EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0391

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Méan Fómhair 7.
Imeachtaí arna dtionscnamh ag Boriss Cilevičs e.a.
Tarchur chun réamhrialú — Airteagal 49 CFAE — Saoirse bunaíochta — Srian — Bonn cirt — Eagrúchán an chórais oideachais — Institiúidí ardoideachais — Oibleagáid chun cláir oideachais a sholáthar i dteanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann — Airteagal 4(2) CAE — Féiniúlacht náisiúnta Bhallstáit — Cosaint agus cur chun cinn teanga náisiúnta Bhallstáit — Prionsabal na comhréireachta.
Cás C-391/20.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:638

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

7 Meán Fómhair 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú — Airteagal 49 CFAE — Saoirse bunaíochta — Srian — Bonn cirt — Eagrúchán an chórais oideachais— Institiúidí ardoideachais — Oibleagáid chun cláir oideachais a sholáthar i dteanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann — Airteagal 4(2) CAE — Féiniúlacht náisiúnta Bhallstáit — Cosaint agus cur chun cinn teanga náisiúnta Bhallstáit — Prionsabal na comhréireachta)

I gCás C-391/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Latvijas Republikas Satversmes tiesa (Cúirt Bhunreachtúil, an Laitvia), trí bhreith an 14 Iúil 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 29 Iúil 2020, sna himeachtaí a thionscain

Boriss Cilevičs,

Valērijs Agešins,

Vjačeslavs Dombrovskis,

Vladimirs Nikonovs,

Artūrs Rubiks,

Ivans Ribakovs,

Nikolajs Kabanovs,

Igors Pimenovs,

Vitālijs Orlovs,

Edgars Kucins,

Ivans Klementjevs,

Inga Goldberga,

Evija Papule,

Jānis Krišāns,

Jānis Urbanovičs,

Ļubova Švecova,

Sergejs Dolgopolovs,

Andrejs Klementjevs,

Regīna Ločmele-Luņova,

Ivars Zariņš

Páirtí leasmhar:

Latvijas Republikas Saeima,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, S. Rodin agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.-C. Bonichot, F. Biltgen, P.G. Xuereb, N. Piçarra, L.S. Rossi agus N. Wahl, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Cilevičs, Agešins, Dombrovskis, Nikonovs, Rubiks, Ribakovs, Kabanovs, Pimenovs, Orlovs, Kucins, Klementjevs, Goldberga, Papule, Krišāns, Urbanovičs, Švecova, Dolgopolovs, Klementjevs, Ločmele-Luņova agus Zariņš, ag B. Cilevičs,

Rialtas na Laitvia, ag K. Pommere agus V. Soţeca, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Fraince, ag E. de Moustier agus N. Vincent, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hÍsiltíre, ag M.K. Bulterman agus M.H.S. Gijzen, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, E. Samoilova agus J. Schmoll, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag L. Armati, I. Rubene agus L. Malferrari, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 8 Márta 2022,

an breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagail 49 agus 56 CFAE agus Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

2

Rinneadh an iarraidh sin i gcomhthéacs nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhunreachtúlacht an Augstskolu likums (dlí ar institiúidí ardoideachais), arna thionscnamh ar achomharc Boriss Cilevičs, Valērijs Agešins, Vjačeslavs Dombrovskis, Vladimirs Nikonovs, Artūrs Rubiks, Ivans Ribakovs, Nikolajs Kabanovs, Igors Pimenovs, Vitālijs Orlovs, Edgars Kucins, Ivans Klementjevs, Inga Goldberga, Evija Papule, Jānis Krišāns, Jānis Urbanovičs, Ļubova Švecova, Sergejs Dolgopolovs, Andrejs Klementjevs, Regīna Ločmele-Luņova agus Ivars Zariņš, baill de Latvijas Republikas Saeima (Parlaimint Phoblacht na Laitvia, “Parlaimint na Laitvia”).

An dlí lena mbaineann

Bunreacht na Laitvia

3

Faoi Airteagal 1 de Latvijas Republikas Satversme (Bunreacht Phoblacht na Laitvia, “Bunreacht na Laitvia”), is poblacht dhaonlathach neamhspleách í an Laitvia.

4

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 4 de Bhunreacht na Laitvia:

“Is í an Laitvis teanga oifigiúil Phoblacht na Laitvia. [...]”

5

Foráiltear in Airteagal 105 den Bhunreacht sin:

“Tá an ceart chun maoine ag gach duine. Ní cead an ceart chun maoine a fheidhmiú ar shlí atá contrártha do leas an phobail. Ní fhéadfar cearta maoine a shrianadh ach amháin i gcomhréir leis an dlí. Ní cheadaítear díshealbhú ar mhaithe le leas an phobail ach amháin i gcásanna eisceachtúla, faoi dhlí sonrach agus i gcoinne cúiteamh cóir.”

6

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 112 den Bhunreacht sin:

“Tá an ceart chun oideachais ag gach duine. Ráthaíonn an Stát rochtain saor in aisce ar oideachas bunscoile agus meánscoile. Tá bunoideachas éigeantach.”

7

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 113 den Bhunreacht céanna:

“Aithneoidh an Stát saoirse na cruthaitheachta eolaíochta, saoirse ealaíne agus an tsaoirse chun gníomhaíochtaí cruthaitheacha eile a dhéanamh agus cosnóidh sé cóipcheart agus cearta paitinne.”

An Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais

8

Foráladh le hAirteagal 5 de Auguststskolu likums (an Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais) an 2 Samhain 1995 (Latvijas Vēstnesis, 1995, Uimh. 179) go raibh sé de chúram ar institiúidí ardoideachais na heolaíochtaí agus na healaíona a chothú agus a fhorbairt. Le Likums “Grozījumi Augstskolu likumā” (an Dlí lena leasaítear an Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais), an 21 Meitheamh 2018 (Latvijas Vēstnesis, 2018, Uimh. 132), leasaíodh an tríú habairt d’Airteagal 5(1) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais mar seo a leanas:

“Faoi chuimsiú a ngníomhaíochtaí, cothaíonn agus forbraíonn [Institiúidí ardoideachais] na heolaíochtaí, na healaíona agus an teanga oifigiúil.”

9

De réir Airteagal 8(1) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais, féadfaidh an Stát agus daoine dlítheanacha nó nádúrtha eile, lena n-áirítear daoine dlítheanacha nó nádúrtha eachtracha, institiúidí ardoideachais a bhunú sa Laitvia.

10

Leis an dlí lena leasaítear an Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais, leasaíodh Airteagal 56 de freisin. Dá bhrí sin, bhí an fhoclaíocht seo a leanas in Airteagal 56(3) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais:

“Cuirfidh institiúidí ardoideachais agus coláistí cláir oideachais ar fáil sa teanga oifigiúil. Is féidir na cláir oideachais sin a sholáthar i dteanga iasachta sna cásanna seo a leanas amháin:

1) Is féidir cláir oideachais arna leanúint ag mic léinn eachtracha sa Laitvia agus cláir oideachais arna n-eagrú faoi chuimsiú an chomhair dá bhforáiltear i gcláir an Aontais Eorpaigh agus le comhaontuithe idirnáisiúnta a dhéanamh i dteangacha oifigiúla an Aontais. Áirítear foghlaim na teanga oifigiúla ar líon na n-uaireanta teagaisc éigeantacha do mhic léinn eachtracha a bhfuil sé i gceist acu staidéar a dhéanamh sa Laitvia ar feadh tréimhse níos faide ná sé mhí nó a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 20 creidiúint;

2) Ní fhéadfar ach an cúigiú cuid de líon na gcreidiúintí i gcláir oideachais a mhúineadh i dteangacha oifigiúla an Aontais, agus ní áirítear leis sin scrúduithe deiridh agus Stáit ná obair cháilíochta, ag deireadh na céime Baitsiléara ná Máistreachta;

3) Cláir oideachais nach mór a mhúineadh i dteangacha iasachta chun a gcuspóirí a bhaint amach [...] sna catagóirí seo a leanas: staidéar teanga agus cultúir agus cláir theanga. [...]

4) Féadfar comhchláir oideachais a sholáthar i dteangacha oifigiúla an Aontais.”

11

Chuir an Dlí lena leasaítear an Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais pointe 49 le forálacha idirthréimhseacha an Dlí sin, atá dréachtaithe seo a leanas:

“Tiocfaidh na leasuithe ar Airteagal 56(3) den Dlí seo a bhaineann leis an teanga ina soláthraítear cláir oideachais, i bhfeidhm an 1 Eanáir 2019. Féadfaidh institiúidí ardoideachais agus coláistí a thugann cláir oideachais i dteanga nach gcomhlíonann forálacha Airteagal 56(3) den Dlí seo leanúint de na cláir oideachais sin a thabhairt sa teanga lena mbaineann go dtí an 31 Nollaig 2022. Le héifeacht ón 1 Eanáir 2019, beidh toirmeasc ar mhic léinn a ligean isteach i gcláir oideachais a sholáthraítear i dteanga nach gcomhlíonann forálacha Airteagal 56(3) den Dlí seo.”

An Dlí maidir le hArdscoil Eacnamaíochta Ríge

12

Foráiltear le hAirteagal 19(1) de Likums “Par Rīgas Ekonomikas augstskolu” (an Dlí maidir le hArdscoil Eacnamaíochta Ríge) an 5 Deireadh Fómhair 1995 (Latvijas Vēstnesis, 1995, Uimh. 164):

“Tabharfar cúrsaí ag [Ardscoil Eacnamaíochta Ríge] i mBéarla. Is i mBéarla a dhéanfar dréachtú agus cur i láthair na hoibre is gá chun céim bhaitsiléara, céim mháistreachta nó dochtúireacht a fháil, chomh maith le scrúduithe cáilíochta gairmiúla.”

An dlí maidir le hArdscoil Dlí Ríge

13

Déantar foráil in Airteagal 21 de Rīgas Juridiskās augstskolas likums (an Dlí maidir le hArdscoil Dlí Ríge) an 1 Samhain 2018 (Latvijas Vēstnesis, 2018, Uimh. 220):

“Cuirfidh [Ardscoil Dlí Ríge] cláir oideachais ar fáil atá creidiúnaithe de réir fhorálacha na reachtaíochta ábhartha. Cuirfear cúrsaí ar fáil i mBéarla nó i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais.”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

14

Tugadh caingean os comhair Latvijas Republikas Satversmes tiesa (an Chúirt Bhunreachtúil, an Laitvia) a thionscain 20 feisire de Pharlaimint na Laitvia. Is é is cuspóir don chaingean sin athbhreithniú a fháil ar chomhoiriúnacht an tríú habairt d’Airteagal 5(1) agus Airteagal 56(3) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais agus phointe 49 d’fhorálacha idirthréimhseacha an Dlí sin le Bunreacht na Laitvia, agus go háirithe le hAirteagail 1, 105 agus 112 den Bhunreacht sin.

15

Maíonn na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí ina leith sin go sáraíonn na forálacha sin den Dlí maidir le hinstitiúidí ardoideachais an ceart chun oideachais. A mhéid a cheanglaítear leis na forálacha sin ar institiúidí príobháideacha ardoideachais teanga oifigiúil Phoblacht na Laitvia a chothú agus a fhorbairt, trí shrian a chur leis na féidearthachtaí atá acu cláir oideachais a thairiscint i dteangacha iasachta, cuireann siad srian le neamhspleáchas na n-institiúidí sin agus le saoirse acadúil a bhfoirne teagaisc agus a mac léinn.

16

Thairis sin, cuirtear srian freisin ar an gceart atá ag institiúidí príobháideacha ardoideachais gníomhaíocht tráchtála a shaothrú agus seirbhís ardoideachais a sholáthar, ar comaoin, i gcomhréir leis an údarú a fhaightear.

17

Áitíonn siad go ndéanann na forálacha céanna sárú freisin ar phrionsabal na dlíthiúlachta, atá cumhdaithe in Airteagal 1 de Bhunreacht na Laitvia, ós rud é go bhféadfadh ionchas dlisteanach a bheith ag bunaitheoirí institiúidí ardoideachais príobháideacha go mbeidís in ann brabús a dhéanamh as oibriú na n-institiúidí ar leo iad.

18

Chomh maith leis sin, trí bhacainn a chur ar iontráil sa mhargadh ardoideachais agus trí chosc a chur ar náisiúnaigh agus gnóthais ó Bhallstáit eile seirbhísí ardoideachais a sholáthar i dteangacha iasachta, sáraíonn an tríú habairt d’Airteagal 5(1) agus Airteagal 56(3) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais agus pointe 49 d’fhorálacha idirthréimhseacha an Dlí sin an tsaoirse bunaíochta agus an tsaorghluaiseacht seirbhísí a ráthaítear in Airteagail 49 agus 56 CFAE faoi seach, agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh, a chumhdaítear in Airteagal 16 den Chairt.

19

Áitíonn Parlaimint na Laitvia go bhfuil na forálacha sin i gcomhréir le hAirteagail 1, 105 agus 112 de Bhunreacht na Laitvia, a mhéid nach ionann iad agus srian ar na cearta bunúsacha sin. Ní chuireann na forálacha sin teorainn ar chearta institiúidí príobháideacha ardoideachais, ós rud é nach gcumhdaíonn an ceart chun oideachais ach cosaint chearta na mac léinn. Ní sháraíonn siad an ceart chun maoine ach an oiread, ós rud é nach ráthaíonn an ceart sin aon cheart do dhaoine aonair brabúis a fháil.

20

Fiú dá measfaí go bhfuil na cearta sin faoi réir teorann, déantar foráil maidir leis an srian sin le dlí agus tá sé beartaithe leis cuspóir dlisteanach a bhaint amach a bhfuil sé comhréireach ina leith.

21

Measann Parlaimint na Laitvia freisin nach gcuireann dlí an Aontais teorainn le cumhacht na mBallstát rialacha a ghlacadh i réimse an oideachais atá riachtanach chun luachanna bunreachtúla na Stát sin a chosaint. Mar sin, níl sé d’oibleagáid ar Phoblacht na Laitvia a áirithiú gur féidir ardoideachas a sholáthar i dteanga seachas teanga oifigiúil an Bhallstáit sin.

22

Ar deireadh, leagtar síos in Airteagal 56(3) den Dlí maidir le hinstitiúidí ardoideachais forálacha sonracha chur chun feidhme clár oideachais i dteangacha an Aontais Eorpaigh agus ní imíonn sé ón gcuspóir maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú.

23

An 11 Meitheamh 2020, thug Latvijas Republikas Satversmes tiesa (an Chúirt Bhunreachtúil) breithiúnas lenar chinn sí an cás sna príomhimeachtaí, atá os a chomhair, a roinnt ina dhá chás.

24

Ar an gcéad dul síos, agus é den tuairim go rialaíonn an tríú habairt d’Airteagal 5(1) agus Airteagal 56(3) den Dlí maidir le hinstitiúidí ardoideachais agus pointe 49 d’fhorálacha idirthréimhseacha an Dlí sin réimse a thagann, de bhun Airteagal 165 CFAE, faoi inniúlacht na mBallstát agus nárbh inmhianaithe go bhfágfaí le haon tarchur chun réamhrialú chuig an gCúirt Bhreithiúnais an cheist maidir le comhoiriúnacht na bhforálacha sin de dhlí na Laitvia le Bunreacht na Laitvia gan freagra, thug an chúirt a rinne an tarchur breith ar chomhoiriúnacht na bhforálacha sin le hAirteagail 112 agus 113 den Bhunreacht sin.

25

Rialaigh an chúirt a rinne an tarchur, dá réir sin, go raibh an tríú habairt d’Airteagal 5(1) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais i gcomhréir le Bunreacht na Laitvia. Os a choinne sin, chinn sí nach raibh Airteagal 56(3) den Dlí sin agus pointe 49 de na forálacha idirthréimhseacha de, a mhéid a bhaineann na forálacha sin le hinstitiúidí ardoideachais príobháideacha, lena bhfoireann teagaisc agus lena mic léinn, i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 113 den Bhunreacht sin.

26

Ar an dara dul síos, maidir le comhoiriúnacht an tríú habairt d’Airteagal 5(1) agus Airteagal 56(3) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais agus pointe 49 d’fhorálacha idirthréimhseacha an Dlí sin le hAirteagail 1 agus 105 de Bhunreacht na Laitvia, chinn an chúirt a rinne an tarchur leanúint den chás a scrúdú sna príomhimeachtaí. I ndáil leis sin, measann sí nach mór an ceart chun maoine a chumhdaítear in Airteagal 105 a léirmhíniú i bhfianaise na saoirse bunaíochta, a chumhdaítear in Airteagal 49 CFAE, agus gur gá inneachar na saoirse bunúsaí sin a shoiléiriú.

27

Measann an chúirt sin, cé gur léir, sa chéad áit, ó Airteagal 4(2) CAE go n-urramaíonn an tAontas Eorpach féiniúlacht náisiúnta na mBallstát, a bhfuil a dteanga oifigiúil ar cheann de na léirithe air sin, agus, ar an dara dul síos, ó Airteagal 165 CFAE, go dtagann inneachar agus eagrúchán an ardoideachais faoi inniúlacht na mBallstát, d’aithin an Chúirt go bhfuil feidhm ag an tsaoirse bunaíochta freisin sna réimsí a bhfuil na Ballstáit sin fós inniúil ina leith.

28

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go bhfuil amhras uirthi maidir leis an gceist an srian ar an tsaoirse bunaíochta atá cumhdaithe in Airteagal 49 CFAE í reachtaíocht de chuid Ballstáit a fhorchuireann, i réimse an ardoideachais, lena n-áirítear in institiúidí príobháideacha ardoideachais, úsáid theanga oifigiúil an Bhallstáit sin, cé go ndéantar foráil do theorainneacha áirithe leis an oibleagáid sin.

29

Cuireann an chúirt sin in iúl freisin nach bhfuil na forálacha atá i gceist sna príomhimeachtaí infheidhme maidir leis an dá institiúid thuas, is iad sin Ardscoil Eacnamaíochta Ríge agus Ardscoil Dlí Ríge, atá fós faoi rialú ag dlíthe speisialta.

30

Ba sna himthosca sin, a chinn Latvijas Republikas Satversmes tiesa (an Chúirt Bhunreachtúil) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)

An ionann reachtaíocht den sórt sin atá i gceist sna príomhimeachtaí agus srian ar an tsaoirse bunaíochta atá cumhdaithe in Airteagal 49 [CFAE] nó, mar mhalairt air sin, ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, dá bhforáiltear in Airteagal 56 [CFAE], agus ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh, mar a chosnaítear in Airteagal 16 den [Chairt]?

(2)

Cad iad na breithnithe ba cheart a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh an bhfuil bonn cirt leis an reachtaíocht atá i gceist, an bhfuil sí oiriúnach agus comhréireach maidir lena cuspóir dlisteanach an teanga oifigiúil a chosaint mar léiriú ar an bhféiniúlacht náisiúnta?”

Na ceisteanna a tharchuirtear

Inghlacthacht na díospóide sna príomhimeachtaí agus ábhar na díospóide a bheith fós ann

31

Ar an gcéad dul síos, maidir le hinghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú seo, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil feidhm ag forálacha Chonradh FAE maidir le saoirse bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar maidi le staid ina bhfuil gach gné di teoranta d’aon Bhallstát amháin (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Samhain 2016, Ullens de Schooten, C-268/15, EU:C:2016:874, mír 47).

32

Mar sin féin, chinn an Chúirt, i gcás ina ndéanann an chúirt náisiúnta tarchur chuici i gcomhthéacs imeachtaí chun forálacha is infheidhme, ní hamháin maidir le náisiúnaigh de chuid na tíre féin ach freisin le náisiúnaigh de chuid Ballstát eile, a chur ar neamhní, beidh éifeacht freisin ag an gcinneadh a ghlacfaidh an chúirt sin tar éis a réamhrialú, maidir leis na náisiúnaigh de chuid Ballstát eile, a thugann údar maith di na ceisteanna a cuireadh uirthi a fhreagairt i ndáil le forálacha Chonradh FAE maidir le saoirsí bunúsacha, in ainneoin go bhfuil gach gné den díospóid sna príomhimeachtaí teoranta d’aon Bhallstát amháin (féach, chuige sin, breithiúnais an 8 Bealtaine 2013, Libert agus páirtithe eile, C‑197/11 agus C‑203/11, EU:C:2013:288, mír 35, agus an 15 Samhain 2016, Ullens de Schooten, C-268/15, EU:C:2016:874, mír 51).

33

Is amhlaidh an cás leis an nós imeachta um athbhreithniú a dhéanamh ar bhunreachtúlacht an Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais, atá i gceist sa chás seo. Is léir ón ordú tarchuir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar athbhreithniú teibí mar chuid den nós imeachta sin ar fhorálacha áirithe den dlí sin, lena mbeartaítear scrúdú a dhéanamh an gcomhlíonann na forálacha sin rialacha dlíthiúla ar chéim níos airde, ag féachaint do na daoine go léir a bhfuil feidhm ag na forálacha sin maidir leo. Ina theannta sin, de réir Airteagal 8(1) den Dlí sin, féadfaidh an Stát agus daoine dlítheanacha nó nádúrtha eile, lena n-áirítear daoine dlítheanacha nó nádúrtha eachtracha, institiúidí ardoideachais a bhunú sa Laitvia.

34

Is é sin le rá gur chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl na fachtóirí sonracha dá dtagraítear sa mhír roimhe seo a fhágann gur féidir nasc a bhunú idir ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí, a bhfuil a imthosca uile teoranta don Bhallstát lena mbaineann, agus Airteagail 49 agus 56 CFAE, sa chaoi gur gá na saoirsí bunúsacha sin a léirmhíniú chun an díospóid sin a réiteach (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Samhain 2016, Ullens de Schooten, C‑268/15, EU:C:2016:874, mír 54).

35

Maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí a bheith fós ann, sa dara háit, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le fiúntas fhreagra na Cúirte ar na ceisteanna arna dtarchur sa mhéid a mheas an chúirt a rinne an tarchur nach raibh Airteagal 56(3) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais agus pointe 49 d’fhorálacha idirthréimhseacha an Dlí sin ag luí le Bunreacht na Laitvia.

36

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara mar is léir ón iarraidh ar réamhrialú, agus mar is léir ó mhír 23 den bhreithiúnas seo, gur chinn an chúirt a rinne an tarchur, le breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, an cás sna príomhimeachtaí, atá os a comhair, a roinnt ina dhá chás.

37

Ar an gcéad dul síos, mar is léir ó mhír 25 den bhreithiúnas seo, chinn sí go raibh an tríú habairt d’Airteagal 5(1) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais comhsheasmhach le hAirteagail 112 agus 113 de Bhunreacht na Laitvia. Os a choinne sin, ní raibh Airteagal 56(3) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais ná pointe 49 d’fhorálacha idirthréimhseacha an Dlí sin, a mhéid a bhaineann siad le hinstitiúidí príobháideacha ardoideachais, lena bhfoireann teagaisc agus lena mic léinn, comhsheasmhach leis na hAirteagail 112 agus 113 sin.

38

Ar an dara dul síos, chinn an chúirt sin leanúint den chás sna príomhimeachtaí a scrúdú maidir le comhoiriúnacht an tríú habairt d’Airteagal 5(1) agus Airteagal 56(3) den Dlí maidir le hinstitiúidí ardoideachais agus pointe 49 d’fhorálacha idirthréimhseacha an Dlí sin le hAirteagail 1 agus 105 de Bhunreacht na Laitvia, agus í den tuairim nach mór an ceart chun maoine a chumhdaítear in Airteagal 105 a léirmhíniú i bhfianaise na saoirse bunaíochta a chumhdaítear in Airteagal 49 CFAE, ar gá a inneachar a shoiléiriú.

39

Ina theannta sin, chinn an chúirt a rinne an tarchur, d’fhonn tréimhse réasúnta ama a thabhairt don reachtóir náisiúnta reachtaíocht nua a ghlacadh, na forálacha a measadh a bheith míbhunreachtúil a choimeád i bhfeidhm agus éifeacht neamhbhailíocht na bhforálacha sin a chur siar go dtí an 1 Bealtaine 2021.

40

Mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 24 dá Thuairim, ní mór na coinníollacha maidir le hinghlacthacht tarchur chun réamhrialú a chomhlíonadh, ní hamháin tráth an tarchuir chun na Cúirte, ach freisin le linn na n-imeachtaí. I gcás ina bhfuil sé d’éifeacht ag neamh-chomhoiriúnacht fhorálacha ábhartha an dlí náisiúnta leis an mBunreacht náisiúnta, arna dearbhú ag cúirt bhunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann, iad a eisiamh ón dlíchóras náisiúnta, i bprionsabal, ní fhéadfaidh an Chúirt rialú a thabhairt ar na ceisteanna a tharchuirtear chuici a thuilleadh. I bhfianaise fhorbairt an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí agus in éagmais ráiteas ón gcúirt náisiúnta maidir le hábharthacht na gceisteanna a chuirtear chun an díospóid sin a réiteach, mheasfaí na ceisteanna sin a bheith hipitéiseach (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Meitheamh 2013, Di Donna, C-492/11, EU:C:2013:428, míreanna 27 go 32).

41

É sin ráite, ba cheart a thabhairt faoi deara gur faoin gcúirt náisiúnta amháin ar tugadh an díospóid os a comhair atá sé, agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá atá leis an réamhrialú chun go bhféadfaidh sí breith a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais [breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, INPS(Liúntas breithe agus máithreachais do shealbhóirí ceadanna aonair), C-350/20, EU:C:2021:659, mír 38).

42

Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann an cheist a tharchuirtear le léirmhíniú nó bailíocht rialach de chuid dhlí an Aontais, tá sé de cheangal ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt. Dá réir sin, baineann toimhde ábharthachta le tarchur chun réamhrialú ar dhlí an Aontais. Ní féidir leis an gCúirt diúltú do rialú a dhéanamh ar cheist den sórt sin ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag léirmhíniú nó ag measúnú bailíochta ar riail dhlí an Aontais a iarrtar le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í, nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach nó dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 29 Bealtaine 2018, Liga van Moskeeën en Islamitische Organisaties Provincie Antwerpen agus páirtithe eile, C-426/16, EU:C:2018:335, míreanna 30 agus 31).

43

Sa chás seo, cé go bhfuil sé dearbhaithe ag an gcúirt a rinne an tarchur go bhfuil an tríú habairt d’Airteagal 5(1) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais comhsheasmhach le hAirteagail 112 agus 113 de Bhunreacht na Laitvia, is amhlaidh fós go bhféadfadh an chúirt sin, i bhfianaise na bhfreagraí a thugann an Chúirt ar na ceisteanna a chuir sí uirthi, teacht ar chonclúid eile maidir le comhréireacht na forála sin le hAirteagail 1 agus 105 den Bhunreacht sin, arna léiriú i bhfianaise fhorálacha Chonradh FAE maidir le saoirse bunaíochta agus saorghluaiseacht seirbhísí agus Airteagal 16 den Chairt.

44

Ina theannta sin, mar fhreagra ar iarraidh ar shoiléiriú ón gCúirt maidir leis an ngá atá leis an iarraidh ar réamhrialú a choimeád ar bun, ag féachaint don dearbhú neamhbhailíochta i bhfianaise Bhunreacht na Laitvia maidir leis na forálacha náisiúnta lena mbaineann na ceisteanna a chuirtear, a bhfuil éifeachtaí acu ón 1 Bealtaine 2021, agus ag féachaint go háirithe do ghlacadh an Dlí lena leasaítear an Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais, a tháinig i bhfeidhm ar an dáta sin, luaigh an chúirt a rinne an tarchur go raibh sí fós inniúil chun bunreachtúlacht na bhforálacha sin a mheasúnú.

45

Cuireann an chúirt sin in iúl i ndáil leis sin go raibh na forálacha sin, cé gur dearbhaíodh go raibh siad míbhunreachtúil, i bhfeidhm ar feadh tréimhse áirithe agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha dlíthiúla a bheith acu do na daoine dlítheanacha ar cuireadh i bhfeidhm iad maidir leo agus go bhféadfadh siad a bheith ina gcúis le díospóidí.

46

Ós rud é go n-iarrtar ar an gcúirt sin, inter alia, a chinneadh ar cheart na forálacha atá i gceist sna príomhimeachtaí a eisiamh ó chóras dlí na Laitvia fiú i ndáil leis an tréimhse sular tháinig a neamhbhailíocht i bhfeidhm, ní mór a chinneadh go bhfuil freagra ón gCúirt ar na ceisteanna a tarchuireadh fós úsáideach chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach.

47

Dá réir sin, is gá rialú a thabhairt ar an iarraidh ar réamhrialú.

Substaint an cháis

48

Lena ceisteanna, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagail 49 agus 56 CFAE agus Airteagal 16 den Chairt a léirmhíniú sa chaoi go ciallaíonn siad go cuirtear cosc leo ar reachtaíocht Ballstáit a chuireann, oibleagáid, i bprionsabal, ar institiúidí ardoideachais teagasc a sholáthar go heisiach i dteanga oifigiúil an Bhallstáit sin.

Réamhbharúlacha

49

Chun na ceisteanna sin a fhreagairt, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur d’fhorálacha Chonradh FAE a bhaineann le saoirse bunaíochta agus le saorghluaiseacht seirbhísí, chomh maith le forálacha na Cairte.

50

A mhéid a bhaineann, ar dtús, leis na saoirsí bunúsacha, chinn an Chúirt, i gcás ina mbaineann beart náisiúnta go comhuaineach le roinnt de na saoirsí sin, nach ndéanfaidh an Chúirt, i bprionsabal, é a scrúdú ach i bhfianaise ceann amháin de na saoirsí sin, má dhealraíonn sé, i gcúinsí an cháis, go bhfuil na cinn eile tánaisteach ar fad don chéad cheann agus gur féidir iad a cheangal leis (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2009, Liga Portuguesa de Futebol Profissional agus Bwin International, C-42/07, EU:C:2009:519, mír 47).

51

Is léir freisin ón gcásdlí socair nach mór, chun an phríomhshaoirse bhunúsach a chinneadh, cuspóir na reachtaíochta lena mbaineann a chur san áireamh (breithiúnas an 3 Márta 2020, Tesco-Global Áruházak, C-323/18, EU:C:2020:140, mír 51).

52

Ina theannta sin, chinn an Chúirt gur gníomhaíocht eacnamaíoch í eagrú cúrsaí ardoideachais, ar comaoin, a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí de Chonradh FAE, a bhaineann leis an gceart bunaíochta i gcás ina ndéanann náisiúnach de chuid Ballstáit i mBallstát eile é ar bhonn seasmhach agus leanúnach ó phríomhbhunaíocht nó ó bhunaíocht thánaisteach sa Bhallstát deiridh sin (breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Ardoideachas), C-66/18, EU:C:2020:792, mír 160, agus an 13 Samhain 2003, Neri, C-153/02, EU:C:2003:614, mír 39).

53

Ar an taobh eile, is “[soláthar] seirbhísí” de réir bhrí Airteagal 56 CFAE iad na seirbhísí uile nach dtairgtear ar bhonn seasmhach agus leanúnach ó bhunaíocht sa Bhallstát cinn scríbe, agus tuigtear nach bhfágann aon fhoráil de Chonradh FAE gur féidir a chinneadh, ar bhealach teibí, an fad nó an mhinicíocht nach féidir a mheas a thuilleadh gur soláthar seirbhísí é cur ar fáil seirbhíse nó cineál áirithe seirbhíse (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Bealtaine 2012, Duomo Gpa agus páirtithe eile, C-357/10 go C-359/10, EU:C:2012:283, míreanna 31 agus 32).

54

Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ón iarraidh ar réamhrialú, go rialaítear le hAirteagal 8(1) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais an fhéidearthacht don Stát agus do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha eile, lena n-áirítear daoine dlítheanacha nó nádúrtha eachtracha, chun institiúidí ardoideachais a bhunú sa Laitvia. Ina theannta sin, fágann an cineál áirithe seirbhísí lena mbaineann, eadhon, gníomhaíochtaí ardoideachais, go gcuirtear na gníomhaíochtaí sin i gcrích, go ginearálta, ar bhonn seasmhach agus leanúnach.

55

Dá bhrí sin, ní mór a mheas go dtagann an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí go príomha faoi raon feidhme na saoirse bunaíochta.

56

Maidir le scrúdú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an reachtaíocht sin i bhfianaise Airteagal 16 den Chairt, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a rialaigh an Chúirt, go gcumhdaítear le scrúdú ar an srian arna thabhairt isteach le reachtaíocht náisiúnta faoi Airteagal 49 CFAE aon srianta ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí dá bhforáiltear in Airteagail 15 go 17 den Chairt, rud a fhágann nach gá scrúdú ar leith a dhéanamh ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh a chumhdaítear in Airteagal 16 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Global Starnet, C-322/16, EU:C:2017:985, mír 50).

57

Sna himthosca sin, ní mór na ceisteanna a chuireann an chúirt a rinne an tarchur a fhreagairt ar bhonn Airteagal 49 CFAE amháin.

An srian ar an tsaoirse a ráthaítear in Airteagal 49 CFAE

58

I gcomhréir le hAirteagal 6 CFAE, tá inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus iad a chomhordú nó a fhorlíonadh, lena n-áirítear i réimse an oideachais.

59

Cé nach ndéanann dlí an Aontais difear d’inniúlacht na mBallstát, ar an gcéad dul síos, maidir le hábhar an teagaisc agus eagrú na gcóras oideachais agus a n-éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus, ar an dara dul síos, inneachar agus eagrú na gairmoiliúna, mar a leanann ó Airteagal 165(1) agus Airteagal 166(1) CFAE, fós féin, i bhfeidhmiú na hinniúlachta sin, ní mór do na Ballstáit dlí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe na forálacha maidir le saoirse bunaíochta. (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2007, Schwarz agus Gootjes-Schwarz, C-76/05, EU:C:2007:492, mír 70).

60

Foráiltear sa chéad mhír d’Airteagal 49 CFAE, i gcomhthéacs na bhforálacha a leagtar amach i gCaibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí de Chonradh FAE, go bhfuil toirmeasc ar shrianta ar shaoirse bunaíochta náisiúnach de chuid Ballstáit amháin i gcríoch Ballstáit eile.

61

Ní mór a mheas gur srianta ar an tsaoirse bunaíochta iad na bearta go léir lena gcuirtear toirmeasc ar fheidhmiú na saoirse a ráthaítear in Airteagal 49 CFAE, nó lena gcuirtear bac ar a feidhmiú nó a bhaineann de tharraingteacht fheidhmiú na saoirse sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Eanáir 2015, Stanley International Betting agus Stanleybet Malta, C-463/13, EU:C:2015:25, mír 45).

62

Sa chás seo, cé go bhféadfaidh náisiúnaigh de chuid Ballstát eile iad féin a bhunú sa Laitvia agus cláir ardoideachais a sholáthar, tá an fhéidearthacht sin ag brath, i bprionsabal, ar an oibleagáid cláir den sórt sin a sholáthar i dteanga oifigiúil an Bhallstáit sin amháin.

63

D’fhéadfadh sé go bhfágfadh oibleagáid den sórt sin nach mbeidh sé chomh tarraingteach céanna do na náisiúnaigh sin iad féin a bhunú sa Bhallstát a fhorchuireann an oibleagáid sin, arb éard í dá bhrí sin ná srian ar an tsaoirse a ráthaítear in Airteagal 49 CFAE. Go háirithe, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 75 dá Thuairim, ní fhéadfaidh na náisiúnaigh sin, agus institiúid acu i mBallstát eile, cuid mhór den fhoireann riaracháin agus teagaisc atá fostaithe san institiúid sin a úsáid, rud a bheidh ina chúis le costais shuntasacha.

64

Ar an gcaoi chéanna, tá srian den sórt sin ann freisin maidir le náisiúnaigh Ballstát eile a d’fheidhmigh an tsaoirse sin, sular glacadh an Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais, trí institiúidí a oscailt sa Laitvia a chuireann clár oideachais ar fáil i dteanga eile seachas an Laitvis. Go deimhin, tar éis dheireadh na hidirthréimhse, beidh ar na náisiúnaigh sin a gclár teagaisc a oiriúnú do cheanglais an dlí seo, rud a d’fhéadfadh costais shuntasacha a bheith i gceist leis, go háirithe i ndáil le cuid mhór dá bhfoireann riaracháin agus teagaisc.

Bonn cirt leis an srian ar an tsaoirse a ráthaítear in Airteagal 49 CFAE

65

De réir cásdlí socair, ní fhéadfar srian ar an tsaoirse bunaíochta a cheadú ach amháin más rud é, ar an gcéad dul síos, go bhfuil údar leis ar chúis sháraitheach ar mhaithe le leas an phobail agus, ar an dara dul síos, go gcomhlíontar prionsabal na comhréireachta, rud a chiallaíonn nach mór é a bheith iomchuí chun a áirithiú, ar bhealach comhsheasmhach agus córasach, go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú agus nach rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun é sin a bhaint amach [breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Ardoideachas), C-66/18, EU:C:2020:792, mír 178].

– Maidir le cúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail

66

Mar is léir ón iarraidh ar réamhrialú, is é is aidhm don oibleagáid cúrsaí ardoideachais a sholáthar i Laitvis, a eascraíonn go háirithe as Airteagal 56(3) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais, ná úsáid theanga oifigiúil Phoblacht na Laitvia a chosaint agus a chur chun cinn.

67

Chuir an Chúirt in iúl ina leith sin nach gcuireann forálacha dhlí an Aontais bac ar bheartas a ghlacadh atá dírithe ar cheann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla Ballstáit a chosaint agus a chur chun cinn (breithiúnas an 16 Aibreán 2013, Las, C-202/11, EU:C:2013:239, mír 25).

68

Chinn sí, dá bhrí sin, faoin gceathrú fomhír d’Airteagal 3(3) CAE agus Airteagal 22 den Chairt, go n-urramóidh an tAontas saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga. I gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, tá an tAontas Eorpach le féiniúlacht náisiúnta a Bhallstát a urramú freisin, lena n-áirítear cosaint theanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann (breithiúnais an 12 Bealtaine 2011, Runevič-Vardyn agus Wardyn, C-391/09, EU:C:2011:291, mír 86, agus an 16 Aibreán 2013, Las, C-202/11, EU:C:2013:239, mír 26).

69

Is ceart aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an teagasc d’fhonn beartas cosanta den sórt sin a shaothrú agus d’fhonn cleachtadh teanga oifigiúil Bhallstáit a chur chun cinn (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Samhain 1989, Groener, C-379/87, EU:C:1989:599, mír 20).

70

Dá bhrí sin, ní mór féachaint ar an gcuspóir maidir le cleachtadh ceann de theangacha oifigiúla Ballstáit a chur chun cinn agus a spreagadh mar chuspóir dlisteanach lenar féidir, i bprionsabal, bonn cirt a thabhairt le srian a chur ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an tsaoirse bunaíochta a chumhdaítear in Airteagal 49 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Aibreán 2013, Las, C-202/11, EU:C:2013:239, mír 27, agus an 21 Meitheamh 2016, New Valmar, C-15/15, EU:C:2016:464, mír 50).

– Oiriúnacht an tsriain lena mbaineann chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú

71

Chomh maith leis an méid is léir ó mhír 65 den bhreithiúnas seo, tá sé riachtanach fós a mheasúnú an bhfuil an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí oiriúnach chun an cuspóir dlisteanach sin a bhaint amach agus nach dtéann sí thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir dlisteanach sin a bhaint amach.

72

Chuige sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur amháin, a bhfuil dlínse aici amháin, measúnú a dhéanamh ar na fíricí sa díospóid sna príomhimeachtaí agus chun an reachtaíocht náisiúnta a léirmhíniú, atá sé a chinneadh an gcomhlíonann an reachtaíocht sin na ceanglais sin agus a mhéid a chomhlíonann sí iad (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Aibreán 2010, Bressol agus páirtithe eile, C-73/08, EU:C:2010:181, mír 64).

73

Mar sin féin, tá an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarradh uirthi freagra úsáideach a sholáthar don chúirt sin, inniúil ar cibé treoir a thabhairt di bunaithe ar an gcomhad sna príomhimeachtaí agus ar na barúlacha i scríbhinn a cuireadh faoina bráid a chuirfidh ar chumas na cúirte sin a cinneadh a thabhairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Aibreán 2010, Bressol agus páirtithe eile, C-73/08, EU:C:2010:181, mír 65).

74

Sa chás seo, is cosúil go bhfuil reachtaíocht Bhallstáit lena bhforáiltear d’oibleagáid ar institiúidí ardoideachais teanga oifigiúil an Bhallstáit sin a úsáid, i bprionsabal, iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir maidir leis an teanga sin a chosaint agus a chur chun cinn. Go deimhin, cuireann an reachtaíocht cleachtadh na teanga sin chun cinn i measc an phobail ar fad lena mbaineann agus cinntíonn sí go n-úsáidtear an teanga chéanna freisin i gcomhthéacs na hoiliúna ag leibhéal na hollscoile.

75

Mar sin féin, ní mór a choinneáil i gcuimhne nach féidir breathnú ar an reachtaíocht sin mar reachtaíocht lena ndéantar an cuspóir sin a áirithiú ach amháin má fhreagraíonn sí i ndáiríre don chuspóir chun é a bhaint amach agus má chuirtear chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach agus córasach í (breithiúnas an 4 Iúil 2019, an Coimisiún v an Ghearmáin, C-377/17, EU:C:2019:562, mír 89).

76

I bhfianaise a raon feidhme teoranta, ní chuireann na heisceachtaí dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin bac ar ghnóthú an chuspóra maidir le teanga oifigiúil an Bhallstáit sin a chosaint agus a chur chun cinn.

77

Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chás seo, mar a shonraigh an chúirt a rinne an tarchur, go bhforáiltear le reachtaíocht na Laitvia nach mbaineann úsáid éigeantach na Laitvise le dhá institiúid ardoideachais phríobháideacha a bhfuil a n-oibriú faoi rialú ag dlíthe speisialta, rud a fhágann gur féidir leis an dá institiúid sin leanúint de chláir oideachais a thabhairt i mBéarla nó, de réir mar a bheidh, i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

78

Mar is léir ó fhreagra scríofa Rialtas na Laitvia ar cheisteanna a chuir an Chúirt, bunaíodh an dá institiúid sin trí chomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích idir Poblacht na Laitvia agus Ríocht na Sualainne. Is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhforáiltear go sonrach le pointe 1 d’Airteagal 56(3) den Dlí maidir le hInstitiúidí Ardoideachais go bhféadfar clár oideachais a reáchtáiltear sa Laitvia a thabhairt i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh seachas an Laitvis i gcás ina n-eagraítear an clár sin faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta.

79

Sna himthosca sin, cé gur fíor go bhfuil stádas speisialta ag an dá institiúid ardoideachais a bhfuil a n-oibríocht faoi rialú dlíthe speisialta, ós rud é go ndéantar an teagasc trí mheán an Bhéarla nó, de réir mar a bheidh, i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais, níl aon rud lena gcuirtear cosc ar institiúidí eile a n-oiliúint a chur ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh seachas an Laitvis, ar choinníoll go dtagann a n-oibriú faoi raon feidhme comhaontaithe idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir Poblacht na Laitvia agus Stáit eile.

80

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag an maolú is infheidhme maidir leis an dá institiúid sin maidir le haon bhunaíocht i gcás comhchosúil. Ina theannta sin, is féidir an chatagóir bunaíochtaí sin a idirdhealú ar bhealach ábhartha ó na bunaíochtaí atá faoi réir na hoibleagáide i bprionsabal teagasc a dhéanamh i Laitvis sa chás seo, a mhéid a bhaineann loighic ar leith, arb é an comhar ollscoile idirnáisiúnta, leis na bunaíochtaí sin. Dá bhrí sin, ag féachaint don chuspóir sonrach a shaothraíonn siad agus i bhfianaise a raon feidhme teoranta, ní fhágann forálacha lena gceadaítear d’institiúidí ardoideachais áirithe tairbhe a bhaint as maolú i gcomhthéacs an chomhair dá bhforáiltear le cláir Aontais agus le comhaontuithe idirnáisiúnta, nach bhfuil an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí comhsheasmhach.

– Riachtanas agus comhréireacht an tsriain lena mbaineann

81

Ba cheart a choinneáil i gcuimhne nach féidir údar a thabhairt le bearta lena gcuirtear srian ar shaoirse bhunúsach ach amháin mura féidir an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach trí bhearta nach bhfuil chomh sriantach céanna (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Nollaig 2010, Sayn-Wittgenstein, C-208/09, EU:C:2010:806, mír 90).

82

Ina theannta sin, níl sé riachtanach go mbeadh an beart sriantach arna leagan síos ag údaráis Ballstáit ag teacht le dearcadh atá ag na Ballstáit uile maidir leis an gcaoi chun an ceart bunúsach nó an leas dlisteanach lena mbaineann a chosaint. A mhalairt sin, ní chuirtear as an áireamh go bhfuil na forálacha ábhartha riachtanach agus comhréireach ar an bhforas amháin gur roghnaigh Ballstát córas cosanta nach ionann é agus an córas a glacadh i Stát eile (breithiúnas an 22 Nollaig 2010, Sayn-Wittgenstein, C-208/09, EU:C:2010:806, mír 91).

83

Is fíor go bhfuil rogha leathan ag na Ballstáit maidir leis na bearta a roghnú ar dóigh dóibh cuspóirí a mbeartais chun an teanga oifigiúil a chosaint a bhaint amach, sa chás gurb ionann beartas den sórt sin agus léiriú na féiniúlachta náisiúnta de réir bhrí Airteagal 4(2) CAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Aibreán 2013, Las, C-202/11, EU:C:2013:239, mír 26). Mar sin féin, ní féidir leis an rogha sin údar a thabhairt le cur isteach tromchúiseach ar na cearta a eascraíonn ó fhorálacha na gConarthaí lena gcumhdaítear a saoirsí bunúsacha (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Bealtaine 2011, Runevič-Vardyn agus Wardyn, C-391/09, EU:C:2011:291, mír 78).

84

Ba cheart a thabhairt faoi deara go rachadh reachtaíocht de chuid Ballstáit lena gceanglaítear, gan aon eisceacht, go gcuirfí cláir ardoideachais ar fáil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit sin, thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir arna shaothrú ag an reachtaíocht sin a bhaint amach, eadhon, an teanga sin a chosaint agus a chur chun cinn. Go deimhin, is é an toradh a bheadh ar reachtaíocht den sórt sin, i ndáiríre, go mbeadh riachtanas ann maidir leis an teanga sin a úsáid i ngach clár ardoideachais, d’eisiamh aon teanga eile agus gan na cúiseanna a chur san áireamh a d’fhéadfadh údar cuí a thabhairt le cláir éagsúla ardoideachais a sholáthar i dteangacha eile.

85

Ar an taobh eile, féadfaidh na Ballstáit oibleagáid a thabhairt isteach, i bprionsabal, a dteanga oifigiúil a úsáid sna cláir sin, ar choinníoll go mbeidh eisceachtaí ag gabháil le hoibleagáid den sórt sin, lena n-áiritheofar gur féidir teanga seachas an teanga oifigiúil a úsáid san oideachas ollscoile.

86

Sa chás sin, ba cheart go gceadódh eisceachtaí den sórt sin, ionas nach sárófar a bhfuil riachtanach chun na críche sin, úsáid teanga seachas an Laitvis, ar a laghad i gcás cúrsaí oiliúna a chuirtear ar fáil faoi chuimsiú an chomhair Eorpaigh nó idirnáisiúnta agus oiliúint a bhaineann le cultúr agus le teangacha seachas an Laitvis.

87

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a chuirtear ná nach mór Airteagal 49 CFAE a léirmhíniú sa chaoi nach gcuireann sé bac ar reachtaíocht de chuid Ballstáit a fhorchuireann, i bprionsabal, ar institiúidí ardoideachais an oibleagáid chun teagasc a sholáthar go heisiach i dteanga oifigiúil an Bhallstáit sin, ar choinníoll go bhfuil údar leis an reachtaíocht sin ar fhorais a bhaineann lena fhéiniúlacht náisiúnta a chosaint, is é sin le rá, go bhfuil sí riachtanach agus comhréireach le cosaint an chuspóra arna shaothrú go dlisteanach a bhaint amach.

Costais

88

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Ní mór Airteagal 49 CFAE a léirmhíniú sa chaoi nach gcuireann sé bac ar reachtaíocht de chuid Ballstáit a fhorchuireann, i bprionsabal, ar institiúidí ardoideachais an oibleagáid chun teagasc a sholáthar go heisiach i dteanga oifigiúil an Bhallstáit sin, ar choinníoll go bhfuil údar leis an reachtaíocht sin ar fhorais a bhaineann lena fhéiniúlacht náisiúnta a chosaint, is é sin le rá, go bhfuil sí riachtanach agus comhréireach le cosaint an chuspóra arna shaothrú go dlisteanach a bhaint amach.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Laitvis.

Top