This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0054
Case C-54/21: Judgment of the Court (Fourth Chamber) of 17 November 2022 (request for a preliminary ruling from the Krajowa Izba Odwoławcza — Poland) — Antea Polska S.A., Pectore-Eco sp. z o.o., Instytut Ochrony Środowiska — Państwowy Instytut Badawczy v Państwowe Gospodarstwo Wodne Wody Polskie (Reference for a preliminary ruling — Public procurement — Directive 2014/24/EU — Principles of awarding contracts — Article 18 — Transparency — Article 21 — Confidentiality — Insertion of those principles in the national legislation — Right of access to the essential content of the information provided by tenderers concerning their experience and references, concerning the persons proposed to carry out the contract and concerning the design of the proposed projects and the manner of performance — Article 67 — Contract award criteria — Criteria relating to the quality of the proposed work or services — Requirement of precision — Directive 89/665/EEC — Article 1(1) and (3) — Right to an effective remedy — Remedy in the event of infringement of that right on account of the refusal to grant access to non-confidential information)
Cás C-54/21: Breithiúnas na Cúirte (Ceathrú Dlísheomra) an 17 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Krajowa Izba Odwoławcza – an Pholainn) – Antea Polska S.A., Pectore-Eco sp. z o.o., Instytut Ochrony Środowiska – Państwowy Instytut Badawczy v Państwowe Gospodarstwo Wodne Wody Polskie (Iarraidh ar réamhrialú – Soláthar poiblí – Treoir 2014/24/AE – Prionsabail maidir le conarthaí a dhámhachtain – Airteagal 18 – Trédhearcacht – Airteagal 21 – Rúndacht – Na prionsabail sin a chur leis an reachtaíocht náisiúnta – Ceart um rochtain ar ábhar bunúsach na faisnéise a chuir forthairgeoirí ar fáil maidir lena gcuid taithí agus teistiméireachtaí, maidir leis na daoine a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh siad an conradh a chomhlíonadh agus maidir le dearadh na dtionscadal atá beartaithe agus an modh chun é a chur i bhfeidhm – Airteagal 67 – Critéir conradh a dhámhachtain – Critéir i leith cháilíocht na hoibre nó na seirbhíse atá beartaithe – Ceanglas maidir beachtas – Treoir 89/665/CEE – Airteagal 1(1) agus (3) – Ceart chun leighis éifeachtaigh – Leigheas i gcás sáraithe ar an gceart sin mar gheall ar dhiúltú do rochtain ar fhaisnéis neamhrúnda)
Cás C-54/21: Breithiúnas na Cúirte (Ceathrú Dlísheomra) an 17 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Krajowa Izba Odwoławcza – an Pholainn) – Antea Polska S.A., Pectore-Eco sp. z o.o., Instytut Ochrony Środowiska – Państwowy Instytut Badawczy v Państwowe Gospodarstwo Wodne Wody Polskie (Iarraidh ar réamhrialú – Soláthar poiblí – Treoir 2014/24/AE – Prionsabail maidir le conarthaí a dhámhachtain – Airteagal 18 – Trédhearcacht – Airteagal 21 – Rúndacht – Na prionsabail sin a chur leis an reachtaíocht náisiúnta – Ceart um rochtain ar ábhar bunúsach na faisnéise a chuir forthairgeoirí ar fáil maidir lena gcuid taithí agus teistiméireachtaí, maidir leis na daoine a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh siad an conradh a chomhlíonadh agus maidir le dearadh na dtionscadal atá beartaithe agus an modh chun é a chur i bhfeidhm – Airteagal 67 – Critéir conradh a dhámhachtain – Critéir i leith cháilíocht na hoibre nó na seirbhíse atá beartaithe – Ceanglas maidir beachtas – Treoir 89/665/CEE – Airteagal 1(1) agus (3) – Ceart chun leighis éifeachtaigh – Leigheas i gcás sáraithe ar an gceart sin mar gheall ar dhiúltú do rochtain ar fhaisnéis neamhrúnda)
IO C 15, 16.1.2023, p. 11–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
16.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 15/11 |
Breithiúnas na Cúirte (Ceathrú Dlísheomra) an 17 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Krajowa Izba Odwoławcza – an Pholainn) – Antea Polska S.A., Pectore-Eco sp. z o.o., Instytut Ochrony Środowiska – Państwowy Instytut Badawczy v Państwowe Gospodarstwo Wodne Wody Polskie
(Cás C-54/21) (1)
(Iarraidh ar réamhrialú - Soláthar poiblí - Treoir 2014/24/AE - Prionsabail maidir le conarthaí a dhámhachtain - Airteagal 18 - Trédhearcacht - Airteagal 21 - Rúndacht - Na prionsabail sin a chur leis an reachtaíocht náisiúnta - Ceart um rochtain ar ábhar bunúsach na faisnéise a chuir forthairgeoirí ar fáil maidir lena gcuid taithí agus teistiméireachtaí, maidir leis na daoine a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh siad an conradh a chomhlíonadh agus maidir le dearadh na dtionscadal atá beartaithe agus an modh chun é a chur i bhfeidhm - Airteagal 67 - Critéir conradh a dhámhachtain - Critéir i leith cháilíocht na hoibre nó na seirbhíse atá beartaithe - Ceanglas maidir beachtas - Treoir 89/665/CEE - Airteagal 1(1) agus (3) - Ceart chun leighis éifeachtaigh - Leigheas i gcás sáraithe ar an gceart sin mar gheall ar dhiúltú do rochtain ar fhaisnéis neamhrúnda)
(2023/C 15/10)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Krajowa Izba Odwoławcza
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Antea Polska S.A., Pectore-Eco sp. z o.o., Instytut Ochrony Środowiska – Państwowy Instytut Badawczy
Cosantóir: Państwowe Gospodarstwo Wodne Wody Polskie
Idiragraithe: Arup Polska sp. z o.o., CDM Smith sp. z o.o., Multiconsult Polska sp. z o.o., Arcadis sp. z o.o., Hydroconsult sp. z o.o. Biuro Studiów i Badań Hydrogeologicznych i Geofizycznych
An chuid oibríochtúil
1. |
Maidir le hAirteagal 18(1) agus Airteagal 21(1), arna léamh i bhfianaise Airteagal 50(4) agus Airteagal 55(3), de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: cuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta maidir le soláthar poiblí lena gceanglaítear, seachas eisceacht aonair maidir le rúin thrádála, go ndéanfaí fáisnéis arna seoladh ag forthairgeoirí chuig na húdaráis chonarthacha a fhoilsiú ina hiomláine nó a chur in iúl do na forthairgeoirí eile agus ar nós de chuid na n-údarás conarthacha faoinar nglactar go córasach le hiarratais go gcaithfí go rúnda le rúin thrádala. |
2. |
Maidir le hAirteagal 18(1), Airteagal 21(1), agus Airteagal 55(3) de Threoir 2014/24, ní mór léiriú a dhéanamh orthu mar seo a leanas:
|
3. |
Maidir le hAirteagal 18(1) de Threoir 2014/24, arna léamh i bhfianaise Airteagal 67(4) den Treoir, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: ní chuirtear bac leis ar an “dearadh forbartha tionscnaimh”, a bhfuil a chur i bhfeidhm beartaithe faoin gconradh poiblí atá i gceist, ná ar an “cur síos ar mhodh feidhme an chonartha sin” don chonradh sin a bheith mar cheann de na critéir le haghaidh dhámhachtain an chonartha sin, ar an gcoinníoll go bhfuil sonraí ag gabhail leis na critéir sin lena gcuirtear ar cumas an t-údarás conarthach measúnú sonrach oibiachtúil a dhéanamh ar na tairiscintí arna gcur isteach. |
4. |
Maidir le hAirteagal 1(1) agus (3) de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithniúcháin chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain, arna leasú le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014, ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas: sa chás ina ndearbhaítear, i gcomhthéacs caingne arna tabhairt i gcoinne cinneadh lena ndéantar conradh poiblí a dhámhachtain, gurb ann d’oibleagáid ar an údarás conarthach fáisnéis a nochtadh don iarratasóir, ar caitheadh léi mar fhaisnéis rúnda go mícheart, agus gurb ann do shárú ar an gceart chun leighis éifeachtaigh de bhonn mainneachtain an fhaisnéis sin a nochtadh, ní hé nach mór dá bharr sin go nglacfaidh an t-údarás conarthach sin cinneadh nua i leith an conradh a dhámhachtain, ar an gcoinníoll go gceadaítear don chúirt náisiúnta a éistíonn an cás faoi dhlí an nós imeachta náisiúnta, le linn na n-imeachtaí, bearta a ghlacadh lena n-athbhunófaí an urraim don cheart chun leighis éifeachtaigh nó go gceadaítear di a mheas go bhféadfadh an t-iarratasóir caingean nua a thabhairt i gcoinne an chinnidh dámhachtana atá déanta cheana féin. Ní chuirfear tús leis an tréimhse ama chun caingean dá leithéid a thabhairt go dtí go bhfuil rochtain iomlán ag an iarratasóir ar an bhfáisnéis go léir a aicmíodh go mícheart mar fhaisnéis rúnda. |