Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0301

    Cás C-301/21: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 20 Deireadhh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Oradea – an Rómáin) – Curtea de Apel Alba Iulia agus páirtithe eile v YF agus páirtithe eile (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Cóir chomhionann maidir leis na bhfostaíocht agus leis na obair – Treoir 2000/78/CE – Airteagal 2(1) agus (2) – Toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais aoise – Reachtaíocht náisiúnta a bhfuil d’éifeacht aici go bhfuil an tuarastal a fhaigheann roinnt breithiúna níos airde ná an tuarastal a fhaigheann breithiúna eile den chéim chéanna agus ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna céanna – Airteagal 1 – Cuspóir – Cineál uileghabhálach an idirdhealaithe atá liostaithe)

    IO C 472, 12.12.2022, p. 14–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    12.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 472/14


    Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 20 Deireadhh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Oradea – an Rómáin) – Curtea de Apel Alba Iulia agus páirtithe eile v YF agus páirtithe eile

    (Cás C-301/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Cóir chomhionann maidir leis na bhfostaíocht agus leis na obair - Treoir 2000/78/CE - Airteagal 2(1) agus (2) - Toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais aoise - Reachtaíocht náisiúnta a bhfuil d’éifeacht aici go bhfuil an tuarastal a fhaigheann roinnt breithiúna níos airde ná an tuarastal a fhaigheann breithiúna eile den chéim chéanna agus ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna céanna - Airteagal 1 - Cuspóir - Cineál uileghabhálach an idirdhealaithe atá liostaithe)

    (2022/C 472/16)

    Teanga an cháis: an Rómáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Curtea de Apel Oradea

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: Curtea de Apel Alba Iulia, Curtea de Apel Cluj, Tribunalul Bihor, Tribunalul Satu Mare, Tribunalul Sălaj

    Cosantóirí: YF, KP, OJ, YS, SL, DB, SH

    Idiragraithe: Consiliul Naţional pentru Combaterea Discriminării, Tribunalul Cluj,

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Maidir le hAirteagal 2(1) agus (2) de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta ar son na córa comhionainne maidir leis an bhfostaíocht agus leis an obair, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: níl feidhm aige maidir leis an reachtaíocht náisiúnta, mar a léirmhínítear í le cásdlí náisiúnta ceangailteach, as a dtagann an chóir a fhaigheann breithiúna áirithe a earcófar tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta sin a bheith níos ísle ná cóir na mbreithiúna a earcaíodh sular tháinig sí i bhfeidhm, ar choinníoll nach ndéantar aon idirdhealú díreach nó indíreach ar fhorais aoise.

    2)

    Maidir le Treoir 2000/78, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní cuirtear chosc leis ar idirdhealú ach amháin i gcás ina bhfuil sé bunaithe ar cheann de na forais a liostaítear go sainráite in Airteagal 1 de.


    (1)  IO C 329, 16.08.2021


    Top