Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0479

    Cás T-479/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Eurobolt agus páirtithe eile v an Coimisiún (Dumpáil – Síneadh ar an dleacht frith-dhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí de cheanglóirí áirithe iarainn nó cruach ar de thionscnamh na Síne iad go hallmhairí arna seoladh ón Malaeisia – Forfheidhmiú bhreithiúnas na Cúirte – Airteagal 266 CFAE – Ath-fhorchur dleacht frithdhumpála chinntitheach – Neamh-aisghníomhaíocht – Cosaint dlí éifeachtach – Prionsabal an dea-riaracháin – Inniúlacht údar an ghnímh)

    IO C 284, 25.7.2022, p. 25–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/25


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Eurobolt agus páirtithe eile v an Coimisiún

    (Cás T-479/20) (1)

    (Dumpáil - Síneadh ar an dleacht frith-dhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí de cheanglóirí áirithe iarainn nó cruach ar de thionscnamh na Síne iad go hallmhairí arna seoladh ón Malaeisia - Forfheidhmiú bhreithiúnas na Cúirte - Airteagal 266 CFAE - Ath-fhorchur dleacht frithdhumpála chinntitheach - Neamh-aisghníomhaíocht - Cosaint dlí éifeachtach - Prionsabal an dea-riaracháin - Inniúlacht údar an ghnímh)

    (2022/C 284/29)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóirí: Eurobolt BV (’s-Heerenberg, an Ísiltír), Fabory Nederland BV (Tilburg, an Ísiltír), ASF Fischer BV (Lelystad, an Ísiltír), Stafa Group BV (Maarheeze, an Ísiltír) (ionadaithe: S. De Knop, B. Natens agus A. Willems, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Maxian Rusche agus G. Luengo, Gníomhairí)

    Maidir le:

    Iarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/611 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena n-athfhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach a forchuireadh le Rialachán (CE) Uimh. 91/2009 ón gComhairle maidir le hallmhairí de cheanglóirí áirithe iarainn nó cruach ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad ar allmhairí arna seoladh ón Malaeisia, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na tíre sin iad nó ná bíodh (IO 2020, L 141, lch. 1).

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Eurobolt BV, Fabory Nederland BV, ASF Fischer BV agus Stafa Group BV na costais a íoc.


    (1)  IO C 304, an 14.9.2020.


    Top