EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020TA0745
Case T-745/20: Judgment of the General Court of 31 January 2024 — Symphony Environmental Technologies and Symphony Environmental v Parliament and Others (Non-contractual liability — Environment — Directive (EU) 2019/904 — Prohibition on the placing on the market of products made from oxo-degradable plastic — Sufficiently serious breach of a rule of law intended to confer rights on individuals — No distinction between products made from oxo-degradable plastic and products made from oxo-biodegradable plastic — Impact assessment — Equal treatment — Proportionality)
Cás T-745/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – Symphony Environmental Technologies agus Symphony Environmental v Parlaimint na hEorpa agus páirtithe eile (Dliteanas neamhchonarthach – Comhshaol – Treoir (AE) 2019/904 – Toirmeasc ar tháirgí atá déanta as plaisteach ocsó-díghrádaithe a chur ar an margadh – Sárú sách tromchúiseach ar riail dlí a thugann cearta do dhaoine aonair – Gan idirdhealú idir táirgí a dhéantar as plaisteach ocsó-díghrádaithe agus táirgí a dhéantar as plaisteach ocsó-in-bhithdhíghrádaithe – Measúnú tionchair – Cóir chomhionann – Comhréireacht)
Cás T-745/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – Symphony Environmental Technologies agus Symphony Environmental v Parlaimint na hEorpa agus páirtithe eile (Dliteanas neamhchonarthach – Comhshaol – Treoir (AE) 2019/904 – Toirmeasc ar tháirgí atá déanta as plaisteach ocsó-díghrádaithe a chur ar an margadh – Sárú sách tromchúiseach ar riail dlí a thugann cearta do dhaoine aonair – Gan idirdhealú idir táirgí a dhéantar as plaisteach ocsó-díghrádaithe agus táirgí a dhéantar as plaisteach ocsó-in-bhithdhíghrádaithe – Measúnú tionchair – Cóir chomhionann – Comhréireacht)
IO C, C/2024/2146, 25.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2146/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2146 |
25.3.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – Symphony Environmental Technologies agus Symphony Environmental v Parlaimint na hEorpa agus páirtithe eile
(Cás T-745/20) (1)
(Dliteanas neamhchonarthach - Comhshaol - Treoir (AE) 2019/904 - Toirmeasc ar tháirgí atá déanta as plaisteach ocsó-díghrádaithe a chur ar an margadh - Sárú sách tromchúiseach ar riail dlí a thugann cearta do dhaoine aonair - Gan idirdhealú idir táirgí a dhéantar as plaisteach ocsó-díghrádaithe agus táirgí a dhéantar as plaisteach ocsó-in-bhithdhíghrádaithe - Measúnú tionchair - Cóir chomhionann - Comhréireacht)
(C/2024/2146)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Symphony Environmental Technologies plc (Borehamwood, an Ríocht Aontaithe), Symphony Environmental Ltd (Borehamwood) (ionadaithe: P. Selley, Solicitor, J. Holmes King’s Counsel, agus J. Williams, Barrister-at-law)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: L. Visaggio, C. Ionescu Dima agus W. Kuzmienko, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Maceroni agus M. Moore, Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: R. Lindenthal agus L. Haasbeek, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 268 CFAE, iarrann na hiarratasóirí cúiteamh as an damáiste a mhaíonn siad a bhain dóibh mar thoradh ar Airteagal 5 agus aithris 15 de Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (IO 2019 L 155, lch. 1), a mhéid atá feidhm ag an toirmeasc ar tháirgí atá déanta as plaisteach ocsó-díghrádaithe a chur ar an margadh a leagtar síos in Airteagal 5 agus aithris 15 maidir le plaisteach ocsó-in-bhithdhíghrádaithe.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Symphony Environmental Technologies plc agus Symphony Environmental Ltd chun na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2146/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)