EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TB0666

Cás T-666/20: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Meitheamh 2023 – Thunus agus páirtithe eile v An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) (Státseirbhís – Foireann BEI – Luach saothair – Coigeartú bliantúil ar thuarastail – Pléadáil neamhdhleathachta – Res judicata – Deimhneacht dhlíthiúil – Ionchas dlisteanach – Comhairliúchán leis an bhfoireann – Oibleagáid maidir le cúiseanna a lua – Comhréireacht – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

IO C 296, 21.8.2023, p. 32–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 296/32


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Meitheamh 2023 – Thunus agus páirtithe eile v An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)

(Cás T-666/20) (1)

(Státseirbhís - Foireann BEI - Luach saothair - Coigeartú bliantúil ar thuarastail - Pléadáil neamhdhleathachta - Res judicata - Deimhneacht dhlíthiúil - Ionchas dlisteanach - Comhairliúchán leis an bhfoireann - Oibleagáid maidir le cúiseanna a lua - Comhréireacht - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

(2023/C 296/35)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Vincent Thunus (Contern, Lucsamburg) agus na cúigear iarratasóir eile a bhfuil a n-ainmneacha le feiceáil san iarscríbhinn a ghabhann leis an ordú (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

Cosantóirí: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: T. Gilliams, A. García Sánchez agus E. Manoukian, Gníomhairí, le cúnamh ó P.E. Partsch, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE agus Airteagal 50(a) de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, iarrann na hiarratasóirí, ar an gcéad dul síos, go gcuirfear cinntí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) ar neamhní, ar cinntí iad atá ina nduillíní tuarastail do Mhí an Mhárta 2020 agus ina dhiaidh sin, lena socraítear coigeartú bliantúil an bhuntuarastail a bheidh teoranta do 0,7 % le haghaidh 2020 agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an damáiste ábhartha a mhaíonn siad a bhain dóibh mar thoradh ar na cinntí sin.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith gan bhunús sa dlí go follasach.

2)

Ordaítear do Vincent Thunus agus na hiarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn a gcostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) a íoc.


(1)  IO C 28, 25.1.2021.


Top