiciméid chuige sin.”

    14

    In Airteagal 92(1) den Choinbhinsiún céanna, dar teideal “Socruithe dlíthiúla na long”, leagtar amach an méid seo a leanas:

    “Déanfaidh longa loingseoireacht faoi bhratach aon Stát amháin agus, ach amháin i gcásanna eisceachtúla dá bhforáiltear go sainráite le conarthaí idirnáisiúnta nó leis an gCoinbhinsiún, beidh siad faoi réir a dhlínse eisiach ar an mórmhuir. [...]”

    15

    Foráiltear le hAirteagal 94 den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige, dar teideal “Oibleagáidí an Bhratstáit”:

    “1.   Cuirfidh gach Stát a dhlínse i bhfeidhm go héifeachtach agus déanfaidh siad rialú éifeachtach i réimsí riaracháin, teicniúla agus sóisialta ar longa a bhfuil a bhratach ar foluain acu.

    2.   Go háirithe, déanfaidh gach Stát an méid seo a leanas:

    a)

    clár long a choimeád ina mbeidh ainmneacha agus sonraí na long a bhfuil a bhratach ar foluain acu, seachas na longa sin atá eisiata ó na rialacha idirnáisiúnta a nglactar leo go ginearálta mar gheall ar a mbeagmhéid;

    b)

    a dhlínse a fheidhmiú i gcomhréir lena dhlí inmheánach ar gach long a bhfuil a bhratach ar foluain aici, agus ar an máistir, ar na hoifigigh agus ar an gcriú maidir le cúrsaí riaracháin, teicniúla agus sóisialta a bhaineann leis an long.

    3.   Déanfaidh gach Stát na bearta is gá a ghlacadh i ndáil le longa a bhfuil a bhratach ar foluain acu chun sábháilteacht ar muir a áirithiú, go háirithe maidir le:

    a)

    tógáil agus trealamh na loinge agus a muiracmhainneacht;

    b)

    comhdéanamh, dálaí oibre agus oiliúint na gcriúnna, agus na hionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme á gcur san áireamh;

    [...]

    4.   Áireofar sna bearta sin na bearta is gá chun a áirithiú:

    a)

    go ndéanfaidh cigire muirí cáilithe cigireacht ar gach long, sula ndéanfar í a thaifead ar an gclár agus, ina dhiaidh sin, ag eatraimh iomchuí, [...]

    [...]

    c)

    go bhfuil an máistir, na hoifigigh agus, a mhéid is gá, an criú go hiomlán ar an eolas faoi na rialacha idirnáisiúnta is infheidhme maidir le sábháilteacht anama ar muir agus go gceanglaítear orthu iad a chomhlíonadh [...]

    5.   Agus na bearta dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 á nglacadh, ceanglaítear ar gach Stát na rialacha, nósanna imeachta agus cleachtais idirnáisiúnta a nglactar leo go ginearálta a chomhlíonadh agus aon bheart a ghlacadh atá riachtanach chun a áirithiú go n‑urramófar iad.

    6.   Féadfaidh aon Stát a bhfuil forais láidre aige lena chreidiúint nár cuireadh an dlínse i bhfeidhm ar long agus nach ndearnadh rialú cuí uirthi na fíorais a chur in iúl don Bhratstát. Tar éis sin a chur in iúl dó, déanfaidh an Bratstát imscrúdú agus glacfaidh sé, más iomchuí, na bearta is gá chun an cás a leigheas.

    [...]”

    16

    Foráiltear le hAirteagal 98 den Choinbhinsiún sin, dar teideal “An oibleagáid cúnamh a sholáthar”:

    “1.   Éileoidh gach Stát ar mháistir loinge ar a bhfuil a bhratach ar foluain, a mhéid is féidir leis sin a dhéanamh gan rioscaí tromchúiseacha a chruthú don long, don chriú, nó do na paisinéirí:

    a)

    cúnamh a sholáthar d’aon duine atá i mbaol ar farraige;

    b)

    dul chomh gasta agus is féidir chun cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair má chuirtear in iúl dó go bhfuil cúnamh ag teastáil uathu, a mhéid is féidir a bheith ag súil leis, go réasúnta, go ndéanfaidh sé amhlaidh;

    [...]

    2.   Déanfaidh gach Stát cósta bunú agus feidhmiú seirbhíse cuardaigh agus tarrthála buaine a bheidh leordhóthanach agus éifeachtach a éascú chun sábháilteacht muirí agus eitlíochta a áirithiú agus, más iomchuí, comhoibreoidh siad chuige sin, trí shocruithe réigiúnacha, le Stáit chomharsanaigh.”

    An Coinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir

    17

    Tháinig an Coinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir i bhfeidhm an 25 Bealtaine 1980. Níl an tAontas Eorpach ina pháirtí sa Choinbhinsiún sin, ach tá gach Ballstát mar pháirtí ann.

    18

    Foráiltear le hAirteagal I den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir, dar teideal “Oibleagáidí ginearálta faoin gCoinbhinsiún”:

    “a)

    Gabhann na Rialtais chonarthacha orthu féin éifeacht a thabhairt d’fhorálacha an Choinbhinsiúin seo agus don Iarscríbhinn a ghabhann leis, ar cuid lárnach den Choinbhinsiún seo iad. Is tagairt don Iarscríbhinn a bheidh in aon tagairt don Choinbhinsiún seo, ag an am céanna.

    b)

    Gabhann na Rialtais chonarthacha orthu féin gach dlí, foraithne, ordú agus rialachán a achtú agus aon bheart eile is gá a chur i bhfeidhm chun éifeacht iomlán a thabhairt don Choinbhinsiún, chun a áirithiú, maidir le sábháilteacht anama, go bhfuil long cáilithe don tseirbhís dá bhfuil sí beartaithe.”

    19

    In Airteagal II den Choinbhinsiún sin, dar teideal “Raon feidhme,” sonraítear an méid seo a leanas:

    “Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le longa atá i dteideal bratach Stáit, ar Rialtas conarthach é rialtas an Stáit sin, a bheith ar foluain acu.”

    20

    Foráiltear in Airteagal IV den Choinbhinsiún sin, dar teideal “Cásanna force majeure,” i bpointe (b):

    “Ní chuirfear san áireamh daoine atá ar bord loinge mar gheall ar force majeure nó mar thoradh ar oibleagáid an mháistir loinge chun daoine longbhriste, nó daoine eile, a iompar agus fíorú á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm ceanglas éigin den Choinbhinsiún seo ar an long.”

    21

    Thug na páirtithe sa Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin i gcrích i Londain an 11 Samhain 1988, ar Prótacal é atá ina chuid lárnach den Choinbhinsiún sin. Sa Phrótacal sin, arna thabhairt i bhfeidhm an 3 Feabhra 2000, tá Iarscríbhinn, ar Iarscríbhinn í atá ina cuid lárnach den Phrótacal sin, agus tá 14 chaibidil inti ina leagtar síos sraith leathan rialacha maidir le tógáil, trealmhú agus oibriú na long a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún sin ina leith.

    22

    Is i gCuid B de Chaibidil 1 den Iarscríbhinn sin atá, inter alia, na rialacha seo a leanas:

    “Riail 11

    Dálaí a chothabháil tar éis suirbhéanna

    a)

    Ní mór riocht na loinge agus riocht a trealaimh a chothabháil ar bhealach ina gcomhlíonfar forálacha na rialacha seo agus ina áiritheofar go mbeidh an long, i ngach slí, in ann dul chun farraige gan aon chontúirt a bheith ann don long ná do na daoine ar bord.

    [...]

    Riail 17

    Glacadh le deimhnithe

    Ní mor do na Rialtais chonarthacha glacadh leis na deimhnithe arna n‑eisiúint faoi údarás Rialtais chonarthaigh eile chun críocha an Choinbhinsiúin seo. Ní mór do na Rialtais chonarthacha a mheas go bhfuil an fheidhm chéanna acu agus atá ag na deimhnithe arna n‑eisiúint acu féin.

    [...]

    Riail 19

    Rialú

    (a)

    Beidh gach long i gcalafort Rialtais chonarthaigh eile faoi réir rialú údaráis chuí-údaraithe an Rialtais sin a mhéid atá sé beartaithe leis an rialú sin a fhíorú go bhfuil na deimhnithe [...] bailí.

    (b)

    Glacfar leis na deimhnithe sin, má tá siad bailí, ach amháin má tá forais fhollasacha ann lena chreidiúint nach bhfuil riocht na loinge nó riocht a trealaimh ag teacht ó thaobh na substainte de le ceann de na deimhnithe sin nó nach gcomhlíonann an long nó a trealamh forálacha Riail 11(a) agus (b).

    (c)

    Sna himthosca dá dtagraítear i bpointe (b) [...], ní mór don údarás a dhéanann an rialú bearta a ghlacadh chun cosc a chur ar an long loingseoireacht a dhéanamh go dtí go bhféadfaidh sí dul ar muir nó an calafort a fhágáil d’fhonn longchlós deisiúcháin iomchuí a bhaint amach gan contúirt a bheith ann di féin ná do na daoine ar bord.

    [...]”

    An Coinbhinsiún maidir le cuardach agus tarrtháil ar muir

    23

    Tháinig an Coinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le cuardach agus tarrtháil ar muir, arna thabhairt i gcrích in Hamburg an 27 Aibreán 1979 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 1405, Uimh. 23489, lch. 133, an “Coinbhinsiún maidir le cuardach agus tarrtháil ar muir”) i bhfeidhm an 22 Meitheamh 1985. Níl an tAontas Eorpach ina pháirtí sa Choinbhinsiún sin. Níl ach roinnt de na Ballstáit, lena n‑áirítear Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na hIodáile, ina bpáirtithe ann.

    Rún IMO maidir le Rialú Stát an Chalafoirt

    24

    An 4 Nollaig 2019, ghlac Tionól na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) Rún A.1138(31), dar teideal “Nósanna imeachta um Rialú Stát an Chalafoirt, 2019” (“Rún IMO maidir le Rialú Stát an Chalafoirt”), lena ghabhann Iarscríbhinn leis an gceannteideal céanna uirthi.

    25

    Is i gCaibidil 1 den Iarscríbhinn sin, dar teideal “Cúrsaí ginearálta,” atá pointe 1.3, dar teideal “Réamhrá,” lena bhforáiltear:

    “1.3.1 De bhun fhorálacha na gCoinbhinsiún ábhartha a luaitear thuas i roinn 1.2, tá freagracht ar an Rialtas (is é sin le rá Rialtas an Bhratstáit) na dlíthe agus na rialacha a achtú agus aon bheart eile a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun éifeacht iomlán a thabhairt do na Coinbhinsiúin sin a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú, maidir le sábháilteacht anama ar muir agus cosc ar thruailliú, go bhfuil long cáilithe don tseirbhís dá bhfuil sí beartaithe agus go bhfuil na maraithe oilte agus cáilithe chun a dtascanna a chur i gcrích.

    [...]

    1.3.3 Ba cheart na nósanna imeachta rialaithe a dhéantar cur síos orthu thíos a thuiscint mar bheith comhlántach leis na bearta náisiúnta arna nglacadh ag Rialtas an Bhratstáit ina dtír féin agus thar lear, agus é mar aidhm acu cur chuige comhchoiteann agus aonfhoirmeach a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme bearta cigireachta agus rialaithe ag Stát an chalafoirt i gcás teacht ar easnaimh thromchúiseacha. Tá sé i gceist leis na nósanna imeachta sin freisin cúnamh a thabhairt do Rialtas an Bhratstáit chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha na gCoinbhinsiún, chun sábháilteacht criúnna, paisinéirí agus long a chosaint, agus chun cosc ar thruailliú a áirithiú.”

    Dlí an Aontais

    Treoir 2009/16

    26

    Glacadh Treoir 2009/16 ar bhonn Airteagal 80(2) CE [Airteagal 100(2) CFAE anois], d’fhonn athmhúnlú a dhéanamh ar Threoir 95/21/CE ón gComhairle an 19 Meitheamh 1995 maidir le Rialú Stát an Chalafoirt (IO 1995 L 157, lch. 1), a bhí ina hábhar do roinnt leasuithe ó glacadh í, agus chun na sásraí a cuireadh i bhfeidhm leis an Treoir sin a neartú.

    27

    Foráiltear seo a leanas le haithrisí 2 go 4, 6, 7, 11, 23 agus 34 de Threoir 2009/16:

    “(2)

    Is cúis mhór imní don Chomhphobal iad tubaistí muirí agus truailliú mara chóstaí na mBallstát.

    (3)

    Tá imní ar an gComhphobal freisin maidir le dálaí maireachtála agus oibre ar bord.

    (4)

    Féadfar sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord a fheabhsú go héifeachtach trí laghdú suntasach a dhéanamh ar na longa nach gcomhlíonann na caighdeáin atá ag loingseoireacht in uiscí an Chomhphobail, trí na Coinbhinsiúin, cóid agus rúin idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go docht.

    [...]

    (6)

    Is ar an mBratstát atá an phríomhfhreagracht chun faireachán a dhéanamh go bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge á gcomhlíonadh ag longa. Agus é ag brath, de réir mar is gá, ar chomhlachtaí ceadaithe, ráthaíonn an Bratstát iomláine agus éifeachtúlacht na cigireachta agus na suirbhéanna a dhéantar d’fhonn na deimhnithe ábhartha a eisiúint. Beidh an chuideachta loinge freagrach as riocht na loinge agus a trealamh a chothabháil tar éis na suirbhéireachta, d’fhonn ceanglais na gcoinbhinsiún is infheidhme maidir leis an long a chomhlíonadh. Mar sin féin, tá roinnt Bratstát ag teipeadh níos mó agus níos mó na caighdeáin idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus chun feidhme. As seo amach, chun an dara líne chosanta i gcoinne loingseoireacht atá faoi bhun na gcaighdeán a áirithiú, ní mór do Stát an chalafoirt faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord freisin, agus é intuigthe nach suirbhé í an chigireacht de bhun rialú Stát an chalafoirt agus nach deimhnithe muiracmhainneachta iad na foirmeacha cigireachta ábhartha.

    (7)

    Ba cheart go seachnófaí le cur chuige aonfhoirmeach maidir le forfheidhmiú éifeachtach na gcaighdeán idirnáisiúnta sin ag na Ballstáit i ndáil le longa atá á n-oibriú in uiscí faoina ndlínse agus a thagann isteach ina gcalafoirt saobhadh iomaíochta.

    [...]

    (11)

    Ba cheart go bhféachfadh córas éifeachtach rialaithe ag Stát an chalafoirt lena áirithiú go ndéanfar cigireacht rialta ar gach long a thagann isteach i gcalafort nó in ancaireacht de chuid an Chomhphobail. [...]

    [...]

    (23)

    Ní mór neamhchomhlíonadh fhorálacha na gCoinbhinsiún is infheidhme a cheartú. Ba cheart longa nach mór dóibh a bheith ina n‑ábhar do bhearta ceartaitheacha, i gcás inar léir go bhfuil na heasnaimh arna n‑aithint mar bhaol don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol, a choinneáil go dtí go gceartófar na heasnaimh.

    [...]

    (34)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon, laghdú a dhéanamh, in uiscí atá faoi dhlínse na mBallstát, ar loingseoireacht nach gcomhlíonann na caighdeáin trí fheabhas a chur ar chóras cigireachta an Chomhphobail maidir le longa farraige agus trí mhodhanna um ghníomhaíocht choisctheach a fhorbairt i réimse an truaillithe mhuirí, a bhaint amach ar bhealach leordhóthanach agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, de bharr a bhfairsinge agus a n‑éifeachtaí, iad a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta [...]”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    28

    De réir Airteagal 1 de Threoir 2009/16, dar teideal “Cuspóir”:

    “Is é is cuspóir don Treoir seo ná cur le laghdú radacach ar loingseoireacht nach gcomhlíonann na caighdeáin in uiscí atá faoi dhlínse na mBallstát:

    a)

    trí chomhlíonadh na reachtaíochta idirnáisiúnta agus reachtaíocht ábhartha an Chomhphobail lena rialaítear sábháilteacht muirí, slándáil mhuirí, cosaint na muirthimpeallachta agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord long faoi aon bhratach a mhéadú;

    b)

    trí chritéir chomhchoiteanna lena gcuirtear rialú ar longa ag Stát an chalafoirt i bhfeidhm a bhunú agus trí na nósanna imeachta maidir le cigireacht agus coinneáil a aonfhoirmiú [...]

    c)

    trí chóras um rialú Stát an chalafoirt a chur chun feidhme laistigh den Chomhphobal, ar córas é a bheidh bunaithe ar chigireacht arna déanamh sa Chomhphobal [...] chun go ndéanfar cigireacht ar gach long ag minicíocht a bhaineann lena bpróifíl riosca, agus go mbeidh longa a bhfuil riosca níos airde ag baint leo faoi réir cigireacht níos mionsonraithe ag eatraimh níos minice.”

    29

    Foráiltear le hAirteagal 2 den Treoir sin:

    “Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    1)

    ciallaíonn ‘coinbhinsiúin’ na coinbhinsiúin seo a leanas agus na prótacail agus leasuithe ar na coinbhinsiúin sin agus na caighdeáin a bhaineann leo atá feidhm cheangailteach leo, ina leaganacha cothrom le dáta:

    [...]

    b)

    an Coinbhinsiún [um Shábháilteacht Anama ar Muir];

    [...]

    5)

    ciallaíonn ‘long’ aon long farraige atá faoi réir ceann amháin nó níos mó de na Coinbhinsiúin agus a bhfuil bratach nach bratach Stát an chalafoirt é ar foluain aici;

    6)

    ciallaíonn ‘gníomhaíocht comhéadain loinge/calafoirt’ na hidirghníomhaíochtaí a tharlaíonn nuair a bhíonn tionchar díreach agus láithreach ar long ag gníomhaíochtaí a bhaineann le hiompar daoine nó earraí nó a bhaineann le soláthar seirbhísí calafoirt go dtí an long nó ón long;

    7)

    ciallaíonn ‘long ar ancaire’ long atá i gcalafort nó in áit eile faoi dhlínse calafoirt, ach nach bhfuil ag beart feistithe, agus a dhéanann gníomhaíocht comhéadain loinge/calafoirt;

    [...]

    12)

    ciallaíonn ‘cigireacht níos mionsonraithe’ cigireacht ina gcuirtear an long, a trealamh agus a criú, go hiomlán nó go páirteach de réir an cháis, faoi réir scrúdú domhain, faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 13, pointe (3), maidir le tógáil, trealamh agus criú, dálaí maireachtála agus oibre agus comhlíonadh na nósanna imeachta oibríochtúla ar bord na loinge;

    [...]

    15)

    ciallaíonn ‘coinneáil’ toirmeasc foirmiúil a fhógraítear do long ar dhul chun farraige de dheasca easnaimh arna n‑aithint a fhágann, ina n‑aonar nó i dteannta a chéile, nach féidir leis an long a bheith ag loingseoireacht;

    [...]

    20)

    ciallaíonn ‘deimhniú reachtúil’ deimhniú arna eisiúint ag Bratstát nó thar a cheann i gcomhréir leis na Coinbhinsiúin;

    21)

    ciallaíonn ‘deimhniú aicmiúcháin’ doiciméad lena ndeimhnítear comhlíonadh an Choinbhinsiúin [um Shábháilteacht Anama ar Muir];

    [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    30

    In Airteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Raon feidhme”, sonraítear an méid seo a leanas:

    “1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon long agus lena criú a thagann isteach i gcalafort nó in ancaireacht de chuid Ballstáit chun dul i mbun gníomhaíocht comhéadain loinge/calafoirt.

    [...]

    Má dhéanann Ballstát cigireacht ar long in uiscí atá faoina dhlínse, seachas i gcalafort, measfar gur cigireacht í chun críocha na Treorach seo.

    [...]

    4.   Eisiafar ó raon feidhme na Treorach seo báid iascaireachta, longa cogaidh, soithí cúntacha cabhlaigh, soithí adhmaid de thógáil bhunúsach, longa na n‑údarás poiblí a úsáidtear chun críoch neamhthráchtála agus árthaí áineasa a úsáidtear chun críoch neamhthrádála.

    [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    31

    Leagtar amach in Airteagal 4 den Treoir chéanna, dar teideal “Cumhachtaí cigireachta”, i mír 1, “go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun go mbeidh siad in ann go dlíthiúil an chigireacht dá dtagraítear sa Treoir seo a dhéanamh ar bord longa eachtracha, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    32

    Foráiltear le hAirteagal 11 de Threoir 2009/16, dar teideal “Minicíocht na cigireachta”, mar seo a leanas:

    “Beidh longa a thagann isteach i gcalafoirt nó in ancaireachtaí sa Chomhphobal faoi réir cigireacht thréimhsiúil nó cigireacht bhreise faoi na coinníollacha seo a leanas:

    a)

    beidh longa faoi réir cigireacht thréimhsiúil ag eatraimh a chinnfear roimh ré de réir a bpróifíle riosca [...]

    b)

    déanfar cigireacht bhreise ar longa, gan beann ar an méid ama atá imithe thart ón gcigireacht thréimhsiúil dheireanach a rinneadh orthu, sna himthosca seo a leanas:

    áiritheoidh an t‑údarás inniúil go ndéanfar cigireacht ar longa a bhfuil feidhm ag na tosca príomhúla a liostaítear i bpointe 2A de Chuid II d’Iarscríbhinn I ina leith,

    féadfar cigireacht a dhéanamh ar longa a bhfuil feidhm ag na tosca gan choinne a liostaítear i bpointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I ina leith. Fágfar faoi bhreithiúnas gairmiúil an údaráis inniúil é a chinneadh chun tabhairt faoi chigireacht bhreise den sórt sin.”

    – [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    33

    Faoi Airteagal 12 den Treoir sin, dar teideal “Roghnú long le haghaidh cigireachta”:

    “Áiritheoidh an t‑údarás inniúil go roghnófar longa le haghaidh cigireachta ar bhonn a bpróifíle riosca [...] agus nuair a thagann tosca príomhúla nó gan choinne de réir bhrí phointe 2A nó phointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I chun cinn. [...]

    [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    34

    Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 13 den Treoir sin, dar teideal “Cigireacht tosaigh agus níos mionsonraithe”:

    “Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le longa a roghnaítear le haghaidh cigireachta i gcomhréir le hAirteagal 12 [...] go gcuirfear faoi réir cigireacht tosaigh nó cigireacht níos mionsonraithe iad faoi na coinníollacha seo a leanas:

    1)

    Le linn gach cigireachta tosaigh ar long, áiritheoidh an t‑údarás inniúil go ndéanfaidh an cigire na hoibríochtaí seo a leanas ar a laghad:

    a)

    seiceáil ar na deimhnithe [...] nach mór a bheith ar bord i gcomhréir le dlí an Chomhphobail i leith gnóthaí muirí agus leis na coinbhinsiúin a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil;

    [...]

    c)

    riocht ginearálta na loinge a áirithiú, lena n‑áirítear sláinteachas, agus go háirithe an seomra innill agus cóiríocht an chriú.

    [...]

    3)

    Déanfar cigireacht níos mionsonraithe, lena n‑áirítear seiceáil dhomhain ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le nósanna imeachta oibríochtúla ar bord na loinge, aon uair a mbeidh forais fhollasacha ann lena chreidiúint, tar éis na cigireachta dá dtagraítear i bpointe 1, nach bhfuil riocht na loinge nó riocht a trealaimh nó a criú, i gcomhréir, go bunúsach, le ceanglais ábhartha Coinbhinsiúin sa réimse sin.

    Tá ‘forais fhollasacha’ ann nuair a thugann an cigire fíorais faoi deara a thugann údar, ar bhonn a bhreithiúnais ghairmiúil, do chigireacht níos mionsonraithe a dhéanamh ar an long, ar a trealamh nó ar a criú.

    Tugtar samplaí d‘fhorais fhollasacha’ in Iarscríbhinn V.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    35

    Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 19 den Treoir chéanna, dar teideal “Ceartú easnamh agus coinneáil na loinge”:

    “1.   Áiritheoidh an t‑údarás inniúil gur ceartaíodh, nó go gceartófar, aon easnamh a dearbhaíodh nó a nochtadh le linn na cigireachta i gcomhréir leis na Coinbhinsiúin.

    2.   I gcás go gcruthaíonn na heasnaimh baol soiléir don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol, áiritheoidh údarás inniúil Stát an chalafoirt ina bhfuil an long faoi chigireacht go gcoinneofar an long nó go gcuirfear stop leis an oibríocht ar nochtadh na heasnaimh lena linn. Ní chuirfear deireadh leis an gcoinneáil nó leis an gcosc ar oibríochtaí go dtí go ndéanfar gach contúirt a dhíothú nó go dtí go gcinnfidh an t‑údarás gur féidir leis an long, faoi réir aon choinníollacha a mheasann sé go bhfuil a gcur i bhfeidhm riachtanach, an calafort a fhágáil nó gur féidir tosú arís ar oibríochtaí gan riosca a bheith ann do shlándáil nó do shláinte na bpaisinéirí nó an chriú, nó riosca do longa eile, nó gan bheith mar bhagairt mhíréasúnta don mhuirthimpeallacht.

    [...]

    3.   Agus a bhreithiúnas gairmiúil á fheidhmiú aige chun a chinneadh cé acu ar chóir long a choinneáil nó gan í a choinneáil, cuirfidh an cigire na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn X i bhfeidhm.

    6.   I gcás coinneála, déanfaidh an t‑údarás inniúil na himthosca go léir inar measadh idirghabháil a bheith riachtanach a chur in iúl láithreach, i scríbhinn, lena n‑áirítear tuairisc na cigireachta, do rialtas an Bhratstáit nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, don Chonsal nó, má tá sé as láthair, don ionadaí taidhleoireachta is gaire den Stát sin. Ina theannta sin, cuirfear ar an eolas freisin na cigirí ainmnithe nó na comhlachtaí ceadaithe atá freagrach as deimhnithe aicmiúcháin nó deimhnithe reachtúla a eisiúint i gcomhréir leis na Coinbhinsiúin, más iomchuí. [...]

    [...]”

    36

    Sonraítear in Airteagal 21 de Threoir 2009/16, dar teideal “Faireachán ar chigireacht agus ar choinneáil long”:

    “1.   I gcás nach féidir na heasnaimh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a cheartú i gcalafort na cigireachta, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin a cheadú don long dul ar aghaidh gan moill mhíchuí go dtí an longchlós deisiúcháin iomchuí is gaire don chalafort coinneála, arna roghnú ag an máistir agus ag na húdaráis atá i gceist, áit ar féidir faireachán leantach a dhéanamh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a chuir údarás inniúil an Bhratstáit i bhfeidhm agus lenar ghlac an Ballstát sin. Áiritheofar leis na coinníollacha sin gur féidir leis an long dul go dtí an longchlós sin gan riosca a chruthú do shábháilteacht agus do shláinte na bpaisinéirí nó an chriú, ná riosca do longa eile, nó gan bheith ina bagairt mhíréasúnta don mhuirthimpeallacht.

    [...]

    3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh údarás inniúil Bhallstát chalafort na cigireachta fógra d’údarás inniúil an Stáit ina bhfuil an longchlós deisiúcháin, do na páirtithe a luaitear in Airteagal 19(6), nó d’aon údarás eile lena mbaineann, faoi na coinníollacha uile don turas.

    Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit a fhaigheann an fógra sin an t‑údarás a thug an fógra ar an eolas faoi na bearta arna nglacadh.

    4.   Glacfaidh na Ballstáit bearta chun go ndiúltófar rochtain ar aon chalafort nó ar aon ancaireacht sa Chomhphobal do longa dá dtagraítear i mír 1 a théann chun farraige:

    a)

    gan na coinníollacha arna gcinneadh ag údarás inniúil aon Bhallstát i gcalafort na cigireachta a chomhlíonadh; nó

    b)

    ag diúltú forálacha infheidhme na gCoinbhinsiún a chomhlíonadh trí gan dul isteach sa longchlós deisiúcháin a roghnaíodh.

    Leanfar leis an diúltú sin go dtí go gcuirfidh an t‑úinéir nó an t‑oibreoir fianaise ar fáil, a shásaíonn údarás inniúil an Bhallstáit inar aithníodh na heasnaimh, lena léirítear go gcomhlíonann an long forálacha infheidhme na gCoinbhinsiún go hiomlán.

    5.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar aithníodh na heasnaimh údaráis inniúla na mBallstát eile go léir a chur ar an eolas láithreach bonn.

    Sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an longchlós deisiúcháin lonnaithe údaráis inniúla na mBallstát eile go léir ar an eolas láithreach bonn.

    Sula ndiúltóidh sé cead isteach sa chalafort, féadfaidh an Ballstát comhairliúcháin le rialtas Bhratstát na loinge atá i gceist a iarraidh.

    6.   De mhaolú ar fhorálacha mhír 4, féadfaidh údarás inniúil Stát an chalafoirt rochtain a cheadú ar chalafort nó ar ancaireacht ar leith i gcás force majeure, ar chúiseanna sáraitheacha sábháilteachta, chun an baol truaillithe a chosc nó a laghdú nó chun easnaimh a cheartú, ar an gcoinníoll gur ghlac úinéir, oibreoir nó máistir na loinge atá i gceist bearta leordhóthanacha, a shásaíonn údaráis inniúil an Bhallstáit sin, d’fhonn a áirithiú gur féidir leis an long dul isteach sa chalafort go sábháilte.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    37

    In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal “Eilimintí de chóras an Chomhphobail maidir le cigireacht arna déanamh ag Stát an chalafoirt,” tá na forálacha seo a leanas:

    “[...]

    II. Cigireacht ar longa

    1. Cigireacht thréimhsiúil

    [...]

    2. Cigireacht bhreise

    Cuirfear na longa a bhfuil feidhm ag na tosca príomhúla nó na tosca gan choinne seo a leanas ina leith faoi réir cigireachta, gan beann ar an méid ama atá imithe thart ó rinneadh an chigireacht thréimhsiúil dheireanach orthu. Fágfar faoi bhreithiúnas gairmiúil an chigire é a chinneadh an gá tabhairt faoi chigireacht bhreise i gcás tosca gan choinne, áfach.

    2A. Tosca príomhúla

    Cuirfear na longa a bhfuil feidhm ag na tosca príomhúla seo a leanas ina leith faoi réir cigireachta, gan beann ar an méid ama atá imithe thart ó rinneadh an chigireacht thréimhsiúil dheireanach orthu.

    Longa, ó rinneadh an chigireacht dheireanach orthu sa Chomhphobal [...], a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar iad óna n‑aicme ar chúiseanna sábháilteachta.

    Longa a bhí ina n‑ábhar do thuairisc nó d’fhógra ó Bhallstát eile.

    Longa nach féidir a shainaithint sa bhunachar sonraí cigireachta.

    Longa:

    a bhí páirteach in imbhualadh, i ndul i dtalamh nó i dtráchur ar a mbealach go dtí an calafort,

    a líomhnaíodh gur sháraigh siad na forálacha infheidhme maidir le scaoileadh substaintí nó eisiltigh dhochracha, nó

    a ionramháladh ar bhealach gan smacht nó neamhshábháilte gan cloí leis na bearta eagrúchán tráchta arna nglacadh ag IMO nó le cleachtais agus nósanna imeachta na loingseoireachta sábháilte.

    2B. Tosca gan choinne

    Féadfar cigireacht a dhéanamh ar longa a bhfuil feidhm ag na tosca gan choinne seo a leanas ina leith, gan beann ar an méid ama atá imithe thart ó rinneadh an chigireacht thréimhsiúil dheireanach orthu. Fágfar faoi bhreithiúnas gairmiúil an údaráis inniúil é a chinneadh chun tabhairt faoi chigireacht bhreise den sórt sin.

    [...]

    Longa a bhfuil deimhnithe acu a d’eisigh comhlacht ceadaithe ach ar tarraingíodh siar a chreidiúnú ó rinneadh an chigireacht dheireanach sa Chomhphobal [...]

    Longa ar thuairiscigh píolótaí nó na húdaráis nó comhlachtaí calafoirt go bhfuil easnaimh fhollasacha ag baint leo a d’fhéadfadh sábháilteacht na loingseoireachta a chur i mbaol nó a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt don mhuirthimpeallacht [...]

    Longa nach gcomhlíonann na hoibleagáidí is infheidhme maidir le fógra a thabhairt [...]

    Longa a bhí ina n‑ábhar do thuairisc nó do ghearán, lena n‑áirítear gearán ar talamh, ón máistir, ó bhall den chriú nó ó aon duine nó eagraíocht a bhfuil leas dlisteanach aige in oibriú sábháilte na loinge, i ndálaí maireachtála agus oibre ar bord nó i gcosc ar thruailliú, mura mheasann an Ballstát atá i gceist go bhfuil an tuairisc nó an gearán gan bhunús go follasach.

    Longa a coinníodh níos mó ná trí mhí ó shin cheana.

    Longa ar tuairiscíodh go bhfuil easnaimh ag baint leo nár ceartaíodh go fóill, [...]

    Longa ar tuairiscíodh go bhfuil fadhbanna acu maidir lena lasta, go háirithe lastaí díobhálacha agus contúirteacha.

    Longa a oibríodh ar bhealach ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol.

    Longa ar chuir foinse iontaofa in iúl go bhfuil a bparaiméadair riosca difriúil ó na paraiméadair chláraithe agus go bhfuil a bpróifíl riosca níos airde dá bharr sin.

    [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    38

    In Iarscríbhinn V, a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal “Samplaí ‘d’fhorais fhollasacha’”, foráiltear, i bpointe A1, i measc na “[s]amplaí d’fhorais fhollasacha lena dtugtar údar le cigireacht níos mionsonraithe”, go n‑áirítear “[n]a longa a liostaítear i bpointí 2A agus 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I.”

    39

    Leagtar amach in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal “Critéir chun longa a choinneáil”:

    “Chun a chinneadh an dtugann na heasnaimh arna n‑aithint le linn cigireachta údar le coinneáil na loinge lena mbaineann, ní mór don chigire na critéir a leagtar amach i bpointí 1 agus 2 a chur i bhfeidhm.

    I bpointe 3 tá samplaí d’easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ina n‑údar iontu féin leis an long atá i gceist a choinneáil (Airteagal 19(3)).

    [...]

    1.

    Príomhchritéir

    Ní mór don chigire, chun a chinneadh cé acu ar cheart long a choinneáil nó nár cheart, i gcomhthéacs a bhreithiúnais ghairmiúil féin, na critéir seo a leanas a chur i bhfeidhm.

    [...]

    Déanfar an long a choinneáil má tá a heasnaimh tromchúiseach go leor chun go bhfuil ar chigire filleadh ar an long chun a áirithiú gur ceartaíodh iad roimh imeacht na loinge.

    Is tomhas ar thromchúis na n‑easnamh é gá an chigire chun filleadh ar an long. Mar sin féin, ní fhorchuirtear an oibleagáid sin i ngach cás. Tugtar le tuiscint léi go ndéanfaidh an t‑údarás a fhíorú, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, trí shuirbhé breise más féidir, gur ceartaíodh na heasnaimh sula n‑imíonn an long.

    2.

    Cur i bhfeidhm na bpríomhchritéar

    Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil na heasnaimh arna n‑aithint ar long tromchúiseach go leor chun údar a thabhairt leis an long a choinneáil, ní mór don chigire a fhíorú:

    [...]

    Le linn na cigireachta, ní mór don chigire thairis sin a fhíorú an bhfuil an long agus/nó an criú in ann:

    3.

    a chéad turas eile a dhéanamh gan chontúirt;

    [...]

    8.

    an long a thréigean go gasta agus go sábháilte agus tarrtháil a dhéanamh más gá le linn an chéad turais eile;

    9.

    cosc a chur ar thruailliú an chomhshaoil le linn an chéad turais eile ina iomláine;

    [...]

    13.

    dálaí sábháilteachta agus sláinteachais a áirithiú le linn an chéad turais eile ina iomláine;

    [...]

    Má tá freagra diúltach ar aon cheann astu sin, agus na heasnaimh ar fad a aimsíodh á gcur san áireamh, ní mór a bheith ag machnamh go dáiríre faoin long a choinneáil. D’fhéadfaí údar a thabhairt le coinneáil na loinge le teaglaim d’easnaimh nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna.

    3.

    Chun cabhrú leis an gcigire na treoirlínte seo a úsáid, tá liosta d’easnaimh thíos, arna n‑aicmiú de réir an Choinbhinsiúin agus/nó an chóid ábhartha, atá de chineál chomh tromchúiseach sin go bhféadfaidís a bheith ina n‑údar leis an long atá i gceist a choinneáil. Ceapadh an liosta mar liosta neamh-uileghabhálach.

    [...]

    3.2. Réimse a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún [um Shábháilteacht Anama ar Muir]

    [...]

    5.

    Easpa, acmhainneacht neamhleor nó meath tromchúiseach maidir leis na fearais tarrthála pearsanta, na báid agus raftaí tarrthála agus na fearais lainseála.

    [...]

    3.10. Réimsí a chumhdaítear leis an [gCoinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006]

    [...]

    8. Is riosca follasach iad na dálaí ar bord do shábháilteacht, do shláinte nó do shlándáil na maraithe.

    9. Is ionann an neamh-chomhréireacht agus sárú tromchúiseach nó leanúnach ar cheanglais [an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, 2006], lena n‑áirítear cearta na maraithe, maidir le dálaí maireachtála agus oibre na maraithe ar bord na loinge, mar a shonraítear iad i ndeimhniú oibreachais mhuirí agus sa dearbhú maidir le comhlíonadh oibreachais mhuirí na loinge.

    [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    Moladh an 23 Meán Fómhair 2020

    40

    An 23 Meán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Eorpach Moladh (AE) 2020/1365 maidir le comhar idir na Ballstáit i ndáil le hoibríochtaí arna ndéanamh ag longa ar le heintitis phríobháideacha iad nó atá á n‑oibriú acu chun críoch gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála (IO 2020 L 317, lch. 23, “Moladh an 23 Meán Fómhair 2020”).

    41

    Leagtar amach in aithrisí 1 go 8, 11, 12, 15, 16 agus 18 den Mholadh sin na cúiseanna ar a glacadh é. Sa chéad áit, deir an Coimisiún go bhfuil sé mar thoradh ar chomhthéacs ghéarchéim na himirce san Aontas ó 2014 agus, go háirithe, an méadú géar atá tagtha ar an líon daoine atá ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú ar bord soithí mí-oiriúnacha chun teitheadh óna Stát tionscnaimh agus tearmann a aimsiú san Eoraip go bhfuil roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENR) ag oibriú long agus ag gabháil do ghníomhaíochtaí casta cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, d’fhonn cúnamh a sholáthar dóibh. Sa dara háit, deir an Coimisiún, go bunúsach, cé go bhféadfaí breathnú ar na gníomhaíochtaí sin i bhfianaise na hoibleagáide, a chumhdaítear le dlí idirnáisiúnta an ghnáis agus leis an dlí idirnáisiúnta coinbhinsiúnach, ar na Ballstáit chun cúnamh a sholáthar do dhaoine den sórt sin, go n‑éilítear léi comhordú agus comhar feabhsaithe idir na ENR sin agus na Ballstáit agus idir na Ballstáit féin, bíodh gurb iad Bratstát na long a úsáidtear, Stát an chalafoirt ina ndéantar nó ina bhféadfar na daoine a tarrtháladh a thabhairt i dtír nó Stát óstach na ndaoine sin. Sa tríú háit agus ar deireadh, measann an Coimisiún, go bunúsach, nach mór, gan dochar do na hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta agus as dlí an Aontais, creat oiriúnach a chruthú do na gníomhaíochtaí sin, go háirithe chun sábháilteacht na ndaoine arna dtarrtháil agus na gcriúnna a dhéanann an tarrtháil a áirithiú ar muir agus mar chuid de sin nach mór grúpa teagmhála a chur ar bun lena gcuirfí ar chumas na mBallstát comhoibriú, comhordú agus forbairt ar dhea-chleachtais a dhéanamh, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí uile.

    42

    I bhfianaise na ngnéithe sin, iarrtar ar na Ballstáit leis an Moladh thuasluaite, go bunúsach, a gcomhar a mhéadú maidir leis na gníomhaíochtaí príobháideacha cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, go háirithe trí ghrúpa teagmhála a bhunú, leis an gCoimisiún agus i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, sa réimse sin.

    Dlí na hIodáile

    43

    Trasuíodh Treoir 2009/16 i ndlí na hIodáile leis an decreto legislativo n. 53 — Attuazione della direttiva 2009/16/CE recante le norme internazionali per la sicurezza delle navi, la prevenzione dell’inquinamento e le condizioni di vita e di lavoro a bordo per le navi che approdano nei porti comunitari e che navigano nelle acque sotto la giurisdizione degli Stati membri (Foraithne Reachtach Uimh. 53 maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/16/CE lena leagtar síos rialacha idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht long, cosc ar thruailliú agus na dálaí maireachtála agus oibre ar bord long a thagann isteach i gcalafoirt an Aontais agus atá ag loingseoireacht in uiscí atá faoi dhlínse na mBallstát) an 24 Márta 2011 (GURI Uimh. 96 an 27 Aibreán 2011, lch. 1, “Foraithne Reachtach Uimh. 53/2011”).

    44

    Tá Airteagal 3 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 53/2011 sna téarmaí seo a leanas:

    “1.   Beidh feidhm ag an bhForaithne seo maidir le longa agus árthaí áineasa a úsáidtear chun críoch tráchtála agus a bhfuil bratach nach brat Iodálach é ar foluain acu agus maidir lena gcriúnna a thagann isteach i gcalafort nó ancaireacht de chalafort náisiúnta chun gníomhaíocht shonrach comhéadain loinge/calafoirt a dhéanamh. Chun críocha na Foraithne seo, measfar cigireacht ar long a dhéantar in uiscí faoin dlínse náisiúnta a bheith coibhéiseach le cigireacht a dhéantar i gcalafort.

    [...]

    5.   Ní bheidh feidhm ag an bhForaithne seo maidir le longa iascaireachta, longa cogaidh, soithí cúntacha cabhlaigh, soithí adhmaid de thógáil bhunúsach, longa na n‑údarás poiblí a úsáidtear chun críoch neamhthráchtála agus árthaí áineasa nach bhfuil i mbun trádála.”

    Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

    45

    Is eagraíocht dhaonnúil neamhbhrabúsach é Sea Watch a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBeirlín (an Ghearmáin). Luaitear ina reachtanna gurb é is cuspóir dó, go háirithe, daoine atá i mbaol nó in anacair ar muir a tharrtháil agus longa agus aerárthaigh a chothabháil agus a oibriú chun críocha na tarrthála sin. I gcomhréir leis an gcuspóir sin, déanann sé gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara le longa ar leis iad agus atá á n‑oibriú aige chomh maith. Áirítear i measc na long sin dhá long ar a dtugtar “Sea Watch 3” agus “Sea Watch 4,” a bhfuil bratach na Gearmáine ar foluain acu agus ar dheimhnigh comhlacht aicmiúcháin agus deimhniúcháin a bunaíodh sa Ghearmáin iad mar “lastlong ginearálta — ilchuspóireach.”

    46

    Le linn shamhradh 2020, d’fhág Sea Watch 3 agus Sea Watch 4, ceann i ndiaidh a chéile, calafort Burriana (an Spáinn) agus rinne siad tarrtháil ar na céadta daoine a bhí i mbaol nó in anacair in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara. Ina dhiaidh sin, chuir an Italian Maritime Rescue Coordination Centre (Ionad Comhordaithe Tarrthála Mara na hIodáile), atá lonnaithe sa Róimh (an Iodáil) in iúl do mháistrí na long sin gur údaraigh an Ministero degli Interni (an Aireacht um Ghnóthaí Inmheánacha, an Iodáil) tabhairt i dtír agus trasloingiú na ndaoine atá i gceist i longa i gcalafort Palermo, i gcás Sea Watch 4, agus i gcalafort Port-Empedocle, i gcás Sea Watch 3. Mar sin, tugadh treoir dóibh a longa a thabhairt go dtí na calafoirt sin agus na hoibríochtaí sin a dhéanamh.

    47

    A luaithe a bhí na hoibríochtaí sin curtha i gcrích, d’ordaigh an Ministro della Salute (an tAire Sláinte, an Iodáil) do Sea Watch 4 agus Sea Watch 3 an t‑ancaire a chur gar do na calafoirt atá i gceist d’fhonn, sa chéad áit, na criúnna a ghaibhniú chun leathadh phaindéim COVID-19 a chosc agus, sa dara háit, chun críche glantacháin, díghalraithe agus deimhniúcháin sláinte.

    48

    Ag deireadh na nósanna imeachta glantacháin agus díghalrúcháin, rinne Oifigí Mháistir chalafoirt Palermo agus Porto Empedocle cigireacht ar bord, ar bhonn Fhoraithne Reachtach Uimh. 53/2011, agus ina dhiaidh sin d’ordaigh siad go ndéanfar Sea Watch 4 agus Sea Watch 3, faoi seach, a choinneáil. Mar is léir ó na tuairiscí a d’eascair as na cigireachtaí sin agus na fógraí coinneála arna nglacadh ina dhiaidh sin, mheas Oifigí Mháistir na gcalafort sin, sa chéad áit, go raibh na longa sin “i mbun cuidiú le himircigh ar muir cé nár deimhníodh [iad] don tseirbhís bheartaithe.” Sa dara háit, sainaithníodh sa chigireachtaí níos mó ná 20 “easnamh teicniúla agus oibríochtúla” i ndáil le forálacha reachtaíocht an Aontais agus na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta is infheidhme, arbh éigean a mheas go raibh 9 gcinn dóibh sin, “astu féin nó le chéile, contúirteach go follasach don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol” agus go raibh siad chomh tromchúiseach sin go dtabharfaí údar leo leis na longa sin a choinneáil, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2009/16.

    49

    Ó shin i leith, chuir Sea Watch deireadh le méid áirithe de na neamhrialtachtaí sin. Measann sé, mar sin féin, nár cruthaíodh na neamhrialtachtaí atá fágtha. Baineann na neamhrialtachtaí sin, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, leis an bhfíric, de réir Oifigí Mháistir chalafoirt Palermo agus Porto Empedocle, nach bhfuil Sea Watch 4 agus Sea Watch 3 deimhnithe chun na céadta daoine a thabhairt ar bord agus a iompar, mar a rinne siad le linn shamhradh 2020. Ina dhiaidh sin, líomhnaítear nach bhfuil an dá long sin feistithe le trealamh teicniúil atá oiriúnach chun gníomhaíochtaí den sórt sin a chur i gcrích, cé go bhfuil siad ceaptha i ndáiríre do na gníomhaíochtaí sin agus go n‑úsáidtear chuige sin iad go heisiach i ndáiríre. Go háirithe, líomhnaítear go bhfuil na gléasraí cóireála fuíolluisce agus an trealamh tarrthála lena bhfuil siad feistithe deartha, faoi seach, do 22 nó 30 duine agus ní do na céadta daoine, agus go bhfuil leithris agus cithfholcadáin bhreise a sceitheann go díreach isteach san fharraige curtha isteach ar na deiceanna. Ar deireadh, maítear nár cuireadh na hoibríochtaí tarrthála a dhéanann na baill foirne san áireamh ina n‑uaireanta oibre.

    50

    Thionscain Sea Watch dhá chaingean os comhair an Tribunale amministrativo regionale per la Sicilia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, an tSicil) ag iarraidh go gcuirfí ar neamhní fógraí coinneála Sea Watch 4 agus Sea Watch 3, na tuarascálacha cigireachta a bhí ann roimh na fógraí coinneála sin agus “aon réamhghníomh eile, aon ghníomh gaolmhar nó aon ghníomh ina dhiaidh sin” (“na bearta atá i gceist sna príomhimeachtaí”). Mar thaca lena héilimh, maíonn sé, ar an gcéad dul síos, go ndeachaigh na hOifigí Máistir a d’eisigh na bearta sin thar na cumhachtaí a tugadh do Stát an chalafoirt faoi Threoir 2009/16, arna léirmhíniú i bhfianaise dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus an dlí idirnáisiúnta choinbhinsiúnaigh is infheidhme, agus go háirithe an riail maidir le glacadh frithpháirteach idir Stáit le deimhnithe arna n‑eisiúint ag na Bratstáit, trí chigireachtaí a dhéanamh arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh amhras a chur ar aicmiú agus deimhniú na long Sea Watch 4 agus Sea Watch 3 arna ndéanamh ag údaráis inniúla na Gearmáine. Ar an dara dul síos, maítear go ndearnadh na cigireachtaí sin cé nár comhlíonadh na coinníollacha nós imeachta agus substaintiúla chun iad a dhéanamh, mar a leagtar síos i dTreoir 2009/16 iad. Ar an tríú dul síos, maítear gurb é atá sna cigireachtaí sin, i ndáiríre, ná modh timpeallach chun cuspóir a bhaint amach, cuspóir chun bac a chur ar oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála arna n‑eagrú ag Sea Watch sa Mheánmhuir. Ar an gceathrú dul síos, agus in aon chás, líomhnaítear nach dtabharfaí leis na heasnaimh a líomhnaíonn Oifigí na Máistrí atá i gceist, ar bhealach ginearálta thairis sin, údar le hordú go gcoinneofaí an dá long atá i gceist.

    51

    Ina theannta sin, chomh maith lena chaingne, chuir Sea Watch iarratais isteach ar bhearta eatramhacha ionas go nglacfaí le bearta cosanta agus d’áitigh sé go raibh siad riachtanach agus é ag maíomh riosca de dhíobháil thromchúiseach agus dholeigheasta a bheith ann, de réir bhrí fhorálacha ábhartha dhlí na hIodáile.

    52

    Ina iarrataí ar réamhrialú, arna dtaisceadh i gcomhthéacs, faoi seach, na díospóide a bhaineann le Sea Watch 4 (Cás C‑14/21) agus i gcomhthéacs na díospóide a bhaineann le Sea Watch 3 (Cás C‑15/21), deir an chúirt a rinne an tarchur, inter alia, go léiríonn na heilimintí sa chomhad a bhaineann leis na díospóidí sin go bhfuil na neamhrialtachtaí atá fágtha, atá i gceist sna príomhimeachtaí, ina n‑ábhar do sheasaimh éagsúla ní hamháin ag na páirtithe sna díospóidí sin, ach freisin ag na húdaráis atá i gceist san Iodáil, Stát an chalafoirt, agus sa Ghearmáin, an Bratstát. Dar leis an gcúirt sin, measann údaráis na hIodáile, go bunúsach, gur suíodh na neamhrialtachtaí sin agus nach mór deireadh a chur leo, cé go measann údaráis na Gearmáine nach mór teacht chun na conclúide, ar bhonn léirmhíniú ceart ar fhorálacha ábhartha de dhlí an Aontais agus den dlí idirnáisiúnta poiblí, nach bhfuil aon neamhrialtachtaí ann agus, dá bhrí sin, nach gá aon ghníomh ó Sea Watch chun iad a leigheas sa chás sin.

    53

    I bhfianaise na n‑imthosca sin, measann an chúirt a rinne an tarchur gur gá di, chun na díospóidí sna príomhimeachtaí a réiteach, tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú ionas go soiléireoidh an Chúirt Bhreithiúnais na socruithe dlíthiúla is infheidhme maidir le longa arna n‑oibriú ag eagraíochtaí neamhrialtasacha le haidhm dhaonnúil, amhail Sea Watch, chun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh go córasach do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir.

    54

    Go háirithe, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur, sa chéad áit, faoi raon feidhme Threoir 2009/16 agus, go sonrach, an gá Airteagal 3 den Treoir sin a léirmhíniú, i bhfianaise a fhoclaíochta, scéim na Treorach sin agus na gcuspóirí a shaothraítear léi, sa chaoi go n‑áirítear leis, nó nach n‑áirítear, longa, cé gur aicmigh agus gur dheimhnigh comhlacht údaraithe ag an mBratstát agus ceadaithe ar leibhéal an Aontais go hoifigiúil iad mar “lastlonga” a bheartaítear a úsáid chun críoch tráchtála nó trádála, go bhfuil siad beartaithe agus i mbun, sa chleachtas, ar bhealach eisiach agus córasach, gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir.

    55

    Maidir leis an bpointe sin, cuireann an chúirt sin in iúl go bhfuil sí claonta chun na tuairime nach mór Treoir 2009/16 a léirmhíniú, i bhfianaise Airteagal 3(4), aithrisí 2 go 4 agus 6 agus an chomhthéacs ina bhfuil an fhoráil sin agus na haithrisí sin, sa chaoi nach bhfuil feidhm aici maidir le longa, amhail Sea Watch 4 agus Sea Watch 3, a úsáidtear chun críocha gníomhaíochtaí neamhthráchtála nó neamhthrádála, amhail gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine i mbaol nó in anacair ar muir, ach amháin más féidir glacadh leis na longa sin mar longa paisinéirí. De réir an léirmhínithe sin, ní fhéadfaidh na longa sin a bheith ina n‑ábhar do chigireacht arna déanamh ar bhonn Airteagail 11 go 13 den Treoir sin. Tuigeann an chúirt sin, áfach, go bhféadfaí léirmhíniú contrártha a chur ar an Treoir sin freisin, go háirithe i ndáil le hAirteagal 3(1). Más é sin an cás, deir sí gur cheart, áfach, a bheith amhrasach maidir le comhréireacht Fhoraithne Reachtach Uimh 53/2011, arna glacadh ag Poblacht na hIodáile d’fhonn Treoir 2009/16 a thrasuí ina dlí inmheánach, leis an Treoir sin.

    56

    Sa dara háit, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhféadfadh an dí-chomhréireacht fhollasach idir an t‑uaslíon de 22 nó 30 duine ar féidir a iompar ar longa Sea Watch 4 agus Sea Watch 3 de bhun a ndeimhnithe, faoi seach, agus na céadta duine arna n‑iompar go hiarbhír acu le linn na n‑oibríochtaí tarrthála a bhí mar chúis leis na bearta atá i gceist sna príomhimeachtaí a bheith ina “toisc phríomhúil” nó ina “toisc gan choinne,” de réir bhrí phointí 2A agus 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/16, lena dtabharfaí údar le cigireacht bhreise, bunaithe ar Airteagal 11 den Treoir sin, a dhéanamh ar na longa sin.

    57

    Measann an chúirt a rinne an tarchur gurb ionann an dí-chomhréireacht fhollasach sin agus “toisc gan choinne” agus, go sonrach, dálaí ina n‑oibrítear longa “ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol”. I ndáil leis sin, cuireann sí in iúl, ar dtús, nach bhfuil an oibleagáid atá ar mháistrí long cúnamh a sholáthar d’aon duine atá i mbaol nó in anacair ar muir, mar a leagtar síos in Airteagal 98 den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige í agus mar a mheabhraítear í leis an gCoinbhinsiún maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, ceangailteach, i gcomhréir leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta sin, ach amháin nuair is féidir í a chur chun feidhme gan rioscaí tromchúiseacha a chruthú don long, don chriú agus do na paisinéirí atá i gceist. Déanann sí amach as an méid sin, ina dhiaidh sin, go bhféadfadh rioscaí den sórt sin a bheith ann de bharr líon daoine a bheith ar bord loinge ar leith ar léir go bhfuil sé díréireach lena hacmhainn iompair agus lena trealamh, mar a shonraítear nó a léirítear ina deimhnithe éagsúla, agus le méid a criú. Tagann sí chun na conclúide, ar deireadh, i gcás ina dtógtar na daoine sin ar bord mar gheall ar ghníomhaíochtaí eisiacha agus córasacha cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, a dhéantar le longa a dhearbhaítear lena ndeimhnithe nach bhfuil siad oiriúnach don ghníomhaíocht sin, go bhféadfaí a mheas gurb ann do dhálaí contúirteacha oibriúcháin lena dtugtar údar le cigireacht bhreise a eagrú faoi Airteagal 11 de Threoir 2009/16.

    58

    Sa tríú háit, tá an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh a chinneadh, ar bhealach ginearálta, leithne agus raon feidhme cumhachtaí Stát an chalafoirt i gcomhthéacs na cigireachta níos mionsonraithe ar long nach bhfuil sé mar Bhratstát uirthi, a dhéantar ar bhonn Airteagal 13 de Threoir 2009/16. Go sonrach, tá amhras uirthi an gcumhdaítear leis na cumhachtaí sin an cumas chun a áirithiú, gan beann ar na gníomhaíochtaí dá bhfuil an long sin aicmithe agus deimhnithe ag údaráis inniúla an Bhratstáit, an gcomhlíonann sí, i gcás ina bhfuil sí i mbun gníomhaíochtaí eile sa chleachtas, agus í sin cuardach agus tarrtháil ar bhealach eisiach agus córasach do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, na ceanglais is infheidhme maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord, mar a eascraíonn siad ó dhlí tánaisteach an Aontais agus/nó ó dhlí idirnáisiúnta an ghnáis nó dlí idirnáisiúnta coinbhinsiúnach na farraige.

    59

    I ndáil leis sin, deir an chúirt a rinne an tarchur, ar dtús, nach mór, dar léi, Airteagal 13 de Threoir 2009/16 a thuiscint, i bhfianaise a fhoclaíochta, sa chaoi go gceadaítear leis do Stát an chalafoirt cigireacht a dhéanamh nach bhfuil teoranta d’fhíorú foirmiúil an bhfuil na deimhnithe riachtanacha uile ar bord, ach go n‑áirítear mar chuid di freisin seiceáil fhisiceach ar riocht iarbhír na loinge atá i gceist. Ina dhiaidh sin, cuireann sí in iúl nach mór an tseiceáil fhisiceach sin a dhéanamh, áfach, ag féachaint d’fhoclaíocht an Airteagail sin agus do scéim Threoir 2009/16, mar a shoiléirítear go háirithe ina haithris 6 agus leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta is infheidhme, trí thagairt don aicmiú agus don deimhniú arna ndéanamh ag an mBratstát, agus, dá bhrí sin, nach mór di féachaint lena fhíorú amháin an gcomhlíonann riocht iarbhír na loinge atá i gceist na ceanglais is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí dá bhfuil sí aicmithe agus deimhnithe ag an Stát sin. Ní dhéanfaí seiceáil den sórt sin ach mar “dara líne chosanta” agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaí amhras a chaitheamh léi, lena cuspóir nó lena héifeachtaí, ar an rialú agus ar na cinntí a rinneadh “sa chéad líne” sa Bhratstát, rud a d’fhéadfadh tarlú dá gceadófaí léi do Stát an chalafoirt long a choinneáil ar an bhforas nach gcomhlíonann sí ceanglais nach iad na ceanglais a bhaineann leis an ngníomhaíocht dá bhfuil sí deimhnithe. Ar deireadh, cé go nglacann an chúirt a rinne an tarchur leis go bhféadfadh léirmhíniú den sórt sin ar dhlí tánaisteach an Aontais calaoisí a cheadú, tugann sí faoi deara, go bunúsach, nach bhfuil an ghníomhaíocht de chuardach agus tarrtháil daoine atá i gceist sna príomhimeachtaí calaoiseach a mhéid atá sí, ar an gcéad dul síos, ag teacht leis an gcuspóir atá á shaothrú ag Sea Watch, ar an dara dul síos, curtha in iúl d’údaráis inniúla na Gearmáine agus na hIodáile, agus, ar an tríú dul síos, aitheanta i bprionsabal, mar a léirítear i Moladh an 23 Meán Fómhair 2020.

    60

    Sa cheathrú háit, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach, murar féidir le Stát an chalafoirt rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dalaí maireachtála agus oibre ar bord ag long, ar bhonn Threoir 2009/16, i bhfianaise ghníomhaíocht iarbhír na loinge sin, an bhféadfaí cumhacht den sórt sin a bhunú ar Airteagal I(b) den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir, dá dtagraítear in Airteagal 2 den Treoir sin, lena gceanglaítear ar rialtais chonarthacha na bearta is gá a ghlacadh chun “a áirithiú, maidir le sábháilteacht anama, go bhfuil long cáilithe don tseirbhís dá bhfuil sí beartaithe”, nó ar phointe 1.3.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rún IMO maidir le Rialú Stát an Chalafoirt.

    61

    Sa chúigiú háit, agus san áit dheireanach, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur, ar dtús, ar a mhéid agus ar an gcaoi a bhfuil údaráis Stát an chalafoirt i dteideal a cheangal ar long arna deimhniú ag an mBratstát mar lastlong go mbeadh sí, ina theannta sin, deimhnithe chun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, agus go gcomhlíonfadh sí na ceanglais is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí sin nó go gcuireann sí i gcrích iad i ndálaí atá oiriúnach chun an tsábháilteacht ar muir a áirithiú. Anuas air sin, tá amhras uirthi an bhfuil na húdaráis sin údaraithe chun long den sórt sin a choinneáil de bhun Airteagal 19 de Threoir 2009/16 go dtí go gcomhlíonfaidh sí na ceanglais sin.

    62

    I ndáil leis na ceisteanna sin go léir, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, ar an gcéad dul síos, go gcuirtear chun suntais i Moladh an 23 Meán Fómhair 2020 an tábhacht a chuireann an tAontas in urramú na gceanglas is infheidhme maidir le sábháilteacht ag na longa i mbun gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair sa Mheánmhuir. Ar an dara dul síos, measann sí, áfach, nach bhfuil aon rialacha idirnáisiúnta ná rialacha de chuid an Aontais ann a bheadh infheidhme go soiléir agus curtha in oiriúint i ndáiríre do longa atá ag gabháil, go heisiach agus go córasach, do na gníomhaíochtaí sin. Ar an tríú dul síos, measann sí, go bunúsach, in éagmais aicmiú agus deimhniú iomchuí, nach féidir le Stát an chalafoirt a cheangal ar na longa sin deimhnithe a bheith acu seachas na deimhnithe sin a d’eisigh an Bratstát dóibh ná ceanglais a chomhlíonadh seachas na ceanglais a bhaineann leis na deimhnithe sin.

    63

    Sna himthosca sin, chinn an Tribunale amministrativo regionale per la Sicilia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, an tSicil), i ngach ceann den dá dhíospóid sna príomhimeachtaí, bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chun na Cúirte le haghaidh réamhrialú, a bhfuil an fhoclaíocht chéanna orthu agus iad dírithe, i gCás C‑14/21, ar an long Sea Watch 4 agus, i gCás C‑15/21, ar an long Sea Watch 3:

    “1)

    a)

    An gclúdaítear le raon feidhme Threoir 2009/16 long atá aicmithe mar lastlong ag eagraíocht aicmiúcháin an Bhratstáit, ach a théann i ndáiríre i mbun gníomhaíochtaí neamhthráchtála go heisiach agus go córasach, amhail gníomhaíochtaí ‘search and rescue’ mar a thugtar orthu [‘SAR’ nó ‘cuardach agus tarrtháil’] (mar a dhéanann [Sea Watch] iad ag baint úsáid as [longa Sea Watch 4 agus Sea Watch 3] ar bhonn a reachtanna) agus, dá réir sin, an féidir [cigireacht ag Stát an chalafoirt] a dhéanamh ar long den chineál sin freisin?

    b)

    [M]á chinneann an Chúirt go dtagann na longa lena mbaineann faoi raon feidhme Threoir 2009/16 freisin, an bhfuil rialacha náisiúnta amhail Airteagal 3 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 53/2011 mar sin, lenar trasuíodh Airteagal 3 den Treoir sin, ach, os a choinne sin, ina sainmhínítear go sainráite, ina mír 1, raon feidhme na cigireachta [ag Stát an chalafoirt] trína theorannú do longa a úsáidtear chun críoch tráchtála amháin, lena ndéantar ní hamháin árthaí áineasa a eisiamh ach lastlonga freisin nach mbíonn, i ndáiríre, i mbun gníomhaíochtaí tráchtála (agus, mar sin, nach n‑úsáidtear chun críocha na ngníomhaíochtaí sin), ar neamhréir leis an Treoir sin, agus í á léirmhíniú sa chaoi sin?

    c)

    Ar deireadh, an féidir a mheas, go bailí, go dtagann faoi raon feidhme Threoir 2009/16, a mhéid a chlúdaítear léi freisin longa paisinéirí, mar thoradh ar na leasuithe arna ndéanamh [do Threoir 2009/16] in 2017, lastlonga a théann go córasach i mbun ghníomhaíochtaí ‘SAR,’ agus sa tslí sin iompar daoine a tharrtháiltear ar muir toisc go bhfuil siad i mbaol báis a chomhshamhlú le hiompar paisinéirí?

    2)

    An féidir a mheas, go bailí, gur toisc phríomhúil de réir bhrí phointe 2A de Chuid II d’Iarscríbhinn I, nó gur toisc gan choinne de réir bhrí phointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I, dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2009/16, é gur iompraíodh i bhfad níos mó daoine ar an long ná an líon daoine a luaitear ar an deimhniú trealaimh sábháilteachta, cé go bhfuil sin de thoradh ar ghníomhaíochtaí ‘SAR’ nó, in aon chás, go bhfuil deimhniú trealaimh sábháilteachta aici ar a luaitear líon i bhfad níos lú daoine ná na daoine a iompraíodh i ndáiríre?

    3)

    Maidir le cumhacht Stát an chalafoirt chun cigireacht níos mionsonraithe a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2009/16, ar longa atá faoi bhratacha na mBallstát, an féidir nó an gcaitear a áireamh sa chumhacht sin freisin an chumhacht chun fíorú nithiúil a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an long i ndáiríre, gan beann ar na gníomhaíochtaí ar eisigh an Bratstát agus eagraíocht aicmiúcháin an Bhratstáit an deimhniú aicmiúcháin agus na deimhnithe sábháilteachta ina leith, agus, mar sin, an chumhacht chun a fhíorú go bhfuil na deimhnithe ag an long agus, i gcoitinne, go bhfuil na riachtanais nó na ceanglais a leagtar síos leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord á gcomhlíonadh aici? Más amhlaidh atá, an féidir an chumhacht sin a fheidhmiú freisin i gcás long atá i mbun gníomhaíochtaí ‘SAR’ ar bhonn córasach i ndáiríre?

    4)

    a)

    Conas is cóir [Airteagal I](b) den Choinbhinsiún [um Shábháilteacht Anama ar Muir] — dá dtagraítear go sainráite in Airteagal 2 de Threoir 2009/16, agus a bhfuil gá, dá bhrí sin, léirmhíniú comhionann [ar dhlí an Aontais] a áirithiú chun críocha agus i gcomhthéacs chigireacht Stát an chalafoirt — a léirmhíniú, a mhéid a fhoráiltear leis go ‘[ng]abhann na Rialtais chonarthacha orthu féin gach dlí, foraithne, ordú agus rialachán a achtú agus aon bheart eile is gá a chur i bhfeidhm chun éifeacht iomlán a thabhairt don Choinbhinsiún, chun a áirithiú, maidir le sábháilteacht anama, go bhfuil long cáilithe don tseirbhís dá bhfuil sí beartaithe’? Go háirithe, maidir le cinneadh an bhfuil an long cáilithe don tseirbhís dá bhfuil sí beartaithe[,] cinneadh a bhfuil iallach ar Stát an chalafoirt a dhéanamh tríd an gcigireacht, an gcaithfear é sin a theorannú agus an t-aon chritéar measúnaithe a bheith ann ná na ceanglais is infheidhme ar bhonn an aicmithe agus na ndeimhnithe sábháilteachta comhfhreagracha atá aici, a fuarthas ar bhonn gníomhaíochtaí a dearbhaíodh go teoiriciúil, nó an féidir, ina ionad sin, an tseirbhís atá ar bun i ndáiríre ag an long a chur san áireamh freisin?

    b)

    Dá bhrí sin, fiú i ndáil leis an gcritéar idirnáisiúnta sin, an bhfuil sé de chumhacht ag údaráis riaracháin Stát an chalafoirt a fhíorú, ní hamháin go bhfuil an trealamh ar bord i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sna deimhnithe a d’eisigh an Bratstát agus atá mar thoradh ar aicmiú teoiriciúil na loinge, ach freisin measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na ndeimhnithe agus na dtrealamh comhfhreagrach ar bord na loinge de réir na ngníomhaíochtaí a dhéantar i ndáiríre, atá éagsúil ó na gníomhaíochtaí a luaitear sa deimhniú aicmiúcháin agus nach bhfuil bainteach leo?

    c)

    Is gá na breithnithe céanna a chur in iúl maidir le pointe 1.3.1. [den Iarscríbhinn] den Rún [IMO maidir le Rialú Stát an Chalafoirt], a mhéid a fhoráiltear leis go bhfuil, ‘[d]e bhun fhorálacha na gCoinbhinsiún ábhartha a luaitear thuas i roinn 1.2, […] freagracht ar an Rialtas (is é sin le rá Rialtas an Bhratstáit) chun na dlíthe agus na rialacháin a achtú agus chun aon bheart eile a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun éifeacht iomlán a thabhairt do na Coinbhinsiúin sin a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú, maidir le sábháilteacht anama ar muir agus cosc ar thruailliú, go bhfuil long cáilithe don tseirbhís dá bhfuil sí beartaithe agus go bhfuil na maraithe oilte agus cáilithe chun a dtascanna a chur i gcrích’?

    5)

    a)

    Ar deireadh, má chinneann an Chúirt go bhfuil sé de chumhacht ag Stát an chalafoirt a fhíorú go bhfuil na deimhnithe i seilbh agus go bhfuil na riachtanais nó ceanglais á gcomhlíonadh ar bhonn na ngníomhaíochtaí dá bhfuil an long beartaithe i ndáiríre, an féidir le Stát an chalafoirt a rinne an chigireacht a éileamh go bhfuil deimhnithe i seilbh agus go bhfuil riachtanais nó ceanglais á gcomhlíonadh maidir le sábháilteacht agus cosc ar thruailliú muirí — sa bhreis ar na deimhnithe atá ag an long cheana féin agus na riachtanais nó ceanglais a chomhlíonann sí cheana féin — maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar i ndáiríre, go sonrach sa chás seo, gníomhaíochtaí ‘SAR’ chun coinneáil na loinge a sheachaint?

    b)

    Má thugtar freagra dearfach ar phointe [(a)], ar chóir a mheas gur féidir seilbh ar dheimhnithe agus comhlíonadh riachtanas nó ceanglas a éileamh — sa bhreis ar na deimhnithe atá ag an long cheana féin agus na riachtanais nó na ceanglais a chomhlíonann sí cheana — maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar i ndáiríre, sa chás seo gníomhaíochtaí ‘SAR’ chun coinneáil na loinge a sheachaint, má tá creat dlí idirnáisiúnta nó [den Aontas] ann atá soiléir agus iontaofa maidir le haicmiú ghníomhaíochtaí ‘SAR’ agus na deimhnithe agus na riachtanais nó na ceanglais maidir le sábháilteacht agus cosc ar thruailliú lena mbaineann, agus sa chás sin amháin?

    c)

    Má thugtar freagra diúltach ar phointe [(b)], an gá seilbh ar dheimhnithe agus comhlíonadh riachtanas nó ceanglas a éileamh — sa bhreis ar na deimhnithe atá ag an long cheana féin agus na riachtanais nó ceanglais a chomhlíonann sí cheana — maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar i ndáiríre, sa chás seo gníomhaíochtaí ‘SAR’, ar bhonn dhlí náisiúnta an Bhratstáit nó Stát an chalafoirt agus, chun na gcríoch sin, an bhfuil reachtaíocht phríomhúil riachtanach nó an mbeadh reachtaíocht thánaisteach, nó fiú amháin rialachán ginearálta riaracháin iomchuí freisin?

    d)

    Má thugtar freagra dearfach ar phointe [(c)], an bhfuil sé d’fhreagracht ar Stát an chalafoirt a chur in iúl go beacht agus go sonrach, le linn na cigireachta, cad iad na rialacha naisiúnta (arna gcinneadh i gcomhréir le pointe [(c)]), bíodh siad reachtach, rialaitheach nó mar thoradh ar ghníomh ginearálta riaracháin, nach mór na riachtanais nó na ceanglais theicniúla maidir le sábháilteacht agus cosc ar thruailliú muirí a shainaithint dá mbun, arb iad na rialacha nach mór don long atá faoi réir na cigireachta a chomhlíonadh chun na gníomhaíochtaí ‘SAR’ a dhéanamh, agus cad iad go díreach na bearta ceartúcháin nó coigeartaithe a theastaíonn chun comhlíonadh na rialacha sin a áirithiú?

    e)

    I gcás nach bhfuil rialacha ag Stát an chalafoirt nó ag an mBratstát, bíodh siad reachtach, rialaitheach nó mar thoradh ar ghníomh ginearálta riaracháin, an féidir le húdarás Stát an chalafoirt a chur in iúl, de réir an cháis, na riachtanais nó na ceanglais theicniúla maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú muirí agus cosaint saoil agus oibre ar bord loinge nach mór don long atá faoi réir na cigireachta [ag an Stát sin] a chomhlíonadh chun dul i mbun ghníomhaíochtaí ‘SAR’?

    f)

    Má thugtar freagra diúltach ar phointí [(d)] agus [(e)], an féidir a mheas, in éagmais aon treoir shonrach ón mBratstát ina leith sin, gur údaraíodh gníomhaíochtaí ‘SAR’ idir an dá linn agus, dá bhrí sin, nach féidir cosc a chur orthu trí bheart coinneála a ghlacadh, i gcás ina gcomhlíonann an long atá faoi réir na cigireachta ag Stát an chalafoirt na riachtanais nó na ceanglais thuasluaite de chuid catagóir eile (go sonrach, iad siúd a bhaineann le lastlonga), ar dhearbhaigh an Bratstát go bhfuil sí á gcomhlíonadh go héifeachtach freisin?”

    An nós imeachta os comhair na Cúirte

    64

    Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 2 Feabhra 2021, rinneadh cásanna C‑14/21 agus C‑15/21 a uamadh le haghaidh na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus le haghaidh bhreithiúnas na Cúirte.

    65

    Ina orduithe tarchuir, d’iarr an Tribunale amministrativo regionale per la Sicilia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, an tSicil) ar an gCúirt na cásanna seo a chur faoi réir an nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 105 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. Mar thaca leis an iarraidh sin, léirigh an chúirt sin, ar an gcéad dul síos, an tábhacht shuntasach, go háirithe le linn mhíonna an tsamhraidh, a bhaineann le gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair sa Mheánmhuir, arna ndéanamh ag eagraíochtaí daonnúla a úsáideann longa amhail na longa atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar an dara dul síos, go raibh roinnt de na longa sin, ar an dáta ar a rinneadh na hiarrataí ar réamhrialú as ar eascair na cásanna seo a thaisceadh, faoi réir bearta coinneála i gcalafoirt na hIodáile agus, ar an tríú dul síos, go raibh imeachtaí ar feitheamh os comhair chúirteanna riarachán na hIodáile i gcoinne cuid de na bearta sin.

    66

    Le hordú an 25 Feabhra 2021, Sea Watch (C‑14/21 agus C‑15/21, EU:C:2021:149), dhiúltaigh Uachtarán na Cúirte do na hiarrataí sin ar an bhforas nár tugadh údar leis na himthosca a maíodh chun tacú leis na hiarrataí sin, iontu féin, leis an nós imeachta brostaithe sin a chur i bhfeidhm maidir leis na cásanna seo, gan dochar a dhéanamh don fhéidearthacht, don chúirt a rinne an tarchur, na bearta eatramhacha is gá a ghlacadh, a mhéid is gá, chun éifeachtacht iomlán na gcinntí a iarrtar uirthi a thabhairt sna díospóidí sna príomhimeachtaí a áirithiú.

    67

    Mar sin féin, mheas Uachtarán na Cúirte, mar gheall ar imthosca ar leith na gcásanna sin, go raibh údar le tosaíocht a thabhairt dóibh, de bhun Airteagal 53(3) de na Rialacha Nós Imeachta.

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    An chéad cheist

    68

    Lena céad cheist, a bhaineann le raon feidhme Threoir 2009/16, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá an Treoir sin a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil feidhm aici maidir le longa, cé gur aicmíodh agus gur deimhníodh iad mar lastlonga sa Bhratstát, go n‑úsáideann eagraíocht dhaonnúil sa chleachtas iad, ar bhealach córasach, chun críoch gníomhaíochtaí neamhthráchtála de chuardach agus tarrtháil do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir (na “longa príobháideacha cúnaimh dhaonnúil”). Más amhlaidh atá, fiafraíonn an chúirt sin freisin an gá an Treoir sin a léirmhíniú sa chaoi go gcoisctear léi srianta sa reachtaíocht náisiúnta lena n-áirithítear a trasuí sa dlí náisiúnta ar a raon feidhme go longa a úsáidtear chun críocha gníomhaíochtaí tráchtála, agus na longa sin amháin.

    69

    I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, go leagtar amach le hAirteagal 3 de Threoir 2009/16 raon feidhme na Treorach sin, ar bhealach ginearálta agus gan dochar do na forálacha ar leith a bhaineann le catagóirí áirithe long, trí thagairt a dhéanamh do dhá shraith charnacha de chritéir, an chéad cheann, a bhaineann le longa a bhfuil feidhm ag an Treoir sin ina leith, agus an dara ceann, a bhaineann leis na cúinsí ina bhfuil feidhm aici ina leith.

    70

    Ar thaobh amháin, maidir le longa a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/16, luaitear sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) den Treoir sin go bhfuil feidhm aici maidir le “haon long”, agus sainmhínítear an téarma “long” in Airteagal 2(5) den Treoir sin mar aon long farraige atá, ar an gcéad dul síos, faoi réir ceann amháin nó níos mó de na coinbhinsiúin idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe 1 d’Airteagal 2 agus, ar an dara dul síos, a bhfuil bratach nach bratach Stát an chalafoirt é ar foluain aici.

    71

    Foráiltear le hAirteagal 3(4) de Threoir 2009/16, áfach, go n‑eisiafar ó raon feidhme na Treorach sin báid iascaireachta, longa cogaidh, soithí cúntacha cabhlaigh, soithí adhmaid de thógáil bhunúsach, longa na n‑údarás poiblí a úsáidtear chun críoch neamhthráchtála agus árthaí áineasa a úsáidtear chun críoch neamhthrádála.

    72

    Ós rud go bhfuil an méid sin eisceachtaí ón riail ghinearálta a leagtar síos sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) de Threoir 2009/16, is é sin le rá na catagóirí long difriúil a eisítear, ní mór iad a thuiscint mar bheith de chineál sriantach agus ní mór léirmhíniú docht a dhéanamh orthu.

    73

    Fágann sin, go háirithe, nach féidir na téarmaí “longa na n‑údarás poiblí a úsáidtear chun críoch neamhthráchtála,” agus “árthaí áineasa a úsáidtear chun críocha neamhthrádála,” atá in Airteagal 3(4) de Threoir 2009/16 a thuiscint sa chaoi go n‑áirítear leo, de réir analaí, longa atá, amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, á n‑úsáid sa chleachtas chun críocha “neamhthráchtála” nó “neamhthrádála” ach nach “longa na n-údarás poiblí” nó “árthaí áineasa” iad, áfach, de réir bhrí na forála sin.

    74

    Mura dtagann an long lena mbaineann faoi cheann de na catagóirí a eisítear go huileghabhálach, de bhun Airteagal 3(4) den Treoir sin, ó raon feidhme na Treorach sin, ní dhéanann sé difear d’infheidhmeacht na Treorach sin nach ionann gníomhaíocht iarbhír na loinge sin agus an ghníomhaíocht dá bhfuil sí aicmithe agus deimhnithe sa Stát a bhfuil a bhratach ar foluain aici, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 35 dá Thuairim. Ní dhéanann sé difear ach oiread an gníomhaíocht trachtála nó neamhthráchtála í gníomhaíocht iarbhír na loinge. Ar deireadh, ní dhéanann sé difear cé acu an bhféadtar nó nach bhféadtar iompar daoine ar tugadh cúnamh dóibh ar muir, amhail an t‑iompar a eascraíonn as an ngníomhaíocht chórasach de chuardach agus cúnamh atá i gceist sna príomhimeachtaí, a chomhshamhlú le gníomhaíocht iompar paisinéirí.

    75

    Ar an taobh eile, maidir leis na gcúinsí a gcumhdaítear le raon feidhme Threoir 2009/16, sonraítear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 3(1) go mbeidh feidhm aici maidir le haon long chomh maith lena criú “a thagann isteach i gcalafort nó in ancaireacht de chuid Ballstáit chun dul i mbun gníomhaíocht comhéadain loinge/calafoirt.” Mar is léir ó Airteagal 2(6) den Treoir sin, cumhdaítear le gníomhaíocht den sórt sin aon idirghníomhaíocht a tharlaíonn nuair a bhíonn tionchar díreach agus láithreach ar long den sórt sin ag gníomhaíochtaí a bhaineann le hiompar daoine nó earraí nó a bhaineann le soláthar seirbhísí calafoirt.

    76

    Mar sin féin, níl Treoir 2009/16 infheidhme sa chás sin amháin, mar a leanann sé as an tríú fomhír d’Airteagal 3(1), lena ndéantar tagairt don fhéidearthacht, do Bhallstát, cigireacht a dhéanamh ar long sna huiscí atá faoina dhlínse.

    77

    Mar sin, is léir ó mhíreanna 69 go 76 den bhreithiúnas seo nach mór Treoir 2009/16 a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil feidhm aici maidir le haon long atá, amhail na longa atá i gceist sna príomhimeachtaí, i gcalafort, in ancaireacht nó in uiscí atá faoi dhlínse Ballstáit agus a bhfuil bratach Ballstáit eile nó bratach tríú Stát ar foluain aici, gan bheith cumhdaithe ag ceann de na heisceachtaí a liostaítear in Airteagal 3(4) den Treoir sin (na “longa atá faoi réir dhlínse Bhallstát an chalafoirt”).

    78

    Tá an léirmhíniú sin ar fhoclaíocht Threoir 2009/16 ag teacht leis an gcuspóir atá á shaothrú leis an Treoir sin, arb é sin, mar is léir ó Airteagal 1 de, comhlíonadh chaighdeáin an dlí idirnáisiúnta agus reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht agus slándáil mhuirí, cosaint na muirthimpeallachta agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge a mhéadú, trí chóras rialaithe, cigireachta agus coinneála atá bunaithe ar chritéir choiteanna agus nós imeachta aonfhoirmeach atá feidhm aige, faoi réir na n‑eisceachtaí dá bhforáiltear go sainráite ag reachtóir an Aontais, maidir le gach long atá faoi réir dhlínse Bhallstát an chalafoirt.

    79

    Tá an léirmhíniú sin, thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 80(2) CE, anois Airteagal 100(2) CFAE, atá mar bhunús dlíthiúil do Threoir 2009/16. Ceadaítear leis an bhforáil sin do reachtóir an Aontais forálacha ginearálta a ghlacadh chun sábháilteacht an iompair agus, dá bhrí sin, na loingseoireachta muirí a fheabhsú (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Deireadh Fómhair 2007, an Coimisiún v an Chomhairle, C‑440/05, EU:C:2007:625, míreanna 58 agus 59 agus an cásdlí dá dtagraítear), gan gá do na forálacha sin a theorannú do na longa a bheartaítear, nó a úsáidtear go hiarbhír, le haghaigh gníomhaíochtaí tráchtála nó trádála, agus na longa sin amháin.

    80

    I bhfianaise na n‑eilimintí sin go léir, ní mór a mheas, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 77 den bhreithiúnas seo, go bhfuil feidhm ag Treoir 2009/16 maidir le longa príobháideacha cúnaimh dhaonnúil.

    81

    Sa dara háit, leanann sé go soiléir ó Threoir 2009/16 go dtagann na longa uile dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin faoi raon feidhme an chórais rialaithe, cigireachta agus coinneála dá bhforáiltear in Airteagail 11 go 13 agus 19 den Treoir sin.

    82

    Dá bhrí sin, leis na forálacha dlíthiúla, rialála agus riaracháin a cheanglaítear ar na Ballstáit a ghlacadh, i gcomhréir le Treoir 2009/16, chun a ndlí náisiúnta a chur i gcomhréir leis an Treoir sin, ní mór foráil a dhéanamh go gcumhdaítear le raon feidhme an chórais sin na longa sin go léir, lena n‑áirítear na longa dá dtagraítear i mír 80 den bhreithiúnas seo, agus cuirtear cosc, mar sin, leis an Treoir sin, ar na forálacha sin a bheith teoranta ó thaobh a n‑infheidhmeacht de do longa a úsáidtear chun críocha gníomhaíochta tráchtála, agus na longa sin amháin.

    83

    I bhfianaise cheisteanna na cúirte a rinne an tarchur a leagtar amach i míreanna 55 agus 68 den bhreithiúnas seo, ní mór a chur in iúl, mar a eascraíonn sé ó chásdlí socraithe na Cúirte, go gceanglaítear le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ar chúirteanna agus binsí uile na mBallstát éifeacht iomlán a thabhairt do dhlí an Aontais agus, go sonrach, ar na cúirteanna náisiúnta a ndlí inmheánach a léirmhíniú, a mhéid is féidir, ar bhealach atá i gcomhréir leis an dlí sin. Éilítear leis an bprionsabal sin an dlí inmheánach ina iomlán a chur san áireamh agus na modhanna léirmhínithe a aithnítear leis sin a chur chun feidhme, d’fhonn a áirithiú go mbeidh éifeacht iomlán ag an ngníomh den Aontas lena mbaineann i gcás ar leith agus d’fhonn teacht ar réiteach atá i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, Popławski, C‑573/17, EU:C:2019:530, míreanna 53, 54, 57 agus 77).

    84

    Tá teorainneacha áirithe ag baint leis an bprionsabal sin, áfach. Go háirithe, ní fhéadfaí é a úsáid mar bhunús do léirmhíniú contra legem ar an dlí náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, Popławski, C‑573/17, EU:C:2019:530, míreanna 74 agus 76 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    85

    Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé léirmhíniú a dhéanamh, a mhéid is féidir, ar an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear na forálacha lena gcinntear raon feidhme Threoir 2009/16 agus, go háirithe, raon feidhme an chórais rialaithe, cigireachta agus coinneála dá bhforáiltear in Airteagail 11 go 13 agus 19 den Treoir sin ar bhealach atá i gcomhréir leis na forálacha sin, agus an dlí inmheánach go léir á chur san áireamh agus na modhanna léirmhínithe a aithnítear leis an dlí sin á gcur i bhfeidhm, rud ar mheas roinnt de na páirtithe a ghlac páirt sna himeachtaí os comhair na Cúirte a bheith indéanta.

    86

    I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Treoir 2009/16 a léirmhíniú sa chaoi seo:

    tá feidhm aici maidir le longa, cé go bhfuil siad aicmithe agus deimhnithe mar lastlonga ag an mBratstát, atá á n‑úsáid, sa chleachtas, ar bhealach córasach, ag eagraíocht dhaonnúil chun críocha gníomhaíochtaí neamhthráchtála de chuardach agus tarrtháil do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, agus

    coisctear léi srianta sa reachtaíocht náisiúnta, lena n‑áirithítear a trasuí sa dlí náisiúnta, ar a raon feidhme go longa a úsáidtear chun críocha gníomhaíochtaí tráchtála, agus na longa sin amháin.

    An dara, triú, ceathrú agus cúigiú ceist

    Barúlacha tosaigh

    87

    Baineann an dara, triú, ceathrú agus cúigiú ceist leis na coinníollacha faoina gcuirtear an córas rialaithe, cigireachta agus coinneála dá bhforáiltear in Airteagail 11 go 13 agus 19 de Threoir 2009/16 chun feidhme, i ndáil le longa atá faoi réir dhlínse Bhallstát an chalafoirt agus, go sonrach, longa príobháideacha cúnaimh dhaonnúil.

    88

    Is é is cuspóir na Treorach sin, mar a léirítear i mír 78 den bhreithiúnas seo, ná comhlíonadh chaighdeáin an dlí idirnáisiúnta agus reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht agus slándáil mhuirí, cosaint na muirthimpeallachta agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge a mhéadú.

    89

    Chuige sin, tá sé d’aidhm ag an Treoir sin, go sonrach, a cheadú don Aontas agus do na Ballstáit a chinntiú go gcomhlíonann na longa atá faoi réir dhlínse Bhallstát an chalafoirt ceanglais na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta a leagtar amach in Airteagal 2(1). I measc na gcoinbhinsiún sin, tá an Coinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir, ina bhfuil na Ballstáit go léir ina bpáirtithe, ach nach bhfuil an tAontas féin ina pháirtí ann, mar a cuireadh in iúl i mír 17 den bhreithiúnas seo.

    90

    I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a mheabhrú, ar dtús, fiú mura bhfuil an tAontas ina pháirtí i gcomhaontú idirnáisiúnta agus dá bhrí sin nach bhfuil sé ina cheangal air, go leanann sé ó chásdlí socair na Cúirte go bhféadfar an coinbhinsiún sin a chur san áireamh, i gcomhthéacs léirmhíniú a dhéanamh ar fhorálacha dhlí tánaisteach an Aontais a thagann faoina raon feidhme, i gcás ina bhfuil na Ballstáit uile ina bpáirtithe ann (breithiúnais an 3 Meitheamh 2008, Intertanko agus páirtithe eile, C‑308/06, EU:C:2008:312, míreanna 47 go 52; an 23 Eanáir 2014, Manzi agus Compagnia Naviera Orchestra, C‑537/11, EU:C:2014:19, mír 45, agus an 11 Iúil 2018, Bosphorus Queen Shipping, C‑15/17, EU:C:2018:557, mír 45).

    91

    Sa chás seo, ní mór an Coinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir a chur san áireamh, a bhfuil na Ballstáit go léir ina bpáirtithe ann, agus léirmhíniú á dhéanamh ar Threoir 2009/16. Cuirtear in iúl leis an Treoir sin an cinneadh, arna dhéanamh ag reachtóir an Aontais, chun comhlíonadh cheanglais an Choinbhinsiúin sin san Aontas a mhéadú, cé nach bhfuil an tAontas féin ina pháirtí ann. Thairis sin, léiríodh an cuspóir, a mheabhraítear i mír 89 den bhreithiúnas seo, a bhí á shaothrú ag reachtóir an Aontais agus an Treoir sin á glacadh, leis an leagan amach arís, go bunúsach, i roinnt de na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin, de chuid de na rialacha a leagtar amach sa Phrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin.

    92

    Anuas air sin, leanann sé as cásdlí socair na Cúirte nach mór forálacha de dhlí tánaisteach an Aontais a léirmhíniú, a mhéid is féidir, ar chaoi atá ag teacht leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá de cheangal ar an Aontas chomh maith leis na rialacha agus na prionsabail ábhartha den dlí idirnáisiúnta ginearálta, a bhfuil iallach ar an Aontas a urramú agus é ag feidhmiú a chuid cumhachtaí agus forálacha den sórt sin á nglacadh aige (féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Meán Fómhair 2008, Kadi agus Al Barakaat International Foundation v an Chomhairle agus an Coimisiún, C‑402/05 P agus C‑415/05 P, EU:C:2008:461, mír 291, agus an 27 Feabhra 2018, Western Sahara Campaign UK, C‑266/16, EU:C:2018:118, míreanna 43 go 47).

    93

    Sa chás seo, ní mór Treoir 2009/16 a léirmhíniú, ag féachaint dá cuspóir agus dá hábhar, trí ní hamháin an Coinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir á chur san áireamh, ach an Coinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige freisin.

    94

    Mar a cuireadh in iúl i mír 3 den bhreithiúnas seo, chuir an tAontas an Coinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige i gcrích ar chaoi ina bhfuil sé ina cheangal air agus ina bhfuil a cheanglais mar dhlúthchuid de dhlíchóras an Aontais. Thairis sin, tá tosaíocht ag an gCoinbhinsiún sin, sa dlíchóras sin, ar ghníomhartha de dhlí tánaisteach an Aontais, sa chaoi nach mór iad a léirmhíniú, a mhéid is féidir, i gcomhréir le ceanglais an Choinbhinsiúin sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 30 Bealtaine 2006, an Coimisiún v Éire, C‑459/03, EU:C:2006:345, mír 82; an 3 Meitheamh 2008, Intertanko agus páirtithe eile, C‑308/06, EU:C:2008:312, míreanna 42 agus 53, agus an 11 Iúil 2018, Bosphorus Queen Shipping, C‑15/17, EU:C:2018:557, mír 44).

    95

    I ndáil leis sin, tá dhá shraith de bhreithnithe ábhartha chun freagraí a thabhairt ar an dara, tríú, ceathrú agus cúigiú ceist.

    96

    Sa chéad áit, is é is príomhchuspóir an Choinbhinsiúin maidir le Dlí na Farraige ná rialacha an dlí idirnáisiúnta ghinearálta a chódú agus a fhorbairt, ar rialacha iad a bhaineann le comhar síochánta an chomhphobail idirnáisiúnta maidir le limistéir mhuirí a thaiscéaladh, a úsáid agus a shaothrú. Chuige sin, cinntear leis an gCoinbhinsiún córas dlíthiúil na limistéar muirí a aithnítear leis, lena n‑áirítear, inter alia, an fharraige theorann agus an mhórmhuir, trí na teorainneacha ábhartha agus teorainneacha críche na gceart ceannasach agus an dlínse a bhfuil ag na Stáit sna limistéir dhifriúla mhuirí a shocrú (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Meitheamh 2008, Intertanko agus páirtithe eile, C‑308/06, EU:C:2008:312, míreanna 55, 57 agus 58).

    97

    Tá sé d’aidhm ag an gcóras dlíthiúil sin cothromaíocht chóir a bhaint amach idir leasanna faoi seach na Stát ina gcáil mar Stáit chósta agus mar Bhratstáit, leasanna a d’fhéadfadh a bheith in aghaidh a chéile (féach, go háirithe, breithiúnais an 3 Meitheamh 2008, Intertanko agus páirtithe eile, C‑308/06, EU:C:2008:312, mír 58, agus an 11 Iúil 2018, Bosphorus Queen Shipping, C‑15/17, EU:C:2018:557, mír 63).

    98

    Is saintréith den chothromaíocht chóir sin, ar thaobh amháin, í an inniúlacht eisiach a thugtar do gach Stát, i gcomhréir le hAirteagal 91 den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige, chun na coinníollacha chun a náisiúntacht a bhronnadh ar longa, na coinníollacha maidir le clárú long ina chríoch agus na coinníollacha riachtanacha chun go mbeadh siad i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu a leagan síos. Cuirtear feidhmiú na hinniúlachta sin in iúl trí aicmiú agus deimhniú ag an mBratstát, nó aicmiú agus deimhniú ag comhlacht údaraithe chuige sin, a dhéanamh ar na longa a bhfuil a bhratach ar foluain acu, agus ar bhealaí eile, tar éis fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas go léir dá bhforáiltear leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta is infheidhme maidir leis na longa sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Meitheamh 2008, Intertanko agus páirtithe eile, C‑308/06, EU:C:2008:312, mír 59, agus an 7 Bealtaine 2020, Rina, C‑641/18, EU:C:2020:349, míreanna 43, 44 agus 46).

    99

    Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 92 den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige, tá dlínse eisiach ag gach Stát ar longa a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus atá ar an mórmhuir. Leanann roinnt oibleagáidí as sin, don Bhratstát, lena n‑áirítear, mar is léir ó Airteagal 94(1) go (3) den Choinbhinsiún sin, oibleagáidí chun a dhlínse agus a rialú a fheidhmiú go héifeachtach ar na longa sin agus chun gach beart is gá a ghlacadh chun sábháilteacht ar muir a áirithiú, go háirithe maidir le trealamh, muiracmhainneacht, oiliúint agus dálaí oibre. Ina theannta sin, ní mór don Bhratstát, de bhun mhír 4 den Airteagal sin, a áirithiú, inter alia, go bhfuil an máistir, na hoifigigh agus, a mhéid is gá, an criú ar an eolas faoi na rialacha idirnáisiúnta is infheidhme maidir le sábháilteacht anama ar muir agus go gcomhlíonann siad na rialacha sin.

    100

    Fágann sin, go háirithe, go bhfuil long, ar an mórmhuir, faoi réir dhlínse eisiach agus dhlí an Bhratstáit (breithiúnais an 24 Samhain 1992, Poulsen agus Diva Navigation, C‑286/90, EU:C:1992:453, mír 22, agus an 25 Feabhra 2016, Stroumpoulis agus páirtithe eile, C‑292/14, EU:C:2016:116, mír 59), go háirithe maidir le sábháilteacht ar muir agus sábháilteacht anama ar muir. Ar bhealach níos ginearálta, fanann long atá i limistéar farraige seachas an mhórmhuir faoi réir dhlínse an Bhratstáit sa limistéar sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Meitheamh 2018, Deutscher Naturschutzring, C‑683/16, EU:C:2018:433, míreanna 53 agus 54), cé gur féidir leo a bheith ina n‑ábhar do rialú ag an Stát atá ceannasacht nó dlínse aige sa limistéar sin, laistigh de theorainneacha a inniúlacht agus a chumhachtaí.

    101

    Tréithrítear an chothromaíocht chóir idir leasanna faoi seach na Stát cósta agus na mBratstát, ar an taobh eile, leis an bhfíoras go leathnaíonn ceannasacht gach Stát cósta, mar a leanann sé as Airteagal 2(1) den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige, thar a chríoch, lena n‑áirítear a chalafoirt, agus a uiscí inmheánacha (breithiúnais an 24 Samhain 1992, Poulsen agus Diva Navigation, C‑286/90, EU:C:1992:453, mír 28, agus an 25 Feabhra 2016, Stroumpoulis agus páirtithe eile, C‑292/14, EU:C:2016:116, mír 59), go dtí an limistéar farraige atá tadhlach lena chríoch, ar a dtugtar “farraige theorann.”

    102

    Tá forluí páirteach idir an coincheap de “Stát cósta,” de réir bhrí an Choinbhinsiúin maidir le Dlí na Farraige, agus an coincheap de “Stát an chalafoirt,” de réir bhrí Threoir 2009/16, coincheap, cé nach sainmhínítear go foirmiúil é sa Treoir sin, lena gcumhdaítear, faoin gcéad, faoin gcúigiú agus faoin séú fomhír d’Airteagal 3(1), aon Bhallstát den Aontas a bhfuil calafort farraige nó calafort abhann aige.

    103

    Mar sin féin, an cheannasacht atá ag an Stát cósta ar a fharraige theorann, tá sé gan dochar don oibleagáid, a chuirtear ar an Stát sin le hAirteagal 24(1) den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige, gan bac a chur, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa choinbhinsiún sin, ar cheart gluaiseachta neamhurchóidí long eachtrannach san fharraige theorann, ar ceart é nach mór a thuiscint, de bhun Airteagail 17 agus 18 den Choinbhinsiún sin, mar cheart chun bheith ag loingseoireacht san fharraige sin d’fhonn dul isteach in uiscí inmheánacha an Stáit chósta, d’fhonn teacht isteach ag ceann de chalafoirt an Stáit chósta, chomh maith leis an gcalafort, na huiscí nó an fharraige sin a fhágáil (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Samhain 1992, Poulsen agus Diva Navigation, C‑286/90, EU:C:1992:453, mír 25).

    104

    Mar sin féin, tá sé de chumhacht ag an Stát cósta, de bhun Airteagal 21(1) agus (4) den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige, dlíthe agus rialacháin a ghlacadh maidir le gluaiseacht neamhurchóideach long eachtrannach san fharraige theorann, agus go háirithe maidir le sábháilteacht na loingseoireachta, nach mór do longa a dhéanann an ghluaiseacht sin a chomhlíonadh. Thairis sin, chun go measfar í a bheith “neamhurchóideach,” ní mór don ghluaiseacht sin na saintréithe a leagtar amach in Airteagal 19 den choinbhinsiún sin a chomhlíonadh.

    105

    Sa dara háit, ina Chuid VII, maidir leis an mhórmhuir, leagtar síos in Airteagal 98(1) den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige “oibleagáid chun cúnamh a sholáthar,” a eascraíonn as dlí farraige an ghnáis, oibleagáid faoina bhfuil ar gach Stát a cheangal ar aon mháistir loinge a bhfuil a bhratach ar foluain aici cúnamh a thabhairt do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, a mhéid is féidir leis gan rioscaí tromchúiseacha a chruthú don long, dá criú nó dá paisinéirí agus a mhéid is féidir a bheith ag súil leis, go réasúnta, go ndéanfaidh sé amhlaidh (an “oibleagáid chun cúnamh muirí a sholáthar”). Ina theannta sin, sonraítear sa choinbhinsiún sin, in Airteagal 18(2), go bhféadfadh gluaiseacht loinge i bhfarraige theorann an Stáit chósta, lena n‑áirítear stopadh nó dul in ancaireacht i limistéar den sórt sin, más gá, a bheith mar thoradh ar tharrtháil daoine den sórt sin ag long.

    106

    Dá bhrí sin, tá iarmhairtí dlíthiúla ag cur chun feidhme na hoibleagáide sin chun cúnamh muirí a sholáthar ar chumhachtaí na mBratstát agus na Stát cósta faoi seach chun rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha maidir le sábháilteacht ar muir, mar a leagtar amach i míreanna 99, 100, 103 agus 104 den bhreithiúnas seo iad.

    107

    I ndáil leis sin, ní mór, i gcomhréir leis an méid a luaitear i míreanna 90 agus 91 den bhreithiúnas seo, d’fhonn léirmhíniú a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2009/16, Airteagal IV(b) den Choinbhinsiún maidir le Sábháilteacht Anama ar Muir a chur san áireamh, ar dá réir nár chóir na daoine atá ar bord loinge mar gheall ar force majeure nó mar thoradh ar an oibleagáid a chuirtear ar an máistir loinge daoine longbhriste, nó daoine eile, a iompar, a chur san áireamh agus fíorú á dhéanamh an bhfuil feidhm ag ceanglas ar leith de chuid an Choinbhinsiúin sin maidir leis an long sin.

    108

    Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil máistir loinge a bhfuil bratach Stáit ar pháirtí é sa Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir ar foluain aici tar éis an oibleagáid chun cúnamh muirí a sholáthar dá dtagraítear i mír 105 den bhreithiúnas seo a chur chun feidhme, ní fhéadfaidh an Stát cósta atá ina pháirtí sa choinbhinsiún sin freisin ná, thairis sin, an Bratstát a gcumhachtaí faoi seach a fheidhmiú chun rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha maidir le sábháilteacht ar muir, mar a leagtar amach iad i míreanna 99, 100, 103 agus 104 den bhreithiúnas seo, d’fhonn a fhíorú an bhféadfadh láithreacht na ndaoine sin ar bord a fhágáil go bhfuil an long lena mbaineann ag sárú ceanglas de chuid an choinbhinsiúin sin.

    109

    Is i bhfianaise na mbreithnithe sin nach mór freagra a thabhairt ar an dara, tríú, ceathrú agus cúigiú ceist den chúirt a rinne an tarchur.

    An dara ceist

    110

    Lena dara ceist, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach, go bunúsach, an gá Airteagal 11(b) de Threoir 2009/16, arna léamh i gcomhar le Cuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, a léirmhíniú sa chaoi go bhféadtar úsáid lastlong go córasach chun críocha gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir a mheas, ar an bhforas go bhfágann sí go n‑iompraíonn na longa sin líon daoine atá díréireach lena n‑acmhainn iompair mar a eascraíonn sé as a n‑aicmiú agus a ndeimhnithe trealaimh, mar thoisc a thugann údar le cigireacht bhreise a dhéanamh ar na longa sin.

    111

    Mar a luadh i míreanna 78 agus 81 den bhreithiúnas seo, tá Airteagal 11 de Threoir 2009/16 ina dhlúthchuid de chóras ginearálta rialaithe, cigireachta agus coinneála a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm, faoi réir eisceachtaí, maidir le haon long atá faoi réir dhlínse Bhallstát an chalafoirt, chun comhlíonadh chaighdeáin an dlí idirnáisiúnta agus reachtaíocht an Aontais a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil mhuirí, cosaint na muirthimpeallachta agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge a mhéadú.

    112

    Chuige sin, cuirtear de cheangal, leis an Airteagal sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 12 de Threoir 2009/16, ar na Ballstáit a bhfuil stádas Stát an chalafoirt acu, cigireachtaí tréimhsiúla a dhéanamh ar longa den sórt sin, cigireachtaí nach mór a eagrú ag eatraimh a chinntear ar bhonn a bpróifíle riosca, chomh maith le cigireachtaí breise a dhéanamh ar na longa sin, beag beann ar an méid ama atá imithe thart ón gcigireacht thréimhsiúil dheireanach a rinneadh orthu. Luaitear in Airteagal 11 freisin, i bpointe (b), go bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit sin cigireachtaí breise a dhéanamh ar longa a bhfuil ceann de na “tosca príomhúla” a liostaítear i bpointe 2A de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin ag baint leo agus gur féidir leis na Ballstáit iad sin a dhéanamh i ndáil le longa a léiríonn ceann de na “tosca gan choinne” a leagtar amach i bpointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

    113

    Sa chás seo, is léir ó fhorais na n‑orduithe tagartha, a ndéantar achoimre orthu i míreanna 48, 56 agus 57 den bhreithiúnas seo, cé go raibh na húdaráis inniúla den tuairim go raibh na longa atá i gceist sna príomhimeachtaí “i mbun cuidiú le himircigh ar muir cé nár deimhníodh [iad] don tseirbhís bheartaithe”, gur chinn siad, ar deireadh, go raibh sraith easnamh ann, agus nár mhór a mheas go raibh roinnt dóibh, “astu féin nó le chéile, contúirteach go follasach don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol.” Dá bhrí sin, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, baineann na heasnaimh sin, ina n‑iomláine, leis an neamhréireacht fhollasach idir an líon daoine a d’fhéadfadh na longa sin a iompar de bhun a ndeimhnithe faoi seach agus an líon daoine a bhí á n‑iompar acu go hiarbhír le linn na n‑oibríochtaí tarrthála as ar eascair na díospóidí sna príomhimeachtaí.

    114

    In éagmais aon sonrú, sna horduithe tagartha, go bhféadfaí na himthosca sin a nascadh le “toisc phríomhúil” de réir bhrí phointe 2A de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/16, amhail beart fionraí nó beart lena dtarraingítear siar an t‑aicmiú ar chúiseanna sábháilteachta, tuarascáil, fógra nó fiú líomhain go ndearnadh sárú ar na forálacha is infheidhme maidir le sceitheadh substaintí nó eisiltigh dhochracha a bheith ann, ní féidir leis na himthosca sin ach bheith ina “dtoisc gan choinne” de réir bhrí phointe 2B de Chuid II den Iarscríbhinn sin. Thairis sin, ní léir ó na horduithe tagartha gur ghlac údaráis na hIodáile na bearta i gceist sna príomhimeachtaí i ndiaidh tuairiscithe, tuairisce nó gearáin maidir le sábháilteacht loingseoireachta, leis an muirthimpeallacht, le dálaí maireachtála agus oibre ar bord, ná mar gheall ar an bhfíoras gur coinníodh longa Sea Watch cheana níos mó ná trí mhí roimhe sin, ná i bhfianaise faisnéise ó fhoinse iontaofa a léirigh go raibh paraiméadair riosca na longa sin éagsúil ó na paraiméadair a taifeadadh agus go bhfuil a bpróifíl riosca, dá bharr sin, níos airde. I bhfianaise na n‑imthosca sin, is cosúil nach bhféadfaí, sa chás seo, imthosca den sórt sin a scrúdú ach amháin i bhfianaise na “toisce gan choinne” maidir leis an bhfíoras gur “oibríodh na longa sin ar bhealach ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol”, de réir bhrí an naoú fleasc de phointe 2B, arb é sin an fhleasc, ina theannta sin, a chuir an chúirt a rinne an tarchur chun suntais ina horduithe tarchuir.

    115

    Chun a chinneadh an amhlaidh atá, is gá, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, an fhoráil sin a léirmhíniú ní hamháin agus a foclaíocht á cur san áireamh, ach freisin an comhthéacs ina bhfuil sí agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha atá sí mar chuid dóibh (breithiúnais an 7 Meitheamh 2005, VEMW agus páirtithe eile, C‑17/03, EU:C:2005:362, mír 41, agus an 21 Eanáir 2021, an Ghearmáin v Esso Raffinage, C‑471/18 P, EU:C:2021:48, mír 81).

    116

    I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, go leanann sé as foclaíocht an naoú fleasc de phointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/16 nach féidir an toisc gan choinne dá dtagraítear san fhoráil sin a úsáid, i gcás ar leith, ach amháin má shuitear gur oibríodh long ar bhealach ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol.

    117

    I bhfianaise an chomhthéacs dhlíthiúil ina bhfuil an fhoráil sin, ní féidir úsáid lastlong go córasach chun críocha gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir a mheas, ar an bhforas amháin go bhfágann sin go n‑iompraítear ar na longa sin líon daoine atá díréireach lena n‑acmhainn iompair mar a eascraíonn sé óna n‑aicmiú agus óna ndeimhniú, agus go neamhspleách ar aon imthoisc eile, a mheas mar thoisc gan choinne de réir bhrí na fleisce sin, lena gceadaítear do Stát an chalafoirt cigireacht bhreise a dhéanamh.

    118

    Bheadh léirmhíniú den sórt sin neamhréireach le forálacha an Choinbhinsiúin maidir le Dlí na Farraige sa mhéid go bhféadfadh sé bac a chur ar chur chun feidhme éifeachtaí na hoibleagáide chun cúnamh muirí a sholáthar a chumhdaítear in Airteagal 98 den Choinbhinsiún sin. Thairis sin, ní bheadh sé i gcomhréir le hAirteagal IV(b) den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir.

    119

    Ar an taobh eile, ní chuirtear cosc, le foclaíocht Airteagal 11(b) de Threoir 2009/16, arna léamh i gcomhar leis an naoú fleasc de phointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, i bhfianaise ghinearáltacht a téarmaí, ar mheasúnacht, ag brath ar imthosca an cháis, maidir le longa a dhéanann gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála go córasach agus atá i gcalafort nó in uiscí atá faoi dhlínse Ballstáit, tar éis dóibh dul isteach sna huiscí sin agus tar éis dóibh na hoibríochtaí trasloingithe nó tabhairt i dtír a chríochnú i leith na ndaoine ar chinn a máistir faoi seach cúnamh a sholáthar dóibh toisc iad a bheith i mbaol nó in anacair ar muir, gur longa iad “a oibríodh ar bhealach ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol”, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i míreanna 43 agus 46 dá Thuairim. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtugtar le hAirteagail 11 agus 13 agus Cuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ina sonraítear go bhfágtar “faoi bhreithiúnas gairmiúil an údaráis inniúil” é chun a chinneadh tabhairt faoi chigireacht bhreise, corrlach lánroghnach leathan d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann chun a chinneadh an bhfuil na himthosca sin ina “dtoisc gan choinne” lena dtabharfaí údar do chigireacht den sórt sin.

    120

    Mar sin féin, ní mór don chinneadh arna ghlacadh ag an údarás sin a bheith réasúnaithe agus, maidir leis an tsubstaint, ní mór údar a bheith leis de jure agus de facto. Chun údar den sórt sin a bheith leis, ní mór don chinneadh sin a bheith bunaithe ar chomharthaí tromchúiseacha de chineál chun láithreacht baoil do shláinte, do shábháilteacht, do dhálaí oibre ar bord nó don chomhshaol a shuíomh, i bhfianaise cheanglais ábhartha an dlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais, ag féachaint do na himthosca sonracha inar tharla an oibríocht atá i dtrácht. Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin. Áirítear i measc na n‑eilimintí ar féidir a chur san áireamh chun críocha an rialaithe sin, ar an gcéad dul síos, an ghníomhaíocht a n‑úsáidtear an long atá i gceist ina leith sa chleachtas, ar an dara dul síos, an difríocht a d’fhéadfadh a bheith ann idir an ghníomhaíocht sin agus an ghníomhaíocht dá bhfuil an long sin deimhnithe agus feistithe, ar an tríú dul síos, a mhinice a dhéantar an ghníomhaíocht sin agus, ar an gceathrú dul síos, trealamh na loinge sin i bhfianaise an lín daoine atá beartaithe a bheith ar bord, agus an líon iarbhír daoine ar bord freisin.

    121

    Maidir leis an eilimint dheireanach sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfadh cineál neamhleor follasach an trealaimh sábháilteachta nó tarrthála ar an long lena mbaineann, ag féachaint don líon daoine a tharrtháiltear leis an long sin i gcomhthéacs gníomhaíochtaí córasacha cuardaigh agus cúnaimh, a bheith ríthábhachtach, ann féin, chun a mheas ar oibríodh an long sin ar bhealach ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh an tábhacht le tabhairt, ina n-aonar agus go ginearálta, do chúinsí amhail neamh-leordhóthanacht na ngléasraí cóireála fuíolluiscse, leithris agus cithfholcadáin bhreise a sceitheann díreach isteach san fharraige a bheith ann nó gan oibríochtaí tarrthála a áireamh in uaireanta oibre an chriú a bheith níos mó nó níos lú i ngach cás ar leith. D’fhéadfadh an tábhacht sin a bheith éagsúil, inter alia, de réir mhinicíocht ghníomhaíocht iarbhír na loinge lena mbaineann agus de réir mhéid na difríochta idir an líon daoine a iompraítear go hiarbhír le linn oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir agus an líon daoine ar féidir leis an long sin tógáil ar bord i gcomhréir leis na deimhnithe arna n‑eisiúint ag an mBratstát.

    122

    Sa dara háit, léirítear leis an gcomhthéacs dlíthiúil ina bhfuil Airteagal 11(b) agus pointe 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/16 go bhfuil, i gcás den sórt sin, rialú ar oibriú den sórt sin agus cigireacht ar an long lena mbaineann ag Stát an chalafoirt de chineál chun cur le comhlíonadh éifeachtach cheanglais ábhartha chaighdeáin an dlí idirnáisiúnta.

    123

    Ar thaobh amháin, leanann sé ó Riail 11(a) i gCuid B de Chaibidil I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir nach mór, tar éis suirbhé a dhéanamh uirthi agus í a aicmiú agus a dheimhniú faoi smacht an Bhratstáit, long a chothabháil, ar gach bealach, i ndálaí lena n‑áirithítear go mbeidh sí “in ann dul chun farraige gan aon chontúirt a bheith ann don long ná do na daoine ar bord.” Ina theannta sin, is léir ó Riail 19(a) agus (b) den chaibidil sin go bhfuil an cumas sin mar chuid de na heilimintí a bhfuil Stát an chalafoirt údaraithe rialú a dhéanamh orthu nuair atá long i gceann dá chalafoirt, i gcás ina bhfuil forais fhollasacha ann lena chreidiúint nach n‑áirithítear an cumas sin. Ar deireadh, ar bhealach níos ginearálta, le hAirteagal I(b) den Choinbhinsiún sin, ceanglaítear ar na páirtithe sa Choinbhinsiún sin gach beart is gá a ghlacadh “chun a áirithiú, maidir le sábháilteacht anama, go bhfuil long cáilithe don tseirbhís dá bhfuil sí beartaithe.”

    124

    Ar an taobh eile, mar a cuireadh in iúl i mír 107 den bhreithiúnas seo, leanann sé as Airteagal IV(b) den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir, mar sin, nach féidir daoine atá ar bord loinge mar thoradh ar force majeure nó cur chun feidhme, ag máistir na loinge sin, na hoibleagáide chun cúnamh muirí a sholáthar atá air a chur san áireamh chun a fhíorú an gcomhlíonann an long sin ceanglais an Choinbhinsiúin sin. Is fíor fós, áfach, faoi Airteagal 98(1) den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige, nach mór an oibleagáid sin, mar a cuireadh in iúl i mír 105 den bhreithiúnas seo, a chur chun feidhme “a mhéid is féidir [...] gan rioscaí tromchúiseacha a chruthú don long, dá criú nó dá paisinéirí”.

    125

    Sa tríú háit agus san áit dheireanach, tá an léirmhíniú a leagtar amach i míreanna 119 go 124 den bhreithiúnas seo comhsheasmhach leis an gcuspóir a shaothraítear le Treoir 2009/16, mar a leagtar amach i míreanna 78, 88 agus 89 den bhreithiúnas seo é, a mhéid is de bharr an chuspóra sin go sonrach a thug reachtóir an Aontais an fhreagracht do na Ballstáit, ag gníomhú i gcáil Stáit chalafoirt, chun “an dara líne chosanta” a áirithiú i gcoinne “longa nach gcomhlíonann na caighdeáin”, sa bhreis ar an bhfreagracht “phríomhúil” atá ar na Bratstáit i ndáil leis sin, mar a leanann sé ó aithris 6 den Treoir sin.

    126

    I bhfianaise na mbreithnithe go léir thuas, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 11(b) de Threoir 2009/16, arna léamh i gcomhar le Cuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfaidh Stát an chalafoirt longa a thugann faoi ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála go córasach agus atá i gceann dá chalafoirt nó in uiscí atá faoina dhlínse a chur faoi réir cigireacht bhreise, tar éis dóibh dul isteach sna huiscí sin agus tar éis dóibh na n‑oibríochtaí trasloingithe nó tabhairt i dtír a chríochnú i leith na ndaoine ar chinn a máistir cúnamh a sholáthar dóibh, má shuíonn an Stát sin, ar bhonn eilimintí mionsonraithe dlíthiúla agus fíorasacha, gurb ann do chomharthaí tromchúiseacha de chineál chun a chruthú go bhfuil baol ann do shláinte, do shábháilteacht, do dhálaí oibre ar bord nó don chomhshaol, ag féachaint do na himthosca inar tharla an oibríocht atá i dtrácht.

    An tríú agus an ceathrú ceist

    127

    Lena tríú agus ceathrú ceist, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach, go bunúsach, an gá Airteagal 13 de Threoir 2009/16 a léirmhíniú sa chaoi, tráth na gcigireachtaí níos mionsonraithe arna n‑eagrú de bhun an Airteagail sin, go bhfuil sé de chumhacht ag Stát an chalafoirt, ar thaobh amháin, a chur san áireamh go bhfuil longa atá aicmithe agus deimhnithe mar lastlonga ag an mBratstát, sa chleachtas, á n‑úsáid go córasach chun críocha gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir agus, ar an taobh eile, fianaise a éileamh go bhfuil deimhnithe ag na longa sin nach deimhnithe iad arna n‑eisiúint ag an mBratstát nó go gcomhlíonann siad na ceanglais is infheidhme maidir le haicmiú eile.

    128

    I ndáil leis sin, ceanglaítear le hAirteagal 13 de Threoir 2009/16 ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh longa a roghnaítear le haghaidh cigireachta i gcomhréir le hAirteagal 12 den Treoir sin faoi réir cigireacht tosaigh nó cigireacht níos mionsonraithe. Sonraítear in Airteagal 13(1), gur gá go ndéantar, agus cigireacht tosaigh á déanamh ar long, ar a laghad, seiceáil ar na deimhnithe nach mór a bheith ar bord i gcomhréir le dlí an Aontais agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht agus slándáil, agus riocht ginearálta na loinge i dtrácht a fhíorú. Foráiltear leis an Airteagal sin freisin, ina phointe 3, nach mór cigireacht níos mionsonraithe, lena n‑áirítear seiceáil dhomhain ar chomhlíonadh na gceanglas ag an long maidir le nósanna imeachta oibríochtúla ar bord, aon uair, tar éis na cigireachta tosaigh, “a mbeidh forais fhollasacha ann lena chreidiúint […] nach bhfuil riocht na loinge nó riocht a trealaimh nó a criú i gcomhréir, go bunúsach, le ceanglais ábhartha Coinbhinsiúin sa réimse sin.” Ar deireadh, maidir le samplaí d’fhorais fhollasacha den sórt sin, déantar tagairt leis an Airteagal sin d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin.

    129

    Áirítear in Iarscríbhinn V, inter alia, sa liosta de shamplaí d’fhorais fhollasacha lena dtugtar údar le cigireacht níos mionsonraithe, “[n]a longa a liostaítear i bpointí 2A agus 2B de Chuid II d’Iarscríbhinn I” a ghabhann le Treoir 2009/16, eadhon, na longa a bhfuil ceann de na tosca príomhúla nó gan choinne ag baint leo, na tosca dá dtagraítear, faoi seach, i bpointí 2A agus 2B.

    130

    I bhfianaise na bhforálacha sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, go léirítear go nithiúil leis an gcumhacht chun cigireacht níos mionsonraithe a eagrú dá bhforáiltear in Airteagal 13(3) de Threoir 2009/16 oibleagáid nó cumas na mBallstát a bhfuil stádas Stát calafoirt acu cigireacht bhreise a dhéanamh, de bhun Airteagail 11 agus 12 den Treoir sin, ar longa faoina ndlínse, sna cásanna dá dtagraítear i mír 112 den bhreithiúnas seo. Amhail aon chigireacht bhreise, ní féidir cigireacht níos mionsonraithe den sórt sin a eagrú dá bhrí sin, maidir le longa príobháideacha cúnaimh dhaonnúil atá ag gabháil go córasach i ngníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, ach amháin ag deireadh na n‑oibríochtaí arna gcinneadh ag máistir na loinge lena mbaineann, mar a luaitear i mír 119 den bhreithiúnas seo.

    131

    Sa dara háit, leanann sé ó fhoclaíocht shoiléir Airteagal 13 de Threoir 2009/16 go nglactar leis, le cur chun feidhme na cumhachta cigireachta níos mionsonraithe sin, ar thaobh amháin, go ndearna Stát an chalafoirt cigireacht tosaigh de bhun phointe 1 den Airteagal sin agus, ar an taobh eile, gur mheas sé, ag deireadh na cigireachta sin, go raibh “forais fhollasacha ann lena chreidiúint nach bhfuil riocht na loinge nó a trealaimh nó a criú i gcomhréir, go bunúsach, le ceanglais ábhartha Coinbhinsiúin sa réimse sin.” Mar is léir ó mhír 114 den bhreithiúnas seo, áirítear sna forais sin é go ndearnadh long a oibriú ar bhealach ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol.

    132

    Dá bhrí sin, is é is aidhm do chigireacht níos mionsonraithe ar long a cheadú do Stát an chalafoirt rialú a dhéanamh ar an long sin atá, ag an am céanna, níos leithne agus níos doimhne ná an rialú a rinneadh i gcomhthéacs na cigireachta tosaigh. Dá bhrí sin, féadfaidh baint a bheith ag an rialú sin, mar is léir ó Airteagal 13(3) de Threoir 2009/16, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(12) den Treoir sin, lena sainmhínítear “cigireacht níos mionsonraithe”, le gach a bhaineann “le tógáil, trealamh agus criú, dálaí maireachtála agus oibre agus comhlíonadh na nósanna imeachta oibríochtúla ar bord na loinge.”

    133

    Dá bhrí sin, i gcás ina n‑eagraítear cigireacht níos mionsonraithe toisc gurb ann d’fhorais fhollasacha lena chreidiúint gur “[oibríodh long] ar bhealach ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol”, féadfaidh Stát an chalafoirt na heilimintí sin go léir a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh an bhfuil contúirt den sórt sin ann, ag féachaint do cheanglais na gCoinbhinsiún idirnáisiúnta is infheidhme.

    134

    Mar a luadh i míreanna 120 agus 121 den bhreithiúnas seo, áirítear i measc na n‑eilimintí thuasluaite an ghníomhaíocht a n-úsáidtear an long lena mbaineann chuige sa chleachtas, an difríocht a d’fhéadfadh a bheith ann idir an ghníomhaíocht sin agus an ghníomhaíocht dá bhfuil an long sin deimhnithe agus feistithe, a mhinice a dhéantar an ghníomhaíocht sin agus na hiarmhairtí a bhaineann léi maidir le dálaí oibríochta na loinge sin, ag féachaint, go háirithe, don trealamh atá aici.

    135

    Dá bhrí sin, féadtar a chur san áireamh, go háirithe, go n‑úsáidtear longa áirithe, sa chleachtas, go córasach chun gníomhaíochtaí cuardach agus tarrtháil a dhéanamh do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, cé go bhfuil siad aicmithe agus deimhnithe mar lastlonga ag an mBratstát. Mar sin féin, is faoi Stát an chalafoirt atá sé eilimintí mionsonraithe dlíthiúla agus fíorasacha a chur in iúl atá de chineál chun na cúiseanna a chruthaíonn na himthosca sin, ina n‑aonar nó in éineacht le heilimintí eile, baol don tsláinte, don tsábháilteacht, do dhálaí oibre ar bord nó don chomhshaol a shuí.

    136

    Sa tríú háit agus san áit dheireanach, léirítear leis na heilimintí comhthéacsúla agus teileolaíocha a leagtar amach i míreanna 123 go 125 den bhreithiúnas seo go bhfuil léirmhíniú den sórt sin comhsheasmhach le rialacha an dlí idirnáisiúnta ina bhfuil Treoir 2009/16 suite agus a dhéantar iarracht leis an Treoir sin a n‑éifeachtacht a fheabhsú.

    137

    Tá an fíoras go bhfuil an rialú a d’fhéadfadh Stát an chalafoirt a dhéanamh faoi réir forais fhollasacha a bheith ann lena chreidiúint nach gcomhlíonann long nó a trealamh an riail nach mór long a chothabháil, ar gach bealach, i ndálaí lena n‑áirithítear go mbeidh sí in ann dul chun farraige gan aon chontúirt a bheith ann don long ná do na daoine ar bord, i gcomhréir le rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear dáileadh na gcumhachtaí idir an Stát sin agus an Bratstát.

    138

    Ar an taobh eile, bheadh rialú lena sáraítear dáileadh na n‑inniúlachtaí sin, amhail Stát an chalafoirt a cheanglaíonn go bhfuil deimhnithe seachas na deimhnithe arna n‑eisiúint ag an mBratstát ag longa atá faoi réir cigireacht níos mionsonraithe, nó go gcomhlíonann siad na ceanglais uile is infheidhme maidir le longa a thagann faoi aicmiú eile, ar neamhréir ní hamháin le rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta, mar is léir ó mhíreanna 98 go 100 den bhreithiúnas seo, ach freisin le Treoir 2009/16. Ar deireadh, b’ionann rialú den sórt sin agus amhras a chaitheamh ar an gcaoi ar fheidhmigh an Bratstát a inniúlacht maidir lena náisiúntacht a bhronnadh ar longa, chomh maith lena n‑aicmiú agus lena ndeimhniú.

    139

    I bhfianaise na mbreithnithe uile thuas, is é an freagra ar an tríú agus ar an gceathrú ceist ná nach mór Airteagal 13 de Threoir 2009/16 a léirmhíniú sa chaoi, tráth cigireachtaí níos mionsonraithe arna n‑eagrú de bhun an Airteagail sin, go bhfuil sé de chumhacht ag Stát an chalafoirt a chur san áireamh go n‑úsáidtear go córasach, sa chleachtas, longa atá aicmithe agus deimhnithe mar lastlonga ag an mBratstát chun críocha gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, i gcomhthéacs rialú atá ceaptha chun measúnú a dhéanamh, ar bhonn eilimintí mionsonraithe dlíthiúla agus fíorasacha, an bhfuil baol ann do dhaoine, do mhaoin nó don chomhshaol, i bhfianaise na ndálaí ina n‑oibrítear na longa sin. Ar an taobh eile, níl sé de chumhacht ag Stát an chalafoirt fianaise a éileamh ó na longa sin go bhfuil deimhnithe acu seachas na deimhnithe arna n‑eisiúint ag an mBratstát nó go gcomhlíonann siad na ceanglais uile is infheidhme maidir le haicmiú eile.

    An cúigiú ceist

    140

    Lena cúigiú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 19 de Threoir 2009/16 a léirmhíniú sa chaoi, i gcás ina suitear go bhfuil longa á n‑úsáid go córasach, sa chleachtas, chun críocha gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, agus iad aicmithe agus deimhnithe mar lastlonga ag Ballstát a bhfuil stádas Bratstáit aige, agus gur oibríodh iad ar bhealach ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol, go bhféadfaidh an Ballstát a bhfuil stádas Stát an chalafoirt aige easpa coinneála na long sin nó deireadh a chur le coinneáil den sórt sin a chur faoi réir an choinníll go bhfuil deimhnithe iomchuí acu don ghníomhaíocht sin agus go gcomhlíonann siad na ceanglais ábhartha, nó, ina éagmais sin, faoi réir an cheanglais go gcomhlíonann siad bearta ceartúcháin beartaithe maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge.

    141

    I ndáil leis sin, ní mór a chur in iúl, sa chéad áit, go bhforáiltear le hAirteagal 19(1) de Threoir 2009/16 go n‑áiritheoidh údarás inniúil Stát an chalafoirt gur ceartaíodh nó go gceartófar i gcomhréir le coinbhinsiúin idirnáisiúnta aon easnamh a cinntíodh nó a nochtadh leis na cigireachtaí a rinne sé.

    142

    Luaitear i mír 2 den Airteagal sin freisin, i gcás go gcruthaíonn easnaimh den sórt sin riosca soiléir don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol, go n‑áiritheoidh an t‑údarás sin go gcoinneofar an long lena mbaineann nó go gcuirfear stop leis an oibríocht ar nochtadh na heasnaimh sin lena linn, agus ansin nach gcuirfear deireadh leis an gcoinneáil nó leis an gcosc ar oibríochtaí go dtí go ndéanfar gach contúirt a dhíothú nó go dtí go gcinnfidh an t‑údarás gur féidir leis an long, faoi réir aon choinníollacha a mheasann sé go bhfuil a gcur i bhfeidhm riachtanach, an calafort a fhágáil nó gur féidir tosú arís ar oibríochtaí gan riosca a bheith ann do shlándáil nó do shláinte na bpaisinéirí nó an chriú, nó riosca do longa eile, nó gan bheith mar bhagairt mhíréasúnta don mhuirthimpeallacht.

    143

    Thairis sin, foráiltear le mír 3 den Airteagal sin, i bhfeidhmiú a bhreithiúnais ghairmiúil maidir le cé acu ar cheart long a choinneáil nó nár cheart, go gcuirfidh údarás inniúil Stát an chalafoirt na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn X i bhfeidhm. Sonraítear san Iarscríbhinn sin, i bpointe 2, gur gá a fhíorú mar chuid den fheidhmiú sin, inter alia, an féidir “an long a thréigean go gasta agus go sábháilte agus tarrtháil a dhéanamh más gá le linn an chéad turais eile”, an féidir “cosc a chur ar thruailliú an chomhshaoil le linn an chéad thurais eile ina iomláine” agus an féidir “dálaí sábháilteachta agus sláinteachais a áirithiú le linn an chéad turais eile ina iomláine”. Thairis sin, leis an Iarscríbhinn sin áirítear sa liosta neamh-uileghabhálach d’easnaimh a d’fhéadfadh údar a thabhairt, iontu féin, le coinneáil na loinge lean mbaineann, inter alia, “[e]aspa, acmhainneacht neamhleor nó meath tromchúiseach maidir leis na fearais tarrthála pearsanta, na báid agus raftaí tarrthála agus na fearais lainseála”, chomh maith le neamhchomhlíonadh tromchúiseach nó leanúnach de dhálaí maireachtála agus oibre na maraithe ar bord.

    144

    Is léir ó fhoclaíocht agus scéim na bhforálacha éagsúla sin, cé go gceanglaítear ar Stát an chalafoirt a áirithiú gur ceartaíodh nó go gceartófar na heasnaimh uile a deimhníodh nó a nochtadh le cigireacht a rinneadh de bhun Airteagail 11 go 13 de Threoir 2009/16, go háirithe na heasnaimh a bhaineann le trealamh sábháilteachta ar bord, i gcomhréir leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhféachtar a n‑éifeachtacht a neartú leis an Treoir sin, ní fhéadfaidh le Stát an chalafoirt, ar an taobh eile, long a choinneáil ach amháin i gcás go gcruthaíonn na heasnaimh den sórt sin riosca soiléir don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol.

    145

    Leanann sé as sin freisin nach féidir deireadh a chur le coinneáil den sórt sin go dtí go bhfuil gach contúirt díothaithe nó go dtí go gcinnfidh an t‑údarás gur féidir leis an long, faoi réir aon choinníollacha a mheasann sé go bhfuil a gcur i bhfeidhm riachtanach, an calafort a fhágáil nó gur féidir an long a oibriú arís gan riosca a bheith ann do shábháilteacht nó do shláinte na bpaisinéirí nó an chriú, nó riosca do longa eile, nó gan bagairt mhíréasúnta a bheith ann don mhuirthimpeallacht.

    146

    Leanann an léirmhíniú sin freisin as an gcoincheap “coinneáil,” mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(15) de Threoir 2009/16, ina sonraítear go gciallaíonn an téarma sin an toirmeasc foirmiúil ar dhul chun farraige a fhógraítear do long mar gheall ar easnaimh a fhágann, ina n-aonar nó le chéile, nach féidir loingseoireacht a dhéanamh, agus ó aithris 23 den Treoir sin, ar dá réir gur “cheart longa nach mór dóibh a bheith ina n‑ábhar do bhearta ceartaitheacha, i gcás inar léir go bhfuil na heasnaimh arna n-aithint mar bhaol don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol, a choinneáil go dtí go gceartófar na heasnaimh.”

    147

    Dá bhrí sin, ní féidir coinneáil den sórt sin a ordú ar an bhforas lom gur chuir cigireacht a rinneadh de bhun Airteagail 11 go 13 de Threoir 2009/16 ar chumas Stát an chalafoirt a shuíomh, go beacht, gur oibríodh long ar bhealach ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol. Ní mór don Stát sin a shuíomh freisin i gcás ar leith, ar thaobh amháin, go bhfuil contúirt nó baol follasach den sórt sin amach anseo ann agus, ar an taobh eile, go bhfágann na heasnaimh atá mar chúis leis, ina n‑aonar nó le chéile, nach féidir leis an long atá i dtrácht a bheith ag loingseoireacht.

    148

    Ní mór an ceanglas deireanach sin a léirmhíniú é féin i bhfianaise na rialach dá dtagraítear i míreanna 123, 124 agus 137 den bhreithiúnas seo, ar dá réir nach mór do longa a bheith cáilithe don tseirbhís dá bhfuil siad beartaithe, ó thaobh na sábháilteachta ar muir de, agus nach mór dóibh bheith in ann dul chun farraige gan aon chontúirt a bheith ann dóibh féin ná na daoine ar bord. Ní mór an ceanglas sin a thuiscint, mar sin, sa chaoi nach dtagraítear leis do dhodhéantacht iomlán don long chun bheith ag loingseoireacht, ach, ar bhonn níos leithne, do dhodhéantacht, don long sin, chun bheith ag loingseoireacht, ag féachaint go háirithe dá gníomhaíocht dhearbhaithe agus dá gníomhaíocht iarbhír, i ndálaí ina n‑áirithítear sábháilteacht ar muir do dhaoine, do mhaoin agus don chomhshaol. Thairis sin, freagraíonn na himthosca sin don chás ina dtugtar le Riail 19(c) de Chuid B de Chaibidil I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir de chumhacht do Stát an chalafoirt ina bhfuil long lonnaithe na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú nach mbeidh sí ag loingseoireacht. Dá bhrí sin, atáirgtear le Treoir 2009/16 go bunúsach, ar an bpointe sin, an riail sin.

    149

    Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú ar chomhlíon údaráis inniúla Stát an chalafoirt na ceanglais dá dtagraítear sa dá mhír thuasluaite nuair a d’ordaigh siad na longa atá i gceist sna príomhimeachtaí a choinneáil.

    150

    Sa dara háit, maidir le bearta ceartaitheacha a bhfuil sé de chumhacht ag na húdaráis sin a fhorchur i gcás inar shuigh siad gurb ann d’easnaimh lena gcruthaítear baol nó riosca follasach don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol agus a fhágann, ina n‑aonar nó le chéile, nach féidir leis an long lena mbaineann a bheith ag loingseoireacht, ní mór a thabhairt faoi deara, ar dtús, go gcoisctear le rialacha an dlí idirnáisiúnta sa chomhthéacs ina bhfuil Treoir 2009/16 agus a dhéantar iarracht leis an Treoir sin a n‑éifeachtacht a áirithiú an Treoir sin a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfadh an Ballstát atá, de bhun Airteagal 3(1) den Treoir sin, stádas Stát an chalafoirt aige a cheangal ar longa atá faoi réir a dhlínse deimhnithe a bheith acu seachas na deimhnithe sin arna n‑eisiúint ag an mBratstát dóibh nó a cheangal orthu na ceanglais uile is infheidhme maidir le longa d’aicmiú seachas a n‑aicmiú féin a chomhlíonadh, mar a leagtar amach i mír 138 den bhreithiúnas seo.

    151

    Dá bhrí sin, ní féidir le Stát an chalafoirt easpa coinneála na long sin nó deireadh a chur le coinneáil den sórt sin a chur faoi réir ceanglas den sórt sin.

    152

    Agus an méid sin sonraithe, ba cheart a thabhairt faoi deara, ina dhiaidh sin, go gceadaítear le hAirteagal 19(2) de Threoir 2009/16, arna léamh i bhfianaise aithris 23 den Treoir sin, do Stát an chalafoirt na bearta ceartaitheacha a ghlacadh a mheasann sé a bheith riachtanach, agus is ar choinníoll na bearta sin a chomhlíonadh ag an long a coinníodh gur féidir léi an calafort a fhágáil nó tosú ar oibríochtaí arís. Leanann sé freisin ón bhforáil sin nach mór do na bearta ceartaitheacha sin a bheith beartaithe chun a áirithiú go bhféadfaidh an long sin an calafort a fhágáil nó tosú ar oibríochtaí arís gan bheith ina baol do shábháilteacht agus do shláinte na bpaisinéirí nó an chriú, do longa eile agus gan bheith ina bagairt mhíréasúnta don mhuirthimpeallacht.

    153

    Braitheann na bearta ceartaitheacha is féidir a ghlacadh i gcás ar leith ar na himthosca fíorasacha agus ar na cúiseanna dlíthiúla a thug údar leis na cigireachtaí breise agus níos mionsonraithe agus coinneáil na loinge lena mbaineann. Mar sin féin, ní hamháin gur gá dóibh a bheith, in aon chás, leordhóthanach agus riachtanach chun na heasnaimh lena gcruthaítear riosca soiléir leo don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol a leigheas agus lena bhfágtar nach féidir leis an long a bheith ag loingseoireacht, rud a thug údar leis an gcoinneáil sin, ach freisin is gá dóibh a bheith comhréireach chun na críche sin, ar rud é atá faoin údarás inniúil a shuíomh, faoi smacht na cúirte náisiúnta inniúla, agus na breithnithe a leagtar amach i mír 121 den bhreithiúnas seo, inter alia, á gcur san áireamh.

    154

    Ar deireadh, is léir ó Airteagal 19(6) de Threoir 2009/16 agus ó Airteagal 21(1), (3) agus (5) den Treoir sin agus ó rialacha an dlí idirnáisiúnta nach mór na forálacha sin a léirmhíniú ina bhfianaise, sula gcinnfidh sé na bearta ceartaitheacha a bheartóidh sé a fhorchur, nach mór do Stát an chalafoirt a chur in iúl don Bhratstát i scríbhinn na himthosca agus na cúiseanna atá mar chúis leis an gcigireacht ar an long agus le coinneáil na loinge a bhfuil a bhratach ar foluain aici, agus an tuarascáil nó na tuarascálacha a tarraingíodh suas tar éis na cigireachta sin a chur in iúl dó. Tá feidhm ag an gceanglas sin beag beann ar an mBratstát agus dá bhrí sin is cuma cé acu an Ballstát eile é nó tríú Stát.

    155

    Is léir ó Airteagal 94(6) den Choinbhinsiún maidir le Dlí na Farraige go bhféadfaidh aon Stát a bhfuil forais thromchúiseacha aige lena chreidiúint nár feidhmíodh an dlínse agus an rialú iomchuí ar long na fíorais a thuairisciú don Bhratstát, a bhfuil sé de fhreagracht air, agus é tuairiscithe agus laistigh dá chumas agus dá chumhachtaí, imscrúdú a dhéanamh agus, más gá, na bearta is gá a ghlacadh chun an cás a leigheas. Leis an bhforáil sin, cuirtear iallach ar an mBratstát, i ndáil leis na longa a bhfuil a bhratach ar foluain acu, na bearta go léir is gá a ghlacadh chun leasanna an Stáit cósta a rinne an tuairisciú a chosaint (féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Meitheamh 2008, Intertanko agus páirtithe eile, C‑308/06, EU:C:2008:312, mír 62, agus an 26 Samhain 2014, an Pharlaimint agus an Coimisiún v an Chomhairle, C‑103/12 agus C‑165/12, EU:C:2014:2400, mír 63).

    156

    Ina theannta sin, sa chaidreamh idir na Ballstáit, ní mór prionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE a chur san áireamh, lena gceanglaítear ar na Ballstáit, ar bhealach ginearálta agus mar sin, go háirithe, i gcomhthéacs cásanna a rialaítear le Treoir 2009/16, lánurraim fhrithpháirteach agus cúnamh a thabhairt dá chéile agus na cúraimí a eascraíonn as na conarthaí á gcur i gcrích acu, gach beart iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a eascraíonn go háirithe as gníomhartha institiúidí an Aontais agus staonadh ó aon bheart a ghlacadh a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Aontais a chur i gcontúirt.

    157

    I bhfianaise an phrionsabail sin, ceanglaítear ar na Ballstáit dul i gcomhairle agus i gcomhar dílis a chéile i bhfeidhmiú a gcumhachtaí rialaithe faoi seach, ionas go gcomhlíonfaidh an Stát inniúil oibleagáidí Threoir 2009/16 agus go gcaomhnófar a n‑éifeachtacht ag an am céanna. Mar sin, ní mór a mheas, i gcás ina bhfuil bratach Ballstáit eile nach Stát an chalafoirt é ar foluain ag an long ar a rinneadh cigireacht agus a coinníodh, ní mór do Stát an chalafoirt, an t‑aon Stát atá inniúil, i gcomhthéacs an chórais a cuireadh ar bun le Treoir 2009/16, chun bearta ceartaitheacha a ghlacadh faoi na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 150 go 153 den bhreithiúnas seo, agus sin á dhéanamh aige, an t‑aicmiú agus na deimhnithe arna dtabhairt ag an mBratstát a urramú. Ó thaobh an Bhratstáit de, ní mór dó na cúiseanna a bhí ag Stát an chalafoirt le cigireacht a dhéanamh ar an long sin agus í a choinneáil ina dhiaidh sin a chur san áireamh, agus cabhrú leis teacht ar na bearta ceartaitheacha is iomchuí chun na heasnaimh a aithníodh a cheartú chomh maith leis na contúirtí agus rioscaí follasacha a leanann as na heasnaimh sin. Ní mór don dá Bhallstát sin iarracht a dhéanamh freisin chun teacht ar sheasamh comhbheartaithe maidir leis na bearta atá le glacadh ag gach ceann acu, i gcomhthéacs a gcumhachtaí faoi seach, agus maidir leis na bearta sin a chur chun feidhme.

    158

    Tá na ceanglais dhifriúla sin níos tábhachtaí fós ós rud é, mar atá dlí an Aontais faoi láthair, nach bhfuil aon fhorálacha ann lena rialaítear go sonrach gníomhaíochtaí córasacha cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir agus atá i gceist sna príomhimeachtaí.

    159

    I bhfianaise na mbreithnithe uile thuas, is é an freagra ar an gcúigiú ceist ná nach mór Airteagal 19 de Threoir 2009/16 a léirmhíniú sa chaoi, i gcás ina suitear, maidir le longa a úsáidtear go córasach, sa chleachtas, chun críocha gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, agus iad aicmithe agus deimhnithe mar lastlonga ag Ballstát a bhfuil stádas Bratstáit aige, gur oibríodh iad ar bhealach ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol, nach féidir leis an mBallstát a bhfuil stádas Stát an chalafoirt aige easpa coinneála na long sin nó deireadh a chur le coinneáil den sórt sin a chur faoi réir an choinníll go bhfuil deimhnithe iomchuí acu do na gníomhaíochtaí sin agus go gcomhlíonann siad na ceanglais go léir lena mbaineann. Ar an taobh eile, féadfaidh an Stát sin bearta ceartaitheacha cinntitheacha a fhorchur maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord, a mhéid atá údar leis na bearta ceartaitheacha sin toisc gurb ann d’easnaimh lena gcruthaítear riosca follasach don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol agus lena bhfágtar nach féidir leis an long a bheith ag loingseoireacht i ndálaí faoina n‑áirithítear an tsábháilteacht ar muir. Thairis sin, ní mór bearta ceartaitheacha den sórt sin a bheith leordhóthanach, riachtanach agus comhréireach chuige sin. Ina theannta sin, ní mór go mbeidh a nglacadh agus a gcur chun feidhme ag Stát an chalafoirt ina n‑ábhar do chomhar dílis leis an mBratstát, agus lánurraim á tabhairt do chumhachtaí, faoi seach, an dá Stát sin.

    Costais

    160

    Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

     

    Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

     

    1.

    Ní mór Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stát an chalafoirt, arna leasú le Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017

    a léirmhíniú sa chaoi seo:

    tá feidhm aici maidir le longa, cé go bhfuil siad aicmithe agus deimhnithe mar lastlonga ag an mBratstát, atá á n-úsáid, sa chleachtas, ar bhealach córasach, ag eagraíocht dhaonnúil chun críocha gníomhaíochtaí neamhthráchtála de chuardach agus tarrtháil do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, agus

    coisctear léi srianta sa reachtaíocht náisiúnta, lena n-áirithítear a trasuí sa dlí náisiúnta, ar a raon feidhme go longa a úsáidtear chun críocha gníomhaíochtaí tráchtála, agus na longa sin amháin.

     

    2.

    Ní mór Airteagal 11(b) de Threoir 2009/16, arna leasú le Treoir 2017/2110, arna léamh i gcomhar le Cuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, mar a leasaíodh, a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfaidh Stát an chalafoirt longa a thugann faoi ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála go córasach agus atá i gceann dá chalafoirt nó in uiscí atá faoina dhlínse a chur faoi réir cigireacht bhreise, tar éis dóibh dul isteach sna huiscí sin agus tar éis dóibh na hoibríochtaí trasloingithe nó tabhairt i dtír a chríochnú i leith na ndaoine ar chinn a máistir cúnamh a sholáthar dóibh, má shuíonn an Stát sin, ar bhonn eilimintí mionsonraithe dlíthiúla agus fíorasacha, gurb ann do chomharthaí tromchúiseacha de chineál chun a chruthú go bhfuil baol ann do shláinte, do shábháilteacht, do dhálaí oibre ar bord nó don chomhshaol, ag féachaint do na himthosca inar tharla an oibríocht atá i dtrácht.

     

    3.

    Ní mór Airteagal 13 de Threoir 2009/16, arna leasú le Treoir 2017/2110, a léirmhíniú sa chaoi, tráth cigireachtaí níos mionsonraithe arna n-eagrú de bhun an Airteagail sin, go bhfuil sé de chumhacht ag Stát an chalafoirt a chur san áireamh go n‑úsáidtear go córasach, sa chleachtas, longa atá aicmithe agus deimhnithe mar lastlonga ag an mBratstát chun críocha gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, i gcomhthéacs rialú atá ceaptha chun measúnú a dhéanamh, ar bhonn eilimintí mionsonraithe dlíthiúla agus fíorasacha, an bhfuil baol ann do dhaoine, do mhaoin nó don chomhshaol, i bhfianaise na ndálaí ina n-oibrítear na longa sin. Ar an taobh eile, níl sé de chumhacht ag Stát an chalafoirt fianaise a éileamh ó na longa sin go bhfuil deimhnithe acu seachas na deimhnithe arna n-eisiúint ag an mBratstát nó go gcomhlíonann siad na ceanglais uile is infheidhme maidir le haicmiú eile.

     

    4.

    Ní mór Airteagal 19 de Threoir 2009/16, arna leasú le Treoir 2017/2110, a léirmhíniú sa chaoi, i gcás ina suitear, maidir le longa a úsáidtear go córasach, sa chleachtas, chun críocha gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i mbaol nó in anacair ar muir, agus iad aicmithe agus deimhnithe mar lastlonga ag Ballstát a bhfuil stádas Bratstáit aige, gur oibríodh iad ar bhealach ina gcuirtear daoine, maoin nó an comhshaol i mbaol, nach féidir leis an mBallstát a bhfuil stádas Stát an chalafoirt aige easpa coinneála na long sin nó deireadh a chur le coinneáil den sórt sin a chur faoi réir an choinníll go bhfuil deimhnithe iomchuí acu do na gníomhaíochtaí sin agus go gcomhlíonann siad na ceanglais go léir lena mbaineann. Ar an taobh eile, féadfaidh an Stát sin bearta ceartaitheacha cinntitheacha a fhorchur maidir le sábháilteacht, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre ar bord, a mhéid atá údar leis na bearta ceartaitheacha sin toisc gurb ann d’easnaimh lena gcruthaítear riosca follasach don tsábháilteacht, don tsláinte nó don chomhshaol agus lena bhfágtar nach féidir leis an long a bheith ag loingseoireacht i ndálaí faoina n-áirithítear an tsábháilteacht ar muir. Thairis sin, ní mór bearta ceartaitheacha den sórt sin a bheith leordhóthanach, riachtanach agus comhréireach chuige sin. Ina theannta sin, ní mór go mbeidh a nglacadh agus a gcur chun feidhme ag Stát an chalafoirt ina n-ábhar do chomhar dílis leis an mBratstát, agus lánurraim á tabhairt do chumhachtaí, faoi seach, an dá Stát sin.

     

    Sínithe


    ( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.

    Top