This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0827
Case C-827/21, Banca A (Application of the Merger Directive in a domestic situation): Judgment of the Court (Ninth Chamber) of 27 April 2023 (request for a preliminary ruling from the Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie — Romania) — Banca A v Agenţia Naţională de Administrare Fiscală (ANAF), Preşedintele ANAF (Reference for a preliminary ruling — Directive 2009/133/EC — Article 7 — Merger by absorption — Purely domestic operation — Primacy of EU law outside the scope of EU law — None — Interpretation of EU law outside its scope — Jurisdiction of the Court to deliver preliminary rulings — Condition — EU law made applicable by national law directly and unconditionally)
Cás C-827/21, Banca A (Feidhmiú na Treorach um chumaisc i gcás inmheánach): Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 27 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie – an Rómáin) – Banca A v Agenţia Naţională de Administrare Fiscală (ANAF), Preşedintele ANAF (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2009/133/CE – Airteagal 7 – Cumasc trí éadáil – Oibríocht inmheánach amháin – Tosaíocht dhlí an Aontais lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais – Neamhláithreacht – Dlí an Aontais Eorpaigh a léiriú lasmuigh dá raon feidhme – Dlínse na Cúirte Breithiúnais chun réamhrialú a thabhairt – Coinníoll – Dlí an Aontais a dhéantar infheidhme go díreach agus gan choinníoll leis an dlí náisiúnta)

IO C 205, 12.6.2023, p. 12–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
12.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 205/12 |
Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 27 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie – an Rómáin) – Banca A v Agenţia Naţională de Administrare Fiscală (ANAF), Preşedintele ANAF
(Cás C-827/21, (1) Banca A (Feidhmiú na Treorach um chumaisc i gcás inmheánach))
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2009/133/CE - Airteagal 7 - Cumasc trí éadáil - Oibríocht inmheánach amháin - Tosaíocht dhlí an Aontais lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais - Neamhláithreacht - Dlí an Aontais Eorpaigh a léiriú lasmuigh dá raon feidhme - Dlínse na Cúirte Breithiúnais chun réamhrialú a thabhairt - Coinníoll - Dlí an Aontais a dhéantar infheidhme go díreach agus gan choinníoll leis an dlí náisiúnta)
(2023/C 205/13)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Banca A
Cosantóirí: Agenţia Naţională de Administrare Fiscală (ANAF), Preşedintele ANAF
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní cheanglaítear le dlí an Aontais Eorpaigh ar chúirt náisiúnta, i gcomhréir le Treoir 2009/133/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar chumaisc, rannta, páirtrannta, aistrithe sócmhainní agus malartuithe scaireanna i dtaobh cuideachtaí Ballstát éagsúil agus ar aistriú oifige cláraithe SE nó SCE ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, foráil den dlí náisiúnta is infheidhme maidir le hoibríocht inmheánach amháin i ndáil le cumasc dhá ghnóthas a bhfuil a n-oifig chláraithe ag gach gnóthas sa Bhallstát céanna, i gcás nach dtagann an oibríocht sin faoi raon feidhme na Treorach sin. |
2. |
Níl aon dlínse ag an gCúirt na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú maidir le léiriú Threoir 2009/133 a fhreagairt, ós rud é, ar an gcéad dul síos, nach dtagann fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme na Treorach sin agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil an dlí náisiúnta infheidhme go díreach agus gan choinníoll maidir leis na fíorais sin. |