Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0650

    Cás C-650/21, Landespolizeidirektion Niederösterreich agus Finanzamt Österreich: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 20 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – FW, CE (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Cóir chomhionann san fhostaíocht agus sa tslí bheatha – Treoir 2000/78/CE – Toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais aoise – Luach saothair Stát-Seirbhíseach – Reachtaíocht náisiúnta roimhe seo a cinneadh a bheith idirdhealaitheach – Grádú faoi chóras nua luacha saothair faoi threoir sinsearachta a socraíodh faoi chóras luacha saothair roimhe seo – An tsinsearacht sin a cheartú trí dháta tagartha comparáide a chinneadh – Nádúr idirdhealaitheach an ghrádaithe nua – Riail a chuireann stát-seirbhísigh níos sine faoi mhíbhuntáiste)

    IO C 205, 12.6.2023, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    12.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 205/8


    Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 20 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – FW, CE

    (Cás C-650/21, (1) Landespolizeidirektion Niederösterreich agus Finanzamt Österreich)

    (Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Cóir chomhionann san fhostaíocht agus sa tslí bheatha - Treoir 2000/78/CE - Toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais aoise - Luach saothair Stát-Seirbhíseach - Reachtaíocht náisiúnta roimhe seo a cinneadh a bheith idirdhealaitheach - Grádú faoi chóras nua luacha saothair faoi threoir sinsearachta a socraíodh faoi chóras luacha saothair roimhe seo - An tsinsearacht sin a cheartú trí dháta tagartha comparáide a chinneadh - Nádúr idirdhealaitheach an ghrádaithe nua - Riail a chuireann stát-seirbhísigh níos sine faoi mhíbhuntáiste)

    (2023/C 205/09)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Verwaltungsgerichtshof

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: FW, CE

    Idiragraithe: Landespolizeidirektion Niederösterreich, Finanzamt Österreich

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Maidir le hAirteagail 1, 2 agus 6 de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil grádú státseirbhíseach socraithe ar bhonn a shinsearachta i scála luacha saothair córas luacha saothair roimhe sin a cinneadh go bhfuil sé idirdhealaitheach a mhéid nár ceadaíodh leis an gcóras sin, chun críocha an tsinsearacht sin a chinneadh, ach tréimhsí incháilithe roimh earcaíocht an státseirbhísigh a críochnaíodh ó 18 mbliana d’aois a chur san áireamh, agus a rinneadh iad siúd a críochnaíodh roimh an aois sin a eisiamh, i gcás ina bhforáiltear sa reachtaíocht sin go ndéanfaí ceartú ar thréimhsí incháilithe an státseirbhísigh a críochnaíodh roimh a earcaíocht, mar a ríomhadh i dtosach iad, trí dháta tagartha comparáide a chinneadh, ar chun críocha, chun an tsinsearacht sin a chinneadh, a gcuirtear tréimhsí incháilithe roimh an earcaíocht a críochnaíodh roimh 18ú breithlá an státseirbhísigch sin san áireamh as seo amach más rud é, ar an gcéad dul síos, maidir le tréimhsí a críochnaíodh tar éis an 18ú breithlá, nach gcuirtear san áireamh ach “tréimhsí eile” nach mór a leath díobh a chur san áireamh agus, sa dara háit, go méadaítear na “tréimhsí eile” sin ó thrí bliana go dtí seacht mbliana, ach nach gcuirtear san áireamh iad ach amháin sa mhéid gur faide ná ceithre bliana iad.

    2.

    Maidir le prionsabal na córa comhionainne, mar atá cumhdaithe in Airteagal 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha, agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta a fhorálann, maidir le státseirbhísigh a raibh nós imeachta chun a seasamh a ath-shainiú ar an scála luacha saothair ar feitheamh ar dháta foilsithe leasaithe reachtaigh ar an gcóras luacha saothair lena n-áirítear an scála sin, go bhfuil luach saothair le hathríomh i gcomhréir leis na forálacha nua a bhaineann le dáta tagartha na comparáide, na forálacha sin ina bhfuil teorainneacha nua maidir le huasfhad na dtréimhsí incháilithe, arb é an toradh a bheidh orthu nach gcoisctear idirdhealú ar fhorais aoise contrártha d’Airteagal 1, d’Airteagal 2 agus d’Airteagal 6 de Threoir 2000/78, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha, sa chás nach ndéantar aon ríomh den sórt sin do státseirbhísigh dá bhfuil nós imeachta leis an gcuspóir céanna, a tionscnaíodh roimhe sin, dúnta cheana féin le cinneadh críochnaitheach ina leith, bunaithe ar dháta tagartha arna chinneadh ar bhealach níos fabhraí faoin gcóras luacha saothair a bhí ann roimhe seo a bhfuil a fhorálacha, a mheasann na cúirteanna náisiúnta a bheith idirdhealaitheach, curtha as feidhm chun prionsabal na córa comhionainne atá leagtha síos i ndlí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm go díreach.

    3.

    Maidir le hAirteagail 1, 2 agus 6 de Threoir 2000/78, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta a fhorálann nach ndéanfar tréimhsí printíseachta arna ndéanamh le húdarás áitiúil náisiúnta a chur san áireamh ina n-iomláine, chun dáta tagartha na comparáide a chinneadh, ach amháin i gcás ina mbeidh an státseirbhíseach lena mbaineann earcaithe ag an Stát tar éis dáta áirithe, ach go mbeidh leath na dtréimhsí printíseachta le cur san áireamh, agus iad faoi réir asbhainte ar ráta comhréidh, i gcás ina raibh an státseirbhíseach lena mbaineann earcaithe ag an Stát roimh an dáta sin.


    (1)  IO C 73, 14.2.2022.


    Top