EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CC0237

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Richard de la Tour arna thabhairt ar an 2022 Iúil 14.


Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:574

 TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

RICHARD DE LA TOUR

arna tabhairt an 14 Iúil 2022 ( 1 )

Cás C‑237/21

Generalstaatsanwaltschaft München

Páirtí leasmhar:

S.M.

(iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht München (Ard-Chúirt Réigiúnach, München, an Ghearmáin))

(Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais – Airteagail 18 agus 21 CFAE – Iarraidh ar eiseachadadh arna heisiúint ag tríú Stát maidir le saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh chun críocha pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú – Ballstát iarrtha a chuireann toirmeasc ar eiseachadadh a gcuid náisiúnach – Srian ar shaorghluaiseacht – Bonn cirt bunaithe ar an gcuspóir go seachnófaí an baol go mbeadh saoirse ó phionós ag daoine a bhfuil cion déanta acu – Comhréireacht – Dualgas eiseachadta de bhun coinbhinsiúin idirnáisiúnta)

I. Réamhrá

1.

Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú Airteagail 18 agus 21 CFAE. Rinneadh í i gcomhthéacs iarraidh ar eiseachadadh a rinne údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine le húdaráis Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i leith S.M., náisiúnach de chuid na Seirbia, na Boisnia agus na Cróite, chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú.

2.

Baineann an iarraidh sin le comhthéacs an chásdlí arna thionscnamh le breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2016, Petruhhin ( 2 ), a bhaineann le heiseachadadh saoránach den Aontas Eorpach chuig tríú Stáit, a d’fheidhmigh a gceart chun saorghluaiseachta i mBallstáit eile den Aontas Eorpach seachas iad siúd ar náisiúnaigh díobh iad, nuair is ann do riail sna Ballstáit sin lena dtoirmisctear a gcuid náisiúnach féin a eiseachadadh amach ón Aontas Eorpach. Is féidir idirdhealú a dhéanamh, i measc na gcásanna a tugadh chun na Cúirte idir, ar thaobh amháin, na cásanna sin a bhaineann le hiarraidh ar eiseachadadh chun críoch ionchúisimh choiriúil, ónar eascair an breithiúnas in Petruhhin agus breithiúnais an 10 Aibreán 2018, Pisciotti ( 3 ), an 2 Aibreán 2020, Ruska Federacija ( 4 ), an 17 Nollaig 2020, Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) ( 5 ) agus ordú an 6 Meán Fómhair 2017, Peter Schotthöfer & Florian Steiner ( 6 ), agus, ar an taobh eile, an cás a bhaineann le hiarraidh ar eiseachadadh chun críocha pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú, a rinneadh an 13 Samhain 2018, Raugevicius ( 7 ).

3.

Leis an gcásdlí sin, chuir an Chúirt i bhfeidhm i réimse an eiseachadta a bhí breithnithe aici ina breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2001, Grzelczyk ( 8 ), eadhon “go bhfuil saoránacht den Aontas beartaithe mar stádas bunúsach náisiúnaigh na mBallstát, lena gcumasaítear dóibh siúd a tharlaíonn iad a bheith sna dálaí céanna an chóir chéanna faoin dlí a fháil, beag beann ar a náisiúntacht agus gan dochar do na heisceachtaí dá bhforáiltear go sainráite ina leith sin” ( 9 ). Thug sé sin ar an gCúirt a cheangal ar Bhallstát nach n-údaraíonn a chuid náisiúnach féin a eiseachadadh a fhíorú an bhfuil bearta malartacha ar eiseachadadh ann nuair a fhaigheann sí iarraidh ar eiseachadadh ó thríú Stát i leith náisiúnaigh de chuid Ballstáit eile a bhfuil a cheart chun saorghluaiseachta feidhmithe aige.

4.

Trína hiarraidh ar réamhrialú, lorgaíonn an chúirt a rinne an tarchur soiléiriú ón gCúirt maidir lena bhfuil le tuiscint ón mbreithiúnas in Raugevicius agus maidir leis an gcaoi le réiteach a dhéanamh idir é agus oibleagáidí na mBallstát faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh, a síníodh i bPáras an 13 Nollaig 1957 ( 10 ).

5.

Sa bhreithiúnas deireanach sin, chinn an Chúirt nach mór Airteagail 18 agus 21 CFAE a léiriú amhail, i gcás iarraidh ar eiseachadadh, arna déanamh ag tríú Stát, ar shaoránach de chuid an Aontais, a bhfuil a cheart chun saorghluaiseachta feidhmithe aige, ní chun críoch ionchúisimh, ach chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú, ní mór don Bhallstát iarrtha, a dtoirmeasctar lena dhlí náisiúnta a chuid náisiúnach a eiseachadadh ón Aontas chun críocha pianbhreith a fhorghníomhú agus lena bhforáiltear leis don fhéidearthacht go bhféadfaí pianbhreith dá leithéid a thabharfaí i dtír iasachta a chur isteach ar a chríoch, a áirithiú go gcaithfear le saoránach de chuid an Aontais dá leithéid, ar choinníoll go mbeadh buanchónaí air ar a chríoch, mar a chaitheann sé lena chuid náisiúnach i gcás eiseachadta ( 11 ).

6.

Ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chás ba bhun leis an mbreithiúnas in Raugevicius, go ndearna an Ballstát iarrtha, eadhon an Fhionlainn, dearbhú i gcomhthéacs an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Eiseachadadh lenar ceadaíodh di diúltú ní hamháin d’eiseachadadh a cuid náisiúnach féin ach d’eiseachadadh náisiúnach de chuid Stát eile a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch chomh maith. Murab ionann is Poblacht na Fionlainne, rinne Poblacht Chónaidhme na Gearmáine dearbhú lena ndéantar an téarma “náisiúnaigh”, de réir bhrí an choinbhinsiúin sin, a theorannú do náisiúnaigh an Bhallstáit sin amháin. Is é an difríocht sin sa chomhthéacs is cúis le ceist na cúirte a rinne an tarchur maidir le cur i bhfeidhm an réitigh ar tháinig an Chúirt air ina breithiúnas in Raugevicius sa chás seo, a mhéid, i bhfianaise raon feidhme teoranta an dearbhaithe a rinne Poblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhthéacs an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Eiseachadadh, a bhféadfadh diúltú ón mBallstát sin náisiúnach de Bhallstát eile a bhfuil buanchónaí air ar a chríoch a eiseachadadh a bheith i gcontrárthacht leis an gcoinbhinsiún sin.

7.

D’fhonn an cheist sin a fhreagairt, míneoidh mé sa Tuairim seo na fáthanna a measaim nár cheart a thuiscint ón mbreithiúnas in Raugevicius go n-éilítear ar an mBallstát iarrtha diúltú go huathoibríoch agus go habsalóideach don eiseachadadh chun críocha pianbhreith a fhorghníomhú ar náisiúnach de chuid Ballstáit eile a bhfuil buanchónaí air ina chríoch, i gcontrárthacht leis an méid a cheanglaítear leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh. Is é a chiallaíonn an méid a chinn an Chúirt sa bhreithiúnas sin i ndáiríre, i mo thuairimse, go gceanglaítear ar an mBallstát iarrtha, faoi Airteagail 18 agus 21 CFAE, a fhiosrú go gníomhach an bhfuil beart malartach ann in áit an eiseachadta, ar beart é ar lú a dhéanann aimhleas ar fheidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta agus chun cónaí a theachtann saoránach de chuid an Aontais is ábhar d’iarraidh ar eiseachadadh. Ós rud é, d’ainneoin na gcéimeanna a chuir an Ballstát iarrtha chun tosaigh ar an tríú Stát iarrthach, nach féidir teacht ar bheart malartach ar eiseachadadh, ní féidir a thuiscint, i mo thuairimse, go gcuireann na hairteagail sin toirmeasc ar an mBallstát iarrtha an saoránach sin de chuid an Aontais a eiseachadadh.

II. An dlí lena mbaineann

A.   An Coinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh

8.

Áitítear a leanas le hAirteagal 1 den Choinbhinsiún um Eiseachadadh:

“Geallann na Páirtithe Conarthacha go dtabharfaidh siad suas dá chéile, faoi réir na bhforálacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna forálacha seo a leanas, na daoine aonair a bhfuil údaráis bhreithiúnacha an Pháirtí Iarrthaigh ag dul ina n-aghaidh mar gheall ar chion nó atá á lorg ag na húdaráis sin chun pianbhreith nó ordú coinneála a chur i gcrích.”

9.

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 6 den choinbhinsiún sin, dar teideal “Eiseachadadh náisiúnach”,:

“1.   

a)

Beidh sé de cheart ag aon Pháirtí Conarthach eiseachadadh a náisiúnach a dhiúltú.

b)

Féadfaidh gach Páirtí Conarthach, trí dhearbhú a dhéanfar an tráth a shíneofar é nó an tráth a thaiscfear a ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais, an téarma ‘náisiúnaigh’ de réir bhrí an Choinbhinsiúin seo a shainiú a mhéid a bhaineann sé leis.

[...]”

10.

An tráth a taisceadh ionstraim dhaingniúcháin an 2 Deireadh Fómhair 1976, rinne Poblacht Chónaidhme na Gearmáine dearbhú, de réir bhrí Airteagal 6 den choinbhinsiún sin, sna téarmaí seo a leanas:

“Tá toirmeasc ar náisiúnaigh Ghearmánacha a eiseachadadh ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine chuig tír eachtrach faoin gcéad abairt d’Airteagal 16(2) [den Grundgesetz für die Bundesrepublik Deutschland (Dlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine) ( 12 ) an 23 Bealtaine 1949] agus ní foláir, dá bhrí sin, é a dhiúltú i ngach cás.

Folaíonn an téarma “náisiúnaigh” de réir bhrí Airteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh gach Gearmánach de réir bhrí Airteagal 116(1) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine.”

B.   Dlí na Gearmáine

1. Dlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine

11.

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 16(2) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:

“Ní ceadmhach aon Ghearmánach a eiseachadadh go tír iasachta. Féadfar rialacha maolaitheacha a leagan síos leis an dlí maidir le heiseachadadh chuig Ballstát den Aontas Eorpach nó chuig cúirt idirnáisiúnta, ar chuntar go ráthófar prionsabail an smachta reachta.”

12.

Áitítear an méid seo a leanas in Airteagal 116(1) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:

“Ciallaíonn an téarma ‘Gearmánach’ de réir bhrí an dlí bhunúsaigh seo, faoi réir aon fhoráil dlí dá mhalairt, aon duine ar náisiúnach Gearmánach é nó ar tugadh cead isteach ar chríoch Reich na Gearmáine, mar dhídeanaí nó mar dhuine easáitithe de chuid an phobail Ghearmánaigh, nó mar chéile nó mar shliocht de na daoine sin, ag a theorainneacha an 31 Nollaig 1937.”

2. An dlí maidir le cúnamh breithiúnach frithpháirteach idirnáisiúnta in ábhair choiriúla

13.

Tá forálacha maidir le cúnamh breithiúnach frithpháirteach i bhforghníomhú breithiúnais eachtraigh sa Ghearmáin in Gesetz über die internationale Rechtshilfe in Strafsachen (an Dlí maidir le cúnamh breithiúnach frithpháirteach idirnáisiúnta in ábhair choiriúla) ( 13 ), an 23 Nollaig 1982, sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais ( 14 ).

14.

Foráiltear le hAirteagal 48 de IRG:

“Féadfar cúnamh breithiúnach frithpháirteach a sholáthar in imeachtaí coiriúla i bhfoirm pianbhreithe nó aon phionóis eile a fhorchuirfear i dtír iasachta le breithiúnas críochnaitheach a fhorghníomhú [...]”

15.

I gcomhréir le hAirteagal 57(1) de IRG, ní fhéadfar an phianbhreith a forchuireadh i mbreithiúnas coigríche a fhorghníomhú sa Ghearmáin ach amháin má thoilíonn agus a mhéid a thoilíonn an Stát a d’fhorchuir an phianbhreith amhlaidh.

III. Fíorais na bpríomhimeachtaí agus an cheist arna tarchur le haghaidh réamhrialú

16.

An 5 Samhain 2020, d’iarr údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine, ar bhonn an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Eiseachadadh, ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine S.M. a eiseachadadh chun pianbhreith choimeádta sé mhí a forchuireadh i leith éillithe a fhorghníomhú le breithiúnas ó chúirt bhardasach Bosanska Krupa (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin) an 24 Márta 2017. Deir an chúirt a rinne an tarchur gur chuir údaráis na Gearmáine údaráis na Cróite ar an eolas faoin iarratas sin.

17.

Is náisiúnach de chuid na Seirbia, na Boisnia agus na Cróite é S.M. a bhfuil cónaí air sa Ghearmáin lena bhean chéile ó 2017. Tá sé ag obair ann ón 22 Bealtaine 2020 agus scaoileadh saor é tar éis é a bheith curtha faoi choimeád ar feitheamh eiseachadta.

18.

D’iarr Generalstaatsanwaltschaft München (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, München, an Ghearmáin), ag tagairt don bhreithiúnas in Raugevicius, go ndearbhófaí go bhfuil eiseachadadh an chúisí do-ghlactha.

19.

Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, tá baillíocht na hiarrata sin ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí in München ag brath ar cibé an gá Airteagail 18 agus 21 CFAE a léiriú amhail go gcuirtear toirmeasc leo ar eiseachadadh saoránaigh de chuid an Aontais fiú más rud é, i bhfianaise na gconarthaí idirnáisiúnta, go gceanglaítear ar an mBallstát iarrtha dul ar aghaidh lena eiseachadadh.

20.

Measann sí nár freagraíodh an cheist sin sa bhreithiúnas in Raugevicius ós rud é, sa chás ba chúis leis an mbreithiúnas sin, go raibh an Ballstát iarrtha, eadhon Poblacht na Fionlainne, i dteideal, maidir leis an tríú Stát, Cónaidhm na Rúise sa chás sin, gan an duine iarrtha a eiseachadadh. B’amhlaidh go raibh sé de chumhacht ag Poblacht na Fionlainne, mar a fhoráiltear in Airteagal 6(1)(a) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh, eiseachadadh a náisiúnach a dhiúltú. I gcomhréir leis an bhféidearthacht a tugadh le hAirteagal 6(1)(b) den choinbhinsiún sin, bhí roghnaithe ag an mBallstát sin an téarma “náisiúnaigh”, de réir bhrí an choinbhinsiúin sin, a shainmhíniú ina dhearbhú aontachais an 12 Bealtaine 1971, mar “náisiúnaigh na Fionlainne, na Danmhairge, na hÍoslainne, na hIorua agus na Sualainne agus náisiúnaigh eachtracha a bhfuil sainchónaí orthu sna Stáit sin”. Ós rud é gur tháinig an duine iarrtha faoin sainmhíniú sin, d’fhéadfadh Poblacht na Fionlainne diúltú an duine sin a eiseachadadh gan a oibleagáidí faoi chonarthaí idirnáisiúnta a shárú i leith an tríú Stát a rinne an iarraidh ar eiseachadadh.

21.

Tá cúinsí éagsúla faoin dlí idirnáisiúnta le breithniú ag an gcúirt a rinne an tarchur. I gcomhréir leis an bhféidearthacht a tugadh le hAirteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh, agus í ag taisceadh a hionstraime daingniúcháin an 2 Deireadh Fómhair 1976, rinne Poblacht Chónaidhme na Gearmáine dearbhú lena gcuirtear teorainn leis an téarma “náisiúnaigh” go gcumhdófaí daoine a bhfuil náisiúntacht Ghearmánach acu amháin, gan é a leathnú sa chaoi go gcumhdófaí daoine a bhfuil buanchónaí orthu ar a críoch.

22.

Cuireann an chúirt sin in iúl freisin go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh chun críocha eiseachadadh S.M. á gcomhlíonadh agus nach bhfuil aon bhac ar an eiseachadadh sin. Comhlíonann an t-eiseachadadh agus na gníomhartha ar a bhfuil sé bunaithe íoschaighdeáin an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine go háirithe, agus ní sháraíonn siad na prionsabail bhunreachtúla shainordaitheacha ná an leibhéal sainordaitheach le cearta bunúsacha a chosaint.

23.

Tá amhras ar an gcúirt sin, áfach, an gceanglaítear le hAirteagail 18 agus 21 CFAE nach n-eiseachadfar S.M. chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ós rud é nach dtagann an duine sin faoin gcoincheap “náisiúnaigh” de réir bhrí an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Eiseachadadh agus, dá bhrí sin, nach féidir le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine an réiteach ar tháinig an Chúirt air ina breithiúnas in Raugevicius a chur i bhfeidhm gan a hoibleagáidí faoin gcoinbhinsiún sin i leith na Boisnia agus na Heirseagaivéine a shárú.

24.

Deir an chúirt a rinne an tarchur freisin go bhféadfaí an phianbhreith choimeádta a d’fhorchuir cúirt bhardasach Bosanka Krupa (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin) a fhorghníomhú sa Ghearmáin. A mhéid atá S.M. ar chríoch na Gearmáine cheana féin, níl an Coinbhinsiún maidir le hAistriú Daoine faoi Phianbhreith ( 15 ), a dhaingnigh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin araon, ábhartha. Tá an forfheidhmiú sin á rialú, dá bhrí sin, le hAirteagal 48 et seq. de IRG agus ní cheanglaítear leis go mbeadh náisiúntacht Ghearmánach ag an duine lena mbaineann ná go dtabharfadh sé a thoiliú.

25.

Faoi Airteagal 57(1) de IRG, áfach, ní fhéadfaí an phianbhreith choimeádta a d’fhorchuir cúirt bhardasach Bosanka Krupa (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin) a fhorghníomhú sa Ghearmáin ach amháin má thoilíonn agus a mhéid a thoilíonn an tríú Stát ciontaithe leis. Maidir leis sin, dearbhaíonn an chúirt a rinne an tarchur nach amhlaidh an cás, ar a laghad i láthair na huaire, ós rud é gur iarr údaráis na Boisnia go n-eiseachadfaí S.M., seachas go nglacfadh na húdaráis Ghearmánacha forghníomhú na pianbhreithe a forchuireadh air orthu féin.

26.

Sna himthosca sin, chinn Oberlandesgericht München (Ard-Chúirt Réigiúnach, München, an Ghearmáin) na himeachtaí a chur ar fionraí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

“An éilíonn na prionsabail arna leagan amach sa [bhreithiúnas in Raugevicius] maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 18 agus 21 CFAE diúltú d’iarraidh arna déanamh ag tríú Stát, bunaithe ar [an gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh], ar shaoránach de chuid an Aontais a eiseachadadh chun críocha pianbhreith a fhorghníomhú, fiú má cheanglaítear ar an mBallstát iarrtha faoi chonarthaí idirnáisiúnta saoránach de chuid an Aontais a eiseachadadh faoin gcoinbhinsiún sin, toisc gur shainmhínigh sé an téarma “náisiúnaigh” dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b) den choinbhinsiún sin sa chaoi gurb iad a náisiúnaigh féin amháin a chumhdaítear leis agus ní saoránaigh eile den Aontas?”

27.

Chuir rialtais na Spáinne, na Cróite, na Liotuáine, na Polainne agus an Coimisiúin Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach. Tionóladh éisteacht an 26 Aibreán 2022, agus éisteadh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí in München, Rialtas na Gearmáine, Rialtas na Seice agus Rialtas na Spáinne agus an Coimisiún.

IV. Anailís:

28.

Lena hiarraidh ar réamhrialú, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt raon feidhme a breithiúnais in Raugevicius a shoiléiriú i gcás, mura ndéanfaí an duine iarrtha a eiseachadadh, go mbeadh sin i gcontrárthacht leis an oibleagáid atá ar an mBallstát iarrtha faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh an duine sin a eiseachadadh, i dtuairim na cúirte sin.

29.

Tá baint ag an gceist sin, go mór mór, leis an difríocht sa chomhthéacs idir an cás a bhí i gceist sa bhreithiúnas in Raugevicius agus an cás seo maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn ón gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh. Mar a luaigh mé thuas, baineann an difríocht sin le sainmhíniú an téarma “náisiúnaigh” de réir bhrí an choinbhinsiúin sin, atá níos srianta i gcomhthéacs an cháis seo, ós rud é go bhfuil sé teoranta do dhaoine amháin a bhfuil náisiúntacht Ghearmánach acu, i gcomhréir leis an dearbhú a rinne Poblacht Chónaidhme na Gearmáine faoi Airteagal 6(1)(b) den choinbhinsiún sin. Fágann sin, murab ionann agus an cás ba bhun leis an mbreithiúnas in Raugevicius, go bhféadfadh diúltú Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine S.M. a eiseachadadh chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin teacht salach ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an mBallstát sin leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh.

30.

Dá bhrí sin, d’fhonn a fháil amach, go bunúsach, an gcaithfear Airteagail 18 agus 21 CFAE a léiriú sa chaoi go gciallaíonn siad, d’fhonn iarraidh ar eiseachadadh arna déanamh ag tríú Stát d’fhonn pianbhreith arna forchur sa Stát sin a fhorghníomhú a dheonú, an gcaithfidh an riail lena gcuirtear toirmeasc ar eiseachadadh a náisiúnach féin ag an Stát sin dul chun tairbhe náisiúnaigh de chuid Ballstáit seachas an Ballstát iarrtha, d’ainneoin na hoibleagáide eiseachadta atá ar an mBallstát iarrtha faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh.

31.

Cé go bhfuil ceist na cúirte a rinne an tarchur bunaithe ar an réamhthuiscint go bhféadfadh neamhréireacht a bheith idir an cásdlí arna fhorbairt ag an gCúirt maidir le heiseachadadh saoránach den Aontas a d’fheidhmigh a gceart chun saorghluaiseachta i mBallstát seachas an Ballstát ar náisiúnaigh de iad agus an dearbhú arna dhéanamh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de bhun Airteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh, nach bhfuil ach náisiúnaigh Ghearmánacha faoi chosaint ar eiseachadadh, léireoidh mé, seachas sin, nach bhfuil aon neamhréireacht dá leithéid ann.

32.

Chuige sin, meabhróidh mé conas nach ndearna an Chúirt, cé gur cheadaigh sí do shaoránach de chuid an Aontais a d‘fheidhmigh a cheart chun saorghluaiseachta go gcosnófaí é ar eiseachadadh chuig tríú Stát, ceart absalóideach uathoibríoch a bhunú don saoránach sin nach ndéanfar é a eiseachadadh ó chríoch an Aontais Eorpaigh, ach gur thug sí isteach oibleagáid, ar thaobh an Bhallstáit iarrtha, beart eile a lorg go gníomhach in ionad eiseachadta, ar beart é lena ndéantar dochar níos lú d’fheidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta agus cónaí a theachtann saoránach de chuid an Aontais is ábhar d’iarraidh ar eiseachadadh. Tiocfaidh mé ar an gconclúid nach bhfágann cineál sonrach dhlí na gcoinbhinsiún, de réir mar a eascraíonn sé ó chúinsí an cháis sna príomhimeachtaí, go bhfuil an Ballstát iarrtha i staid atá ar neamhréir leis an oibleagáid an duine ar cuireadh pianbhreith air a eiseachadadh faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh ná lena oibleagáidí faoi Airteagail 18 agus 21 CFAE, arna léiriú ag an gCúirt.

33.

Mar fhocal tosaigh, ba cheart a thabhairt faoi deara, ina breithiúnas in Petruhhin, maidir le hiarraidh ar eiseachadadh arna déanamh ag tríú Stát nach bhfuil comhaontú eiseachadta tugtha i gcrích ag an Aontas Eorpach leis, mar atá sa chás seo, gur chinn an Chúirt, cé go dtagann na rialacha maidir le heiseachadadh faoi inniúlacht na mBallstát in éagmais comhaontú den sórt sin, go gcuimsítear cásanna a thagann faoi raon feidhme Airteagal 18 CFAE, arna léamh i gcomhar le forálacha Chonradh FAE maidir le saoránacht an Aontais, go háirithe iad sin a bhaineann le feidhmiú na saoirse gluaiseachta agus chun cónaí laistigh de chríoch na mBallstát mar a dheonaítear faoi Airteagal 21 CFAE. ( 16 )

34.

Is follas ó chásdlí na Cúirte go dtagann náisiúnach Ballstáit, a bhfuil stádas mar shaoránach den Aontas aige, a bhfuil a cheart chun saorghluaiseachta feidhmithe aige agus a bhfuil cónaí air go dleathach i gcríoch Ballstáit eile, faoi raon feidhme dhlí an Aontais ( 17 ). Dá réir sin, de bhua a stádais mar shaoránach den Aontas, tá náisiúnach de Bhallstát a bhfuil cónaí air i mBallstát eile i dteideal brath ar Airteagal 21(1) CFAE agus tagann sé faoi raon feidhme na gConarthaí, de réir bhrí Airteagal 18 CFAE, lena leagtar síos prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar bhonn náisiúntachta ( 18 ).

35.

Ní dhéantar difear ar dhóigh ar bith don chinneadh sin toisc náisiúntacht an tríú Stát a iarrann a eiseachadadh a bheith ag an duine iarrtha freisin ( 19 ).

36.

Thairis sin, is follas ó chásdlí na Cúirte go bhféadfadh sé go ndéanfadh na rialacha náisiúnta eiseachadta de chuid Ballstáit, faoina bhfuil difríocht sa chóir ag brath ar cibé an náisiúnach den Bhallstát sin nó náisiúnach de Bhallstát eile an duine iarrtha, a mhéid a bhíonn de thoradh orthu nach dtabharfaí an chosaint ar eiseachadadh do náisiúnaigh Ballstát eile a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch an Bhallstáit iarrtha mar a bhfuil sí á teachtadh ag náisiúnaigh de chuid an dara Ballstát sin, difear do shaoirse náisiúnaigh an chéad Bhallstáit sin gluaiseacht agus cónaí laistigh de chríoch na mBallstát ( 20 ). Dá bhrí sin, mar thoradh ar an gcóir neamh-chomhionann ina gceadaítear eiseachadadh saoránaigh den Aontas ar náisiúnach de Bhallstát seachas an Ballstát iarrtha é, cuirtear srian ar an tsaoirse gluaiseachta agus cónaithe laistigh de chríoch na mBallstát, de réir bhrí Airteagal 21 CFAE ( 21 ).

37.

Dar leis an gCúirt, ní féidir bonn cirt a thabhairt dá leithéid de shrian ach amháin má bhunaítear ar chúinsí oibiachtúla é agus má tá sé i gcomhréir leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú leis an dlí náisiúnta ( 22 ).

38.

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt arís agus arís eile gur cuspóir dlisteanach é faoi dhlí an Aontais an cuspóir maidir leis an mbaol a sheachaint go mbeadh saoirse ó phionós ag daoine a bhfuil cion déanta acu agus go bhféadfadh sé sin bonn cirt a thabhairt do bheart lena gcuirtear srian le saoirse bhunúsach, amhail an cuspóir dá bhforáiltear in Airteagal 21 CFAE, ar chuntar go bhfuil gá leis an mbeart sin chun na leasanna atá sé beartaithe a choimirciú a chosaint, agus a mhéid amháin nach féidir na cuspóirí sin a bhaint amach trí bhearta ar lú a ndochar don tsaoirse sin. ( 23 )

39.

Cé gur féidir idirdhealú a dhéanamh, i measc na gcásanna atá os comhair na Cúirte, idir na cásanna a bhaineann le hiarraidh ar eiseachadadh chun críoch ionchúisimh choiriúil agus na cinn a bhaineann le hiarraidh ar eiseachadadh chun pianbhreitheanna a fhorghníomhú, tá snáithe a nascann gach breithiúnas ón gCúirt le chéile, eadhon, tabhairt isteach oibleagáide ar an mBallstát iarrtha a fhíorú go bhfuil beart malartach ar eiseachadadh ann, ar beart é ar lú an dochar a dhéanfadh sé d’fheidhmiú cheart saorghluaiseachta agus cónaithe saoránaigh de chuid an Aontais a lorgaíodh, sular féidir leis an mBallstát in easpa beart dá leithéid, an saoránach sin a eiseachadadh.

40.

Dá réir sin, maidir le hiarraidh ar eiseachadadh chun críoch ionchúisimh choiriúil, thug an Chúirt dá haire gur beart malartach é cur chun feidhme na sásraí um chomhar agus um chúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla faoi dhlí an Aontais go háirithe, ar lú a dhochar don cheart chun saorghluaiseachta ná eiseachadadh chuig tríú Stát nach bhfuil comhaontú eiseachadta tugtha i gcrích ag an Aontas Eorpach leis agus a fhágann gur féidir an cuspóir maidir le saoirse ó phionós a chomhrac i gcás duine a bhfuil cion coiriúil déanta aige a bhaint amach chomh héifeachtach céanna ( 24 ).

41.

Dá bhrí sin, chinn an Chúirt gurbh fhearr malartú faisnéise a dhéanamh leis an mBallstát ar náisiúnach de an duine iarrtha d’fhonn, i gcás inarb iomchuí, an deis a thabhairt d’údaráis an Bhallstáit sin barántas gabhála Eorpach a eisiúint chun críocha ionchúisimh choiriúil. “Sásra Petruhhin” a thugtar air sin: Dá bhrí sin, i gcás go bhfaigheadh Ballstát eile, ina bhfuil cónaí ar an duine sin go dleathach, iarraidh ar eiseachadadh ó thríú Stát, ní mór an Ballstát ar náisiúnach de an duine sin a chur ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, arna iarraidh sin ag an mBallstát sin, an duine céanna sin a thabhairt suas dó, i gcomhréir le forálacha Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit ( 25 ), arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 ( 26 ).

42.

Mar sin féin, is léir ó chásdlí na Cúirte nach bhfuil an fhéidearthacht go gcuirfí constaic le “sásra Petruhhin” roimh iarraidh ar eiseachadadh chuig tríú Stát, trí thosaíocht a thabhairt do bharántas gabhála Eorpach, uathoibríoch ( 27 ). Chuir an Chúirt an sásra sin faoi réir roinnt coinníollacha agus srianta a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú nach mbainfear an bonn den chuspóir nach mbeidh daoine a bhfuil cion déanta acu saor ó phionós.

43.

Dá réir sin, go háirithe, d’fhonn an cuspóir sin a chosaint, glactar leis, le cur chun feidhme “shásra Petruhhin” go bhfuil dlínse ag an mBallstát ar náisiúnach de an saoránach den Aontas a mbaineann iarraidh ar eiseachadadh leis faoina dhlí náisiúnta, chun an duine sin a ionchúiseamh i leith cionta arna ndéanamh lasmuigh dá chríoch náisiúnta ( 28 ). Thairis sin, ní mór d’aon bharántas gabhála Eorpach arna eisiúint ag an mBallstát ar náisiúnach de an duine iarrtha na cionta céanna ar a laghad a chuimsiú leis na cionta a líomhnaítear i gcoinne an duine sin san iarraidh ar eiseachadadh ( 29 ). Fairis sin, ar choinníoll gur chuir an Ballstát iarrtha an Ballstát ar náisiúnach de an duine iarrtha ar an eolas faoi gach ábhar dlí agus gach fíoras arna chur in iúl ag an tríú Stát iarrthach i ndáil leis an iarraidh ar eiseachadadh, mura n-eisíonn an chéad cheann de na Ballstáit sin barántas gabhála Eorpach laistigh de thréimhse réasúnta, d’fhéadfadh sé go bhféadfaidh an Ballstát deireanach sin an té sin a eiseachadadh ( 30 ).

44.

Dá bhrí sin, ní choisctear le hAirteagail 18 agus 21 CFAE ar an mBallstát iarrtha idirdhealú a dhéanamh ar bhonn foráil den dlí bunreachtúil idir a náisiúnaigh agus náisiúnaigh Ballstát eile agus eiseachadadh na ndara náisiúnach sin a údarú chun críche ionchúisimh choiriúil, cé nach gceadaítear eiseachadadh a náisiúnach féin leis, ar choinníoll gur chuir sé ar chumas cheana údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil saoránach den Aontas ina náisiúnach de an náisiúnach sin a éileamh i gcomhthéacs barántas gabhála Eorpach agus nach bhfuil aon bheart déanta ag an mBallstát deireanach sin i ndáil leis sin ( 31 ). Níor chruthaigh an Chúirt, dá bhrí sin, sásra lena gceadaítear don Bhallstát iarrtha diúltú, i ngach cás, do shaoránach an Aontais a eiseachadadh chuig tríú Stát a bhfuil a cheart chun saorghluaiseachta feidhmithe aige ar mhaithe le cion coiriúil a ionchúiseamh, ach d’fhorbair an ceanglas go gcomhoibreoidh an Ballstát sin go héifeachtach le Ballstát bunaidh an tsaoránaigh sin chun go mbeidh an Ballstát sin in ann barántas gabhála Eorpach a eisiúint.

45.

I mbeagán focal, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta Tanchev in iúl, chuir an Chúirt i bhfios go láidir, ina breithiúnas in Petruhhin, “gurb ann do rogha eile lena n-áirithítear nach mbeidh saoirse ó phionós ann, go pointe is ionann le heiseachadadh, nó atá cosúil leis” ( 32 ). Níl feidhm ag an gcosaint i gcoinne an eiseachadta a d’fhéadfadh saoránach de chuid an Aontais a d’fheidhmigh a cheart chun saorghluaiseachta agus chun cónaí sa Bhallstát iarrtha a theacht ó Airteagail 18 agus 21 CFAE, ach amháin a mhéid is féidir leis an mBallstát sin a shuíomh go bhfuil beart eile ann in áit an eiseachadta a fhágann gur féidir leis an mbeart sin an cuspóir a bhaint amach chomh héifeachtach céanna chun an baol a sheachaint go mbeadh daoine ann a bhfuil cion déanta acu saor ó phionós. Mura bhfuil aon bheart dá leithéid ann, ní thoirmeasctar eiseachadadh an tsaoránaigh iarrtha de chuid an Aontais le dlí an Aontais a thuilleadh.

46.

Ní mór don loighic lena bhféachann an Ballstát iarrtha lena fháil amach an ann do bheart malartach ar eiseachadadh lenar féidir an cuspóir a bhaint amach ar bhealach chomh héifeachtach céanna chun an baol a sheachaint go mbeadh daoine a bhfuil cion déanta acu saor ó phionós, dar liom, a bheith comhionann i gcás ina bhfuil iarraidh ar eiseachadadh i gceist ní chun críocha cion coiriúil a ionchúiseamh ach chun críocha pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú. Caithfidh sé sin, i mo thuairimse, an Chúirt a threorú chun soiléiriú a dhéanamh ar raon feidhme a breithiúnais in Raugevicius, arb é, go dtí seo, an t-aon cheann amháin a bhaineann le hiarraidh ar eiseachadadh a bhaineann leis an dara catagóir a luadh.

47.

Is é a léiríonn an tarchur chun réamhrialú seo, i ndáiríre, ná go bhfuil aon teannas idir dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta bunaithe ar léamh an bhreithiúnais in Raugevicius, a leanann uaidh gur cheart do shaoránach de chuid an Aontais a bhfuil buanchónaí air sa Bhallstát iarrtha an chosaint chéanna ar eiseachadadh a theachtadh go huathoibríoch agus go habsalóideach mar a theachtann náisiúnaigh an Bhallstáit sin í. Feictear dom go bhfuil léamh sin an bhreithiúnais in Raugevicius mícheart, a mhéid a chuir an Chúirt an chosaint i gcoinne eiseachadadh nach mór a dheonú do shaoránach den Aontas a bhfuil buanchónaí air sa Bhallstát iarrtha faoi réir an choinníll go bhféadfaidh an saoránach sin a phianbhreith a chur isteach ar chríoch an Bhallstáit sin, ionas nach mbainfear an bonn den chuspóir go seachnófaí an baol go mbeadh an duine iarrtha saor ó phionós.

48.

Sa bhreithiúnas sin, ghlac an Chúirt leis mar thúsphointe, ar an mbonn tuisceana gurbh fhéidir Denis Raugevicius a mheas mar náisiúnach eachtrach agus buanchónaí san Fhionlainn air, de réir bhrí reachtaíocht na Fionlainne maidir le comhar idirnáisiúnta i ndáil le forghníomhú pionós coiriúil áirithe ( 33 ), bhí sé de thoradh ar an bhforáil sin go bhféadfadh Raugevicius an phianbhreith a cuireadh sa Rúis air a chur isteach ar chríoch na Fionlainne, ar choinníoll go n-aontaíonn an Rúis agus an Raugevicius féin é sin a dhéanamh ( 34 ). Thug an Chúirt dá haire freisin, i bhfianaise an chuspóra a bhaineann leis an mbaol go mbeidh saoirse ó phionós ann a sheachaint, go bhfuil náisiúnaigh na Fionlainne, ar thaobh amháin, agus náisiúnaigh Ballstát eile a bhfuil buanchónaí orthu san Fhionlainn agus a léiríonn mar sin go bhfuil leibhéal áirithe d’imeascadh le sochaí an Stáit sin déanta acu, ar an taobh eile, i staid inchomparáide ( 35 ).

49.

Ba ar bhonn na dtorthaí sin a chinn an Chúirt ansin go gceanglaítear le hAirteagail 18 agus 21 CFAE gur chóir go dtairbheodh náisiúnaigh ó Bhallstáit eile a bhfuil buanchónaí san Fhionlainn orthu agus atá faoi réir iarraidh ar eiseachadadh ó thríú Stát, chun críocha pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú, den riail a chuireann toirmeasc ar eiseachadadh maidir le náisiúnaigh na Fionlainne, agus a bheith in ann, faoi na coinníollacha céanna leis na náisiúnaigh sin, a bpianbhreith a chur isteach i gcríoch na Fionlainne ( 36 ). I bhfocail eile, chinn an Chúirt go léiríonn náisiúnaigh ó Bhallstáit eile atá ina gcónaí go buan san Fhionlainn leibhéal d’imeascadh dá leithéid sa Bhallstát óstach sin sa chaoi go bhfuil siad i dteideal tairbhiú ann, ar an mbonn céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit sin, den riail lena gceadaítear dóibh an phianbhreith a fhorchuirtear orthu i dtríú Stát a chur isteach ar chríoch an Bhallstáit sin ( 37 ).

50.

Ina theannta sin, is léir ón mbreithiúnas in Raugevicius, i gcás ina bhfuil iarraidh ar eiseachadadh arna déanamh ag tríú Stát chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú faoi shaincheist, gurb é an beart malartach ar eiseachadadh, nach ndéanann an dochar céanna d’fheidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta agus cónaí atá ag saoránaigh den Aontas a bhfuil buanchónaí air sa Bhallstát iarrtha, an fhéidearthacht go bhféadfar an phianbhreith sin a fhorghníomhú ar chríoch an Bhallstáit sin. Ar an gcaoi sin, ceanglaítear le chéile an cuspóir maidir le hath-imeascadh daoine ciontaithe sa tsochaí a chur chun cinn i ndiaidh dóibh a bpianbhreith a chur isteach leis an gcuspóir go ndéanfar an baol go mbeidh náisiúnaigh na mBallstát seachas an Ballstát iarrtha saor ó phionós a sheachaint. Maidir leis sin, tugaim faoi deara, sa chuid oibríochtúil dá breithiúnas in Raugevicius, go gcuireann an Chúirt d’oibleagáid ar an mBallstát iarrtha a áirithiú, de bhun Airteagail 18 agus 21 CFAE, go gcaithfear le saoránach den Aontas a bhfuil buanchónaí air ina chríoch ar an gcaoi chéanna agus a gcaitheann sé lena náisiúnaigh féin in ábhair a bhaineann le heiseachadadh, ar choinníoll go ndéanfaidh an Ballstát sin foráil go bhfuil an fhéidearthacht ann pianbhreith choimeádta i dtríú Stát a chur isteach ar chríoch an Bhallstáit sin ( 38 ).

51.

Sa chás, mar a bhí faoi dhlí na Fionlainne, go gcuireann dlí an Bhallstáit iarrtha forghníomhú na pianbhreithe coimeádta a forchuireadh sa tríú Stát iarrthach ar chríoch an Bhallstáit iarrthaigh faoi réir thoiliú an tríú Stáit sin a fháil, ní féidir a fháil amach an bhfuil beart malartach ann seachas eiseachadadh a fhágann gur féidir an cuspóir a bhaint amach chomh héifeachtach céanna leis an eiseachadadh sin, is é sin, an baol a sheachaint nach mbeidh daoine a bhfuil cion déanta acu saor ó phionós, ach amháin má tá an toiliú sin tugtha ag an Stát sin. Dá bhrí sin, ní mór a thuiscint ón réiteach a ghlac an Chúirt ina breithiúnas in Raugevicius, i mo thuairimse, go bhfuil coinníoll dá leithéid ann ionas gur féidir an cuspóir maidir leis an mbaol saoirse ó phionós a sheachaint don duine atá á lorg a bhaint amach i ndáiríre agus go héifeachtach.

52.

Ón taobh sin de, ba cheart a shoiléiriú nach féidir leis an mBallstát iarrtha a chosnaíonn a náisiúnaigh féin i gcoinne eiseachadadh a bheith éighníomhach nuair a fhaigheann sé iarraidh ar eiseachadadh chun críocha pianbhreithe a bhaineann le saoránach de chuid an Aontais a bhfuil buanchónaí air ina chríoch a fhorghníomhú. Sa chás go bhforáiltear le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin go bhféadfar pianbhreith choimeádta arna forchur ag tríú Stát a chur isteach ar a chríoch ar choinníoll go dtugann an Stát sin toiliú chuige sin, ceanglaítear le hAirteagail 18 agus 21 CFAE ar an mBallstát iarrtha toiliú an Stáit sin a lorg go gníomhach trí úsáid a bhaint chun na críche sin as na sásraí uile le haghaidh comhar agus cúnamh in ábhair choiriúla atá ar fáil dó i gcomhthéacs a chaidrimh leis an tríú Stát sin.

53.

Más rud é, d’ainneoin na sásraí sin a úsáid, nach dtoilíonn an tríú Stát iarrthach leis an bpianbhreith choimeádta atá i gceist a chur isteach ar chríoch an Bhallstáit iarrtha, ní chuirfear toirmeasc le hAirteagail 18 agus 21 CFAE ar an mBallstát sin an duine iarrtha a eiseachadadh i gcomhréir lena oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh ( 39 ).

54.

Tá an oibleagáid a fhorchuirtear ar an mBallstát iarrtha le hAirteagail 18 agus 21 CFAE chun a áirithiú go ndéileálfar le saoránach de chuid an Aontais a bhfuil buanchónaí air ina chríoch ar an gcaoi chéanna a gcaitear lena náisiúnaigh féin i ndáil le cosaint i gcoinne eiseachadta, teoranta, dá bhrí sin, más rud é, in éagmais toiliú a fháil ón tríú Stát iarrthach, nach féidir an phianbhreith choimeádta a fhorchuirtear sa Stát sin a fhorghníomhú ar chríoch an Bhallstáit iarrtha. Dá bharr sin, tá údar leis an difríocht sa chaoi a gcaitear leis an dá chatagóir náisiúnach sin, i gcás den sórt sin, ar bhonn an chuspóra chun saoirse ó phionós a chomhrac i gcás daoine a bhfuil cion déanta acu.

55.

Sheachnódh réiteach den sórt sin go mbeadh na hoibleagáidí atá ar an mBallstát iarrtha faoi dhlí an Aontais i gcontrárthacht leis na hoibleagáidí atá ar an mBallstát sin faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh. Má thoilíonn an tríú Stát iarrthach leis an bpianbhreith choimeádta atá i gceist a fhorghníomhú i gcríoch an Bhallstáit iarrtha, rachaidh an iarraidh ar eiseachadadh a rinne sé as feidhm. Murach sin, ní chuirtear cosc ar an mBallstát iarrtha le dlí an Aontais an duine iarrtha a eiseachadadh tar éis toiliú ón tríú Stát iarrthach a lorg go gníomhach ( 40 ). Ar an gcaoi sin, cuidíonn an réiteach sin le comhar idirnáisiúnta éifeachtach a áirithiú bunaithe ar chaidreamh muiníne le tríú Stáit i réimse fhorfheidhmiú an dlí.

56.

Is i bhfianaise na hanailíse sin is gá a chinneadh an gceanglaítear ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, faoi dhlí an Aontais, i gcúinsí amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, eiseachadadh S.M. chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a dhiúltú, d’ainneoin nach féidir léi diúltú dá leithéid a fhorchur ar an tríú Stát sin faoi Airteagal 6(1) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh.

57.

Maidir leis sin, tá sé tábhachtach a lua go ndealraíonn sé gur féidir, faoi dhlí na Gearmáine, an phianbhreith a forchuireadh ar S.M. sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a fhorghníomhú ar chríoch na Gearmáine ( 41 ). Is léir ó Airteagal 48 agus Airteagal 57(1) de IRG go bhféadfar pianbhreith arna forchur ar an gcoigríoch a fhorghníomhú ar chríoch na Gearmáine má thoilíonn an tríú Stát inar forchuireadh an phianbhreith sin leis. D’fhéadfadh S.M., dá bhrí sin, an phianbhreith a cuireadh air sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a chur isteach ar chríoch na Gearmáine, ar choinníoll go dtoilíonn an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin leis.

58.

Dá bhrí sin, sna cúinsí reatha, tá cur i bhfeidhm birt mhalartaigh ar eiseachadadh, ar lú an dochar a dhéanann sé d’fheidhmiú cheart S.M. chun saorghluaiseachta agus chun cónaí, ag brath ar thoiliú a fháil ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin.

59.

Le hAirteagail 18 agus 21 CFAE, ceanglaítear ar údaráis inniúla na Gearmáine úsáid a bhaint as na sásraí uile le haghaidh comhar agus cúnamh in ábhair choiriúla atá ar fáil dóibh i gcomhthéacs a gcaidrimh leis an tríú Stát sin chun toiliú an Stáit sin a fháil don phianbhreith choimeádta arna forchur sa tríú Stát sin a chur isteach ar chríoch na Gearmáine. Dá bhrí sin, bheadh na húdaráis sin ag gníomhú ar bhealach a dhéanann dochar níos lú d’fheidhmiú cheart S.M. chun saorghluaiseachta agus chun cónaí, agus an baol á sheachaint, a mhéid is féidir, mura ndéantar an phianbhreith sin a fhorghníomhú, go bhfágfar an cion óna n-eascraíonn an ciontú faoi chaibidil gan phionós ( 42 ). Ag an am céanna, dhéanfadh na húdaráis sin an cuspóir maidir le hath-imeascadh daoine ciontaithe sa tsochaí i ndiaidh dóibh a bpianbhreith a chur isteach a chur chun cinn ( 43 ).

60.

Leanann sé ón méid sin roimhe seo, má thoilíonn an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin leis an bpianbhreith a forchuireadh ar S.M. a fhorghníomhú ar chríoch na Gearmáine, go rachaidh an chéad iarraidh ar eiseachadadh as feidhm agus go gcuirfear iarraidh ar fhorghníomhú na pianbhreithe sin i gcríoch na Gearmáine ina ionad. Ní bheadh sé d’oibleagáid ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a thuilleadh faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh dul ar aghaidh le heiseachadadh S.M. go dtí an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin.

61.

Más rud é, ina mhalairt de chás, nach dtoilíonn an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin leis an bpianbhreith a cuireadh ar S.M. a fhorghníomhú ar chríoch na Gearmáine, ní bheidh ar fáil d’údaráis na Gearmáine aon bhearta malartacha ar eiseachadadh a d’fhéadfadh an cuspóir a bhaint amach ar bhealach chomh héifeachtach céanna leis an eiseachadadh sin, is é sin an baol a sheachaint go mbeadh saoirse ó phionós ag an saoránach sin den Aontas. Ní chuirfear cosc le hAirteagail 18 agus 21 CFAE, dá bhrí sin, ar S.M a eiseachadadh chuig an tríú Stát sin, i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Eiseachadadh ( 44 ).

62.

Ar deireadh, ba mhaith liom a chur in iúl nár cheart, i mo thuairimse, Airteagail 18 agus 21 CFAE a léiriú sa chaoi go gciallaíonn siad, agus beart malartach ar eiseachadadh á lorg ag an mBallstát iarrtha a dhéanfadh níos lú dochair d’fheidhmiú cheart shaoránach an Aontais chun saorghluaiseachta agus chun cónaí, go gcuirtear iallach ar an mBallstát sin an dearbhú a rinne sé de bhun Airteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh a leasú, ionas go mbeidh an chosaint chéanna ag náisiúnaigh de chuid Ballstát eile a bhfuil buanchónaí orthu sa Stát sin leis an gcosaint a thugtar dá náisiúnaigh féin. Léiríodh leis an bplé a rinneadh ar an bpointe sin os comhair na Cúirte go ndealraíonn sé go bhfuil amhras ann ó thaobh an dlí de go bhféadfaí leasú den sórt sin a dhéanamh ( 45 ). Thairis sin, mar a luaigh mé thuas, ní fheictear dom go léiríonn an Chúirt Airteagail 18 agus 21 CFAE sa chaoi go gcuirtear de cheangal ar an mBallstát iarrtha a chosnaíonn a náisiúnaigh féin ar eiseachadadh an chosaint sin a ráthú go huathoibríoch agus go hiomlán do náisiúnaigh na mBallstát eile. Seachas sin, léiríonn an Chúirt na hairteagail sin sa chaoi go gcuirtear de cheangal ar an mBallstát iarrtha úsáid a bhaint as na sásraí le haghaidh comhar agus cúnamh in ábhair choiriúla atá ar fáil dó, de réir mar a bheidh iarraidh ar eiseachadadh i gceist chun críocha cion coiriúil a ionchúiseamh nó chun críocha pianbhreith a fhorghníomhú, leis an mBallstát ar náisiúnach de an duine iarrtha nó leis an tríú Stát iarrthach, d’fhonn a fhiosrú go gníomhach an bhfuil beart eile ann seachas an t-eiseachadadh lena n-áirithítear ar bhealach chomh héifeachtach céanna an cuspóir go seachnófar go mbeidh an duine iarrtha saor ó phionós.

V. Conclúid

63.

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (Ard-Chúirt Réigiúnach, München, an Ghearmáin) a fhreagairt mar a leanas:

Ní mór Airteagail 18 agus 21 CFAE a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo, i gcás ina bhfuil iarraidh ann ar eiseachadadh chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú i leith saoránach den Aontas a bhfuil buanchónaí air i gcríoch an Bhallstáit iarrtha, a gcuireann a dhlí náisiúnta toirmeasc ar eiseachadadh a náisiúnach féin amach ón Aontas Eorpach chun críocha pianbhreith a fhorghníomhú agus lena bhforáiltear go bhféadfaí pianbhreith dá leithéid a fhorchuirtear i dtír iasachta a chur isteach ar a chríoch, ar an mBallstát sin eiseachadadh a dhéanamh ar choinníoll go dtoilíonn an tríú Stát leis sin, i gcomhréir lena oibleagáidí faoi choinbhinsiún idirnáisiúnta, mura féidir leis dul i gcúram fhorghníomhú iarbhír na pianbhreithe sin.

Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an Ballstát iarrtha eiseachadadh den sórt sin a dhéanamh ach amháin más rud é, tar éis dó a oibleagáid faoi Airteagail 18 agus 21 CFAE a chomhlíonadh trí thoiliú an tríú Stát iarrthach sin a lorg go gníomhach trí úsáid a bhaint chun na críche sin as na sásraí uile le haghaidh comhar agus cúnamh in ábhair choiriúla atá ar fáil dó i gcomhthéacs a chaidrimh leis an tríú Stát sin, nach dtoilíonn an tríú Stát sin don phianbhreith atá i gceist a chur isteach ar chríoch an Bhallstáit iarrtha sin.


( 1 ) Bunteanga: an Fhraincis.

( 2 ) C‑182/15, (“an breithiúnas in Petruhhin”), EU:C:2016:630.

( 3 ) C‑191/16, (“an breithiúnas in Pisciotti’), EU:C:2018:222.

( 4 ) C‑897/19 PPU, (“an breithiúnas in Ruska Federacija”), EU:C:2020:262.

( 5 ) C‑398/19, “an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine)”, EU:C:2020:1032.

( 6 ) C‑473/15, EU:C:2017:633.

( 7 ) C‑247/17, “an breithiúnas in Raugevicius”, EU:C:2018:898.

( 8 ) C‑184/99, EU:C:2001:458.

( 9 ) Mír 31 den bhreithiúnas sin.

( 10 ) “An Coinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh”.

( 11 ) Féach an breithiúnas in Raugevicius (mír 50 agus an chuid oibríochtúil).

( 12 ) BGBl. 1949 I, lch. 1; “Dlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine”.

( 13 ) BGBl. 1982 I, lch. 2071.

( 14 ) Sa leagan a foilsíodh an 27 Meitheamh 1994 (BGBl. 1994 I, lch. 1537), arna leasú go deireanach le hAirteagal 1 de Dhlí an 23 Samhain 2020 (BGBl. 2020 I, lch. 2474) (“IRG”).

( 15 ) Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le hAistriú Daoine ar Cuireadh Pianbhreith orthu, a osclaíodh lena shíniú an 21 Márta 1983 in Strasbourg, ETS Uimh. 112.

( 16 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Petruhhin (mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (mír 28).

( 17 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 18 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 19 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 20 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Raugevicius (mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 21 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Raugevicius (mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 22 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Raugevicius (mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 23 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Raugevicius (mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 24 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Ruska Federacija (mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 25 ) IO 2002 L 190, lch. 1.

( 26 ) IO 2009 L 81, lch. 24. Féach freisin, an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 27 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Pisciotti, (mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 28 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 29 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, tá cásdlí na Cúirte faoi threoir ag rún na Cúirte “saobhchiall a sheachaint, eadhon go mbeadh comhdhlúthú an limistéir choiriúil Eorpaigh fite fuaite le méadú ar an tsaoirse ó phionós, in ainneoin, mar a cuireadh i dtreis sa bhreithiúnas in Petruhhin [míreanna 36 agus 37], go dtugann an tAontas Eorpach limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha dá shaoránaigh, ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine, i gcomhar le bearta iomchuí maidir le rialú na dteorainneacha seachtracha agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta agus an choireacht a chosc”: féach Lenaerts, K., L’extradition d’un citoyen de l’Union européenne vers un pays tiers à l’heure de la consolidation de l’espace pénal européen’, Sa Justice – L’Espace de Liberté, de Sécurité et de Justice – Liber amicorum en hommage à Yves Bot, Bruylant, Bruxelles, 2022, lch. 383 agus 384.

( 30 ) Féach, inter alia, an breithiúnas in Generalstaatsanwaltschaft Berlin (Eiseachadadh chun na hÚcráine) (míreanna 53 go 55). Cé gur chinn an Chúirt, in éagmais barántas gabhála Eorpach arna eisiúint ag an mBallstát ar náisiúnach de an duine iarrtha, go bhféadfaidh an Ballstát iarrtha dul ar aghaidh lena eiseachadadh, tá sé fós faoi réir an choinníll go ndearna sé a fhíorú ar dtús, mar a cheanglaítear le cásdlí na Cúirte, nach sáróidh an t-eiseachadadh sin na cearta dá dtagraítear in Airteagal 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (mír 45 den bhreithiúnas sin agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 31 ) Féach an breithiúnas in Pisciotti (mír 56).

( 32 ) Féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Tanchev in Ruska Federacija (C‑897/19 PPU, EU:C:2020:128, mír 100).

( 33 ) Féach an breithiúnas in Raugevicius (mír 41).

( 34 ) Féach an breithiúnas in Raugevicius (mír 42).

( 35 ) Féach an breithiúnas in Raugevicius (mír 46). Tharchuir an Chúirt an cúram a bhaineann lena fháil amach ar tháinig Raugevicius faoin gcatagóir sin de náisiúnaigh ó Bhallstáit eile chuig an gcúirt a rinne an tarchur, áfach. I mo thuairimse, ní mór a dhéanamh amhlaidh maidir leis an gceist, sa chás seo, an duine buanchónaitheach sa Ghearmáin é S.M.

( 36 ) Féach an breithiúnas in Raugevicius (mír 47).

( 37 ) Féach Lenaerts, K. ‘L’extradition d’un citoyen de l’Union européenne vers un pays tiers à l’heure de la consolidation de l’espace pénal européen’. Sa Justice – L’Espace de Liberté, de Sécurité et de Justice – Liber amicorum en hommage à Yves Bot, Bruylant, an Bhruiséil, 2022, lch. 386.

( 38 ) Féach an breithiúnas in Raugevicius (mír 50 agus an chuid oibríochtúil).

( 39 ) Tugaim chun cuimhne go nglactar leis sin gur fhíoraigh an Ballstát iarrtha roimh ré nach sáróidh an t-eiseachadadh sin na cearta dá dtagraítear in Airteagal 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

( 40 ) A mhéid a léirítear domsa, leis an réiteach a mholaim, go dtugtar chun réitigh an neamh-chomhoiriúnacht idir dlí an Aontais agus an Coinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh, dealraíonn sé nach bhfuil Airteagal 351 CFAE, cé gur ardaíodh é ag an éisteacht, ábhartha don fhreagra ar an gceist réamhrialaithe seo.

( 41 ) Ba mhaith liom a chur in iúl, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, ó tharla go bhfuil S.M. ar chríoch na Gearmáine cheana féin, níl an Coinbhinsiún um Aistriú Daoine faoi Phianbhreith ábhartha,

( 42 ) Féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bot in Raugevicius (C‑247/17, EU:C:2018:616, mír 82).

( 43 ) Mar a chuir an Chúirt in iúl cheana féin, ní chun leasa an duine aonair amháin é ath-imeascadh saoránaigh sa Bhallstát ina bhfuil sé tar éis imeascadh go dáiríre, ach chun leasa an Aontais i gcoitinne freisin: féach, inter alia, breithiúnas an 17 Aibreán 2018, B agus Vomero (C‑316/16 agus C‑424/16, EU:C:2018:256, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 44 ) Chuige sin, ba cheart a choinneáil i gcuimhne, i bhfianaise na difríochta in inneachar an dearbhaithe a rinne Poblacht na Fionlainne agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de bhun Airteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh, maidir leis an sainmhíniú ar an téarma “náisiúnaigh”, de réir bhrí an choinbhinsiúin sin, nach bhfuil an oiread sin solúbthachta atá ag an mBallstát sin atá ar fáil don chéad Bhallstát maidir leis an bhféidearthacht eiseachadadh a dhiúltú maidir le saoránach den Aontas a bhfuil buanchónaí air ina chríoch.

( 45 ) Is léir ó fhoclaíocht Airteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh go ndéanfar an dearbhú tráth sínithe nó tráth taiscthe na hionstraime daingniúcháin nó aontachais, gan aon fhoráil a dhéanamh chun an dearbhú sin a leasú tráth níos déanaí. Fairis sin, d’fhéadfadh an leasú ar an dearbhú sin d’fhonn an chosaint i gcoinne an eiseachadta a chur faoi réim aicmí daoine seachas náisiúnaigh an Stáit i dtrácht a bheith bunoscionn leis an gcuspóir atá á shaothrú leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh.

Top