EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0831

Cás C-831/21 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 21 Meán Fómhair 2023 – Spielhallen eV agus LM v an Coimisiún Eorpach agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Achomharc – Státchabhair – Airteagal 107(1) CFAE – Coincheap na ‘cabhrach’ – Coinníoll a bhaineann le buntáiste roghnaitheach – Cóireáil cánach ar oibrithe casaíní poiblí sa Ghearmáin – Tobhach ar Bhrabúis – Inasbhainteacht pháirteach na méideanna a íocadh i leith an tobhaigh sin ón mbonn cánach d’ioncam nó cánach chorparáide agus trádála – Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach – Diúltú gearáin ag deireadh na céime reamhscrúdaithe ar an bhforas nach bhfuil Státchabhair i gceist leis an inasbhainteacht sin – Cinneadh ar leith nach bhfuil buntáiste eacnamaíoch agus roghnaíocht ann – Caingean os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh teoranta do chinneadh an easpa roghnaíochta – Caingean nach bhfuil feidhm aici – Léirmhíniú ar an dlí cánach náisiúnta infheidhme chun na críche sin – Aicmiú an tobhaigh ar bhrabúis mar ‘cáin speisialta’ atá in-asbhainte mar ‘costais arna dtabhú ag gnáthchúrsa trádála’)

IO C, C/2023/624, 13.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/624/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/624/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/624

13.11.2023

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 21 Meán Fómhair 2023 – Spielhallen eV agus LM v an Coimisiún Eorpach agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

(Cás C-831/21 P) (1)

(Achomharc - Státchabhair - Airteagal 107(1) CFAE - Coincheap na ‘cabhrach’ - Coinníoll a bhaineann le buntáiste roghnaitheach - Cóireáil cánach ar oibrithe casaíní poiblí sa Ghearmáin - Tobhach ar Bhrabúis - Inasbhainteacht pháirteach na méideanna a íocadh i leith an tobhaigh sin ón mbonn cánach d’ioncam nó cánach chorparáide agus trádála - Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach - Diúltú gearáin ag deireadh na céime reamhscrúdaithe ar an bhforas nach bhfuil Státchabhair i gceist leis an inasbhainteacht sin - Cinneadh ar leith nach bhfuil buntáiste eacnamaíoch agus roghnaíocht ann - Caingean os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh teoranta do chinneadh an easpa roghnaíochta - Caingean nach bhfuil feidhm aici - Léirmhíniú ar an dlí cánach náisiúnta infheidhme chun na críche sin - Aicmiú an tobhaigh ar bhrabúis mar ‘cáin speisialta’ atá in-asbhainte mar ‘costais arna dtabhú ag gnáthchúrsa trádála’)

(C/2023/624)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóirí: Fachverband Spielhallen eV, LM (ionadaí: A. Bartosch agus R. Schmidt, Rechtsanwälte)

Páirtí eile sna hImeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ar dtús ag K. Blanck agus B. Stromsky, agus ina dhiaidh sin ag B. Stromsky, Gníomhairí), Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Ionadaithe: J. Möller agus R. Kanitz, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear Ordú Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, an 22 Deireadh Fómhair 2021, Fachverband Spielhallen agus LM v an Coimisiún (T-510/20, ECLI:EU:T:2021:745), ar ceal.

2.

Tarchuirtear an cás ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

3.

Forchoimeádtar na costais.


(1)   IO C 198, 16.5.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/624/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top