EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0056
Case C-56/21: Judgment of the Court (Second Chamber) of 30 June 2022 (request for a preliminary ruling from the Mokestinių ginčų komisija prie Lietuvos Respublikos vyriausybės — Lithuania) — UAB ‘ARVI’ ir ko v Valstybinė mokesčių inspekcija prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos (Reference for a preliminary ruling — Taxation — Common system of value added tax (VAT) — Directive 2006/112/EC — Article 137 — Optional tax liability scheme — Conditions — National legislation which makes the right of a taxable person to opt to charge VAT on the sale of immovable property conditional on the transfer of that property to a taxable person already registered for VAT purposes — Obligation to adjust VAT deductions where that condition is not satisfied — Principles of fiscal neutrality, of effectiveness and of proportionality)
Cás C-56/21: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 30 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Mokestinių ginčų komisija prie Lietuvos Respublikos vyriausybės – an Liotuáin) – UAB “ARVI” ir ko v Valstybinė mokesčių inspekcija prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 137 – Scéim dliteanais cánach roghnach – Coinníollacha – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear de choinníoll ar cheart an duine inchánach chun rogha a dhéanamh CBL a ghearradh ar dhíol maoine dochorraithe go n-aistreofar an mhaoin sin chuig duine inchánach atá cláraithe cheana chun críocha CBL – Oibleagáid asbhaintí CBL a choigeartú i gcás nach gcomhlíontar an coinníoll sin – Prionsabail na neodrachta cánach, na héifeachtachta agus na comhréireachta)

IO C 318, 22.8.2022, p. 8–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
22.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 318/8 |
Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 30 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Mokestinių ginčų komisija prie Lietuvos Respublikos vyriausybės – an Liotuáin) – UAB “ARVI” ir ko v Valstybinė mokesčių inspekcija prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos
(Cás C-56/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 137 - Scéim dliteanais cánach roghnach - Coinníollacha - Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear de choinníoll ar cheart an duine inchánach chun rogha a dhéanamh CBL a ghearradh ar dhíol maoine dochorraithe go n-aistreofar an mhaoin sin chuig duine inchánach atá cláraithe cheana chun críocha CBL - Oibleagáid asbhaintí CBL a choigeartú i gcás nach gcomhlíontar an coinníoll sin - Prionsabail na neodrachta cánach, na héifeachtachta agus na comhréireachta)
(2022/C 318/10)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Mokestinių ginčų komisija prie Lietuvos Respublikos vyriausybės
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: UAB “ARVI” ir ko
Cosantóir: Valstybinė mokesčių inspekcija prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní mór Airteagal 135 agus Airteagal 137 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear de choinníoll ar cheart duine inchánach rogha a dhéanamh cáin bhreisluacha (CBL) a ghearradh ar dhíol maoine dochorraithe go n-aistreofar an mhaoin sin chuig duine inchánach atá, agus an t-idirbheart sin á chur i gcrích, cláraithe cheana chun críocha CBL. |
2) |
Ní mór forálacha Threoir 2006/112 mar aon le prionsabail na neodrachta cánach, na héifeachtachta agus na comhréireachta a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta ná ar chleachtas náisiúnta faoina gceanglaítear ar an díoltóir maoine dochorraithe an asbhaint ar an gcáin bhreisluacha arna híoc roimhe sin ar an tsócmhainn sin a choigeartú tar éis diúltú dó an ceart chun rogha cánach i ndáil leis an díol sin ar an gcúis nár chomhlíon an ceannaitheoir, ar dháta an díola, na coinníollacha a leagadh síos chun go bhféadfadh an díoltóir an ceart sin a fheidhmiú. Cé nach mbaineann úsáid iarbhír na maoine dochorraithe atá i gceist ag an gceannaitheoir i dtaca le gníomhaíochtaí atá faoi réir CBL le hábhar i ndáil leis sin, ceanglaítear ar na húdaráis inniúla, mar sin féin, a fháil amach ar tharla calaois nó mí-úsáid ar thaobh an duine inchánach a raibh sé ar intinn aige a cheart chun rogha cánach a fheidhmiú i ndáil leis an idirbheart atá i gceist. |