EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0632

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2023 Eanáir 17.
Ríocht na Spáinne v An Coimisiún Eorpach.
Achomharc – Caidreamh seachtrach – Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile – Cumarsáid leictreonach – Rialachán (AE) 2018/1971 – Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) – Airteagal 35(2) – Rannpháirtíocht údarás rialála na Cosaive sa chomhlacht sin – Coincheapa “tríú tír” agus “tríú Stát” – Inniúlacht an Choimisiúin Eorpaigh.
Cás C-632/20 P.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:28

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

17 Eanáir 2023 (*)

(Achomharc – Caidreamh seachtrach – Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile – Cumarsáid leictreonach – Rialachán (AE) 2018/1971 – Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) – Airteagal 35(2) – Rannpháirtíocht údarás rialála na Cosaive sa chomhlacht sin – Coincheapa “tríú tír” agus “tríú Stát” – Inniúlacht an Choimisiúin Eorpaigh)

I gCás C‑632/20 P,

ACHOMHARC faoi Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 24 Samhain 2020,

Ríocht na Spáinne, arna hionadú, ar dtús, ag S. Centeno Huerta agus, ina dhiaidh sin, A. Gavela Llopis, i gcáil Gníomhairí,

iarratasóir,

an páirtí eile sna himeachtaí:

an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag F. Castillo de la Torre, M. Kellerbauer agus T. Ramopoulos, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir ag an gcéad chéim,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos agus M. Safjan, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.‑C. Bonichot, T. von Danwitz, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen (Rapóirtéir), M. Gavalec, Z. Csehi agus O. Spineanu‑Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 16 Meitheamh 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        De réir a achomhairc, iarrann Ríocht na Spáinne go ndéanfaí breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 23 Meán Fómhair 2020, an Spáinn v an Coimisiún a chur ar neamhní, (T‑370/19, “an breithiúnas faoi achomharc”, EU:T:2020:440), lenar dhíbh an Chúirt Ghinearálta a hiarratas ar neamhniú chinneadh an Choimisiúin an 18 Márta 2019 maidir le rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta na Cosaive i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (IO 2019 C 115, lch. 26, “an cinneadh faoi chonspóid”).

 An dlí lena mbaineann

 CCC na Cosaive

2        Maítear sa 17ú haithris den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile (IO 2016 L 71, lch. 3, “CCC na Cosaive”), go bhfuil an comhaontú sin “gan dochar do sheasaimh ar stádas agus [go bhfuil] sé ag teacht le Rún Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe 1244 (1999) agus tuairim [na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta] maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive”.

3        Foráiltear le hAirteagal 2 den chomhaontú sin:

“Ní hionann na téarmaí, an fhoclaíocht ná na sainmhínithe a úsáidtear sa Chomhaontú seo, lena n‑áirítear na hIarscríbhinní agus na Prótacail a ghabhann leis, in aon slí, agus aitheantas den Chosaiv mar Stát neamhspleách ag an Aontas Eorpach, ná ag na Ballstáit dhifriúla i gcás nár ghlac siad cinneadh chuige sin.”

4        Foráiltear le hAirteagal 111 den chomhaontú sin, dar teideal “Líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí”:

“Bainfidh an comhar go príomha leis na réimsí tosaíochta de acquis an Aontais Eorpaigh san earnáil seo.

Neartóidh na páirtithe, go háirithe, a gcomhar maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an gcuspóir deiridh go nglacfaidh an Chosaiv le acquis an Aontais Eorpaigh san earnáil seo cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus aird á tabhairt acu, go háirithe, ar neamhspleáchas na n‑údarás rialála inniúil a áirithiú agus a neartú.”

 Rialachán (AE) 2018/1971

5        Is mar a leanas an fhoclaíocht in aithrisí 5, 13, 20, 22, 25, 29 agus 34 de Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1211/2009 (IO2018, L 321, lch. 1):

“(5)      Bunaíodh [Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (“Oifig BEREC”)] le Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [ an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear comhlacht na rialálaithe Eorpacha um chumarsáid leictreonach (BEREC) agus an Oifig (IO 2009 L 337, lch. 1)]. Tháinig BEREC in áit [Ghrúpa na Rialtóirí Eorpacha um Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide (ERG)] agus é mar aidhm leis cuidiú ar thaobh amháin le forbairt agus ar thaobh eile le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh do líonraí cumarsáide leictreonaí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, trí dhíriú ar chur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála a áirithiú do chumarsáid leictreonach. Gníomhaíonn BEREC mar fhóram le haghaidh comhar idir [údaráis náisiúnta rialála (ÚNRanna)], agus idir ÚNRanna agus an Coimisiún [Eorpach], i bhfeidhmiú réimse iomlán a bhfreagrachtaí faoi chreat rialála an Aontais. Bunaíodh BEREC chun saineolas a chur ar fáil agus le go gníomhódh sé go neamhspleách trédhearcach.

[…]

(13)      Ba cheart go soláthródh BEREC saineolas agus go gcothódh sé muinín, de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht a chuid comhairle agus faisnéise, de bhua thrédhearcacht a nósanna imeachta agus a mhodhanna oibríochta agus de bhua a dhíograise le linn a chúraimí a chur i gcrích. Níor cheart go gcuirfeadh neamhspleáchas BEREC cosc ar a bhord rialálaithe plé a dhéanamh ar bhonn na ndréachtaí a ullmhaíonn na meithleacha.

[…]

(20)      Ba cheart do BEREC a bheith i dteideal socruithe oibre a bhunú le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha inniúla an Aontais, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus níor cheart oibleagáidí dlíthiúla a chruthú de bharr na socruithe sin. Cuir i gcás, d’fhéadfadh a bheith mar aidhm ag socruithe oibre mar sin, caidrimh chomhoibríocha a fhorbairt agus tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna rialála. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh na socruithe oibre riachtanacha comhsheasmhach le beartais agus le tosaíochtaí an Aontais, agus go bhfeidhmeoidh BEREC, laistigh den sainordú atá aige agus laistigh den chreat institiúideach atá ann faoi láthair, agus nach measfar go bhfuil seasamh an Aontais á chur in iúl thar a cheann aige don phobal lasmuigh nó go bhfuil oibleagáidí idirnáisiúnta á gcur aige ar an Aontas.

[…]

(22)      Ba cheart do BEREC a bheith in ann gníomhú chun leasa an Aontais, go neamhspleách ar aon idirghabháil sheachtrach, lena n‑áirítear brú polaitiúil nó cur isteach tráchtála. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh na ráthaíochtaí is fearr is féidir i ndáil le neamhspleáchas pearsanta agus neamhspleáchas feidhmiúil ag na daoine a cheapfar chun bheith ar an mBord Rialálaithe. Ceann ÚNR, comhalta dá chomhlacht coláisteach, nó an t‑ionadaí ar cheachtar acu, beidh an leibhéal ard neamhspleáchais phearsanta agus fheidhmiúil céanna aige nó aici. Go sonrach, ba cheart dó nó di gníomhú ar bhealach neamhspleách oibiachtúil, níor cheart dó nó di treoracha a lorg nó a ghlacadh i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna dóibh, agus ba cheart iad a chosaint i gcoinne cur as oifig treallach. [...]

[…]

(25)      I gcás inarb iomchuí agus ag brath ar leithdháileadh na gcúraimí do na húdaráis i ngach Ballstát, ba cheart na tuairimí ó údaráis inniúla eile a chur san áireamh sa mheitheal ábhartha, mar shampla, trí chomhairliúchán ar an leibhéal náisiúnta nó trí chuireadh a thabhairt do na húdaráis eile sin chuig na cruinnithe ábhartha i gcás ina dteastaíonn a saineolas. In aon chás, ba cheart neamhspleáchas BEREC a chothabháil.

[…]

(29)      Ba cheart go leanfadh an Stiúrthóir de bheith ina ionadaí nó ina hionadaí d’Oifig BEREC i dtaca le gnóthaí dlíthiúla agus riaracháin. Ba cheart don bhord bainistíochta an Stiúrthóir a cheapadh, de thoradh nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach chun dianmheastóireacht ar na hiarrthóirí agus leibhéal ard neamhspleáchais a ráthú. [...].

[…]

(34)      Chun síneadh breise a chur le cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach, ba cheart don bhord rialálaithe, do na meithleacha agus don Bhord Bainistíochta a bheith oscailte do rannpháirtíocht ó údaráis rialála tríú tíortha atá inniúil i réimse na cumarsáide leictreonaí, sa chás go bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta ag na tríú tíortha sin leis an Aontas, amhail na Ballstáit den[Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó de Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE)] agus tíortha is iarrthóirí AE.”

6        Seo a leanas Airteagal 3 de Rialachán 2018/1971, dar teideal “Cuspóirí BEREC”:

“1.      Feidhmeoidh BEREC laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) Uimh 531/2012 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO 2012 L 172, lch. 10)] agus Rialachán (AE) 2015/2120 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO 2015 L 310, lch. 1)] agus Treoir (AE) 2018/1972 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO 2018 L 321, lch. 36)].

2.      Saothróidh BEREC na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/1972. Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag BEREC cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach a áirithiú laistigh den raon feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.      Cuirfidh BEREC a chúraimí i gcrích go neamhspleách, go neamhchlaonta, go trédhearcach agus ar bhealach tráthúil.

4.      Tarraingeoidh BEREC ar an saineolas atá ar fáil sna [ÚNRanna].

[...]”

7        Sonraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(4) de Rialachán 2018/1971, dar teideal “Cúraimí rialála BEREC”:

“Gan dochar do chomhlíonadh dhlí ábhartha an Aontais, déanfaidh ÚNRanna agus an Coimisiún aon treoirlíne, aon tuairim, aon mholadh, aon chomhsheasamh agus na dea-chleachtais a ghlacfaidh BEREC a chur san áireamh go huile agus go hiomlán d’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach a áirithiú laistigh den raon feidhme dá dtagraítear in Airteagal 3(1).”

8        Foráiltear le hAirteagal 8 den Rialachán sin, dar teideal “Neamhspleáchas an Bhoird Rialálaithe”, mar a leanas:

“1.      Agus na cúraimí a thugtar air á gcur i gcrích aige agus gan dochar dá chomhaltaí agus iad ag gníomhú thar ceann a ÚNR féin faoi seach, gníomhóidh an Bord Rialálaithe go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar leas an Aontais, beag beann ar aon leas náisiúnta nó pearsanta ar leith.

2.      Gan dochar do chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 3(6), ní iarrfaidh agus ní ghlacfaidh comhaltaí an Bhoird Rialálaithe agus a gcomhaltaí malartacha treoracha aon rialtais, aon institiúide, aon duine ná aon chomhlachta.”

9        Foráiltear le hAirteagal 9 den Rialachán sin, dar teideal “Feidhmeanna an Bhoird Rialálaithe”, mar a leanas:

“Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an mBord Rialálaithe:

[...]

(i) a údarú, i gcomhar leis an Stiúrthóir agus i gcomhréir le hAirteagal 35, go dtabharfaí chun críche socruithe oibre le comhlachtaí inniúla, oifigí, gníomhaireachtaí, agus grúpaí comhairleacha de chuid an Aontais mar aon le húdaráis inniúla tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta;

[...]”

10      Foráiltear in Airteagal 15(3) den Rialachán sin, dar teideal “Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta”, an méid seo a leanas:

“Ní iarrfaidh comhaltaí an Bhoird Rialálaithe nó a gcomhaltaí malartacha treoracha ar aon rialtas, aon institiúid, aon duine ná ar aon chomhlacht agus ní ghlacfaidh siad treoracha aon cheann acu sin.”

11      Foráiltear in Airteagal 16(1) de Rialachán 2018/1971, dar teideal “Feidhmeanna Riaracháin an Bhoird Bainistíochta”, an méid seo a leanas:

“Beidh na feidhmeanna riaracháin seo a leanas ag an mBord Bainistíochta:

[...]

(m)      Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách agus é ag comhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;

[...]”

12      Foráiltear in Airteagal 20(3) agus (6) den Rialachán sin, dar teideal “Freagrachtaí an Stiúrthóra”, an méid seo a leanas:

“3.      Gan dochar do chumhachtaí an Bhoird Rialálaithe, an Bhoird Bainistíochta agus an Choimisiúin, beidh an stiúrthóir neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid cúraimí agus ní iarrfaidh sé treoracha ar aon rialtas, aon institiúid, aon duine ná aon chomhlacht ná ní ghlacfaidh sé treoracha aon cheann acu sin.

[...]

6.      Beidh an stiúrthóir freagrach as cúraimí Oifig BEREC a chur chun feidhme bunaithe ar an treoir a chuirtear ar fáil ón mBord Rialálaithe agus ón mBord Bainistíochta. Beidh an Stiúrthóir freagrach go háirithe as na nithe seo a leanas:

[...]

(m)      a údarú, i gcomhar leis an mBord Rialálaithe, go dtabharfaí chun críche socruithe oibre le comhlachtaí inniúla, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha de chuid an Aontais agus le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 35.”

13      Faoi Airteagal 35 den Rialachán sin, dar teideal “Comhar le comhlachtaí de chuid an Aontais, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta”:

“ 1.      A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach agus chun a chúraimí a chur i gcrích, agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais, féadfaidh BEREC agus Oifig BEREC oibriú i gcomhar le comhlachtaí inniúla, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha de chuid an Aontais, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Chuige sin, féadfaidh BEREC agus Oifig BEREC, tar éis dóibh réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre a bhunú. Ní chruthófar oibleagáidí dlí de bharr na socruithe sin.

2.      Beidh an Bord Rialálaithe, na meithleacha agus an Bord Bainistíochta oscailte do rannpháirtíocht údarás rialála tríú tíortha a bhfuil an phríomhfhreagracht orthu i réimse na cumarsáide leictreonaí, i gcásanna ina bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta ag na tríú tíortha sin leis an Aontas.

Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, forbrófar socruithe oibre lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíochta údaráis rialála na dtríú tíortha sin lena mbaineann gan ceart vótála a bheith acu in obair BEREC agus Oifig BEREC, lena n‑áirítear forálacha a bhaineann lena rannpháirtíocht i dtionscnaimh a chuireann BEREC i gcrích, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne Oifig BEREC. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne ar aon nós.

3.      Mar chuid den chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 21, glacfaidh an Bord Rialálaithe straitéis BEREC i dtaca le caidreamh le comhlachtaí inniúla, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha de chuid an Aontais, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí a mbeidh inniúlacht ag BEREC ina leith. Tabharfaidh an Coimisiún, BEREC agus Oifig BEREC socrú oibre iomchuí chun críche agus é mar chuspóir aige a áirithiú go bhfeidhmeoidh BEREC agus Oifig BEREC laistigh dá sainordú agus den chreat institiúideach atá ann faoi láthair.”

14      Foráiltear le hAirteagal 42 den Rialachán sin, dar teideal “Dearbhuithe leasanna”, mar a leanas:

“ 1.      Maidir le comhaltaí an Bhoird Rialálaithe agus an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir, saineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag Oifig BEREC, déanfaidh gach duine acu dearbhú i scríbhinn ina léirítear a dtiomantas agus ina léirítear nach ann nó gurb ann d’aon leas díreach nó indíreach a bhféadfaí a mheas ina thaobh go mbainfeadh sé dá neamhspleáchas.

[...]

2.      Maidir le comhaltaí an Bhoird Rialálaithe, an Bhoird Bainistíochta, agus na meithleacha, agus rannpháirtithe eile ina gcruinnithe, an Stiúrthóir, saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag Oifig BEREC, déanfaidh gach duine acu dearbhú iomlán ag tús gach cruinnithe ar a dhéanaí, ar dearbhú é ina léireofar aon leas a d’fhéadfaí a mheas go mbainfeadh sé dá neamhspleáchas i ndáil leis na hítimí atá ar an gclár oibre agus staonfaidh siad ó pháirt a ghlacadh sa phlé ar na pointí sin agus ó vótáil ar na pointí sin.

[...]”

 An cinneadh faoi chonspóid

15      Tar éis tagairt a dhéanamh faoi seach, in aithrisí 1 go 3, d’fhorálacha Airteagal 17(1) CAE, Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 agus Airteagal 111 de CCC na Cosaive, foráiltear leis an gcinneadh faoi chonspóid, in Airteagal 1:

“Féadfaidh [ÚNR] na Cosaive , a bhfuil monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú laethúil na margaí do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar phríomhfhreagracht air, páirt a ghlacadh i mBord na Rialálaithe agus meithleacha [BEREC] agus i mBord Bainistíochta Oifig BEREC.

Tá na socruithe maidir le rannpháirtíocht [ÚNR] na Cosaive leagtha amach san Iarscríbhinn.”

 Cúlra na díospóide

16      Tá cúlra na díospóide leagtha amach i míreanna 1 go 11 den bhreithiúnas faoi achomharc agus, chun críocha na n‑imeachtaí seo, is féidir iad a achoimriú mar seo a leanas.

17      Idir 2001 agus 2015, shínigh an tAontas comhaontuithe cobhsaíochta agus comhlachais le sé thír de chuid na mBalcán Thiar, lena n‑áirítear an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Chosaiv.

18      De réir theachtaireacht an 6 Feabhra 2018 chuig Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, dar teideal “Peirspictíocht inchreidte faoi mhéadú le haghaidh na mBalcán Thiar agus rannpháirtíocht fheabhsaithe ón Aontas leis na Balcáin Thiar” (COM(2018) 65 final), d’iarr an Coimisiún go ndéanfaí gníomh chun an tsochaí dhigiteach a fhorbairt agus reachtaíocht na dtíortha sin a ailíniú le reachtaíocht an Aontais.

19      Gníomh amháin díobh sin ab ea na Balcáin Thiar a chomhtháthú i gcomhlachtaí rialála nó i ngrúpaí saineolaithe a bhí ann cheana féin, ar nós BEREC. Is léir mar sin ó phointe 8.3.1 de dhoiciméad oibre an Choimisiúin an 22 Meitheamh 2018, dar teideal “Bearta mar thaca le Clár Oibre Digiteach do na Balcáin Thiar” (SWD(2018) 360 final), go gcuirfidh “caidreamh níos dlúithe idir ÚNRanna an Aontais Eorpaigh agus ÚNRanna na mBalcán Thiar le cleachtais rialála sa réigiún a thabhairt níos gaire do chleachtais an Aontais. [...] Cé gur breathnóirí BEREC iad ceithre cinn de na sé gheilleagar de chuid na mBalcán Thiar faoi láthair, d’aontaigh Bord Rialálaithe BEREC oibriú níos dlúithe leis na sé ÚNRanna sa réigiún. Fanfaidh sé seo indéanta i gcomhthéacs athbhreithniú Rialachán [Uimh. 1211/2009]”.

20      An 18 Márta 2019, ghlac an Coimisiún sé chinneadh maidir le rannpháirtíocht ÚNRanna thíortha na mBalcán Thiar in BEREC. I measc na sé chinneadh sin, atá bunaithe, inter alia, ar Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, tá an cinneadh faoi chonspóid,  faoinar cheadaigh an Coimisiún do ÚNR na Cosaive páirt a ghlacadh i mBord Rialálaithe agus meithleacha BEREC agus i mBord Bainistíochta Oifig BEREC.

 Na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas faoi achomharc

21      Le hiarratas arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 19 Meitheamh 2019, thug Ríocht na Spáinne caingean chun an cinneadh faoi chonspóid a chur ar neamhní.

22      Mar thaca lena gníomh, bhí Ríocht na Spáinne ag brath ar thrí phléadáil dlí ag líomhain sárú ar Airteagal 35 de Rialachán 2018/1971.

23      Leis an mbreithiúnas faoi achomharc, dhíbh an Chúirt Ghinearálta an chaingean sin ina hiomláine.

24      Faoin gcéad phléadáil dlí dá caingean, mhaígh Ríocht na Spáinne gur sháraigh an cinneadh conspóideach Airteagal 35 de Rialachán 2018/1971, sa mhéid nach “tríú tír” í an Chosaiv de réir bhrí na forála sin. Tar éis a thabhairt faoi deara i mír 28 den bhreithiúnas faoi achomharc nach sainmhínítear an coincheap “tríú tír” i Rialachán 2018/1971 ná i reachtaíocht ábhartha an Aontais, luaigh an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 29 agus 30 den bhreithiúnas sin, go n‑úsáidtear i gConradh FAE na téarmaí “tríú tír” agus “tríú Stát” araon. Maidir leis sin, mheabhraigh an Chúirt Ghinearálta go léiríonn Cuid a Cúig de Chonradh FAE, dar teideal “Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais”, a bhaineann Teideal III di le comhar “le tríú tíortha” agus Teideal VI maidir leis an gcaidreamh “le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha”, go bhfuil an tsochaí idirnáisiúnta comhdhéanta de ghníomhaithe éagsúla. Thug an Chúirt Ghinearálta le fios uaidh sin gurb é atá i gceist le forálacha Chonradh FAE a bhaineann le “tríú tíortha” ná a chumasú don Aontas Eorpach comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích le heintitis chríochacha, dá dtagraítear faoin gcoincheap solúbtha “tíortha”, ach nach gá gur “Stáit” iad de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta.

25      I mír 35 den bhreithiúnas faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta nach féidir brí dhifriúil a bheith leis an gcoincheap “tríú tír” dá dtagraítear i ndlí príomha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 212 agus 216 go 218 CFAE, nuair a fheictear an coincheap sin i dtéacs de chuid an dlí thánaistigh. Thug an Chúirt Ghinearálta le fios uaidh sin, i mír 36 den bhreithiúnas sin, nach ionann an coincheap “tríú tír” de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 agus an coincheap “tríú Stát”, ach go bhfuil scóip níos leithne aige a théann thar Stáit cheannasacha amháin, gan dochar do sheasamh an Aontais Eorpaigh maidir le stádas na Cosaive mar Stát neamhspleách, a d'fhéadfadh, mar “thríú tír”, údaráis phoiblí a bheith acu freisin, amhail ÚNR na Cosaive.

26      Faoin dara pléadáil dlí dá caingean, mhaígh Ríocht na Spáinne nach ionann Airteagal 111 de CCC na Cosaive agus comhaontú arna chur i gcrích leis an Aontas Eorpach chun rannpháirtíocht i gcomhlachtaí BEREC de ÚNR tríú tír a cheadú, de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971. Maidir leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 47 go 49 den bhreithiúnas faoi achomharc, go gcomhlíonadh an dá choinníoll faoin bhforáil sin maidir le rannpháirtíocht ÚNRanna ó thríú tíortha i gcomhlachtaí BEREC, eadhon, sa chéad áit, go raibh “comhaontú” idir an tríú tír lena mbaineann agus an tAontas Eorpach agus, sa dara háit, gur tugadh an comhaontú sin i gcrích “chuige sin”.

27      Maidir leis an dara coinníoll sin, go háirithe, luaigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 53 den bhreithiúnas faoi achomharc, gurb í go háirithe an rannpháirtíocht, le cearta teoranta, dá dtagraítear in Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, a fhreagraíonn don chomhar dá dtagraítear in Airteagal 111 de CCC na Cosaive, gan, áfach, arb ionann é agus “comhtháthú” ÚNR na Cosaive i struchtúr BEREC. Dá réir sin, bhain an Chúirt Ghinearálta as sin, i mír 54 den bhreithiúnas faoi achomharc, gurb ionann Airteagal 111 de CCC na Cosaive agus comhaontú “chuige sin” de réir bhrí Airteagal 35(2) den Rialachán sin.

28      Ar deireadh, maidir leis an tríú pléadáil sa dlí, ar dá réir a sháraigh an cinneadh faoi chonspóid Airteagal 35 de Rialachán 2018/1971 a mhéid a d’imigh an Coimisiún ón nós imeachta a bunaíodh maidir le rannpháirtíocht ÚNRanna ó thríú tíortha in BEREC, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 77 agus 81 den bhreithiúnas faoi achomharc, nár tugadh go sainráite le Rialachán 2018/1971 ná le haon reachtaíocht eile de chuid an Aontais d’Oifig BEREC nó d’eagraíocht eile an chumhacht chun na socruithe oibre is infheidhme maidir le rannpháirtíocht ÚNRanna ó thríú tíortha a bhunú, agus gurb ionann Airteagal 17 CAE, in ainneoin a chineáil ghinearálta, bunús dlíthiúil leordhóthanach chun an cinneadh faoi chonspóid a ghlacadh. Thug an Chúirt Ghinearálta le fios uaidh sin, i mír 82 den bhreithiúnas faoi achomharc, go raibh an Coimisiún inniúil, faoin bhforáil sin, chun socruithe oibre, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, a leagan síos go haontaobhach.

 Na horduithe atá á lorg ag na páirtithe os comhair na Cúirte

29      Lena hachomharc, iarrann Ríocht na Spáinne ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        an breithiúnas faoi achomharc a chur ar neamhní;

–        rialú maidir leis an gcaingean le haghaidh neamhniú a thabhairt agus an cinneadh faoi chonspóid a neamhniú, agus

–        a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

30      Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        an t‑achomharc a dhíbhe agus

–        a ordú do Ríocht na Spáinne na costais a íoc.

 An t-achomharc

31      Mar thaca lena hachomharc, braitheann Ríocht na Spáinne ar chúig phléadáil dlí, ag líomhain, sa chéad áit, earráid dlí i léirmhíniú an choincheapa “tríú tír” de réir bhrí Airteagal 35 de Rialachán 2018/1971; sa dara háit, earráid dlí maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Airteagal 111 de CCC na Cosaive, i gcomhar le hAirteagal 35 de Rialachán 2018/1971, a mhéid a rinne an Chúirt Ghinearálta léirmhíniú earráideach ar iarmhairtí easpa seasaimh an Aontais Eorpaigh ar stádas na Cosaive faoin dlí idirnáisiúnta; sa tríú háit, earráid dlí i léirmhíniú na bhforálacha sin, a mhéid is nach n‑áirítear rannpháirtíocht in BEREC ná i mBord Bainistíochta Oifig BEREC sa chomhar dá dtagraítear; sa cheathrú háit, earráid dlí a mhéid is gur thángthas, sa bhreithiúnas faoi achomharc, ar an gconclúid gur bonn dlíthiúil bailí é Airteagal 17 CAE chun an cinneadh faoi chonspóid a ghlacadh; agus, sa chúigiú háit, earráid dlí i léirmhíniú Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 a mhéid is gur thángthas, sa bhreithiúnas faoi achomharc, ar an gconclúid go bhféadfaidh an Coimisiún socruithe oibre a bhunú go haontaobhach.

 An chéad phléadáil dlí

 Argóintí na bpáirtithe

32      Lena gcéad phléadáil dlí, maíonn Ríocht na Spáinne gur rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, i mír 36 den bhreithiúnas faoi achomharc, agus í ag meas go bhfuil scóip níos leithne ag coincheap “tríú tír”, de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, ná coincheap “tríú Stát”, ós rud é nach dtagraíonn an chéad choincheap sin do Stáit neamhspleácha amháin. De réir an Bhallstáit sin, níl a leithéid de léirmhíniú ag teacht le dlí an Aontais ná leis an dlí idirnáisiúnta.

33      Cáineann Ríocht na Spáinne an Chúirt Ghinearálta as a bheith ag brath go huile is go hiomlán ar fhorálacha an Chonartha a bhaineann le “tríú tíortha” d’fhonn a bhaint as sin, gan aon anailís eile, go bhfuil sé i gceist go soiléir leis na forálacha sin go n-osclófaí an fhéidearthacht comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i gcrích le heintitis nach Stáit iad. Agus é sin á dhéanamh, níor aithin an Chúirt Ghinearálta aon ghné i ndlí príomha an Aontais, ná sa dlí idirnáisiúnta, a bhí in ann idirdhealú a dhéanamh idir an coincheap “tríú tír” agus an coincheap “tríú Stát”.

34      De réir Ríocht na Spáinne, is ionann na coincheapa “tríú tír” agus “tríú Stáit”, cé go bhfreagraíonn siad do leibhéal difriúil foirmiúlachta dlíthiúla. Dá bhrí sin, ó thaobh an dlí idirnáisiúnta de, spreagfadh na téarmaí “Stát” agus “tír” gné ar leith den ábhar céanna, agus bheadh a raon feidhme féin acu. Ní úsáidfí an téarma “tír” chun tagairt a dhéanamh do stádas an ábhair sa dlí idirnáisiúnta, ach úsáidfear é chun tagairt a dhéanamh dá ghné fhisiciúil. D’fhéadfaí an dá théarma seo a úsáid go hidirmhalartach uaireanta, ag brath ar an gcomhthéacs.

35      Áitíonn Ríocht na Spáinne nach bhfuil brí níos leithne ná difriúil leis an téarma “tríú tír”, mar a úsáidtear é sna Conarthaí agus i Rialachán 2018/1971, ó bhrí an téarma “tríú Stát”. Bheadh baol ann go n‑athródh léirmhíniú contrártha an coincheap “tríú tír” ina chatagóir fhéinrialaitheach de dhlí an Aontais, agus brí dhifriúil leis sin atá i réim sa dlí idirnáisiúnta, cé gurb iad na Stáit príomhábhair an chaidrimh idirnáisiúnta.

36      Diúltaíonn an Coimisiún don argóint mar argóint gan bhunús agus maíonn sé go n‑úsáidtear na téarmaí “tríú tíortha” agus “tríú Stáit” ar bhealaí éagsúla i ndlí an Aontais. Bhí an Coimisiún in ann comhaontuithe idirnáisiúnta leis an gCosaiv a thabhairt i gcrích ina cháil mar “thríú tír”, dá dtagraítear in Airteagail 212 agus 216 go 218 CFAE, gan é a aithint mar Stát.

 Measúnú na Cúirte

37      Mar réamhphointe, ba chóir a thabhairt faoi deara, i míreanna 28 agus 29 den bhreithiúnas faoi achomharc, gur chinn an Chúirt Ghinearálta, sa chéad áit, nach bhfuil an coincheap “tríú tír” sainmhínithe ar bhealach ar bith i Rialachán 2018/1971 ná i reachtaíocht an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach, agus, sa dara háit, go n‑úsáideann Conradh FAE na téarmaí “tríú tír” agus “tríú Stáit” ina fhorálacha, ach go mbaineann go leor forálacha a dhéileálann le saincheisteanna caidrimh sheachtraigh úsáid as an téarma “tríú tíortha” ina ionad. Dúirt an Chúirt Ghinearálta go háirithe go bhfuil Teideal III i gCuid a Cúig de Chonradh FAE, a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh, maidir le comhar “le tríú tíortha”, chomh maith le Teideal VI maidir le caidreamh “le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha”, rud a léiríonn go bhfuil an tsochaí idirnáisiúnta comhdhéanta de ghníomhaithe éagsúla.

38      Maidir leis sin, is cosúil nach bhfágann léirmhíniú litriúil ar na Conarthaí, go háirithe Cuid a Cúig de Chonradh FAE, gur féidir brí an choincheapa “tríú tír” dá dtagraítear in Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 a chinneadh.

39      Ar an gcéad dul síos, tá na téarmaí “tríú tír” agus “tríú Stát” le feiceáil, gan idirdhealú, in go leor forálacha de Chonarthaí AE agus FAE, agus dealraíonn sé nach bhfuil údar ar leith ag baint le húsáid pé ceann acu.

40      Ar an dara dul síos, de réir cásdlí socair, ní fhéadfar an fhoclaíocht atá á húsáid i leagan teanga amháin d’fhoráil de dhlí an Aontais, agus an leagan sin amháin, a úsáid chun an fhoráil sin a léiriú ná tús áite a thabhairt don leagan sin ar na leaganacha teanga eile.

41      Maidir leis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 50 go 52 dá Tuairim, ní úsáideann gach leagan teanga de Chonarthaí AE agus FAE na téarmaí “tríú Stáit” agus “tríú tíortha” le chéile. Sna leaganacha Eastóinise, Laitvise, Polainnise agus Slóivéinise, inter alia, de na Conarthaí sin, úsáidtear an abairt “tríú Stát”. Thairis sin, sa chás go n‑úsáidtear na téarmaí sin i leagan teanga amháin, ní i gcónaí a bhíonn a n-úsáid ag teacht leis an úsáid a bhíonn le feiceáil i leaganacha teanga eile de na Conarthaí sin.

42       Ní mór forálacha dhlí an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, i bhfianaise na leaganacha a dréachtaíodh i dteangacha uile an Aontais agus, i gcás go bhfuil éagsúlacht ann idir na leaganacha éagsúla sin, ní mór an fhoráil atá i gceist a léirmhíniú trí thagairt a dhéanamh do scéim ghinearálta agus do chuspóir na rialacha ar cuid díobh í (féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk, C‑422/19 agus C‑423/19, EU:C:2021:63, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 14 Iúil 2022, an Iodáil agus Comune di Milano v an Chomhairle (Suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpach), C‑59/18 agus C‑182/18, EU:C:2022:567, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43      Sa chás seo, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 30 den bhreithiúnas faoi achomharc, go n‑osclaíonn forálacha Chonradh FAE a bhaineann le “tríú tíortha” an fhéidearthacht comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i gcrích le heintitis “nach Stáit iad”. Is ar an mbonn sin a mheas an Chúirt Ghinearálta, i mír 35 den bhreithiúnas faoi achomharc, nach féidir brí dhifriúil a bheith leis an gcoincheap “tríú tír” a úsáidtear i ndlí príomha an Aontais i gcás ina bhfuil an coincheap sin i bhfoclaíocht de reachtaíocht thánaisteach amhail an fhoclaíocht in Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971. Thug an Chúirt Ghinearálta le fios uaidh sin, i mír 36 den bhreithiúnas faoi achomharc, go mbaineann scóip an choincheapa “tríú tír”, de réir bhrí Airteagal 35(2), le níos mó ná Stáit cheannasacha amháin.

44      Chinn an Chúirt Ghinearálta an prionsabal sin gan aird a thabhairt ar na difríochtaí idir na leaganacha teanga de Chonarthaí AE agus FAE, cé nach dtacaíonn an fhoclaíocht leis an gconclúid go bhfuil difríocht brí idir na téarmaí “tríú tír” agus “tríú Stát”.

45      Ina theannta sin, dá mbunófaí a leithéid de dhifríocht sa chiall bheadh sé ag teacht salach ar an bhfíric, a tugadh faoi deara i mír 39 den bhreithiúnais seo, nach n‑úsáidtear ach na focail “tríú Stát” i roinnt leaganacha teanga de na Conarthaí sin.

46      Baineann an rud céanna le Rialachán 2018/1971. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 63 dá Tuairim, níl na focail “tríú tír” le feiceáil sna leaganacha teanga go léir den Rialachán sin. Sna leaganacha Bulgáirise, Eastóinise, Laitvise, Liotuáinise, Polainnise agus Slóivéinise de, ní úsáidtear ach coibhéis na bhfocal “tríú Stát”.

47      Leanann sé ón méid sin roimhe seo go bhfuil earráid dlí déanta ag an gCúirt Ghinearálta ina réasúnaíocht.

48      Ní mór a mheabhrú, áfach, má nochtann forais chinnidh ón gCúirt Ghinearálta sárú ar dhlí an Aontais, ach is cosúil go bhfuil bunús maith leis an gcuid oibríochtúil den chinneadh sin bunaithe ar fhorais dhlíthiúla eile, nach bhfuil mar thoradh ar shárú den sórt sin go ndéanfaí an cinneadh sin a neamhniú agus ní mór forais eile a chur ina n‑ionad (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Banc Refah Kargaran v an Chomhairle, C‑134/19 P, EU:C:2020:793, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49      D’fhonn scrúdú a dhéanamh ar cibé acu, sa chás seo, go bhfuil bunús maith leis an gcuid oibríochtúil den bhreithiúnas faoi achomharc mar gheall ar fhorais dhlíthiúla eile, is gá a scrúdú an raibh an Chúirt Ghinearálta i dteideal a mheas, i mír 37 den bhreithiúnas faoi achomharc, nár sháraigh an Coimisiún Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 trí chaitheamh leis an gCosaiv mar “thríú tír”, de réir bhrí na forála sin.

50      Maidir leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, d’fhonn éifeachtacht Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 a chinntiú, go gcaithfear a bheith in ann caitheamh le heintiteas críche atá lasmuigh den Aontas agus nach bhfuil aitheantas tugtha ag an Aontas Eorpach dó mar Stát neamhspleách ar an mbealach céanna le “tríú tír” de réir bhrí na forála sin, agus gan an dlí idirnáisiúnta á shárú ag an am céanna (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Samhain 1992, Poulsen agus Diva Navigation, C‑286/90, EU:C:1992:453, mír 9, agus an 5 Aibreán 2022, an Coimisiún v an Chomhairle (an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta), C‑161/20, EU:C:2022:260, mír 32).

51      Maidir leis an gCosaiv, ina thuairim chomhairleach an 22 Iúil 2010, Comhréireacht an dearbhaithe neamhspleáchais aontaobhaigh maidir leis an gCosaiv le dlí idirnáisiúnta (Tuarascálacha CBI 2010, lch. 403), mheas an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta nárbh ionann glacadh dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive an 17 Feabhra 2008 agus sárú ar an dlí idirnáisiúnta ginearálta ná Rún 1244 (1999) de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ná den chreat bunreachtúil is infheidhme.

52      Ní chuireann an cur chuige sin isteach ar sheasaimh aonair na mBallstát maidir le cibé an bhfuil stádas mar Stát neamhspleách ag an gCosaiv, mar a éilíonn a údaráis, mar a luadh sa chéad nóta bun leathanaigh leis an gcinneadh faoi chonspóid.

53      Leanann sé ón méid sin roimhe seo, contrártha leis an méid a éilíonn Ríocht na Spáinne, go bhféadfaí caitheamh leis an gCosaiv mar “thríú tír” de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 gan an dlí idirnáisiúnta a shárú.

54      Ina theannta sin, maidir le “tríú tíortha” a chomhtháthú sa chóras rannpháirtíochta dá bhforáiltear in Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, ní mór a mheabhrú go bhfuil, de réir an chéad fhomhír den fhoráil sin, rannpháirtíocht ÚNRanna ó thíortha den sórt sin faoi réir dhá choinníoll charnacha. Baineann an chéad cheann le “comhaontú” a tugadh i gcrích leis an Aontas a bheith ann agus is é an dara ceann ná gur cuireadh an comhaontú sin i gcrích “chuige sin”.

55      Mar a thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara i mír 32 den bhreithiúnas faoi achomharc, tá roinnt comhaontuithe tugtha i gcrích ag an Aontas leis an gCosaiv, agus ar an gcaoi sin tá aitheantas ann dá chumas comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích. Áirítear ar na comhaontuithe sin CCC na Cosaive, ina bhforáiltear in Airteagal 111 de, maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, go ndíreoidh an comhar ar réimsí tosaíochta de acquis an Aontais san earnáil seo agus go neartóidh na páirtithe an comhoibriú sin, agus is é an cuspóir deiridh ná go nglacfaidh an Chosaiv leis an acquis sin 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe sin, ag tabhairt aird ar leith ar neamhspleáchas na n‑údarás rialála inniúil a chinntiú agus a neartú.

56      Ina theannta sin, mar is léir ó mhír 49 den bhreithiúnas faoi achomharc, tá Airteagal 111 de CCC na Cosaive ar aon dul, ina fhoclaíocht agus ina chomhthéacs, leis na forálacha maidir le comhar feabhsaithe i dtaobh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcomhaontuithe cobhsaíochta agus comhlachais eile arna gcur i gcrích ag an Aontas le tíortha is iarrthóirí AE na mBalcán Thiar agus ar a bhfuil rannpháirtíocht ÚNRanna na dtíortha sin i gcomhlachtaí BEREC bunaithe. Cé go dtagraítear in aithris 34 de Rialachán 2018/1971, i dtéarmaí ginearálta, do na comhaontuithe a tugadh chun críche le Ballstáit LEE/CSTE agus le tíortha is iarrthóirí AE, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 68 dá Tuairim, luaitear stádas na tíre is iarrthóir AE san aithris sin, ní d’fhonn na tíortha sin nach dtagann, cosúil leis an gCosaiv, faoin dá chatagóir seo a eisiamh ó scóip an chomhair sin, ach chun na comhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 35(2) den Rialachán sin a léiriú.

57      Dá bharr sin, ní mór a mheas freisin gur tugadh CCC na Cosaive i gcrích chun rannpháirtíocht den sórt sin a chumasú, de réir bhrí na forála sin, a mhéid atá Airteagal 111 den chomhaontú sin dírithe go sainráite ar ghlacadh acquis an Aontais agus chun an comhar idir na páirtithe i réimse na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a neartú.

58      Ní féidir amhras a chaitheamh ar an measúnú sin toisc, mar a leag Ríocht na Spáinne béim air i gcomhthéacs an tríú pléadáil dlí san achomharc, go bhforáiltear go sainráite in Airteagal 95 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile (IO 2004 L 84, lch. 13) do “chomhar laistigh de na struchtúir Eorpacha”, ar theip ar an gCúirt Ghinearálta a lua. Maíonn Ríocht na Spáinne, maidir leis sin, nach ndéantar aon tagairt in Airteagal 111 de CCC na Cosaive, murab ionann agus Airteagal 95, do rannpháirtíocht i gcomhlacht de chuid an Aontais amhail BEREC.

59      Mar sin féin, tá difríocht den sórt sin gan dochar don fhíric, a leagadh béim air i mír 56 den bhreithiúnas seo, go bhfuil Airteagal 111 de CCC na Cosaive ar aon dul, ina fhoclaíocht agus ina chomhthéacs, leis na forálacha maidir le comhar feabhsaithe i dtaobh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcomhaontuithe cobhsaíochta agus comhlachais eile arna gcur i gcrích ag an Aontas le tíortha is iarrthóirí AE na mBalcán Thiar agus ar a bhfuil rannpháirtíocht ÚNRanna na dtíortha sin i gcomhlachtaí BEREC bunaithe agus, de réir aithrís 34 de Rialachán 2018/1971, “chuige sin”, de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971. Dá bhrí sin, ní bhaineann sé le hábhar nach bhfuil an fhoclaíocht in CCC na Cosaive díreach mar an gcéanna leis an bhfoclaíocht i gceann de na comhaontuithe sin.

60      Ina theannta sin, faoi Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, maidir le rannpháirtíocht na n‑údarás ó thríú tíortha in BEREC, agus tagairt á dhéanamh do “c[h]omhaontuithe chuige sin déanta […] leis an Aontas” agus do “fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin”, is coinníoll den rannpháirtíocht sin comhaontuithe a bheith ann lena mbunaítear creat le haghaidh comhar earnála idir an tAontas agus na tíortha sin i dtaobh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, gan a cheangal, áfach, go bhforálfar go sainráite don rannpháirtíocht sin sna comhaontuithe sin.

61      Maidir le cuspóir Rialachán 2018/1971, ba cheart a thabhairt faoi deara, de réir chuspóir an chomhair a shaothraítear leis, go n‑osclaíonn Airteagal 35(2) den Rialachán sin an Bord Rialálaithe, na meithleacha agus Bord Bainistíochta BEREC do rannpháirtíocht ÚNRanna de thríú tíortha atá inniúil go príomha i réimse na cumarsáide leictreonaí.

62      Dá bhrí sin, is léir, ar dtús, ó aithris 20 den Rialachán sin gur chóir cumhacht a thabhairt do BEREC socruithe oibre a bhunú le húdaráis inniúla tríú tíortha d’fhonn caidreamh comhair a bhunú agus tuairimí ar chúrsaí rialála a mhalartú. Thairis sin, de réir aithris 34 sa bhrollach den Rialachán sin, is é atá i gceist le rannpháirtíocht údarás rialála inniúla tríú tíortha i gcomhlachtaí BEREC ná dul sa tóir ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach an chreata rialála le haghaidh cumarsáid leictreonach.

63      Tá sé mar aidhm ag Airteagal 111 de CCC na Cosaive an comhar i réimse na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a neartú ionas gur féidir leis an gCosaiv acquis an Aontais a ghlacadh sa réimse seo.

64      Dá bharr sin, i bhfianaise an méid sin roimhe seo, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag cinneadh, i mír 37 den bhreithiúnas faoi achomharc, agus í á mheas, go bunúsach, go bhféadfaí caitheamh leis an gCosaiv mar “thríú tír” de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, nár sháraigh an Coimisiún an fhoráil sin.

65      Dá bhrí sin, ní mór an chéad phléadáil dlí a dhiúltú mar phléadáil dlí gan bhunús.

 An dara pléadáil dlí

 Argóintí na bpáirtithe

66      Lena dara pléadáil dlí, áitíonn Ríocht na Spáinne go ndearna, i mír 33 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, an Chúirt Ghinearálta léiriú earráideach maidir le hiarmhairtí easpa seasaimh an Aontais ar stádas na Cosaive faoin dlí idirnáisiúnta, agus gur thug sí neamhaird, dá bhrí sin, ar fhorálacha comhcheangailte Airteagal 111 de CCC na Cosaive agus Airteagal 35 de Rialachán 2018/1971.

67      Áitíonn Ríocht na Spáinne, in éagmais aitheantas a thabhairt do stádas na Cosaive mar Stát ag na Ballstáit go léir, nach bhféadfadh an Coimisiún, agus an cinneadh faoi chonspóid á ghlacadh, rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive a údarú i líonra na n‑údarás neamhspleách a bunaíodh idir Stáit. Is éard a bheadh i gceist le cinneadh dá leithéid ná aitheantas a thabhairt don Aontas d’údarás críche, an Chosaiv, nach bhfuil aon chomhsheasamh ag an Aontas ina leith seachas a aithint gur cás sui generis atá ann, rud a chuirfeadh ar chumas gach Ballstáit an cineál caidrimh is mian leis a bhunú leis an gcríoch sin a chinneadh. De réir Ríocht na Spáinne, mar sin, tá imréiteach i gceist leis an gcinneadh faoi chonspóid a d’fhéadfadh, go praiticiúil, aitheantas intuigthe de facto a thabhairt do stádas na Cosaive mar Stát agus, dá bhrí sin, i bhforchur an aitheantais sin ar Bhallstáit an Aontais.

68      Measann an Coimisiún gur pléadáil dlí nua é an dara pléadáil dlí agus nach sainaithnítear an riail dlí a líomhnaítear a sháraigh an Chúirt Ghinearálta. Dá bhrí sin, tá an phléadáil seo do-ghlactha agus, ar aon chuma, gan aon bhunús sa dlí.

 Measúnú na Cúirte

69      Ar an gcéad dul síos, mar a meabhraíodh i mír 52 den bhreithiúnas seo, deirtear go sainráite sa chinneadh faoi chonspóid, sa chéad nóta bun leathanaigh, go bhfuil ainmniú na Cosaive faoin gcinneadh sin “gan dochar do sheasaimh ar stádas agus [go bhfuil] sé ag teacht le Rún Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe 1244/1999 agus tuairim [na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta] maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive”. Cuireadh a leithéid de léiriú san áireamh freisin sa 17ú haithris agus in Airteagal 2 de CCC na Cosaive.

70      Ar an dara dul síos, leanann sé ón measúnú i míreanna 56 agus 57 den bhreithiúnas seo, ag féachaint d’Airteagal 111 de CCC na Cosaive, go bhfuil an comhaontú sin beartaithe, inter alia, chun rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive i gcomhlachtaí BEREC a chumasú, atá comhsheasmhach le cuspóir an chomhair idir ÚNRanna de thríú tíortha, arna shaothrú ag Airteagal 35(2) de Rialachán Uimh. 2018/1971. Maidir leis sin, ní dhéanann Rialtas na Spáinne aighneas faoi dhlíthiúlacht an chomhaontaithe sin ná an Rialacháin sin ná go bhfuil ÚNR sa Chosaiv de réir bhrí an Rialacháin sin.

71      Leanann sé nach féidir leis an Rialtas sin a mhaíomh go bailí go sáraíonn an cinneadh faoi chonspóid, toisc amháin go mbunaíonn sé comhar le ÚNR na Cosaive trí CCC na Cosaive agus Rialachán Uimh. 2018/1971 a chur i bhfeidhm, na gníomhartha sin agus go dtugann sé aitheantas don Chosaiv mar thríú Stát.

72      Dá bhrí sin, ní féidir glacadh an chinnidh faoi chonspóid ag an gCoimisiún a léirmhíniú mar aitheantas intuigthe ag an Aontas do stádas na Cosaive mar Stát neamhspleách.

73      Leanann sé go bhfuil an bunús leis an gcáineadh a rinne Ríocht na Spáinne maidir le mír 33 den bhreithiúnas faoi achomharc earráideach. Dá réir sin, ní mór an dara pléadáil dlí a dhiúltú mar phléadáil gan bunús ar aon chuma gan scrúdú a dhéanamh ar an bpléadáil maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Coimisiún.

 An tríú pléadáil dlí

 Argóintí na bpáirtithe

74      Lena tríú pléadáil dlí, áitíonn Ríocht na Spáinne go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í á mheas, i míreanna 49 go 53 den bhreithiúnas faoi achomharc, go bhfuil rannpháirtíocht na Cosaive in BEREC, de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, i gceist leis an gcuspóir atá leagtha amach in Airteagal 111 de CCC na Cosaive, eadhon glacadh le acquis AE i réimse na cumarsáide leictreonaí.

75      Sa chéad áit, maíonn Ríocht na Spáinne go bhfuil rannpháirtíocht na Cosaive i gcomhlacht de chuid an Aontais ar nós BEREC eisiata in éagmais aon tagairt sainráite chuige sin in CCC na Cosaive. Mar thaca leis an ngearán sin, braitheann sí ar na hargóintí a achoimrítear i mír 58 den bhreithiúnas seo.

76      Sa dara háit, maíonn Ríocht na Spáinne nach gá go dtabharfadh úsáid an téarma “comhar” in Airteagal 111 de CCC na Cosaive le tuiscint go mbeadh ann do rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive in BEREC de réir Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971. Bheadh an rannpháirtíocht sin ar fáil do na Ballstáit amháin, i bprionsabal, ós rud é go bhfuil sé de chúram ar an gcomhlacht sin rialacha an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach a fhorbairt agus seasaimh a ghlacadh a mbíonn tionchar acu ar chinntí comhlachtaí náisiúnta agus ar chomhlachtaí an Aontais. Dá gceadófaí rannpháirtíocht na Cosaive sa chomhlacht sin, cheadófaí don tír sinní acquis an Aontais a ghlacadh, ach páirt a ghlacadh i bhforbairt rialacha earnála an Aontais, rud nach bhfreagródh do chuspóir Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971.

77      Déanann Ríocht na Spáinne díospóid faoi mheasúnú na Cúirte Ginearálta, i mír 53 den bhreithiúnas faoi achomharc, go bhfreagraíonn an rannpháirtíocht a shamhlaítear in Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 don dlúthchomhar dá dtagraítear in Airteagal 111 de CCC na Cosaive, ach nach ionann é agus aon “chomhtháthú” de chuid ÚNR na Cosaive i struchtúr BEREC. Sáraíonn an measúnú sin, nach bhfuil réasúnaithe, Airteagal 111 de CCC na Cosaive, toisc nach ndéantar foráil ann do chomhar “dlúth”.

78      Sa tríú háit, maíonn Ríocht na Spáinne go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina léirmhíniú ar Airteagal 35 de Rialachán 2018/1971 trína mheas go raibh rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive in BEREC indéanta in ainneoin nach raibh comhsheasamh an Aontais ann maidir le stádas na Cosaive.

79      Ní aontaíonn an Coimisiún leis an argóint sin.

 Measúnú na Cúirte

80      Ar an gcéad dul síos, maidir leis an ngearán go bhfuil bac ar rannpháirtíocht na Cosaive i gcomhlacht de chuid an Aontais amhail BEREC cheal aon tagairt sainráite chuige sin in CCC na Cosaive, freagraíodh an gearán sin i míreanna 59 agus 60 den bhreithiúnas seo.

81      Ar an dara dul síos, maidir leis an ngearán go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid, i mír 53 den bhreithiúnas faoi achomharc, agus í ag meas go bhfreagraíonn an rannpháirtíocht a shamhlaítear in Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 don dlúthchomhar dá dtagraítear in Airteagal 111 de CCC na Cosaive, ní féidir go n‑éireoidh leis.

82      Maidir leis sin, ba chóir a thabhairt faoi deara go samhlaítear le hAirteagal 35 de Rialachán 2018/1971 céimeanna agus cineálacha éagsúla comhoibrithe. Foráiltear le mír 1 den fhoráil sin, mar sin, don fhéidearthacht go mbunódh BEREC agus Oifig BEREC, tar éis dóibh réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre, go háirithe leis na húdaráis inniúla tríú tíortha, agus sonraítear nach gcruthaíonn na socruithe sin oibleagáidí dlíthiúla. Dá bhrí sin, níl an fhoirm chomhoibrithe sin chomh “dlúth” le rannpháirtíocht ÚNRanna de thríú tíortha in BEREC, dá dtagraítear i mír 2 den fhoráil sin agus a chuireann, mar is léir ó mhír 63 den bhreithiúnas seo, leis an gcomhoibriú dá dtagraítear in Airteagal 111 de CCC na Cosaive, a fhéachann, go háirithe, chun neamhspleáchas na n‑údarás rialála rannpháirteach a ráthú agus a neartú.

83      Mar sin féin, i gcontrárthacht le haighneachtaí Ríocht na Spáinne, ní fhágann an cineál comhoibrithe sin idir an tAontas agus an Chosaiv gur féidir rannpháirtíocht ÚNR an tríú tír sin i gcomhlachtaí BEREC a chothromú le comhtháthú an ÚNR sin isteach sa chomhlacht de chuid an Aontais sin.

84      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 97 agus 98 dá Tuairim, nuair a ghlacann ionadaithe ó ÚNR na Cosaive páirt in obair Bhord Rialálaithe, mheithleacha agus Bhord Bainistíochta BEREC, cuireann siad a dtuairimí in iúl go neamhspleách agus go trédhearcach, i gcomhréir le haithrisí 5 agus 13 agus Airteagal 3(3), Airteagail 8(2) agus 15(3) de Rialachán 2018/1971. Ina theannta sin, tá tionchar ionadaithe ÚNRanna tríú tíortha in BEREC teoranta ag an dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 ós rud é go bhfuil an fhéidearthacht cearta vótála a dheonú dóibh eisiata go sainráite san fhoráil sin.

85      Thairis sin, i gcontrárthacht leis an méid a éilíonn Ríocht na Spáinne, ní cheadaíonn rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive in BEREC don Chosaiv páirt a ghlacadh i bhforbairt rialacha earnála an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach. Cé go ndéanfaidh ÚNRanna agus an Coimisiún “aon treoirlíne, aon tuairim, aon mholadh, aon chomhsheasamh agus na dea-chleachtais a ghlacfaidh BEREC a chur san áireamh go huile agus go hiomlán” faoi Airteagal 4(4) de Rialachán 2018/1971, níl na gníomhartha sin ceangailteach ó thaobh an dlí de agus níl siad mar chuid de nós imeachta chun rialacha an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach a fhorbairt. Is í feidhm aonair BEREC gníomhú mar fhóram maidir leis an gcomhar idir ÚNRanna, agus idir ÚNRanna agus an Coimisiún, atá dírithe ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach an chreata rialála sa réimse seo a chinntiú, mar is léir ó Airteagal 3(2) de Rialachán 2018/1971, arna léamh i bhfianaise aithris 5 den Rialachán sin.

86      Ar deireadh, ar an tríú dul síos, ní mór diúltú don ghearán lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 mar gheall ar easpa comhsheasamh de chuid an Aontais ar stádas na Cosaive mar Stát, ar na cúiseanna céanna leo siúd atá leagtha amach i míreanna 69 go 73 den bhreithiúnas seo.

87      Leanann as sin, agus an Chúirt Ghinearálta ag cinneadh, i míreanna 53 agus 54 den bhreithiúnas faoi achomharc, go bhfreagraíonn an comhar a eascraíonn as Airteagal 111 de CCC na Cosaive do na socruithe comhair a shamhlaítear in Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 agus, dá bhrí sin, gurb ionann Airteagal 111 de CCC na Cosaive agus comhaontú “chuige sin” de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, nach ndearna an Chúirt Ghinearálta dlí.

88      Dá bhrí sin, ní mór an tríú pléadáil dlí a dhiúltú ina iomláine toisc nach bhfuil bunús leis.

 An chéad chuid den cheathrú pléadáil dlí

 Argóintí na bpáirtithe

89      Cuimsíonn an ceathrú pléadáil dlí san achomharc, go bunúsach, dhá chuid. Faoin dara cuid, déanann Ríocht na Spáinne aighneas faoi inniúlacht an Choimisiúin an cinneadh faoi chonspóid a ghlacadh. Scrúdófar an dara cuid sin in éineacht leis an gcúigiú pléadáil dlí, lena bhforluíonn sé.

90      Faoin gcéad chuid, áitíonn Ríocht na Spáinne nach ionann Airteagal 111 de CCC na Cosaive agus bunús dlíthiúil leordhóthanach chun an cinneadh faoi chonspóid a ghlacadh. Déanann sí aighneas faoi mheasúnú na Cúirte Ginearálta, i mír 72 den bhreithiúnas faoi achomharc, nach dteastaíonn údarú sonrach arna bhunú i gcomhthéacs comhaontú idirnáisiúnta ó rannpháirtíocht ÚNR ó thríú tír in BEREC.

91      Maíonn Ríocht na Spáinne maidir leis sin gur comhaontú an-ghinearálta é CCC na Cosaive nach ndéanann foráil d’ionchorprú nó do rannpháirtíocht na Cosaive i struchtúir an Aontais in aon réimse ar bith, an teileachumarsáid san áireamh. Meabhraíonn sí nach dtagraíonn Airteagal 111 de CCC na Cosaive do rannpháirtíocht na tíre sin i gcomhlacht de chuid an Aontais, ach do chomhar idir na páirtithe sa chomhaontú sin.

92      Measann an Coimisiún nach bhfuil aon bhunús leis an argóint sin.

 Measúnú na Cúirte

93      Is léir ó na forais atá leagtha amach i míreanna 56 go 64 agus míreanna 80 go 87 den bhreithiúnas seo gurb ionann Airteagal 111 de CCC na Cosaive agus comhaontú “chuige sin” de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 agus, leis sin, gurb ionann Airteagal 111 de CCC na Cosaive agus bunús dlíthiúil leordhóthanach do rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive in obair BEREC agus Oifig BEREC.

94      Go háirithe, ní gá go mbeadh forálacha mionsonraithe i gcomhaontú den sórt sin, d’fhonn bunús dlíthiúil leordhóthanach den sórt sin a chruthú, maidir le rannpháirtíocht in BEREC de réir bhrí Airteagal 35(2) den Rialachán sin. Cé go bhfuil forálacha níos mionsonraithe i roinnt comhaontuithe comhlachais le tíortha is iarrthóirí nó i gcinntí áirithe a bhaineann le rannpháirtíocht ÚNRanna de Bhallstáit CSTE ná mar atá ag Airteagal 111 de CCC na Cosaive ní bhaineann sé le hábhar ina leith seo.

95      Dá réir sin, ní mór an chéad chuid den cheathrú pléadáil dlí a dhiúltú toisc nach bhfuil bunús leis.

 An dara cuid den cheathrú pléadáil dlí agus an cúigiú pléadáil dlí

 Argóintí na bpáirtithe

96      Faoin dara cuid den cheathrú pléadáil dlí, déanann Ríocht na Spáinne aighneas faoi inniúlacht an Choimisiúin an cinneadh faoi chonspóid a ghlacadh. Ní féidir rannpháirtíocht na Cosaive in BEREC a chruthú le cinneadh bunaithe ar Airteagal 17 CAE amháin, ós rud é, ar dtús, nach ndéantar foráil in CCC na Cosaive don fhéidearthacht sin agus, anuas air sin, níl comhsheasamh ag an Aontas maidir le stádas na Cosaive. Déanann Ríocht na Spáinne aighneas faoi mheasúnú na Cúirte Ginearálta, i mír 77 den bhreithiúnas faoi achomharc, go luíonn an inniúlacht sin leis an gCoimisiún, de réir Airteagal 17 CAE, ós rud é nach mbronntar, i Rialachán 2018/1971, go sainráite ar BEREC an inniúlacht chun na socruithe oibre is infheidhme maidir le rannpháirtíocht ÚNRanna tríú tíortha a bhunú, go háirithe ÚNR na Cosaive.

97      Ina theannta sin, áitíonn Ríocht na Spáinne nach bhfuil rannpháirtíocht na Cosaive in BEREC ag teacht le cumhachtaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh ná le hAirteagal 16 CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 21(3) CAE. Is faoin gComhairle atá sé a mheas an bhfuil rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive in BEREC ar mhaithe leis an Aontas agus na leasanna atá i gceist a réiteach.

98      Maidir leis sin, meabhraíonn Ríocht na Spáinne go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an rogha de bhunúsdlí a mhéid a fhágann gur féidir cumhachtaí gach institiúide a chaomhnú (breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, an Coimisiún v an Chomhairle (WRC15), C‑687/15, EU:C:2017:803, míreanna 49 agus 50) agus go dteastaíonn measúnú ar leasanna an Aontais i gcaidreamh leis an tríú tír agus eadránú maidir leis na leasanna éagsúla a thagann faoi réim an chaidrimh sin agus comhaontú idirnáisiúnta á chur i gcrích (breithiúnas an 28 Iúil 2016, an Chomhairle v an Coimisiún, C‑660/13, EU:C:2016: 616, mír 39).

99      Lena cúigiú pléadáil dlí, maíonn Ríocht na Spáinne go ndearna an Chúirt Ghinearálta leirmhíniú earráideach, i míreanna 76 agus 77 den bhreithiúnas faoi achomharc, ar Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, agus í ag cinneadh gur gníomhaireacht dhíláraithe de chuid an Aontais í Oifig BEREC agus go gcaithfidh an Coimisiún, de bhua a fheidhmeanna feidhmiúcháin agus a chumhachtaí ionadaíochta seachtracha, glacadh leis na cumhachtaí go léir nach bhfuil tarmligthe go sainráite chuig an ngníomhaireacht sin, go háirithe na socruithe oibre dá bhforáiltear san fhoráil seo a ghlacadh.

100    Áitíonn Ríocht na Spáinne go ndearna an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar nádúr agus ar fheidhmeanna BEREC, mar is léir ós rud é nach dtagraíonn míreanna 76 agus 77 den bhreithiúnas faoi achomharc do BEREC, arb é a chomhlacht cinnteoireachta uachtarach an Bord Rialálaithe, nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aici agus nach gníomhaireacht dhíláraithe í, ach d’Oifig BEREC, comhlacht a bhfuil sé mar ról aige tacaíocht riaracháin a chur ar fáil do BEREC.

101    Áitíonn Ríocht na Spáinne go n‑eascraíonn stádas speisialta BEREC as oibleagáid neamhspleáchais na rialtóirí lena gcomhdhéantar é. Mar thoradh ar an oibleagáid sin, in éineacht leis an bhfíric nach gníomhaireacht dhíláraithe é BEREC, bheadh cumhachtaí níos leithne ag BEREC ná mar a bheadh ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.

102    Dá bharr sin, ba cheart don Choimisiún é féin a theorannú chun idirghabháil a dhéanamh sna cásanna dá bhforáiltear go sainráite i Rialachán 2018/1971, mar is léir ó léirmhíniú litriúil, comhthéacsúil agus teileolaíoch ar Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971. Dá bhrí sin, thiocfadh sé faoi inniúlacht BEREC agus ní inniúlacht an Choimisiúin socruithe oibre a ghlacadh.

103    Ní chomhaontaíonn an Coimisiún leis an argóint sin. Tá an dara cuid den cheathrú pléadáil dlí, i bpáirt, do-ghlactha go follasach, ós rud é nár ardaíodh an argóint a bhaineann le hinniúlacht na Comhairle an cinneadh faoi chonspóid a ghlacadh, bunaithe ar Airteagal 16 CAE, ag an gcéad chéim. Thairis sin, níl aon bhunús leis an dara cuid den cheathrú pléadáil dlí.

104    Maidir leis an gcúigiú pléadáil dlí, maíonn an Coimisiún go leanann sé ó fhoclaíocht Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 nach gcinneann an Rialachán sin an t‑údarás atá inniúil chun na socruithe oibre a ghlacadh.

105    Tagann cumhachtaí nach bhfuil tarmligthe go sainráite chuig gníomhaireacht de chuid an Aontais i gcomhthéacs achta reachtaíochta faoi inniúlacht an Choimisiúin. Tacaítear leis an léiriú sin toisc go ndéantar, le hAirteagal 35(1) de Rialachán 2018/1971, an chumhacht a tharmligean go sainráite chuig BEREC agus Oifig BEREC chun “socruithe oibre” a bhunú, tar éis dóibh “réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún”. Thairis sin, leanann sé ó anailís chórasach ar an Rialachán sin go bhfuil réamhcheadú an Choimisiúin riachtanach le haghaidh comhair faoi Airteagal 35(1) den Rialachán sin ach nach luaitear é in Airteagal 35(2) de toisc go bhfuil na socruithe maidir le comhar faoin bhforáil sin sainmhínithe ag an gCoimisiún.

106    Ina theannta sin, ní chuirfeadh an neamhspleáchas a thugtar do BEREC i gcomhthéacs a fheidhmeanna bac ar inniúlachtaí sonracha a aithint i leith an Choimisiúin maidir le caidreamh le tríú tíortha.

 Measúnú na Cúirte

107    Mar réamhphointe, ba chóir a thabhairt faoi deara go mbaineann líomhaintí Ríocht na Spáinne a bhaineann leis an dara cuid den cheathrú pléadáil dlí, go bunúsach, leis an earráid dlí líomhnaithe a rinne an Chúirt Ghinearálta agus í ag cinneadh gurb ionann Airteagal 17 CAE agus bunús dlíthiúil bailí chun an cinneadh faoi chonspóid a ghlacadh. Dá bharr sin, cé gur fíor nár ardaigh Ríocht na Spáinne inniúlacht na Comhairle ag an gcéad chéim, is é fírinne an scéil fós go bhféachtar, leis na hargóintí a cuireadh chun cinn i gcomhthéacs an dara cuid den cheathrú pléadáil dlí a bhaineann le hAirteagal 16 CAE, leis na forais atá leagtha amach i míreanna 74 go 82 den bhreithiúnas faoi achomharc a cháineadh maidir le hinniúlacht an Choimisiúin faoi Airteagal 17 CAE. Mar sin, tá baint ag an argóint sin leis an gceann atá bunaithe ag Ríocht na Spáinne ar an bhforáil dheireanach ina caingean ar an gcéad ásc agus dá bhrí sin tá sí inghlactha ós rud é nach n-athraíonn sí ábhar an aighnis os comhair na Cúirte Ginearálta, dá bhrí sin.

108    Maidir leis an tsubstaint, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 mar a leanas: “Faoi fhorálacha ábhartha [comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha dá dtagraítear sa chéad fhomhír], forbrófar socruithe oibre lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh [na] rannpháirtíochta [sin] […] lena n‑áirítear forálacha a bhaineann lena rannpháirtíocht i dtionscnaimh a chuireann BEREC i gcrích, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne Oifig BEREC”.

109    Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid, i mír 70 den bhreithiúnas faoi achomharc, nuair a dhiúltaigh sí d’argóint Ríocht na Spáinne go leanann sí ó fhoclaíocht an dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 nár cheart ach comhaontuithe lena bhforáiltear do rannpháirtíocht in BEREC na rialacha mionsonraithe a chinneadh chun na “socruithe oibre” sin a chinneadh. Ar dtús, bheadh sé deacair a leithéid de léirmhíniú a réiteach le héifeachtacht na forála sin, nuair is é an cuspóir sainráite atá leis sin ná foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe oibre sin a ghlacadh. Anuas air sin, mar is léir ó mhír 60 den bhreithiúnas seo, ciallaíonn na focail “forálacha ábhartha […] [comhaontuithe] ” tar éis na foclaíochta “faoi” go gcaithfidh glacadh “socruithe oibre” a bheith comhsheasmhach le forálacha na gcomhaontuithe lena mbunaítear creat le haghaidh comhair earnála idir an tAontas agus tríú tír agus, go háirithe, lena gcuspóir deiridh, arb é, i gcás Airteagal 111 de CCC na Cosaive, go nglacfadh an Chosaiv acquis an Aontais san earnáil cumarsáide leictreonaí.

110    Mar sin féin, cé nach bhfuil forálacha ann in CCC na Cosaive chun socruithe oibre a thabhairt i gcrích faoin dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, ní féidir leis sin amhras a chaitheamh, mar a éilíonn Ríocht na Spáinne, ar an bpointe gur bunús dlíthiúil leordhóthanach é Airteagal 111 de CCC na Cosaive chun rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive in obair BEREC agus Oifig BEREC a cheadú, mar is léir ó mhíreanna 56 go 64 agus 80 go 87 den bhreithiúnas seo.

111    Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go bhforáiltear leis an dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 do “socruithe oibre” a bhunú chun rannpháirtíocht ÚNRanna tríú tíortha in obair BEREC agus Oifig BEREC a chur i bhfeidhm, nach sonraítear leis an bhforáil sin an nós imeachta chun socruithe den sórt sin a ghlacadh.

112    Maidir leis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 122 dá Tuairim, ní fhéadfaí an cinneadh faoi chonspóid a ghlacadh ar bhonn Airteagal 17 CAE mar chuid d’fheidhmeanna feidhmiúcháin agus ionadaíochta seachtracha an Choimisiúin. Ar thaobh amháin, maidir le feidhmeanna feidhmiúcháin, éilítear le hAirteagal 290(1) agus Airteagal 291(2) CFAE go ndéanfar cumhachtaí a tharmligean go sainráite don Choimisiún, rud atá in easnamh sa chás seo. Ar an taobh eile, maidir le feidhmeanna ionadaíochta seachtracha an Aontais, is leor a thabhairt faoi deara nach féidir féachaint ar bhunú “socruithe oibre” chun rannpháirtíocht ÚNRanna ó thríú tíortha in obair BEREC agus Oifig BEREC a chur i bhfeidhm, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, mar ghníomh ionadaíochta seachtrach de chuid an Aontais. Leanann sé ón bhforáil sin nach é an cuspóir a bhaineann le socruithe oibre den sórt sin ionadaíocht sheachtrach a sholáthar mar sin, ach sonrú a dhéanamh ar chineál, méid agus modh na rannpháirtíochta in obair na gcomhlachtaí AE sin ag údaráis rialála tríú tíortha a chuireann comhaontuithe i gcrích leis an Aontas chuige sin.

113    Ina theannta sin, is léir ó Airteagal 9(i) agus Airteagal 20(6)(m) de Rialachán 2018/1971, arna léamh i bhfianaise aithris 20 den Rialachán sin, go gcinntear leis an Rialachán sin cé na comhlachtaí a fhéadfaidh na socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 35(2) de a bhunú. Ar dtús, foráiltear le haithris 20 den Rialachán sin gur cheart do BEREC a bheith i dteideal socruithe oibre a bhunú, go háirithe le húdaráis inniúla tríú tíortha. Anuas air sin, luaitear in Airteagal 9(i) agus Airteagal 20(6)(m) den Rialachán sin go ndéanfaidh an Bord Rialálaithe agus Stiúrthóir Oifig BEREC a chomhúdarú go dtabharfaí socruithe oibre a thabhairt chun críche leis na húdaráis sin, inter alia, de réir Airteagal 35 de Rialachán 2018/1971.

114    Thairis sin, is léir ó na forálacha sin go n‑iarrtar ar an gCoimisiún amháin, i gcomhthéacs ghlacadh na socruithe oibre, cumhacht rialaithe a fheidhmiú. Maidir leis sin, de réir aithris 20 den Rialachán sin gur cheart don Choimisiún “a áirithiú go mbeidh na socruithe oibre riachtanacha comhsheasmhach le beartais agus le tosaíochtaí an Aontais, agus go bhfeidhmeoidh BEREC, laistigh den sainordú atá aige agus laistigh den chreat institiúideach atá ann faoi láthair”.

115    Thairis sin, maidir leis an gcomhar le tríú tíortha go sonrach, foráiltear le hAirteagal 35(1) de Rialachán 2018/1971 go mbunóidh BEREC agus Oifig BEREC, tar éis dóibh réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre.

116    Murab ionann agus an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta i míreanna 77 agus 78 den bhreithiúnas faoi achomharc, cé nach bhfuil soiléiriú den sórt sin in Airteagal 35(2) den Rialachán sin, ní chiallaíonn sé sin, i bhfianaise fhorálacha an Rialacháin sin, gur leis an gCoimisiún an inniúlacht chun na socruithe oibre is infheidhme maidir le rannpháirtíocht ÚNRanna ó thríú tíortha, go háirithe ÚNR na Cosaive, a bhunú.

117    Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 130 go 132 dá Tuairim, cé go dtugtar le hAirteagal 35(1) de Rialachán 2018/1971 an chumhacht socruithe oibre a bhunú go sainráite do BEREC agus d’Oifig BEREC, tar éis dóibh réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún, amháin, ní chiallaíonn sé sin go leithdháilfear an chumhacht sin ar bhealach difriúil i gcomhthéacs Airteagal 35(2) den Rialachán sin, i gcás sonrach comhoibrithe le tríú tíortha agus é sin rannpháirtíocht ÚNRanna de na tíortha lena mbaineann ar an mBord Rialálaithe agus sna meithleacha agus ar an mBord Bainistíochta, faoi seach, de BEREC agus Oifig BEREC. Ar a mhalairt, ní mór an riail atá leagtha síos in Airteagal 35(1) den Rialachán sin, ar dá réir a fhéadfaidh BEREC agus Oifig BEREC socruithe oibre a thabhairt i gcrích, tar éis dóibh réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún, a léiriú mar riail ghinearálta a bhfuil feidhm aici freisin i gcomhthéacs sonrach Airteagal 35(2) den Rialachán sin, ós rud é nach ndéantar leis an Rialachán sin foráil maidir le maolú ón bprionsabal atá leagtha amach in Airteagal 35(1) de Rialachán 2018/1971.

118    Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 133 dá Tuairim, cé gurb ionann rannpháirtíocht in obair BEREC agus Oifig BEREC dá bhforáiltear in Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 agus cineál comhair níos dlúithe le ÚNRanna de thríú tíortha ná mar a bunaíodh faoi Airteagal 35(1) den Rialachán sin, ní chaitheann sé sin amhras ar an measúnú sin. Tá rannpháirtíocht ÚNRanna ó thríú tíortha in BEREC deimhnithe cheana féin ag an gcomhaontú a tugadh i gcrích chuige sin dá dtagraítear in Airteagal 35(2) den Rialachán sin, eadhon, sa chás seo, Airteagal 111 de CCC na Cosaive.

119    Tá an léiriú sin ag teacht leis an scéim dá bhforáiltear i Rialachán 2018/1971. Faoi Airteagal 3(3) agus Airteagal 8(1) den Rialachán sin, arna léamh i bhfianaise aithrisí 5 agus 13, tá sé i gceist le BEREC go gcuirfeadh sé saineolas ar fáil agus go gníomhóidh sé go neamhspleách. De réir aithris 22 den Rialachán sin, ba cheart do BEREC a bheith in ann gníomhú chun leasa an Aontais, go neamhspleách ar aon idirghabháil sheachtrach, lena n-áirítear brú polaitiúil nó cur isteach tráchtála. Ar an gcaoi chéanna, mar is léir ó aithris 32 den Rialachán sin, tá a buiséad féin ag Oifig BEREC chun a uathriail agus a neamhspleáchas a ráthú. Sa chomhthéacs sin, ceanglaítear ceanglais neamhspleáchais freisin ar na daoine atá ag feidhmiú ar BEREC, go háirithe comhaltaí an Bhoird Rialálaithe, chomh maith le comhaltaí den Bhord Bainistíochta agus Stiúrthóir Oifig BEREC, de réir Airteagal 8(2), Airteagal 16(1)(m), Airteagal 20(3) agus Airteagal 42 de Rialachán 2018/1971, arna léamh i bhfianaise aithrisí 22, 25 agus 29 de.

120    Ós rud é go bhféadfaidh an Coimisiún cinneadh aontaobhach a dhéanamh maidir le socruithe oibre áirithe maidir le rannpháirtíocht in obair BEREC agus Oifig BEREC, gan a gcomhaontú, ní féidir sin a réiteach le neamhspleáchas BEREC agus sáraíonn sé an fheidhm rialaithe a shanntar don Choimisiún, sa chomhthéacs sin, leis an Rialachán sin.

121    Dá bharr sin, agus í ag cinneadh, i mír 77 den bhreithiúnas faoi achomharc, toisc nár tugadh go sainráite le Rialachán 2018/1971 d’Oifig BEREC ná d’aon chomhlacht eile an inniúlacht socruithe oibre is infheidhme maidir le rannpháirtíocht ÚNRanna ó thríú tíortha, go háirithe ÚNR na Cosaive, a bhunú, go luíonn an inniúlacht sin leis an gCoimisiún, theip ar an gCúirt Ghinearálta aird a thabhairt ar leithdháileadh na gcumhachtaí idir, ar thaobh amháin, an Coimisiún agus, ar an taobh eile, BEREC agus Oifig BEREC, agus ar na rialacha lena ráthaítear neamhspleáchas BEREC, arna leagan síos i Rialachán 2018/1971.

122    Ar deireadh, tacaíonn an cuspóir chun comhar le ÚNRanna tríú tíortha a neartú i réimse na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a shaothraítear go háirithe le hAirteagal 35 de Rialachán 2018/1971, lena gceanglaítear dul i gcomhairle leis na tríú tíortha sin, leis an gconclúid nach féidir leis an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh go haontaobhach lena mbunaítear na socruithe oibre is infheidhme maidir le rannpháirtíocht na ÚNRanna ó thriú tíortha tír sin, contrártha leis an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta i mír 82 den bhreithiúnas faoi achomharc.

123    Tar éis dó réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún, ba cheart go mbeadh socruithe den sórt sin comhaontaithe idir BEREC agus Oifig BEREC, ar thaobh amháin, agus údaráis inniúla na dtríú tíortha sin, ar an taobh eile, agus údaraithe i gcomhpháirt, de réir mar is léir ó Airteagal 9(i) agus Airteagal 20(6)(m) den Rialachán sin, ag an mBord Rialálaithe agus ag Stiúrthóir Oifig BEREC. Ní féidir, mar sin, an inniúlacht a bheith ag an gCoimisiún socruithe den chineál sin a bhunú go haontaobhach.

124    Leanann as sin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag meas, i míreanna 77 agus 82 den bhreithiúnas faoi achomharc, go dtéann an inniúlacht chun na socruithe oibre is infheidhme maidir le rannpháirtíocht ÚNRanna ó thríú tíortha in BEREC, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, a bhunú ar ais chuig an gCoimisiún, go haontaobhach, faoi Airteagal 17 CAE.

125    Ina ainneoin sin, i bhfianaise na gcúinsí atá leagtha amach i mír 123 den bhreithiúnas seo, ní mór diúltú d’argóint Ríocht na Spáinne gur leis an gComhairle an inniúlacht cinneadh a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive in BEREC, tar éis comhaontú an Choimisiúin a fháil.

126    I bhfianaise na gcúinsí sin roimhe seo, ní mór diúltú don dara cuid den cheathrú pléadáil dlí san achomharc toisc nach bhfuil bunús leis. Os a choinne sin, ní mór seasamh leis an gcúigiú pléadáil dlí agus, dá bharr sin, ní mór an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní.

 An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta

127    Faoin dara habairt den chéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás ina gcuirfear breith na Cúirte Ginearálta ar neamhní, breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ar an díospóid má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí a leithéid.

128    Is amhlaidh atá sa chás anseo.

129    Mar a dúradh i mír 22 den bhreithiúnas seo, d’ardaigh Ríocht na Spáinne trí phléadáil dlí mar thaca lena caingean ar an gcéad chéim.

130    I gcomhthéacs an tríú pléadáil dlí ag an gcéad chéim, maíonn Ríocht na Spáinne go sáraítear Airteagal 35 de Rialachán 2018/1971 leis an gcinneadh faoi chonspóid a mhéid a d’imigh an Coimisiún ón nós imeachta atá leagtha síos san fhoráil sin maidir le rannpháirtíocht ÚNRanna ó thríú tíortha in BEREC.

131    Ar na cúiseanna a leagadh amach i míreanna 112 go 124 den bhreithiúnas seo, ní raibh an inniúlacht ag an gCoimisiún chun an cinneadh faoi chonspóid a ghlacadh. Dá réir sin, caithfear seasamh leis an tríú pléadáil dlí seo gan aon ghá scrúdú a dhéanamh ar na pléadálacha dlí eile sa chaingean ag an gcéad chéim.

132    I bhfianaise an méid sin roimhe seo, ní mór na horduithe arna lorg ag Ríocht na Spáinne a thabhairt agus an cinneadh faoi chonspóid a chur ar neamhní.

 Éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid a choimeád ar bun

133    Ba chóir a mheabhrú, faoin dara mír d’Airteagal 264 CFAE, go bhféadfaidh an Chúirt, má mheasann sí go bhfuil gá leis, a chur in iúl cad iad na héifeachtaí de ghníomh atá neamhnithe ar chóir a mheas a bheith cinntitheach.

134    Is léir ó chásdlí na Cúirte, ag féachaint d’fhorais a bhaineann le cinnteacht dhlíthiúil, go bhféadfar éifeachtaí gnímh den sórt sin a choimeád ar bun i gcás ina mbeadh iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha ag éifeachtaí láithreacha a neamhnithe do na daoine lena mbaineann agus nach dtugtar agóid i gcoinne dhlíthiúlacht an ghnímh chonspóidithe mar gheall ar a chuspóir nó a ábhar, ach ar fhorais easpa inniúlachta ar thaobh a údair nó sárú ar cheanglais nós imeachta riachtanacha (breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v Landesbank Baden-Württemberg agus CRU, C‑584/20 P agus C‑621/20 P, EU:C:2021:601, mír 175 agus an cásdlí dá dtagraítear).

135    Sa chás seo, cuireadh an cinneadh faoi chonspóid ar neamhní mar gheall ar easpa inniúlachta ar thaobh a údair, is é sin an Coimisiún.

136    Mar gheall ar an ngá atá leis na socruithe a bhaineann le, inter alia, ranníocaíochtaí airgeadais, le foireann Oifig BEREC agus le ÚNRanna tríú tíortha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, d’fhéadfadh neamhniú an chinnidh faoi chonspóid rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive in BEREC a chur i mbaol mura mbeadh leanúint dá éifeachtaí go dtí go gcuirfí gníomh nua ina ionad.

137    Sna cúinsí sin, ba cheart éifeachtaí an chinnidh faoi chonspóid a choimeád ar bun go dtí go dtiocfaidh socruithe oibre nua i bhfeidhm, laistigh de thréimhse réasúnta nach faide ná sé mhí ó dháta fógartha an bhreithiúnais seo, arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 idir BEREC, Oifig BEREC agus ÚNR na Cosaive.

 Costais

138    Faoi Airteagal 184(2) dá Rialacha Nós Imeachta, i gcás ina bhfuil bunús maith leis an achomharc agus go dtugann an Chúirt féin breithiúnas críochnaitheach sa chás, déanfaidh an Chúirt cinneadh maidir le costais.

139    Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta sin, is infheidhme maidir le himeachtaí achomhairc de bhua Airteagal 184(1) dóibh, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis.

140    Sa chás seo, ós rud é go bhfuil iarratas déanta ag Ríocht na Spáinne go n‑íocfadh an Coimisiún na costais agus nár éirigh leis an gCoimisiún, ní mór ordú a thabhairt don Choimisiún na costais a bhaineann leis an achomharc seo agus leis na himeachtaí ag an gcéad chéim a íoc.

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Cuirtear breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Meán Fómhair 2020, an Spáinn v an Coimisiún (T-370/19, EU:T:2020:440), ar neamhní.

2.      Cuirtear cinneadh an Choimisiúin an 18 Márta 2019 maidir le rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta na Cosaive i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach ar neamhní.

3.      Déantar éifeachtaí Chinneadh an Choimisiúin an 18 Márta 2019 maidir le rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta na Cosaive i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach a choimeád ar bun go dtí go dtiocfaidh socruithe oibre nua i bhfeidhm, laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná sé mhí ó dháta fógartha an bhreithiúnais seo, arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 idir Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) agus údarás náisiúnta rialála na Cosaive.

4.      Ordaítear don Choimisiún Eorpach, i dteannta lena chostais féin, na costais a thabhaigh Ríocht na Spáinne sna himeachtaí achomhairc seo agus sna himeachtaí os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a íoc.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Spáinnis.

Top