This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0122
Case C-122/21: Judgment of the Court (Second Chamber) of 2 June 2022 (request for a preliminary ruling from the Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas — Lithuania) — Get Fresh Cosmetics Limited v Valstybinė vartotojų teisių apsaugos tarnyba (Reference for a preliminary ruling — Directive 87/357/EEC — Article 1(2) — Scope — Non-food products that may be confused with foodstuffs — Concept — Risk of suffocation, poisoning, or the perforation or obstruction of the digestive tract — No presumption of danger — Proof)
Cás C-122/21: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – An Liotuáin) – Get Fresh Cosmetics Limited v Valstybinė vartotojų teisių apsaugos tarnyba (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 87/357/CEE – Airteagal 1(2) – Raon feidhme – Táirgí neamhbhia a d'fhéadfaí a thógáil in amhlachas bhia – Coincheap – Baol maidir le tachtadh, nimhiú, polladh nó bac ar chonair an díleá – Toimhde contúirte – Easpa – Cruthúnas)
Cás C-122/21: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – An Liotuáin) – Get Fresh Cosmetics Limited v Valstybinė vartotojų teisių apsaugos tarnyba (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 87/357/CEE – Airteagal 1(2) – Raon feidhme – Táirgí neamhbhia a d'fhéadfaí a thógáil in amhlachas bhia – Coincheap – Baol maidir le tachtadh, nimhiú, polladh nó bac ar chonair an díleá – Toimhde contúirte – Easpa – Cruthúnas)
IO C 284, 25.7.2022, p. 10–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/10 |
Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – An Liotuáin) – Get Fresh Cosmetics Limited v Valstybinė vartotojų teisių apsaugos tarnyba
(Cás C-122/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 87/357/CEE - Airteagal 1(2) - Raon feidhme - Táirgí neamhbhia a d'fhéadfaí a thógáil in amhlachas bhia - Coincheap - Baol maidir le tachtadh, nimhiú, polladh nó bac ar chonair an díleá - Toimhde contúirte - Easpa - Cruthúnas)
(2022/C 284/09)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Get Fresh Cosmetics Limited
Cosantóir: Valstybinė vartotojų teisių apsaugos tarnyba
Tríú Páirtí: V. U.
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 1(2) de Threoir 87/357/CEE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1987 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le táirgí a bhfuil cuma mhíthreorach orthu agus ar baol do shláinte nó do shábháilteacht tomhaltóirí iad dá bharr sin, a léirmhíniú sa chiall nach gá a léiriú le sonraí oibiachtúla agus réasúnaithe gur féidir, mar thoradh ar tháirgí a chaitheamh sa bhéal, a shú nó a ionghabháil, agus cé nach táirgí bia iad, a bhfuil cruth, boladh, dath, cuma, pacáistiú, lipéadú, toirt nó méid orthu, lena mbeadh sé intuartha go dtógfadh tomhaltóirí, go háirithe leanaí, iad in amhlachas earraí bia, agus ar an gcaoi sin go gcuirfeadh siad iad ina mbéal, go súfadh nó go n-ionghabhfadh siad iad, baol a bheith ag gabháil leo amhail tachtadh, nimhiú, polladh nó bac ar chonair an díleá. Mar sin féin, ní mór do na húdaráis náisiúnta inniúla a mheas de réir an cháis an gcomhlíonann táirge na coinníollacha a liostaítear san fhoráil sin agus údar cuí a thabhairt gurb amhlaidh atá.