This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0112
Case C-112/21: Judgment of the Court (Tenth Chamber) of 2 June 2022 (request for a preliminary ruling from the Hoge Raad der Nederlanden — Netherlands) — X BV v Classic Coach Company vof, Y, Z (Reference for a preliminary ruling — Approximation of laws — Trade marks — Directive 2008/95/EC — Article 5 — Rights conferred by a trade mark — Article 6(2) — Limitation of the effects of the trade mark — Impossibility for the proprietor of a trade mark to prevent a third party from using, in the course of trade, an earlier right applying in a particular locality — Requirements — Concept of ‘earlier right’ — Trade name — Proprietor of a later trade mark with an even earlier right — Relevance)
Cás C-112/21: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden – an Isiltír) – X BV v Classic Coach Company vof, Y, Z (Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Trádmharcanna – Treoir 2008/95/CE – Airteagal 5 – Cearta a thugtar faoin trádmharc – Airteagal 6(2) – Teorainn ar éifeachtaí an trádmhairc – Neamhfhéidearthacht do dhílseánach trádmhairc cosc a chur ar thríú páirtí úsáid a bhaint le linn trádála as ceart níos luaithe le raon feidhme áitiúil – Coinníollacha – Coincheap “ceart níos luaithe” – Trádainm – Dílseánach trádmhairc níos déanaí a bhfuil ceart níos luaithe fós aige – Ábharthacht)

IO C 284, 25.7.2022, p. 9–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/9 |
Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 2 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden – an Isiltír) – X BV v Classic Coach Company vof, Y, Z
(Cás C-112/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhfhogasú dlíthe - Trádmharcanna - Treoir 2008/95/CE - Airteagal 5 - Cearta a thugtar faoin trádmharc - Airteagal 6(2) - Teorainn ar éifeachtaí an trádmhairc - Neamhfhéidearthacht do dhílseánach trádmhairc cosc a chur ar thríú páirtí úsáid a bhaint le linn trádála as ceart níos luaithe le raon feidhme áitiúil - Coinníollacha - Coincheap “ceart níos luaithe” - Trádainm - Dílseánach trádmhairc níos déanaí a bhfuil ceart níos luaithe fós aige - Ábharthacht)
(2022/C 284/08)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Hoge Raad der Nederlanden
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: X BV
Cosantóir: Classic Coach Company vof, Y, Z
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní mór Airteagal 6(2) de Threoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna, a léirmhíniú sa chaoi, chun a shuíomh go bhfuil “ceart níos luaithe” ann de réir bhrí na forála seo, nach gá go mbeadh dílseánach an chirt sin in ann úsáid an trádmhairc níos déanaí ag dílseánach an trádmhairc sin a thoirmeasc. |
2) |
Ní mór Airteagal 6(2) de Threoir 2008/95 a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfar “ceart níos luaithe”, de réir bhrí na forála sin, a aithint do thríú páirtí i gcás ina bhfuil ceart níos luaithe fós ag dílseánach an trádmhairc níos déanaí, arna aithint i ndlí an Bhallstáit lena mbaineann, sa chomhartha a bheidh cláraithe mar thrádmharc, ar choinníoll, de bhua an dlí sin, nach féidir le dílseánach an trádmhairc agus an chirt is luaithe a thoirmeasc a thuilleadh, ar bhonn a chirt is luaithe, ar úsáid an chirt is déanaí ag an tríú páirtí. |