Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TB0640

    Cás T-640/20: Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2022 – Validity v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú – Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Doiciméid a bhaineann le dréacht-ghlao ar thograí arna gcómhaoiniú ag CFRE – Doiciméid de thionscnamh Ballstáit – Diúltú páirteach rochtain a thabhairt – Nochtadh tar éis thaisceadh na caingne – An leas i dtionscnamh imeachtaí a chur ar iarraidh – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais – Iarraidh chun an t-iarratas a mhodhnú – Do-ghlacthacht i bpáirt)

    IO C 35, 30.1.2023, p. 61–62 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 35/61


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2022 – Validity v an Coimisiún

    (Cás T-640/20) (1)

    (Caingean le haghaidh neamhniú - Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Doiciméid a bhaineann le dréacht-ghlao ar thograí arna gcómhaoiniú ag CFRE - Doiciméid de thionscnamh Ballstáit - Diúltú páirteach rochtain a thabhairt - Nochtadh tar éis thaisceadh na caingne - An leas i dtionscnamh imeachtaí a chur ar iarraidh - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais - Iarraidh chun an t-iarratas a mhodhnú - Do-ghlacthacht i bpáirt)

    (2023/C 35/75)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Validity Foundation – Mental Disability Advocacy Centre (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: B. Van Vooren agus R. Oyarzabal Arigita, Dlíodóirí)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Herrmann agus A. Spina, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar Cinneadh C(2020) 5540 final ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2020, lenar dhiúltaigh an Coimisiún rochtain a thabhairt dó ar dhoiciméid a bhaineann le dréacht-ghlao ar thograí ó údaráis na hUngáire, agus ar an dara dul síos, Cinneadh C(2021) 2834 final ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021, lenar thug an Coimisiún rochtain dó ar na doiciméid sin, a neamhniú.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Ní gá a thuilleadh rialú a dhéanamh ar an iarratas go ndéanfar Cinneadh C(2020) 5540 final ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2020, lenar dhiúltaigh an Coimisiún do Validity Foundation – Mental Disability Advocacy Centre rochtain a fháil ar dhoiciméid a bhaineann le dréacht-ghlao ar thograí ó údaráis na hUngáire, a neamhniú.

    2)

    Diúltaítear don chuid eile den chaingean toisc é a bheith do-ghlactha.

    3)

    Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.


    (1)  IO C 9, 11.1.2021.


    Top