Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0065

    Cásanna uamtha C-65/21 P agus C-73/21 P go C-75/21 P: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 – SGL Carbon SE (C-65/21 P), Química del Nalón SA, ar a dtugtaí Industrial Química del Nalón SA (C-73/21 P), Deza a.s. (C-74/21 P), Bilbaína de Alquitranes SA, C-75/21 P) v an Coimisiún Eorpach, Ríocht na Spáinne, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) (Achomhairc – Comhshaol – Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 – Aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán – Rialachán (AE) Uimh 944/2013 – Aicmiú pice ó tharra guail ardteochta mar shubstaint thocsaineach uisceach de chuid chatagóir 1 (H400) agus mar shubstaint thocsaineach ainsealach uisceach de chuid chatagóir 1 (H410) – Neamhniú – Caingne le haghaidh damáistí)

    IO C 303, 8.8.2022, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 303/7


    Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 – SGL Carbon SE (C-65/21 P), Química del Nalón SA, ar a dtugtaí Industrial Química del Nalón SA (C-73/21 P), Deza a.s. (C-74/21 P), Bilbaína de Alquitranes SA, C-75/21 P) v an Coimisiún Eorpach, Ríocht na Spáinne, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA)

    (Cásanna uamtha C-65/21 P agus C-73/21 P go C-75/21 P) (1)

    (Achomhairc - Comhshaol - Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 - Aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán - Rialachán (AE) Uimh 944/2013 - Aicmiú pice ó tharra guail ardteochta mar shubstaint thocsaineach uisceach de chuid chatagóir 1 (H400) agus mar shubstaint thocsaineach ainsealach uisceach de chuid chatagóir 1 (H410) - Neamhniú - Caingne le haghaidh damáistí)

    (2022/C 303/08)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Achomharcóirí: SGL Carbon SE (C-65/21 P), Química del Nalón SA, ar a dtugtaí Industrial Química del Nalón SA (C-73/21 P), Deza a.s. (C-74/21 P), Bilbaína de Alquitranes SA (C-75/21 P) (ionadaithe: M. Grunchard, P. Sellar agus K. Van Maldegem, Dlíodóirí)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Dawes, R. Lindenthal agus K. Talabér-Ritz, Gníomhairí), Ríocht na Spáinne (ionadaithe: L. Aguilera Ruiz agus M. J. Ruiz Sánchez, Gníomhairí), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) (ionadaithe: W. Broere, M. Heikkilä agus S. Mahoney, Gníomhairí)

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear do na hachomhairc.

    2)

    Ordaítear do SGL Carbon SE, Química del Nalón SA, Deza a.s. Bilbaína de Alquitranes SA a gcostais féin, agus na costais a thabhaigh an Coimisiúin Eorpach, a íoc.

    3)

    Ordaítear do Ríocht na Spáinne agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) a gcostais féin a íoc.


    (1)  IO C 128, 12.04.2021


    Top