EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0007

Cás C-7/21: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 7 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Bezirksgericht Bleiburg – an Ostair) – LKW WALTER Internationale Transportorganisation AG v CB, DF, GH (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Doiciméid a sheirbheáil – Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 – Airteagal 8(1) – Tréimhse seachtaien chun ceart diúltaithe a fheidhmiú i leith an doiciméid a ghlacadh – Ordú ar fhorghníomhú a rinneadh i mBallstát agus a seirbheáladh i mBallstát eile i dteanga an chéad Ballstáit amháin – Reachtaíocht ón gcéad Bhallstát lena bhforáiltear do thréimhse ocht lá chun agóid a chur isteach in aghaidh an ordaithe sin – Tréimhse ama ar féidir agóid a dhéanamh a arna tosú ón bpointe céanna leis an tréimhse ama dá bhforáiltear chun ceart diúltaithe a fheidhmiú i leith an doiciméid a ghlacadh – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart chun leighis éifeachtach)

IO C 318, 22.8.2022, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/5


Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 7 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Bezirksgericht Bleiburg – an Ostair) – LKW WALTER Internationale Transportorganisation AG v CB, DF, GH

(Cás C-7/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Doiciméid a sheirbheáil - Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 - Airteagal 8(1) - Tréimhse seachtaien chun ceart diúltaithe a fheidhmiú i leith an doiciméid a ghlacadh - Ordú ar fhorghníomhú a rinneadh i mBallstát agus a seirbheáladh i mBallstát eile i dteanga an chéad Ballstáit amháin - Reachtaíocht ón gcéad Bhallstát lena bhforáiltear do thréimhse ocht lá chun agóid a chur isteach in aghaidh an ordaithe sin - Tréimhse ama ar féidir agóid a dhéanamh a arna tosú ón bpointe céanna leis an tréimhse ama dá bhforáiltear chun ceart diúltaithe a fheidhmiú i leith an doiciméid a ghlacadh - Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - An ceart chun leighis éifeachtach)

(2022/C 318/06)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bezirksgericht Bleiburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: LKW WALTER Internationale Transportorganisation AG

Cosantóirí: CB, DF, GH

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (“doiciméid a sheirbheáil”), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn:

go cuirtear bac leis ar reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an údarás a d’eisigh doiciméid le seirbheáil, lena leagtar síos pointe tosaigh na tréimhse seachtaine, dá dtagraítear in Airteagal 8(1), ar féidir le seolaí doiciméid den sórt sin diúltú dó a ghlacadh ar cheann de na forais a luaitear san fhoráil sin, arna tosú ón bpointe céanna leis an tréimhse ama chun leigheas a lorg i gcoinne an doiciméid sin sa Bhallstát sin.


(1)  IO C 88, 15.3.2021.


Top