Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0275

    Cás T-275/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Samhain 2022 – Westfälische Drahtindustrie agus páirtithe eile v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú agus cúitimh – Iomaíocht – Cairtéil – Margadh europach do chruach réamhstrusála – Cinneadh lena gcinntear go raibh sárú ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE – An oibleagáid ráthaíocht bainc a sholáthar a chur ar fionraí – Sceideal íocaíochtaí arna ndéanamh ar bhonn eatramhach – Breithiúnas lena gcuirtear cinneadh ar neamhní go páirteach agus lena socraítear fíneáil atá comhionann leis an bhfíneáil a gearradh ar dtús – Íocaíochtaí arna ndéanamh ar bhonn sealadach a leithdháileadh – Ús ar riaráistí – An chéad mhír d'Airteagal 266 CFAE – Saibhriú éagórach – Sárú sách tromchúiseach ar riail dlí a thugann cearta do dhaoine aonair – Íocaíocht mhíchuí a aisghabháil – Easpa bunúis dlí – Neamhdhleathacht)

    IO C 35, 30.1.2023, p. 48–48 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 35/48


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Samhain 2022 – Westfälische Drahtindustrie agus páirtithe eile v an Coimisiún

    (Cás T-275/20) (1)

    (Caingean le haghaidh neamhniú agus cúitimh - Iomaíocht - Cairtéil - Margadh europach do chruach réamhstrusála - Cinneadh lena gcinntear go raibh sárú ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE - An oibleagáid ráthaíocht bainc a sholáthar a chur ar fionraí - Sceideal íocaíochtaí arna ndéanamh ar bhonn eatramhach - Breithiúnas lena gcuirtear cinneadh ar neamhní go páirteach agus lena socraítear fíneáil atá comhionann leis an bhfíneáil a gearradh ar dtús - Íocaíochtaí arna ndéanamh ar bhonn sealadach a leithdháileadh - Ús ar riaráistí - An chéad mhír d'Airteagal 266 CFAE - Saibhriú éagórach - Sárú sách tromchúiseach ar riail dlí a thugann cearta do dhaoine aonair - Íocaíocht mhíchuí a aisghabháil - Easpa bunúis dlí - Neamhdhleathacht)

    (2023/C 35/55)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóirí: Westfälische Drahtindustrie GmbH (Hamm, an Ghearmáin), Westfälische Drahtindustrie Verwaltungsgesellschaft mbH & Co. KG (Hamm), Pampus Industriebeteiligungen GmbH & Co. KG (Iserlohn, an Ghearmáin) (ionadaithe: O. Duys agus N. Tkatchenko, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Rossi agus L. Mantl, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Lena gcaingean, , iarrann na hiarratasóirí, ar an gcéad dul síos, faoi Airteagal 263 CFAE, go gcuirfí litir an Choimisiúin Eorpaigh an 2 Márta 2020 faoinar thug sé fógra foirmiúil dóibh suim EUR 12 236 931,69 a íoc leis ag freagairt, dar leis, d'iarmhéid gan íoc na fíneála a gearradh orthu an 30 Meán Fómhair 2010 ar neamhní; ar an dara dul síos, íocaíocht na fíneála ina iomláine trí shuim EUR 18 149 636,24 a bheith íoctha an 17 Deireadh Fómhair 2019 a admháil, agus, ar an tríú dul síos, a ordú don Choimisiúin suim EUR 1 633 085,17, móide ús ón dáta sin, a íoc le WDI, mar gheall ar shaibhriú éagórach na hinstitiúide sin. Éilíonn na hiarratasóirí, sa rogha eile, ar bhonn Airteagal 268 CFAE, ordú go n-íocfaidh an Coimisiún suim EUR 12 236 931,69 leo, arna éileamh ag an gCoimisiún ón iarratasóir WDI, agus suim atá comhionann le méid na ró-íocaíochta a fuair an institiúid sin, suas le EUR 1 633 085,17, móide ús ón 17 Deireadh Fómhair 2019 go dtí go n-aisíocfar an tsuim atá dlite ina iomláine.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Westfälische Drahtindustrie GmbH, Westfälische Drahtindustrie Verwaltungsgesellschaft mbH & Co. KG et Pampus Industriebeteiligungen GmbH & Co. KG na costais a íoc.


    (1)  IO C 247 an 27.7.2020.


    Top