Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0066

    Cás C-66/21: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Den Haag – an Ísiltír) – O.T. E. v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Tarchur chun réamhrialú – Rialuithe teorann, tearmann agus inimirce – Beartas tearmann – Cead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tíortha ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó atá faoi réir gníomhaíocht chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla – Treoir 2004/81/CE – Airteagal 6 – Raon feidhme – Náisiúnach tríú tír ag líomhain gur íospartach coireachta é nasctha le gáinneáil ar dhaoine – Buntáiste na tréimhse machnaimh dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) den Treoir sin – Toirmeasc ar bheart aistrithe a fhorghníomhú – Coincheap – Raon – Ríomh na tréimhse machnaimh seo – Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 – Critéir agus sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát – Aistriú chuig an mBallstát atá freagrach as an iarratas sin ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú)

    IO C 472, 12.12.2022, p. 8–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    12.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 472/8


    Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Den Haag – an Ísiltír) – O.T. E. v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

    (Cás C-66/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Rialuithe teorann, tearmann agus inimirce - Beartas tearmann - Cead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tíortha ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó atá faoi réir gníomhaíocht chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla - Treoir 2004/81/CE - Airteagal 6 - Raon feidhme - Náisiúnach tríú tír ag líomhain gur íospartach coireachta é nasctha le gáinneáil ar dhaoine - Buntáiste na tréimhse machnaimh dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) den Treoir sin - Toirmeasc ar bheart aistrithe a fhorghníomhú - Coincheap - Raon - Ríomh na tréimhse machnaimh seo - Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 - Critéir agus sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát - Aistriú chuig an mBallstát atá freagrach as an iarratas sin ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú)

    (2022/C 472/09)

    Teanga an cháis: an Ollainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Rechtbank Den Haag

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: O.T. E.

    Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Maidir le hAirteagal 6(2) de Threoir 2004/81/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004, maidir leis an gcead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tíortha ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó atá faoi réir gníomhaíocht chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cumhdaítear leis an gcoincheap “ordú aistrithe” an beart lena n-aistrítear náisiúnach tríú tír ó chríoch Ballstáit amháin go críoch Ballstáit eile de bhun Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát.

    2)

    Maidir le hAirteagal 6(2) de Threoir 2004/81

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leis ar chinneadh aistrithe arna dhéanamh de bhun Rialachán Uimh. 604/2013 a chur chun feidhme le linn na tréimhse machnaimh a ráthaítear in Airteagal 6(1), ach ní choisctear leis cinneadh nó bearta ullmhúcháin den sórt sin a ghlacadh maidir lena chur chun feidhme, ar choinníoll nach bhfágann na bearta ullmhúcháin sin go mbeidh an tréimhse mhachnaimh sin neamhéifeachtach, a bhfuil sé faoin gcúirt a rinne an tarchur a dhéanamh amach.


    (1)  IO C 163, 03.05.2021


    Top