Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0230

    Cás T-230/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – PNB Banka v BCE (Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa – Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 – Cúraimí maoirseachta sonracha ag an BCE – Cinneadh údarú na hinstitiúide creidmheasa PNB Banka a tharraingt siar – Togra chun údarú an údaráis inniúil náisiúnta a tharraingt siar – Cinneadh dócmhainneachta PNB Banka – Tréimhse réasúnta – Oibleagáid cúiseanna a lua – Comhréireacht)

    IO C 35, 30.1.2023, p. 47–48 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 35/47


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – PNB Banka v BCE

    (Cás T-230/20) (1)

    (Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa - Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 - Cúraimí maoirseachta sonracha ag an BCE - Cinneadh údarú na hinstitiúide creidmheasa PNB Banka a tharraingt siar - Togra chun údarú an údaráis inniúil náisiúnta a tharraingt siar - Cinneadh dócmhainneachta PNB Banka - Tréimhse réasúnta - Oibleagáid cúiseanna a lua - Comhréireacht)

    (2023/C 35/54)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: PNB Banka AS (Ríge, an Laitvia) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)

    Cosantóir: an Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: C. Hernández Saseta, F Bonnard agus V. Hümpfner, Gníomhairí)

    Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Laitvia (ionadaithe: K. Pommere, J. Davidoviča agus E. Bārdiņš, Gníomhairí)

    Ábhar

    Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) an 17 Feabhra 2020, ECB-SSM-220-LVPNB-1, WHD-2019-0016 lenar tarraingíodh siar a údarú institiúid creidmheasa, a neamhniú.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do PNB Banka AS a chostais féin agus iad siúd a thabhaigh an Banc Ceannais Eorpach, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha, a íoc.

    3)

    Ordaítear do Phoblacht na Laitvia a costais féin a íoc.


    (1)  IO C 209, 22.6.2020.


    Top