Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0301

    Cás T-301/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics agus Jushi Egypt for Fiberglass Industry v an Coimisiún (Dumpáil – Allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 – Dleacht frithdhumpála chinntitheach – Ríomh an ghnáthluacha – Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2016/1036 – Earráid fhollasach measúnaithe – Díobháil – Ríomh an chorrlaigh shladghearrtha)

    IO C 134, 17.4.2023, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    17.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 134/7


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics agus Jushi Egypt for Fiberglass Industry v an Coimisiún

    (Cás T-301/20) (1)

    (Dumpáil - Allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 - Dleacht frithdhumpála chinntitheach - Ríomh an ghnáthluacha - Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2016/1036 - Earráid fhollasach measúnaithe - Díobháil - Ríomh an chorrlaigh shladghearrtha)

    (2023/C 134/08)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóirí: Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics SAE (Ain Soukhna, an Éigipt), Jushi Egypt for Fiberglass Industry SAE (Ain Soukhna) (ionadaithe: B. Servais agus V. Crochet, Dlíodóirí)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Němečková agus G. Luengo, Gníomhairí)

    Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Tech-Fab Europe eV (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: L. Ruessmann agus J. Beck, Dlíodóirí)

    Ábhar

    Trína gcaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt go ndéanfaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO 2020 L 108, lch. 1) a neamhniú, a mhéid a bhaineann sé leo.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don achomharc.

    2)

    Ordaítear do Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics SAE agus Jushi Egypt for Fiberglass Industry SAE a gcostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, a íoc.

    3)

    Ordaítear do Tech-Fab Europe eV a chostais féin a íoc.


    (1)  IO C 247, 27.7.2020.


    Top