Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TB0693

    Cás T-693/20: Ordú na Cúirte Ginearálta an 17 Feabhra 2023 – Hansol Paper v an Coimisiún (Dumpáil – Allmhairí páipéar teirmeach trom áirithe de thionscnamh na Cóiré Theas – Dleacht frithdhumpála chinntitheach – Rialachán (AE) 2016/1036 – Díolacháin trí chomhlachtaí gaolmhara – Comhdhéanamh an phraghais onnmhairiúcháin – Díobháil do thionscal an Aontais – Sladghearradh na bpraghsanna a ríomh – Corrlach díobhála a ríomh – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

    IO C 134, 17.4.2023, p. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    17.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 134/16


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 17 Feabhra 2023 – Hansol Paper v an Coimisiún

    (Cás T-693/20) (1)

    (Dumpáil - Allmhairí páipéar teirmeach trom áirithe de thionscnamh na Cóiré Theas - Dleacht frithdhumpála chinntitheach - Rialachán (AE) 2016/1036 - Díolacháin trí chomhlachtaí gaolmhara - Comhdhéanamh an phraghais onnmhairiúcháin - Díobháil do thionscal an Aontais - Sladghearradh na bpraghsanna a ríomh - Corrlach díobhála a ríomh - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

    (2023/C 134/22)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Hansol Paper Co. Ltd (Súl, an Chóiré Theas) (ionadaithe: B. Servais agus V. Crochet, Dlíodóirí)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Blanck agus G. Luengo, i gcáil Gníomhairí)

    Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: European Thermal Paper Association (ETPA) (Zurich, an Eilvéis) (ionadaithe: H. Hobbelen agus B. Vleeshouwers, Dlíodóirí)

    Ábhar

    Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1524 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2020, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí páipéar teirmeach trom áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré (IO 2020 L 346, lch. 19), a mhéid a bhaineann sé leis, ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith gan bhunús sa dlí go follasach.

    2)

    Ordaítear do Hansol Paper Co. Ltd na costais a íoc.


    (1)  IO C 19, 18.1.2021.


    Top