EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CC0621

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Richard de la Tour arna thabhairt ar an 2023 Aibreán 20.


ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:314

 TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

JEAN RICHARD DE LA TOUR

arna tabhairt an 20 Aibreán 2023 ( 1 )

Cás C‑621/21

WS

v

Intervyuirasht organ na Darzhavna Agentsia za bezhantsite pri Ministerskia savet,

le hidiragairt ó

Predstavitelstvo na Varhovnia komisar na Organizatsiyata na obedinenite natsii za bezhantsite v an Bhulgáir

[iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Sofia-grad (Cúirt Riaracháin Chathair Sóifia, an Bhulgáir)]

(Tarchur le haghaidh réamhrialú – An limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Treoir Uimh. 2011/95/AE – Caighdeáin maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus maidir le hábhar a leithéide de chosaint – Náisiúnach tríú tír atá fágtha gan chosaint ar bhaol a bheith ina híospartach coire onóra, pósta éigeantais nó foréigean teaghlaigh ag gníomhaithe neamhstáit i gcás a curtha ar ais chun a tíre tionscnaimh – Coinníollacha maidir le stádas dídeanaí a dheonú – Airteagal 9(3) – Nasc cúisíoch a shuíomh idir an foras géarleanúna agus an easpa cosanta sa tír thionscnaimh – Airteagal 10(1)(d) – Ballraíocht a shuíomh i “[n]grúpa sóisialta áirithe” mar gheall ar inscne an iarrthóra – Coinníollacha maidir le cosaint choimhdeach a dheonú – An coincheap “díobhálacha tromchúiseacha” – Coinbhinsiún chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl))

I. Réamhrá

1.

Tá saincheist na ngníomhartha foréigin in aghaidh na mban i gcomhthéacs an teaghlaigh tagtha chun bheith ina mórábhar imní dár sochaithe i ndiaidh a tábhacht a bheith measta ag na húdaráis faoi bhun an chirt ó thaobh na tromchúise agus na n‑iarmhairtí a bhaineann lena leithéid de ghníomhartha. Cáineadh go poiblí dúnmharuithe na mban i measc a muintir, ar a dtugtar “feimeamharuithe” sa bheo-chaint anois. Thug na húdaráis phoiblí faoi deara go raibh gá le cosaint níos fearr ar mhná is íospartaigh foréigin agus iad i gcomhluadar a dteaghlaigh agus le bheith níos déine ar na daoine a imríonn an foréigean seo orthu. An bhfuil an chosaint sin atá le háirithiú laistigh de Bhallstát le deonú chomh maith do mhná a d’éalaigh óna dtír agus nach féidir leo, nó nach mian leo, dul ar ais chuici ar eagla go bhfulaingeoidís foréigean i measc a muintir? Go sonrach, an féidir a aithint go bhfuil stádas dídeanaí ag mná a bhfuil a leithéid de chás rompu, de réir bhrí Airteagal 2(e) de Threoir Uimh. 2011/95/AE? ( 2 ) Mura n‑aithnítear go bhfuil a leithéid de stádas acu, cé chomh maith is atá an t‑údar a thugann gníomhartha foréigin inscnebhunaithe, a dhéantar do náisiúnach tríú tír i measc shaol teoranta a teaghlaigh, le deonú cosanta coimhdí de réir bhrí Airteagal 2(g) den Treoir sin?

2.

Sa chás a tugadh os comhair na Cúirte, is cúis amhrais do Administrativen sad Sofia-grad (Cúirt Riaracháin Chathair Sóifia, an Bhulgáir) cibé an bhfuil nó nach bhfuil cosaint choimhdeach indeonaithe do náisiúnach de chuid na Tuirce, atá de bhunadh Coirdíneach, agus, i gcás inarb iomchuí, an cineál cosanta coimhdí atá le deonú dó, i bhfianaise, ar an gcéad dul síos, an chineáil gníomhartha foréigin a bhfuil sí i mbaol a fágtha gan cosaint uirthi i gcás ina dtéann sí ar ais chun a tíre tionscnaimh. D’fhéadfadh sé gurbh ionann na gníomhartha seo agus foréigean i measc a muintir, coir onóra san áireamh, nó fiú pósadh éigeantais. Ar an dara dul síos, ní mór aird a thabhairt chomh maith ar na himthosca ina ndéantar na gníomhartha seo, is é sin le rá, ag gníomhaithe neamhstáit. ( 3 )

3.

Is é a léirítear leis an gceist seo, a chuirtear in iúl chomh maith sna barúlacha a thaisctear sa chás seo, ná an t‑ábhar imní atá acu siúd a mheasann nach bhféadfaí stádas dídeanaí a dheonú do gach bean is íospartach foréigean teaghlaigh toisc gur fadhb í a bhfuil ag na Stáit go léir, agus acu siúd ar oth leo, os a choinne sin, nach sa chosaint choimhdeach ach cosaint a dheonaítear “mar réamhshocrú” do na mná seo agus tugtar le tuiscint mar sin nach n‑athnaítear na forais géarleanúna inscnebhunaithe, lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar ghnéaschlaonadh nó ar fhéiniúlacht inscne.

4.

Ina thuairim i gcás Stát na Beilge (Ceart cónaithe i gcás foréigean teaghlaigh), ( 4 ) chuir an tAbhcóide Ginearálta Szpunar béim ar an ngéarghá leis nach meastar faoi bhun an chirt an tábhacht dhlíthiúil, pholaitiúil agus shóisialta a bhaineann le tromchúis fhadhb an fhoréigin teaghlaigh a aithint agus leis na cora sa scéal a aithint ar tháinig le déanaí i reachtaíocht an Aontais i ndáil le cosaint na n‑íospartach. ( 5 ) San am céanna beagnach, luaigh an tAbhcóide Ginearálta Hogan ina Thuairim i gCás 1/19 (Coinbhinsiún Iostanbúl) ( 6 )“[f]aoi mar atá cúrsaí, ní fhoráiltear le dlí an Aontais, go hiondúil, don oibleagáid le meas go bhfuil an foréigean in aghaidh na mban ina chineál géarleanúna chun stádas dídeanaí a fháil.” ( 7 )

5.

Tagann an cheist chun cinn inniu ó thaobh eile de, ós rud é gur cuid de chás aonair í.

6.

Ar an gcéad dul síos, beidh ar an gCúirt na coinníollacha a shocrú ina bhféadfaí a mheas go bhfuil eagla, le cúis mhaith, ar náisiúnach tríú tír, atá i mbaol coir onóra nó pósta éigeantais a fhulaingt nó a fágtha gan cosaint ar ghníomhartha foréigean teaghlaigh ar a cur ar ais chun a tíre tionscnaimh, go ndéanfaí géarleanúint uirthi toisc go mbaineann sí le “grúpa sóisialta áirithe” agus go bhféadfaí stádas dídeanaí a dheonú di [Airteagal 10(1)(d) de Threoir Uimh. 2011/95].

7.

Ar an dara dul síos, beidh ar an gCúirt na coinníollacha a shonrú faoina gcaithfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta, i gcás ina ndéanann gníomhaí neamhstáit an foréigean, nasc cúisíoch a bhunú idir cúis na géarleanúna, eadhon baint le grúpa sóisialta áirithe, agus easpa cosanta sa tír thionscnaimh (Airteagal 9(3) den Treoir sin).

8.

Ar an tríú dul síos agus faoi dheireadh, beidh ar an gCúirt scrúdú a dhéanamh ar cé chomh indeonaithe do dhuine dá leithéid agus atá an stádas a thugtar le stádas cosanta coimhdí. Sa chomhthéacs sin, is fúithi a bheidh sé na coinníollacha a chinneadh faoina mbeadh na gníomhartha foréigin a ndéantar cur síos orthu thuas inaicmithe mar “d[h]íobhálacha tromchúiseacha” de réir bhrí Airteagal 15 den Treoir sin a mhéid a mbainfeadh bagairt thromchúiseach bháis leo nó arbh ionann iad agus íde mhídhaonna nó tháireach.

II. An dlí lena mbaineann

A.   Dlí idirnáisiúnta

1. Coinbhinsiún na Ginéive

9.

Foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 1(A)(2) den Choinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe, arna shíniú sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951, ( 8 ) go mbeidh feidhm ag an téarma “dídeanaí” maidir le haon duine “a bhfuil […] eagla air, agus bunús maith léi, roimh ghéarleanúint ar chúiseanna a bhaineann le cine, reiligiún, náisiúntacht, comhaltas de ghrúpa sóisialta ar leith nó tuairimí polaitiúla, lasmuigh de thír a náisiúntachta agus nach bhfuil ar a chumas leas a bhaint as cosaint na tíre sin nó, i ngeall ar an eagla sin, nach bhfuil toilteanach é sin a dhéanamh; nó, i gcás nach bhfuil náisiúntacht aige agus ina bhfuil sé lasmuigh den tír ina raibh gnáthchónaí air i ndiaidh imeachtaí den sórt sin, nach féidir leis filleadh ansin nó, mar gheall ar eagla den sórt sin, nach mian leis filleadh [...]”. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

2. CIBD

10.

Foráiltear don mhéad seo a leanas in Airteagal 1 den Choinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CIBD), ( 9 ) nach bhfuil an tAontas ina pháirtí ann:

“Is é atá i gceist leis an nath ‘idirdhealú in aghaidh na mban’ ná aon idirdhealú, eisiamh nó srian ar bhonn gnéis a bhfuil sé d’éifeacht nó de chuspóir acu lagú nó neamhniú a dhéanamh ar aitheantacht, ar thairbhiú nó ar fheidhmiú cearta daonna agus saoirsí bunúsacha sna réimsí polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus sibhialta nó in aon réimse eile, ag mná, gan beann ar an stádas pósta atá acu, ar bhonn comhionannas idir fir agus mná.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

11.

Tugtar le fios le hAirteagal 5(a) den Choinbhinsiún sin:

“Déanfaidh na Stáit is páirtithe gach beart is iomchuí chun:

(a)

Athrú a dhéanamh ar na haistí agus na patrúin iompraíochta soch-chultúrtha atá ag fir agus mná d’fhonn go mbainfí amach díothú claontachtaí agus gnáthchleachtais, nó aon chineál cleachtais, atá bunaithe ar an smaoineamh go bhfuil ceann de na gnéis níos fearr nó níos measa ná an ceann eile nó go bhfuil ról steiréitipiciúil ag fir agus mná.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

12.

Forlíonadh ar an gCoinbhinsiún sin le Moladh Ginearálta Uimh. 19 ón gCoiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú, ( 10 ) dar teideal “Foréigean in aghaidh na mban”, lena bhforáiltear don mhéid seo a leanas i mír 6:

“Le hAirteagal 1 de [CIBD] sainmhínítear idirdhealú in aghaidh na mban. Áirítear leis an sainmhíniú sin foréigean ar bhonn gnéis, is é sin le rá foréigean in aghaidh mná toisc gur bean í nó lena ndéantar difear do bhean go háirithe. Is é atá i gceist leis ná gníomhartha lena gcuirtear daoine á gcrá nó ag fulaingt, go fisiceach, go meabhrach nó go gnéasach, a leithéid de ghníomhartha a bhagairt, comhéigean nó gníomhartha eile lena séantar saoirse ar dhaoine [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

13.

Rinneadh an Moladh sin a nuashonrú in 2017 le Moladh Ginearálta Uimh. 35 maidir le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban, ( 11 ) lena bhforáiltear don mhéid seo a leanas i míreanna 10 agus 16 de:

“10. Measann an Coiste [um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú] go bhfuil foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban ar cheann de na modhanna bunúsacha sóisialta, polaitiúla agus eacnamaíocha trína gcoimeádtar mná faoi cheannas na bhfear agus trína gcoimeádtar a róil steiréitipiciúla [...]

[...]”

16. D’fhéadfaí caitheamh le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban mar chéastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach in imthosca áirithe, go háirithe inarb é atá i gceist leis ná éigniú, foréigean teaghlaigh nó cleachtais dhíobhálacha eile [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

14.

Ina theannta sin, forlíonadh CIBD leis an Dearbhú maidir le Foréigean in aghaidh na mBan a Dhíothú, ( 12 ) lena bhforáiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 2 de:

Is éard atá i gceist le foréigean in aghaidh na mban ná na cineálacha foréigin a leagtar amach mar seo a leanas, gan iadsan amháin a bheith i gceist leis:

(a)

foréigean fisiceach, gnéasach agus síceolaíoch laistigh a dhéantar i measc an teaghlaigh, lena n‑áirítear bascadh, leanaí baineanna a chur faoi mhí-úsáid ghnéasach sa bhaile, foréigean a bhaineann le spré, éigniú pósta, ciorrú ball giniúna agus cleachtais thraidisiúnta eile lena ndéantar dochar do bhean, foréigean neamhphósta agus an foréigean a bhaineann le dúshaothrú;

(b)

Foréigean fisiceach, gnéasach agus síceolaíoch a dhéantar i measc an phobail i gcoitinne, lena n‑áirítear éigniú, mí-úsáid ghnéasach, ciapadh gnéasach agus imeaglú san ionad oibre, in institiúidí oideachais agus in áiteanna eile, daoine a chur i mbun striapachais agus striapachas éigeantais;

(c)

Foréigean fisiceach, gnéasach agus síceolaíoch a dhéanann an Stát nó a nglacann an Stát leis cibé áit a dtarlaíonn sé”.

3. Coinbhinsiún Iostanbúl

15.

Foráiltear leis an 10ú mír go dtí an 12ú mír den bhrollach a ghabhann le Coinbhinsiún Iostanbúl:

“Á aithint dóibh gur léiriú é an foréigean in aghaidh na mban ar na caidrimh éagothroma cumhachta idir mná agus fir, rud is cúis le forlámhas agus idirdhealú ar mhná ag fir agus lena séantar saoirse iomlán na mban mar sin:

Á aithint dóibh go bhfuil cineál struchtúrach an fhoréigin in aghaidh na mban mar fhoréigean atá inscnebhunaithe agus á chur i bhfios go bhfuil foréigean in aghaidh na mban ar na sásraí sóisialta bunúsacha lena gcoimeádtar mná faoi cheannas fear;

Á aithint dóibh le mórábhar imní gur minic a fhágtar mná agus cailíní gan chosaint ar chineálacha tromchúiseacha foréigin amhail foréigean teaghlaigh, ciapadh gnéasach, éigniú, pósadh éigeantais, coireanna a dhéantar ar son “[na h]onóra”, mar a thugtar air, agus ciorrú ball giniúna, arb ionann iad agus sárú tromchúiseach ar chearta daonna na mban agus na gcailíní agus atá ina gconstaic mhór ar chomhionannas idir mná agus fir a bhaint amach.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

16.

De réir Airteagal 1 de Choinbhinsiún Iostanbúl, atá i gCaibidil I, dar teideal “Cuspóirí, sainmhínithe, comhionannas agus neamh-idirdhealú, oibleagáidí ginearálta”, is é is aidhm do Choinbhinsiún Iostanbúl, inter alia, mná a chosaint ar gach cineál foréigin, lena n‑áirítear foréigean teaghlaigh, agus a leithéid d’fhoréigean a chosc, a ionchúiseamh agus a dhíothú, cur le díothú gach cineál idirdhealaithe in aghaidh na mban agus creat cuimsitheach beartas agus bearta cosanta agus cúnaimh a fhorbairt.

17.

De réir Airteagal 2(1) de, “tá feidhm ag Coinbhinsiún Iostanbúl maidir le gach cineál foréigin in aghaidh na mban, lena n‑áirítear foréigean teaghlaigh, rud a dhéanann difear díréireach do mhná.”

18.

Foráiltear le hAirteagal 3 den Chinneadh sin:

“Chun críche an Choinbhinsiúin seo:

a

tá an téarma ‘foréigean in aghaidh na mban’ le tuiscint mar shárú ar chearta an duine agus mar chineál idirdhealaithe in aghaidh na mban, agus is éard atá i gceist leis ná aon ghníomh foréigin atá inscnebhunaithe as a n‑eascraíonn dochar nó fulaingt atá de chineál fisiceach, gnéasach, síceolaíoch nó eacnamaíoch do mhná nó a bhféadfadh a leithéid de dhochar nó d’fhulaingt eascairt as, lena n‑áirítear a leithéid de ghníomhartha a bhagairt, comhéigean nó saoirse a bhaint go treallach, bíodh sin sa saol poiblí nó sa saol príobháideach.

b

is éard atá i gceist leis an téarma ‘foréigean teaghlaigh’ ná gach gníomh foréigin a mbíonn de thoradh air, nó ar dóchúil go mbeidh mar thoradh air, díobháil nó fulaingt fhisiceach, ghnéasach, shíceolaíoch nó eacnamaíoch, a tharlaíonn sa teaghlach nó san aonad baile, nó idir iarchéilí nó céilí reatha nó idir iarpháirtithe nó páirtithe reatha, cibé acu atá nó nach bhfuil áit chónaithe á roinnt ag an gciontóir leis an íospartach;

c

is é atá i gceist leis an téarma “inscne” ná na róil, na hiompraíochtaí, na gníomhaíochtaí agus na saintréithe atá bunaithe ar an tuiscint atá ag an tsochaí orthu agus a mheasann sochaí faoi leith gur iomchuí do mhná agus d’fhir iad;

d

is é atá i gceist leis an téarma ‘foréigean in aghaidh na mban atá inscnebhunaithe’ ná gach foréigean a dhéantar in aghaidh mná toisc gur bean í nó lena ndéantar difear díréireach do mhná;

[...]

f

Áirítear cailíní atá níos lú ná 18 mbliana d’aois sa téarma ‘bean’.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

19.

Seo a leanas an fhoclaíocht atá in Airteagal 60 den Choinbhinsiún sin, dar teideal “Iarratais ar thearmann atá inscnebhunaithe”:

“1   Déanfaidh na Páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile ionas go bhféadfaí an foréigean in aghaidh na mban atá inscnebhunaithe a aithint mar chineál géarleanúna de réir bhrí Airteagal 1 [roinn] A, [mír 2] de [Choinbhinsiún na Ginéive] agus mar chineál tromchúiseach dochair as a n-eascraíonn cosaint bhreise/choimhdeach.

2   Áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear léiriú atá íogair ó thaobh inscne de i bhfeidhm maidir le forais an Choinbhinsiúin agus go ndeonófar stádas dídeanaí d’iarrthóirí i gcás ina suíomhtar go bhfuil ceann nó níos mó de na forais sin ina n‑ábhar eagla roimh ghéarleanúint, i gcomhréir leis na hionstraimí ábhartha is infheidhme.

3   Déanfaidh na Páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile chun nósanna imeachta um ghlacadh a fhorbairt atá íogair ó thaobh inscne de agus chun seirbhísí tacaíochta d’iarrthóirí tearmainn a fhorbairt, chomh maith le treoirlínte a fhorbairt atá inscnebhunaithe agus chun nósanna imeachta tearmainn atá íogair ó thaobh inscne de a fhorbairt, lena n‑áirítear le haghaidh stádas dídeanaí a dheonú agus le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a iarraidh.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.   Dlí an Aontais Eorpaigh

20.

De réir Airteagal 78(1) CFAE agus Airteagal 18 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), is ar chur i bhfeidhm iomlán agus cuimsitheach Choinbhinsiún na Ginéive a bhunaítear an Comhchóras Eorpach Tearmainn, a bhfuil Treoir Uimh. 2011/95 ina cuid de.

21.

Leagtar an méid seo a leanas amach in aithrisí 17 agus 30 den Treoir sin:

(17)

Maidir leis an dóigh a gcaitear le daoine a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, tá na Ballstáit faoi cheangal ag na hionstraimí dlí idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad, lena n‑áirítear go háirithe na hionstraimí sin lena gcuirtear cosc ar idirdhealú.

[...]”

(30)

Is gá [...] coincheap coiteann a thabhairt isteach maidir leis an bhforas géarleanúna arb ionann é agus “baint le grúpa sóisialta áirithe”. Chun grúpa sóisialta áirithe a shainmhíniú, ba cheart aird a thabhairt ar shaincheisteanna a eascraíonn ó inscne an iarratasóra, lena n‑áirítear féiniúlacht inscne agus gnéaschlaonadh, a d’fhéadfadh a bheith bainteach le traidisiúin dhlíthiúla áirithe agus le gnásanna áirithe, arb é is toradh orthu mar shampla ciorrú ball giniúna, aimridiú éigeantach nó ginmhilleadh éigeantach, a mhéid a bhaineann siad leis an eagla, lena bhfuil bunús maith, atá ar an iarratasóir go ndéanfaí géarleanúint uirthi.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

22.

Foráiltear le hAirteagal 2(d)(f) den Treoir sin:

“Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(d)

ciallaíonn ‘dídeanaí’ gach náisiúnach tríú tír atá lasmuigh de thír a náisiúntachta de bharr eagla a bhfuil bunús maith léi go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi mar gheall ar chine, ar reiligiún, ar náisiúntacht, ar thuairim pholaitiúil nó ar bhallraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe agus nach bhfuil in ann nó, de bharr eagla den sórt sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin [...] agus nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 12;

[...]

(f)

ciallaíonn ‘duine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach’ náisiúnach tríú tír […] nach gcáilíonn mar dhídeanaí ach ar taispeánadh ina leith go bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint go mbeadh an duine lena mbaineann, dá bhfillfeadh sé nó sí ar a thír thionscnaimh nó ar a tír thionscnaimh, […] go mbeadh fíorbhaol ann go bhfulaingeodh sé nó sí díobháil thromchúiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 15 í, agus ar duine é nó í nach bhfuil feidhm ag Airteagal 17(1) agus Airteagal 17(2) maidir leis nó léi, agus nach bhfuil in ann nó, de bharr baol den sórt sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

23.

I gcomhthéacs Chaibidil II de Threoir Uimh. 2011/95, a bhaineann le “measúnú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta”, foráiltear le hAirteagal 6, dar teideal “Gníomhaithe géarleanúintí nó díobhálacha tromchúiseacha”:

“Is féidir a áireamh mar ghníomhaithe géarleanúintí nó díobhálacha tromchúiseacha:

(a)

an Stát;

(b)

páirtithe nó eagraíochtaí a rialaíonn an Stát nó a rialaíonn cuid shubstaintiúil de chríoch an Stáit;

(c)

gníomhaithe neamhstáit, más féidir a léiriú nach bhfuil na gníomhaithe dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b), lena n‑áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, in ann nó nach bhfuil siad toilteanach cosaint a thabhairt ar ghéarleanúintí nó ar dhíobháil thromchúiseach de réir bhrí Airteagal 7.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

24.

Tá Airteagal 7 den Treoir sin, dar teideal “Gníomhaithe Cosanta” sna focail seo a leanas:

“1.   Ní fhéadfaidh ach na gníomhaithe seo a leanas cosaint a thabhairt ar ghéarleanúintí nó ar dhíobhálacha tromchúiseacha:

(a)

an Stát; nó

(b)

páirtithe nó eagraíochtaí, lena n‑áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, a rialaíonn an Stát nó a rialaíonn cuid shubstaintiúil de chríoch an Stáit;

ar choinníoll go bhfuil siad toilteanach agus in ann cosaint a chur ar fáil i gcomhréir le mír 2.

2.   Ní mór don chosaint ar ghéarleanúintí nó ar dhíobhálacha tromchúiseacha a bheith éifeachtach agus de chineál neamhshealadach. Is iondúil go dtugfar a leithéid de chosaint sin i gcás ina ndéanann na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b) bearta réasúnta chun na géarleanúintí nó díobhálacha tromchúiseacha a chosc trí bhíthin, i measc nithe eile, córas dlí éifeachtach a fheidhmiú chun gníomhartha ar gníomhartha géarleanúna nó díobhála tromchúisí iad a bhrath, a ionchúiseamh agus a phionósú, agus i gcás go bhfuil rochtain ag an iarratasóir ar an gcosaint sin.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

25.

Áirítear Airteagal 9 le Caibidil III den Treoir sin, dar teideal “Cáilitheacht mar dhídeanaí”, lena bhforáiltear:

“1.   Chun go measfar gur gníomh géarleanúna é de réir bhrí Airteagal 1, Roinn (A) de Choinbhinsiún na Ginéive, ní mór do ghníomh:

(a)

a bheith tromchúiseach go leor de bharr a chineáil nó de bharr a athdhéanta le bheith ina shárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha an duine, go háirithe na cearta do-mhaolaithe sin a dhéanamh orthu faoi Airteagal 15(2) den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint [ ( 13 )]; nó

(b)

a bheith ina charnadh bearta éagsúla, lena n‑áirítear sáruithe ar chearta an duine atá tromchúiseach go leor chun difear a dhéanamh do dhuine aonair ar bhealach atá cosúil leis an mbealach dá dtagraítear i mír (a).

2.   Féadfar gníomhartha géarleanúna, de réir bhrí mhír 1, a bheith den sórt seo leanas, agus de shóirt eile:

(a)

gníomhartha foréigin fhisicigh nó mheabhraigh, lena n‑áirítear gníomhartha foréigin ghnéasaigh;

[...]”

(f)

gníomhartha a bhaineann go sonrach le hinscne [...]

3.   I gcomhréir le hAirteagal 2(d), ní mór baint a bheith ann idir na fáthanna a luaitear in Airteagal 10 agus na gníomhartha géarleanúna de réir mhír 1 den Airteagal seo iad nó an easpa cosanta ar ghníomhartha den sórt sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

26.

Seo a leanas an fhoclaíocht atá in Airteagal 10 de Threoir Uimh. 2011/95, dar teideal “Fáthanna le géarleanúint”:

“1.   Cuirfidh na Ballstáit na gnéithe seo a leanas san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar na fáthanna le géarleanúint:

[...]”

(d)

measfar gur grúpa sóisialta áirithe é grúpa, go háirithe, sna cásanna seo a leanas:

go bhfuil ag a bhaill aon saintréith dhúchasach nó cúlra coiteann nach féidir a athrú, nó go bhfuil ag a chuid ball saintréith nó creideamh atá chomh bunúsach sin dá bhféiniúlacht nó dá gcoinsias nár cheart iallach a chur ar dhuine an tsaintréith nó an creideamh sin a thréigean, agus

go bhfuil ag an ngrúpa sin féiniúlacht ar leithligh sa tír i gceist, toisc go mbraitear go bhfuil sé éagsúil leis an mórshochaí;

Ag brath ar ghnáthchúinsí na tíre tionscnaimh, d’fhéadfadh sé gur grúpa sóisialta áirithe é grúpa atá bunaithe ar shaintréith choiteann a ngnéaschlaonta. Ní féidir a thuiscint go n‑áirítear le gnéaschlaonadh gníomhartha a mheastar a bheith coiriúil i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát. Ní mór breithniú go cuí ar ghnéithe a bhaineann le hinscne, lena n‑áirítear féiniúlacht inscne, chun críocha ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe a Chinneadh nó chun críocha saintréith grúpa den sórt sin a shainaithint;

[...]”

2.   Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil eagla a bhfuil bunús maith léi ar iarratasóir roimh ghéarleanúint, is cuma an bhfuil ag an iarratasóir i ndáiríre an tsaintréith chiníoch, reiligiúnach, náisiúnta, shóisialta nó pholaitiúil is fáth na géarleanúna í, ar choinníoll go gcuireann gníomhaí na géarleanúna saintréith den sórt sin i leith an iarratasóra.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

27.

Foráiltear le hAirteagal 15, dar teideal “Díobháil thromchúiseach” i gCaibidil V den Treoir sin, a bhaineann le “[c]áilitheacht do chosaint choimhdeach”:

“Is iad seo a leanas na díobhálacha tromchúiseacha:

(a)

pionós an bháis nó bású; nó

(b)

iarratasóir a chéasadh nó íde a thabhairt dó nó di nó pionós a chur air nó uirthi atá mídhaonna nó táireach, sa tír thionscnaimh; nó

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

C.   Dlí na Bulgáire

28.

Sa Bhulgáir, is leis an Zakon za ubezhishteto i bezhantsite (an Dlí maidir le tearmann agus dídeanaithe) ( 14 ) a rialaítear scrúdú na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, sa leagan a foilsíodh in DV Uimh. 103 an 27 Nollaig 2016 (“ZUB”). Rinneadh Treoracha Uimh. 2011/95 agus Uimh. 2013/32/AE ( 15 ) a thrasuí i ndlí na Bulgáire trí bhíthin dhá dhlí lena leasaítear agus lena bhforlíontar ZUB, a foilsíodh in DV Uimh. 80 an 16 Deireadh Fómhair 2015 agus DV Uimh. 101 an 22 Nollaig 2015 faoi seach.

29.

Faoi réir Airteagal 6(1) de ZUB:

“Is iad na daoine atá freagrach as an Darzhavna agentsia za bezhantsite (An Ghníomhaireacht Náisiúnta do Dhídeanaithe, “DAB”) a fheidhmeoidh na hinniúlachtaí dá bhforáiltear leis an dlí seo. Tiocfaidh siad ar an bhfírinne agus ar na cúinsí atá ábhartha chun críche an nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus rachaidh siad i gcabhair ar eachtrannaigh a thaisc a leithéid d’iarratas ar chosaint.”

30.

Forálfar le ZUB do dhá chineál cosanta idirnáisiúnta.

31.

Baineann Airteagal 8 de ZUB leis na coinníollacha substainteacha nach mór don iarratasóir a chomhlíonadh chun stádas dídeanaí a fháil. Cuimsítear san Airteagal sin, i bhfocail chomhchosúla, na forálacha arna leagan amach in Airteagail 6 agus 9 de Threoir Uimh. 2011/95.

32.

Maidir le hAirteagal 9 de ZUB, baineann sé leis na coinníollacha substainteacha nach mór don iarratasóir a chomhlíonadh chun “stádas daonnúil” a fháil, rud a fhreagraíonn do chosaint choimhdeach, ar coinníollacha iad a fhreagraíonn do “d[h]íobháil thromchúiseach” mar a shainmhínítear in Airteagal 15 de Threoir Uimh. 2011/95.

III. Fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

33.

Is náisiúnach de chuid na Tuirce é WS, an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, atá de bhunadh Coirdíneach, atá den chreideamh Ioslamach (Sunnaíoch) agus atá colscartha. I mí Mheithimh 2018, d’fhág sí an Tuirc chun taisteal go dtí an Bhulgáir agus ansin go dtí an Ghearmáin, áit a ndearna sí an chéad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Le cinneadh an 28 Feabhra 2019 arna fhógairt ag DAB, ghlac an Bhulgáir an fhreagracht aisti chun críocha scrúdú a dhéanamh ar a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

34.

Le linn trí agallamh a rinneadh i mí Dheireadh Fómhair 2019, dhearbhaigh WS gur tháinig fadhbanna chun cinn lena hiarchéile, BS, sa Tuirc, duine ar pósadh í leis go héigeantach le linn bhliain 2010 agus a raibh triúr iníonacha aici leis. Sna sála ar roinnt babhtaí foréigin agus bagairtí ag a céile, ag a teaghlach bitheolaíoch agus ag a teaghlach céile, ba mhinic a d’fhan sí sna “[h]ionaid um chosc agus maoirseacht ar fhoréigean” agus theith sí óna teaghlach i mí Mheán Fómhair 2016. I ndáil leis sin, rinne WS, inter alia, gearán a taisceadh le hOifig Ionchúisitheora Torbali (an Tuirc) inar thug sí an foréigean sin le fios. Rinne WS conradh pósta reiligiúnaigh le fear eile le linn bhliain 2017, fear lena raibh mac aici i mí Bhealtaine 2018. Fógraíodh an colscaradh idir WS agus BS le cinneadh ón gCúirt Shibhialta Uimh. 1 i Diyarbakır (an Tuirc) ar an 20 Meán Fómhair 2018, nuair a bhí an Tuirc fágtha aici cheana féin. Chuir WS i dtreis, ina theannta sin, nach bhfuair sí aon tacaíocht óna teaghlach bitheolaíoch agus chuir athair an teaghlaigh cosc ar theagmháil a dhéanamh léi ar an bhforas gur fhág sí an áit chónaithe teaghlaigh. D’áitigh WS go mbeadh eagla a hanama uirthi i gcás ina mbeadh uirthi filleadh ar an Tuirc chomh maith.

35.

Le cinneadh an 21 Bealtaine 2020, dhiúltaigh DAB d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh ag WS ar bhonn Airteagal 8 de ZUB (stádas dídeanaí) agus Airteagal 9 den dlí sin (stádas daonnúil/cosaint choimhdeach).

36.

Mheas DAB nár comhlíonadh na coinníollacha chun stádas dídeanaí a dheonú ar an bhforas nach raibh ceangal indéanta idir an foréigean a d’imir a fear céile agus baill dá teaghlach uirthi mar aon leis na bagairtí báis a rinneadh uirthi agus aon cheann de na fáthanna le géarleanúint dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de ZUB, eadhon cine, reiligiún, náisiúntacht, tuairim pholaitiúil nó ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe. Níor fhéadfaí a dhearbhú ach oiread go ndearnadh géarleanúint ar WS mar gheall ar a gnéas.

37.

Ina theannta sin, mheas DAB nár comhlíonadh na coinníollacha is gá chun críocha stádas daonnúil a dheonú (cosaint choimhdeach) ach oiread ar an bhforas nach ndearna na húdaráis oifigiúla ná grúpaí áirithe beart i ndáil le WS. Faoi dheireadh, chuir DAB i dtreis nár chuir WS in iúl do na húdaráis phóilíneachta go ndearnadh ionsaithe di nó nach ndearna sí gearán agus d’fhág sí an Tuirc de réir dlí.

38.

Thug WS caingean i gcoinne an chinnidh sin, a diúltaíodh le cinneadh an 15 Deireadh Fómhair 2020. Rinneadh cinneadh críochnaitheach den chinneadh sin le cinneadh an 9 Márta 2020 ón Varhoven administrativen (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Bhulgáir).

39.

Rinne WS iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh sin an 13 Aibreán 2021, agus chuir sí naoi bpíosa fianaise i scríbhinn isteach maidir lena staid phearsanta agus maidir lena stát tionscnaimh. Ar an gcéad dul síos, áitíonn sí go gcomhlíonann sí na coinníollacha maidir le stádas dídeanaí a dheonú a leagtar amach in Airteagal 8 de ZUB, ós rud é go bhfuil sí ina híospartach gníomhartha géarleanúna a rinneadh mar gheall ar an mballraíocht atá aici i ngrúpa sóisialta áirithe, is é sin le rá, mná a fhulaingíonn foréigean teaghlaigh chomh maith le mná a d’fhéadfadh a bheith ina n‑íospartaigh coireanna onóra ag gníomhaithe neamhstáit, ar coireanna onóra iad nach féidir le Stát na Tuirce í a chosaint orthu. Thug sí le fios chomh maith go bhfuil sí i gcoinne a refoulement go dtí an Tuirc, ar eagla go maródh a hiarchéile í nó go mbeadh sí ina híospartach coire onóra agus go bpósfaí í go héigeantach arís. Cuireann sí i dtreis go bhfuil a staid níos deacra anois ar an bhforas go raibh leanbh aici le fear nach bhfuil sí pósta leis faoin dlí sibhialta. Mar thoradh ar na himthosca nua, braitheann WS ar tharraingt siar Phoblacht na Tuirce ó Choinbhinsiún Iostanbúl chomh maith agus tíolacann sí chuige sin, inter alia, dhá thuarascáil a dréachtaíodh i mí Bhealtaine 2021; ceann acu ag U.S. Department of State (an Roinn Stáit de Stáit Aontaithe Mheiriceá) maidir leis na cleachtais i ndáil le cearta daonna sa Tuirc agus, an ceann eile ar an árdan Turcach “We will stop femicide”.

40.

Ar an dara dul síos, cuireann WS i dtreis go gcomhlíonann sí na coinníollacha maidir le stádas daonnúil a dheonú (cosaint choimhdeach) dá bhforáiltear in Airteagal 9 den ZUB, a mhéid a bhfágfaí í gan chosaint ar shárú ar a cearta bunúsacha a aithnítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 2 agus 3 ECHR lena refoulement chun na Tuirce.

41.

Le cinneadh an 5 Bealtaine 2021, dhiúltaigh DAB do thionscnamh nós imeachta nua chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar an bhforas nár thug WS aon fhaisnéis nua maidir lena staid phearsanta nó lena stát tionscnaimh agus í ag lua, thairis sin, gur chuidigh údaráis na Tuirce léi roinnt uaireanta agus gur chuir siad in iúl go raibh siad sásta cabhrú léi trí gach modh dlíthiúil.

42.

Sna himthosca sin, chinn Administrativen sad Sofia-grad (Cúirt Riaracháin Chathair Sóifia) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

”(1)

Ar mhaithe le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban a aicmiú, mar fhoras chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú de réir bhrí [Choinbhinsiún na Ginéive] agus [Threoir Uimh. 2011.95], an bhfuil sainmhínithe [CIBD] agus [Coinbhinsiún Iostanbúl] infheidhme nó an bhfuil a chiall féin, atá éagsúil leis an gciall atá leis sna conarthaí idirnáisiúnta, ag an bhforéigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban, mar fhoras chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú de réir bhrí aithris 17 de [Threoir] 2011/95?

(2)

I gcás ina líomhnaítear foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban, an gcaithfear, d’fhonn ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe a shuíomh, mar fhoras géarleanúna de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de [Threoir Uimh. 2011/95], gan ach inscne bhitheolaíoch nó shóisialta íospartach na géarleanúna (foréigean a dhírítear ar bhean, toisc gur bean í amháin) a chur san áireamh, an féidir gur cinntitheach iad na foirmeacha/bearta/gníomhartha nithiúla géarleanúna, mar a luaitear iad go neamh-uileghabhálach in Aithris 30 de [Threoir Uimh. 2011/95] ó thaobh “feiceálacht an ghrúpa sa tsochaí”, is é sin le rá saintréith chinntitheach an ghrúpa sin, de réir na ngnáthcoinníollacha sa tír thionscnaimh, nó an mbaineann na gníomhartha sin le gníomhartha géarleanúna de réir bhrí Airteagal 9(2) (a) agus (f) de [Threoir Uimh. 2011/95] amháin?

(3)

I gcás ina líomhnaíonn an t‑iarratasóir ar chosaint go ndearnadh foréigean inscnebhunaithe i bhfoirm foréigean teaghlaigh, an foras leordhóthanach é inscne bhitheolaíoch nó shóisialta le ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe a shuíomh de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de [Threoir Uimh. 2011/95] nó an gcaithfear saintréith ar leith sa bhreis den ghrúpa a shuíomh, de réir léiriú litriúil ar an bhforáil sin, lena leagtar amach na coinníollacha go carnach agus na gnéithe inscne mar mhalairt air sin?

(4)

I gcás ina líomhnaítear foréigean inscnebhunaithe i bhfoirm foréigean teaghlaigh arna dhéanamh ag gníomhaí neamhstáit de réir bhrí Airteagal 6(c) de [Threoir Uimh. 2011/95], an gcaithfear léiriú a dhéanamh ar an nasc cúisíoch de réir bhrí Airteagal 9(3) de [Threoir Uimh. 2011/95] amhail gur leor nasc a shuíomh idir na fáthanna a thugtar le fios in Airteagal 10 [den Treoir sin] agus na gníomhartha géarleanúna de réir bhrí [Airteagal 9(1) den Treoir sin], nó an gá go héigeantach go gcinnfí nach bhfuil cosaint ann ar an ngéarleanúint atá líomhnaithe, nó an bhfuil an nasc ann i gcás nach n‑aithníonn gníomhaithe neamhstáit na ngéarleanúintí na gníomhartha géarleanúna/foréigin, iontu féin, a bhaineann le hinscne an duine géarleanta?

(5)

I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha eile ina leith sin, an bhféadfaí údar a thabhairt le cosaint choimhdeach a dheonú faoi Airteagal 15(a) de [Threoir Uimh. 2011/95] léite i gcomhar le hAirteagal 2 ECHR (ní fhéadfaí éinne a chur chun báis d’aon ghnó) toisc go bhfuil fíorbhagairt ann go ndéanfaí coir onóra i gcás refoulement chun na tíre tionscnaimh, nó an bhfuil “díobháil thromchúiseach” de réir bhrí Airteagal 15(b) de [Threoir Uimh. 2011/95], léite i gcomhar le hAirteagal 3 ECHR, mar a rinneadh léiriú air i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta Duine, le haicmiú mar chuid de mheasúnú foriomlán ar an mbaol go ndéanfaí gníomhartha foréigin inscnebhunaithe eile, nó an leor é gur dhiúltaigh an t‑iarratasóir go suibiachtúil do chosaint a tíre tionscnamh chun cosaint choimhdeach a dheonú?”

43.

Chuir WS, Rialtas na Gearmáine agus Rialtas na Fraince, an Coimisiún Eorpach agus Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (ACD) barúlacha i scríbhinn isteach.

IV. Anailís

44.

Trína tarchur chun réamhrialú, féachann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, le socrú cé chomh incháilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir Uimh. 2011/95 agus atá náisiúnach tríú tír a dhearbhaíonn go bhfuil sí i mbaol coir onóra nó pósadh éigeantais a fhulaingt agus a bheith fágtha gan chosaint ar ghníomhartha foréigin teaghlaigh arna ndéanamh sa bhaile ar a cur ar ais chuig a tír tionscnaimh.

45.

I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdaithe nua a leagtar amach le hAirteagal 10(2) de Threoir Uimh. 2013/32, baineann an chéad cheist le haghaidh réamhrialú go dtí an ceathrú ceist le haghaidh réamhrialú leis na coinníollacha maidir le hincháilitheacht a leithéide de dhuine chun stádas dídeanaí a fháil, de réir bhrí Airteagal 2(d) de Threoir Uimh. 2013/32. ( 16 ) Cé nach bhfuil amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur faoi na gníomhartha a aicmiú mar “g[h]níomhartha géarleanúna” a bhfuil eagla ar WS go bhfágfaí í gan chosaint orthu, ( 17 ) ceistíonn sí, os a choinne sin, na héiginnteachtaí faoin mbealach chun inscne an duine sin a chur san áireamh d’fhonn, ar an gcéad dul síos, na fáthanna le géarleanúint (Airteagal 10 de Threoir 2011/95) a shuíomh agus, ar an dara dul síos, an nasc cúisíoch atá idir na fáthanna sin agus an easpa cosanta arna dheonú ag an tír thionscnaimh a shuíomh (Airteagal 9(3) den Treoir sin).

46.

Baineann an cúigiú ceist arna tarchur chun réamhrialú leis na coinníollacha faoina bhféadfaí cosaint choimhdeach a dheonú do WS de réir bhrí Airteagal 2(f) de Threoir Uimh. 2011/95 i gcás nach bhféadfaí í a mheas mar dhídeanaí. Go háirithe, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt faoi aicmiú na ngníomhartha a bhfuil an páirtí leasmhar i mbaol iad a fhulaingt i gcás ina gcuirtear í ar ais chuig a tír tionscnaimh mar “d[h]íobháil thromchúiseach” de réir bhrí Airteagal 15 den Treoir sin.

A.   Na coinníollacha maidir le deonú stádais dídeanaí de réir bhrí Airteagal 2(d) de Threoir Uimh. 2011/95

1. An cheist arna tarchur le haghaidh réamhrialú maidir le brí agus raon feidhme an choincheapa “foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban”

47.

Leis an gcéad cheist arna tarchur chun réamhrialú, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, agus í ag brath ar aithris 17 de Threoir Uimh. 2011/95, ar an gCúirt an bhfuil nó nach bhfuil brí uathrialach i ndlí an Aontais ag an gcoincheap “foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban”, ar cheart dó a bheith ina fhoras chun stádas dídeanaí a dheonú, nó ar cheart an coincheap sin a shainmhíniú i bhfianaise Choinbhinsiún na Ginéive, CIBD agus Choinbhinsiún Iostanbúl.

48.

Is é is bun leis an gceist seo ná go bhfuil Airteagal 2(d) de Threoir 2011/95, amhail Airteagal 1, roinn A, de Choinbhinsiún na Ginéive, teoranta do thagairt do “b[h]allraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe”, gan tagairt a dhéanamh do “inscne” an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta agus coincheap “an dídeanaí” á shainmhíniú agus nach bhforáiltear dó ach an oiread gur féidir le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban, ann féin, a bheith ina fhoras le cosaint idirnáisiúnta. Os a choinne sin, cumhdaítear na forálacha sainráite i gCoinbhinsiún Iostanbúl agus i CIBD arna nglacadh faoi seach faoi choimirce na Náisiún Aontaithe.

49.

Is é is aidhm do Choinbhinsiún Iostanbúl, i gcomhréir le hAirteagal 1 de, mná a chosaint ar gach cineál foréigin, lena n‑áirítear foréigean teaghlaigh, trí neart a chur leis an gcosc ar fhoréigean agus leis an gcabhair d’íospartaigh, chomh maith le neart a chur le hionchúiseamh agus pionóis i gcoinne daoine a imríonn an foréigean, trí bheartais chuimsitheacha chomhordaithe a ghlacadh.

50.

Sainmhínítear an coincheap “inscne” in Airteagal 3(c) de Choinbhinsiún Iostanbúl mar na “róil, iompraíochtaí, gníomhaíochtaí agus tréithe atá tógtha go sóisialta a mheasann sochaí ar leith a bheith oiriúnach do mhná agus d’fhir”. Tá an téarma “foréigean in aghaidh na mban” le tuiscint mar shárú ar chearta an duine agus mar chineál idirdhealú in aghaidh na mban, agus is é atá i gceist leis ná aon ghníomh foréigin atá inscnebhunaithe as a n‑eascraíonn dochar nó fulaingt atá de chineál fisiceach, gnéasach, síceolaíoch nó eacnamaíoch do mhná nó a bhféadfadh a leithéid de dhochar nó d’fhulaingt den sórt sin eascairt as, lena n‑áirítear gníomhartha den sórt sin a bhagairt, comhéigean nó baint treallach saoirse, bíodh sin sa saol poiblí nó sa saol príobháideach. Faoi dheireadh, sainmhínítear an coincheap “foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban” in Airteagal 3(d) den choinbhinsiún sin mar “f[h]oréigean i gcoinne mná toisc gur bean í nó toisc go ndéanann sí difear díréireach do mhná”. ( 18 )

51.

Mar sin, le hAirteagal 60(1) de Choinbhinsiún Iostanbúl ceanglaítear ar na Stáit is Páirtithe na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú gur féidir foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban a aithint mar chineál géarleanúna de réir bhrí Airteagal 1, Roinn (A)(2) de Choinbhinsiún na Ginéive agus mar chineál díobhála tromchúisí as a n‑eascraíonn cosaint choimhdeach. Soiléirítear sa tuarascáil mhíniúcháin a ghabhann le Coinbhinsiún Iostanbúl go bhfuil an t-Airteagal seo dréachtaithe chun bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive agus le hAirteagal 3 de CECD, mar a rinne an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine léiriú orthu. ( 19 )

52.

Tá sé d’aidhm ag CIBD agus, go háirithe, ag na moltaí ginearálta Uimh. 19 agus 35 ón gCoiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú, cur le héifeachtúlacht an chomhraic i gcoinne gach cineál idirdhealaithe in aghaidh na mban agus ceanglaítear leis ar na Stáit is Páirtithe lánfheidhmiú agus lántairbhiú na gceart arna n-aithint dóibh sna réimsí go léir a áirithiú. Forlíontar CIBD leis na moltaí ginearálta seo trí chur chuige inscnebhunaithe a chomhtháthú, trí fhoréigean inscnebhunaithe a shainmhíniú, trí cheangal a chur ar na Stáit is Páirtithe bearta ginearálta a ghlacadh atá spreagtha ó na bearta arna nglacadh mar chuid de Choinbhinsiún Iostanbúl.

53.

Agus an méid seo tugtha chun cuimhne, ní mór scrúdú a dhéanamh faoi láthair ar an méid a bhfuil gá na téarmaí a leagtar síos sa dá choinbhinsiún sin a chur san áireamh chun críocha Treoir Uimh. 2011/95 a chur chun feidhme.

54.

Ar an gcéad dul síos, tugaim chun cuimhne, faoi Airteagal 78(1) CFAE, nach mór don Chomhchóras Eorpach Tearmainn, ar cuid de Treoir Uimh. 2011/95 é, a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive, le Prótacal maidir le stádas dídeanaí 1967 agus leis “na conarthaí ábhartha”. ( 20 )

55.

Mar sin, is é is príomhchuspóir Threoir Uimh. 2011/95, mar a leagtar amach in Airteagal 1 de agus i gcásdlí na Cúirte, ná córas normatach ina gcuimsítear na coincheapa agus na critéir atá ag na Ballstáit go léir chun daoine a shainaithint a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus a bhaineann go sainiúil leis an Aontas dá bhrí sin, agus lánurraim d’Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Ginéive á háirithiú ann. ( 21 ) I mbreithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (seirbhís mhíleata agus tearmainn), ( 22 ) dhiúltaigh an Chúirt aon rud nach dtagann faoin gcoinbhinsiún sin a chur le raon feidhme na Treorach sin, d’fhonn urraim a thabhairt do rún soiléir reachtas an Aontais chun cur chun feidhme stádas dídeanaí de réir bhrí an choinbhinsiúin sin a chomhchuibhiú laistigh den Aontas. ( 23 )

56.

Mar atá tugtha le fios agam, ní dhéantar aon tagairt in Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Ginéive do “inscne” sa sainmhíniú ar “d[h]ídeanaí”, agus ní fhoráiltear leis go bhféadfaidh “foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban” a bheith ina fhoras le cosaint idirnáisiúnta a dheonú ann féin. Sna treoirphrionsabail maidir le géarleanúint atá inscnebhunaithe, mheas ACD nach raibh gá le foras sa bhreis a chur le sainmhíniú an choincheapa “dídeanaí” dá dtagraítear in Airteagal 1 den Choinbhinsiún sin cé go nglacann na Stáit is páirtithe leis go bhféadfadh tionchar a bheith ag inscne ar an gcineál géarleanúna nó díobhála a fulaingíodh agus na cúiseanna leis an gcóireáil a fulaingíodh, nó gur féidir leis é a shocrú. ( 24 ) I gcomhthéacs Treoir Uimh. 2011/95, déantar inscne an iarratasóra a bhreithniú mar sin le linn scrúdú á dhéanamh ar chineál na ngníomhartha ar fágadh é nó í gan chosaint orthu ina thír thionscnaimh nó ina tír thionscnaimh [Airteagal 9(2) (f) den Treoir sin] ( 25 ) agus le linn scrúdú maidir leis na forais géarleanúna, go háirithe i gcomhthéacs bhallraíocht an iarratasóra i ngrúpa sóisialta áirithe [Airteagal 10(1)(d), dara mír in fine den Treoir sin].

57.

Is cinnte nach sainmhínítear an coincheap “inscne” le Treoir Uimh. 2011/95. Is féidir tagairt a dhéanamh, áfach, do na doiciméid arna n‑eisiúint ag ACD, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo i bhfianaise an róil a cuireadh de chúram ar ACD le Coinbhinsiún na Ginéive, i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach na Cúirte. ( 26 ) Mar sin, sna treoirphrionsabail maidir le géarleanúint a bhaineann le hinscne, tugann ACD le fios go “ndéantar tagairt le hinscne do chaidrimh idir mná agus fir atá bunaithe ar fhéiniúlachtaí, stádais, róil agus freagrachtaí atá cruthaithe ag an tsochaí nó ag an gcultúr, agus a chuirtear i leith fear agus ban, fad a shocraítear ‘gnéas’ go bitheolaíoch. Mar sin, ní seasta nó ó dhúchas í inscne ach tagann ciall atá cruthaithe ag an tsochaí agus ag an gcultúr le himeacht ama”. ( 27 )

58.

Thairis sin, bíodh is nach soiléirítear raon feidhme “na ngníomhartha atá dírithe i gcoinne daoine mar gheall ar a n‑inscne” le hAirteagal 9(2)(f) de Threoir Uimh. 2011/95, b’fhéidir go bhfuil sé suimiúil tagairt, chuige sin, a dhéanamh d’ionstraim chirt díorthaithe eile, eadhon Treoir Uimh. 2012/29/AE. ( 28 ) Go deimhin, sainmhínítear an coincheap “foréigean inscnebhunaithe” le haithris 17 den Treoir sin amhail is gurb é atá i gceist leis ná “[f]oréigean a dhírítear ar dhuine mar gheall ar a ghnéas nó a gnéas, ar a fhéiniúlacht nó ar a féiniúlacht nó ar an gcaoi ina léiríonn sé nó sí a inscne nó a hinscne nó foréigean a bhfuil tionchar díréireach aige ar dhaoine atá de ghnéas ar leith [...] Is féidir le dochar do shláine fhisiceach, ghnéasach, mhothúchánach nó shíceolaíoch an íospartaigh nó caillteanas ábhartha a bheith de thoradh air sin. Tuigtear gur cineál idirdhealaithe agus sárú ar shaoirsí an íospartaigh é foréigean inscnebhunaithe agus baineann sé le foréigean teaghlaigh, foréigean gnéasach (lena n‑áirítear éigniú, ionsaí gnéis agus gnéaschiapadh), gáinneáil ar dhaoine, sclábhaíocht agus cineálacha éagsúla cleachtais dochrach amhail póstaí éigeantais, ciorrú ball giniúna ban agus “coireanna onóra” mar a thugtar orthu. Is minic a bhíonn tacaíocht speisialta agus cosaint ar leith de dhíth ar mhná is íospartaigh foréigin inscnebhunaithe agus ar a leanaí mar gheall ar an mbaol níos mó go n‑imreofaí leatrom tánaisteach orthu arís agus arís eile, go gcuirfí imeagla orthu agus go mbainfí díoltas amach a bhaineann leis an bhforéigean sin.”

59.

Ar an dara dul síos, ó thaobh na dtéarmaí a úsáidtear i gCoinbhinsiún Iostanbúl agus CIBD, tá comhthuiscint ann gur dhaingnigh an tAontas CIBD agus, bíodh is gur shínigh sé Coinbhinsiún Iostanbúl an 13 Meitheamh 2017, níor ghlac sé ballraíocht ann. ( 29 ) Ina theannta sin, níor dhaingnigh na Ballstáit go léir an coinbhinsiún sin. ( 30 ) Go dtí a leithéid de bhallraíocht nó de dhaingniú, is coinbhinsiún ildisciplíneach thar aon rud eile é Coinbhinsiún Iostanbúl lena bhféachtar le háirithiú, ar bhealach atá iomlánaíoch agus ar bhonn cur chuige comhtháite a bhfuil na gníomhaithe go léir sa tsochaí páirteach ann, go gcuirtear cosc le foréigean in aghaidh na mban, ( 31 ) go gcosnaítear na híospartaigh agus go dtacaítear leo agus go n‑ionchúisítear na daoine a rinne an foréigean.

60.

Tá le baint mar chonclúid as an méid sin, faoi mar atá cúrsaí, nach bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl ná CIBD ar “na conarthaí ábhartha” a bhfuil léiriú le déanamh ar Threoir Uimh. 2011/95 ina bhfianaise, de réir bhrí Airteagal 78(1) CFAE.

61.

Ar an tríú dul síos agus faoi dheireadh, ó thaobh aithris 17 de Threoir Uimh. 2011/95 a bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag brath, ní cosúil liom go bhfuil an aithris sin ábhartha chun léiriú a dhéanamh ar bhrí agus raon feidhme an choincheapa “foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban” i ndlí na hEorpa.

62.

Leagtar an méid seo a leanas amach san aithris sin: “[m]aidir le caitheamh le daoine a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, tá na Ballstáit faoi cheangal ag na hionstraimí dlí idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad, lena n‑áirítear go háirithe na hionstraimí sin lena gcuirtear cosc ar idirdhealú.” Níorbh é a bhí i gceist ag reachtas an Aontais, agus tagairt á déanamh aige do “c[h]aitheamh le daoine a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo”, na modhanna scrúdaithe ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, is é sin le rá na critéir is gá ar mhaithe lena leithéid de chosaint a dheonú, ach ba é a bhí i gceist aige na cearta agus na buntáistí atá ag iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta i gcríoch an Bhallstáit inar tugadh isteach iad agus, i gcás inarb iomchuí, ina bhfuair siad cosaint idirnáisiúnta. Is deimhin go gcuirtear friotal ar aithris 17 de Threoir Uimh. 2011/95 i gCaibidil VII di, maidir le “[h]ábhar na cosanta idirnáisiúnta”. Mar shampla, d’fhoráil an reachtas sin don cheanglas go n‑áiritheodh na Ballstáit cóir chomhionann idir faighteoirí na cosanta idirnáisiúnta agus a náisiúnaigh ó thaobh rochtain ar nósanna imeachta um aithint cháilíochtaí de (Airteagal 28(1)) nó fiú ó thaobh rochtain ar chúram sláinte de (Airteagal 30). Is sa chomhthéacs sin a cheanglaítear ar na Ballstáit urraim a thabhairt do na hoibleagáidí a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad, amhail CIBD agus Coinbhinsiún Iostanbúl.

63.

Tugtar le tuiscint ón méid seo, maidir le hAirteagal 2(d) de Threoir Uimh. 2011/95, nach mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: tá scrúdú le déanamh ar na coinníollacha maidir le stádas dídeanaí a dheonú do dhuine a bhfuil eagla air nó uirthi go n‑imreofaí gníomhartha foréigin atá inscnebhunaithe air nó uirthi i gcás a churtha nó a curtha ar ais chuig a thír nó a tír thionscnaimh, i bhfianaise na bhforálacha dá bhforáiltear chuige sin sa Treoir seo, ar forálacha iad a bhfuil léiriú le déanamh orthu ag féachaint dá leagan amach ginearálta di agus dá chuspóir, ar urraim a thabhairt do Choinbhinsiún na Ginéive, i gcomhréir le hAirteagal 78(1) CFAE agus gan brath ar na sainmhínithe i CIBD agus i gCoinbhinsiún Iostanbúl, nach “conarthaí ábhartha” iad de réir bhrí an Airteagail sin.

64.

I gcomhréir le haithris 16 de Threoir Uimh. 2011/95, áfach, ní mór an léiriú sin a dhéanamh i gcomhréir leis na cearta a aithnítear sa Chairt chomh maith. ( 32 )

2. An dara agus an tríú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú maidir le measúnú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil ballraíocht ag an náisiúnach tríú tír i “[n]grúpa sóisialta áirithe” (Airteagal 10(1) (d) de Threoir Uimh. 2011/95)

65.

Lena dara ceist le haghaidh réamhrialú agus lena tríú ceist le haghaidh réamhrialú, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar an gCúirt na cúinsí a shoiléiriú ina bhféadfaí a mheas go bhfuil ballraíocht aici i “[n]grúpa sóisialta áirithe” de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir Uimh. 2011/95 ag náisiúnach tríú tír a dhearbhaíonn go bhfuil sí i mbaol coir onóra nó pósadh éigeantais a fhulaingt agus a fágtha gan chosaint ar ghníomhartha foréigin teaghlaigh i gcás ina gcuirtear í ar ais chuig a tír thionscnaimh.

66.

Ar an gcéad dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a chinneadh go bhfuil ballraíocht aici i ngrúpa sóisialta áirithe de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) den Treoir sin i bhfianaise inscne bhitheolaíoch an iarratasóra agus ina fianaise sin amháin.

67.

Foráiltear le hAirteagal 10(1) (D) den treoir sin nach mór dhá choinníoll a chomhlíonadh chun a chinneadh go bhfuil ballraíocht ag an iarratasóir i “[n]grúpa sóisialta áirithe”. Coinníollacha carnacha atá sna coinníollacha sin. ( 33 )

68.

Ar an gcéad dul síos, caithfear go bhfuil ag a bhaill saintréith dhúchasach nó cúlra coiteann nach féidir a athrú, nó saintréith nó creideamh atá chomh bunúsach sin dá bhféiniúlacht nó dá gcoinsias nár cheart iallach a chur ar dhuine an tsaintréith nó an creideamh sin a thréigean. I ndáil leis sin, soiléirítear sa dara fomhír d’Airteagal 10(1)(d) de Threoir Uimh. 2011/95, ag brath ar ghnáthchúnsí sa tír thionscnaimh, nach mór gnéithe a bhaineann le hinscne, lena n‑áirítear féiniúlacht inscne, a chur san áireamh go cuí chun ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe a aithint nó chun saintréith de chuid grúpa dá leithéid a aithint. ( 34 )

69.

Ar an dara dul síos, ní mór don ghrúpa sin féiniúlacht ar leithligh a bheith acu sa triú tír atá i gceist, toisc go mbraitear go bhfuil sé éagsúil leis an mórshochaí.

70.

Ina theannta sin, tugtar le tuiscint ó Airteagal 10(2) de Threoir Uimh. 2011/95 nach mbaineann sé le hábhar, agus measúnú á dhéanamh an bhfuil eagla a bhfuil bunús maith léi ar iarratasóir roimh ghéarleanúint, is neamhábhartha an bhfuil ag an iarratasóir i ndáiríre an tsaintréith chiníoch, reiligiúnach, náisiúnta, shóisialta nó pholaitiúil is fáth na géarleanúna í, ar choinníoll go gcuireann gníomhaí na géarleanúna saintréith den sórt sin i leith an iarratasóra. ( 35 )

71.

Ó thaobh an chéad chinn de na coinníollacha sin, tá comhthuiscint ann go bhfuil inscne an iarratasóra inbhainte le saintréith ó dhúchas, eadhon an gnéas bitheolaíoch atá aige nó aici, “nach féidir a athrú”, de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir Uimh. 2011/95. I ndáil leis sin, tugaim ar aird go ndearnadh tagairt shainráite leis an togra bunaidh ón gCoimisiún do “s[h]aintréithe bunúsacha” an ghrúpa “amhail gnéaschlaonadh, aois agus gnéas”, ( 36 ) agus gur rialaigh an Chúirt, thairis sin, i mbreithiúnas an 7 Samhain 2013, X agus páirtithe eile, ( 37 )“go bhfuil comhthuiscint ann gur saintréith chomh bunúsach sin dá fhéiniúlacht é gnéaschlaonadh nár cheart a chur de cheangal ar dhuine é a thréigean”. ( 38 )

72.

Ó thaobh an dara coinníoll de, glactar leis, sa tír thionscnaimh, go bhfuil a fhéiniúlacht féin ag an ngrúpa ina bhfuil aon inscne amháin ag a bhaill toisc go meastar sa tsochaí mórthimpeall air gur dream ar leith atá ann. Dar le ACD, ní mór don ghrúpa a bheith feiceálach. ( 39 ) Meastar a mhalairt de réir na dtíortha, na bpobal eitneach nó reiligiúnach, nó fiú de réir an chomhthéacs pholaitiúil mar aon le hiompraíocht an duine lena mbaineann. ( 40 ) Is coincheap socheolaíoch é inscne a úsáidtear amhail go gcuirtear san áireamh, sa bhreis ar ghnéas bitheolaíoch, na luachanna agus na léirithe a bhaineann leis. Mar sin, is coincheap é inscne lena gcaithfear a bheith in ann a thabhairt chun suntais go bhfaigheann agus go gcruthaíonn sochaithe caidrimh idir mná agus fir, i sochaí ar leith, chomh maith leis an neamhionannas a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh orthu as siocair na ról atá ag fir agus ag mná a shanntar ar bhonn difríochtaí bitheolaíocha, agus gur féidir forbairt teacht orthu le himeacht ama agus de réir na sochaithe agus na bpobal. ( 41 ) Sa chomhthéacs sin, is dóigh liom, ar an gcoinníoll gur mná iad agus ar an gcoinníoll sin amháin, gur sampla de dhream sóisialta iad mná a shainmhínítear de réir a saintréithe ó dhúchas agus de chineál buan atá inmheasta ar bhealach difriúil ag an tsochaí, de réir a dtír thionscnaimh mar gheall ar ghnásanna sóisialta, dlíthiúla nó reiligiúnacha na tíre sin nó mar gheall ar ghnásanna sóisialta an phobail lena mbaineann siad. ( 42 ) Ní cosúil dom go gcuirtear constaic inti féin roimh aitheantas a thabhairt dá féiniúlacht féin a bheith ag grúpa toisc go bhfuil mná amháin sa ghrúpa sóisialta sin i sochaí ar leith (agus ní “mná” ar an mórgóir) agus dá thoisc sin amháin. ( 43 ) Go deimhin, níl an coincheap “féiniúlacht féin” atá ag grúpa, a mhéid a mheastar ar bhealach difriúil sa tsochaí mórthimpeall, inléirithe amhail go bhfuil measúnú cainníochtúil i gceist leis. ( 44 )

73.

I bhfianaise an mhéid seo, is dóigh liom gur féidir le húdarás inniúil náisiúnta, de thoradh ar an measúnú ar na fíorais agus ar na himthosca nach mór dó a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4(3) (a) go (c) de Threoir Uimh. 2011/95, a mheas go mbaineann an t‑iarratasóir, mar gheall ar a inscne, le “grúpa sóisialta áirithe” de réir bhrí Airteagal 10(1) (d) den Treoir sin.

74.

Ar an dara dul síos, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt a shoiléiriú an bhféadfaí nó nach bhféadfaí na gníomhartha géarleanúna amhail iad siúd dá dtagraítear in aithris 30 de Threoir Uimh. 2011/95 agus a d’fhéadfadh an t‑iarratasóir a bheith gan chosaint uirthi ina tír tionscnaimh a chur san áireamh le cinneadh an bhfuil nó nach bhfuil a fhéiniúlacht féin ag grúpa sa tír sin nó fiú an amhlaidh nó nach amhlaidh gurb iad na gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 9(2)(a) agus (f) den Treoir sin atá sna gníomhartha sin agus iad amháin.

75.

Tugtar le fios in aithris 30 den Treoir sin, chun grúpa sóisialta áirithe a shainmhíniú, gur cheart aird a thabhairt ar shaincheisteanna a eascraíonn ó inscne an iarratasóra, lena n‑áirítear féiniúlacht inscne agus gnéaschlaonadh, a d’fhéadfadh a bheith bainteach le traidisiúin dhlíthiúla áirithe agus le gnásanna áirithe, arb é is toradh orthu mar shampla ciorrú ball giniúna, aimridiú éigeantach nó ginmhilleadh éigeantach, a mhéid a bhaineann siad leis an eagla a bhfuil bunús maith léi atá ar an iarratasóir go ndéanfaí géarleanúint uirthi.

76.

Tugtar soiléiriú ina aithris 30 chun go bhféadfar sainmhíniú níos fearr a thabhairt ar an bhforas le géarleanúna arb é atá ann ná baint le “grúpa sóisialta áirithe”. Liostaítear ann roinnt gníomhartha géarleanúna atá inaitheanta dá chun a leithéid de ghrúpa a shainmhíniú. Go deimhin, is mar gheall ar chineál na ngníomhartha géarleanúintí, lena dtagraítear d’íospartaigh áirithe, a fhéadtar “an fhéiniúlacht féin” a shuaithniú atá ag grúpa sóisialta. Ní hamháin gur gníomhartha géarleanúna iad na gníomhartha dá dtagraítear in aithris 30, lena bhforlíontar an liosta neamh-uileghabhálach in Airteagal 9(2) de Threoir Uimh. 2011/95, ach is féidir “grúpa sóisialta áirithe” a aithint leo chomh maith. Dá bhrí sin, tugtar le tuiscint ó aithris 30 den Treoir sin go bhféadfadh cineál na ngníomhartha a bhfuil eagla ar bhean a bheith gan cosaint uirthi ina tír thionscnaimh, mar gheall ar a hinscne, a bheith ina thoisc ábhartha chun an bhaint atá aici le grúpa sóisialta áirithe agus, go háirithe, “an fhéiniúlacht féin” atá ag an ngrúpa sin sa tír thionscnaimh a chinneadh. Cé, mar a luaigh mé cheana, ( 45 ) go bhféadfadh gníomh géarleanúna i gcoinne grúpa a bheith ábhartha chun feiceálacht an ghrúpa a shocrú i sochaí ar leith ( 46 ), ní chiallaíonn sé sin, áfach, go bhféadfaí a mheas gur le grúpa sóisialta áirithe é gach duine a bhfuil eagla orthu go bhfágfaí iad gan chosaint ar ghníomhartha géarleanúna ina dtír thionscnaimh. Dar liomsa gurb é sin an chúis le leagan síos roinnt teorainneacha ag reachtas an Aontais san aithris sin. Ar an gcéad dul síos, tagraíonn sé do ghníomhartha ar fíor-ghnáthghníomhartha foréigin inscnebhunaithe iad, a mhéid a dhírítear iad ar dhuine mar gheall ar a ghnéas nó ar a gnéas nó nó a fhéiniúlacht nó a féiniúlacht nó go ndéantar difear díréireach leis do dhaoine de ghnéas áirithe. Ina theannta sin, tagraíonn sé do ghníomhartha lena mbaineann sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha an duine sin. Faoi dheireadh, tagraíonn sé do ghníomhartha a dhéantar go coitianta arís agus arís eile ar gníomhartha iad a aithnítear an t‑údarás atá ag baint leo, de réir dlí nó gnáis. Tugtar le tuiscint uaidh sin, de réir na haithrise sin, go bhféadfaí a mheas go mbaineann leanbh nó déagóir le grúpa atá feiceálach nó inaitheanta sa tsochaí a mhéid a bheadh sí fágtha gan chosaint, i gcás a curtha ar ais chun a tír thionscnaimh, ar thraidisiún nó ar ghnás amhail eisceadh. ( 47 )

77.

Thairis sin, le húsáid a bhaint as an nath “mar shampla”, léirigh reachtas an Aontais go bhfuil sé de thoil aige nach iad ciorrú ball giniúna, aimridiú éigeantach nó fiú ginmhilleadh éigeantach amháin atá le cur san áireamh mar ghníomhartha foréigin atá inscnebhunaithe. Dá bhrí sin, i mo thuairimse, níl aon bhac ar údarás inniúil náisiúnta a mheas go mbaineann leanbh, déagóir nó bean le grúpa sóisialta áirithe ar an bhforas go bhfágfaí í gan chosaint, i gcás a curtha ar ais chun a tíre tionscnaimh, ar bhaol pósta éigeantais, ar beart é lena ngabhann drochíde mhothúchánach agus mí-úsáid fhisiceach, as a eascraíonn “sáruithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha daoine, go háirithe mná”, leis na téarmaí a chur in iúl arís a úsáideann an tAbhcóide Ginearálta Mengozzi. ( 48 ) Is amhlaidh is mó é seo ós rud é go n‑eascraíonn, inter alia, éigniú agus cineálacha foréigin ghnéasaigh eile as póstaí éigeantais.

78.

Ó thaobh gníomhartha foréigin teaghlaigh de, bainfidh mé an chonclúid chéanna a mhéid a d’fhéadfadh sé gurb é atá san fhoréigean teaghlaigh ná gníomhartha atá thar a bheith tromchúiseach agus foréigean a dhéantar arís agus arís eile lena bhféadfaí cearta bunúsacha an duine a shárú go tromchúiseach mar thoradh air. ( 49 ) Dá bhrí sin, ní léir dom aon chúis le toirmeasc a chur ar údarás inniúil náisiúnta a mheas, de thoradh ar mheasúnú a dhéanamh ar na fíorais agus na himthosca ar leith a bhaineann le gach cás atá i gceist, go dtugfaí do bhean dul ar ais chun a tíre tionscnaimh, ar bean í a bhaineann le grúpa a bhfuil a fhéiniúlacht féin sa tír sin, ar an bhforas go bhfágfaí í gan chosaint sa tír sin, toisc a curtha ar ais, ar ghníomhartha foréigin tromchúisigh pósta (an tslacairt, an t‑éigniú agus drochíde ghnéasach eile, etc.) i bpobail thraidisiúnta áirithe. Agus an measúnú ar leith sin á dhéanamh, is léir nach mór don iarratasóir an fhaisnéis mhionsonraithe go léir a sholáthar, go háirithe faisnéis teaghlaigh, faisnéis gheografach agus faisnéis shocheolaíoch a bhaineann leis an mbaol ina bhfuil sí go pearsanta. Ní mór don údarás inniúil náisiúnta ní hamháin a phearsantacht, a aois, a leibhéal oideachais, a bhunaidh, a chúlra agus a stádas sóisialta a chur san áireamh, ach faisnéis ghinearálta a chur san áireamh chomh maith maidir leis an tír thionscnaimh agus, go háirithe, na nósanna sóisialta nó gnásúla atá i bhfeidhm sa tír sin, sa réigiún, sa ghrúpa nó sa ghrúpa eitneach agus staid na reachtaíochta atá i bhfeidhm agus a cur chun feidhme.

79.

Faoi dheireadh, is dóigh liom go bhfágtar le haithris 30 de Threoir Uimh. 2011/95 go bhfuil baol ar leith inchurtha san áireamh nach bhfuil mná gan chosaint orthu, ar mná iad nach bhfuil i gcomhréir le nósanna sóisialta a dtíre tionscnaimh nó a fhéachann le dul ina gcoinne. Cé nach bhfuil aon liosta uileghabhálach de na grúpaí sóisialta éagsúla a raibh na húdaráis inniúla náisiúnta in ann iad a aithint ar an mbonn sin, is féidir cuid acu a aithint trí staidéar a dhéanamh ar chásdlí náisiúnta agus ar thuarascálacha faisnéise faoin tír thionscnaimh arna bhfoilsiú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA). ( 50 ) Mar sin, sna tíortha agus na sochaithe inarb é eisceadh an gnáthrud sóisialta, meastar go bhfuil leanaí agus déagóirí a fhanann glan ar a leithéid de chleachtas insainaitheanta agus go mbaineann siad le grúpa a bhfuil a fhéiniúlacht féin aige, ( 51 ) ós rud é go bhfágtar iad gan chosaint ar gníomhartha ináirithe, bearta eisiata agus díoltas i gcás a gcurtha ar ais chun a dtíre tionscnaimh. ( 52 ) A dhála sin, measadh gur cuid de ghrúpa a bhfuil a fhéiniúlacht féin acu de réir Threoir Uimh. 2011/95 ( 53 ) iad mná a dhiúltaíonn do phóstaí éigeantais, i measc pobal ina bhfuil a leithéid de chleachtas cé chomh coitianta sin gur nós sóisialta é, ( 54 ) ós rud é go bhfágtar iad gan chosaint air go bhfeicfeadh a bpobal dóibh le tarcaisne agus ar ghníomhartha foréigin lena bhfuil bagairt indéanta dá sláine fhisiceach. ( 55 )

80.

Measann ACD, ar an dóigh chéanna, go bhféadfaí a mheas go bhfuil ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe ag mná de chuid na hAfganastáine, a thagann ar ais ó bheith ar deoraíocht san Eoraip, áit a raibh siad in ann nósanna agus luachanna de chuid an iarthair a tharraingt chucu, atá contrártha leis na róil a leagtar orthu sa tsochaí, le traidisiún, nó fiú le córas dlí a dtír thionscnaimh. ( 56 ) Mar sin, luaitear go soiléir le tuarascáil faisnéise EUAA maidir leis an Afganastáin (2023) go bhféadfaí a mheas go bhfuil na nósanna sóisialta agus reiligiúnacha bunaithe á sárú ag bean óg de chuid na hAfganastáine ar chaith a saol ar nós an iarthair, de bharr a hiompraíochta, na gcaidreamh mothúchánach atá aici, na cuma atá uirthi, na dtuairimí atá aici, na gairme beatha atá aici agus/nó an seala ar chaith sí thar lear, agus go bhféadfaí í a fhágáil gan chosaint ar fhoréigean teaghlaigh, ar phionós corpartha agus ar chineálacha pionósaithe eile ó na mná a thabhairt ar leithligh nó a stiogmatú a tharraingíonn náire ar a dteaghlaigh, ar a bpobal nó a dtreibh go dtí coireanna onóra a imirt orthu. ( 57 )

81.

Tá an cheist an‑sonrach sin os comhair na Cúirte faoi láthair mar chuid d’iarraidh ar réamhrialú i gcás Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Lucht aontaithe le luachanna an Aontais) (C‑646/21) maidir le staid na mban óg de chuid na hIaráice i ndiaidh iarraidh a tharraingt siar a bhfuil an tsubstaint chéanna aici i gcás Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C‑456/21) maidir le mná óga de chuid na hAfganastáine. ( 58 )

82.

I bhfianaise na mbreithnithe seo, measaim, maidir le hAirteagal 10(1)(d) de Threoir Uimh. 2011/95, nach mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: d’fhéadfaí a mheas go mbaineann náisiúnach tríú tír le “grúpa sóisialta áirithe” mar gheall ar a hinscne ós rud é go bhfuil sé bunaithe, ar bhonn measúnú a dhéanamh ar na fíorais agus na himthosca, sa bhreis ar an mbaint ghnéasach atá aici amháin, is é sin le rá a féiniúlacht féin ina tír thionscnaimh toisc go meastar ar bhealach difriúil orthu sa tsochaí mhórthimpeall mar gheall ar na nósanna sóisialta, dlí agus reiligiúnacha nó fiú mar gheall ar dheasghnátha agus gnáis a tíre nó an phobail lena mbaineann sí. I gcomhthéacs an mheasúnaithe sin, is rud tábhachtach, atá le breithniú ag an údarás inniúil náisiúnta, é cineál na ngníomhartha a bhfuil eagla ar an náisiúnach sin go bhfágfaí í gan chosaint orthu i gcás ina gcuirtear í ar ais chun a tíre tionscnaimh.

3. An ceathrú ceist arna tarchur le haghaidh réamhrialú maidir le nasc cúisíoch a shuíomh idir an foras géarleanúna agus an easpa cosanta ar ghníomh na géarleanúna (Airteagal 9(3) de Threoir Uimh. 2011/95)

83.

Leis an gceathrú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt, go bunúsach, an gá léiriú a dhéanamh ar Airteagal 9(3) de Threoir Uimh. 2011/95 amhail, i gcás gníomhartha foréigin teaghlaigh a dhéanann gníomhaí neamhstáit, go gceanglaítear an údarás inniúil náisiúnta nasc cúisíoch a shuíomh idir an foras géarleanúna agus an easpa cosanta ó na Stáit nó na bpáirtithe nó eagraíochtaí ag a bhfuil an Stát sin á rialú.

84.

Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt ar aird, ar mhaithe le gníomhartha foréigin teaghlaigh arna ndéanamh, faoi mar a thuigfeá, ag gníomhaithe neamhstáit, a mheas mar ghníomhartha géarleanúna de réir bhrí Airteagal 9(1) de Threoir Uimh, 2011/95, go bhfuil ar an údarás inniúil náisiúnta a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 6(c) den Treoir sin, nach féidir, nó nach mian, leis an Stát nó páirtí nó eagraíocht a bhfuil an Stát sin faoi rialú aige, a chosaint a dheonú don íospartach.

85.

Is bunriachtanach é seo a léiriú toisc gur cinntitheach é go bhfuil nó, os a choinne sin, nach bhfuil sé d’acmhainn ag tír thionscnaimh cosaint a áirithiú ar gníomhartha géarleanúna agus measúnú á dhéanamh ar na cúinsí atá in gcúis le stádas dídeanaí a dheonú nó, i gcás inar iomchuí, deireadh a chur leis. ( 59 ) Go deimhin mar a thug mé dá haire sa Tuairim de mo chuid i gcás Bundesrepublik Deutschland (Aontacht Teaghlaigh a Chaomhnú), ( 60 ) nach cosaint ionaid í cosaint idirnáisiúnta a thugtar d’iarratasóir i gcás, agus fad, nach bhfuil a thír thionscnamh, nó a tír thionscnaimh, in ann é nó í a chosaint ar bhaol go mbeadh sé ina íospartach, nó go mbeadh sí ina híospartach, géarleanúintí nó díobhálacha tromchúiseacha nó nach mian léi cosaint air nó uirthi, ( 61 ) meastar go bhfuil cúis mhaith eagla air nó uirthi.

86.

Ní mór an measúnú sin a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7 de Threoir Uimh. 2011/95 maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil cosaint ar ghéarleanúintí nó ar dhíobhálacha tromchúiseacha ann. ( 62 )

87.

Ar an gcéad dul síos, sainmhínítear in Airteagal 7(1) den Treoir sin gníomhaithe na cosanta sin. Tá sí le deonú ag Stát nó páirtithe nó eagraíochtaí ag a bhfuil an Stát nó cuid shubstaintiúil dá chríoch á rialú. Ní mór don údarás inniúil náisiúnta, d’fhonn a mheas an bhfuil an chosaint sin ann, a áirithiú ní hamháin go bhfuil sé d’acmhainn acu ach go bhfuil sé de thoil acu an t‑iarratasóir a chosaint ar ghéarleanúintí nó ar dhíobhálacha tromchúiseacha a fhágtar é nó í gan chosaint orthu. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an ngé sin i gcás inar bean í an t‑iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a bhfuil eagla uirthi go n‑imreofaí gníomhartha foréigin teaghlaigh uirthi i measc a muintir má théann sí ar ais chun a tíre tionscnaimh.

88.

Ar an dara dul síos, de réir Airteagal 7(2) de Threoir Uimh. 2011/95, ní mór don chosaint ar ghéarleanúintí nó ar dhíobhálacha tromchúiseacha a bheith éifeachtach agus ní sealadach. Tugann le tuiscint uaidh sin go bhfuil bearta réasúnta le glacadh ag gníomhaithe na géarleanúna sin chun cosc a chur le géarleanúintí nó díobhálacha tromchúiseacha, ( 63 ) agus ionas go bhfuil rochtain ag an iarratasóir ar an gcosaint sin. Tagraítear san fhoráil sin d’acmhainn an Stáit a bhfuil an t‑iarratasóir ina náisiúnach de choinne a bheith le gníomhartha géarleanúna de réir bhrí na Treorach sin agus pionóis a ghearradh orthu.

89.

Ceanglaítear le hAirteagal 9(3) de Threoir Uimh. 2011/95 freisin ar an údarás inniúil náisiúnta nasc a shuíomh idir na forais géarleanúna dá dtagraítear in Airteagal 10 den Treoir sin agus na gníomhartha géarleanúna de réir bhrí Airteagal 9(1) den Treoir sin nó an easpa cosanta ar a leithéid de ghníomhartha.

90.

I gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, ceanglaítear ansin ar an údarás inniúil náisiúnta measúnú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil nasc cúisíoch insuite idir, ar pháirt, forais na ngníomhartha foréigin teaghlaigh arna ndéanamh i measc an teaghlaigh nó na muintire teaghlaigh, eadhon baint le grúpa sóisialta áirithe, agus, den pháirt eile, an easpa cosanta i gcoinne na ngníomhartha sin ag údaráis na tíre tionscnaimh, de réir bhrí Airteagal 7 de Threoir Uimh. 2011/95.

91.

Tá an measúnú sin bunriachtanach d’fhonn a shuíomh go bhfuil cosaint na tíre sin do-éilithe agus go bhfuil údar lena dhiúltú, nó lena diúltú, dó de réir Airteagal 2(d) de Threoir Umh. 2011/95 a shuíomh toisc nach bhfuil sé d’acmhainn nó de thoil ag an tír sin na gníomhartha sin a chosc agus a ionchúiseamh agus pionóis a ghearradh astu.

92.

D’fhéadfadh sé a bheith thar a bheith deacair a leithéid de mheasúnú a dhéanamh.

93.

Ó thaobh chúiseanna na ngníomhaithe neamhstáit le foréigean, is gá go bhfuil cuid de dhearbhuithe an iarratasóra suibiachtiúil agus nach gcuirtear bonn taca leo le fianaise dhíreach nó scríbhinn. I ndáil leis sin, is léir ón ordú tarchur gur mheas DAB go bhfuil an t‑iarratasóir “fásta agus nár thug sí le fios go ndearnadh géarleanúint uirthi mar gheall ar a hinscne” agus na fíorais á gcur i láthair aici mar thaca lena hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Ní bhféadfaí a leithéid d’iarratas a dhiúltú, áfach, ar an bhforas nár thug an náisiúnach tríú tír lena mbaineann le fios go bhfuil nasc idir na gníomhartha foréigin a bhfuil sí fágtha gan chosaint orthu ina tír thionscnaimh agus na forais a liostaítear in Airteagal 2(d) de Threoir Uimh. 2011/95. Go deimhin, is léir ó chásdlí comhsheasmach nach bhfuil sna dearbhuithe ag iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta ach túsphointe an phróisis agus measúnú á dhéanamh ag na húdaráis inniúla ar na fíorais agus ar na himthosca. Bíodh is go sonraítear le hAirteagal 4(1) den Treoir sin, gur féidir leis na Ballstáit a mheas go bhfuil sé de cheangal ar an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta gach rud is gá, a luaithe agus is féidir, le bonn taca a chur lena iarratas, nó lena hiarratas, ar chosaint idirnáisiúnta, foráiltear leis an bhforáil chéanna gur faoin mBallstát atá sé measúnú a dhéanamh, i gcomhar leis an iarratasóir sin, ar gach rud a bhaineann le hábhar an iarratais. ( 64 ) I measc an mhéid ábhartha ar cuireadh faoi bhráid na n‑údarás inniúil naisiúnta le measúnú a dhéanamh orthu, luaitear leis an Treoir sin “na húdair a thugtar leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta”, ar gá go bhfuil forais na ngníomhartha géarleanúna san áireamh a áitíonn an t‑iarratasóir go bhfuil sí gan chosaint uirthi. ( 65 )

94.

Maidir leis an gcosaint ar ghéarleanúintí nó ar dhíobhálacha tromchúiseacha a chuireann an tír thionscnaimh ar fáil, ní mór don údarás inniúil náisiúnta a chinneadh a mhéid a chomhlíontar ceanglais Airteagal 7 de Threoir Uimh. 2011/95 leis an gcosaint sin agus, go háirithe, an bhfuil nó nach bhfuil an chosaint sin éifeachtach.

95.

Mar sin, i gcomhréir le hAirteagal 4(3)(a) de Threoir Uimh. 2011/95, ní mór don údarás sin measúnú ar leith a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus na fíorais ábhartha uile a bhaineann leis an tír thionscnaimh á gcur san áireamh, lena n‑áirítear dlíthe agus rialacháin na tíre sin agus an modh ina gcuirtear i bhfeidhm iad. Thairis sin, de réir Airteagal 4(5)(c) den Treoir sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht agus comhleanúnachas ráitis an iarratasóra i bhfianaise na faisnéise ginearálta agus sonraí atáthar ar eolas fúithi agus a bhaineann le hábhar a hiarratais. ( 66 )

96.

Sa chomhthéacs sin, tugann EUAA le fios, ina thuarascáil faisnéise maidir leis an staid sa Tuirc i mí Shamhain 2016, ( 67 ) in ainneoin na n‑athchóirithe reachtacha a tugadh isteach sa tír sin arb é is aidhm dóibh comhionannas idir fir agus mná a áirithiú agus na cineálacha éagsúla foréigin in aghaidh na mban a chosc, lena n‑áirítear foréigean teaghlaigh, ( 68 ) go raibh na hiarrachtaí a rinne údaráis an Stáit chun an foréigean sin a chomhrac easnamhach agus neamhéifeachtach go fóill maidir le rochtain na n‑íospartach ar fhaisnéis, ar chúnamh dlíthiúil, ar mhodhanna cláraithe ghearáin agus ar cheartas, agus gurbh annamh gur chuir na húdaráis phóilíneachta urghairí orduithe cosanta i bhfeidhm. Ó thaobh seirbhísí tacaíochta de, amhail tearmainn nó ionaid tacaíochta d’íospartaigh ar mná iad, nach raibh a ndóthain ann, níl siad easnamhach. Maidir le “coireanna onóra” agus foréigean teaghlaigh, tugtar faoi deara sa tuarascáil go bhfuil an ráta ciontaithe thar a bheith íseal, agus go ndearnadh formhór na gcoireanna i dteaghlaigh choimeádacha in oirdheisceart na Tuirce. Tugaim ar aird nach gcuirtear san áireamh sa tuarascáil sin gur tharraing an Tuirc siar ó Choinbhinsiún Iostanbúl le linn bhliain 2021. ( 69 )

97.

A dhála sin, cuirim i dtreis gurb ionann an cinneadh a leagan an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine amach ina breithiúnas M.G. v an Tuirc, ( 70 ) agus an cinneadh a d’eisigh sí in 2009 ina breithiúnas Opuz v an Tuirc ( 71 ) agus ina breithiúnas Durmaz v an Tuirc, ( 72 ) eadhon an neamhshuim ghinearálta agus idirdhealaitheach atá ag Breithiúna ar chinneadh a raibh acu cheana féin sna cásanna i gcoinne na Tuirce i ndáil le foréigean teaghlaigh agus le dorochtanacht na mbearta cosanta arna ndeonú do mhná atá neamhphósta nó colscartha.

98.

I bhfianaise an mhéid seo, is dóigh liom, maidir le hAirteagal 9(3) de Threoir Uimh. 2011/95 nach mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: i gcás ina ndéanann gníomhaí neamhstáit gníomhartha géarleanúna, ceanglaítear ar an údarás inniúil náisiúnta a shuíomh, de thoradh ar mheasúnú ar leith a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar chur na bhfíoras ábhartha go léir san áireamh maidir leis an tír thionscnaimh, lena n‑áirítear dlíthe agus rialacháin na tíre sin agus an bealach a chuirtear iad i bhfeidhm, an bhfuil nó nach bhfuil nasc cúisíoch ann idir, de pháirt, forais na ngníomhartha foréigin, eadhon an bhaint atá ag náisiúnach tríú tír le grúpa sóisialta áirithe agus, den pháirt eile, an easpa cosanta ó húdaráis na tíre tionscnaimh, de réir bhrí Airteagal 7 den Treoir sin.

B.   Na coinníollacha maidir le deonú an stádais dídeanaí a thugtar leis an gcosaint choimhdeach, de réir bhrí Airteagal 2(d) de Threoir Uimh. 2011/95

99.

Leis an gcúigiú ceist, lorgaíonn an chúirt a rinne an tarchur soiléiriú ar na coinníollacha maidir le deonú na cosanta coimhdí, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(f) de Threoir Uimh. 2011/95, do náisiúnach tríú tír a bhfuil a stádas dídeanaí inaitheanta, ach a rachadh i mbaol coir onóra agus gníomhartha foréigin teaghlaigh, pósta éigeantais agus bearta stiogmataithe a fhulaingt i gcás ina gcuirtear í ar ais chuig a tír thionscnaimh.

100.

Díríonn an chúirt sin a ceist ar dhá ghné a scrúdóidh mé faoi seach.

101.

Baineann an chéad ghné le cé chomh inaicmithe mar “d[h]íobhálacha tromchúiseacha”, de réir Airteagal 15 de Threoir Uimh. 2011/95, agus atá na gníomhartha foréigin a bhfuil an náisiúnach i mbaol a fhulaingt, a mhéid a mbainfeadh bagairt thromchúiseach báis leo nó arbh ionann iad agus íde mhídhaonna nó tháireach.

102.

Baineann an dara gné leis an gceanglas nach mór don náisiúnach tríú tír a bheith fágtha gan chosaint ar fhíor-bhaol díobhálacha tromchúiseacha a fhulaingt, dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir Uimh. 2011/95 agus nach féidir, nó i bhfianaise an bhaoil sin, nach bhfuil sé nó sí toilteanach, brath ar chosaint na tíre sin.

1. Gníomhartha foréigin a aicmiú mar “d[h]íobhálacha tromchúiseacha” a bhfuil an náisiúnach tríú tír i mbaol a fhulaingt, de réir Airteagal 15 de Threoir Uimh. 2011/95

103.

Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, den Chúirt an bhfuil nó nach bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 2(f) de Threoir Uimh. 2011/95 amhail, i gcás ina n‑áitíonn náisiúnach tríú tír go bhfuil sí i mbaol coir onóra agus gníomhartha foréigin atá inscnebhunaithe a fhulaingt i gcás ina gcuirtear í ar ais chun a tír thionscnaimh í, gur leor a shuíomh go bhfuil fíorbhaol ann go mbainfeadh “pionóis an bháis nó bású” di de réir bhrí Airteagal 15(a) den Treoir sin, nó an gá a shuíomh, i gcomhthéacs measúnaithe fhoriomláin, go bhfuil baol ann go “[dtabharfaí] íde... [di] nó go ngearrfaí pionóis [uirthi atá mídhaonna nó táireach” de réir bhrí Airteagal 15(b) den Treoir sin.

104.

Sainmhínítear trí chineál “díobhálacha tromchúiseacha” in Airteagal 15 de Threoir Uimh. 2011/95 a d’fhéadfaí deonú cosanta coimhdí don duine a fhulaingíonn iad a bheith mar thoradh orthu a shuaithniú. Áirítear ann, inter alia, an díobháil thromchúiseach a shainmhínítear in Airteagal 15(a) den Treoir sin (atá ar aon dul, go bunúsach, le Airteagal 2 de ECHR agus d’Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann leis), ( 73 ) mar “p[h]ionós an bháis nó bású”, agus sainmhínítear é sin, in Airteagal 15(b) den Treoir sin (atá ar aon dul, go bunúsach le Airteagal 3 de ECHR), ( 74 ) mar “c[h]éasadh iarratasóra nó íde a thabhairt dó nó pionóis a ghearradh air atá mídhaonna nó táireach”. Mar a d’aithin an Chúirt, tagann cásanna ina bhfuil an t‑iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta “fágtha gan chosaint, go sainiúil, ar bhaol díobhála de chineál ar leith” nó ar “f[h]oréigean sonrach” faoi na “díobhálacha tromchúiseacha” sin. ( 75 )

105.

Tugaim faoi deara go liostaítear in Airteagal 15(a) agus (b) de Threoir Uimh. 2011/95 na cineálacha “díobhálacha thromchúiseacha” atá an t‑iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i mbaol a fhulaingt mar mhalairt air sin. “(a) pionós an bháis bású; (b) céasadh íde pionóis atá mídhaonna táireach”. ( 76 ) Is léir ón liostú sin go bhfuil sé de thoil ag reachtas an Aontais go dtiocfadh a mhéid cásanna agus is féidir ina bhfuil cosaint idirnáisiúnta nach mór cosaint idirnáisiúnta a bheith ag náisiúnach tríú, fiú dá ndiúltófaí stádas dídeanaí dó nó dí.

106.

Ó thaobh choincheap “na coire onóra” de, is léir ón obair arna déanamh ag An Chomhairle Eorpach go mbaineann sé le gach gníomh lena ndéanann ball den teaghlach nó den phobal bean a mharú, a chiorrú, a dhó nó a ghortú ar mhaithe le honóir a ath-thabhairt don teaghlach, ar an bhforas gur sháraigh sí na nósanna sóisialta, reiligiúnacha nó traidisiúnta, dá rogha saoil féin, dá toil a bheith fuascailte, dá diúltú do phósadh nó fiú dá gnéaschlaonadh. ( 77 ) Tá an gníomh seo, a mhéid a bhfuil duine á mharú ag ball den teaghlach nó den phobal i gceist leis, intuigthe ó thaobh Airteagal 15(a) de Threoir Uimh. 2011/95 i gcás ina bhfuil “bású” i gceist leis.

107.

Is tábhachtach liom nach ndéantar gurb éard atá i gceist leis an gcoincheap “bású” ná gníomh arna dhéanamh ag na húdaráis stáit amháin. Go deimhin, i gcás inarb é atá i gceist le “coir onóra” ná duine a chur chun báis, níl sí inaicmithe mar “c[h]éasadh nó íde nó pionóis atá mídhaonna nó táireach” de réir bhrí Airteagal 15(b) de Threoir Uimh. 2011/95, ar an bhforas gur gníomhaí neamhstáit a dhearna í agus ar an bhforas sin amháin. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 6 den Treoir sin go bhféadfaidh gníomhaithe díobhálacha tromchúiseacha a bheith ina ngníomhaithe neamhstáit i gcás ina bhfuil sé inléirithe nach féidir, nó nach mian, le páirtithe nó eagraíochtaí ag a bhfuil an Stát nó cuid de á rialú. Thairis sin, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, cumhdaítear le hAirteagal 2 de CECD cásanna inar mhainnigh an Stát a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le beatha duine a chosaint, cé go raibh sé ar an eolas go bhfuil fíorbhagairt láithreach ann do bheatha an duine sin mar thoradh ar ghníomhartha coiriúla tríú páirtí. Dá bhrí sin, in Opuz v an Tuirc, ( 78 ) rialaigh an Chúirt sin go raibh sé d’oibleagáid ar an Stát bearta praiticiúla a dhéanamh, ar bhealach coisctheach, chun duine arbh íospartach foréigin teaghlaigh a chosaint a d’fhéadfadh a shainaithint roimh ré mar sprioc gníomhaíochta mharfaigh chun onóir a chosaint. Dar leis an gCúirt sin, dá bhrí sin, go gceanglaítear le hAirteagal 2 de ECHR ar an Stát an ceart chun na beatha a áirithiú reachtaíocht choiriúil a chur i bhfeidhm lena gcuirtear ó dhíobháil a dhéanamh do dhuine agus í a thacú le sásra cur i bhfeidhm arna leagan amach chun sáruithe a chosc agus a thoirmeasc agus chun pionóis a ghearradh astu. ( 79 )

108.

Sna himthosca sin, a luaithe a chinnfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta, tar éis measúnú foriomlán a dhéanamh ar shainchúinsí an cháis, go bhfuil an duine lena mbaineann i mbaol a básaithe in ainm onóra a teaghlaigh nó a pobail agus gur fíorbhaol é lena bhfuil bunús maith, toisc nach bhfuil aon chosaint ó húdaráis a tíre tionscnaimh, ní mór a mheas gur “bású” de réir Airteagal 15(a) de Threoir Uimh. 2011/95 é an gníomh sin agus go bhféadfadh sé a bheith ina chúis, ann féin, le deonú stádas cosanta coimhdí a thugtar leis an gcosaint choimhdeach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha eile a leagtar síos chuige sin.

109.

Ina theannta sin, ní gá a shuíomh, chun an stádas sin a dheonú, go bhfuil an duine lena mbaineann fágtha gan chosaint ar bhaol go n‑imreofaí gníomhartha céasta nó idé nó pionóis atá mídhaonna nó táireach air nó uirthi, de réir bhrí Airteagal 15(b) den Treoir sin.

110.

Go háirithe, tugaim ar aird, áfach, go bhfuil ar an údarás náisiúnta na díobhálacha tromchúiseacha a suaithniú ina hiomláine a bhfuil an duine lena mbaineann i mbaol a fágtha i gcás ina gcuirtear í ar ais chun a tíre tionscnaimh. ( 80 ) De pháirt, tugtar an méid sin le tuiscint ó na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir Uimh. 2011/95 faoina bhfuil sé de cheangal ar údarás inniúil náisiúnta scrúdú iomchuí éifeachtach a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta d’fhonn a ráthú go ndéantar measúnú neamh-uileghabhálach ar riachtanais chosanta an duine lena mbaineann. I ndáil leis sin, tugaim chun cuimhne go bhfuil measúnú déanta cheana féin ag an údarás sin ar chineál agus ar raon feidhme na ngníomhartha a bhfuil an duine lena mbaineann fágtha gan chosaint orthu ina tír tionscnaimh i gcomhthéacs an scrúdaithe ar na coinníollacha a leagtar amach chun críocha stádas dídeanaí a dheonú. Den pháirt eile, ní mór cásanna cigilteacha a sheachaint leis ina measfaí, de réir Airteagal 16(1) de Threoir Uimh. 2011/95, nach duine í an duine lena mbaineann atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach a thuilleadh mar gheall ar athrú sna himthosca sa tír thionscnaimh agus go mbainfí a stádas uaithi roimh am i ndiaidh an bhaoil a shuaithniú go neamhleor. ( 81 )

111.

Is é a thagann as an méid seo, maidir le hAirteagal 2(f) agus Airteagal 15 de Threoir Uimh. 2011/95, nach mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: i gcás ina suíonn údarás inniúil náisiúnta, i ndiaidh measúnú foriomlán a dhéanamh ar shainchúinsí an cháis, i gcás a curtha ar ais chun a tíre tionscnaimh, go bhfuil an náisiúnach sin fágtha gan chosaint ní amháin ar ghéarleanúint a dhéanamh uirthi in ainm onóir a theaghlaigh nó a phobail, ach ar ghníomhartha céasta nó íde nó pionóis atá mídhaonna nó táireach a imirt orthu as siocair gníomhartha foréigin teaghlaigh nó aon ghníomh foréigin eile atá inscnebhunaithe, ceanglaítear ar an údarás sin na gníomhartha sin a shuaithniú mar “d[h]íobhálacha tromchúiseacha”.

2. Suíomh an fhíor-bhaoil go mbeadh díobhálacha tromchúiseacha á bhfulaingt, de réir Airteagal 2(f) de Threoir Uimh. 2011/95

112.

Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt, go bunúsach, maidir le hAirteagal 2(f) de Threoir Uimh. 2011/95, an bhfuil nó nach bhfuil léiriú le déanamh mar seo a leanas: i gcás ina n‑áitíonn náisiúnach tríú tír go mbeadh sí i mbaol coir onóra a fhulaingt agus gníomhartha foréigin atá inscnebhunaithe a fhulaingt i gcás ina gcuirtear í ar ais chun a tíre tionscnaimh, an leor a shuíomh nach bhfuil an duine sin toilteanach brath ar chosaint na tíre sin, nó an gceanglaítear uirthi na cúiseanna leis nár mian léi brath ar an gcosaint sin.

113.

I ndáil leis sin, tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur do na cinntí a rinne an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i mbreithiúnas N. v an tSualainn ( 82 ) maidir le sárú ar Airteagal 3 de ECHR i gcás ina bhfuil náisiúnach de chuid na hAfganastáine, atá scartha óna fear céile agus nach bhfuil na róil á gcomhlíonadh aici a leagtar uirthi sa tsochaí, le traidisiún, nó fiú le córas dlí a tír thionscnaimh, fágtha gan chosaint ar bhaol drochíde i gcás a curtha ar ais chun a tír thionscnaimh, toisc go dtugtar le dálaí glactha tearmann do mhná ar na mná sin dul ar ais chun a dteaghlaigh, áit ina bhfuil siad ina n‑íospartaigh mí-úsáide nó coireanna onóra.

114.

I gcomhthéacs an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn, forlíontar le cosaint choimhdeach na rialacha maidir le stádas dídeanaí a bhunaítear le Coinbhinsiún na Ginéive.

115.

I gcomhréir le hAirteagal 2(f) de Threoir Uimh. 2011/95, is é is “duine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach” ann ná duine nach bhfuil inmheasta mar dhídeanaí, ach go bhfuil forais thromchúiseacha chruthaithe ann a chreidiúint go rachadh sí, i gcás ina gcuirfí í ar ais chun a tíre tionscnaimh, i mbaol dáiríre díobhálacha tromchúiseacha a fhulaingt, rud a shainmhínítear in Airteagal 15 den Treoir sin agus nach féidir leis an duine sin, nó i bhfianaise an bhaoil sin, nach bhfuil sí toilteanach, brath ar chosaint na tíre sin.

116.

Mar sin, fearacht an sainmhínithe ar “d[h]ídeanaí” a leagtar amach in Airteagal 2(d) de Threoir Uimh. 2011/95, lena gceanglaítear nach mór a shuíomh go bhfuil bunús maith eagla ar an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi i gcás a churtha ar ais chun a thíre tionscnaimh, nó a curtha ar ais chun a tíre tionscnaimh, ceanglaítear a shuíomh, a dhála sin, le sainmhíniú an choincheapa “duine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach” dá dtagraítear in Airteagal 2(f) den Treoir sin, go bhfuil bunús maith leis an mbaol go bhfágfaí an t‑iarratasóir sin gan chosaint ar dhíobhálacha tromchúiseacha a fhulaingt ar a churtha ar ais chun a thíre tionscnaimh, nó ar a curtha ar ais chun a tíre tionscnaimh. Tugaim chun cuimhne go bhfuil gá leis an méid seo a léiriú d’fhonn a shuíomh go bhfuil cosaint a tíre tionscnaimh do-éilithe agus go bhfuil údar lena dhiúltú, nó lena diúltú, dó agus ceanglaítear ar údarás inniúil náisiúnta measúnú a dhéanamh, ar bhonn Airteagal 7 den Treoir sin, an bhfuil nó nach bhfuil sé d’acmhainn ag an tír sin agus dá toil na gníomhartha sin a chosc agus a thoirmeasc agus chun pionóis a ghearradh astu.

117.

Soiléirím, chuige sin, go mbaineann na ceanglais a leagtar amach san Airteagal sin maidir le cineál agus raon feidhme na cosanta is gá leis an ngéarleanúint a bhfuil an t‑iarratasóir i mbaol a fágtha gan chosaint uirthi mar aon le díobhálacha tromchúiseacha a bhfuil sé nó sí i mbaol a fhulaingt i gcás ina gcuirtear é nó í chun a tíre thionscnaimh. Agus scrúdú á dhéanamh ag an údarás inniúil náisiúnta an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t‑iarratasóir na coinníollacha chun stádas dídeanaí a fháil, tá suite aige cheana féin go bhfuil sé nó nach bhfuil sé d’acmhainn, agus go bhfuil sé de thoil nó nach bhfuil sé de thoil, na tíre tionscnaimh an chosaint a áirithiú a cheanglaítear le hAirteagal 7 de Threoir Uimh. 2011/95, i gcomhthéacs an scrúdaithe ar na coinníollacha chun stádas dídeanaí a dheonú.

118.

Tugtar le tuiscint ón méid seo, maidir le hAirteagal 2(f) de Threoir Uimh. 2011/95, nach mór léiriú a dhéanamh mar a leanas: i gcás ina n‑áitíonn náisiúnach tríú tír go mbeadh sí i mbaol coir onóra a fhulaingt agus gníomhartha foréigin atá inscnebhunaithe a fhulaingt i gcás ina gcuirtear í ar ais chun a tíre tionscnaimh, ceanglaítear ar an údarás inniúil náisiúnta a shuíomh an gcuireann nó nach gcuireann an Stát, nó na páirtithe nó na heagraíochtaí ag a bhfuil an Stát sin á rialú, cosaint ar a leithéid de dhíobháil thromchúiseach mar atá ag teacht leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7 den Treoir sin d’fhonn a chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil bunús maith leis an mbaol sin.

V. Conclúid

119.

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, molaim go ndéanfaidh an Chúirt na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú ó Administrativen sad Sofia-grad (Cúirt Riaracháin Chathair Sóifia, an Bhulgáir) a fhreagairt mar a leanas:

I gcás ina dtaiscfidh náisiúnach tríú tír iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar an bhforas go bhfuil eagla uirthi, i gcás ina gcuirtear í ar ais chun a tíre tionscnaimh, go mbeadh sí ina híospartach coire onóra nó pósta éigeantais agus go mbeadh sí gan chosaint ar ghníomhartha foréigin teaghlaigh á ndéanamh i measc an teaghlaigh:

(1)

Maidir le hAirteagal 1(2)(e) agus (de Threoir Uimh. 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca leis na coinníollacha atá le comhlíonadh ag na náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát chun cosaint idirnáisiúnta a fháil, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdí agus i dtaca le hinneachar na cosanta sin,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tá scrúdú le déanamh ar na coinníollacha maidir le stádas dídeanaí a dheonú do dhuine a bhfuil eagla air nó uirthi go n‑imreofaí gníomhartha foréigin atá inscnebhunaithe air nó uirthi i gcás a churtha ar ais chun a thíre tionscnaimh, nó i gcás a curtha ar ais chun a tíre tionscnaimh, i bhfianaise na bhforálacha dá bhforáiltear chuige sin sa Treoir seo, ar forálacha iad a bhfuil léiriú le déanamh orthu ag féachaint do leagan amach ginearálta di agus do chuspóir di, ar urraim a thabhairt do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Dídeanaithe, i gcomhréir le hAirteagal 78(1) CFAE agus gan brath ar na sainmhínithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a dhíothú agus i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), nach “conarthaí ábhartha” iad de réir bhrí an Airteagail sin.

Ní mór an léiriú sin a dhéanamh chomh maith i gcomhréir leis na cearta a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(2)

Maidir le hAirteagal 10(1)(b) de Threoir Uimh. 2011/95

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

d’fhéadfaí a mheas go mbaineann náisiúnach tríú tír le “grúpa sóisialta áirithe” mar gheall ar a hinscne ós rud é go bhfuil sé bunaithe, ar bhonn measúnú a dhéanamh ar na fíorais agus na himthosca, sa bhreis ar an mbaint ghnéasach atá aici amháin, is é sin le rá a féiniúlacht féin ina tír thionscnaimh toisc go meastar ar bhealach difriúil uirthi sa tsochaí mhórthimpeall mar gheall ar na nósanna sóisialta, dlí agus reiligiúnacha nó fiú mar gheall ar dheasghnátha agus gnáis a tíre nó an phobail lena mbaineann sí. I gcomhthéacs an mheasúnaithe sin, is rud tábhachtach, atá le breithniú ag an údarás inniúil náisiúnta, é cineál na ngníomhartha a bhfuil eagla ar an náisiúnach sin go bhfágfaí í gan chosaint orthu i gcás ina gcuirtear í ar ais chun a tíre tionscnaimh.

(3)

Maidir le hAirteagal 9(3) de Threoir Uimh. 2011/95

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina ndéanann gníomhaí neamhstáit gníomhartha géarleanúna, ceanglaítear ar an údarás inniúil náisiúnta a shuíomh, de thoradh ar mheasúnú ar leith a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar chur na bhfíoras ábhartha go léir san áireamh a maidir leis an tír thionscnaimh, lena n‑áirítear dlíthe agus rialacháin na tíre sin agus an bealach a chuirtear iad i bhfeidhm, an bhfuil nó nach bhfuil nasc cúisíoch ann idir, de pháirt, forais na ngníomhartha foréigin, eadhon an bhaint atá ag náisiúnach tríú tír le grúpa sóisialta áirithe agus, den pháirt eile, an easpa cosanta ó húdaráis na tíre tionscnaimh, de réir bhrí Airteagal 7 den Treoir sin.

(4)

I gcomhthéacs an mheasúnaithe ar na coinníollacha maidir le deonú an stádais dídeanaí a thugtar leis an gcosaint choimhdeach,

ní mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 2(f) agus Airteagal 15 de Threoir Uimh. 2011/95 mar seo a leanas:

i gcás ina suíonn údarás inniúil náisiúnta, i ndiaidh measúnú foriomlán a dhéanamh ar shainchúinsí an cháis, i gcás a curtha ar ais chun a tíre tionscnaimh, go bhfuil an náisiúnach sin fágtha gan chosaint ní amháin ar ghéarleanúint a dhéanamh uirthi in ainm onóir a teaghlaigh nó a pobail, ach ar a bheith ina híospartach gníomhartha céasta nó íde nó pionóis atá mídhaonna nó táireach as siocair gníomhartha foréigin teaghlaigh nó aon ghníomh foréigin eile atá inscnebhunaithe, ceanglaítear ar an údarás sin na gníomhartha sin a shuaithniú mar “d[h]íobhálacha tromchúiseacha”.

D’fhonn a chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil bunús maith leis an mbaol sin, ceanglaítear ar an údarás inniúil náisiúnta a shuíomh an gcuireann nó nach gcuireann an Stát, nó na páirtithe nó na heagraíochtaí ag a bhfuil an Stát sin á rialú, cosaint ar an díobháil thromchúiseach sin mar atá ag teacht leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7 den Treoir sin d’fhonn a chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil bunús maith leis an mbaol sin.


( 1 ) Bunteanga: an Fhraincis.

( 2 ) Treoir Uimh. 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9).

( 3 ) I bhfianaise fhíorais an cháis atá i gceist sna príomhimeachtaí, tugtar aghaidh sa Tuairim seo ar shaincheist an fhoréigin teaghlaigh a dhéantar in aghaidh na mban. Mar sin féin, ní mór a mheabhrú, mar a rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ina breithiúnas cinniúnach an 9 Meitheamh 2009, Opuz v an Tuirc(CE:ECHR:2009:0609JUD003340102, § 132), “nach mbaineann” foréigean teaghlaigh “le mná amháin. D’fhéadfadh fir a bheith faoi réir foréigean teaghlaigh chomh maith, mar a d’fhéadfadh leanaí, ar minic gur íospartaigh díreacha nó go hindíreach iad.”

( 4 ) C‑930/19EU:C:2021:225.

( 5 ) Pointí 94 et seq. den Tuairim seo.

( 6 ) EU:C:2021:198. Tháinig an Coinbhinsiún chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’), a ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an 7 Aibreán 2011, i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2014 (Sraith Chonarthaí Chomhairle na hEorpa, Uimh. 210). Tá sé sínithe agus daingnithe ag gach Ballstát den Aontas Eorpach cé is moite de Phoblacht na Bulgáire, de Phoblacht na Seice, de Phoblacht na Laitvia, de Phoblacht na Liotuáine, den Ungáir agus de Phoblacht na Slóvaice nár dhaingnigh é. Dhaingnigh Poblacht na Tuirce an Coinbhinsiún an 14 Márta 2012 agus d’fhógair sí go dtarraingeofaí siar é le gníomh dar dáta an 22 Márta 2021, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2021.

( 7 ) Mír 161 den Tuairim seo.

( 8 ) Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 22 Aibreán 1954 [Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 189, lch. 150, Uimh. 2545 (1954)] (“Coinbhinsiún na Ginéive”), arna fhorlíonadh ag an bPrótacal maidir le Stádas Dídeanaithe, arna thabhairt i gcrích i Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 agus ar tháinig i bhfeidhm an 4 Deireadh Fómhair 1967 (“Prótacal 1967”).

( 9 ) Coinbhinsiún ar ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 18 Nollaig 1979 agus a tháinig i bhfeidhm an 3 Meán Fómhair 1981 [Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 1249, lch. 13, Uimh. 20378 (1981)].

( 10 ) Moladh a glacadh ag an 11ú seisiún (1992).

( 11 ) Moladh a glacadh an 26 Iúil 2017.

( 12 ) Dearbhú a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 20 Nollaig 1993 i Rún 48/104.

( 13 ) A síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950, “ECHR”.

( 14 ) DV, Uimh. 54, an 31 Bealtaine 2002.

( 15 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60).

( 16 ) Faoi Airteagal 10(2) de Threoir Uimh. 2013/32, ní mór don údarás inniúil náisiúnta a chinneadh an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t‑iarratasóir na coinníollacha le haghaidh stádas dídeanaí roimh scrúdú a dhéanamh i dtaobh cibé an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé na coinníollacha chun bheith incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach. Féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Iúil 2018, Alheto (C‑585/16EU:C:2018:584, mír 89).

( 17 ) Ag brath ar imthosca ar leith gach cáis, ceapaim gur féidir leis na gníomhartha foréigin seo a bheith ina gcúis le “sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha an duine” de réir bhrí Airteagal 9(1)(a) de Threoir Uimh. 2011/95, mar gheall ar a nádúr nó toisc iad a athdhéanamh, nó toisc go sroicheann siad “leibhéal tromchúise” de réir bhrí bhreithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (seirbhís mhíleata agus tearmann) (C‑238/19EU:C:2020:945, mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear). I ndáil leis sin, tugann ACD dá aire ina Threoirlínte maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Uimh. 1: Géarleanúint Inscnebhunaithe faoi Airteagal 1(2) de Choinbhinsiún 1951 agus/nó faoi Phrótacal 1967 a ghabhann leis maidir le Stádas Dídeanaithe (“na Treoirphrionsabail maidir le Géarleanúint Inscnebhunaithe”) an 8 Iúil 2008, atá ar fáil ag an seoladh idirlín seo a leanas: https://www.unhcr.org/fr/publications/legal/4ad2f7f61d/principes-directeurs-protection‑internationale-no- 1-persecution‑liee-genre.html, nach bhfuil aon amhras air “go bhfuil éigniú agus gníomhartha foréigin eile atá inscnebhunaithe, amhail foréigean a bhaineann le spré, le ciorrú ball giniúna ban, le foréigean teaghlaigh agus le gáinneáil ar dhaoine […], ina ngníomhartha lena gcuirtear daoine ag fulaingt go tromchúiseach, go meabhrach agus go fisiceach, agus a úsáidtear mar fhoirmeacha géarleanúna, bíodh is gurb iad na Stáit nó daoine príobháideacha a dhéanann iad,” (mír 9). Féach freisin, sa chiall chéanna, mír 310 den Tuarascáil Mhíniúcháin ó Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Sraith Chonarthaí Chomhairle na hEorpa, Uimh. 210; “Tuarascáil Mhínithe Choinbhinsiún Iostanbúl”).

( 18 ) Sonraítear i mír 44 den tuarascáil mhíniúcháin a ghabhann le Coinbhinsiún Iostanbúl go ndéantar idirdhealú idir an coincheap “foréigean in aghaidh na mban atá inscnebhunaithe” agus foirmeacha foréigin eile toisc "gur é inscne an íospartaigh an príomhfhoras leis na gníomhartha foréigin a chuirtear síos orthu i mír a [foréigean in aghaidh na mban]. Is é sin le rá, tagraítear le foréigean atá inscnebhunaithe d’aon díobháil a d’fhulaing bean, arb é an chúis agus an toradh é ar chaidreamh cumhachta éagothrom atá bunaithe ar dhifríochtaí a bhraitear idir fir agus mná, rud atá ina chúis le mná a chur faoi cheannas sa réimse poiblí agus sa réimse príobháideach araon”.

( 19 ) Mír 300 den tuarascáil mhíniúcháin seo.

( 20 ) Féach, chomh maith, Airteagal 18 den Chairt agus aithrisí 3, 4, 12, 23 agus 24 de Threoir Uimh. 2011/95 [breithiúnais an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile (an stádas dídeanaí a chúlghairm) (C‑391/16, C‑77/17 agus C‑78/17EU:C:2019:403, mír 80 agus an cásdlí dá dtagraítear) agus an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (seirbhís mhíleata agus tearmainn) (C‑238/19EU:C:2020:945, mír 20)].

( 21 ) Féach aithrisí 23 agus 24 de Threoir Uimh. 2011/95. Féach, chomh maith, breithiúnais an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile (an stádas dídeanaí a chúlghairm) (C‑391/16, C‑77/17 agus C‑78/17EU:C:2019:403, míreanna 81 agus 82 agus an cásdlí dá dtagraítear) agus an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (seirbhís mhíleata agus tearmainn) (C‑238/19EU:C:2020:945, mír 19).

( 22 ) C‑238/19EU:C:2020:945.

( 23 ) Mír 49 den bhreithiúnas sin. Féach, chomh maith, breithiúnas an 24 Aibreán 2018, MP (Cosaint choimhdeach ar dhuine a céasadh san am a caitheadh) (C‑353/16EU:C:2018:276, míreanna 54 go 56) ina ndearna an Chúirt idirdhealú idir na sásraí a cuireadh chun feidhme le Treoir Uimh. 2004/83/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le caighdeáin íosta do cháiliú agus do stádas náisiúnach tríú tíortha nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a mbeadh cosaint idirnáisiúnta ar dhóigh eile de dhíth orthu agus maidir le hinneachar na cosanta a thugtar (IO 2004 L 304, lch. 12) agus na sasraí a chruthaítear le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta i Nua-Eabhrac an 10 Nollaig 1984 [Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 1465 lch. 85, Uimh. 24841 (1987)].

( 24 ) Mír 6 de na treoirphrionsabail sin. Deir ACD, i mír 5 de na prionsabail sin, “gur i gcomhthéacs an taithí a bhí ag fir a ndearnadh léiriú ar shainmhíniú an dídeanaí san am a caitheadh, rud a chiallaíonn nár aithníodh a lán iarratas o mhná nó ó dhaoine homaighnéasacha. Le deich mbliana anuas, áfach, tá dul chun cinn suntasach déanta ar an anailís agus ar an tuiscint ar chúrsaí inscne agus inscne i gcomhthéacs dídeanaithe sa chásdlí, i gcleachtas na Stát ar an mórgóir agus i dtéacsanna acadúla. Tá na forbairtí sin bunaithe ar fhorbairtí i ndlí agus caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta daonna [..], agus i gcomhthráth leis an dul chun cinn seo, ar dhul chun cinn i mbrainsí gaolmhara den dlí idirnáisiúnta, go háirithe cásdlí Bhinsí Coiriúla Idirnáisiúnta na hIar-Iúgslaive agus Ruanda agus Reacht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (Reacht na Róimhe)”.

( 25 ) Mar is léir ó fhocail aithris 30 de Threoir Uimh. 2011/95, ba ar athleagan a dhéanamh de Threoir Uimh. 2004/83 a tugadh isteach gnéithe a bhaineann leis an gcoincheap “inscne”, lenar cuireadh é in ionad an choincheapa “gnéas” ar úsáideadh roimhe sin.

( 26 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Bealtaine 2019, Bilali (C‑720/17EU:C:2019:448, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus aithris 22 de Threoir Uimh. 2011/95.

( 27 ) Mír 3 de na treoirphrionsabail sin.

( 28 ) Treoir Uimh. 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO 2012 L 315, lch. 57).

( 29 ) Féach, chuige sin, Tuairim 1/19 (Coinbhinsiún Iostanbúl) an 6 Deireadh Fómhair 2021 (ECLI:EU:C:2021:832). Ceanglaítear leis an gcéad chéim eile, le ballraíocht fhoirmiúil an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl, go nglacfar cinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa. Tá tús áite ag aontachas an Aontais don choinbhinsiún seo a thabairt chun críche i stráitéis an Aontais ar son chomhionannas Inscne 2020-2025: féach an teachtaireacht on gComisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, dar teideal “Aontas comhionanais: stráitéis ar son comhionannas idir fir agus mná 2020-2025” [COM(2020) 152 final] (lch. 4).

( 30 ) I láthair na huaire, tá Coinbhinsiún Iostanbúl sínithe ag gach Ballstát agus tá sé daingnithe ag 21 acu (féach fonóta 6 den Tuairim seo), cé gur chuir Poblacht na Polainne in iúl, an 25 Iúil 2020, go bhfuil sé i gceist aici tarraingt siar ón gcoinbhinsiún sin, rud ar cháin an tAontas agus An Chomhairle Eorpach (féach Feasachán Laethúil na hEorpa Uimh. 12536, Agence Europe, 28 Iúil 2020, lch. 7 agus 8).

( 31 ) Mar shampla, le hAirteagal 12(1) de Choinbhinsiún Iostanbúl iarrtar ar na Stáit is Páirtithe "na bearta is gá a dhéanamh chun athruithe ar phatrúin shoch-chultúrtha na mban agus na bhfear a chur chun cinn d’fhonn deireadh a chur le claontacht, le gnáis, le traidisiúin agus le haon chineál cleachtais, atá bunaithe ar an smaoineamh go bhfuil mná níos measa nó go bhfuil ról steiréitipiciúil ag fir agus mná."

( 32 ) Féach breithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (an tSeirbhís Mhíleata agus Tearmainn) (C‑238/19EU:C:2020:945, mír 20 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 33 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Ahmedbekova (C‑652/16EU:C:2018:801, mír 89 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 34 ) Féach, chomh maith, aithris 30 de Threoir Uimh. 2011/95.

( 35 ) Is léir ó chásdlí na Cúirte nach mór Airteagal 10(1) de Threoir Uimh. 2011/95 a léamh in éineacht le mír 2 den Airteagal sin. I mbreithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Ahmedbekova (C‑652/16EU:C:2018:801, mír 86), chinn an Chúirt “gan beann ar cé acu an ionann páirt a ghlacadh ag náisiúnach de chuid na hAsarbaiseáine i dtabhairt caingne in aghaidh na tíre sin os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, chun dearbhú a fháil gur sháraigh an réimeas atá i gcumhacht inti na saoirsí bunúsacha, agus “tuairim pholaitiúil” atá ag an náisiúnach sin, is tábhachtach scrúdú a dhéanamh, agus scrúdú a dhéanamh ar na forais géarleanúna a agraítear san iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna taisceadh ag an náisiúnach sin, an bhfuil nó nach bhfuil cúiseanna eagla, lena bhfuil bunús maith, go measfadh an réimeas gur beart easaontais pholaitiúil é lena bhféadadh sé a shamhlú go mbainfí díoltas amach as.”

( 36 ) Féach Airteagal 12(d) den togra le haghaidh Treoir i dtaobh caighdeáin íosta maidir le cáilíocht agus stádas náisiúnach tríú tíortha nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu ar shlí eile agus inneachar na cosanta a thugtar [COM(2001) 510 final].

( 37 ) C‑199/12EU:C:2013:720.

( 38 ) Mír 46 den bhreithiúnas sin. Chuir an Chúirt leis an mír chéanna “go dtacaítear leis an léiriú sin leis an dara fomhír d’Airteagal 10(1) (d) de Threoir [2004/83], inar léir, ag brath ar na gnáthchúinsí sa tír thionscnaimh, go bhféadfadh grúpa sóisialta áirithe a bheith ina ghrúpa a bhfuil ag a bhaill gnéaschlaonadh de réir saintréithe comhchoitinne.”

( 39 ) Féach na Treoirlínte maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Uimh. 2: “Ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe faoi Airteagal 1(2) de Choinbhinsiún 1951 agus/nó faoi Phrótacal 1967 a ghabhann leis maidir le Stádas Dídeanaithe (“na Treoirphrionsabail maidir le ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe”) an 8 Iúil 2008, (míreanna 2 agus 14). Ní chiallaíonn sé sin, áfach, mar a thugann an Coimisiún le fios ina bharúlacha, go bhféadfaí a mheas go bhfuil gach duine a bhfuil eagla orthu go ndéanfaí géarleanúint orthu ina dtír thionscnaimh ina mball de ghrúpa sóisialta áirithe de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir Uimh. 2011/95, ós rud é go mbainfeadh a leithéid de léiriú gach éifeacht phraiticiúil de na forais eile dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den treoir sin. Is é sin an tuairim a chuir ACD in iúl chomh maith ina meastar, sna Treoirlínte maidir le ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe, go gcaithfear a bheith in ann an grúpa sóisialta a aithint gan beann ar ghéarleanúint, ach, go bhféadfadh gníomh géarleanúna i gcoinne grúpa a bheith ábhartha, áfach, lena chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil an grúpa sin feiceálach i sochaí ar leith (míreanna 2 agus 14).

( 40 ) Ina threoirphrionsabail maidir le ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe, cuireann ACD i dtreis go bhfuil ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe le tuiscint ar bhealach athraitheach, atá oscailte don éagsúlacht agus d’athruithe ar chineál na ngrúpaí i sochaithe éagsúla agus d’fhorbairt na rialacha idirnáisiúnta maidir le cearta an duine (mír 3).

( 41 ) Luaitear sa tuarascáil mhíniúcháin a ghabhann le Coinbhinsiún Iostanbúl go "mínítear leis an téarma ‘inscne’ atá bunaithe ar an dá ghnéas, fir agus mná, gurb ann do ról, iompraíochtaí, gníomhaíochtaí agus dualgais a chruthaítear sa tsochaí, a mheastar a bheith cuí i ndáil le mná agus le fir i sochaí ar leith" (mír 43).

( 42 ) Is díol suime é a thabhairt faoi deara, in Airteagal 12(d) den togra ón gCoimisiún a luadh i bhfonóta 36 den Tuairim seo, go sonraíodh go sainráite sa Tuairim seo gurb é atá i gceist le coincheap an ghrúpa sóisialta ná "dreamanna a mheastar a bheith ‘níos lú’ ó thaobh an dlí de chomh maith". Féach, chomh maith, Treoirphrionsabail maidir le Géarleanúint a bhaineann le hInscne (mír 30).

( 43 ) Féach Treoirphrionsabail maidir le Géarleanúint a bhaineann le hInscne (mír 31).

( 44 ) Mar a thug ACD dá aire ina Phrionsabail Threoracha maidir le Géarleanúint a bhaineann le hInscne, ní chiallaíonn léiriú atá íogair ó thaobh inscne de ar Choinbhinsiún na Ginéive go bhfuil gach bean i dteideal stádas dídeanaí go huathoibríoch (mír 4).

( 45 ) Féach an fonóta 39 a ghabhann leis an Tuairim seo.

( 46 ) Féach na treoirphrionsabail maidir le ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe (míreanna 2 agus 14).

( 47 ) Féach, mar shampla, cásdlí na Fraince, Denis-Linton, M., agus Malvasio, Malvasio, F., Trente ans de jurisprudence de la Cour nationale du droit d’asile et du Conseil d’État sur l’asile, Principales décision de 1982 au 31 décembre 2011, Márta 2012. Féach, chomh maith, breithiúnais an 21 Nollaig 2012, A... B... (Uimh. 332491), agus an Chúirt Náisiúnta um an Dlí Tearmainn (CNDT) (an Fhrainc) an 25 Márta 2021, an tUasal S. (Uimh. 20006893 agus Uimh. 20006894 C), inar aithin CNDA gur dídeanaí é leanbh eitneacha sa tSeineagáil a rugadh sa Fhrainc, toisc go bhfuil an ráta eiscthe an‑ard go fóill i measc a ghrúpa eitnigh.

( 48 ) Tuairim i gcás Noorzia (C‑338/13, AE:C:2014:288, mír 3). Sa Tuairim sin, deir an tAbhcóide Ginearálta Mengozzi, i gcomhthéacs póstaí éigeantais, go dtugann duine amháin ar a laghad de na céilí fúthu gan a thoiliú saor agus iomlán a thabhairt "go bhfuil toil [daoine, go háirithe mná] faoi réir cineál comhéigin fhisiciúil nó shíceolaíoch, amhail bagairtí, cineálacha eile drochíde mothúchánaí nó, sna cásanna is tromchúisí, mí-úsáid fhisiceach". Féach, freisin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar i gCás Belgische Staat (dídeanaí mionaoiseach pósta) (C‑184/21EU:C:2022:477, mír 2).

( 49 ) Féach, maidir le coincheap "an fhoréigin teaghlaigh", Airteagal 3(b) de Choinbhinsiún Iostanbúl. Mar a luaitear sa tuarascáil mhíniúcháin a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo, bíonn dhá chineál foréigin ag dul go príomha le foréigean teaghlaigh: an foréigean idir dlúthpháirtithe, bíodh is gur caidreamh iarbhír é nó caidreamh a bhfuil deireadh leis, agus foréigean idir na glúine, go háirithe idir tuismitheoirí agus leanaí.

( 50 ) An tOifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (OETT) roimhe seo. Chun a chur ar chumas na n‑údarás inniúil náisiúnta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(3)(a) de Threoir Uimh. 2011/95 a chomhlíonadh ar bhonn laethúil agus chun comhchuibhiú a bhaint amach ar na nósanna imeachta maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta sna Ballstáit a scrúdú, cuireadh de chúram ar EUAA tuarascálacha faisnéise a chur le chéile ina mbeadh scrúdú, de réir ábhar, ar an staid i dtír nó i réigiún tionscnaimh an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta. Cuirtear na tuarascálacha seo le chéile ar bhonn faisnéis a bhailiú atá "úsáideach, iontaofa, oibiachtúil, ceart agus cothrom le dáta" maidir lena dtír thionscnamh, ar úsáid a bhaint as na foinsí ábhartha faisnéise go léir, go háirithe faisnéis atá ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ACD, agus eagraíochtaí eile lena mbaineann, lena n‑áirítear comhaltaí na n‑institiúidí, na gcomhlachtaí, na n‑oifigí agus na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) [féach Airteagal 9(1) agus (2)(a) de Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO 2021 L 468, lch. 1).

( 51 ) Féach, mar shampla, i gcásdlí na Fraince, breithiúnas an Choimisiúin um Achomhairc Dídeanaithe (CRR, dá ndearnadh CNDA an 1 Eanáir 2009) (an Fhrainc) an 16 Meitheamh 2005, an Uasal S. (Uimh. 492440), maidir le náisiúnach de chuid Mhailí, a bhíodh thíos le cleachtais an eisctha le linn a hóige agus ar chuir in iúl go raibh sí ag diúltú tabhairt faoi eisceadh iomlán in athuair, rud ar éiligh a fear céile a phós sí ina dhiaidh sin, agus mar thoradh air sin cuireadh sí faoi bhrú agus faoi bhagairtí i measc a teaghlaigh agus ag na údaráis áitiúla gnáis. Mheas CRR go raibh bunús maith leis an eagla go ndéanfaí géarleanúint mar gheall ar an mbaint atá aici le grúpa sóisialta ban a bhfuil sé ar intinn acu fanacht glan ar chíorrú ball giniúna baininscneach, ós rud é nach raibh aon chosaint aici ó na húdaráis.

( 52 ) EUAA, Report on Female Genital Mutilation/Cutting in Ethiopia, 12 Bealtaine 2022, go háirithe mír 4.2: "Consequences for refusing to undergo FGM", lch. 32. Féach, chomh maith, EUAA, dar teideal "Protecting women and girls in the asylum procedure", Nollaig 2021, go háirithe lch. 2 agus Middelburg, A., agus Balta, A., "Female Genital Mutilation/Cutting as a ground for Asylum in Europe" International Journal of Refugee Law, iml. 28, Uimh. 3, Oxford University Press, Oxford, 2016, lch. 416 - 452.

( 53 ) Féach, chuige sin, i gcásdlí na Fraince, breithiúnas CRR an 15 Deireadh Fómhair 2004, an Uasal NN. (Uimh. 444000).

( 54 ) Féach, mar shampla, breithiúnas CNDA an 29 Márta 2021, an Uasal T. (Uimh. 20024823 C +), ina n‑aithnítear gur dídeanaí í náisiúnach de chuid an Chósta Eabhair toisc gur fhág sí pósadh éigeantais lenar bhain bagairt go n‑imreofaí ciorrú ball giniúna uirthi.

( 55 ) Sa chomhthéacs sin, measann ACD ina Threoirlínte maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Uimh. 9: Iarratais ar stádas dídeanaí atá bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus/nó ar fhéiniúlacht inscne i gcomhthéacs Airteagal 1A(2) de Choinbhinsiún 1951 agus/nó Phrótacal 1967 a bhaineann le Stádas Dídeanaithe an 23 Deireadh Fómhair 2012, “i gcás ina bhfuil míshásamh teaghlaigh nó pobail le sonrú trí bhagairtí d’fhoréigean fisiceach tromchúiseach, go deimhin trí dhúnmharú ag baill an teaghlaigh nó an phobail in ainm ‘na honóra’, is léir go bhfuil a leithéid le meas mar ghéarleanúint” (mír 23).

( 56 ) Féach doiciméad ACD “Submission by the Office of the United Nations High Commissioner for Refugees in case numbers 201701423/1/V2, 201704575/1/V2 and 201700575/1/V2 before the Council of State” (mír 16).

( 57 ) Treoir do Thír: an Afganastáin, Eanáir 2023. I mír 3.12, tagraítear go sonrach sa tuarascáil sin do choir na moráltachta "zina", lena gcumhdaítear gach gníomh atá contrártha le dlí Sharia, amhail caidreamh gnéasach neamhúdaraithe, caidreamh gnéasach réamhphósta, an t‑adhaltranas, atá inphionóis le pionós an bháis nó le foréigean a dhéantar in ainm na honóra, lena n‑áirítear an choir onóra a chuirtear i bhfeidhm go háirithe in aghaidh na mban (lch. 74).

( 58 ) Féach ordú Uachtarán na Cúirte an 26 Deireadh Fómhar 2021, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C‑456/21, neamhfhoilsithe, EU:C:2021:901). Ordaítear, le cás C‑646/21, inter alia, an cheist i dtaobh an féidir nó nach féidir a mheas go bhfuil na luachanna agus na rialacha saoil atá faighte ag bean óg le linn di a bheith ina cónaí fadtéarmach i gcríoch Ballstáit agus le linn tréimhse shuntasach dá saol ina gcothaíonn sí a céannacht, agus an t‑iompar a ghlac sí le linn a fanachta, ina ngnéithe de "c[h]úlra coiteann atá do-athraithe" de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir Uimh. 2011/95 nó ina "saintréith [...] atá chomh bunúsach sin dá bhféiniúlacht nó dá gcoinsias nár cheart cur de cheangal ar dhuine an tsaintréith nó an creideamh sin a thréigean" de réir bhrí an Airteagail sin.

( 59 ) Breithiúnas an 20 Eanáir 2021, Státrúnaí na Ríochta Aontaithe don Roinn Gnóthaí Baile (C‑255/19EU:C:2021:36, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mar a d’aithin an Chúirt, is cúinsí atá fite fuaite le chéile iad an eagla go ndéanfaí géarleanúint agus an chosaint ar ghníomhartha géarleanúna (mír 56 den bhreithiúnas sin).

( 60 ) C‑91/20EU:C:2021:384, mír 82.

( 61 ) Tugaim chun cuimhne, fearacht Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Ginéive, go gcuirtear prionsabal coimhdeachta na cosanta idirnáisiúnta san áireamh agus stádas dídeanaí á dheonú agus deireadh a chur leis (Airteagal 11 de Threoir Uimh. 2011/95) agus san áireamh agus cosc a chur air (Airteagal 12(1) de Threoir Uimh. 2011/95). Féach, chuige sin, mír 90 den Treoir maidir le nósanna imeachta agus critéir chun stádas dídeanaí a chinneadh faoi Choinbhinsiún 1951 agus faoi Phrótacal 1967 maidir le Stádas Dídeanaithe, ACD, an Ghinéiv, 1992. Féach, ón lucht léinn, go háirthe, Hathaway, J. C., agus Foster, M., The law of refugee status, 2a lgn., Cambridge University Press, Cambridge, 2014, lch. 55: "Déantar talamh slán le dlí um dhídeanaithe, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, go bhfuil tosaíocht ag cosaint náisiúnta ar chosaint idirnáisiúnta ionaid", mar aon le lch. 462: "tá sé mar aidhm ag dlí um dhídeanaithe cosaint ionad a thabhairt nuair a bhfuiltear ag feitheamh ar chosaint náisiúnta fhónta a shuíomh nó a athshuíomh" agus lch. 494 agus 495. Féach, chomh maith, Goodwin‑Gill, G. S., agus McAdam, J., The refugee in international law, 3ú lgn., Oxford University Press, Oxford, 2007, lch. 421: "Is í an saintréith phríomha de dhídeanaí nach bhfuil cosaint ann nó go ndiúltaítear do chosaint agus is faoin lucht dlí idirnáisiúnta, dá réir sin, a chosaint féin a chur in ionad na cosanta nach féidir, nó nach mian, lena thír thionscnamh, lena thionscnaimh, a sholáthar" (lomaistriúchán). Féach mo Thuairim in Bundesrepublik Deutschland (Cothabháil aontacht an teaghlaigh) (C‑91/20EU:C:2021:384, mír 82 agus fonóta 52).

( 62 ) Féach, chomh maith, aithris 26 de Threoir Uimh. 2011/95.

( 63 ) Tagraítear le hAirteagal 7(2) do bhearta a ghlactar chun cosc a chur le gníomhartha géarleanúna, agus do chóras breithiúnach éifeachtach ar mhaith lena leithéid de ghníomartha a bhrath agus a ionchúiseamh chomh maith le pionóis a ghearradh astu [féach, maidir le hAirteagal 7(2) de Threoir Uimh. 2004/83, atá comhionann leis an dara habair d’Airteagal 7(2) de Threoir Uimh. 2011/95, breithiúnas an 20 Eanáir 2021, Státrúnaí na Ríochta Aontaithe don Roinn Gnóthaí Baile (C‑255/19EU:C:2021:36, mír 44)].

( 64 ) Féach breithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (an tSeirbhís Mhíleata agus Tearmainn) (C‑238/19EU:C:2020:945, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 65 ) Féach breithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (an tSeirbhís Mhíleata agus Tearmainn) (C‑238/19EU:C:2020:945, mír 53).

( 66 ) De réir Airteagal 4(5) (c) de Threoir Uimh. 2011/95, "[i] gcás ina gcuireann na Ballstát an prionsabal i bhfeidhm gur faoin iarratasóir atá sé bonn taca a chur lena hiarratas, agus i gcás nach gcuirtear bonn taca le gnéithe áirithe de dhearbhuithe an iarratasóra le fianaise scríbhinn nó fianaise eile, ní gá leis na gnéithe seo i gcás ina [...] rialaítear go bhfuil na dearbhuithe sin ón iarratasóir comhleanúnach agus inchreidte agus nach dtagtar salach orthu leis an bhfaisnéis ghinearálta agus shonrach atáthar ar eolas fúithi agus a bhaineann le hábhar a hiarratais".

( 67 ) Tuarascáil Faisnéise faoin Tír Thionscnaimh, an Tuirc, Staidéar Tíre, atá ar fáil ag an seoladh idirlín seo a leanas: https://coi.euaa.europa.eu/administration/easo/PLib/EASOCOI_Turkey_Nov2016.pdf (mír 5.4.4).

( 68 ) Cé go dtagraítear le píosaí éagsúla reachtaíochta go díreach nó go hindíreach d’fhoréigean in aghaidh na mban, amhail an Bunreacht, an Cód Sibhialta agus an Cód Coiriúil, chomh maith le forálacha de dhlí an tsaothair agus den dlí bardasach, is é Dlí Uimh. 6284 maidir leis an Teaghlach a Chosaint agus Foréigean in aghaidh na mBan a Chosc an 8 Márta 2012 an phríomhionstraim.

( 69 ) Féach fonóta 6 na Tuairime seo.

( 70 ) ECtHR, 22 Márta 2016, (CE:ECHR:2016:0322JUD000064610, § 96, 97 agus 116).

( 71 ) ECtHR, 9 Meitheamh 2009, (CE:ECHR:2009:0609JUD003340102, § 198).

( 72 ) ECtHR, 13 Samhain 2014, (CE:ECHR:2014:1113JUD000362107, § 65).

( 73 ) Féach, i gcomhthéacs na hoibre ullmhúcháin do Threoir Uimh. 2004/83, an Nóta ó Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh chuig an gCoiste Straitéiseach um Inimirce, um Theorainneacha agus um Thearmann an 25 Meán Fómhair 2002, 12148/02, atá ar fáil ag an seoladh idirlín seo a leanas: https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST‑12148-2002-INIT/fr/pdf (lch. 5). Cé go ndearnadh Treoir Uimh. 2011/95 a aisghairm agus cuireadh Treoir Uimh. 2004/83 ina hionad, níor tháinig aon athrú ar an gcóras dlí maidir le deonú cosanta coimhdí ná uimhriú na bhforálacha lena mbaineann leis an athrú rialach seo. Mar sin, is ionann foclaíocht Airteagal 15 de Threoir Uimh. 2011/95 agus foclaíocht Airteagal 15 de Threoir Uimh. 2004/83, ionas go mbeidh an cásdlí maidir leis an dara foráil sin ábhartha maidir le léiriú le déanamh an dara foráil.

( 74 ) Féach breithiúnas an 17 Feabhra 2009, Elgafaji (C‑421/07EU:C:2009:94, mír 28).

( 75 ) Féach breithiúnas an 10 Meitheamh 2021, Bundesrepublik Deutschland (an coincheap "bagairtí tromchúiseacha agus ar leith”) (C‑901/19EU:C:2021:472, míreanna 25 agus 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 76 ) Curtha faoi chló Iodálach agamsa.

( 77 ) Féach An Chomhairle Eorpach, Coinbhinsiún Iostanbúl – Coireanna a dhéantar ar son "na honóra", mar a thugtar air, 2019 agus Rún 2395 (2021), dar teideal "An comhrac a neartú in aghaidh coireanna ar a thugtar "coireanna onóra"", arna ghlacadh ag Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2021.

( 78 ) ECtHR, 9 Meitheamh 2009, (CE:ECHR:2009:0609JUD003340102).

( 79 ) Féach § 128 agus 129 den bhreithiúnas sin. Féach freisin, i gcás foréigean teaghlaigh, breithiúnais ECtHR an 15 Eanáir 2009, Branko Tomašić agus páirtithe eile v an Chróit (CE:ECHR:2009:0115JUD004659806, § 52 agus 53), agus an 8 Iúil 2021, Tkhelidze v an tSeoirsia (CE:ECHR:2021:0708JUD003305617, § 57).

( 80 ) Tugaim chun cuimhne gur feiniméan ilchruthach é foréigean atá inscnebhunaithe. D’fhéadfadh coireanna onóra cruth an méid seo a leanas, inter alia, a ghlacadh: srianadh neamhdhleathaach, fuadach, céasadh, ciorrú nó fiú pósadh éigeantais, a d’fhéadfadh eisceadh a bheith ag gabháil leo, agus is feiniméan é foréigean teaghlaigh a d’fhéadfadh a bheith le sonrú trí ní amháin ionsaithe fisiceacha agus gnéasacha ach trí fhoréigean síceolaíoch chomh maith a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le díobháil a dhéanamh don sláine fhisiceach agus mheabhrach nó le fulaingt mhothúchánach nó le caillteanas ábhartha (féach Dearbhú Bhunphrionsabail an Cheartais d’Íospartaigh na Coireachta agus na mí-úsáide cumhachta, arna ghlacadh an 29 Samhain 1985 ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Rún 40/34).

( 81 ) Cé go gceanglaítear le hAirteagal 16(2) de Threoir Uimh. 2011/95 ar na Ballstáit “an t‑athrú ar chúinsí a chur san áireamh, agus cinneadh á dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil sé suntasach nó neamhshealadach go leor chun a áirithiú nach mbeidh an duine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach i bhfíorbhaol díobhálacha tromchúiseacha a fhulaingt a thuilleadh”.

( 82 ) ECtHR, 20 Iúil 2010, (CE:ECHR:2010:0720JUD002350509, § 60).

Top