Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0624

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Méan Fómhair 7.
    E.K. v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid.
    Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2003/109/CE – Stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad – Raon feidhme – Náisiúnach ó thríú tír ag a bhfuil ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE aige – Airteagal 3(2)(e) – Cónaí ar chúiseanna sealadacha amháin – Coincheap uathrialach de chuid dhlí an Aontais.
    Cás C-624/20.

    Court reports – general

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:639

     BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

    7 Meán Fómhair 2022 ( *1 )

    (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2003/109/CE – Stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad – Raon feidhme – Náisiúnach ó thríú tír ag a bhfuil ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE aige – Airteagal 3(2)(e) – Cónaí ar chúiseanna sealadacha amháin – Coincheap uathrialach de chuid dhlí an Aontais)

    I gCás C‑624/20,

    IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Amsterdam (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in Amstardam, an Ísiltír), trí bhreith an 24 Samhain 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 24 Samhain 2020, sna himeachtaí idir

    E. K.

    agus

    Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid,

    tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

    agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, C. Lycourgos, I. Jarukaitis, N. Jääskinen, I. Ziemele (Rapóirtéir) agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, F. Biltgen, P. G. Xuereb, N. Piçarra, L. S. Rossi, A. Kumin, N. Wahl agus O. Spineanu‑Matei, Breithiúna,

    Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

    Cláraitheoir: M. Ferreira, Príomhriarthóir,

    ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 7 Nollaig 2021,

    tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

    E. K., ag E. C. Gelok agus H. Lichteveld, advocaten,

    Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman, A. Hanje agus C. S. Schillemans, i gcáil Gníomhairí,

    Rialtas na Danmhairge, ag J. Nymann-Lindegren, M. Søndahl Wolff agus L. Teilgård, i gcáil Gníomhairí,

    Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí,

    an Coimisiún Eorpach, ag C. Cattabriga, E. Montaguti agus G. Wils, i gcáil Gníomhairí,

    tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 17 Márta 2022,

    an Breithiúnas seo a leanas:

    Breithiúnas

    1

    Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO 2004 L 16, lch. 44).

    2

    Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir E. K., náisiúnach de Ghána a bhfuil ceart cónaithe aige san Ísiltír faoi Airteagal 20 CFAE, agus Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Státrúnaí Dlí agus Cirt agus Slándála, an Ísiltír) maidir le cinneadh an Státrúnaí sin diúltú d’iarratas E. K. ar chead cónaitheora fhadtéarmaigh.

    An dlí lena mbaineann

    Dlí an Aontais Eorpaigh

    3

    Leagtar amach in aithrisí 4, 6 agus 12 de Threoir 2003/109:

    “(4)

    Tá lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad sna Ballstáit ina phríomhghné de chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn, ar cuspóir bunúsach de chuid an Chomhphobail é a luaitear i gconradh CE].

    [...]

    (6)

    Ba cheart gurbh é an fad cónaithe ar chríoch Bhallstáit an príomhchritéar chun stádas cónaitheora fadtéarma a fháil. Ba chóir go mbeadh an cónaí dlíthiúil agus leanúnach araon chun a thaispeáint go bhfuil an duine tar éis fréamhacha a chur síos sa tír. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le méid áirithe solúbthachta ionas gur féidir imthosca a chur san áireamh ina bhféadfadh sé go mbeadh ar dhuine an chríoch a fhágáil ar bhonn sealadach.

    [...]

    (12)

    D’fhonn a bheith ina bhfíorionstraim chun cónaitheoirí fadtéarmacha a lánpháirtiú sa tsochaí ina bhfuil cónaí orthu, ba cheart go mbeadh cóir chomhionann ag cónaitheoirí fadtéarmacha le saoránaigh an Bhallstáit i réimse leathan ábhar eacnamaíoch agus sóisialta, faoi na coinníollacha ábhartha a shainítear sa Treoir seo.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    4

    In Airteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Raon feidhme,” sonraítear an méid seo a leanas:

    “1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch Bhallstáit.

    2.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le náisiúnaigh tríú tír:

    [...]

    e)

    a bhfuil cónaí orthu ann ar chúiseanna sealadacha amháin, mar shampla mar au pair nó oibrithe séasúracha, nó mar oibrithe arna bpostú ag soláthraí seirbhíse chun seirbhísí trasteorann a sholáthar, nó mar sholáthraithe seirbhísí trasteorann, nó i gcás ina bhfuil teorainn fhoirmiúil curtha lena gcead cónaithe;

    [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    5

    Foráiltear in Airteagal 4(1) den Treoir sin, dar teideal “Fad Cónaithe”:

    “Deonóidh na Ballstáit stádas cónaitheora fadtéarma do náisiúnaigh tríú tír a raibh cónaí orthu go dleathach agus go leanúnach ar a chríoch ar feadh cúig bliana díreach roimh thíolacadh an iarratais ábhartha.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    6

    Foráiltear le hAirteagal 5 den Treoir sin, dar teideal “Coinníollacha maidir le stádas cónaitheora fadtéarma a fháil”:

    “1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar náisiúnaigh tríú tír fianaise a chur ar fáil go bhfuil, dóibh féin agus do bhaill chleithiúnacha a dteaghlaigh, an méid seo a leanas acu:

    a)

    acmhainní cobhsaí rialta leordhóthanacha chun é féin agus baill a theaghlaigh a chothabháil, gan dul i muinín chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht ar na hacmhainní sin trí thagairt a dhéanamh dá gcineál agus dá rialtacht agus féadfaidh siad leibhéal an phá íosta agus na bpinsean a chur san áireamh sula ndéanfar iarratas ar stádas cónaitheora fadtéarma;

    b)

    árachas breoiteachta maidir leis na rioscaí uile a chumhdaítear de ghnáth dá náisiúnaigh féin sa Bhallstát lena mbaineann.

    2.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar náisiúnaigh tríú tír coinníollacha lánpháirtíochta a chomhlíonadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    Dlí na hÍsiltíre

    An Vreemdelingenwet 2000

    7

    Foráiltear in Airteagal 8 den Wet tot algehele herziening van de Vreemdelingenwet (Vreemdelingenwet 2000) [Dlí maidir le hathbhreithniú ginearálta ar an Dlí um eachtrannaigh (Dlí um eachtrannaigh, 2000)], an 23 Samhain 2000 (Stb. 2000, Uimh. 495), sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí, mar a leanas:

    “Ní fhéadfaidh náisiúnach eachtrach cónaí go dleathach san Ísiltír ach amháin:

    [...]

    e.

    ina cháil mar náisiúnach den Aontas a mhéid atá sé ina chónaí san Ísiltír ar bhonn rialacha arna nglacadh de bhun Chonradh FAE nó an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)”.

    8

    Léitear Airteagal 45b den Dlí sin mar a leanas:

    “1.   Diúltófar don iarratas ó náisiúnach eachtrach ar chead cónaithe fadtéarma – AE a dheonú más rud é, díreach roimh an iarratas a chur isteach:

    a.

    go bhfuil ceart cónaithe sealadach aige faoi chead cónaithe ar théarma seasta dá dtagraítear in Airteagal 14;

    b.

    go bhfuil ceart cónaithe aige atá teoranta go foirmiúil;

    c.

    go bhfuil sé ina chónaí ann faoi stádas speisialta pribhléideach;

    d.

    go bhfuil sé ina chónaí ann faoi chead cónaithe ar théarma seasta dá dtagraítear in Airteagal 28 nár deonaíodh de bhun Airteagal 29(1)(a) nó (b);

    e.

    go bhfuil sé ina chónaí ann faoi chead cónaithe ar théarma seasta dá dtagraítear in Airteagal 28, a deonaíodh de bhun Airteagal 29(2), le náisiúnach eachtrach a bhfuil cead cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 28 aige nár deonaíodh de bhun Airteagal 29(1)(a) nó (b).

    2.   Gan dochar do mhír 1, ní dhiúltófar don iarratas ó náisiúnach eachtrach ar chead cónaithe fadtéarma – AE a dheonú ach amháin más rud é:

    a.

    nach raibh, ar feadh cúig bliana gan bhriseadh agus díreach roimh an iarratas a chur isteach, áit chónaithe dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 8 aige, agus mír 3 á cur san áireamh;

    b.

    sa tréimhse dá dtagraítear faoi a), go raibh cónaí air lasmuigh den Ísiltír ar feadh sé mhí as a chéile nó níos mó, nó ar feadh deich mí nó níos mó san iomlán;

    c.

    nach bhfuil acmhainní cothabhála leordhóthanacha aige, ar bhonn neamhspleách agus fadtéarmach, bíodh sin i gcomhpháirt leis an duine den teaghlach lena bhfuil sé ina chónaí nó ná bíodh;

    d.

    gur ciontaíodh é le breithiúnas atá críochnaitheach anois maidir le cion is inphionóis le téarma príosúnachta trí bliana nó níos mó, nó gur forchuireadh an beart dá dtagraítear in Airteagal 37(a) den [Wetboek van Strafrecht (Cód Coiriúil)] ina leith sin;

    e.

    gur baol é don tslándáil náisiúnta;

    f.

    nach bhfuil árachas breoiteachta leordhóthanach aige dó féin ná do na baill chleithiúnacha dá theaghlach; nó

    g.

    nár éirigh leis sa scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(a) den [Wet inburgering (Dlí maidir le lánpháirtiú)] nó nach bhfuil dioplóma, teastas nó doiciméad eile dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(c) den Dlí sin aige.

    3.   Chun críocha an tréimhse dá dtagraítear i mír 2(a) a ríomh, ní chuirfear cónaí de réir bhrí mhír 1 agus cónaí de réir bhrí mhír 2(b) san áireamh, cé is moite de chónaí chun críocha staidéir nó gairmoiliúna, a chuirfear leath de san áireamh.

    4.   Féadfar rialacha maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 a bhunú le beart riaracháin ginearálta nó dá bhun.”

    Vreemdelingenbesluit 2000

    9

    Foráiltear in Airteagal 3.5 den Besluit tot uitvoering van de Vreemdelingenwet 2000 (Vreemdelingenbesluit 2000) [Ordú Forghníomhaithe an Dlí um eachtrannaigh (Ordú um eachtrannaigh, 2000)], an 23 Samhain 2000 (Stb. 2000, Uimh. 497), sa leagan is infheidhme do na príomhimeachtaí, mar a leanas:

    “1.   Is ceart sealadach nó neamhshealadach é an ceart cónaithe faoin ngnáthchead cónaithe ar théarma seasta.

    2.   Is ceart sealadach é an ceart cónaithe faoin gcead cónaithe arna dheonú faoi réir srian a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    a.

    cónaí mar bhall teaghlaigh, i gcás ina mbeidh an duine tagartha:

    1°. i seilbh ceart cónaithe sealadaí, nó

    2°. i seilbh cead cónaithe sealadaí chun críocha tearmainn;

    b.

    obair shéasúrach;

    c.

    aistriú sealadach ionchorparáideach;

    d.

    soláthar seirbhísí trasteorann;

    e.

    printíseach oibre;

    f.

    staidéar;

    g.

    fostaíocht nó féinfhostaíocht a chuardach agus a fheidhmiú;

    h.

    malairt, cibé acu faoi chuimsiú conartha nó nach ea;

    i.

    cóireáil leighis;

    j.

    forais dhaonnúla shealadacha;

    k.

    fanacht le hiarratas faoi Airteagal 17 den [Rijkswet op het Nederlandschap (Dlí um Shaoránacht na hÍsiltíre)].

    3.   I gcomhlíonadh oibleagáidí a eascraíonn as conarthaí nó as cinntí ceangailteacha d’eagraíochtaí arna rialú ag an dlí idirnáisiúnta, féadfaidh rialachán aireachta cásanna a leagan síos, de mhaolú ar mhír 2, ina mbeidh an ceart cónaithe de chineál neamhshealadach.

    4.   Má dheonaítear é faoi réir sriain seachas na cinn a liostaítear i mír 2, ní bheidh an cead cónaithe sealadach, mura bhforáiltear a mhalairt tráth ar deonaíodh é.”

    An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

    10

    Is náisiúnach de Ghána é an gearánaí sna príomhimeachtaí, E. K.. Tá náisiúntacht na hÍsiltíre ag a mhac, a rugadh an 10 Feabhra 2002. An 9 Meán Fómhair 2013, fuair E. K., faoi Airteagal 20 CFAE, cead cónaithe ar chríoch na hÍsiltíre leis an tagairt “ball teaghlaigh de shaoránach an Aontais”.

    11

    An 18 Feabhra 2019, ar bhonn na reachtaíochta náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2003/109 sa dlí náisiúnta, chuir an t‑iarratasóir iarratas isteach ar chead cónaithe fadtéarma – AE. Dhiúltaigh an Státrúnaí Dlí agus Cirt agus Slándála don iarratas sin, a mheas go háirithe gur de chineál sealadach é an ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE agus, ar an gcúis sin, nárbh fhéidir an cead cónaithe a ndearnadh iarratas air a dheonú dó. Dearbhaíodh go raibh an agóid a thaisc E. K. i gcoinne an chinnidh sin gan bhunús.

    12

    Thug E. K. caingean i gcoinne an chinnidh diúltaithe sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur, Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Amsterdam (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in Amstardam, an Ísiltír).

    13

    Fiafraíonn an chúirt sin, ar dtús, an bhfuil ceart cónaithe a fuarthas faoi Airteagal 20 CFAE sealadach. Go háirithe, tagann an cheist chun cinn, ar an gcéad dul síos, an é nach féidir ceart cónaithe a aicmiú mar cheart “sealadach” ach amháin má shuitear go dtiocfaidh deireadh leis an gceart sin ar dháta sonrach, a bheidh ar eolas roimh ré, agus, ar an dara dul síos, an féidir baint a bheith ann idir cineál sealadach nó eile an chirt chónaithe faoi Airteagal 20 CFAE agus rún an náisiúnaigh tríú tír ar sealbhóir an chirt sin é, ós rud é gur luaigh E. K., go háirithe, go bhfuil sé ar intinn aige é féin a bhunú ar chríoch Ríocht na hÍsiltíre ar bhonn fadtéarmach. Ina theannta sin, tugann an chúirt sin faoi deara go bhfuil E. K. agus an Státrúnaí Dlí agus Cirt agus Slándála faoi dhíospóid maidir leis an gceist an dtagann an cinneadh i dtaobh an bhfuil an ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE sealadach nó nach bhfuil faoi inniúlacht na mBallstát nó, os a choinne sin, an gá léirmhíniú aonfhoirmeach a thabhairt don choincheap “ceart cónaithe de chineál sealadach” ar leibhéal an Aontais. Ar deireadh, fiafraíonn an chúirt sin an ndearnadh Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109 a thrasuí i gceart i ndlí na hÍsiltíre.

    14

    Sna himthosca sin, chinn Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Amsterdam (Cúirt Dúiche na Háige, ina suí in Amstardam) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

    “1)

    An dtagann sé faoi inniúlacht na mBallstát a chinneadh an de chineál sealadach nó de chineál neamhshealadach é an ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE, nó an bhfuil an cheist sin le léirmhíniú ar leibhéal dhlí an Aontais?

    2)

    Má tá feidhm ag léirmhíniú ar dhlí an Aontais, an bhfuil idirdhealú ann, i gcur i bhfeidhm Threoir 2003/109, idir na cearta cónaithe coimhdeacha éagsúla a fhéadfaidh náisiúnaigh tríú tír a theachtadh faoi dhlí an Aontais, lena n‑áirítear an ceart cónaithe coimhdeach a dheonaítear do bhall teaghlaigh de shaoránach an Aontais faoi Threoir [2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoir 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004 L 158, lch. 77)] agus an ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE?

    3)

    An bhfuil an ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE, a bhraitheann, mar gheall ar chineál an chirt sin, ar chaidreamh spleáchais a bheith ann idir an náisiúnach tríú tír agus an saoránach den Aontas agus atá teoranta dá bhrí sin, de chineál sealadach?

    4)

    Más de chineál sealadach é an ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE, an gcaithfear Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109 a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta nach n‑eisiatar léi ón stádas cónaitheora fadtéarma dá dtagraítear i dTreoir 2003/109 a dheonú ach ceadanna cónaithe faoin dlí náisiúnta?”

    Na ceisteanna arna dtarchur i gcomhair réamhrialú

    An chéad cheist

    15

    Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, sa nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, gur faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt don chúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Á choimeád sin i gcuimhne di, i gcás inarb iomchuí, tá sé de dhualgas ar an gCúirt Bhreithiúnais na ceisteanna a tharchuirtear chuici a athfhoirmliú (breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Avio Lucos, C‑176/20, EU:C:2022:274, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear ann).

    16

    Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an dtagann cinneadh maidir le cineál sealadach an chirt chónaithe faoi Airteagal 20 CFAE faoi inniúlacht na mBallstát nó, os a choinne sin, an “[ceist í nach mór a] léirmhíniú ar leibhéal dhlí an Aontais”.

    17

    Is léir, áfach, ó na forais atá leis an iarraidh ar réamhrialú go gcuirtear an cheist sin chun a chinneadh an dtagann staid E. K., sealbhóir cirt cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE, faoi raon feidhme Threoir 2003/109, ag féachaint, go háirithe, d’Airteagal 3(2)(e) den Treoir sin.

    18

    Sna himthosca sin, ní mór a mheas, faoina céad cheist, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109 a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn gur coincheap uathrialach de dhlí an Aontais é coincheap an chónaithe “ar chúiseanna sealadacha amháin”, dá dtagraítear ann, agus nach mór é a léirmhíniú go haonfhoirmeach ar fud chríoch na mBallstát go léir.

    19

    Ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, mar gheall ar an ngá atá ann dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus mar gheall ar phrionsabal an chomhionannais, nach mór léirmhíniú uathrialach aonfhoirmeach a thabhairt de ghnáth ar fud an Aontais Eorpaigh ar théarmaí forála de dhlí an Aontais nach ndéantar aon tagairt shainráite inti do dhlí na mBallstát chun críocha brí agus raon feidhme na forála sin a chinneadh (breithiúnais an 18 Deireadh Fómhair 2012, Singh, C‑502/10, EU:C:2012:636, mír 42, agus an 12 Aibreán 2018, A agus S, C‑550/16, EU:C:2018:248, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear ann).

    20

    Cé nach bhfuil sainmhíniú ar na focail “a bhfuil cónaí orthu ann ar chúiseanna sealadacha amháin” in Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109, ní dhéantar aon tagairt sa Treoir sin do dhlí na mBallstát maidir le ciall na dtéarmaí sin. Is é an toradh atá air sin ná nach mór, chun críocha chur i bhfeidhm na Treorach sin, féachaint orthu mar choincheap uathrialach de dhlí an Aontais, nach mór a léirmhíniú ar bhealach aonfhoirmeach ar chríoch na mBallstát go léir (féach, de réir analaí, breithiúnas an 18 Deireadh Fómhair 2012, Singh, C‑502/10, EU:C:2012:636, mír 43).

    21

    I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109 a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn gur coincheap uathrialach de dhlí an Aontais é coincheap an chónaithe “ar chúiseanna sealadacha amháin”, dá dtagraítear ann, nach mór a léirmhíniú go haonfhoirmeach ar chríoch na mBallstát go léir.

    An dara agus an tríú ceist

    22

    Lena dara agus tríú ceist, arb iomchuí a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109 a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn go gcumhdaíonn an coincheap cónaithe “ar chúiseanna sealadacha amháin”, dá dtagraítear ann, cónaí náisiúnaigh tríú tír faoi Airteagal 20 CFAE ar chríoch an Bhallstáit ar náisiúnach de an saoránach den Aontas lena mbaineann.

    23

    Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú go gcinntear raon feidhme de Threoir 2003/109 le hAirteagal 3 na Treorach sin.

    24

    Cé go bhforáiltear le mír 1 den Airteagal sin go mbeidh feidhm ag an Treoir sin maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch Bhallstáit, eisiatar cineálacha áirithe cónaithe óna raon feidhme le mír 2 de. Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 3(2)(e) den Treoir sin nach bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír shealadacha a bhfuil cónaí orthu ann ar chúiseanna sealadacha amháin, mar shampla mar au pair nó oibrithe séasúracha, nó mar oibrithe arna bpostú ag soláthraí seirbhíse chun seirbhísí trasteorann a sholáthar, nó mar sholáthraithe seirbhíse trasteorann, nó i gcás ina bhfuil teorainn fhoirmiúil curtha lena gcead cónaithe.

    25

    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, go gcomhlíonann cónaí náisiúnaigh tríú tír ar chríoch Bhallstáit, faoi Airteagal 20 CFAE, an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir 2003/109, lena bhforáiltear go mbeidh feidhm ag an Treoir sin maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch Bhallstáit.

    26

    Maidir leis an gceist an ndéantar náisiúnach tríú tír a bhfuil cead cónaithe ar chríoch Bhallstáit faoi Airteagal 20 CFAE aige a eisiamh, mar sin féin, ó raon feidhme Threoir 2003/109 de bhun Airteagal 3(2)(e) di, ní mór a mheabhrú go gcumhdaítear leis an bhforáil sin dhá chás ar leith, eadhon, ar an gcéad dul síos, cás na náisiúnach tríú tír a bhfuil cónaí orthu ann ar chúiseanna sealadacha amháin agus, ar an dara dul síos, cás na náisiúnach tríú tír ar cuireadh teorainn fhoirmiúil lena gcead cónaithe (breithiúnas an 18 Deireadh Fómhair 2012, Singh, C‑502/10, EU:C:2012:636, mír 38).

    27

    Maidir leis an gcéad chás, arb é an t‑aon chás amháin is ábhar don iarraidh seo ar réamhrialú, ba cheart a thabhairt faoi deara nach sonraítear in Airteagal 3 ná in aon fhoráil eile de Threoir 2003/109 an méid atá le tuiscint ó choincheap an chónaithe “ar chúiseanna sealadacha amháin” de réir bhrí mhír 2(e) den Airteagal sin.

    28

    Mar is léir ón gcásdlí socair, is iomchuí, chun foráil dlí de chuid an Aontais a léirmhíniú, a chur san áireamh ní hamháin na téarmaí inti de réir a ngnáthbhrí sa ghnáth-theanga, ach freisin na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacháin a bhfuil sí mar chuid díobh agus dá comhthéacs (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2015, Maïstrellis, C‑222/14, EU:C:2015:473, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear ann). Féadfaidh bunús na forála atá i gceist gnéithe atá ábhartha dá léiriú a nochtadh freisin [féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Meitheamh 2020, A agus páirtithe eile (Túirbíní gaoithe in Aalter agus in Nevele), C‑24/19, EU:C:2020:503, mír 37].

    29

    Sa chéad áit, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109 nach mbeidh feidhm ag an Treoir sin maidir le náisiúnaigh tríú tír “a bhfuil cónaí orthu ar chúiseanna sealadacha amháin” ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

    30

    I bhfianaise chiall na bhfocal sin sa ghnáth-theanga, éilíonn coinníoll den sórt sin scrúdú i dtaobh an dtugann an chúis leis an gcónaí sin le tuiscint, ó thús na tréimhse cónaithe, gur tréimhse ghearr amháin a bhí i gceist leis. Mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana, a priori ní léiríonn cúiseanna sealadacha, de réir bhrí Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109, intinn ar pháirt an náisiúnaigh tríú tír iad féin a bhunú ar bhonn fadtéarmach ar chríoch na mBallstát (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Deireadh Fómhair 2012, Singh, C‑502/10, EU:C:2012:636, mír 47).

    31

    Léirítear an léirmhíniú litriúil sin ar na focail “a bhfuil cónaí orthu ar chúiseanna sealadacha amháin”, dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109, le liosta na gcónaithe a bhfuil saintréith den sórt sin mar chúis leo, rud atá le feiceáil san fhoráil sin. Go deimhin, déantar tagairt shonrach, mar shampla, do thréimhsí cónaithe náisiúnach tríú tír mar au pair nó oibrithe séasúracha, mar oibrithe arna bpostú ag soláthraí seirbhíse chun seirbhísí trasteorann a sholáthar, nó mar sholáthraithe seirbhísí trasteorann.

    32

    Is é an tréith oibiachtúil choiteann na gcónaithe sin go bhfuil siad teoranta go docht ó thaobh ama de agus go bhfuil siad ceaptha a bheith ar feadh tréimhse ghearr, sa dóigh is nach gceadaíonn siad bunú fadtéarmach de náisiúnach tríú tír ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Deireadh Fómhair 2012, Singh, C‑502/10, EU:C:2012:636, míreanna 48 agus 50).

    33

    Thairis sin, tacaítear lena leithéid de bhreithniú sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra le haghaidh Treorach ón gComhairle maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad [COM(2001) 127 final], a bhaineann le hAirteagal 3(2)(d) den togra sin, a fhreagraíonn go bunúsach d’Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109. De réir an mheabhráin mhíniúcháin sin, níl sé ar intinn na gcatagóirí daoine a luaitear go sonrach in Airteagal 3(2)(d) den togra sin iad féin a bhunú ar bhonn fadtéarmach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

    34

    Dá réir sin, ní mór a mheas, i bhfianaise fhoclaíocht agus stair reachtach Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109, go gcumhdaíonn coincheap an chónaithe “ar chúiseanna sealadacha amháin”, de réir bhrí na forála sin, aon tréimhse chónaithe ar chríoch Bhallstáit atá bunaithe ar chúiseanna sealadacha amháin a bhfuil sé de shaintréith oibiachtúil acu a thabhairt le tuiscint go bhfuil an tréimhse chónaithe sin teoranta go docht ó thaobh ama de agus go bhfuil sé ceaptha a bheith ar feadh tréimhse ghearr, agus, dá bhrí sin, nach ligtear don náisiúnach tríú tír lena mbaineann é féin a bhunú go fadtéarmach ar chríoch an Bhallstáit sin.

    35

    Ní mór a shonrú nach bhfuil saintréith oibiachtúil den sórt sin i gceist le cónaí an náisiúnaigh tríú tír ar chríoch Bhallstáit faoi Airteagal 20 CFAE.

    36

    Ina leith sin, ba chóir a mheabhrú go leanann sé ó chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais nach ndeonaítear ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE do náisiúnach tríú tír atá ina bhall teaghlaigh de shaoránach an Aontais, mar atá le E. K., in ainneoin nach bhfuil feidhm ag an dlí tánaisteach a bhaineann le ceart cónaithe náisiúnach tríú tír agus nár fheidhmigh an saoránach sin a cheart chun saoirse gluaiseachta, ach amháin i gcásanna an-sonrach ina mbeadh sé d’oibleagáid ar an saoránach, i ndáiríre, dá ndiúltófaí ceart den sórt sin a dheonú, críoch an Aontais ina hiomláine a fhágáil, agus ina mbainfí teachtadh éifeachtach shubstaint na gceart a thugtar leis an stádas sin dá bharr [féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile, C‑133/15, EU:C:2017:354, mír 63, agus an 27 Feabhra 2020, Subdelegación del Gobierno en Ciudad Real (Céile de shaoránach den Aontas), C‑836/18, EU:C:2020:119, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear ann].

    37

    Ós rud é go bhféadfaí an bonn a bhaint den úsáideacht a bhaineann le saoránacht an Aontais trí dhiúltú dá leithéid, ní mór caidreamh spleáchais a bheith ann idir an náisiúnach tríú tír sin agus an ball teaghlaigh atá ina shaoránach de chuid an Aontais, sa chaoi is go mbeadh ar an saoránach de chuid an Aontais sin, in éagmais aitheantas a thabhairt do cheart cónaithe ar chríoch an Aontais an náisiúnaigh tríú tír sin, dul in éineacht leis agus imeacht ón gcríoch ina hiomláine [féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Feabhra 2020, Subdelegación del Gobierno en Ciudad Real (Céile de shaoránach den Aontas), C‑836/18, EU:C:2020:119, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear ann].

    38

    Mar is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais, is i bhfianaise dhéine an chaidrimh spleáchais idir an náisiúnach tríú tír lena mbaineann agus an saoránach den Aontas atá ina bhall teaghlaigh den náisiúnach tríú tír nach mór an t‑aitheantas do cheart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE a mheasúnú, ós rud é nach mór imthosca uile an cháis a chur san áireamh sa mheasúnú sin [féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile, C‑133/15, EU:C:2017:354, mír 71; an 8 Bealtaine 2018, K. A. agus páirtithe eile (Athaontú teaghlaigh sa Bheilg), C‑82/16, EU:C:2018:308, mír 72; agus an 27 Feabhra 2020, Subdelegación del Gobierno en Ciudad Real (Céile de shaoránach den Aontas), C‑836/18, EU:C:2020:119, mír 56].

    39

    I dtaca leis sin, mheas an Chúirt, chun measúnú a dhéanamh an bhfuil caidreamh spleáchais mar sin ann idir leanbh, ar saoránach den Aontas é, agus a thuismitheoir, ar náisiúnach de thríú tír é, gur cheart an tsaincheist i dtaca le coimeád an linbh agus an tsaincheist i dtaca le cibé an nglacann an tuismitheoir tríú tír cúram dlíthiúil, airgeadais nó mothúchánach an linbh air féin a chur san áireamh [féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Nollaig 2012, O agus páirtithe eile, C‑356/11 agus C‑357/11, EU:C:2012:776, mír 56, agus an 13 Meán Fómhair 2016, Rendón Marín, C‑165/14, EU:C:2016:675, mír 51]. Measadh freisin mar imthosca ábhartha aois an linbh sin, a fhorbairt fhisiciúil agus mhothúchánach, méid a chaidrimh mhothúchánaigh leis an tuismitheoir ar saoránach den Aontas é agus leis an tuismitheoir ar náisiúnach tríú tír é, agus an riosca go gcruthódh scaradh ón náisiúnach tríú tír sin do chothromaíocht an linbh sin [breithiúnas an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile, C‑133/15, EU:C:2017:354, mír 71].

    40

    Maidir leis an measúnú i dtaobh an bhfuil caidreamh spleáchais idir daoine fásta ann, thug an Chúirt Bhreithiúnais dá haire, cé gur féidir, i bprionsabal, duine fásta saol neamhspleách dá theaghlach a chruthú, d’fhéadfadh caidreamh spleáchais den sórt sin a bheith ann idir beirt daoine fásta atá ina mbaill den teaghlach céanna i gcásanna eisceachtúla, agus ní fhéadfaí an duine lena mbaineann a scaradh, ar bhealach ar bith, ón duine dá theaghlach ar a bhfuil sé spléach [féach, chuige sin, breithiúnais an 8 Bealtaine 2018, K. A. agus páirtithe eile (Athaontú teaghlaigh sa Bheilg), C‑82/16, EU:C:2018:308, mír 65, agus an 5 Bealtaine 2022, Subdelegación del Gobierno en Toledo (Cónaí de bhall teaghlaigh — Easpa acmhainní leordhóthanacha), C‑451/19 agus C‑532/19, EU:C:2022:354, mír 56].

    41

    Dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhfuil bonn cirt le ceart cónaithe náisiúnaigh tríú tír faoi Airteagal 20 CFAE, ina cháil mar bhall teaghlaigh de shaoránach den Aontas, ar an bhforas go bhfuil gá leis an gcónaí sin chun go mbeidh an saoránach sin den Aontas in ann, ar bhealach éifeachtach, substaint na gceart a thugtar leis an stádas sin a theachtadh fad a leanfaidh an caidreamh spleáchais leis an náisiúnach sin. Cé go bhfuil sé fíor go n‑imíonn caidreamh spleáchais den sórt sin, mar riail ghinearálta, le himeacht ama, níl sé, i bprionsabal, ceaptha a bheith ar feadh tréimhse ghearr. Dá réir sin, ní leor an chúis atá leis an gcónaí ar chríoch Bhallstáit faoi Airteagal 20 CFAE chun cosc a chur ar an náisiúnach tríú tír lena mbaineann é féin a bhunú go fadtéarmach ar chríoch an Bhallstáit sin. Maidir leis an gcaidreamh spleáchais lena dtugtar údar maith le cónaí den sórt sin, ar meabhraíodh a phríomhthréithe i míreanna 37 go 40 den bhreithiúnas seo, féadfar é a mhaireachtáil thar thréimhse shubstaintiúil agus, go háirithe, maidir le tuismitheoir, ar náisiúnach tríú tír é, de leanbh, ar saoránach den Aontas é, i bprionsabal, go dtí go mbainfidh an leanbh sin lán-aois amach nó, fiú, thairis sin, má shuitear na cúiseanna a thabharfadh údar cuí leis sin.

    42

    Sna himthosca sin, ní féidir a mheas gurb ionann cónaí an náisiúnaigh tríú tír ar chríoch Bhallstáit faoi Airteagal 20 CFAE agus cónaí “ar chúiseanna sealadacha amháin” de réir bhrí Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109.

    43

    Sa dara háit, tacaíonn na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir sin leis an léirmhíniú sin, atá bunaithe ar fhoclaíocht agus ar stair reachtach Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109.

    44

    Mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin, is léir ó aithrisí 4, 6 agus 12 den Treoir sin gurb é príomhchuspóir na Treorach sin náisiúnaigh tríú tír atá cónaí orthu go fadtéarmach sna Ballstáit a lánpháirtiú [breithiúnais an 26 Aibreán 2012, an Coimisiún v an Ísiltír, C‑508/10, EU:C:2012:243, mír 66; an 18 Deireadh Fómhair 2012, Singh, C‑502/10, EU:C:2012:636, mír 45; agus an 3 Deireadh Fómhair 2019, X (Cónaitheoirí fadtéarmacha — Acmhainní cobhsaí rialta leordhóthanacha), C‑302/18, EU:C:2019:830, mír 29].

    45

    De réir cásdlí socair, mar atá soiléir ó Airteagal 4(1) de Threoir 2003/109, arna léamh i bhfianaise aithris 6 di, is é lánpháirtiú den sórt sin an toradh thar aon rud eile a bhíonn ar chónaí dlíthiúil cúig bliana gan bhriseadh, dá dtagraítear san fhoráil sin, a thugann fianaise go bhfuil an duine lena mbaineann lonnaithe sa Bhallstát lena mbaineann agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé tar éis é féin a bhunú go fadtéarmach ar chríoch an Bhallstáit sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019, X (Cónaitheoirí fadtéarmacha — Acmhainní cobhsaí rialta leordhóthanacha), C‑302/18, EU:C:2019:830, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear ann].

    46

    I ndáil leis sin, mar a tugadh faoi deara, go bunúsach, i mír 41 den bhreithiúnas seo, is dócha go mairfeadh tréimhse chónaithe náisiúnaigh tríú tír ar chríoch na mBallstát faoi Airteagal 20 CFAE thar thréimhse shubstaintiúil agus, dá bhrí sin, go mbeadh sé níos faide ná an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Threoir 2003/109.

    47

    Ina theannta sin, is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais nach mór cead oibre a eisiúint do náisiúnach tríú tír a bhfuil ceart cónaithe aige faoi Airteagal 20 CFAE, ionas go mbeidh sé in ann riachtanais a linbh, ar saoránach den Aontas é, a shásamh, agus, ina éagmais sin, nach mbeadh an leanbh sin in ann substaint na gceart a ghabhann leis an stádas sin a theachtadh [féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Márta 2011, Ruiz Zambrano, C‑34/09, EU:C:2011:124, mír 45]. Le feidhmiú poist ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann ar feadh tréimhse fhada, comhdhlúthófar a thuilleadh lonnú an náisiúnaigh sin ann.

    48

    Sa tríú háit, ní dhéantar an léirmhíniú sin a neamhbhailíochtú ar bhealach ar bith mar gheall ar chomhthéacs na forála atá i gceist.

    49

    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach dtarraingítear amhras, leis an léirmhíniú ar Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109 a leagtar amach i mír 42 den bhreithiúnas seo ar scéim ghinearálta na Treorach sin, ós rud é nach mór do náisiúnach tríú tír a bhfuil ceart cónaithe aige faoi Airteagal 20 CFAE na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 4 agus 5 den Treoir sin a chomhlíonadh chun stádas cónaitheora fadtéarma a fháil. Chomh maith le cónaí a bheith air go dleathach agus go leanúnach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann ar feadh na gcúig bliana díreach roimh thíolacadh an iarratais ábhartha, ní mór don náisiúnach tríú tír an fhianaise a chur ar fáil go bhfuil, dó féin agus do bhaill chleithiúnacha a theaghlaigh, acmhainní cobhsaí rialta leordhóthanacha aige chun é féin agus baill a theaghlaigh a chothabháil gan dul i muinín chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit sin agus árachas breoiteachta maidir leis na rioscaí uile a chumhdaítear de ghnáth dá náisiúnaigh féin sa Bhallstát sin. Mar an gcéanna, d’fhéadfadh an Ballstát sin a cheangal ar náisiúnaigh tríú tír coinníollacha lánpháirtíochta dá bhforáiltear ina ndlí náisiúnta a chomhlíonadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Samhain 2012, Iida, C‑40/11, EU:C:2012:691, míreanna 38 agus 39).

    50

    Thairis sin, d’áitigh Rialtas na hÍsiltíre agus Rialtas na Gearmáine, go bunúsach, ag féachaint do chineál díorthaithe an chirt chónaithe atá ag náisiúnach tríú tír faoi Airteagal 20 CFAE, nach féidir leis an gcónaí sin, cé gur cuireadh i gcrích é, de réir sainmhínithe, ar feadh tréimhse dhlíthiúil leanúnach cúig bliana, údar cuí a thabhairt le cead cónaithe fadtéarma faoi Threoir 2003/109. Ní féidir seasamh le hargóint den sórt sin.

    51

    Is fíor nach dtugann forálacha Chonradh FAE maidir le saoránacht an Aontais aon cheart uathrialach do náisiúnaigh tríú tír. Ní cearta de chuid na náisiúnach féin na cearta a thugtar dóibh ach cearta a dhíorthaítear ó na cearta sin atá ag an saoránach den Aontas. Tá cuspóir agus údar cuí na gceart sin bunaithe ar thoimhde gur dócha go ndéanfaidh diúltú a n‑aitheantais dochar do shaoirse gluaiseachta agus cónaithe shaoránach an Aontais ar chríoch an Aontais [féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Feabhra 2020, Subdelegación del Gobierno en Ciudad Real (Céile de shaoránach den Aontas), C‑836/18, EU:C:2020:119, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear ann].

    52

    Ní bhaineann an méid sin le hábhar, áfach, chun a chinneadh an gcumhdaíonn an coincheap maidir le cónaí “ar chúiseanna sealadacha amháin”, de réir bhrí Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109, cónaí náisiúnaigh tríú tír faoi Airteagal 20 CFAE ar chríoch an Bhallstáit ar náisiúnach de an saoránach den Aontas lena mbaineann.

    53

    Ar an gcéad dul síos, ní dhéantar aon idirdhealú in Airteagal 3 den Treoir sin ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil an náisiúnach tríú tír i dtrácht ina chónaí go dleathach ar chríoch an Aontais ar bhonn ceart uathrialach nó ar bhonn ceart a dhíorthaítear ó na cearta atá ag saoránach den Aontas lena mbaineann.

    54

    Ina theannta sin, ní léir an t-idirdhealú sin ach oiread ó fhorálacha eile na Treorach sin, agus go háirithe ó Airteagal 4(1) di, ina dtagraítear do thréimhse chónaithe dhlíthiúil leanúnach an náisiúnaigh tríú tír ar chríoch na mBallstát le linn na gcúig bliana díreach roimh thíolacadh an iarratais i dtrácht.

    55

    Ar an dara dul síos, ní chiallaíonn cineál díorthaithe an chirt chun cónaí ar chríoch Bhallstáit a dheonaítear, faoi dhlí an Aontais, do náisiúnach tríú tír go gcuireann na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt le ceart den sórt sin a dheonú bac ar bhunú fadtéarmach an náisiúnaigh sin ar chríoch an Bhallstáit sin. Dá bhrí sin, is leor a mheabhrú, mar a tugadh faoi deara i mír 41 den bhreithiúnas seo, nach bhfuil an caidreamh spleáchais ar a bhfuil ceart cónaithe díorthaithe náisiúnaigh tríú tír bunaithe faoi Airteagal 20 CFAE ceaptha, i bprionsabal, a bheith ar feadh tréimhse ghearr, ach go bhféadfaidh sé maireachtáil thar thréimhse shubstaintiúil.

    56

    I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, is é an freagra ar an dara agus ar an tríú ceist nach mór Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109 a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn nach gcumhdaíonn coincheap an chónaithe “ar chúiseanna sealadacha amháin”, dá dtagraítear ann, cónaí náisiúnaigh tríú tír faoi Airteagal 20 CFAE ar chríoch an Bhallstáit ar náisiúnach de an saoránach den Aontas lena mbaineann.

    An ceathrú ceist

    57

    I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar an dara ceist agus ar an tríú ceist, ní gá breith a thabhairt ar an gceathrú ceist.

    Costais

    58

    Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

     

    Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

     

    1.

    Ní mór Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad a léirmhíniú sa chaoi gur coincheap uathrialach de dhlí an Aontais é coincheap an chónaithe “ar chúiseanna sealadacha amháin”, dá dtagraítear ann, nach mór a léirmhíniú go haonfhoirmeach ar chríoch na mBallstát go léir.

     

    2.

    Ní mór Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109 a léirmhíniú sa chaoi nach gcumhdaíonn coincheap an chónaithe “ar chúiseanna sealadacha amháin”, dá dtagraítear ann, cónaí náisiúnaigh tríú tír faoi Airteagal 20 CFAE ar chríoch an Bhallstáit ar náisiúnach de an saoránach den Aontas lena mbaineann.

     

    Sínithe


    ( *1 ) Teanga an cháis: an Ollainnis.

    Top