EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0659

Breithiúnas na Cúirte (An Ceathrú Dlísheomra) 2022 Méan Fómhair 8.
ET v Ministerstvo životního prostředí.
Tarchur chun réamhrialú — Speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú — Rialachán (CE) Uimh. 338/97 — Airteagal 8(3)(d) — Coincheap "eiseamail de speicis ainmhíocha a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas” — Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 — Airteagal 1(3) — Coincheap an “stoic phórúcháin” — Airteagal 54(2) — Comhdhéanamh an stoic phórúcháin — Rialú ginealaigh.
Cás C-659/20.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:642

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Ceathrú Dlísheomra)

8 Meán Fómhair 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú — Speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú — Rialachán (CE) Uimh. 338/97 — Airteagal 8(3)(d) — Coincheap "eiseamail de speicis ainmhíocha a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas” — Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 — Airteagal 1(3) — Coincheap an “stoic phórúcháin” — Airteagal 54(2) — Comhdhéanamh an stoic phórúcháin — Rialú ginealaigh)

I gCás C-659/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Nejvyšší správní soud (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, Poblacht na Seice), trí bhreith an 25 Samhain 2020, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 4 Nollaig 2020, sna himeachtaí idir

ET

agus

Ministerstvo životního prostředí,

Tugann AN CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar a leanas: C. Lycourgos, Uachtarán ar Dhlísheomra, S. Rodin (Rapóirtéir), J.-C. Bonichot, L. S. Rossi agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: L. Medina,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

ET, ag P. Pařil, advokát,

Rialtas na Seice, ag L. Dvořáková, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Slóvaice, ag S. Ondrášiková, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, ag P. Ondrůšek agus C. Valero, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 3 Márta 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 1(3) agus 54(2) de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú (IO 2006 L 166, lch. 1).

2

Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí achomhairc idir ET agus Ministerstvo životního prostředí (an Aireacht Comhshaoil, Poblacht na Seice) maidir le maolú a dheonú ón toirmeasc ar ghníomhaíochtaí tráchtála i leith cúig eiseamal den mhacá búch (Anodorhynchus hyacinthinus).

An dlí lena mbaineann

Dlí idirnáisiúnta

3

Is é an cuspóir atá ag an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol, sínithe in Washington an 3 Márta 1973 (Recueil des traités des Nations unies, Imleabhar 993, Uimh. I-14537, (“CITES”), ná a chinntiú nach ndéanfar dochar do chaomhnú na bithéagsúlachta trí thrádáil idirnáisiúnta sna speicis atá liostaithe ina aguisíní, chomh maith le páirteanna agus díorthaigh díobh, agus go mbeidh sé bunaithe ar úsáid inbhuanaithe speiceas fiáin.

4

Rinneadh CITES, ar tháinig an tAontas Eorpach ina pháirtí ann an 8 Iúil 2015, a chur i bhfeidhm laistigh den Aontas ón 1 Eanáir 1984 de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 3626/82 ón gComhairle an 3 Nollaig 1982, maidir leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (IO 1982 L 384, lch. 1) a chur i bhfeidhm sa Chomhphobal. Rinneadh an Rialachán sin a aisghairm le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú (IO 1997 L 61, lch. 1), a bhforáiltear leis an dara mír d’Airteagal 1 de go mbeidh feidhm ag an Rialachán sin i gcomhréir le cuspóirí, prionsabail agus forálacha CITES.

5

Foráiltear le hAirteagal II(1) de CITES, dar teideal “Prionsabail bhunúsacha”:

“Áireofar in Iarscríbhinn I gach speiceas atá i mbaol a bhfuil nó a bhféadfadh tionchar a bheith ag an trádáil orthu. Ní mór trádáil in eiseamail de na speicis sin a bheith faoi réir rialacháin atá an-dian ionas nach gcuirfear a marthanas i mbaol, agus ní mór í a údarú ach amháin in imthosca eisceachtúla.”

6

Ón 22 Deireadh Fómhair 1987 i leith, tá an speiceas Macá Búch san áireamh in Iarscríbhinn I de CITES.

7

Fóráiltear le mír 1(c) de Rún 10.16 ó Chomhdháil na bPáirtithe i CITES (“Rún Comhdhála 10.16”) dar teideal ‘Maidir leis an téarmaíocht’ mar a leanas:

“GLACANN [Comhdháil na bPáirtithe in CITES] na sainmhínithe seo a leanas ar na téarmaí a úsáidtear sa Rún seo:

[...]

c)

ciallaíonn ‘stoc pórúcháin’ d’oibríocht phórúcháin gach ainmhí de chuid oibríochta a úsáidtear le haghaidh pórúcháin [...]”.

8

Foráiltear an méid seo a leanas le mír 2(b)(ii)(A) den Rún sin, dar teideal “Maidir leis an téarma “a tógadh i mbraighdeanas””:

“CINNEANN [Comhdháil na bPáirtithe in CITES]

[...]

b)

go léirítear an téarma “a tógadh i mbraighdeanas” mar théarma nach dtagraíonn ach d’eiseamail, mar a mhínítear in Airteagal I(b) de CITES, a rugadh nó a táirgeadh ar bhealach eile i dtimpeallacht rialaithe agus nach bhfuil feidhm aige ach amháin:

[...]

ii)

más rud é go bhfuil an stoc pórúcháin, chun sástacht údaráis inniúla rialtas na tíre onnmhairithe:

A.

bunaithe i gcomhréir le forálacha CITES agus leis na dlíthe ábhartha náisiúnta agus ar bhealach nach ndéanann dochar do mharthanas an speicis san fhiántas”.

9

Sonraítear in Airteagal 5(a) de Rún 12.10 ó Chomhdháil na bPáirtithe in CITES (“Rún Comhdhála 12.10”):

“CINNEANN [Comhdháil na bPáirtithe in CITES]:

a)

nach féidir oibríocht a chlárú faoin nós imeachta atá leagtha amach sa Rún seo ach amháin más féidir na heiseamail a chuireann sí ar fáil a cháiliú mar eiseamail “a tógadh i mbraighdeanas” de réir fhorálacha Rún Comhdhála 10.16 (Rev.)”.

10

Liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rún Comhdhála 12.10 dar teideal “Faisnéis atá le soláthar don Rúnaíocht ag an údarás bainistíochta maidir leis na hoibríochtaí atá le clárú”, 16 chatagóir de shonraí nach mór a chur in iúl do Rúnaíocht CITES, lena n-áirítear, go háirithe, ainm agus seoladh úinéir agus bhainisteoir na hoibríochta pórúcháin i mbraighdeanas, dáta bunaithe na hoibríochta sin agus cur síos ar na háiseanna atá beartaithe chun an beostoc a choinneáil agus chun éalú eiseamail a chosc.

Dlí an Aontais Eorpaigh

Rialachán Uimh. 338/97

11

Foráiltear mar seo a leanas in aithris 10 de Rialachán Uimh. 338/97:

“de bhrí gur gá, d’fhonn an chosaint is iomláine is féidir a áirithiú do na speicis a chumhdaítear leis an Rialachán seo, forálacha a leagan síos chun trádáil agus gluaiseacht laistigh den Chomhphobal mar aon le coinníollacha maidir le heiseamail a choinneáil a rialú; de bhrí gur cheart go mbeadh deimhnithe a eisítear faoin Rialachán seo, a rannchuidíonn le rialú na ngníomhaíochtaí sin, faoi réir rialacha comhchoiteanna maidir le heisiúint, bailíocht agus úsáid na ndeimhnithe sin.”

12

Faoin gcéad mhír d’Airteagal 1 de Rialachán Uimh. 338/97, dar teideal “Ábhar”:

“Is é cuspóir an Rialacháin seo speicis fána agus flóra fiáine a chosaint agus a gcaomhnú a áirithiú trí thrádáil iontu a rialú i gcomhréir leis na hAirteagail seo a leanas.”

13

Foráiltear le hAirteagal 8(1) agus (2), agus (3)(d), den Rialachán sin, dar teideal “Forálacha a bhaineann le gníomhaíochtaí tráchtála a rialú”:

“1.   Maidir le heiseamail de speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn A, toirmeascfar iad a cheannach, iad a thairiscint le ceannach, iad a fháil chun críocha tráchtála, iad a chur ar taispeáint don phobal chun críocha tráchtála, iad a úsáid ar mhaithe le gnóthachan agus díolachán tráchtála, iad a choinneáil lena ndíol, iad a thairiscint lena ndíol nó a iompar lena ndíol.

2.   Féadfaidh Ballstáit coinneáil eiseamal a thoirmeasc, go háirithe ainmhithe beo de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn A.

3.   I gcomhréir le ceanglais gníomhartha reachtacha eile de chuid an Chomhphobail a bhaineann le fána agus flóra fiáine a chaomhnú, féadfar maolú ar na toirmisc dá dtagraítear i mír 1 a dheonú trí bhíthin údarás bainistíochta de chuid an Bhallstáit, ina bhfuil na heiseamail lonnaithe, deimhniú a eisiúint chuige sin, ar bhonn gach cáis ar leith, más rud é, maidir leis na heiseamail:

[...]

d)

gur eiseamail iad de speiceas ainmhithe a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas, nó eiseamail de speiceas planda a iomadaíodh go saorga nó codanna nó díorthaigh d'eiseamail den sórt sin.

14

Tá an speiceas Anodorhynchus, lena n-áirítear ainmhithe ar a bhfuil na hainmneacha coitianta “Macánna búcha” orthu, liostaithe in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán sin.

Rialachán Uimh. 865/2006

15

Luaitear an méid seo a leanas in aithris 1 de Rialachán Uimh. 865/2006:

“Ní mór foráil a dhéanamh chun Rialachán (CE) Uimh. 338/97 a chur chun feidhme agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha [CITES] go hiomlán”.

16

Foráiltear le hAirteagal 1(3) den Rialachán sin, dar teideal “Sainmhínithe”:

Chun críocha an Rialacháin seo, agus i dteannta leis na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 338/97, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

3)

ciallaíonn “stoc pórúcháin” gach ainmhí in oibríocht phórúcháin a úsáidtear chun críocha pórúcháin”.

17

In Airteagal 54(2) den Rialachán sin, dar teideal “Eiseamail de speicis ainmhithe a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas”, luaitear an méid seo a leanas:

“Gan dochar d’Airteagal 55, ní mheasfar gur rugadh agus gur tógadh eiseamal de speiceas ainmhí i mbraighdeanas ach amháin má tá údarás bainistíochta inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás inniúil eolaíochta de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, sásta go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

[...]

2)

gur bunaíodh an stoc pórúcháin i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme maidir leis ar an dáta a fuarthas é agus ar bhealach nach ndéanann dochar do mharthanas an speicis lena mbaineann san fhiántas”.

18

Faoi Airteagal 55 de Rialachán Uimh. 865/2006, dar teideal “Ginealach a bhunú”:

“Más rud é, chun críocha Airteagal 54, Airteagal 62(1) nó Airteagal 63(1), go measann údarás inniúil gur gá teacht ar ghinealach ainmhí de bharr tástála fola nó fíocháin, cuirfear torthaí na hanailíse sin nó na samplaí is gá ar fáil i gcomhréir le treoracha an údaráis sin.”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

19

Tógann ET pearóidí i bPoblacht na Seice. An 21 Eanáir 2015, rinne sé iarratas ar an krajský úřad (údarás réigiúnach, Poblacht na Seice) inniúil ar mhaolú ar an toirmeasc ar ghníomhaíochtaí tráchtála i ndáil le cúig eiseamal pearóide Macá búch (Anodorhynchus hyacinthinus) a rugadh sa bhliain 2014 ina phórú.

20

Allmhairíodh seantuismitheoirí na bpearóidí sin (“an lánúin seantuismitheoirí”) den chéad uair isteach sa Bhratasláiv (an tSlóvaic) ag saoránach Uragua agus ina dhiaidh sin, i gcarr, isteach i bPoblacht na Seice i mí an Mheithimh 1993 ag FU, in imthosca nach raibh ag luí le CITES.

21

Le linn iompar go Poblacht na Seice, stopadh an fheithicil ag an teorainn ag na húdaráis chustaim agus coigistíodh an lánúin seantuismitheoirí trí chinneadh riaracháin. Mar sin féin, rinne an Vrchní soud v Praze (Cúirt Uachtarach Phrág, Poblacht na Seice) an cinneadh sin a neamhniú in 1996.

22

Ansin, thug an t-údarás riaracháin inniúil an lánúin seantuismitheorí ar ais do FU, a thug ar iasacht ansin iad do thríú duine darbh ainm GV. Fuair GV lánúin (“an lánúin tuismitheoirí”) sa bhliain 2000, a thóg sí. Fuair ET an lánúin seo ó GV, i rith na bliana sin, gan bailíocht an aistrithe úinéireachta a chonspóid.

23

Dhiúltaigh an t-údarás réigiúnach inniúil an maolú a d’iarr ET an 21 Eanáir 2015 a dheonú, ar bhonn thuairim ón Agentura ochrany přírody a krajiny ČR (Gníomhaireacht um Chosaint an Dúlra agus na Tírdhreacha de Phoblacht na Seice), a bhain le comhoiriúnacht éadáil stoic phórúcháin ag ET le hAirteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 856/2006. De réir na tuairime sin, ní fhéadfaí a rá go cinnte gur bunaíodh an stoc sin de réir na bhforálacha dlíthiúla, ós rud é go raibh go leor neamhrialtachtaí i gcláir 1998, inar luadh an lánúin seantuismitheorí, agus nach raibh aon fhaisnéis eile iontu maidir le bunús na n-eiseamal i gceist.

24

Thug ET caingean riaracháin i gcoinne an diúltaithe sin, inar áitigh sé go raibh míléamh déanta ag an údarás réigiúnach inniúil ar choincheap an “stoic phórúcháin”, ós rud é nach raibh i stoc den sórt sin, ina thuairim féin, ach lánúin tuismitheoirí agus a sliocht, agus mar thoradh air sin nach raibh an t-údarás sin údaraithe chun bunús an lánúin seantuismitheoirí a scrúdú.

25

Rinne an Aireacht Comhshaoil an chaingean sin a dhíbhe, agus é den tuairim go raibh an bealach ina bhfuarthas an lánúin seantuismitheoirí cinntitheach agus nach bhféadfaí maolú a thabhairt do ET, ós rud é nach raibh sé ábalta bunús na lánúine sin a léiriú.

26

Rinne ET achomharc os comhair Krajský soud v Hradci Králové (an Chúirt Réigiúnach, Hradec Králové, Poblacht na Seice) i gcoinne an chinnidh lena ndéantar a chaingean riaracháin a dhíbhe.

27

Dhiúltaigh an chúirt sin a achomharc ar an bhforas nach féidir trádáil i bpearóidí den speiceas Anodorhynchus a údarú ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 54 de Rialachán Uimh. 865/2006. De réir na cúirte sin, níor comhlíonadh aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 54(2) den Rialachán sin sa chás sin.

28

Go sonrach, chinn Krajský soud v Hradci Králové (an Chúirt Réigiúnach, Hradec Králové), go raibh CITES i bhfeidhm sa Bhallstát sin ar an dáta a allmhairíodh an lánúin seantuismitheoirí isteach i bPoblacht na Seice agus go raibh CITES ionchorpraithe sa dlíchóras intíre leis an reachtaíocht náisiúnta. Chinn an chúirt sin, ar an gcéad dul síos, de réir na bhforálacha lenar trasuíodh CITES i ndlí na Seice, go bhfuil sé ceadaithe bunús an stoic phórúcháin a scrúdú suas go dtí lánúin seantuismitheoirí agus, ar an dara dul síos, de réir bhrí Rialachán Uimh. 865/2006, go gcumhdaíonn coincheap an “stoic phórúcháin”, de réir bhrí Rialachán Uimh. 865/2006, na trí ghlúin pearóidí sa chás seo, agus dá bhrí sin go bhféadfadh an t-údarás réigiúnach inniúil cruthúnas ar bhunús na lánúine seantuismitheoirí a éileamh.

29

Rinne ET achomharc ar phointe dlí i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair an Nejvyšší správní soud (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, Poblacht na Seice), ag maíomh go ndearna an Krajský soud v Hradci Králové (an Chúirt Réigiúnach, Hradec Králové) míléamh ar choincheap an “stoic phórúcháin” de réir bhrí Rialachán Uimh. 865/2006.

30

Thug an Nejvyšší správní soud (an Chúirt Riaracháin Uachtarach) dá haire nach bhfuil sé faoi dhíospóid ag na páirtithe sna príomhimeachtaí, ar dtús, gur rugadh an lánúin tuismitheoirí i mbraighdeanas, sa bhliain 2000, i bPoblacht na Seice, agus go raibh a bhfáil ag ET, mar sin, dleathach, agus ar an dara dul síos, go bhfuil amhras faoi bhunús na lánúine seantuismitheoirí. Dá réir sin, fiafraíonn an chúirt sin, sa chéad áit, an bhfuil sliocht na n-ainmhithe sin atá lonnaithe ar chríoch Bhallstáit san áireamh i gcoincheap an “stoic phórúcháin” de réir bhrí Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006.

31

Sa dara háit, dá mba rud é go ndéanfaí coincheap an “stoic phórúcháin” a léirmhíniú go docht, thiocfadh an cheist chun cinn an dtagraíonn an coincheap “comhdhéanamh” de stoc den sórt sin, atá le feiceáil in Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006, ach amháin, sa chás seo, do lánúin tuismitheoirí a fháil a úsáidtear chun pórú a dhéanamh nó, ar a mhalairt, do thús na líne pórúcháin, eadhon, sa chás seo, fáil na lánúine seantuismitheoirí.

32

Sa tríú háit, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur cibé an bhfuil imthosca sonracha áirithe fós le cur san áireamh agus an iarraidh ar mhaolú ó ET á breithniú.

33

Maidir leis sin, cuireann an chúirt sin in iúl go bhfuair ET an lánúin tuismitheoirí go dleathach agus, ar dháta na fála sin, ar dtús, nach raibh Poblacht na Seice ina ball den Aontas Eorpach, agus ar an dara dul síos, cé go raibh CITES i bhfeidhm ansin, leis an reachtaíocht náisiúnta lenar trasuíodh CITES, ní raibh gá le deimhniú a eisiúint, de réir bhrí CITES, i gcás aistrithe laistigh den Stát céanna. Dá réir sin, measann an chúirt sin go bhféadfadh ionchas dlisteanach a bheith ag ET go gceadófaí trádáil shliocht na lánúine tuismitheoirí sin, i bPoblacht na Seice ar a laghad.

34

Ina theannta sin, measann an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfadh sé gur ghá an fhíric gur tugadh an lánúin seantuismitheorí ar ais do FU de bhun cinnidh bhreithiúnaigh a chur san áireamh agus iarratas ar mhaolú á scrúdú, chomh maith le hargóint ó ET go laghdófaí an t-éileamh ar cheannach neamhdhleathach eiseamal a ghabhtar san fhiántas dá ndéanfaí trádáil in eiseamail a rugadh i mbraighdeanas. Ar deireadh, áitíonn an chúirt sin, i gcás nach ndeonaítear an maolú atá á lorg ag ET, go laghdófaí a ceart chun úinéireachta go dtí an ceart chun an lánúin tuismitheoirí a choinneáil agus, b’fhéidir, a sleachta, gan bheith in ann iad a dhiúscairt go dleathach.

35

Sna himthosca sin, chinn an Nejvyšší správní soud (an Chúirt Riaracháin Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais chun réamhrialú a fháil:

“1)

Maidir le heiseamail arb iad tuismitheoirí na n-eiseamal ar thóg tógálaí formheasta iad, cé nach raibh siad riamh faoi úinéireacht ná faoi choinneáil ag an tógálaí sin, an bhfuil siad ina gcuid den “stoc pórúcháin” de réir bhrí Rialachán [Uimh. 865/2006]?

2)

Más é an freagra ar an gcéad cheist nach bhfuil na heiseamail tuismitheora ina gcuid den stoc pórúcháin, an bhfuil na húdaráis inniúla i dteideal, agus scrúdú á dhéanamh acu ar chomhlíonadh an choinníll atá leagtha síos in Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006 maidir le bunús dlíthiúil stoic gan dochar a dhéanamh do mharthanas eiseamail fhiáine, bunús an eiseamail tuismitheoirí a fhíorú agus teacht ar chonclúidí i dtaobh ar foirmíodh an stoc pórúcháin de réir na rialacha a leagtar síos in Airteagal 54(2) den Rialachán sin?

3)

Agus scrúdú á dhéanamh ar chomhlíonadh an choinníll a leagtar síos in Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006 maidir le bunús dlíthiúil stoic gan dochar a dhéanamh do mharthanas eiseamail fhiáine, an bhféadfar imthosca eile an cháis a chur san áireamh (go háirithe an meon macánta tráth aistrithe na n-eiseamal agus an t-ionchas dlisteanach go mbeidh trádáil a sleachta indéanta, agus, i gcás inarb iomchuí, an reachtaíocht nach raibh chomh dian sin a bhí i bhfeidhm i bPoblacht na Seice roimh aontachas Phoblacht na Seice leis an Aontas Eorpach)?”

Na ceisteanna arna dtarchur i gcomhair réamhrialú

An chéad cheist

36

Lena céad cheist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 865/2006 a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn go gcumhdaíonn coincheap an “stoic phórúcháin”, de réir bhrí na forála sin, sinsear na n-eiseamal a tógadh in oibríocht phórúcháin, nach raibh riamh faoi úinéireacht nó i seilbh na hoibríochta sin.

37

De réir cásdlí socraithe, agus foráil de dhlí an Aontais á léirmhíniú, is gá a chur san áireamh ní hamháin foclaíocht na forála sin, ach an comhthéacs ina bhfuil sí chomh maith, agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha lena mbaineann sí (breithiúnas an 8 Nollaig 2020, Staatsanwaltschaft Wien (Orduithe aistrithe bréagacha), C-584/19, EU:C:2020:1002, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

Maidir leis sin, sa chéad áit, maidir le léirmhíniú liteartha ar Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 865/2006, leanann sé ón bhforáil sin go gcumhdaítear le coincheap an “stoic phórúcháin” na hainmhithe uile de chuid oibríochta pórúcháin a úsáidtear chun críche pórúcháin.

39

Mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i míreanna 36 agus 37 dá Tuairim, ní leor foclaíocht Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 865/2006 ann féin chun deireadh a chur leis an débhríocht maidir leis an léirmhíniú atá le tabhairt ar an bhforáil sin, ós rud é go moltar bríonna éagsúla leis na leaganacha teanga éagsúla den fhoráil sin. Go deimhin, cé go leanann sé ó roinnt leaganacha teanga, amhail na leaganacha Fraincise, Spáinnise, Gearmáinise nó Laitvise, nach mbaineann coincheap an “stoic phórúcháin”, de réir bhrí na forála sin, ach le hainmhithe atá i láthair in oibríocht phórúcháin, eadhon, suíomh ar leith le struchtúir atá oiriúnach chun ainmhithe a choinneáil, tagraíonn leaganacha teanga eile, amhail na leaganacha Gréigise, Béarla, Cróitise nó Slóivéinise, do na hainmhithe go léir i bpróiseas pórúcháin, agus d’fhéadfadh go n-áiríonn siad sinsear eiseamail nach raibh riamh faoi úinéireacht nó i seilbh oibríochta pórúcháin.

40

Mar sin féin, níl aon amhras ann ach nach féidir leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i leagan teanga amháin d’fhoráil de dhlí an Aontais a bheith ina bhunús amháin do léirmhíniú na forála sin nó nach féidir tosaíocht a thabhairt don fhoclaíocht a úsáidtear i gceann de na leaganacha teanga d’fhoráil de dhlí an Aontais thar na leaganacha teanga eile, ós rud é nach mór forálacha dhlí an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, i bhfianaise na leaganacha atá bunaithe i dteangacha uile an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Márta 2021, A, C-950/19, EU:C:2021:230, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41

Sna himthosca sin, is gá scrúdú a dhéanamh, sa dara háit, ar chomhthéacs Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 865/2006 agus ar na cuspóirí arna saothrú leis an bhforáil sin agus ar na rialacha lena mbaineann sí.

42

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a luaitear in aithris 1 de Rialachán Uimh. 865/2006, gurb é is cuspóir don Rialachán sin, ar an gcéad dul síos, ná cur chun feidhme Rialachán Uimh. 338/97 a áirithiú agus, ar an dara dul síos, a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha CITES go hiomlán, agus dá bhrí sin, mar a leagtar béim air in aithris 10 den Rialachán sin, an chosaint is iomláine is féidir a áirithiú do speicis fána agus flóra fiáine trí thrádáil iontu a rialú.

43

Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta le fios i bhfonóta 19 dá Tuairim, dealraíonn sé ó Iarscríbhinn I de Rún Comhdhála 12.10, faoi chuimsiú CITES, i gcás clárú oibríochta pórúcháin i mbraighdeanas gur gá oibríocht den sórt sin, a húinéir agus a bainisteoir a shainaithint go beacht, chomh maith leis na háiseanna atá beartaithe chun an stoc a choinneáil. Dá bhrí sin, ní féidir an coincheap sin de “oibríocht” a thuiscint, i gcomhthéacs Rialachán Uimh. 865/2006, mar thagairt do phróiseas tógála amháin, scoite ó aon suiteáil fhisiciúil ar leith.

44

Is léir ó na breithnithe uile roimhe seo nach mór Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 865/2006 a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn nach gcumhdaítear leis an gcoincheap “stoic pórúcháin”, de réir bhrí na forála sin, sinsear na n-eiseamal a tógadh in oibríochta pórúcháin, nach raibh riamh faoi úinéireacht nó i seilbh na hoibríochta sin.

An dara agus an tríú ceist

45

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhfuil toirmeasc, faoi Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 338/97, ar eiseamail de speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán sin a dhíol. Le hAirteagal 8(3) den Rialachán sin, áfach, ceadaítear do na Ballstáit maolú ar thoirmeasc den sórt sin, go háirithe, i gcás inar eiseamail a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas na heiseamail de speiceas ainmhí atá liostaithe san Iarscríbhinn A sin atá beartaithe le díol. De réir Airteagal 54 de Rialachán Uimh. 865/2006, ní mheasfar gur rugadh agus gur tógadh eiseamal de speiceas ainmhí i mbraighdeanas ach amháin, go háirithe, má tá údarás bainistíochta sásta gur foirmíodh an stoc pórúcháin de réir na bhforálacha dlíthiúla a bhí infheidhme maidir leis ar an dáta a fuarthas é agus ar shlí nach ndéanann dochar do mharthanas an speicis lena mbaineann san fhiántas.

46

Ar an dara dul síos, dealraíonn sé ón gcomhad atá os comhair na Cúirte gur diúltaíodh údarú a thabhairt do ET na pearóidí atá i gceist sna príomhimeachtaí a dhíol, ar an bhforas nach bhféadfaí a mheas gur rugadh agus tógadh i mbraighdeanas iad, de réir bhrí Airteagal 8(3) de Rialachán Uimh. 338/97, toisc gur allmhairigh tríú páirtí an lánúin seantuismitheorí isteach i bPoblacht na Seice i mbealach neamhrialta. De réir an méid atá luaite i mír 44 den bhreithiúnas seo, ní féidir an lánúin sin a mheas mar chuid den stoc pórúcháin atá i seilbh ET, ós rud é nach raibh siad riamh faoi úinéireacht aige nó ina sheilbh riamh.

47

Ar an tríú dul síos, leanann sé ón ordú tarchuir gur féidir na heiseamail a tógadh ón bhfiántas a chinneadh, i measc shliocht na bpearóidí atá i gceist sna príomhimeachtaí, toisc gur talamh coitianta é idir na páirtithe sna príomhimeachtaí gurb í an lánúin seantuismitheorí atá i gceist sa chás seo.

48

Is i bhfianaise na mbreithnithe sin a thugann an Chúirt freagra ar an dara ceist agus ar an tríú ceist.

49

Dá réir sin, caithfear a mheas, trína dara agus tríú ceist, ab iomchuí a scrúdú le chéile, go n-iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ("an Chairt") agus prionsabal um chosaint ionchais dhlisteanacha, a léirmhíniú mar ní a chuireann bac ar eiseamal, arna sealbhú ag tógálaí, de speiceas ainmhí atá liostaithe in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 338/97, a mheas mar eiseamal a rugadh agus tógadh i mbraighdeanas, de réir bhrí Airteagal 8(3) den Rialachán sin, sa chás go bhfuarthas sinsear an eiseamail sin, nach cuid de stoc pórúcháin an tógálaí sin, ag tríú páirtí, roimh theacht i bhfeidhm na Rialachán seo, gan aird ar na forálacha dlí is infheidhme nó ar mhodh a dhéanann dochar do mharthanas an speicis lena mbaineann san fhiántas.

50

Sa chéad áit, ba cheart a mheabhrú gur gá, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 37 den bhreithiúnas seo, machnamh a dhéanamh ní hamháin ar fhoclaíocht Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006, ach ar an gcomhthéacs ina bhfuil sé agus ar na cuspóirí a shaothraítear sna rialacháin a bhfuil an fhoráil sin ina chuid díobh.

51

Thairis sin, tá sé tábhachtach a chur chun suntais nach mór Airteagal 8(3) de Rialachán Uimh. 338/97, sa mhéid gur eisceacht é ón riail ghinearálta lena dtoirmisctear gach úsáid trádála a bhaintear as eiseamail de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán sin, a léirmhíniú go docht. Dá bhrí sin, ní mór na coinníollacha faoina gceadaítear le hAirteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006 a chinneadh gur rugadh agus tógadh eiseamal speicis ainmhí i mbraighdeanas a léirmhíniú go docht freisin, sa mhéid go bhféachann an fhoráil sin le raon feidhme Airteagal 8(3) a shoiléiriú.

52

Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 52 dá Tuairim, comhthacaítear an tuairim sin le hAirteagal II(1) de CITES, nach mór trádáil in eiseamail de speicis atá i mbaol a bheith faoi réir rialacháin diana chun nach gcuirfear a marthanas i mbaol, agus nach mór í a cheadú ach amháin in imthosca eisceachtúla.

53

Sa dara háit, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 51 dá Tuairim, tagraíonn Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006 do choincheap “chomhdhéanamh” an stoic phórúcháin. Tá raon feidhme leathan ag an gcoincheap sin agus ceadaítear leis imeachtaí sula bhfuair an tógálaí an stoc pórúcháin iarbhír a chur san áireamh, agus scrúdú á dhéanamh ar an tslí a gcomhlíonann stoc pórúcháin den sórt sin na ceanglais arna bhforchur ag an bhforáil sin.

54

Cuirtear an cinneadh sin in iúl le hAirteagal 55 de Rialachán Uimh. 865/2006, faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla ginealach ainmhí a scrúdú chun críocha Airteagal 54 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm. Leanann sé uaidh sin, mar a luadh i mír 55 de Thuairim an Abhcóide Ghinearálta, go gceadaítear leis an bhforáil sin do na húdaráis inniúla ginealach an stoic phóraithe a scrúdú d’fhonn a fhíorú gur comhlíonadh na critéir a leagtar amach in Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006.

55

Ina theannta sin, tacaíonn an cuspóir atá á shaothrú le Rialachán Uimh. 865/2006, mar a mheabhraítear i mír 42 den bhreithiúnas seo é, leis an léirmhíniú go bhfuil sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla scrúdú a dhéanamh ar ghinealach pórúcháin i gcomhthéacs iarratais ar dheimhniú maolaithe maidir le heiseamail a rugadh agus tógadh i mbraighdeanas a dhíol.

56

Maidir leis seo, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 57 dá Tuairim, comhfhreagraíonn na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 54(2) den Rialachán Uimh. 865/2006 dóibh siúd a leagtar amach i mír 2(b)(ii)(A) de Rún Comhdhála 10.16. Glacadh leis sin mar aitheantas ar an imní a bhí ann go sáraíonn cuid mhór den trádáil in eiseamail a tuairiscítear gur rugadh agus tógadh i mbraighdeanas iad CITES agus rúin de Chomhdháil na bPáirtithe in CITES fós, agus d’fhéadfadh sé a bheith díobhálach do mharthanacht daonraí fiáine den speiceas lena mbaineann.

57

Dá bhrí sin, tá an léirmhíniú go bhfuil sé de chumhacht ag na húdaráis náisiúnta inniúla scrúdú a dhéanamh ar ghinealach pórúcháin ag teacht leis an gcuspóir atá á shaothrú ag CITES maidir le rialú ar ghinealach eiseamal a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas a neartú.

58

Mar sin, cé go gceanglaítear le hAirteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006 ar na húdaráis sin seiceáil a dhéanamh ar an mbealach ar baineadh sinsear an stoic phórúcháin óna dtimpeallacht nádúrtha d’fhonn a áirithiú nach ndearnadh an bhaint sin ar bhealach a dhéanfadh dochar do mharthanas na speiceas san fhiántas, is léir, ar an taobh eile, ó fhoclaíocht na forála sin nach gceanglaíonn sé ar na húdaráis sin a sheiceáil an bhfuarthas sinsear an stoic phórúcháin i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla a bhí infheidhme ar an dáta a bhfuarthas iad, ach amháin a áirithiú gur comhlíonadh na forálacha dlíthiúla a bhí infheidhme maidir leis an stoc pórúcháin a fháil.

59

Ina theannta sin, d’fhonn a chinneadh nár cuireadh stoc pórúcháin le chéile ar bhealach a dhéanfadh dochar do mharthanas an speicis lena mbaineann san fhiántas mar thoradh ar sliocht an stoic sin a bhaint as an gcomhshaol nádúrtha, ba cheart stádas an speicis lena mbaineann a chur san áireamh tráth na bainte sin. Más rud é, ar an dáta sin, mar atá sa chás seo, go dtagann an speiceas sin faoi chuimsiú Iarscríbhinn I a ghabhann le CITES, ní mór a mheas, ar aon nós, go bhfuil tionchar ag baint an speicis sin ar mharthanas an speicis lena mbaineann san fhiántas agus níor cheart go mbeadh aon Bhallstát in ann maolú a dheonú ar an toirmeasc ar eiseamail ón sinsear sin a dhíol faoi Airteagal 8(3) de Rialachán Uimh. 338/97.

60

Sa tríú háit, maidir le gnéithe praiticiúla an scrúdaithe faoi Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006, a mhéid a cheanglaítear leis an bhforáil sin, ar an gcéad dul síos, ar an údarás inniúil a shuíomh go cinnte go bhfuil na critéir a leagtar amach inti á gcomhlíonadh agus, ar an dara dul síos, nach leagann sí síos módúlachtaí maidir le scrúdú den sórt sin nó modhanna cruthúnais go bhfuil na critéir sin á gcomhlíonadh, ní mór a mheas go bhfágtar faoi údaráis inniúla na mBallstát na módúlachtaí agus na modhanna sin a leagan síos. Áirítear leis na modhanna sin ceadanna nó deimhnithe dá bhforáiltear leis an Rialachán sin nó le haon doiciméad cuí eile a mheasann na húdaráis inniúla náisiúnta a bheith úsáideach. (Féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 16 Iúil 2009, Rubach, C-344/08, EU:C:2009:482, mír 27).

61

Dá bhrí sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i míreanna 66 agus 67 dá Tuairim, féadfaidh módúlachtaí scrúdaithe den sórt sin a bheith ag brath ar an measúnú riosca i gcomhréir le himthosca gach cáis faoi leith agus d’fhéadfadh sé go mbeadh scrúdú ar na doiciméid a bhaineann le sealbhú an stoic phórúcháin san áireamh freisin.

62

Sa cheathrú háit, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil an toirmeasc ar eiseamail a dhíol, ar eiseamail iad a bhfuarthas ceann dá sinsear ar bhealach a dhéanann dochar do mharthanas an speicis san fhiántas, a eascraíonn as léamh comhcheangailte d’Airteagal 8(1) agus (3) de Rialachán Uimh. 338/97 agus Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006, ar neamhréir leis an gceart chun maoine, mar a chumhdaítear in Airteagal 17 den Chairt.

63

I ndáil leis sin, ba chóir a mheabhrú nach ceart iomlán é an ceart chun maoine agus go bhféadfadh a fheidhmiú, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52(1) den Chairt, a bheith faoi réir srian a bhfuil údar leis de bharr chuspóir leasa ghinearálta arna aithint ag an Aontas Eorpach (breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2016, Ledra Advertising agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BCE, C-8/15 P go C-10/15 P, EU:C:2016:701, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear).

64

Ba chóir a thabhairt faoi deara gur cuspóir dlisteanach leasa ghinearálta den sórt sin é cosaint speiceas fiáin (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Meitheamh 2008, Nationale Raad van Dierenkwekers en Liefhebbers agus Andibel, C-219/07, EU:C:2008:353, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

65

Ina theannta sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 77 dá Tuairim, tagann Rialacháin Uimh. 338/97 agus Uimh. 865/2006 ar chothromaíocht chothrom idir an ceart sin agus na ceanglais a bhaineann le speicis fhiáine a chosaint. Ba cheart a chur in iúl freisin go n-údaraíonn ceanglais den sórt sin go gcuirfí toirmeasc, i bprionsabal, ar eiseamail de speicis atá i mbaol díothaithe a dhíol. Maidir le hargóint ET, go háirithe, gur dócha go laghdóidh trádáil den sórt sin líon na n-eiseamal de na speicis sin a ghabhtar san fhiántas, is leor a thabhairt faoi deara go gcuireann trádáil den sórt sin le margadh a chruthú, a chothabháil nó a leathnú chun na heiseamail sin a fháil. B’fhéidir gur mheas reachtas an Aontais, áfach, gur bagairt, go pointe áirithe, do mharthanas speiceas atá i mbaol é margadh den sórt sin a bheith ann.

66

Ar deireadh, maidir leis na tosca a raibh an chúirt a rinne an tarchur ag brath orthu agus a bhaineann le prionsabal maidir le hionchais dhlisteanacha ET a chosaint ós rud é go bhféadfadh sé sliocht a stoic phórúcháin a thrádáil, ní fhéadfaidh conclúid eile a bheith mar thoradh orthu.

67

Ar an gcéad dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 74 dá Tuairim, fiú dá dtiocfadh an t-údarás inniúil ar an gconclúid go raibh comhdhéanamh an stoic phórúcháin dleathach tráth a fhaighte, ní féidir leis an gconclúid sin a bheith leordhóthanach ann féin chun maolú a cheadú ar an toirmeasc ar eiseamail a dhíol ón stoc sin, ós rud é, mar a tugadh faoi deara i mír 59 thuas, go mbeadh sé riachtanach fós a áirithiú nach mbeadh tionchar diúltach ag comhdhéanamh an stoic phórúcháin sin ar mharthanas na speiceas sin san fhiántas.

68

Ar an dara dul síos, níl an fhíric nach raibh an creat rialúcháin a bhí i bhfeidhm chomh dian céanna nuair a fuair ET a stoc pórúcháin in 2000, ós rud é nach raibh Poblacht na Seice fós ina ball, an tráth sin, den Aontas Eorpach, ábhartha ach an oiread.

69

I ndáil leis sin, is leor a mheabhrú nach féidir raon feidhme an phrionsabail um chosaint ionchais dhlisteanacha a leathnú chun cosc a chur, go ginearálta, ar rialacha nua a chur i bhfeidhm maidir leis na héifeachtaí a bheadh ag staideanna a tháinig chun cinn faoi na rialacha roimhe seo (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Skarb Państwa (Clúdach mótarárachais), C-428/20, EU:C:2021:1043, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear).

70

Ar an tríú dul síos, maidir leis an bhfíric gur tugadh an lánúin seantuismitheoirí, sa chás seo, dá n-allmhaireoir de bhun cinnidh bhreithiúnaigh, is leor a thabhairt faoi deara, mar gheall ar an dáta ar tugadh an cinneadh sin, eadhon, roimh aontachas Phoblacht na Seice leis an Aontas Eorpach, nach féidir cinneadh den sórt sin, in aon chás, a bheith ina ghné atá le cur san áireamh chun a chinneadh ar bunaíodh an stoc pórúcháin atá ar fáil do ET i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006.

71

Leanann sé ó na breithnithe go léir roimhe seo nach mór Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17 den Chairt agus prionsabal um chosaint ionchais dhlisteanacha, a léirmhíniú mar chosc ar eiseamal, atá á choinneáil ag tógálaí, de speiceas ainmhí atá liostaithe in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 338/97, a mheas mar speiceas a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas, de réir bhrí Airteagal 8(3) den Rialachán sin, i gcás ina bhfuair tríú páirtí sinsir an eiseamail sin, nach cuid de stoc pórúcháin an tógálaí sin iad, roimh theacht i bhfeidhm na Rialachán sin, ar bhealach a dhéanfadh dochar do mharthanas an speicis lena mbaineann san fhiántas.

Costais

72

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí ina gcéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú,

a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn:

nach gcumhdaítear leis an gcoincheap “stoic pórúcháin”, de réir bhrí na forála sin, sinsear na n-eiseamal a tógadh in oibríocht phórúcháin, nach raibh riamh faoi úinéireacht nó i seilbh na hoibríochta sin.

 

2.

Ní mór Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus prionsabal um chosaint ionchais dhlisteanacha,

a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn:

go bhfuil cosc ar eiseamal, atá á choinneáil ag tógálaí, de speiceas ainmhí atá liostaithe in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996, a mheas mar speiceas a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas, de réir bhrí Airteagal 8(3) den Rialachán sin, i gcás ina bhfuair tríú páirtí sinsir an eiseamail sin, nach cuid de stoc pórúcháin an tógálaí sin iad, roimh theacht i bhfeidhm na Rialachán sin, ar bhealach a dhéanfadh dochar do mharthanas an speicis lena mbaineann san fhiántas.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an tSeicis.

Top