EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0376

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2023 Iúil 13.
An Coimisiún Eorpach v CK Telecoms UK Investments Ltd.
Achomharc – Iomaíocht – Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 – Comhchruinnithe a rialú idir gnóthais – Seirbhísí teileachumarsáide soghluaiste – Cinneadh lena ndearbhaítear nach luíonn comhchruinniú leis an margadh inmheánach – Margadh olagaplach – Bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach – Éifeachtaí neamh-chomhordaithe – Caighdeán cruthúnais – Corrlach discréide atá ag an gCoimisiún Eorpach in ábhair eacnamaíocha – Réimse an athbhreithnithe bhreithiúnaigh – Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha – Cúiseanna ábhartha le léiriú go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach – Na coincheapa “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” agus “dlúth-iomaitheoirí” – Dlúithe iomaíochta idir na páirtithe sa chomhchruinniú – Anailís chainníochtúil ar éifeachtaí an chomhchruinnithe bheartaithe ar phraghsanna – Gnóthachain éifeachtúlachta – Míbhrí a bhaint – Gearán arna tharraingt ag Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ar a tionscnamh féin – Neamhniú.
Cás C-376/20 P.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:561

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

13 Iúil 2023 ( *1 )

Clár

 

An dlí lena mbaineann

 

Rialachán (CE) Uimh. 139/2004

 

Rialachán Uimh. 802/2004

 

Na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha

 

Cúlra na díospóide agus an cinneadh atá faoi chonspóid

 

Na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc

 

An nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

 

An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe

 

An tAchomharc

 

An chéad fhoras achomhairc

 

Argóintí na bpáirtithe

 

Breithniú na Cúirte Breithiúnais

 

An dara foras achomhairc

 

An chéad chuid

 

– Argóintí na bpáirtithe

 

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

 

An dara cuid

 

– Argóintí na bpáirtithe

 

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

 

An tríú foras achomhairc

 

An chéad chuid

 

– Argóintí na bpáirtithe

 

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

 

An dara cuid

 

– Argóintí na bpáirtithe

 

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

 

An tríú gearán

 

– Argóintí na bpáirtithe

 

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

 

An ceathrú foras achomhairc

 

An chéad chuid

 

– Argóintí na bpáirtithe

 

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

 

An dara cuid

 

– Argóintí na bpáirtithe

 

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

 

An cúigiú foras achomhairc

 

Argóintí na bpáirtithe

 

Breithniú na Cúirte Breithiúnais

 

An séú foras achomhairc

 

Feidhmeacht an séú foras achomhairc

 

– Argóintí na bpáirtithe

 

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

 

An chéad chuid

 

– Argóintí na bpáirtithe

 

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

 

An dara cuid

 

– Argóintí na bpáirtithe

 

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

 

An cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta

 

Costais

(Achomharc – Iomaíocht – Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 – Comhchruinnithe a rialú idir gnóthais – Seirbhísí teileachumarsáide soghluaiste – Cinneadh lena ndearbhaítear nach luíonn comhchruinniú leis an margadh inmheánach – Margadh olagaplach – Bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach – Éifeachtaí neamh-chomhordaithe – Caighdeán cruthúnais – Corrlach discréide atá ag an gCoimisiún Eorpach in ábhair eacnamaíocha – Réimse an athbhreithnithe bhreithiúnaigh – Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha – Cúiseanna ábhartha le léiriú go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach – Na coincheapa “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” agus “dlúth-iomaitheoirí” – Dlúithe iomaíochta idir na páirtithe sa chomhchruinniú – Anailís chainníochtúil ar éifeachtaí an chomhchruinnithe bheartaithe ar phraghsanna – Gnóthachain éifeachtúlachta – Míbhrí a bhaint – Gearán arna tharraingt ag Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ar a tionscnamh féin – Neamhniú)

I gCás C‑376/20 P,

ACHOMHARC de bhun Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 7 Lúnasa 2020,

an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ar dtús ag G. Conte, M. Farley, J. Szczodrowski agus C. Urraca Caviedes, ina dhiaidh sin ag F. Castillo de la Torre, G. Conte, M. Farley, J. Szczodrowski agus C. Urraca Caviedes, i gcáil Gníomhairí,

achomharcóir,

le tacaíocht ó:

Údarás Faireacháin CSTE, arna ionadú ar dtús ag C. Simpson, M. Sánchez Rydelski agus C. Zatschler, ina dhiaidh sin ag C. Simpson agus M. Sánchez Rydelski, i gcáil Gníomhairí,

idiragraí san achomharc,

na páirtithe eile sna himeachtaí:

CK Telecoms UK Investments Ltd, arna bhunú i Londain (an Ríocht Aontaithe), arna ionadú ar dtús ag J. Aitken, K. Asakura, A. Coe, M. Davis, S. Prichard, solicitors, O. W. Brouwer, advocaat, B. Kennelly, SC, A. Müller, advocate, agus T. Wessely, Rechtsanwalt, ina dhiaidh sin ag J. Aitken, K. Asakura, A. Coe, M. Davis, solicitors, O. W. Brouwer, advocaat, B. Kennelly, SC, A. Müller, advocate, agus T. Wessely, Rechtsanwalt,

iarratasóir ag an gcéad chéim,

Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, arna hionadú ar dtús ag S. Brandon, ina dhiaidh sin ag F. Shibli, i gcáil Gníomhairí,

EE Ltd, arna bhunú in Hatfield (an Ríocht Aontaithe),

idiragraithe ag an gcéad chéim,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í chomhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev (Rapóirtéir), A. Prechal, M. Safjan, P. G. Xuereb, D. Gratsias agus M. L. Arastey Sahún, Uachtaráin Dlísheomra, J.–C. Bonichot, S. Rodin, F. Biltgen, J. Passer agus Z. Csehi, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,

Cláraitheoir: M. Longar, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 14 Meitheamh 2022,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 20 Deireadh Fómhair 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Trína achomharc, iarrann an Coimisiún Eorpach go neamhneofaí breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 28 Bealtaine 2020, CK Telecoms UK Investments v an Coimisiún (T‑399/16, an breithiúnas atá faoi achomharc, EU:T:2020:217), lenar neamhnigh an Chúirt Ghinearálta Cinneadh C(2016) 2796 final ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2016, lena ndearbhaítear nach luíonn comhchruinniú leis an margadh inmheánach (Cás COMP/M.7612 – Hutchison 3G UKTelefónica UK), a foilsíodh mar achoimre in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 29 Meán Fómhair 2016 (IO 2016 C 357, lch. 15, “an cinneadh atá faoi chonspóid”).

An dlí lena mbaineann

Rialachán (CE) Uimh. 139/2004

2

Leagtar amach an méid seo a leanas in aithrisí 5, 6, 24, 25, 28 agus 29 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (“an Rialachán um Chumaisc CE”) (IO 2004 L 24, lch. 1):

“ (5)

Ní mór [...] a áirithiú nach bhfuil an próiseas athstruchtúraithe ina chúis le dochar marthanach a bhaint d’iomaíocht. Mar sin, ní mór forálacha a bheith sa dlí Comhphobail atá infheidhme maidir le comhchruinnithe, ar comhchruinnithe iad lena bhféadfaí bac suntasach a chur ar iomaíocht éifeachtach sa chómhargadh nó i gcuid mhór de.

(6)

Dá bhrí sin, ionstraim shonrach dlí atá ina Rialachán atá ag teastáil lena gceadaítear rialú éifeachtach a dhéanamh ar gach comhchruinniú de réir a éifeachta ar an struchtúr iomaíochta sa Chomhphobal, ar Rialachán é a bhfuil feidhm aige agus aige amháin maidir lena leithéid de chomhchruinnithe. Ceadaíodh le Rialachán (CEE) Uimh. 4064/89 ón gComhairle, [an 21 Nollaig 1989, maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO 1989 L 395, lch. 1)], beartas Comhphobail a fhorbairt sa réimse sin. I bhfianaise na taithí atá faighte, áfach, ní mór an Rialachán sin a athmhúnlú inniu le forálacha dlí atá in oiriúint do na dúshláin a bhaineann le margadh níos comhtháite agus le méadú an Aontais Eorpaigh as seo amach. I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 [CAE], ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, is é sin a áirithiú nach saobhfar an iomaíocht sa chómhargadh, i gcomhréir le prionsabal geilleagair margaidh oscailte ina bhfuil iomaíocht saor.

[...]

(24)

D’fhonn córas a áirithiú nach saobhfar iomaíocht sa chómhargadh ann, chun críocha beartas a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le prionsabal geilleagair margaidh oscailte ina bhfuil iomaíocht shaor, ní mór rialú éifeachtach a cheadú leis an Rialachán seo ar gach comhchruinniú ó thaobh a n‑éifeachta ar iomaíocht sa Chomhphobal. Mar sin, bunaíodh le Rialachán [Uimh. 4064/89] an prionsabal nach mór a dhearbhú nach luífidh comhchruinnithe leis an gcómhargadh a bhaineann gné Chomhphobail leo, ar comhchruinnithe iad lena gcruthaítear nó lena dtreisítear staid cheannasach, rud a fhágann go gcuirtear bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach sa chómhargadh nó i gcuid mhór de.

(25)

I bhfianaise na n‑iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag comhchruinnithe a dhéantar i struchtúir margaidh olagaplacha, is mó is gá iomaíocht éifeachtach a choimeád sna margaí sin. Léirítear méid maith iomaíochta in go leor margaí olagaplacha. I gcásanna áirithe, áfach, d’fhéadfaí bac suntasach a chur ar iomaíocht éifeachtach mar thoradh ar chomhchruinnithe arb é atá i gceist leo ná deireadh a chur le diansrianta iomaíochta ar chuir na páirtithe ar a chéile chomh maith leis na brúnna iomaíochta a laghdú atá ar na hiomaitheoirí eile, fiú i gcás nach dócha go mbeadh comhar idir iad siúd atá san olagaplacht. Go dtí seo, áfach, ní dhearna na Cúirteanna Comhphobail léiriú sainráite ar Rialachán [Uimh. 4064/89] amhail go n‑éilítear leis go ndearbhófaí nach luíonn comhchruinnithe leis an gcómhargadh a bhíonn ina chúis le héifeachtaí neamh-chomhordaithe dá leithéid. Dá bhrí sin, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ní mór a shoiléiriú go bhforáiltear leis an Rialachán seo do rialú éifeachtach ar gach comhchruinniú le foráil dó nach mór a dhearbhú nach luíonn gach comhchruinniú lena gcuirtear bac ar iomaíocht éifeachtach sa chómhargadh nó i gcuid mhór de leis an gcómhargadh. Ní mór léiriú a dhéanamh ar an gcoincheap “bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach” atá in Airteagal 2(2) agus (3) amhail nach mbaineann sé, thar choincheap na staide ceannasaí, ach le héifeachtaí frith-iomaíochta comhchruinnithe a bheidh mar thoradh ar iompraíocht neamh‑chomhordaithe gnóthas nach raibh staid cheannasach acu sa mhargadh lena mbaineann.

[...]

(28)

D’fhonn an measúnú a shoiléiriú agus a mhíniú a rinne an Coimisiún ar chomhchruinnithe i bhfianaise an Rialacháin seo, ní mór don Choimisiún treoracha a fhoilsiú chun creat fónta eacnamaíochta a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar chomhchruinnithe d’fhonn a fhionnadh an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a dhearbhú go luíonn siad leis an gcómhargadh.

(29)

Chun an éifeacht a fhionnadh a bheidh ag comhchruinnithe ar struchtúr na hiomaíochta sa chómhargadh, ní mór na gnóthachain éifeachtúlachta a chur san áireamh a d’fhéadfadh na gnóthais lena mbaineann a léiriú. D’fhéadfadh sé gur mó na gnóthachain éifeachtúlachta mar thoradh ar an gcomhchruinniú ná an tionchar ar iomaíocht, agus go háirithe an dochar a d’fhéadfaí a bhaint do thomhaltóirí, a d’fhéadfaí a bhaint ach go háirithe agus nach gcuirfí bac suntasach leo ar iomaíocht éifeachtach sa chómhargadh nó i gcuid mhór de, go háirithe trí staid cheannasach a chruthú nó a threisiú, mar sin. Ní mór don Choimisiún treoracha a fhoilsiú maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh sé na gnóthachain éifeachtúlachta a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhchruinniú.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

3

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 2 den Rialachán sin, dar teideal “Measúnú ar chomhchruinnithe”:

“(1)   Déanfar measúnú ar na comhchruinnithe dá dtagraítear sa Rialachán seo de réir chuspóirí an Rialacháin seo agus de réir na bhforálacha seo a leanas d’fhonn a shuí an luíonn nó nach luíonn siad leis an gcómhargadh.

Agus an measúnú sin á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

an gá le hiomaíocht éifeachtach a choimeád agus a fhorbairt sa chómhargadh i bhfianaise, go háirithe, struchtúr na margaí i gceist go léir agus i bhfianaise na hiomaíochta atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann ó ghnóthais atá lonnaithe laistigh nó lasmuigh den Chomhphobal;

(b)

suíomh margaidh na ngnóthas lena mbaineann agus a gcumhacht eacnamaíochta agus airgeadais, na roghanna atá ar fáil do sholáthróirí agus d’úsáideoirí, an rochtain atá acu ar fhoinsí soláthair nó ar asraonta, aon bhacainní dlíthiúla nó praiticiúla iontrála atá ann, cora sa scéal ó thaobh sholáthar na dtáirgí nó seirbhísí lena mbaineann agus an éilimh atá orthu, leasanna na dtomhaltóirí idirmheánacha agus deiridh, agus cora sa scéal ó thaobh dul chun cinn teicniúil agus eacnamaíochta ar an gcoinníoll go rachaidh sé chun leasa na dtomhaltóirí agus nach mbeidh sé ina chonstaic ar iomaíocht.

(2)   Ní mór a dhearbhú go luíonn comhchruinnithe leis an gcómhargadh nach gcuirtear bac suntasach leo ar iomaíocht éifeachtach sa chómhargadh nó i gcuid mhór de, go háirithe trí staid cheannasach a chruthú nó a threisiú.

(3)   Ní mór a dhearbhú nach luíonn comhchruinnithe leis an gcómhargadh lena gcuirtear bac suntasach leo ar iomaíocht éifeachtach sa chómhargadh nó i gcuid mhór de, go háirithe trí staid cheannasach a chruthú nó a threisiú.

(4)   Sa mhéid go bhfuil comhar iompraíochta iomaíochta atá ag gnóthais a fhanann neamhspleách ina aidhm agus ina éifeacht ag cruthú comhghnóthais is comhchruinniú de réir bhrí Airteagal 3, déanfar measúnú ar an gcomhar sin de réir chritéir Airteagal [101(1) agus (3) CFAE] d’fhonn a shuí an luíonn nó nach luíonn an comhchruinniú leis an gcómhmhargadh.

(5)   Agus an measúnú sin á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh go háirithe:

go bhfuil, go suntasach agus san am céanna, dhá ghnóthas is bunaitheoirí nó níos mó san aon mhargadh leis an gcomhghnóthas, i margadh réamhtheachtach nó iartheachtach den mhargadh sin nó i margadh comharsanach atá fite fuaite leis an margadh sin,

go gcuirtear na gnóthais lena mbaineann i gcumas deireadh a chur leis an iomaíocht le haghaidh cuid mhór de na táirgí nó seirbhísí i gceist trína gcomhar, atá mar thoradh díreach ar chruthú an chomhghnóthais.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Leagtar amach an méid seo a leanas in Airteagal 3(1)(b) den Rialachán sin, arb Airteagal é dar teideal “Sainmhíniú ar Chomchruinniú”:

“Measfar go mbeidh comhchruinniú déanta i gcás ina mbeidh athrú marthanach ar rialú de thoradh: [...]

(b)

rialú díreach nó indíreach ar ghnóthas iomlán amháin nó níos mó nó ar chodanna de na gnóthais sin a bheith faighte ag duine amháin nó níos mó a bhfuil aon ghnóthas amháin ar a laghad á rialú aige nó aici, nó a bheith faighte ag aon ghnóthas amháin nó níos mó, cibé acu trí cheannach urrús nó sócmhainní, trí chonradh nó trí aon mhodh eile.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear don mhéid seo a leanas sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) den Rialachán sin, arb Airteagal é dar teideal “Réamhfhógra a thabhairt maidir le comhchruinnithe agus réamhfhógra a tharchur ar iarraidh ó na páirtithe fógarthacha”:

“Ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le comhchruinnithe a bhfuil gné Chomhphobail ag baint leo, dá dtagraítear leis an Rialachán seo, sula gcruthófar iad agus i ndiaidh chur i gcrích an chomhaontaithe, don tairiscint táthcheangail a fhoilsiú nó leas urlámhais a mhalartú nó a bhaint.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Déantar foráil don mhéid seo a leanas in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 139/2004, arb Airteagal é dar teideal “Scrúdú a dhéanamh ar thabhairt an fhógra agus an nós imeachta a thionscnamh”:

“(1)   Scrúdóidh an Coimisiún an fógra a luaithe a gheofar é.

(a)

I gcás ina mbaineann sé de chonclúid nach dtagann an comhchruinniú fógartha faoin Rialachán seo, cuirfidh sé é seo i gcuntas trí bhíthin cinnidh.

(b)

I gcás ina gcinneann sé nach dtarraingítear an‑amhras, leis an gcomhchruinniú fógartha, an luíonn nó nach luíonn sé leis an margadh inmheánach, cinnfidh sé gan toirmeasc a chur air agus dearbhóidh sé go luíonn sé léi an gcómhargadh.

Measfar go gcumhdaítear srianta a bhaineann go díreach le cur chun feidhme an chomhchruinnithe, agus atá ag teastáil uaidh, le cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil comhchruinniú ag luí leis.

(c)

Gan dochar do mhír 2, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go dtagann an comhchruinniú fógartha faoin Rialachán seo agus go dtarraingítear an‑amhras an luíonn nó nach luíonn sé leis an gcómhargadh, cinnfidh sé na himeachtaí a thionscnamh. Gan dochar d’Airteagal 9, cuirfear clabhsúr ar na himeachtaí sin trí bhíthin cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) go (4), mura rud é gur léirigh na gnóthais lena mbaineann chun sástacht an Choimisiúin go bhfuil éirithe acu as an gcomhchruinniú.

(2)   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, i ndiaidh do na gnóthais lena mbaineann athruithe a dhéanamh, nach dtarraingítear an‑amhras a thuilleadh de réir bhrí mhír (1)(c) le comhchruinniú fógartha, dearbhóidh sé go luíonn an comhchruinniú leis an gcómhargadh, i gcomhréir le mír (1)(b).

Féadfaidh an Coimisiún coinníollacha agus oibleagáidí a cheangal leis an gcinneadh a dhéanfaidh sé de réir mhír (1)(b) chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gnóthais lena mbaineann na gealltanais arna dtabhairt acu i leith an Choimisiúin d’fhonn an comhchruinniú a chur ag luí leis an gcómhargadh.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 7(1) den Rialachán sin, arb Airteagal é dar teideal “An comhchruinniú a chur ar fionraí”:

“Ní fhéadfar comhchruinniú a bhaineann gné Chomhphobail leis [...] a dhéanamh sula dtugfar fógra ina leith nó sula ndearbhófar go luíonn sé leis an gcómhargadh le cinneadh arna dhéanamh de réir Airteagal 6(1)(b) nó Airteagal 8(1) nó (2) nó ar bhonn toimhde a leagtar amach le hAirteagal 10(6).”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 8(1) go (3) den Rialachán sin, arb Airteagal é dar teideal “Cumhachtaí cinnteoireachta an Choimisiúin”:

“(1)   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go gcomhlíonfar le comhchruinniú fógartha an critéar a leagtar amach in Airteagal 2(2) agus, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 2(4), na critéir in Airteagal [101(3) CFAE], déanfaidh sé cinneadh lena ndearbhófar go luíonn an comhchruinniú leis an gcómhargadh.

Measfar go gcumhdaítear srianta a bhaineann go díreach le cur chun feidhme an chomhchruinnithe, agus atá ag teastáil uaidh, le cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil comhchruinniú comhchuibheach.

(2)   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, i ndiaidh do na gnóthais lena mbaineann athruithe a dhéanamh, go gcomhlíonfar le comhchruinniú fógartha an critéar a leagtar amach in Airteagal 2(2), agus, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 2(4), na critéir a leagtar amach in Airteagal [101(3) CFAE], déanfaidh sé cinneadh lena ndearbhófar go luíonn an comhchruinniú leis an gcómhargadh.

Féadfaidh an Coimisiún coinníollacha agus oibleagáidí a cheangal leis an gcinneadh lena bhféachtar a áirithiú go ndéanfaidh na gnóthais lena mbaineann de réir na ngealltanas arna dtabhairt acu i leith an Choimisiúin d’fhonn an comhchruinniú a chur ag luí leis an gcómhargadh.

Measfar go gcumhdaítear srianta a bhaineann go díreach le cur chun feidhme an chomhchruinnithe, agus atá ag teastáil uaidh, le cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil comhchruinniú comhchuibheach.

(3)   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go gcomhlíonfar le comhchruinniú an critéar a leagtar amach in Airteagal 2(3) nó, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 2(4), nach gcomhlíonfar le comhchruinniú na critéir in Airteagal [101(3) CFAE], déanfaidh sé cinneadh lena ndearbhófar nach luíonn an comhchruinniú leis an gcómhargadh.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 10(6) den Rialachán sin, arb Airteagal é dar teideal “Teorannacha ama le nós imeachta agus cinntí a thionscnamh”:

“I gcás nach mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún faoi Airteagal 6(1)(b) nó (c) nó faoi Airteagal 8(1)(2) nó (3) laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i (1) agus i (3) faoi seach, measfar go luíonn an comhchruinniú leis an gcómhargadh [...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 21(2) de Rialachán Uimh. 139/2004, arb Airteagal é dar teideal “Forfheidhmiú an Rialacháin agus dlínse”:

“Faoi réir athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais, beidh inniúlacht eisiach ag an gCoimisiún na cinntí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghlacadh.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán Uimh. 802/2004

11

Foráiltear dó le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán Uimh. 139/2004 (IO 2004 L 133, lch. 1, agus Ceartúchán, IO 2004 L 172, lch. 9), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1269/2013 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2013 (IO 2013 L 336, lch. 1) (“Rialachán Uimh. 802/2004”), chun críocha comhchruinnithe a rialú, go dtaiscfear na fógraí faoi mar atá leagtha amach i bhfoirm CO atá in Iarscríbhinn I den Rialachán seo.

12

Tá Airteagal 9 d’Iarscríbhinn I, dar teideal “Gnóthachain éifeachtúlachta” sna focail seo a leanas:

“Dá mba mhian leat go ndéanfaidh an Coimisiún breithmheas sonrach ón tús [...], le feiceáil ar dócha go gcuirfidh na gnóthachain éifeachtúlachta a eascróidh as an gcomhchruinniú le cumas agus le dreasacht an eintitis nua chun feidhmiú ar son na hiomaíochta chun tairbhe tomhaltóirí nó nach dócha; tabhair tuairisc ar gach éifeachtúlacht, agus tabhair doiciméid tacaíochta a bhaineann léi (lena n‑áirítear coigilteas costais, tabhairt isteach táirgí nua, agus seirbhís nó feabhsuithe táirgí) a mheasann na páirtithe a tharlóidh mar thoradh ar an gcomhchruinniú atá beartaithe i ndáil le haon táirge ábhartha [...]

Le haghaidh gach maíomh maidir le héifeachtúlacht, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:

(i)

míniú mionsonraithe ar an gcaoi a gcuirfeadh an comhchruinniú atá beartaithe ar chumas don eintiteas nua an éifeachtúlacht a bhaint amach. Sonraigh na bearta a mheasann na páirtithe a ghlacfaidh siad chun an éifeachtúlacht a bhaint amach, na rioscaí a ghabhann leis an éifeachtúlacht a bhaint amach, agus an t‑am agus na costais is gá chun í a bhaint amach;

(ii)

i gcás inarb indéanta go réasúnach é, cainníochtú a dhéanamh ar an éifeachtúlacht agus míniú mionsonraithe ar an gcaoi a ndearnadh an cainníochtú a ríomh. I gcás inarb ábhartha, tabhair meastachán freisin ar thábhacht na n‑éifeachtúlachtaí a bhaineann le tabhairt isteach táirgí nua nó le feabhsuithe nua ar an gcaighdeán. I gcás éifeachtúlachtaí a mbaineann coigilteas costais leo, luaigh ar leithligh an coigilteas costais sheasta aonuaire, an coigilteas costais sheasta athfhilltigh, agus an coigilteas costais athraithigh (in EUR in aghaidh an aonaid agus in EUR in aghaidh na bliana);

(iii)

a mhéid tairbhe is dócha a bhainfidh custaiméirí as an éifeachtúlacht agus míniú mionsonraithe ar an gcaoi ar thángthas ar an gconclúid sin; agus

(iv)

an chúis nach bhféadfadh an páirtí nó na páirtithe an éifeachtúlacht sin a bhaint amach an oiread céanna ar mhodh eile seachas tríd an gcomhchruinniú beartaithe, agus ar bhealach nach dóigh dó ábhair imní a tharraingt i ndáil le hiomaíocht.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha

13

Leagtar amach an méid seo a leanas san Fhógra ón gCoimisiún, dar teideal “Treoirlínte ón gCoimisiún maidir leis an measúnú ar chumaisc chothrománacha faoin Rialachán ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais” (IO 2004 C 31, lch. 5; “Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha”), i roinn maidir leis na héifeachtaí neamh-chomhordaithe:

“Éifeachtaí neamh-chomhordaithe [...]

(24)

D’fhéadfaí bac suntasach a chur le comhchruinniú ar iomaíocht éifeachtach i margadh trí dheireadh a chur le brúnna suntasacha iomaíochta ar dhíoltóir amháin nó níos mó, a bhfuil níos mó cumhachta margaidh acu dá bhrí sin. Beidh sé d’éifeacht is dírí ag an gcomhchruinniú go gcuirfear deireadh le hiomaíocht idir páirtithe sa chomhchruinniú. Mar shampla, i gcás, roimh an gcomhchruinniú, gur ardaigh ceann de na páirtithe a phraghsanna, tabharfaidh sé faoi deara gur tháinig laghdú ar chuid dá dhíolacháin chun leasa páirtí eile sa bheart. Cuirfear deireadh tríd an gcomhchruinniú sin, áfach, leis an srian áirithe sin. D’fhéadfadh leas a bhaint ag gnóthais atá san aon mhargadh, nach páirtithe sa chomhchruinniú iad, as lagú brú iomaíochta a bhfuil an comhchruinniú ina chúis leis, ós féidir le hardú phraghsanna na bpáirtithe cuid den éileamh a tharraingt ar ghnóthais is coimhlinteoirí, a d’fhéadfadh sé, dá réir sin, gur brabúsach leo a bpraghsanna a ardú [...]. D’fhéadfadh laghdú ar na srianta iomaíochta seo a bheith ina chúis le hardú sonraíoch praghsanna.

(25)

Go ginearálta, chuirfí bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach le comhchruinniú a mbeidh ina chúis le héifeachtaí neamh‑chomhordaithe tríd an staid cheannasach a chruthú nó a threisiú atá ag aon ghnóthas amháin, ar gnóthas é gur dual dó sciar den mhargadh a bheith aige atá níos mó go sonraíoch ná an t‑iomaitheoir is gaire dó. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go bhfuil sé d’éifeacht ag comhchruinnithe i margaí olagaplacha [...] atá ina gcúis le deireadh a chur le diansrianta iomaíochta ar chuir páirtithe sna bearta sin ar a chéile san am a caitheadh agus ag laghdú ar an mbrú iomaíochta atá ar na hiomaitheoirí eile, fiú i gcás gur beag gur dócha comhar idir iad siúd atá san olagaplacht, go gcuirfí bac suntasach ar iomaíocht. Sonraítear sa Rialachán um Chumaisc nach mór a dhearbhú nach luíonn aon chomhchruinniú leis an gcómhargadh atá ina chúis lena leithéid d’éifeachtaí neamh-chomhordaithe [...]

(26)

Tá tionchar in‑imeartha ag roinnt tosca ar an dóchúlacht go mbeadh comhchruinniú ina chúis le héifeachtaí neamh-chomhordaithe suntasacha, ar tosca iad nach gá go bhfuil siad cinntitheach astu féin. Ní gá do na tosca seo go léir a bheith ann ionas gur dócha a leithéid d’éifeachtaí. Ina theannta sin, ní chaithfear a mheas go bhfuil an liosta cúiseanna a leanas uileghabhálach.

Sciartha móra de mhargadh a bheith ag páirtithe sa chomhchruinniú

(27)

Dá mhéad an sciar den mhargadh a bheidh aige, is amhlaidh is dóichí go mbeidh cumhacht margaidh aige. Dá mhéad a chuirtear leis na sciartha den mhargadh, is amhlaidh is mó an baol go mbeadh an comhchruinniú ina chúis le méadú suntasach ar chumhacht margaidh. Dá mhéad a chuirfear le líon na gcustaiméirí as a mbeidh corrlach brabúis níos mó le saothrú i ndiaidh ardú praghsanna, is amhlaidh is dóichí gur brabúsach leis na páirtithe sa chomhchruinniú a leithéid d’ardú praghsanna, fiú i gcás ina bhfuil laghdú ar aschur ag dul leis. Cé nach bhfuil sna sciartha de mhargadh agus an forás atá fúthu ach na chéad táscairí de chumhacht mhargaidh agus d’ardú atá uirthi, is gnách dóibh a bheith ina dtosca tábhachtacha agus measúnú á dhéanamh ar chomhchruinniú [...]

Na páirtithe sa chomhchruinniú a bheith ina ndlúth-iomaitheoirí

(28)

In aon mhargadh ábhartha amháin, tá idirdhealú indéanta ar tháirgí ionas [...] gurb amhlaidh gur fearr táirgí ionaid iad táirgí áirithe ná táirgí eile [...]. D’inionadaitheacht tháirgí na bpáirtithe i gcomhchruinniú, is amhlaidh is dóichí go gcuirfí go mór lena bpraghsanna leo [...]. Mar shampla, d’fhéadfaí praghsanna a ardú go mór le comhchruinniú idir dhá tháirgeoir a chuireann táirgí ar fáil a mheasann líon an‑mhór custaiméirí gurb iad an chéad rogha nó an dara rogha atá acu. Mar sin, d’fhéadfadh sé gurbh eochairthoisc í agus anailís á déanamh go raibh coimhlint idir na páirtithe ina húdar mór iomaíochta sa mhargadh [...]. D’fhéadfadh sé gur dóichí go n‑ardófaí praghsanna go mór chomh maith [...] toisc go raibh corrlaigh móra ann roimh an gcomhchruinniú. Is dóichí gur mó is dócha gur lú a bhfuil na páirtithe sa chomhchruinniú gríosaithe chun a bpraghsanna a ardú i gcás ina gcuireann a n‑iomaitheoirí táirgí ionaid ar fáil atá cosúil lena dtáirgí ná i gcás ina gcuireann siad táirgí ionaid atá níos lú cosúla leo ar fáil [...]. Dá bhrí sin, is lú seans go gcuirfidh comhchruinniú bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, go háirithe trí staid cheannasach a chruthú nó a threisiú, i gcás ina bhfuil táirgí na bpáirtithe sa chomhchruinniú inionadaithe go mór le táirgí táirgeoirí is coimhlinteoirí.

(29)

I gcás ina mbeidh na sonraí sin ar fáil, beidh inionadaitheacht inmheasta ar bhonn staidéar a dhéanamh ar roghanna na gcustaiméirí, ar anailís a dhéanamh ar phatrúin ceannaigh, meastachán a dhéanamh ar thras-phraghasleaisteachas na dtáirgí lena mbaineann [...] nó ar chóimheasa atreoraithe [...]. I margaí a fheidhmíonn ar bhonn tairiscintí, d’fhéadfaí a mheas, san am a caitheadh, ar cuireadh nó nár cuireadh brú ar na tairiscintí arna dtíolacadh ag ceann de na páirtithe sa chomhchruinniú toisc go raibh páirtí eile sa chomhchruinniú [...].

(30)

I margaí áirithe, d’fhéadfadh sé a bheith éasca go leor, agus gur beag a bhfuil sé costasach, do ghnóthais athbhrandáil a dhéanamh ar a dtáirgí nó cur le réimse na dtáirgí a chuireann siad ar fáil. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún scrúdú le feiceáil an bhféadfaí nó nach bhféadfaí tionchar a imirt ar ábhar gríosaithe an eintitis a eascróidh as an gcomhchruinniú sin a phraghsanna a ardú toisc gur féidir leis na hiomaitheoirí nó na páirtithe sa chomhchruinniú athbhrandáil a dhéanamh ar a dtáirgí nó a raon táirgí a leathnú. Is minic, áfach, go mbaineann baol le hathbhrandáil a dhéanamh ar tháirgí nó le raon na dtáirgí a leathnú, go ngintear costais do-aisghabhála leis [...] agus go bhféadfadh sé go bhfuil sé níos lú brabúsaí ná raon na dtáirgí reatha atá ar fáil.

[...]

Cuirtear deireadh tríd an gcomhchruinniú le húdar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht

(37)

Tá ról níos tábhachtaí ag gnóthais áirithe i gcúrsaí iomaíochta ná mar a thabharfaí le fios leis na sciartha den mhargadh atá acu nó le haon táscaire comhchosúil. D’fhéadfaí dinimic na hiomaíochta a athrú ar bhealach atá suntasach agus lena ndéantar dochar don iomaíocht le haon chomhchruinniú a bheidh a leithéid de ghnóthas páirteach ann, go háirithe i gcás ina bhfuil an margadh comhdhlúthaithe cheana féin [...]. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur tháinig gnóthas isteach sa mhargadh le déanaí agus go bhfuiltear ag súil leis go gcuirfidh sé dianbhrú iomaíochta ar na gnóthais eile atá sa mhargadh as seo amach.

(38)

Sna margaí ina bhfuil an nuálaíocht ina húdar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht, d’fhéadfaí cur le cumas agus ábhar gríosaithe na ngnóthas ábhair úr nuálaíochta a thabhairt chun margaidh agus, uime sin, leis an mbrú iomaíochta atá ar ghnóthais is coimhlinteoirí a bheith nuálach sa mhargadh sin. Os a choinne sin, d’fhéadfaí bac suntasach a chur ar iomaíocht éifeachtach le comhchruinniú idir dhá ghnóthas thábhachtacha nuálacha, mar shampla idir dhá ghnóthas a bhfuil táirgí á bhforbairt acu le haghaidh margadh táirgí ar leith. A dhála sin, d’fhéadfadh gnóthas a bhfuil sciar measartha suarach go leor aige sa mhargadh a bheith ina údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht i gcás ina bhfuil cosúlacht mhaith ar a chuid táirgí atá á bhforbairt [...].”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Cúlra na díospóide agus an cinneadh atá faoi chonspóid

14

Leagtar cúlra na díospóide amach i míreanna 1 go 25 den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus tá achoimre indéanta air mar seo a leanas.

15

An 11 Meán Fómhair 2015, fuair an Coimisiún fógra, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Uimh. 139/2004, maidir le comhchruinniú a bhí beartaithe (“an comhchruinniú beartaithe”) lena mbeadh urlámhas aonair ar Telefónica Europe plc (“O2”) le fáil, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán sin, ag CK Hutchison Holdings Ltd, trína fhochuideachta indíreach Hutchison 3G UK Investments Ltd, dá ndearnadh CK Telecoms UK Investments Ltd as (“CK Telecoms”).

16

Mar sin, bhí ceithre oibreoir líonra cumarsáide soghluaiste sa mhargadh miondíola do sheirbhísí teileachumarsáide soghluaiste sa Ríocht Aontaithe (“an margadh miondíola”), eadhon EE Ltd, atá ina fhochuideachta de BT Group plc, a fuair BT Group plc in 2016 (“BT/EE”), O2, Vodafone agus Hutchison 3G Ltd (“Three”), atá ina bhfochuideachta indíreach de CK Hutchison Holdings, arbh iad thart ar 30 % agus 40 %, 20 % agus 30 %, 10 % agus 20 % agus 10 % agus 20 % na sciartha den mhargadh de réir síntiúsóirí atá acu faoi seach. I ndiaidh an chomhchruinnithe bheartaithe, b’ionann Three agus O2 agus thart ar 30 % agus 40 % den mhargadh miondíola, rud ar fhág go raibh siad in ann an ceann is fearr a fháil sa mhargadh sin, chun tosaigh ar an sean‑oibreoir stairiúil BT/EE agus Vodafone.

17

Áiríodh sa mhargadh miondíola roinnt oibreoirí líonraí cumarsáide fíorúla soghluaiste chomh maith nach raibh líonra cumarsáide soghluaiste acu, amhail Tesco Mobile, ar cuideachta é a bhfuil ag Tesco agus O2 i gcomhpháirt, Virgin Mobile agus TalkTalk. Bhí comhaontuithe tugtha i gcrích ag na hoibreoirí sin le hoibreoirí líonra cumarsáide soghluaiste chun rochtain a fháil ar a líonraí ar phraghsanna mórdhíola. Áiríodh sa mhargadh miondíola athdhíoltóirí agus miondíoltóirí neamhspleácha, amhail Dixons, chomh maith.

18

Bhí de réir thréithe an mhargaidh mhiondíola go raibh conarthaí comhroinnte líonra, darbh ainmneacha MBNL agus Beacon faoi seach, tugtha i gcrích ag BT/EE agus Three le Vodafone agus O2, lena ndearnadh go raibh costais leata amach a líonraí in‑chomhroinnte acu fad ar lean siad ar aghaidh a bheith in iomaíocht sa mhargadh miondíola.

19

An 2 Deireadh Fómhair 2015, d’iarr Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ar an gCoimisiún, tríd an Competition and Markets Authority (an tÚdarás Iomaíochta agus Margaí, an Ríocht Aontaithe) an comhchruinniú beartaithe a tharchur chuige ar bhonn Airteagal 9(2)(a) de Rialachán Uimh. 139/2004. D’áitigh an Ríocht Aontaithe go raibh baol ann go gcuirfí bac suntasach leis an gcomhchruinniú sin ar iomaíocht sa mhargadh miondíola agus sa mhargadh mórdhíola maidir le rochtain agus tionscnamh glaonna ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste sa Ríocht Aontaithe (“an margadh mórdhíola”). Ina theannta sin, d’áitigh an Ríocht Aontaithe gurbh í an Ríocht Aontaithe ab fhearr a bhí in ann plé leis an gcomhchruinniú sin.

20

Le Cinneadh C(2015) 8534 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2015 maidir le hAirteagal 9 de Rialachán Uimh. 139/2004 i gCás M.7612 Hutchison 3G UK v Telefónica UK, diúltaíodh don iarraidh sin ar tharchur. Chun tacú leis an gcinneadh sin, d’agair an Coimisiún go háirithe go bhfuil gá le comhsheasmhacht agus le haonfhoirmeacht, agus measúnú á dhéanamh ar chomhchruinnithe san earnáil teileachumarsáide i mBallstáit éagsúla chomh maith leis an taithí shuntasach atá faighte aige agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhchruinnithe i margaí teileachumarsáide soghluaiste na hEorpa.

21

An 30 Deireadh Fómhair 2015, chinn an Coimisiún an nós imeachta a thionscnamh dá bhforáiltear le hAirteagal 6(1)(c) de Rialachán Uimh. 139/2004 toisc comhchuibheas an chomhchruinnithe a bheith ina chúis le han‑amhrais.

22

An 4 Feabhra 2016, d’eisigh an Coimisiún ráiteas agóidí. An 26 Feabhra 2016, thíolaic CK Telecoms a bharúlacha i scríbhinn maidir leis an ráiteas agóidí sin.

23

An 2 Márta 2016, chun teacht ar réiteach ar fhadhbanna iomaíochta a leagtar amach sa ráiteas agóidí, thíolaic CK Telecoms an chéad sraith gealltanas.

24

Ar iarratas ó CK Telecoms, tionóladh éisteacht an 7 Márta 2016.

25

An 15 Márta 2016, thíolaic CK Telecoms gealltanais leasaithe (“an dara sraith gealltanas”).

26

An 17 agus an 23 Márta 2016, sheol an Coimisiún litreacha chuig CK Telecoms inar tharraing sé aird ar fhianaise nua atá ar fáil ina cháschomhad agus atá ar aon fhocal le réamhchonclúidí an ráitis agóidí. An 29 Márta 2016 agus an 4 Aibreán 2016, thíolaic CK Telecoms a bharúlacha i scríbhinn mar fhreagra ar na litreacha sin.

27

An 6 Aibreán 2016, chuir CK Telecoms an tríú sraith de ghealltanais isteach.

28

An 27 Aibreán 2016, d’eisigh an Coiste Comhairleach um Chomhchruinnithe tuairim lenar moladh an dréachtchinneadh ón gCoimisiún.

29

An 11 Bealtaine 2016, ghlac an Coimisiún an cinneadh atá faoi chonspóid, ar cinneadh é a bhunaítear ar aithint dhá mhargadh ábhartha, eadhon an margadh miondíola agus an margadh mórdhíola.

30

D’fhorbair an Coimisiún trí theoiric dhíobhála, ar teoiricí iad a bhunaítear ar éifeachtaí neamh-chomhordaithe a bheith ann i margadh olagaplach.

31

Baineann an chéad teoiric dhíobhála le héifeachtaí neamh-chomhordaithe a bheith sa mhargadh miondíola de thoradh ar dheireadh a chur le diansrianta iomaíochta. Go bunúsach, de réir an Choimisiúin, is dócha go mbeadh an laghdú géar ar iomaíocht de thoradh an chomhchruinnithe bheartaithe ina chúis le praghsanna na seirbhísí teileachumarsáide soghluaiste a ardú sa Ríocht Aontaithe agus le srian a chur leis an rogha atá ag tomhaltóirí.

32

Baineann an dara teoiric dhíobhála le héifeachtaí neamh-chomhordaithe maidir le comhroinnt líonraí a bheith sa mhargadh miondíola. De réir an Choimisiúin, bheadh tionchar diúltach in‑imeartha leis an gcomhchruinniú atá beartaithe ar chaighdeán na seirbhísí do thomhaltóirí trí bhac a chur ar fhorbairt bhonneagar na líonraí cumarsáide soghluaiste sa Ríocht Aontaithe.

33

Baineann an tríú teoiric dhíobhála le héifeachtaí neamh-chomhordaithe a bheith ann mar thoradh ar dheireadh a chur le diansrianta iomaíochta sa mhargadh mórdhíola. Sa mhargadh sin, soláthraíonn na ceithre oibreoir líonra cumarsáide soghluaiste seirbhísí óstála d’oibreoirí nach bhfuil líonra soghluaiste acu, a chuireann seirbhísí miondíola ar fáil do shíntiúsóirí ansin. Go háirithe, tá baol ann go mbeidh éifeachtaí suntasacha neamh-chomhordaithe ag an gcomhchruinniú atá beartaithe, de réir an chinnidh atá i gceist, sa mhargadh mórdhíola mar thoradh ar an laghdú ar líon na n‑oibreoirí líonraí cumarsáide soghluaiste ó cheithre cheann go trí cheann acu, mar thoradh ar dheireadh a chur le Three mar “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht”, mar thoradh ar dheireadh a chur le srianta iomaíochta suntasacha ar chuir na páirtithe ar a chéile roimhe sin agus mar thoradh ar laghdú ar bhrú iomaíochta ar na gníomhaithe eile.

34

Maidir leis na gnóthachain éifeachtúlachta arna líomhain ag CK Telecoms, mheas an Coimisiún nach raibh siad indeimhnithe, nach raibh baint shainiúil acu leis an gcomhchruinniú agus nach dócha go rachaidís chun leas na dtomhaltóirí.

35

Sa chuid dheireanach den chinneadh atá faoi chonspóid, scrúdaigh an Coimisiún na gealltanais arna moladh ag CK Telecoms. Mheas sé, go bunúsach, nach gcuirfí deireadh tríd an dara sraith gealltanas nó tríd an tríú ceann leis na fadhbanna iomaíochta go léir arna n‑aithint, nó nach gcuirfí deireadh iomlán tríothu leo.

36

Dá bhrí sin, dhearbhaigh an Coimisiún nach raibh an comhchruinniú beartaithe ag luí leis an margadh inmheánach.

Na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc

37

Le hiarratas arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 25 Iúil 2016, thionscain CK Telecoms caingean le haghaidh neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid.

38

Mar thaca leis an gcaingean sin, mhaígh CK Telecoms cúig shaincheist dlí.

39

Bhain an chéad saincheist dlí agus an ceathrú saincheist dlí leis an gcéad agus an tríú teoiric dhíobhála maidir le deireadh a chur le hiomaíocht idir Three agus O2 faoi seach, sa mhargadh miondíola agus sa mhargadh mórdhíola. Bhain an dara saincheist dlí leis an measúnú a rinne an Coimisiún ar an gcás frithfhíorasach, ar a bunaíodh an measúnú ar na margaí miondíola agus mórdhíola. Bhain an tríú saincheist dlí leis an dara teoiric dhíobhála sa mhargadh miondíola, maidir le comhroinnt líonraí, agus leis na gealltanais maidir le comhroinnt líonraí. Bhain an cúigiú saincheist dlí leis na gealltanais eile arna gcur isteach ag CK Telecoms.

40

Ar dtús, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta an chéad saincheist dlí, an tríú saincheist dlí agus an ceathrú saincheist dlí faoi seach agus, ina dhiaidh sin, scrúdaigh sí an dara foras achomhairc agus an cúigiú foras achomhairc.

41

Leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, sheas an Chúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, go bunúsach, leis an gcéad chuid den chéad saincheist dlí maidir le déine an athbhreithnithe bhreithiúnaigh maidir le comhchruinnithe, leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme i ndiaidh Rialachán Uimh. 139/2004 a ghlacadh, leis an dualgas cruthúnais agus leis na ceanglais chruthúnais atá ar an gCoimisiún i gcás inar gá dó bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach a chruthú, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den Rialachán sin, a chruthú. Ina theannta sin, sheas sí leis an dara cuid den chéad saincheist dlí maidir le “[h]údar spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar Three agus leis an tríú agus an cúigiú cuid den saincheist dlí sin maidir le measúnú ar dhlúithe na hiomaíochta agus leis an measúnú ar éifeachtaí cainníochtúla an chomhchruinnithe bheartaithe ar phraghsanna faoi seach. Ina theannta sin, sheas an Chúirt Ghinearálta le hargóintí CK Telecoms atá mar chuid den seachtú cuid den saincheist dlí sin, ar dá réir nár shonraigh an Coimisiún ina chinneadh údar tuairime go raibh na baic líomhainte ar iomaíocht de thoradh an chomhchruinnithe suntasach. Ansin, sheas sí leis an gcéad chuid, leis an tríú cuid, leis an gceathrú cuid, leis an gcúigiú cuid agus leis an séú cuid den tríú saincheist dlí, lena n‑éilítear earráidí i bhfianaise na n‑éifeachtaí cothrománacha neamh-chomhordaithe de thoradh chomhroinnt na líonraí. Ag an deireadh ar fad, sheas an Chúirt Ghinearálta leis na chéad trí chuid den cheathrú saincheist dlí a bhain le héifeachtaí neamh‑chomhordaithe sa mhargadh mórdhíola. Dá bhrí sin, chuir an Chúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní.

An nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

42

Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 7 Lúnasa 2020, thionscain an Coimisiún an t‑achomharc seo.

43

Le doiciméad ar leith arna thaisceadh an dáta céanna, d’iarr an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais, i ndáil le EE, ar ceann den dá idiragraí ag an gcéad chéim, go gceadófaí caitheamh go rúnda le sleachta áirithe den achomharc ina raibh faisnéis a thagann faoi rún tráchtála, ar faisnéis í ar cheadaigh an Chúirt Ghinearálta go gcaithfí go rúnda léi. Le hordú an 1 Deireadh Fómhair 2020, an Coimisiún v CK Telecoms UK Investments (C‑376/20 P, nár foilsíodh, EU:C:2020:789), cheadaigh Uachtarán na Cúirte an iarraidh sin. Mar sin, níor seirbheáladh ach leagan neamhrúnda den achomharc sin ar EE.

44

Le doiciméad arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte an 20 Samhain 2020, d’iarr CK Telecoms ar an gCúirt Bhreithiúnais, i ndáil le EE, go gceadófaí caitheamh go rúnda le faisnéis áirithe ina fhrithaighneacht a tháinig faoi rún tráchtála agus, ina leith sin, nár chóir í a chur in iúl dá iomaitheoir EE, ar faisnéis í ar cheadaigh an Chúirt Ghinearálta go gcaithfí go rúnda léi i ndáil le EE. Le hordú an 26 Eanáir 2021, an Coimisiún v CK Telecoms UK Investments (C‑376/20 P, EU:C:2021:81), cheadaigh Uachtarán na Cúirte caitheamh go rúnda leis an bhfrithaighneacht sin i ndáil le EE; níor seirbheáladh ach leagan neamhrúnda de air.

45

Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 24 Márta 2021 ar bhonn an tríú mír d’Airteagal 40 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 130 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, atá infheidhme maidir le himeachtaí achomhairc de réir Airteagal 190(1) den Rialachán sin, rinne Údarás Faireacháin CSTE iarratas ar chead idirghabhála sa chás seo mar thaca leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún. Le hordú an 4 Meitheamh 2021, an Coimisiún v CK Telecoms UK Investments (C‑376/20 P, EU:C:2021:488), cheadaigh Uachtarán na Cúirte an t‑iarratas sin, lenar údaraíodh dó a bharúlacha a chur i láthair le linn na héisteachta ó bhéal. Seirbheáladh cóip de na doiciméid nós imeachta go léir ar an údarás sin.

46

I ndiaidh iarratas ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021, thug Uachtarán na Cúirte údarás dó freagra a thaisceadh.

47

Tar éis do CK Telecoms athfhreagra a thaisceadh, cuireadh clabhsúr ar an gcuid i scríbhinn de na himeachtaí sa chás seo an 19 Bealtaine 2021.

An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe

48

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

a ordú do CK Telecoms na costais a íoc a bhaineann leis an achomharc seo, agus

costais na n‑imeachtaí ag an gcead chéim a fhorchoimeád.

49

Iarrann CK Telecoms ar an gCúirt Bhreithiúnais:

diúltú don achomharc agus

a ordú don Choimisiún agus do na hidiragraithe na costais os comhair na Cúirte Ginearálta agus na Cúirte Breithiúnais araon a íoc.

An tAchomharc

50

Mar thaca leis an achomharc, tarraingíonn an Coimisiún sé fhoras achomhairc. Éilítear earráid dlí leis an gcéad cheann acu a mhéid ar chuir an Chúirt Ghinearálta i bhfeidhm ceanglas cruthúnais atá níos déine ná an ceanglas cruthúnais a eascraíonn ó chásdlí na Cúirte maidir le comhchruinnithe. Líomhnaítear leis an dara foras achomhairc léiriú earráideach ar Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004. Éilítear leis an tríú foras achomhairc gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta réimse an athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus léiriú á dhéanamh aici ar na coincheapa “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” agus “dlúth‑iomaitheoirí”, gur sheas sí le léiriú earráideach ar na coincheapa sin agus gur bhain sí míbhrí as an gcinneadh atá faoi chonspóid agus as cosaint an Choimisiúin. Éilítear leis an gceathrú foras achomhairc go bhfuil míbhrí á baint as argóintí an Choimisiúin maidir leis an anailís chainníochtúil ar éifeachtaí an chomhchruinnithe bheartaithe ar phraghsanna agus go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus measúnú á dhéanamh aici ar an anailís sin agus éilítear leis an gcúigiú foras achomhairc nár mheasúnaigh an Chúirt Ghinearálta na cúinsí ábhartha go léir. Éilítear leis an séú foras achomhairc earráidí dlí maidir le comhroinnt líonraí.

An chéad fhoras achomhairc

Argóintí na bpáirtithe

51

Leis an gcéad fhoras achomhairc dá chuid, áitíonn an Coimisiún go ndeachaigh an Chúirt Ghinearálta thar an gceanglas cruthúnais a eascraíonn ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le comhchruinnithe a rialú ós rud é gur chuir an Chúirt Ginearálta ceanglas cruthúnais atá thar a bheith ard i bhfeidhm le cinneadh, i mír 118 dá breithiúnas atá faoi achomharc, go ndlitear ar an gCoimisiún a dóthain a thabhairt ar aird i bhfianaise le léiriú gurb an‑dócha go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, agus go ndearna sí earráid dlí dá dheasca sin. Ba chúis an earráid sin le cinneadh ag an gCúirt Ghinearálta, i míreanna 119, 172, 216, 268, 281 agus 396 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nár chruthaigh an Coimisiún de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá go gcuirfí bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach leis an gcomhchruinniú.

52

I ndáil leis sin, is léir ó mhír 52 de bhreithiúnas an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P, EU:C:2008:392), i gcás ina bhfuil comhchruinniú faoina bhráid, go ndlitear ar an gCoimisiún, i bprionsabal, seasamh a ghlacadh chun an comhchruinniú sin a údarú nó chun toirmeasc a chur air, de réir faoi mar a dhéanann sé measúnú ar na cora eacnamaíocha is dóichí a bheidh sa scéal atá inchurtha i leith an chomhchruinnithe sin.

53

Ós rud é nach dtoimhdítear go ginearálta leis an bhforáil sin go luíonn nó nach luíonn comhchruinniú fógartha leis an margadh inmheánach, ba ghá go gcuirfí chun éagothroime an ceanglas cruthúnais atá intuigthe ó Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 139/2004 leis an gcaighdeán cruthúnais a dhlíonn an Chúirt Ghinearálta i mír 118 den bhreithiúnas atá faoi achomharc chun a shuíomh go bhféadfadh sé go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach ann.

54

Deir CK Telecoms d’aisfhreagra, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil feidhm leis an gcéad fhoras achomhairc.

55

Go deimhin, is léir go háirithe ón mbreithiúnas atá faoi achomharc go ndearna an Coimisiún earráidí dlí maidir leis an léiriú ar na coincheapa “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” agus “dlúth-iomaitheoirí” ag pointe amháin roimh an scrúdú ar an bhfianaise a thug air cinneadh go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach. Dá bhrí sin, ní dhéantar difear leis na hearráidí sin don chaighdeán cruthúnais, arna éileamh ag an gCúirt Ghinearálta, a líomhnaítear a bheith earráideach.

56

Ina theannta sin, níor léirigh an Coimisiún go mbeadh a mhalairt de thoradh ag caighdeán cruthúnais atá níos ísle ná an caighdeán arna éileamh ag an gCúirt Ghinearálta.

57

Ar an dara dul síos, áitíonn CK Telecoms go bhfuil an caighdeán cruthúnais arna éileamh ag an gCúirt Ghinearálta i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais.

58

Áitíonn sé, i mbreithiúnas an 18 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P, EU:C:2008:392), nár chloígh an Chúirt Bhreithiúnais le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott agus nár ghlac sí leis gurb é “cothromú na dóchúlachta” an caighdeán cruthúnais is gá chun cinneadh a dhéanamh go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

59

Tugtar le tuiscint lena leithéid de chaighdeán cruthúnais gur leor don Choimisiún brath ar fhianaise nach bhfuil cé chomh comhtháite nó daingean sin le léiriú gur dóichí ná a mhalairt go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

60

Is léir ó mhíreanna 27, 39, 41 agus 45 de bhreithiúnas an 15 Feabhra 2005, an Coimisiún v Tetra Laval (C‑12/03 P, EU:C:2005:87), chun a chinneadh go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, gur gá an fhianaise a bheith daingean ar mhaithe le háititheacht fhiúntas an dearcaidh i gcinneadh maidir le comhchruinnithe a rialú, rud lenarb é atá i gceist ná fíorú go bhfuil an fhianaise sin cruinn ó thaobh an ábhair, iontaofa agus comhleanúnach.

61

Áitíonn CK Telecoms, cé gurb é an t‑aon chaighdeán cruthúnais atá le cur i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun comhchruinniú a údarú agus chun toirmeasc a chur air, nach mbainfí an bonn den neodracht a leagtar amach in Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 139/2004, mar sin féin, le caighdeán cruthúnais a chur de cheangal ar an institiúid sin chun a léiriú go bhféadfadh sé go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, ar caighdeán é atá níos airde ná “cothromú na dóchúlachta” amháin.

62

Sna himthosca sin, áitíonn CK Telecoms, trí thagairt a dhéanamh, i mír 118 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, do léamh atá contrártha do mhíreanna 209 go 211 de Thuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott in Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P,EU:C:2007:790) agus nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí ós rud é go raibh an caighdeán cruthúnais is infheidhme maidir leis an gCoimisiún níos déine ná “cothromú na dóchúlachta” amháin.

Breithniú na Cúirte Breithiúnais

63

Maidir le hargóintí CK Telecoms nach bhfuil feidhm leis an gcéad fhoras achomhairc sin, is fíor gur léir, inter alia, ó mhíreanna 119, 172, 216, 281, 282, 372 agus 396 den bhreithiúnas atá faoi achomharc gur thug an Chúirt Ghinearálta rialú ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, agus í ag dul i muinín, go háirithe, na gcoincheap “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” agus “dlúth-iomaitheoirí” i bhfianaise an chaighdeáin cruthúnais a leagtar amach i mír 118 den bhreithiúnas sin. Mar sin, is cuma cé acu an bhfuil nó nach bhfuil, mar a líomhnaíonn an Coimisiún mar chuid dá thríú foras achomhairc, an léiriú ar na coincheapa sin curtha ó mhaith ag earráidí dlí, d’fhéadfadh an institiúid sin an Chúirt Ghinearálta a cháineadh go héifeachtach as caighdeán cruthúnais a éileamh atá níos airde ná an caighdeán a eascraíonn ó chásdlí na Cúirte maidir le comhchruinnithe.

64

Thairis sin, ní mór diúltú d’argóint CK Telecoms nár shuigh an Coimisiún go mbeadh a mhalairt de thoradh ann le caighdeán atá éagsúil ón gcaighdeán cruthúnais arna chur i bhfeidhm ag an gCúirt Ghinearálta. Go deimhin, ar an gcéad dul síos, dlitear i bprionsabal ar CK Telecoms a léiriú nach bhfuil feidhm leis an gcéad fhoras achomhairc. Ar an dara dul síos, ós rud é, mar is léir ó mhíreanna 118 agus 119 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur chuir an Chúirt Ghinearálta an ceanglas gurb an‑dócha go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht i bhfeidhm maidir leis an bhfianaise go léir a scrúdaigh sí, ní féidir a chur as an áireamh a priori go bhféadfadh cur i bhfeidhm caighdeán cruthúnais atá níos lú ceangailtí a bheith ina chúis le diúltú don chaingean ag an gcéad chéim.

65

Dá bhrí sin, ní mór diúltú d’argóintí CK Telecoms lena n‑éilítear nach bhfuil feidhm leis an gcéad fhoras achomhairc agus scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas an fhorais achomhairc sin.

66

I ndáil leis sin, tá le tabhairt chun cuimhne gur léir, go háirithe, ó aithris 5 de Rialachán Uimh. 139/2004 go bhféachtar leis an Rialachán sin a áirithiú nach bhfuil athstruchtúrú gnóthas ina chúis le dochar marthanach a bhaint d’iomaíocht.

67

Ina theannta sin, tá le tabhairt chun cuimhne, ar an gcéad dul síos, go bhforáiltear dó le hAirteagal 2(2) den Rialachán sin nach mór a dhearbhú go luíonn comhchruinniú leis an margadh inmheánach nach gcuirtear bac suntasach leis ar iomaíocht éifeachtach. Ar an dara dul síos, is é a thagann as Airteagal 2(3) den Rialachán sin, ina mhalairt de chás, nach mór a dhearbhú nach luíonn comhchruinniú leis an margadh inmheánach a bheadh a leithéid d’éifeacht aige.

68

Dá bhrí sin, d’fhoráil reachtas an Aontais dó, in Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 139/2004, i gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcomhlíontar an critéar a leagtar amach in Airteagal 2(2) den Rialachán sin le comhchruinniú fógartha, déanfaidh sé cinneadh lena ndearbhaítear go luíonn an comhchruinniú sin leis an margadh inmheánach. Os a choinne sin, mar is léir ó Airteagal 8(3) den Rialachán sin, i gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcomhlíontar an critéar a leagtar amach in Airteagal 2(3) den Rialachán sin, déanfaidh sé cinneadh lena ndearbhaítear nach luíonn an comhchruinniú sin leis an margadh inmheánach.

69

Tugtar le tuiscint ó fhocail Airteagal 2(2) agus (3) agus Airteagal 8(1) agus (3) de Rialachán Uimh. 139/2004 gur cothrom iad na forálacha sin maidir leis na ceanglais chruthúnais a fhorchuirtear ar an gCoimisiún d’fhonn a léiriú an gcuirfí nó nach gcuirfí bac suntasach le comhchruinniú fógartha ar iomaíocht éifeachtach agus nach mór a dhearbhú nach luíonn sé leis an margadh inmheánach, nó go luíonn sé leis an margadh inmheánach, mar sin.

70

I ndáil leis sin, ní mór, ar an gcéad dul síos, a thabhairt ar aird nach léir ó théarmaí na bhforálacha sin go bhforchuirtear le Rialachán Uimh. 139/2004 a mhalairt de cheanglais chruthúnais maidir le cinntí lena n‑údaraítear comhchruinniú, de pháirt amháin, agus maidir le cinntí lena gcuirtear toirmeasc ar a leithéid, den pháirt eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P, EU:C:2008:392, mír 46).

71

Sa chomhthéacs sin, níl sé intuigthe ón Rialachán sin go bhféadfaí a thoimhdiú go ginearálta cé acu an luíonn nó nach luíonn comhchruinniú fógartha leis an margadh inmheánach (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P, EU:C:2008:392, mír 48).

72

Cé gur deimhin go bhforáiltear le hAirteagal 10(6) den Rialachán sin dó go measfar go luíonn comhchruinniú fógartha leis an margadh inmheánach i gcás nach bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún maidir le comhchuibheas an chomhchruinnithe sin laistigh den tréimhse ábhartha, bíodh sin mar atá, tá an fhoráil sin, ar an gcéad dul síos, ina léiriú ar leith ar an ngá atá le luas atá de réir thréithe leagan amach ginearálta an Rialacháin agus, ar an dara dul síos, ina heisceacht ar leagan amach ginearálta an Rialacháin ar dá réir a rialaíonn an Coimisiún go sainráite ar chomhchruinnithe fógartha ina leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P, EU:C:2008:392, mír 49).

73

Sna himthosca sin, ní mór a mheas nach ndlitear ar an gCoimisiún déanamh de réir ceanglais chruthúnais atá níos déine maidir le cinntí lena gcuirtear toirmeasc ar chomhchruinnithe ná maidir le cinntí lena n‑údaraítear a leithéid de chomhchruinniú (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P, EU:C:2008:392, mír 51).

74

Tugtar le tuiscint uaidh sin nach mbeidh a mhalairt de cheanglais ann maidir le caitheamh le fianaise, lena n‑áirítear an caighdeán cruthúnais, de réir chineál an chinnidh arna ghlacadh ag an gCoimisiún maidir le comhchruinnithe a rialú.

75

Ar an dara dul síos, is léir ón gcásdlí nach mór cinntí ón gCoimisiún a thacú maidir le comhchuibhneas na gcomhchruinnithe leis an margadh inmheánach trí fhianaise shuntasach chomhthacaíoch a dóthain (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P, EU:C:2008:392, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

76

Is deimhin gur rialaigh an Chúirt, i gcomhthéacs na hanailíse ar chomhchruinniú de chineál “ilchuideachta”, go bhfuil caighdeán na fianaise thar a bheith tábhachtach a thugann an Coimisiún ar aird chun a shuíomh go bhfuil gá le cinneadh lena ndearbhaítear nach luíonn an comhchruinniú sin leis an margadh inmheánach (breithiúnas an 15 Feabhra 2005, an Coimisiún v Tetra Laval (C‑12/03 P, EU:C:2005:87, mír 44).

77

Shoiléirigh an Chúirt, áfach, nach léirítear leis an gcásdlí sin ach feidhm ríthábhachtach na fianaise, arb í áititheacht fhiúntas an dearcaidh nó, amhail maidir le comhchruinnithe a rialú, treise a chur leis na breithnithe atá ina mbun le cinntí an Choimisiúin (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Feabhra 2005, an Coimisiún v Tetra Laval, C‑12/03 P, EU:C:2005:87, mír 41 agus an 10 Iúil 2008, Bertelmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P, EU:C:2008:392, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, ní dhéantar difear, i bprionsabal, don chaighdeán cruthúnais is gá leis na ceanglais áirithe maidir le caighdeán fianaise.

78

Thairis sin, shoiléirigh an Chúirt freisin go bhfuil sé le cur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh ar inchreidteacht iarmhairtí éagsúla an chomhchruinniú sin, go bhfuil dearcadh ar bhac ar iomaíocht a líomhnaítear i ndáil le comhchruinniú fógartha sain‑chasta, d’fhonn an iarmhairt is dóichí a aithint, ach nach n‑imrítear tionchar lena leithéid de chastacht, inti féin, ar an gcaighdeán cruthúnais a éilítear (breithiúnas an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P, EU:C:2008:392, mír 51).

79

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 59 dá Tuairim, ní mór a mheas, dá bhrí sin, nach bhfuil malairt caighdeán cruthúnais ann, chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 139/2004, de réir chineál an chomhchruinnithe arna scrúdú ag an gCoimisiún nó de réir sainchastacht dearcaidh go bhfuil bac ar iomaíocht, ar dearcadh é a líomhnaítear i ndáil le comhchruinniú fógartha.

80

Ar an tríú dul síos agus ag an deireadh ar fad, is léir ó Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 139/2004, lena gceanglaítear fógra a thabhairt maidir le comhchruinniú sula gcuirfear chun feidhme é, agus ó Airteagal 7(1) den Rialachán sin, lena leagtar amach oibleagáid gan an comhchruinniú sin a chur chun feidhme sula dtabharfar fógra agus sula n‑údaraítear é, go mbunaítear leis an Rialachán sin córas um rialú coisctheach ar chomhchruinnithe.

81

Dá bhrí sin, tá an rialú sin inaitheanta ón rialú ex post ar chomhaontuithe idir gnóthais, ó chinntí ag comhlachais ghnóthas agus ó chleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear in Airteagal 101 CFAE agus ó mhí-úsáid ag gnóthas a bhfuil staid cheannasach aige dá dtagraítear in Airteagal 102 CFAE.

82

Agus an rialú ex ante sin ar chomhchruinnithe á fheidhmiú aige, tá corrlach discréide ag an gCoimisiún in ábhair eacnamaíocha chun críocha rialacha substainteacha Rialachán Uimh. 139/2004 a chur i bhfeidhm, go háirithe Airteagal 2 de (breithiúnas an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala, C‑413/06 P, EU:2008:392, mír 144), a mhéid a théann sé i mbun anailísí réamhbhreathnaitheacha eacnamaíochta a dhéanamh arb é is aidhm leo a fhionnadh a dhóchúla agus atá cora áirithe sa mhargadh ábhartha laistigh de thréimhse ama intuartha.

83

Ós minic go bhfuil na hanailísí réamhbhreathnaitheacha seo casta, is gá go bhfuil siad níos éiginnte ná anailísí ex post.

84

Go deimhin, agus anailís réamhbhreathnaitheach riachtanach á déanamh maidir le comhchruinnithe a rialú, lena ndéantar scrúdú ar an tslí a d’fhéadfaí paraiméadair na hiomaíochta a athrú sna margaí lena mbaineann, d’fhonn a fhíorú an gcuirfí nó nach gcuirfí bac suntasach leis ar iomaíocht éifeachtach, is gá na sraitheanna cúise agus éifeachta a shamhlú chun an ceann is dóchúla a roghnú (breithiúnais an 15 Feabhra 2005, an Coimisiún v Tetra Laval, C‑12/03 P, EU:C:2005:87, mír 43; an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala, C‑413/06 P, EU:C:2008:392, mír 47 agus an 16 Eanáir 2019, an Coimisiún v United Parcel Service, C‑265/17 P, EU:C:2019:23, mír 32). Tagann an anailís réamhbhreathnaitheacha sin faoin gcorrlach discréide atá ag an gCoimisiún in ábhair eacnamaíochta chun críocha chur i bhfeidhm na rialacha substainteacha de Rialachán Uimh. 139/2004, go háirithe Airteagal 2 de, lena dtugtar údar leis nach bhfuil i gceist le rialú de Chúirteanna an Aontais ar chinneadh ón gCoimisiún maidir le comhchruinnithe ach fíorú go bhfuil na teagmhais cruinn ó thaobh an ábhair agus nach ndéantar aon earráid fhollasach mheasúnaithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P, EU:C:2008:392, mír 144 agus an cásdlí dá dtagraítear).

85

Is deimhin gur gá a leithéid d’anailís a dhéanamh go mórchúramach, ós rud é nach scrúdú ar theagmhais roimhe seo é, ar minic a bhíonn teacht ar go leor ábhar tuisceana ar na cúiseanna leo, nó fiú ar theagmhais atá ann anois, ach is éard atá i gceist leis ná na teagmhais a thuar is an‑dócha, a bheag nó a mhór, go bhfuil siad le teacht mura nglactar aon chinneadh lena dtoirmeasctar nó lena sonraítear coinníollacha an chomhchruinnithe bheartaithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Feabhra 2005, an Coimisiún v Tetra Laval (C‑12/03 P, EU:C:2005:87, mír 42).

86

Cuirtear cosc, áfach, le réamhbhreathnaitheacht na hanailíse eacnamaíochta atá le déanamh ag an gCoimisiún ar chaighdeán cruthúnais thar a bheith ard a bheith le comhlíonadh ag an institiúid sin, d’fhonn a léiriú go gcuirtear bac suntasach le comhchruinniú ar iomaíocht éifeachtach nó, a mhalairt air sin, nach gcuirtear bac leo uirthi.

87

Sna himthosca sin, i bhfianaise, go háirithe, struchtúr cothrom Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 139/2004 agus do réamhbhreathnaitheacht anailísí eacnamaíochta an Choimisiúin maidir le comhchruinnithe a rialú, ní mór a mheas, d’fhonn a dhearbhú nach luíonn comhchruinniú leis an margadh inmheánach, nó go luíonn, gur leor don Choimisiún a léiriú, trí fhianaise shuntasach chomhthacaíoch a dóthain, gur dóichí ná a mhalairt go gcuirfí bac suntasach leis an gcomhchruinniú lena mbaineann ar iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mhór de.

88

Uime sin, le cinneadh, i mír 118 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go ndlitear ar an gCoimisiún a léiriú “gurb an‑dócha go bhfuil baic shuntasacha” ar iomaíocht éifeachtach i ndiaidh an chomhchruinnithe agus “go bhfuil an ceanglas cruthúnais is infheidhme sa chás seo níos déine, dá bhrí sin, ná an ceanglas cruthúnais ar dá réir ‘gur dócha ná a mhalairt’ go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach”, chuir an Chúirt Ghinearálta ceanglas cruthúnais i bhfeidhm nach n‑eascraíonn ó Rialachán Uimh. 139/2004, mar a rinne an Chúirt léiriú air, agus tá earráid dlí déanta aici mar sin.

89

Dá bharr sin, ní mór seasamh leis an gcéad fhorais achomhairc.

An dara foras achomhairc

90

Tá dhá chuid sa dara foras achomhairc, lena gcuireann an Coimisiún faoi chonspóid léiriú na Cúirte Ginearálta ar Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004 sa bhreithiúnas atá faoi achomharc.

An chéad chuid

– Argóintí na bpáirtithe

91

Leis an gcéad chuid dá dhara foras achomhairc, áitíonn an Coimisiún, i mír 90 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur chuir an Chúirt Ghinearálta na coinníollacha is gá le meas gur féidir éifeachtaí neamh-chomhordaithe a bheith ag comhchruinniú i gcosúlacht leis na coinníollacha le léiriú gurb ann do staid cheannasach.

92

Soiléiríonn an Coimisiún nach gcuireann sé faoi chonspóid gurb ionann an méid dochair is gá chun a léiriú go bhféadfaí bac suntasach a chur ar iomaíocht éifeachtach de dheasca na n‑éifeachtaí neamh-chomhordaithe agus an méid dochair is gá chun a leithéid de bhac a léiriú trí staid cheannasach a chruthú nó a threisiú. Dá ainneoin sin, tríd an nath “as féin” a úsáidtear i mír 90 den bhreithiúnas atá faoi achomharc in éineacht leis an nath “eintiteas a eascróidh as an gcomhchruinniú”, mheas an Chúirt Ghinearálta nach bhféadfadh an Coimisiún toirmeasc a chur ar chomhchruinniú ach amháin i gcás ina bhféadfadh sé a shuíomh gurbh ionann an chumhacht margaidh atá ag an eintiteas sin agus an chumhacht margaidh a thugtar le staid cheannasach.

93

Deir CK Telecoms d’aisfhreagra go gcuireann an Coimisiún faoi chonspóid barúil ghinearálta atá ag an gCúirt Ghinearálta nach raibh ina bunús le hanailís in concreto agus, uime sin, nach bhfuil feidhm leis an gcéad chuid den dara foras achomhairc atá ag an gCoimisiún.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

94

I mír 90 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, rialaigh an Chúirt Ghinearálta, le hAirteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004, go “gceadaítear don Choimisiún toirmeasc a chur ar chomhchruinnithe, in imthosca áirithe, ar mhargaí olagaplacha, ós rud é, cé nach bhfuil siad ina gcúis le staid cheannasach ar leith nó choiteann a chruthú nó a threisiú, go bhféadfadh siad difear a dhéanamh do na dálaí iomaíochta sa mhargadh agus do mhéid atá inchurtha i leith staideanna dá leithéid, leis an eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú a chur i gcumhacht lena bhféadfadh sé, as féin, paraiméadair na hiomaíochta agus, go háirithe, na praghsanna a shocrú in ionad glacadh leo.”

95

Is fíor, mar a thug CK Telecoms dá aire, go bhfuil ráiteas ginearálta i mír 90 ag an gCúirt Ghinearálta, gan nasc a bhunú le hearráid a rinne an Coimisiún agus an “bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach” á chur i bhfeidhm, de réir bhrí Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004. Ina theannta sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá haire i mír 70 dá Tuairim, ní shainaithníonn an Coimisiún aon mhír den bhreithiúnas atá faoi achomharc a bhunófaí ar an gcinneadh sin.

96

I ndáil leis sin, is léir ó chásdlí comhsheasmhach na Cúirte nach bhféadfadh gearáin i gcoinne forais cinnidh ón gCúirt Ghinearálta sa bhreis a bheith ina gcúis le neamhniú an chinnidh sin agus níl feidhm leo mar sin (breithiúnas an 23 Márta 2023, PV v an Coimisiún, C‑640/20 P, EU:C:2023:232, mír 191 agus an cásdlí dá dtagraítear). Cuir i gcás fiú go mbeadh bunús maith leis an gcéad chuid den dara foras achomhairc, ní dual di go gcuirfí an breithiúnas atá faoi achomharc ó bhail, ós rud é go mbaineann an chuid seo le foras de nár suíodh go gcuirtear le tacú leis an gcuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin leis.

97

Tugtar le tuiscint uaidh sin nach mór diúltú don chéad chuid den dara foras achomhairc toisc nach bhfuil feidhm léi.

An dara cuid

– Argóintí na bpáirtithe

98

Leis an dara cuid dá dhara foras achomhairc, áitíonn an Coimisiún go ndearna an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 95 agus 96 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, earráid dlí nuair a mheas sí go bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004, léite i bhfianaise aithris 25 de, amhail, i gcás nach ndéantar staid cheannasach a chruthú nó a threisiú i ndiaidh comhchruinnithe, nach bhféadfaí a shuíomh go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach ach amháin má gcomhlíontar an dá choinníoll carnach dá bhforáiltear san aithris sin, eadhon, ar dtús, deireadh a chur le diansrianta ar iomaíocht ar chuir na páirtithe ar a chéile agus, ar an dara dul síos, na brúnna iomaíochta a laghdú atá ar na hiomaitheoirí eile.

99

De réir an Choimisiúin, baintear an bonn lena leithéid de léiriú ó chuspóir an rialaithe éifeachtaigh ar chomhchruinnithe a leagtar amach in aithris 24 den Rialachán seo agus bheadh sé d’éifeacht aige, go háirithe, cosc a chur le forbairt teoiricí díobhála nach gcomhlíontar leo na coinníollacha a leagtar amach i mír 96 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, amhail, mar shampla, an dara teoiric dhíobhála arna cur chun tosaigh sa chás seo, atá bunaithe ar laghdú na mbrúnna iomaíochta a chuireann na hiomaitheoirí eile ar an eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú sin, mar gheall ar staid an eintitis sin sa mhargadh i ndiaidh an chomhchruinnithe.

100

Deir CK Telecoms d’aisfhreagra gur léir ó fhocail aithris 25 de Rialachán Uimh. 139/2004, go háirithe ón gcónasc “chomh maith le”, ar cónasc é a úsáidtear arís sna Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha agus sa chinneadh atá faoi chonspóid, go leagtar amach dhá choinníoll carnacha leis an aithris sin. Cheadófaí le malairt léirithe don Choimisiún toirmeasc a chur ar gach comhchruinniú cothrománach, ós rud é gur gá go bhfuil siad ina gcúis leis an iomaíocht a laghdú idir na páirtithe lena mbaineann.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

101

Go bunúsach, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 96 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004 i bhfianaise aithris 25 den Rialachán sin. I ndáil leis sin, tá sé den bhuntuiscint, go bhforáiltear leis an aithris sin do dhá choinníoll carnacha lena bhféadfadh bac suntasach ar iomaíocht éifeacht a bheith de thoradh ar éifeachtaí neamh-chomhordaithe mar gheall ar chomhchruinniú in imthosca áirithe, eadhon, ar an gcéad dul síos, deireadh a chur leis na diansrianta ar iomaíocht ar chuir na páirtithe sa chomhchruinniú ar a chéile agus, ar an dara dul síos, na brúnna iomaíochta a laghdú atá ar na hiomaitheoirí eile.

102

I mír 97 den bhreithiúnas sin, thug an Chúirt Ghinearálta le tuiscint uaidh sin “nach leor ann féin, i bprionsabal, na brúnna iomaíochta a laghdú atá ar na hiomaitheoirí eile chun bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach a léiriú i gcomhthéacs teoiric dhíobhála atá bunaithe ar éifeachtaí neamh-chomhordaithe”.

103

Ba i bhfianaise an léirithe sin ar Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004 a rinne an Chúirt Ghinearálta scrúdú ar an gcéad saincheist dlí, ar an tríú saincheist dlí agus ar an gceathrú saincheist dlí sa chaingean, mar is léir ó mhír 105 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

104

I ndáil leis sin, tá le tabhairt chun chuimhne, mar réamhphointe, go bhfuil ábhar fhorálacha ghníomh an Aontais insoiléirithe le brollach an ghnímh sin agus gurb ionann na haithrisí de ghníomh dá leithéid, go deimhin, agus ábhair tábhachtacha léirithe, ar dual dóibh toil údar an ghnímh sin a shoiléiriú (breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Puppinck agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑418/18 P, EU:C:2019:1113, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).

105

Dá ainneoin sin, níl ag brollach ghníomh an Aontais feidhm dhlíthiúil cheangailteach agus níl sé inmhaíte chun maolú a dhéanamh ar fhorálacha an ghnímh lena mbaineann fiú nó chun léiriú a dhéanamh ar na forálacha sin ar bhealach atá bunoscionn go follasach lena bhfocail (breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Puppinck agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑418/18 P, EU:C:2019:1113, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear).

106

Mar is léir ó aithrisí 6 agus 24 de Rialachán Uimh. 139/2004, is é is cuspóir don Rialachán sin rialú éifeachtach a bhunú ar gach comhchruinniú de réir a n‑éifeachta ar struchtúr na hiomaíochta san Aontas Eorpach, go háirithe, chun iomaíocht éifeachtach agus neamhshaofa a áirithiú sa mhargadh inmheánach agus chun a áirithiú go gcuirfí beartas i gcrích i gcomhréir le prionsabal geilleagair margaidh oscailte ina bhfuil iomaíocht saor.

107

I ndáil leis sin, is léir, go bunúsach, ó aithris 25 den Rialachán sin gurb éard atá i gceist leis chomh maith ná neamhluí comhchruinniú idir gnóthais leis an margadh inmheánach, ar gnóthais iad atá i mbun gnó i margadh olagaplach i gcás inarb ionann an comhchruinniú sin agus bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach gan staid cheannasach a bheith ag an eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú sin.

108

Go háirithe, is léir ó aithris 25, i gcás ina “[l]éirítear méid maith iomaíochta in go leor margaí olagaplacha, [bíodh sin mar atá, i] gcásanna áirithe, áfach, d’fhéadfaí bac suntasach a chur ar iomaíocht éifeachtach mar thoradh ar chomhchruinnithe arb é atá i gceist leo ná deireadh a chur le diansrianta iomaíochta ar chuir na páirtithe ar a chéile chomh maith leis na brúnna iomaíochta a laghdú atá ar na hiomaitheoirí eile, fiú i gcás nach dócha go mbeadh comhar idir iad siúd atá san olagaplacht.”

109

Is léir, go bunúsach, san abairt roimh an abairt dheireanach d’aithris 25 go mbaineann an rialú éifeachtach dá dtagraítear le Rialachán Uimh. 139/2004 le gach comhchruinniú lena gcuirtear bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mhór de, lena n‑áirítear comhchruinnithe atá ina gcúis le héifeachtaí neamh‑chomhordaithe. Tá an rialú éifeachtach sin mar chuid de chuspóir ginearálta Rialachán Uimh. 139/2004, a léirítear in aithris 5 de, arb é atá ann ná a sheachaint go bhfuil próiseas athstruchtúraithe ina chúis le dochar marthanach d’iomaíocht sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mhór de.

110

Chun iomaíocht éifeachtach agus neamhshaofa a áirithiú sa mhargadh inmheánach agus chun a áirithiú go gcuirfí beartas i gcrích i gcomhréir le prionsabal geilleagair margaidh oscailte ina bhfuil iomaíocht saor, féachtar le Rialachán Uimh. 139/2004 rialú éifeachtach a bhunú ar aon chomhchruinnithe lena gcuirfí bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, lena n‑áirítear iad siúd atá ina gcúis le héifeachtaí neamh-chomhordaithe sna margaí olagaplacha. Mar sin, gan trácht air nach bhféadfaí teorainn a chur le raon feidhme na bhforálacha den Rialachán seo le haithris de ach go háirithe, ní bhféadfaí a mheas go bhfuil an rialú éifeachtach ar chomhchruinnithe a dhéantar ina leithéid de mhargaí, ar comhchruinnithe iad a d’fhéadfaidís a bheith ina gcúis le héifeachtaí neamh-chomhordaithe, le bheith ag baint le cásanna a thagann ag an am céanna faoin dá chás ar leith a leagtar amach in aithris 25 den Rialachán seo.

111

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 74 go 76 dá Tuairim, ní leor an cónasc “chomh maith le” chun an léiriú sin a bhréagnú. Go deimhin, bheadh sé de thoradh ar léiriú a dhéanamh ar Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004, léite i bhfianaise aithris 25 den Rialachán sin, amhail gur coinníollacha carnacha iad an dá chás ar leith chun a chinneadh go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht mar gheall ar chomhchruinniú a bhfuil éifeachtaí neamh-chomhordaithe aige i margadh olagaplach, go laghdófaí éifeachtacht an athbhreithnithe ar an gcineál comhchruinnithe sin ionas nach bhfuil sé éifeachtach ach maidir le cásanna inar féidir leis an gCoimisiún a léiriú go bhféadfaí tríd an gcomhchruinniú lena mbaineann deireadh a chur le diansrianta ar iomaíocht idir na páirtithe sa chomhchruinniú agus na brúnna a laghdú atá ar na hiomaitheoirí eile atá ag feidhmiú sa mhargadh lena mbaineann.

112

Mar sin, bheadh sé mar thoradh ag a leithéid de léiriú nach mbeadh, i gcás deireadh a chur le diansrianta ar iomaíocht ar chuir na páirtithe sa chomhchruinniú ar a chéile agus ardú aontaobhach praghsanna a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh orthu, siadsan, astu féin, leordhóthanach riamh chun a léiriú go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

113

Ní luífeadh a leithéid de léiriú sriantach ar Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004 le cuspóir an Rialacháin sin, a thugtar chun cuimhne i mír 109 den bhreithiúnas seo, arb é atá ann ná rialú éifeachtach a bhunú ar gach comhchruinniú lena gcuirtear bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mhór de, lena n‑áirítear comhchruinnithe atá ina gcúis le héifeachtaí neamh-chomhordaithe.

114

Sna himthosca sin, agus í den tuairim, i mír 96 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004, léite i bhfianaise aithris 25 den Rialachán sin, amhail, i gcás nach ndéantar staid cheannasach a chruthú nó a threisiú i ndiaidh comhchruinniú i margadh olagaplach, nach bhféadfaí a shuíomh go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach ach amháin má léiríonn an Coimisiún go gcomhlíontar dhá choinníoll carnacha, eadhon, ar an gcéad dul síos, go gcuirtear deireadh le diansrianta ar iomaíocht ar chuir na páirtithe ar a chéile agus, ar an dara dul síos, go bhfuil ann do laghdú sna brúnna iomaíochta atá ar na hiomaitheoirí eile, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí.

115

I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, ní mór seasamh leis an dara cuid den dara foras achomhairc.

116

Tugtar le tuiscint uaidh sin go bhfuil bunús maith leis an dara foras achomhairc, lena líomhnaítear léiriú earráideach ar Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004.

An tríú foras achomhairc

117

Tá ceithre chuid sa tríú foras achomhairc: éilítear leis an gcéad chuid de gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta réimse an athbhreithnithe bhreithiúnaigh a dhlitear uirthi a dhéanamh agus léiriú á dhéanamh aici ar na coincheapa “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” agus “dlúth-iomaitheoirí”; éilítear leis an dara cuid de go bhfuil míbhrí á baint as an gcinneadh atá faoi chonspóid agus as cosaint an Choimisiúin agus léiriú earráideach ar an gcoincheap “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht”; líomhnaítear leis an tríú cuid de léiriú earráideach ar an gcoincheap “dlúth-iomaitheoirí” agus go bhfuil míbhrí á baint as an gcinneadh atá faoi chonspóid; agus líomhnaítear leis an gceathrú cuid, a mhaítear mar mhalairt rogha, sárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú maidir leis go bhféadfadh sé nach bhfuil na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha ag luí le Rialachán Uimh. 139/2004.

An chéad chuid

– Argóintí na bpáirtithe

118

Leis an gcéad chuid den tríú foras achomhairc, áitíonn an Coimisiún, go bunúsach, le léiriú a dhéanamh ar na coincheapa “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” agus “dlúth-iomaitheoirí”, i míreanna 174 agus 242 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur chlaon an Chúirt Ghinearálta ó na sainmhínithe ar na coincheapa eacnamaíocha sin atá sna Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha agus ón gcomhthéacs eacnamaíochta a shuitear ann. Dá bhrí sin, níor thug an Chúirt Ghinearálta aird ar chorrlach discréide an Choimisiúin in ábhair eacnamaíocha agus chuir sí a measúnú eacnamaíoch féin in ionad mheasúnú an Choimisiúin. Dá dheasca sin, sháraigh an Chúirt Ghinearálta réimse an athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar chinntí an Choimisiúin lena ndearbhaítear go luíonn, nó nach luíonn, comhchruinniú leis an margadh inmheánach.

119

Go sonrach, áitíonn an Coimisiún nach bhfuil an dlínse nó an saineolas ag an gCúirt Ghinearálta le claonadh ó choincheapa eacnamaíocha sna Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha agus chun a mhalairt de chur chuige eacnamaíochta a ghlacadh ná mar a leagtar amach iontu. De réir na hinstitiúide sin, níl ach dlínse ag an gCúirt Ghinearálta maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar dhleathacht na dTreoirlínte sin.

120

Deir CK Telecoms d’aisfhreagra nár sháraigh an Chúirt Ghinearálta réimse an athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus í i mbun léiriú agus chur i bhfeidhm na gcoincheapa “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” agus “dlúth-iomaitheoirí”. Os a choinne sin, sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, rinne sí measúnú ar an bhfianaise trí chur i bhfeidhm an chritéir a eascraíonn as cásdlí seanbhunaithe, ar dá réir sin a bhfuil corrlach discréide an Choimisiúin in ábhair eacnamaíocha gan dochar do dhlínse Chúirteanna an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar an léiriú a rinne sé ar shonraí de chineál eacnamaíoch.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

121

De réir aithris 28 de Rialachán Uimh. 139/2004, d’fhonn an measúnú a shoiléiriú agus a mhíniú a rinne an Coimisiún ar chomhchruinnithe i bhfianaise an Rialacháin sin, ní mór don Choimisiún treoracha a fhoilsiú chun creat fónta eacnamaíochta a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar chomhchruinnithe d’fhonn a fhionnadh an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a dhearbhú go luíonn siad leis an margadh inmheánach.

122

Dá bhrí sin, ghlac an Coimisiún na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, lena gcinntear na modhanna ar chuir an Coimisiún i bhfeidhm chun críocha a mheasúnaithe le feiceáil an bhféadfadh sé nó nach bhféadfadh sé go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, de réir bhrí Rialachán Uimh. 139/2004.

123

Bíodh is nach bhféadfadh an Coimisiún imeacht óna leithéid de Threoirlínte gan údar maith, gan pionós a bheith gearrtha air, i gcás inarb iomchuí, as sárú ar phrionsabail ghinearálta dlí, áfach, ní féidir rialacha dlí a thabhairt orthu lena ndlífí urraim a thabhairt dóibh ar na húdaráis ach go háirithe, agus níl siad ina mbunús dlí leis na cinntí arna ndéanamh ag an gCoimisiún sa réimse lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Meitheamh 2005, Dansk Rørindustri agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑189/02 P, C‑202/02 P, C‑205/02 P go C‑208/02 P agus C‑213/02 P, EU:C:2005:408, míreanna 209, 211 agus 213). Mar sin féin, tá dlínse fós ag cúirt an Aontais chun léiriú a dhéanamh orthu, go háirithe, i gcás, i gcinntí lena n‑údaraítear nó lena dtoirmisctear comhchruinniú, gur bhraith an Coimisiún ar na Treoirlínte sin le fionnadh an bhfuil nó nach bhfuil an comhchruinniú ina chúis le bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

124

Is deimhin, mar a thugtar chun cuimhne i mír 84 den bhreithiúnas seo, go bhfuil ag an gCoimisiún corrlach discréide in ábhair eacnamaíocha chun críocha chur i bhfeidhm na rialacha substainteacha de Rialachán Uimh. 139/2004, go háirithe Airteagal 2 de lena dtugtar údar leis nach mbaineann an t‑athbhreithniú ag cúirt an Aontais ar chinneadh ón gCoimisiún maidir le comhchruinnithe ach le fíorú go bhfuil na teagmhais cruinn ó thaobh an ábhair agus nach ndéantar aon earráid fhollasach mheasúnaithe.

125

Ní thugtar le tuiscint leis sin, áfach, nach mór do Chúirteanna an Aontais staonadh ó athbhreithniú a dhéanamh ar an léiriú, ag an gCoimisiún, ar shonraí de chineál eacnamaíoch. Go deimhin, tá ar Chúirteanna an Aontais, nach féidir, mar a thugann an tAbhcóide Ginearálta chun cuimhne i míreanna 73 agus 85 dá Tuairim, a bheith faoi cheangal ag na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha iontu féin, a fhíorú, inter alia, ní hamháin go bhfuil an fhianaise arna hagairt cruinn ó thaobh ábhair, iontaofa agus comhleanúnach, ach athbhreithniú a dhéanamh chomh maith le feiceáil an ionann nó nach ionann an fhianaise sin agus na sonraí ábhartha go léir atá le cur san áireamh chun cás casta a mheasúnú agus an dual dóibh nó nach dual dóibh na conclúidí a thacú a bhaintear astu (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2008, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C‑413/06 P, EU:C:2008:392, mír 145 agus an cásdlí dá dtagraítear).

126

Ní thugtar le tuiscint ach an oiread leis an gcorrlach discréide atá ag an gCoimisiún nach mór do Chúirteanna an Aontais staonadh ó athbhreithniú a dhéanamh ar léiriú, ag an gCoimisiún, ar choincheapa de dhlí an Aontais a bhfuil anailís eacnamaíoch le déanamh orthu agus iad á gcur chun feidhme.

127

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne go ndearna cúirt an Aontais Eorpaigh léiriú ar choincheapa a raibh anailís eacnamaíoch le déanamh orthu agus iad á gcur i bhfeidhm, amhail an coincheap “staid cheannasach” (breithiúnas an 14 Feabhra 1978, United Brands agus United Brands Continentaal v an Coimisiún, 27/76, EU:C:1978:22, míreanna 65 agus 66), an coincheap “margadh ábhartha” (breithiúnas an 9 Samhain 1983, Nederlandsche Banden-Industrie-Michelin v an Coimisiún, 322/81, EU:C:1983:313, mír 37, agus an 6 Deireadh Fómhair 1994, Tetra Pak v an Coimisiún, T‑83/91, EU:T:1994:246, mír 63) agus an coincheap “cúngach chorrlaigh na n‑iomaitheoirí” (breithiúnas an 25 Márta 2021, Slovak Telekom v an Coimisiún, C‑165/19 P, EU:C:2021:239, mír 73 agus an cásdlí dá dtagraítear).

128

Tá na coincheapa “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” agus “dlúth-iomaitheoirí”, dá dtagraítear sna Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, i measc na dtosca lena bhfhéadfaí tionchar a imirt ar an dóchúlacht go mbeadh chomhchruinniú ina chúis le héifeachtaí suntasacha neamh-chomhordaithe agus, dá bhrí sin, lenar féidir a chinneadh go bhféadfadh nó nach bhféadfadh sé go bhfuil “bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach”, de réir bhrí Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 139/2004.

129

Tugtar le tuiscint uaidh sin, cé go bhfuil anailís eacnamaíoch le déanamh ar na coincheapa “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” agus “dlúth-iomaitheoirí” agus iad á gcur i bhfeidhm, tá dlínse ag cúirt an Aontais léiriú a dhéanamh orthu i gcomhthéacs a hathbhreithnithe ar na cinntí arna ndéanamh ag an gCoimisiún maidir le comhchruinnithe a rialú.

130

Sna himthosca sin, ní mór a dhearbhú, sa chás seo, nár sháraigh an Chúirt Ghinearálta réimse a hathbhreithnithe bhreithiúnaigh agus léiriú á dhéanamh aici ar na coincheapa “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” agus “dlúth-iomaitheoirí”.

131

Tugtar le tuiscint uaidh sin nach mór diúltú don chéad chuid den tríú foras achomhairc ón gCoimisiún toisc nach bhfuil bunús léi.

An dara cuid

– Argóintí na bpáirtithe

132

Leis an dara cuid den tríú foras achomhairc dá chuid, maíonn an Coimisiún trí ghearán: an chéad cheann ar mhíbhrí a bhaint as an gcinneadh atá faoi chonspóid, an dara ceann ar mhíbhrí a bhaint as an gcosaint agus an tríú ceann ar léiriú earráideach ar an gcoincheap “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht”.

133

Leis an gcéad ghearán dá chuid, cáineann an Coimisiún an Chúirt Ghinearálta as dearbhú go hearráideach, i mír 171 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid gur leor “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” i margadh olagaplach a thabhairt ar pháirtí sa chomhchruinniú chun a mheas go bhfuil an comhchruinniú sin ina chúis le bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach. Thiocfaí salach leis an dearbhú sin ón gCúirt Ghinearálta le mír 155 den breithiúnas sin ar dá réir gur léir ó théarmaí an chinnidh atá faoi chonspóid, go háirithe aithris 777 de, nach ach údar amháin ag an gCoimisiún é chun teacht ar an gconclúid go mbeadh éifeachtaí neamh‑chomhardaithe suntasacha ann de dheasca an chomhchruinnithe sin gurb “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht sa mhargadh miondíola é Three [...], de réir bhrí mhír 37 de na Treoirlínte, nó, ar aon chaoi, go gcuireann sé diansrian ar iomaíocht sa mhargadh sin.”

134

Leis an dara gearán dá chuid, áitíonn an Coimisiún gur bhain an Chúirt Ghinearálta, i mír 170 den bhreithiúnas sin, míbhrí as mír 39 dá chosaint, rud a thug ar an gcúirt sin a shainmhíniú féin a thabhairt ar “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht”, ar sainmhíniú é atá éagsúil ón sainmhíniú a leagtar amach i mír 37 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha. Is léir, go háirithe, ó mhír 39 den chosaint agus ó mhír 13 d’athfhreagra an Choimisiúin nár thug an Coimisiún ach sampla sna míreanna sin, gan a mhaíomh gur gá le “húdar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” dul i mbun iomaíocht fíor-dhian agus a thabhairt ar a iomaitheoirí déanamh de réir na hiompraíochta sin.

135

Dá ainneoin sin, is léir ó mhíreanna 170 agus 216 den bhreithiúnas atá faoi achomharc gur thug an Chúirt Ghinearálta an sampla sin arís agus rinne sí sainmhíniú ar an gcoincheap “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” de.

136

Leis an tríú gearán, arb é an gearán deireanach, cáineann an Coimisiún an Chúirt Ghinearálta as ceanglais iomarcacha a chur air go hearráideach, i míreanna 170 agus 216 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chun críocha “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar ghnóthas, ar dá réir nach mór don ghnóthas lena mbaineann idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus a iomaitheoirí de réir tionchar ar iomaíocht agus, go háirithe, dul i mbun iomaíocht fhíor‑dhian maidir le praghas agus tabhairt ar na gníomhaithe eile sa mhargadh iad féin a chur ag teacht lena phraghsanna.

137

Maidir leis an gcéad ghearán de chuid an Choimisiúin, deir CK Telecoms d’aisfhreagra go raibh sé de chleachtas ag an gCoimisiún, agus go háirithe sna cásanna dá dtagraítear i mír 164 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, “úda[i]r tábhachtach[a] spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar cheann amháin nó dhá cheann de na páirtithe sna comhchruinnithe arna scrúdú, ar dearbhú é ar leor é chun a mheas go bhféadfaí bac suntasach a chur ar iomaíocht éifeachtach leis an gcomhchruinniú lena mbaineann.

138

Maidir leis an dara gearán de chuid an Choimisiúin, áitíonn CK Telecoms nach é nach ndéantar le mír 39 de chosaint an Choimisiúin ach sampla a thabhairt ar “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” amháin.

139

Maidir leis an tríú gearán de chuid an Choimisiúin, arb é an gearán deireanach dá chuid, áitíonn CK Telecoms nár chlaon an Chúirt Ghinearálta ó na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha agus chinn sí ó cheart nach mór a dhéanamh go sonrófaí “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” óna iomaitheoirí de réir tionchar ar iomaíocht.

140

Go deimhin, bheadh sé de bhunriachtanas le meas go bhféadfadh gnóthas teacht faoin gcoincheap sin i margadh olagaplach go n‑éileofaí go ndéanfadh “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” idirdhealú idir é féin agus a iomaitheoirí de réir tionchar ar iomaíocht. Murabh amhlaidh a bheadh, d’fhéadfaí “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar gach iomaitheoir a ghníomhaíonn i margadh olagaplach agus bheadh an Coimisiún in ann toirmeasc a chur ar beagnach gach comhchruinniú cothrománach.

141

Mar sin, ar mhaithe le “[h]údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar ghnóthas i margadh olagaplach, ní mór a léiriú go gcuireann sé srianta fíor-dhiana ar na hiomaitheoirí eile.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

142

Maidir leis an gcéad ghearán ar mhíbhrí a bhaint as an gcinneadh atá faoi chonspóid, ní mór a thabhairt chun cuimhne, de réir chásdlí comhsheasmhach na Cúirte Breithiúnais, go gcaithfidh an mhíbhrí a bheith follasach ó na doiciméid sa cháschomhad, gan gá le measúnú a dhéanamh ar na teagmhais agus ar an bhfianaise arís (breithiúnas an 25 Iúil 2018, Orange Polska v an Coimisiún, C‑123/16 P, EU:C:2018:590, mír 75).

143

Sa chás seo, dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta i mír 171 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, “gur léir ón gcinneadh [atá faoi chonspóid], maidir le deireadh a chur le ‘húdar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht’, go bhfuil an Coimisiún den tuairim gur leor, ann féin, an laghdú ar an mbrú iomaíochta a bheadh mar thoradh, go háirithe, ar imeacht gnóthais a bhfuil tionchar níos mó aige ar an iomaíocht ná mar a thabharfaí le fios lena sciartha den mhargadh chun a chruthú gurb ann do bhac suntasach ar iomaíocht éifeachtach”.

144

Bhunaigh an Chúirt Ghinearálta an dearbhú sin ar léamh aithrisí an chinnidh atá faoi chonspóid go léir lena bpléitear, go háirithe, le cineál an choincheapa “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht”.

145

Murab ionann agus ábhar dearbhaithe na Cúirte Ginearálta i mír 171, ní léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid gur mheas an Coimisiún gur leor deireadh a chur le “húdar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” sa chás seo, ann féin, le cruthú go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

146

A mhalairt, is léir ó na príomh‑chodanna de na ranna dar teidil “Measúnú ar iomaíocht” agus “Bunchritéar” agus, go háirithe, aithrisí 313 agus 321 den chinneadh atá faoi chonspóid, go leagtar amach leis na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha roinnt tosca ábhartha le fionnadh an bhféadfadh comhchruinniú a bheith ina chúis le héifeachtaí neamh-chomhordaithe.

147

Is fíor gur shonraigh an Coimisiún, inter alia, sa dá aithris sin, nach gá na tosca sin go léir a bheith ann ionas gur dócha go mbeidh a leithéid d’éifeachtaí ann. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 97 dá Tuairim, áfach, níor thug an Coimisiún le tuiscint ón méid sin nár leor ach ceann amháin de na tosca sin a bheith ann le dearbhú go bhféadfaí bac suntasach a chur ar iomaíocht éifeachtach le comhchruinniú atá á scrúdú.

148

Go deimhin, i bhfonóta 263 a ghabhann le haithris 313 den chinneadh atá faoi chonspóid, rinne an Coimisiún tagairt shainráite do mhír 26 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, ar dá réir a bhfuil sé ar na tosca, dá dtagraítear leis na Treoirlínte sin, atá inchurtha san áireamh le fionnadh an bhféadfaí nó nach bhféadfaí bac suntasach a chur ar iomaíocht éifeachtach leis an gcomhchruinniú sin, go bhféadfaí “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar cheann de na páirtithe.

149

Thairis sin, mar a luann an Coimisiún, tugann an Chúirt Ghinearálta faoi deara í féin, i mír 155 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid gurb ionann “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar Three agus ceann de na tosca arna n‑úsáid ag an gCoimisiún le cinneadh go bhféadfadh éifeachtaí neamh-chomhordaithe a bheith ann de dheasca an chomhchruinnithe.

150

Tugtar le tuiscint uaidh sin gur bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí as an gcinneadh sin i mír 171 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

151

Dá bhrí sin, ní mór seasamh leis an gcéad ghearán den dara cuid den tríú foras achomhairc.

152

Maidir leis an dara gearán, lena n‑éilítear gur bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí, i mír 170 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, as mír 39 de chosaint an Choimisiúin, rud a thabharfadh ar an gcúirt sin sainmhíniú ar “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a dhéanamh de shampla de, ní gá ach a dhearbhú, cuir i gcás fiú, i mír 170, gur bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí as cosaint an Choimisiúin, nach gcuirfí an breithiúnas atá faoi achomharc ar neamhní lena leithéid de mhíbhrí a bhaint, go háirithe toisc nach bhféadfaí a mheas go bhfuil an tionchar is mó chun ábhar an choincheapa sin a shocrú ag barúlacha an Choimisiúin i scríbhinn arna dtíolacadh ag an gCoimisiún mar chuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta maidir leis an gcoincheap “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht”.

153

Tugtar le tuiscint uaidh sin nach mór diúltú don dara gearán sa dara cuid den tríú foras achomhairc toisc nach bhfuil feidhm aige.

154

Maidir leis an tríú gearán, arb é an gearán deireanach, lena n‑éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí toisc gur fhorchuir sí ceanglais iomarcacha chun “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar ghnóthas, ní mór a thabhairt chun cuimhne, i míreanna 170 agus 216 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur sheas an Chúirt Ghinearálta le sainmhíniú ar an gcoincheap “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” ar dá réir nach mór don ghnóthas lena mbaineann idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus a iomaitheoirí de réir thionchar a bheartais phraghsála ar dhinimic iomaíochta sa mhargadh lena mbaineann agus, go háirithe, nach mór dó dul i mbun iomaíocht fhíor-dhian maidir le praghas agus tabhairt ar na gníomhaithe eile sa mhargadh iad féin a chur ag teacht lena phraghsanna.

155

Shonraigh an Chúirt Ghinearálta i míreanna 173 agus 175 den bhreithiúnas sin go meascfaí an coincheap “bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach”, dá dtagraítear in Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004, an coincheap “deireadh a chur le diansrian ar iomaíocht” in aithris 25 den Rialachán sin agus an coincheap deireadh a chur le “húdar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht”, sa chleachtas, leis an gcur chuige arna leanúint ag an gCoimisiún leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. Bheadh sé mar thoradh ar a leithéid de mheascadh go ndéanfaí léiriú leathan ar Airteagal 2(3), ar dá réir gurbh ionann gach deireadh le “húdar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” agus deireadh le diansrian ar iomaíocht, rud lena dtabharfaí údar, as féin, le cinneadh go bhfuil ann do bhac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

156

Thairis sin, i mír 174 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, mheas an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, cé nár ghá idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus a iomaitheoirí de réir tionchar ar iomaíocht d’fhonn “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt air, d’fhéadfadh gach gnóthas i margadh olagaplach a chuireann brú ar iomaíocht teacht faoin gcoincheap sin.

157

Sa chomhthéacs sin, dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 216 den bhreithiúnas sin, nár léirigh an Coimisiún de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá go dtagann Three faoin gcoincheap sin.

158

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, ar an gcéad dul síos, mar is léir ó aithrisí 6, 24 agus 25 de Rialachán Uimh. 139/2004, gurb é is aidhm leis an Rialachán rialú éifeachtach a bhunú ar gach comhchruinniú lena gcuirfí bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mhór de, lena n‑áirítear comhchruinnithe atá ina gcúis le héifeachtaí neamh-chomhordaithe.

159

Ar an dara dul síos, mar a dheimhnítear le mír 24 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, is í an éifeacht is dírí a bheidh ag comhchruinniú ná deireadh a chur le hiomaíocht idir na páirtithe sa chomhchruinniú.

160

Ar an tríú dul síos, de réir léamh ar mhíreanna 26, 37 agus 38 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha in éineacht le chéile, tá deireadh a chur le “húdar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht”, i bprionsabal, ar cheann de na tosca lena bhféadfaí tionchar a imirt ar an dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí neamh-chomhordaithe suntasacha ag comhchruinniú agus is cúis é le measúnú a dhéanamh, go háirithe, le feiceáil an mbeadh an comhchruinniú sin ina chúis le deireadh a chur le diansrianta ar iomaíocht ar chuir na páirtithe ar a chéile mar sin.

161

Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheas nár cheart gur dual do na ceanglais riachtanacha maidir le “húdar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar ghnóthas, ar ceanglais iad lena ndéantar difear díreach dó sin mar thoisc ábhartha le breithniú go bhféadfadh bac suntasach a bheith ann ar iomaíocht éifeachtach, go ndéanfaí leo nach bhféadfadh an Coimisiún a dhearbhú nach luíonn comhchruinnithe leis an margadh inmheánach a d’fhéadfadh éifeachtaí neamh-chomhordaithe suntasacha a bheith ann dá ndeasca agus, dá bhrí sin, lena ndéanfaí dochar suntasach d’iomaíocht éifeachtach. Go deimhin, ina mhalairt de chás, d’fhéadfaí lán‑éifeachtacht Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 139/2004 agus áisiúlacht na bhforálacha a chur faoi cheist.

162

I ndáil leis sin, níl sé de thoradh riachtanach air nach sonraítear páirtí i gcomhchruinniú i margadh óna iomaitheoirí trí chuma na hiomaíochta “fíordhiana” a chur air féin maidir le praghas nach bhféadfaí dinimic na hiomaíochta a athrú go suntasach dochrach le comhchruinniú a bhfuil a leithéid de ghnóthas páirteach ann. Go deimhin, tá comhthuiscint ann go bhféachtar go díreach le rialú comhchruinnithe an t-athrú a scrúdú a d’fhéadfadh a bheith ar thosca lena socraítear an staid iomaíochta i margadh ar leith d’fhonn a fhíorú an mbeadh sé ina chúis le bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, gan an tionchar is mó a bheith aige ina leith sin gur gnóthas atá “fíordhian” sa mhargadh sin é gnóthas sa chomhchruinniú sin.

163

Ina theannta sin, mar a deimhníodh, go bunúsach, le mír 38 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, ní féidir a chur as an áireamh, i margadh olagaplach faoi leith, go bhféadfaí “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar roinnt gnóthas.

164

Thairis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne nach bhfuil an cleachtas cinnteoireachta a bhí ag an gCoimisiún roimhe seo ina chreat dlíthiúil is infheidhme maidir le comhchruinnithe a rialú agus níl ann ach táscaire (féach, de réir analaí, breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2009, Erste Group Bankagus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑125/07 P, C‑133/07 P, C‑135/07 P agus C‑137/07 P, EU:C:2009:576, mír 233 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mar sin, níl sé mar thoradh riachtanach air gur thug an Coimisiún, i gcinntí roimhe seo, “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” ar ghnóthais áirithe arbh iadsan amháin a bhí “dian” sa mhargadh lena mbaineann agus a bhain a n‑áit amach sa mhargadh níos tapúla ná aon iomaitheoir eile gurb iad sin na cásanna ar leith amháin a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis lena leithéid d’aicmiú.

165

Ag an deireadh ar fad, is minic nach é an praghas an t‑aon pharaiméadar tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar dhinimic iomaíochta, go háirithe i margaí táirgí difriúla ina bhféadfadh an ról is ríthábháchtaí a bheith ag caighdeán agus nuálaíocht maidir le brandáil na dtáirgí lena mbaineann. Dá dheasca sin, ba ghá go mbeadh cur chuige atá bunaithe ar phraghsanna amháin easnamhach chun críocha “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar ghnóthas.

166

Dá bhrí sin, ní bhféadfadh sé nach bhfuil an coincheap “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” ach inchurtha i bhfeidhm maidir le gnóthais a théann i mbun iomaíocht fhíor-dhian maidir le praghas agus a thugann ar a n‑iomaitheoirí sa mhargadh iad féin a chur ag teacht leo de réir a bpraghsanna nó maidir le gnóthais a d’fhéadfaí dinimic iomaíochta an mhargaidh lena mbaineann a athrú go suntasach lena mbeartas praghsála.

167

Sna himthosca sin, ní mór a mheas, d’fhonn “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar ghnóthas, gur leor, mar a leagtar amach i mír 37 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, go bhfuil ról níos tábhachtaí aige san iomaíocht ná mar a thabharfaí le fios lena sciartha den mhargadh nó le haon táscaire comhchosúil eile.

168

Mar sin, sa chás seo, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le meas, i míreanna 170 agus 216 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, d’fhonn “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar Three, nach mór don Choimisiún a léiriú go ndeachaigh an gnóthas sin i mbun iomaíocht fhíor-dhian i dtaobh praghsanna agus gur thug sé ar na gníomhaithe eile sa mhargadh iad a chur ag teacht leo de réir a bpraghsanna nó gur dócha go ndéanfaí dinimic iomaíochta sa mhargadh a athrú go suntasach lena bheartas praghsála.

169

I bhfianaise na ndearbhuithe arna ndéanamh i míreanna 151 agus 168 den bhreithiúnas seo, ní mór seasamh leis an dara cuid den tríú foras achomhairc.

An tríú gearán

– Argóintí na bpáirtithe

170

Leis an tríú cuid dá thríú foras achomhairc, maíonn an Coimisiún dhá ghearán.

171

Leis an gcéad ghearán dá chuid, áitíonn an Coimisiún, trína cheangal air, i mír 242 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a léiriú nach “dlúth‑iomaitheoirí” ach “fíor-dlúthiomaitheoirí” iad na páirtithe sa chomhchruinniú, gur fhorchuir an Chúirt Ghinearálta ceanglas iomarcach maidir le measúnú ar dhlúithe an chaidrimh iomaíochta idir na páirtithe sin.

172

De réir an Choimisiúin, ghlac an Chúirt Ghinearálta leis go hearráideach, i mír 247 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gurb iomaitheoirí iad, faoi mar a thuigfeá, atá dlúth a bheag nó a mhór i margadh olagaplach amhail an margadh teileachumarsáide soghluaiste sa Ríocht Aontaithe, ina bhfuil ceithre oibreoir líonra cumarsáide soghluaiste.

173

I ndáil leis sin, cuireann an Coimisiún i dtreis go bhfuil a dhinimic féin ag gach margadh. Mar sin, i margadh olagaplach dar thréithe é raon táirgí difreáilte, d’fhéadfadh sé gur bheag go leor go bhfuil na táirgí á dtairiscint ag dhá ghnóthas sa mhargadh sin inionadaithe nó gur bheag nach ndíreofaí iad ar dheighleoga an mhargaidh éagsúla amháin. Dá bhrí sin, ní bhféadfaí a mheas gur dlúth-iomaitheoirí iad an dá ghnóthas sin. Dá dheasca sin, i gcás comhchruinniú eatarthu, ní fhéadfadh an Coimisiún brath ar dhlúithe iomaíochta mar thoisc ábhartha le cinneadh go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach. Os a choinne sin, dar leis an gCoimisiún, i gcás ina bhfuil an dá ghnóthas sin i ndlúth-iomaíocht le chéile do na deighleoga céanna den mhargadh olagaplach sin, lena léirítear mar sin “go raibh an choimhlint eatarthu ina foinse thábhachtach iomaíochta sa mhargadh” de réir mhír 28 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, ní fhéadfaí a cheangal ar an gCoimisiún a léiriú gurb “iomaitheoirí is dlúithe” nó gur “fíor‑dhlúthiomaitheoirí” iad na páirtithe sa chomhchruinniú.

174

Leis an dara gearán dá chuid, cáineann an Coimisiún an Chúirt Ghinearálta as míbhrí a bhaint as an gcinneadh atá faoi chonspóid le meas, go háirithe i mír 249 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur bunaíodh é ar an mbuntuiscint gur leor dlúithe na hiomaíochta idir Three agus O2 le meas go mbeadh an comhchruinnithe beartaithe ina chúis le bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach. Go deimhin, mar a thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara i mír 227 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, níl i ndlúithe na hiomaíochta idir Three agus O2 ach ceann de na tosca arna n‑úsáid sa chinneadh atá faoi chonspóid le cinneadh go mbeadh an comhchruinniú beartaithe ina chúis le héifeachtaí neamh‑chomhordaithe.

175

Deir CK Telecoms d’aisfhreagra nach ndéantar leis an gcéad ghearán de chuid an Choimisiúin ach léamh aonair earráideach ar an mbreithiúnas atá faoi achomharc. Go deimhin, thug an Chúirt Ghinearálta aird chuí ar na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha agus gur toisc thábhachtach í dlúithe na hiomaíochta idir Three agus O2 sa chás seo.

176

Dá ainneoin sin, níor socraíodh go beacht leis na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha an dlúithe is gá chun “dlúth-iomaitheoirí” a thabhairt ar na gnóthais lena mbaineann.

177

Ina theannta sin, níor chuir an Coimisiún na critéir a leagtar amach sna Treoirlínte sin i bhfeidhm sa chinneadh atá faoi chonspóid chun scrúdú a dhéanamh ar dhlúithe na hiomaíochta idir Three agus O2.

178

De réir CK Telecoms, luíonn an ceanglas maidir le “fíor-dhlúithe” leis an gcritéar ginearálta maidir le toirmeasc ar bhac suntasach ar iomaíocht éifeachtach. Ní féidir ach le dlúithe áirithe iomaíochta a bheith ina fianaise ar a leithéid de bhac.

179

Maidir leis an dara gearán, tá CK Telecoms den tuairim nár bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí as an gcinneadh atá faoi chonspóid i mír 249 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

180

Maidir leis an gcéad ghearán, lena n‑éilítear gur éiligh an Chúirt Ghinearálta ar an gCoimisiún go hearráideach, go háirithe, i mír 242 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a léiriú, sa chás seo, gur “fíor-dhlúthiomaitheoirí” iad na páirtithe sa chomhchruinniú, is fíor gur cuid de scrúdú ar an gcéad teoiric dhíobhála, arna cur chun tosaigh ag an gCoimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid, maidir leis na héifeachtaí neamh-chomhordaithe sa mhargadh miondíola é measúnú na Cúirte Ginearálta ar dhlúithe na hiomaíochta idir na páirtithe sa chomhchruinniú.

181

I mír 128 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara, i gcomhthéacs na teoirice sin, go raibh an Coimisiún ag brath ar an diansrian iomaíochta arna chur ag Three agus ag O2, ar dhlúithe na hiomaíochta idir an dá ghnóthas sin, ar a sciartha margaidh agus ar na hábhair gríosaithe don eintiteas mar gheall ar an gcomhchruinniú atá beartaithe praghsanna a ardú agus ar chumas a iomaitheoirí dul san iomaíocht, d’fhonn a bhreithniú, in aithris 1226 den chinneadh atá faoi chonspóid, go “bhféadfadh éifeachtaí neamh-chomhordaithe frith-iomaíocha a bheith” ag an gcomhchruinniú beartaithe “sa mhargadh miondíola”.

182

Sa chomhthéacs sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, i mír 234 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach bhfuil an coincheap “dlúth-iomaitheoir” i Rialachán Uimh. 139/2004, ach sna Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha amháin.

183

Ar an dara dul síos, i míreanna 235 agus 241 den bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, go gceanglaítear le hinfheidhmeacht Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 139/2004, arna léamh i bhfianaise aithris 25 den Rialachán sin, deireadh a chur leis na diansrianta iomaíochta ar chuir na páirtithe sa chomhchruinniú ar a chéile, arb é an éifeacht aontaobhach is dírí atá ag comhchruinniú ar mhargadh olagaplach.

184

Ar an tríú dul síos, i míreanna 242, 247 agus 249 den bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, go raibh ar an gCoimisiún a léiriú, maidir le margadh olagaplach ina bhfuil na hoibreoirí go léir, mar a thuigfeá, dlúth dá chéile a bheag nó a mhór, nach bhfuil na páirtithe sin ina ndlúth-iomaitheoirí, ach ina “bhfíor-dhlúthiomaitheoirí”.

185

Ag an deireadh ar fad, i míreanna 249 agus 250 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, sheas an Chúirt Ghinearálta le hargóintí CK Telecoms maidir le hualach cruthúnais lag na hanailíse ar dhlúithe na hiomaíochta idir Three agus O2. Ba í an chúis a bhí ag gCúirt Ghinearálta leis an seasamh seo ná nach raibh Three agus O2 ach ina n-iomaitheoirí a bhí dlúth go leor i gcuid de dheighleoga margaidh chomhdhlúthaithe ina n‑áirítear ceithre oibreoir líonra cumarsáide soghluaiste. De réir na cúirte sin, ní leor é sin amháin le cruthú, sa chás seo, go bhfuil deireadh leis na diansrianta iomaíochta ar chuir na páirtithe sa chomhchruinniú beartaithe ar a chéile agus le suíomh go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, mura gcuirtear toirmeasc, i bprionsabal, ar gach comhchruinniú lena ndéantar trí oibreoir de cheithre oibreoir.

186

I ndáil leis sin, mar a tugadh chun cuimhne i mír 159 den bhreithiúnas seo, deireadh le hiomaíocht idir dhá pháirtí sa chomhchruinniú a bheidh ina éifeacht is dírí ag comhchruinniú i margadh olagaplach.

187

Mar a dheimhnítear le míreanna 26 agus 28 go 30 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, i gcás inar táscaire tábhachtach í dlúithe na hiomaíochta idir na páirtithe i gcomhchruinniú chun measúnú a dhéanamh le feiceáil an gcuirtear nó nach gcuirtear aon deireadh le diansrianta iomaíochta idir na páirtithe sin, níl sa dlúithe sin ach ceann de na tosca le measúnú a dhéanamh an dócha nó nach dócha go mbeadh comhchruinniú ina chúis le héifeachtaí suntasacha neamh-chomhordaithe.

188

I ndáil leis sin, thug an Coimisiún le fios mar is ceart, i mír 28 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, in aon mhargadh ábhartha amháin, go bhfuil na táirgí indifreáilte ionas gurb amhlaidh gur fearr táirgí ionaid iad táirgí áirithe ná táirgí eile agus, d’inionadaitheacht tháirgí na bpáirtithe i gcomhchruinniú, is amhlaidh is dóichí go gcuirfí go mór lena bpraghsanna leo i ndiaidh an chomhchruinnithe. Dá dheasca sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 121 dá Tuairim, d’fhéadfadh sé a bheith ina tháscaire gur mó is dócha ná a mhalairt go gcuirfí bac suntasach le comhchruinniú ar iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mór de go bhfuil an iomaíocht idir na páirtithe ann níos dlúithe, fad a d’fhéadfadh sé a bheith ina malairt de tháscaire go bhfuil an iomaíocht idir na páirtithe níos lú dlúithe.

189

Sa chomhthéacs sin, tugtar le tuiscint go bhfuil táirgí na bpáirtithe i margadh táirgí difreáilte an‑inionadaithe ar fad le héileamh, chun críocha an mheasúnaithe ar dhlúithe na hiomaíochta idir na páirtithe i gcomhchruinniú, gur “fíor-dhlúthiomaitheoirí” iad. Ní gá go mbeadh a leithéid d’inionadaitheacht riachtanach. Go deimhin, fiú i gcás nach bhfuil táirgí na bpáirtithe sa chomhchruinniú fíor-inionadaithe le chéile, d’fhéadfadh sé go bhfuil táirgí na bpáirtithe agus táirgí na ngnóthas nach páirtí sa chomhchruinniú iad níos lú inionadaithe chomh maith, rud lena bhféadfaí na páirtithe sa chomhchruinniú sin a ghríosú chun praghsanna a dtáirgí a ardú.

190

Thairis sin, mar a sonraíodh, go bunúsach, i mír 28 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, d’fhéadfadh sé freisin go n‑ardófaí praghsanna go suntasach i ndiaidh an chomhchruinnithe de bharr corrlaigh arda a bheith ann roimh an gcomhchruinniú. D’fheadfaí a thabhairt le fios leis na corrlaigh sin nach na hiomaitheoirí is dlúithe nó fíor‑dhlúth-iomaitheoirí iad na páirtithe sa chomhchruinniú chomh maith.

191

Dá dheasca sin, ní féidir a bhreithniú nach bhféadfaí bac suntasach a chur ar iomaíocht éifeachtach sa mhargadh ábhartha ach le comhchruinniú idir iomaitheoirí atá fíor-dhlúth lena chéile.

192

Uime sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le ceangal ar an gCoimisiún, go háirithe i míreanna 242 agus 247 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a léiriú nach dlúth-iomaitheoirí iad na páirtithe sa chomhchruinniú, ach gur “fíor-dhlúthiomaitheoirí” iad.

193

Tugtar le tuiscint uaidh sin nach mór seasamh leis an gcéad ghearán den tríú cuid den tríú foras achomhairc.

194

Maidir leis an dara gearán dá chuid, leis sin cáineann an Coimisiún an Chúirt Ghinearálta as míbhrí a bhaint as an gcinneadh atá faoi chonspóid le meas, go háirithe i mír 249 den bhreithiúnas atá faoi achomhairc, sa chinneadh sin, gur bunaíodh é ar an mbuntuiscint gur leor dlúithe na hiomaíochta idir Three agus O2 sa mhargadh olagaplach i gceist inti féin le meas go mbeadh an comhchruinniú ina chúis le bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

195

I ndáil leis sin, is fíor gur rialaigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 249, “[b]íodh is deimhin go bhféadfaí a shuíomh gur iomaitheoirí atá dlúth go leor iad Three agus O2 i gcuid de dheighleoga de mhargadh comhdhlúthaithe ina n‑áirítear ceithre oibreoir líonra cumarsáide soghluaiste, ní bhféadfadh sé gur leor é sin amháin le cruthú, sa chás seo, go bhfuil deireadh leis na diansrianta iomaíochta ar chuir na páirtithe sa chomhchruinniú ar a chéile agus ní bhféadfadh sé gur leor é chun bac suntasach a shuíomh ar iomaíocht éifeachtach, mura gcuirtear toirmeasc, i bprionsabal, ar gach comhchruinniú lena ndéantar trí oibreoir de cheithre oibreoir”.

196

Mar a áitíonn an Coimisiún, níl aon ábhar deimhnithe sa chinneadh atá faoi chonspóid gur leor dlúithe na hiomaíochta idir Three agus O2, inti féin, le meas go bhféadfadh bac suntasach a bheith ar iomaíocht éifeachtach de dheasca an chomhchruinnithe bheartaithe. A mhalairt ar fad, mar a tugadh chun cuimhne i mír 146 den bhreithiúnas seo, thug an Coimisiún dá aire, in aithrisí 313 agus 321 den chinneadh atá faoi chonspóid, go leagtar amach leis na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha roinnt tosca, lena bhfuil dlúithe na hiomaíochta san áireamh, atá ábhartha le fionnadh an bhféadfadh nó nach bhféadfadh éifeachtaí neamh-chomhordaithe a bheith ann de dheasca comhchruinnithe.

197

Dá bhrí sin, ní mór seasamh leis an dara gearán agus, dá bhrí sin, leis an tríú cuid den tríú foras achomhairc ina hiomláine.

198

Dá bhrí sin, ní mór seasamh leis an dara agus an tríú cuid den tríú foras achomhairc, gan gá le scrúdú a dhéanamh ar an gceathrú cuid de, a tíolacadh mar mhalairt rogha.

An ceathrú foras achomhairc

199

Tá dhá chuid sa cheathrú foras achomhairc. Éilítear leis an gcéad chuid, ar an gcéad dul síos, go mbaintear míbhrí as argóintí an Choimisiúin maidir leis an anailís chainníochtúil ar éifeachtaí an chomhchruinnithe bheartaithe ar phraghsanna agus, ar an dara dul síos, gur mheas an Chúirt Ghinearálta go hearráideach nach raibh an t‑ardú ar na praghsanna sa chás seo suntasach. Éilítear leis an dara cuid gur cheangail an Chúirt Ghinearálta, in éigeart, ar an gCoimisiún gnóthachain éifeachtúlachta “caighdeánacha” a chur san áireamh lena anailís.

An chéad chuid

– Argóintí na bpáirtithe

200

Leis an gcéad chuid dá cheathrú fhoras achomhairc, maíonn an Coimisiún dhá ghearán.

201

Lena chéad ghearán, cáineann an Coimisiún an Chúirt Ghinearálta as míbhrí a bhaint as a ráitis le meas, i mír 273 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh comhthuiscint ann gur de [faoi rún] ( 1 )% a n-ardófaí na praghsanna de dheasca an chomhchruinnithe bheartaithe, in ainneoin gur léir ó mhír 157 den chosaint agus ó mhír 61 den athfhreagra gur chuir an institiúid sin an figiúr sin faoi chonspóid os comhair na Cúirte Ginearálta. Go deimhin, is ríléir ó na míreanna sin gur chuir an Coimisiún i gcoinne na bhfigiúirí a chuir CK Telecoms chun tosaigh agus gur áitigh sé, os comhar na Cúirte Ginearálta, gur de [faoi rún]% a n-ardófaí na praghsanna mar sin.

202

Leis an dara gearán a rinne sé, cáineann an Coimisiún an Chúirt Ghinearálta as earráid dlí a dhéanamh, i mír 273 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, le tabhairt le fios nach mbeadh an t‑ardú praghsanna de dheasca an chomhchruinnithe bheartaithe suntasach toisc gur lú é ná na harduithe ionchais i gcinntí áirithe roimhe sin, lena n‑údaraítear comhchruinnithe faoi réir coinníollacha.

203

I ndáil leis sin, áitíonn an Coimisiún nár cheart don Chúirt Ghinearálta an comhchruinniú beartaithe a chur i gcomparáid leis na comhchruinnithe a bhí ina gcúis, ar an gcéad dul síos, le Cinneadh C(2014) 3561 final ón gCoimisiún, an 28 Bealtaine 2014, lena ndearbhaítear go luíonn comhchruinniú leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE (Cás M.6992 – Hutchison 3G UK v Telefónica Ireland) a foilsíodh mar achoimre in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 13 Lúnasa 2014 (IO 2014 C 264, lch. 6, “an Cás Éireannach”) agus, ar an dara dul síos, Cinneadh C(2014) 4443 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2014, lena ndearbhaítear go luíonn comhchruinniú leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE (Cás M.7018 – Telefónica Deutschland v E-Plus) a foilsíodh mar achoimre in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 13 Márta 2015 (IO 2015 C 86, lch. 10, “an Cás Gearmánach”). Bunaíodh an chomparáid a rinne an Chúirt Ghinearálta ar léamh ar chinntí an Choimisiúin atá earráideach go follasach sa dá chás sin. Go deimhin, murab ionann agus an cás seo, d’údaraigh an Coimisiún na comhchruinnithe lena mbaineann an Cás Éireannach agus an Cás Gearmánach, toisc gur bheartaigh na páirtithe iontu bearta feabhais ar measadh gur leor iad chun deireadh a chur le bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

204

Deir CK Telecoms d’aisfhreagra, ar an gcéad dul síos, go lochtaíonn an Coimisiún, leis an gcéad chuid den cheathrú foras achomhairc, na fíricí agus, dá bhrí sin, tá an chuid sin do-ghlactha.

205

Ar an dara dul síos, áitíonn an Coimisiún nach bhfuil feidhm leis an gcéad chuid den cheathrú foras achomhairc. I míreanna 264 go 281 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, rinne an Chúirt Ghinearálta measúnú lenar tugadh uirthi, i mír 282 den bhreithiúnas sin, a mheas nach raibh ualach cruthúnais ag an anailís chainníochtúil a rinneadh sa chás seo, ós rud é nár léirigh an Coimisiún go dtiocfadh ardú suntasach ar phraghsanna i ndiaidh deireadh a chur le diansrianta iomaíochta ar chuir na páirtithe sa chomhchruinniú ar a chéile. Soiléiríonn CK Telecoms gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 268 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh ualach cruthúnais ag anailís chainníochtúil an Choimisiúin, rud nár chuir an Coimisiún faoi chonspóid.

206

Ar an tríú dul síos agus ag an deireadh ar fad, áitíonn CK Telecoms nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus measúnú á dhéanamh aici ar anailís chainníochtúil an Choimisiúin. I ndáil leis sin, thug sí údar maith leis an ngá atá le tairseach a shainiú, ar tairseach é ar a shárú a d’fhéadfaí a thabhairt le fios le toradh na hanailíse sin go bhféadfadh comhchruinniú a bheith ina chúis le harduithe suntasacha praghsanna.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

207

Leis an gcéad ghearán, ní cháineann an Coimisiún na fíricí, ach maíonn sé go bhfuil míbhrí á baint as ábhar a ráitis ag an gcéad chéim. Dá dheasca sin, ní fhéadfaí diúltú don ghearán sin toisc é a bheith neamh‑inghlactha (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Samhain 2018, Alcohol Countermeasure Systems (International) v EUIPO, C‑340/17 P, EU:C:2018:965, mír 39).

208

Maidir le hinghlacthacht an dara gearán, is leor a chinneadh gur tharraing an Coimisiún, tríd, ceist dlí a mhéid a cháineann sé an Chúirt Ghinearálta as comparáid a dhéanamh in éigeart idir an t‑ardú praghsanna a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcomhchruinniú beartaithe leis na harduithe praghsanna arna n‑aithint sa Chás Éireannach agus sa Chás Gearmánach inar údaraigh an Coimisiún na comhchruinnithe i gceist faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, tá an gearán sin inghlactha.

209

Maidir le feidhm a bheith ag an gcéad chuid den cheathrú foras achomhairc, is deimhin gur mheas an Chúirt Ghinearálta, i mír 268 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach bhfuil an anailís chainníochtúil cinntitheach le léiriú go bhféadfadh bac suntasach a bheith ar iomaíocht éifeachtach. Níor rialaigh sí, áfach, nach bhfuil ualach cruthúnais ag an anailís sin, i bprionsabal. Go deimhin, ba é a chinn an Chúirt Ghinearálta ná nach leor an anailís sin le bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach a léiriú.

210

Chun teacht ar an dearbhú i mír 282 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar dá réir nár léirigh an Coimisiún go n‑ardófaí praghsanna go suntasach i ndiaidh an chomhchruinnithe bheartaithe, chinn an Chúirt Ghinearálta, mar atá leagtha amach i mír 273 den bhreithiúnas sin, ar an gcéad dul síos, gur de [faoi rún]% a n-ardófaí na praghsanna sa chás seo agus nár chuir an Coimisiún an figiúr sin faoi chonspóid. Ar an dara dul síos, d’fhonn a fhíorú go bhféadfaí ardú suntasach a thabhairt ar an ardú sin, chuir an Chúirt Ghinearálta é i gcomparáid leis na harduithe praghsanna ionchais sa chás Éireannach agus sa chás Gearmánach, arbh 6.6% agus 9.5% iad faoi seach. Chinn an Chúirt Ghinearálta, sna cásanna sin, gur údaraigh an Coimisiún na comhchruinnithe lena mbaineann faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh.

211

Dá dheasca sin, ní mór a mheas go bhféadfadh an Coimisiún an Chúirt Ghinearálta a cháineadh go héifeachtach, ar an gcéad dul síos, as míbhrí a bhaint as a argóintí maidir le luach beacht an ardaithe praghsanna a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcomhchruinniú beartaithe agus, ar an dara dul síos, as an gcás seo a chur i gcomparáid go hearráideach leis na cinntí ón gCoimisiún roimhe seo i gcásanna comhchruinnithe eile. Go deimhin, ní fhéadfaí diúltú do na cáintí sin toisc nach bhfuil feidhm acu ós rud é, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 141 dá Tuairim, go bhféadfadh gach ceann de na hargóintí sin difear a dhéanamh do chinneadh na Cúirte Ginearálta i mír 282 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Dá bhrí sin, ní mór diúltú do na hargóintí de chuid CK Telecoms nach bhfuil feidhm acu maidir leis an gcéad chuid den cheathrú foras achomhairc agus scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas na coda sin.

212

I ndáil leis sin, maidir leis an gcéad ghearán den chuid sin, lena n‑éilítear gur bhain an Chúirt Ghinearálta, i mír 273 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, míbhrí as na hargóintí de chuid an Choimisiúin i mír 157 dá chosaint agus i mír 61 dá athfhreagra, ní mór a thabhairt chun cuimhne, i gcás ina líomhnaíonn sé go bhfuil míbhrí á baint as a argóintí féin, nach mór d’achomharcóir, de réir Airteagal 256 de CFAE, na chéad fhomhíre d’Airteagal 58 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 168(1)(d) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, an méid a thabhairt le fios go soiléir ar baineadh míbhrí as agus na hearráidí anailíse a léiriú lenar tugadh ar an gCúirt Ghinearálta an mhíbhrí sin a bhaint ina measúnú (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Iúil 2010, Knauf Gips v an Coimisiún, C‑407/08 P, EU:C:2010:389, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

213

Sa chás seo, is léir ó mhír 273 den bhreithiúnas atá faoi achomharc gur chinn an Chúirt Ghinearálta, “sa chás seo, gur de [faoi rún]% a n‑ardófaí praghsanna mar atá tuartha, de réir [CK Telecoms], arb ardú é nár chuir an Coimisiún ina aghaidh, in ainneoin nár cuireadh cosc, le hardú praghsanna beartaithe de 6.6% sa Chás Éireannach agus de 9.5% sa Chás Gearmánach, ar an gCoimisiún na comhchruinnithe sin a údarú faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh”.

214

Is ríléir ó mhír 157 de chosaint an Choimisiúin gur chuir an Coimisiún an figiúr a bhí molta ag CK Telecoms faoi chonspóid go héifeachtach ag an gcéad chéim agus, gur chuir sé chun tosaigh, sa chás seo, go bhféadfaí praghsanna a ardú de [faoi rún]% de dheasca an chomhchruinnithe bheartaithe. Cuirtear treise leis an dearbhú sin le míreanna 159 agus 160 den chosaint sin agus le mír 61 den athfhreagra ag an gCoimisiún chomh maith.

215

Dá bhrí sin, is léir ó dhoiciméid an cháschomhaid os comhair na Cúirte Breithiúnais gur bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí, i mír 273 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, as aighneachtaí an Choimisiúin ag an gcéad chéim.

216

Dá bhrí sin, ní mór seasamh leis an gcéad ghearán den chéad chuid den cheathrú foras achomhairc.

217

Maidir leis an dara gearán sa chéad chuid den cheathrú foras achomhairc, lena n‑éilítear gur chuir an Chúirt Ghinearálta an cás seo i gcomparáid leis an gCás Éireannach agus leis an gCás Gearmánach in éigeart agus, dá bhrí sin, gur mheas sí in éigeart, i mír 273 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach raibh ardú na praghsanna de [faoi rún]% a d’fhéadfadh an comhchruinniú beartaithe a bheith ina chúis leis go suntasach toisc go raibh sé níos lú ná na harduithe praghsanna ionchais sa Chás Éireannach agus sa Chás Gearmánach, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an measúnú sin ón gCúirt Ghinearálta, mar is léir ó mhír 215 den bhreithiúnas seo, bunaithe ar an míbhrí ar bhain an Chúirt Ghinearálta as cosaint an Choimisiúin maidir le luach beacht an ardaithe praghsanna sin.

218

Ar an dara dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 147 dá Tuairim, go bunúsach, ní raibh an Cás Éireannach ná an Cás Gearmánach inchurtha leis an gcás seo, agus an bhunchúis leis sin ná, murab ionann agus an cás seo, gur thug na páirtithe sna comhchruinnithe i gceist sna chéad chásanna sin gealltanais ar measadh gur leor iad leis an gCoimisiún a chur ó imní faoi iomaíocht.

219

In aon chás, mar a cuireadh in iúl i mír 164 den bhreithiúnas seo, níl an cleachtas cinnteoireachta a bhí ag an gCoimisiún roimhe seo ina chreat dlíthiúil is infheidhme maidir le comhchruinnithe a rialú agus níl ann ach táscaire.

220

Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a mheas sí i mír 273 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nach raibh an t‑ardú praghsanna de [faoi rún]% a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca an chomhchruinnithe suntasach toisc gur lú é ná na harduithe ionchais sa Chás Éireannach agus sa Chás Gearmánach.

221

Tugtar le tuiscint uaidh sin nach mór seasamh leis an dara gearán den chéad chuid den cheathrú foras achomhairc.

222

I bhfianaise na mbreithnithe go léir thuas, ní mór seasamh leis an gcéad chuid den cheathrú foras achomhairc ina hiomláine.

An dara cuid

– Argóintí na bpáirtithe

223

Leis an dara cuid den cheathrú foras achomhairc, áitíonn an Coimisiún gur mheas an Chúirt Ghinearálta in éigeart, i míreanna 277 go 279 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach mór dó cur san áireamh ina anailís chainníochtúil na gnóthachain éifeachtúlachta “caighdeánacha” a “bhaineann go sainiúil le gach comhchruinniú”.

224

Cuireann an Coimisiún i dtreis, de réir aithris 29 de Rialachán Uimh. 139/2004, gur faoi na gnóthais lena mbaineann atá sé cur síos a dhéanamh ar gach gnóthachan éifeachtúlachta a líomhnaítear agus na doiciméid thacaíochta lena mbaineann a thabhairt.

225

Murab ionann agus cinneadh na Cúirte Ginearálta i mír 277 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, níor thug reachtas an Aontais Eorpaigh toimhde isteach gur gá go mbeadh gach comhchruinniú ina chúis le gnóthachain éifeachtúlachta, ar gnóthachain éifeachtúlachta iad atá le cur san áireamh go córasach mar chuid den anailís chainníochtúil arna déanamh ag an gCoimisiún. Go deimhin, tugtar le tuiscint, go bunúsach, ó mhíreanna 77 go 87 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha go gcaithfidh na gnóthachain éifeachtúlachta a bheith chun leasa tomhaltóirí, a bheith ag baint go sainiúil leis an gcomhchruinniú agus a bheith infhíoraithe.

226

Ina theannta sin, measann an Coimisiún nach ndéantar idirdhealú i Rialachán Uimh. 139/2004 idir cineálacha éagsúla gnóthachan éifeachtúlachta.

227

In aon chás, áitíonn an Coimisiún gur chuir sé san áireamh, ina anailís chainníochtúil, na gnóthachain éifeachtúlachta a d’fhéadfadh teacht faoi choincheap “na ngnóthachan éifeachtúlachta caighdeánach”, a ghlac an Chúirt Ghinearálta i mír 277 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, agus gur chuir sé iad as an áireamh, ar an bhforas nach raibh difear indéanta leo do na hábhair gríosaithe chun praghsanna a ardú atá ag eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe.

228

Deir CK Telecoms d’aisfhreagra, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil feidhm le hargóintí an Choimisiúin ós rud é nach é is bun amháin le cinneadh na Cúirte Ginearálta go bhfuil an anailís chainníochtúil earráideach sa chinneadh atá faoi chonspóid ná an dearbhú nár thug an Coimisiún aird chuí do ghnóthachain éifeachtúlachta a chruthaítear leis an gcomhchruinniú beartaithe.

229

Ar an dara dul síos, áitíonn CK Telecoms, ar dtús, go n‑eascraíonn na hargóintí ag an gCoimisiún ó léamh earráideach ar an mbreithiúnas atá faoi achomharc. Go deimhin, mheas an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, go laghdaítear an t‑ualach cruthúnais atá ag anailís chainníochtúil mura gcuirtear san áireamh tosca maolaitheacha inti, lena n‑áirítear gnóthachain éifeachtúlachta. Chinn an Chúirt Ghinearálta go gcuirfí le hualach cruthúnais na hanailíse cainníochtúla dá nglacfadh an Coimisiún leis gurbh ann do mhéid áirithe gnóthachan éifeachtúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr an chomhchruinniú bheartaithe.

230

Ansin, de réir CK Telecoms, freagraíonn measúnú na Cúirte Ginearálta do chineál na hanailíse cainníochtúla, arb anailís chainníochtúil í a cumadh ar mhaithe leis na héifeachtaí sriantacha agus na héifeachtaí atá chun leasa na hiomaíochta a mheas. Dá bhrí sin, ní mór a chur san áireamh na gnóthachain éifeachtúlachta cruthaithe agus na gnóthachain éifeachtúlachta a mheastar a bheith ann.

231

Ina theannta sin, cuirtear san áireamh i Rialachán Uimh. 139/2004 go mbíonn idir éifeachtaí ar son na hiomaíochta agus éifeachtaí frith‑iomaíocha ag comhchruinnithe ar an mórgóir. Dá bhrí sin, luífeadh cinneadh na Cúirte Ginearálta nach bhfuil ach ualach cruthúnais beag ag cinneadh anailís chainníochtúil an Choimisiúin toisc nach gcuirtear san áireamh leis an anailís sin na gnóthachain éifeachtúlachta “caighdeánacha” leis na prionsabail is bun leis an Rialachán sin.

232

Ag an deireadh ar fad, áitíonn CK Telecoms, ó tharla nach leagtar amach leis na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha an déanamh atá ar anailís chainníochtúil an Choimisiúin, nach bhféadfaí a mheas go bhfuil cinntí na Cúirte Ginearálta maidir le luach cruthúnais na hanailíse sin bunoscionn leis na Treoirlínte sin.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

233

Maidir le feidhmeacht an dara cuid den cheathrú foras achomhairc, is léir, go bunúsach, ó mhír 279 den breithiúnas atá faoi achomharc, de réir na Cúirte Ginearálta, go “mbaineann” na gnóthachain éifeachtúlachta “caighdeánacha”“go sainiúil le gach comhchruinniú” agus gur “cuid iad de shamhail chainníochtúil lena bhféachtar a shuíomh an bhfhéadfadh nó nach bhféadfadh éifeachtaí sriantacha a bheith ag comhchruinniú”.

234

Mar sin, i bhfianaise na tábhachta arna tabhairt ag an gCúirt Ghinearálta don aicme gnóthachan éifeachtúlachta sin ar mhaithe leis an anailís chainníochtúil, ní mór a mheas go bhféadfadh an Coimisiún an Chúirt Ghinearálta a cháineadh go héifeachtach as cur de cheangal air, i míreanna 277 go 279 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gnóthachain éifeachtúlachta “caighdeánacha” a chur san áireamh ina anailís a bhaineann, de réir na Cúirte Ginearálta, go sainiúil le gach comhchruinniú.

235

Dá bhrí sin, ní mór diúltú d’argóintí CK Telecoms nach bhfuil feidhm leis an dara cuid den cheathrú foras achomhairc.

236

Maidir le fiúntas na coda sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, gur chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 277 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go bhfuil gnóthachain chainníochtúla ann de bharr gach comhchruinniú a bhfuil a mhéid ag brath ar an mbrú iomaíochta seachtrach. De réir na Cúirte Ginearálta, eascraíonn na gnóthachain sin, go háirithe, ón bpróiseas táirgeachta agus dáileacháin a dhéanamh níos éifeachtaí agus a chomhtháthú ag an eintiteas a eascraíonn as an gcomhchruinniú, rud lena bhféadfaí tabhairt ar an eintiteas sin a phraghsanna a laghdú.

237

I míreanna 278 agus 279 den bhreithiúnas sin, rinne an Chúirt Ghinearálta idirdhealú idir dhá chineál gnóthachan éifeachtúlachta, eadhon, ar an gcéad dul síos, iad siúd dá dtagraítear sna Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, ar gá don pháirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige a thaispeáint go bhfuil siad ann agus nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú foriomlán iomaíochta ar an gcomhchruinniú, d’fhonn a fhíorú an bhféadfadh nó nach bhféadfadh siad éifeachtaí sriantacha an chomhchruinnithe a chealú agus, ar an dara dul síos, na héifeachtaí sin dá dtagraítear i mír 277 den bhreithiúnas sin, ar gnóthachain éifeachtúlachta iad a bhaineann go sainiúil le gach comhchruinniú agus ar “cuid iad de shamhail chainníochtúil lena bhféachtar a shuíomh an bhfhéadfadh nó nach bhféadfadh éifeachtaí sriantacha a bheith ag comhchruinniú”. Mar is léir ó mhír 278 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, go gceanglaítear ar an gCoimisiún, ina anailís chainníochtúil, an aicme sin de ghnóthachain éifeachtúlachta “chaighdeánacha” a chur san áireamh uaidh féin.

238

Is léir ó aithris 29 de Rialachán Uimh. 139/2004, chun an éifeacht a shocrú a bheidh ag comhchruinnithe ar struchtúr na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach, nach mór a chur san áireamh na gnóthachain éifeachtúlachta is dócha a bheadh ann arna léiriú ag na gnóthais lena mbaineann.

239

Is léir chomh maith ó Roinn 9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 802/2004 gur faoin ngnóthas lena mbaineann atá sé cur síos a dhéanamh ar gach ceann de na gnóthachain éifeachtúlachta a líomhnaítear mar aon leis na doiciméid thacaíochta.

240

Leagtar amach na critéir maidir le gnóthachain éifeachtúlachta a chur san áireamh i míreanna 76 go 88 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha.

241

Mar sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 153 dá Tuairim, ní pléitear le Rialachán Uimh. 139/2004, Rialachán Uimh. 802/2004 ná na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha le haicme de ghnóthachain éifeachtúlachta “chaighdeánacha”, amhail an gnóthachan éifeachtúlachta dá dtagraítear i míreanna 277 go 279 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nó níor tugadh toimhde isteach go bhfuil ann do leithéid de ghnóthachain éifeachtúlachta ag gach comhchruinniú.

242

Is deimhin go bhféadfadh comhchruinnithe áirithe a bheith ina gcúis le gnóthachain éifeachtúlachta a bhaineann go sainiúil leo. Ní thugtar le tuiscint in aon chor ón bhféidearthacht sin, áfach, go bhfuil gach comhchruinniú ina chúis lena leithéid de ghnóthachain éifeachtúlachta. In aon chás, is faoi na páirtithe a bhfuil fógra á thabhairt acu atá sé iad a léiriú ionas go bhféadfaidh an Coimisiún iad a chur san áireamh agus rialú á dhéanamh aige.

243

Thairis sin, dá nglacfaí leis go bhfuil gach comhchruinniú ina chúis le gnóthachain “chaighdeánacha”, thabharfaí toimhde isteach agus dhéanfaí, dá bhrí sin, an dualgas cruthúnais a mhalartú le haghaidh aicme áirithe gnóthachan éifeachtúlachta, in ainneoin, mar is léir ó mhíreanna 238 agus 239 den bhreithiúnas seo, go bhfuil an dualgas sin ar na gnóthais.

244

D’fhéadfaí cur ó éifeachtúlacht an rialaithe ar chomhchruinnithe agus, dá bhrí sin, áisiúlacht Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 139/2004 a thabhairt faoi cheist lena leithéid de mhalartú dualgais cruthúnais. Go deimhin, ráthaítear, go háirithe, le roinnt an dualgais cruthúnais arna leagan amach ag reachtas an Aontais maidir le rialú comhchruinnithe, an cuspóir a bhaineann le comhchruinnithe a rialú a shaothraítear leis an Rialachán sin, mar a thugtar chun cuimhne i mír 106 den bhreithiúnas seo, go háirithe an cuspóir maidir le fanacht glan, ar an gcéad dul síos, ar thoirmeasc a chur ar chomhchruinnithe nach bhfuil baol d’éifeachtaí frithiomaíochta ag baint leo agus, ar an dara dul síos, ar chomhchruinnithe a údarú lena ndéantar dochar d’iomaíocht éifeachtach.

245

Dhéanfaí dochar don chothromaíocht sin le malartú an dualgais cruthúnais lena bhfuil sé mar thoradh riachtanach go n‑aithneofaí toimhde go mbíonn a leithéid de ghnóthachain éifeachtúlachta ann de dheasca gach comhchruinniú.

246

Sna himthosca sin, ní mór a chinneadh go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí le meas, i míreanna 277 go 279 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach mór don Choimisiún a chur san áireamh ina anailís chainníochtúil na gnóthachain éifeachtúlachta “chaighdeánacha” a bhaineann go sainiúil le gach comhchruinniú.

247

I bhfianaise na mbreithnithe go léir thuas, ní mór seasamh leis an dara cuid den cheathrú foras achomhairc freisin agus, dá bhrí sin, leis an gceathrú foras achomhairc ina iomláine.

An cúigiú foras achomhairc

Argóintí na bpáirtithe

248

Lena chúigiú foras achomhairc, cáineann an Coimisiún an Chúirt Ghinearálta as gan anailís a dhéanamh i dtaobh an bhféadfaí a mheas mar gheall ar na tosca ábhartha go léir gur éirigh leis, sa chás seo, a shuíomh go gcuirfí bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach leis an gcomhchruinniú beartaithe. Ba go hearráideach nár scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta ach tosca áirithe lena dtacaítear leis an gcéad teoiric dhíobhála agus cibé acu an leor nó nach leor na tosca sin, astu féin, chun a leithéid de bhac a shuíomh. Dá dheasca sin, bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí as an gcinneadh atá faoi chonspóid, chuir sí a measúnú eacnamaíochta féin in ionad mheasúnú an Choimisiúin, chuir sí na critéir ábhartha dlí i bhfeidhm go hearráideach agus sháraigh sí a hoibleagáid cúiseanna a sonrú.

249

Áitíonn an Coimisiún, go sonrach, nár scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta ach ceithre cheann de na tosca lena dtacaítear leis an gcéad teoiric dhíobhála a cuireadh chun tosaigh sa chinneadh atá faoi chonspóid. Go sonrach, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta méid na sciartha den mhargadh agus na cora sa scéal ann, gur tugadh “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” ar Three, dlúithe na hiomaíochta idir Three agus O2 agus an anailís chainníochtúil ar éifeachtaí an chomhchruinnithe.

250

Trí srian mar sin a chur lena scrúdú agus tríd an gcinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ar an mbonn sin amháin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta measúnú le feiceáil an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a chinneadh leis na ceithre thoisc sin, in éineacht le tosca agus cinntí eile atá sa chinneadh atá faoi chonspóid, go mbeadh an comhchruinniú beartaithe ina chúis le bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

251

I míreanna 149, 171 go 173, 249 agus 268 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta na ceithre thoisc sin ar leithligh d’fhonn a fhionnadh an leor gach ceann acu ann féin chun a leithéid de bhac a shuíomh. Mar sin féin, níor mheas an Coimisiún ar chor ar bith sa chinneadh atá faoi chonspóid gur leor gach ceann de na tosca sin, astu féin, chun bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach a shuíomh.

252

Is léir, ina theannta sin, ó mhír 26 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, nach gá go mbeadh na tosca aonair dá dtagraítear i mír 27 go 38 de na treoirlínte sin cinntitheach.

253

Ar an gcéad dul síos, áitíonn CK Telecoms nach faoin gCúirt Ghinearálta atá sé ach faoin gCoimisiún measúnú foriomlán a dhéanamh ar na tosca ábhartha go léir lena bhféadfaí tionchar a imirt ar an dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí suntasacha neamh-chomhordaithe ann mar thoradh ar an gcomhchruinniú. Mar sin, tá an cúigiú foras achomhairc neamh-inghlactha agus níl feidhm leis, go háirithe toisc, leis an bhforas sin, gur iarr an Coimisiún, go bunúsach, go gcinnfí nach mór don Chúirt Ghinearálta na bearnaí a líonadh atá sa chinneadh atá faoi chonspóid agus athscrúdú eile a dhéanamh ar an gcomhchruinniú beartaithe, rud nach luífeadh le raon feidhme a athbhreithnithe bhreithiúnaigh.

254

Ansin, áitíonn CK Telecoms go ndearna an Chúirt Ghinearálta scrúdú ar na tosca ábhartha go léir a bhaineann leis an gcéad teoiric dhíobhála a leagtar amach sa chinneadh atá faoi chonspóid. I ndáil leis sin, cuireann sé i dtreis, i mír 139 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur chinn an Chúirt Ghinearálta, agus an ceart aici, gur shoiléirigh an Coimisiún, le linn na héisteachta ó bhéal, go mbunaítear an chéad teoiric go bunúsach ar thrí thoisc, eadhon gurb “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” é Three, dlúithe na hiomaíochta idir Three agus O2 agus an anailís chainníochtúil ar éifeachtaí an chomhchruinnithe bheartaithe ar phraghsanna. De réir CK Telecoms, bheadh údar maith agus ciall leis dá ndíreodh an Chúirt Ghinearálta a scrúdú ar an méid sin dá bhrí sin.

255

Ag an deireadh ar fad, níor mheas an Chúirt Ghinearálta go gcaithfidh gur leor gach ceann de na tosca a bhaineann leis an gcéad teoiric ag an gCoimisiún, astu féin, chun bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach a shuíomh. Go deimhin, mheas sí nár léirigh an Coimisiún gur leor na tosca seo le dearbhú go mbeadh an comhchruinniú beartaithe ina chúis lena leithéid de bhac.

Breithniú na Cúirte Breithiúnais

256

Maidir le hargóintí CK Telecoms go bhfuil an cúigiú foras achomhairc neamh-inghlactha agus nach bhfuil feidhm leis, ní mór a mheas, de dheasca an fhorais achomhairc sin, go dtarraingíonn an Coimisiún ceist dlí anuas lena bhfhéadfaí leis an bhfreagra tionchar a imirt ar fhiúntas chinneadh na Cúirte Ginearálta nár éirigh leis an institiúid sin a shuíomh, de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá, go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach. Go deimhin, leis an bhforas achomhairc sin, cáineann an Coimisiún, go bunúsach, an Chúirt Ghinearálta as an gcinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní gan anailís fhoriomlán a dhéanamh nó cothromaíocht a bhaint amach idir na tosca ábhartha go léir arna gcur san áireamh sa chinneadh atá faoi chonspóid, ach nach ndearna sí ach scrúdú a dhéanamh ar roinnt tosca lena dtacaítear, go háirithe, leis an gcéad teoiric dhíobhála agus lena leordhóthanacht chun críocha na hanailíse sin.

257

Dá bhrí sin, ní mór scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas an chúigiú foras achomhairc.

258

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, mar is léir ó Airteagal 2(1)(b) de Rialachán Uimh. 139/2004, i gcomhthéacs rialú ar chomhchruinniú, nach mór don Choimisiún a chur san áireamh suíomh margaidh na ngnóthas sa chomhchruinniú sin agus a gcumhacht eacnamaíochta agus airgeadais, na roghanna atá ar fáil do sholáthróirí agus d’úsáideoirí, an rochtain atá acu ar fhoinsí soláthair nó ar asraonta, aon bhacainní dlíthiúla nó praiticiúla iontrála atá ann, cora sa scéal ó thaobh sholáthar na dtáirgí nó seirbhísí lena mbaineann agus an éilimh atá orthu, leasanna na dtomhaltóirí idirmheánacha agus deiridh, agus cora sa scéal ó thaobh dul chun cinn teicniúil agus eacnamaíochta ar an gcoinníoll go rachaidh sé chun leasa na dtomhaltóirí agus nach mbeidh sé ina chonstaic ar iomaíocht.

259

Ní mór a thabhairt chun cuimhne freisin go leagtar amach le míreanna 26 go 38 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha na tosca lena bhféadfaí tionchar a imirt go héifeachtach ar an dóchúlacht go mbeadh comhchruinniú ina chúis le héifeachtaí neamh-chomhordaithe.

260

Luaitear i mír 26 de na Treoirlínte sin, mar is ceart, nach gá go mbeadh na tosca sin, astu féin, cinntitheach. Thairis sin, ní gá do na tosca sin go léir a bheith ann ionas gur dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha neamh-chomhordaithe ann.

261

Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheas go bhféadfadh na tosca sin, i bprionsabal, a bheith ina dtáscairí go mbeadh comhchruinniú ina chúis le héifeachtaí suntasacha neamh-chomhordaithe, ar éifeachtaí iad nach mór a bheith faoi réir measúnú foriomlán.

262

Mar sin, d’fhonn a bheith in ann athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar chinntí an Choimisiúin lena ndearbhaítear nach luíonn comhchruinniú leis an margadh inmheánach, is faoi Chúirteanna an Aontais atá sé, i ndiaidh scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas na ngearán a dhírítear i gcoinne mheasúnú an Choimisiúin ar na tosca ábhartha agus i bhfianaise an toraidh de, measúnú a dhéanamh ar na tosca agus an méid ábhartha go léir a bhraith an Coimisiún orthu agus a d’fhéadfaí a mheas go bhfuil sé suite gur leor iad le taispeáint go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, lena n‑áirítear iadsan nár cuireadh faoi chonspóid. Ní thugtar le tuiscint ón measúnú foriomlán sin go ndlitear ar chúirt an Aontais scrúdú a dhéanamh ar a tionscnamh féin ar fhiúntas an mheasúnaithe ar thosca nó ar ghnéithe eile nár thug na páirtithe sa nós imeachta faoi cheist.

263

Sa chás seo, maidir leis an gcéad teoiric dhíobhála a chuir an Coimisiún ar aghaidh, tá achoimre ar an gcinneadh atá faoi achomharc i míreanna 128 go 136 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

264

I míreanna 141 go 283 den breithiúnas atá faoi achomharc, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta argóintí CK Telecoms arna dtarraingt mar chuid den chéad fhoras achomhairc ag an gcéad chéim, ar argóintí iad a bhaineann, go bunúsach, leis na tosca lena bhféadfaí tionchar a imirt ar an dóchúlacht go mbeadh an comhchruinniú beartaithe ina chúis le héifeachtaí neamh-chomhordaithe ann, eadhon an anailís ar na sciartha de mhargadh, “údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar Three, an measúnú ar dhlúithe na hiomaíochta idir na páirtithe sa chomhchruinniú beartaithe agus an anailís chainníochtúil ar éifeachtaí an chomhchruinnithe ar phraghsanna.

265

I mír 154 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don cheathrú cuid den chéad saincheist dlí den chaingean ag an gcéad chéim. Mar is léir, go bunúsach, ó mhír 152 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta, murab ionann agus an méid a d’áitigh an t‑achomharcóir ag an gcéad chéim, gur mheas an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, gur táscaire tosaigh den diansrian iomaíochta arna chur acu ar a chéile ná cé chomh mór agus atá na sciartha de mhargadh atá ag Three agus ag O2 agus na cora atá sa scéal ina leith, agus go mbainfí sin leis an gcomhchruinniú beartaithe.

266

Os a choinne sin, i míreanna 176, 190, 198, 216, 226, 250 agus 283 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, sheas an Chúirt Ghinearálta le gearáin áirithe agus le codanna áirithe den chéad saincheist dlí a bhaineann le “húdar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht” a thabhairt ar Three, le measúnú ar dhlúithe an chaidrimh iomaíochta idir Three agus O2 agus leis an anailís chainníochtúil ar éifeachtaí an chomhchruinnithe bheartaithe ar phraghsanna.

267

Ag an deireadh ar fad, i míreanna 284 go 291 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta an seachtú cuid den chéad saincheist dlí den chaingean ag an gcéad chéim agus sheas sí leis sin, ar dá réir nach ndearna an Coimisiún measúnú foriomlán le feiceáil an bhfuil nó nach bhfuil éifeachtaí neamh-chomhordaithe ann agus nár shoiléirigh sí an bunús lena cinneadh go mbeadh na baic ar iomaíocht, mar a líomhnaítear, suntasach, ar baic iad atá de thoradh ar an gcomhchruinniú beartaithe.

268

Maidir le cibé, sa chás seo, an ndearna nó nach ndearna an Coimisiún measúnú foriomlán le feiceáil an bhfuil nó nach bhfuil éifeachtaí neamh-chomhordaithe ann, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 287 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go ndearna an Coimisiún a leithéid de mheasúnú sa chinneadh atá faoi chonspóid. Shoiléirigh an Chúirt Ghinearálta, d’fhonn a léiriú go bhfuil éifeachtaí neamh‑chomhordaithe sa mhargadh miondíola, gur scrúdaigh an institiúid sin tosca ábhartha éagsúla faoi seach.

269

Dá ainneoin sin, níor scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta í féin an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a mheas gur léirigh an Coimisiún de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach i bhfianaise, ar an gcéad dul síos, toradh a scrúdaithe ar argóintí CK Telecoms ag an gcéad chéim maidir le roinnt de na tosca ábhartha agus, ar an dara dul síos, tosca agus cinntí ábhartha eile atá ina gcuid d’anailís fhoriomlán an Choimisiúin, ar tosca agus cinntí ábhartha iad a d’fhéadfaí a mheas gur suíodh iad dá bhrí nár cuireadh faoi chonspóid iad, amhail, mar shampla, an measúnú sonrach ar an srian iomaíochta arna chur ag O2, faoi mar a d’fhéadfadh sé go n‑iompródh an t‑eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe é féin agus an measúnú ar staid iomaíochta na n‑oibreoirí líonraí cumarsáide soghluaiste mar aon le staid iomaíochta na n‑oibreoirí líonra cumarsáide fíorúla soghluaiste in aithrisí 778 go 1174 den chinneadh atá faoi chonspóid.

270

Sna himthosca sin, ní mór a chinneadh go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí toisc nár thug sí faoi, tar éis scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas na dtosca agus na ndearbhuithe ar chuir CK Telecoms faoi chonspóid ag an gcead chéim agus i bhfianaise an toraidh atá air, measúnú foriomlán ar na tosca agus ar na dearbhuithe ábhartha le fíorú ar léirigh nó nár leirigh an Coimisiún go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

271

Dá bhrí sin, ní mór seasamh leis an gcúigiú foras achomhairc.

An séú foras achomhairc

272

Tá dhá chuid sa séú foras achomhairc. Lena chéad chuid, cáineann an Coimisiún an Chúirt Ghinearálta as míbhrí a bhaint as an gcinneadh atá faoi chonspóid le cinneadh, i míreanna 358 go 361 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár scrúdaigh an institiúid sin aon mheath ar chaighdeán líonra an eintitis a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe. Leis an dara cuid den fhoras achomhairc sin, áitíonn an Coimisiún gur tharraing an Chúirt Ghinearálta, uaithi féin, gearán nach raibh sa séú cuid den tríú foras achomhairc den tríú saincheist dlí sa chaingean ag an gcéad chéim.

Feidhmeacht an séú foras achomhairc

– Argóintí na bpáirtithe

273

Áitíonn CK Telecoms nach bhfuil feidhm leis an séú foras achomhairc toisc nach gcuireann an Coimisiún i gcoinne na bpríomhbhreithnithe de chuid na Cúirte Ginearálta lenar tugadh uirthi diúltú don dara teoiric dhíobhála maidir le conarthaí comhroinnte líonra.

274

Ar an gcéad dul síos, i gcomhthéacs an achomhairc seo, níor thug an Coimisiún faoi cheist na breithnithe a leagtar amach i míreanna 325, 330, 340, 344 agus 346 go 348 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, lenar chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, gur chinn an Coimisiún in éigeart go bhféadfadh sé gurbh ionann leasa na bpáirtithe i gconradh comhroinnte líonra gan a bheith ag teacht le chéile agus cur isteach marthanach ar chonarthaí comhroinnte líonra, iontu féin, agus bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach, de réir teoiric dhíobhála arna bunú ar éifeachtaí neamh-chomhordaithe.

275

Ar an dara dul síos, mar chuid dá achomharc, níor chuir an Coimisiún faoi chonspóid anailís na Cúirte Ginearálta i míreanna 362 go 397 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, maidir le héifeachtaí an chomhchruinnithe i gceist ar BT/EE agus ar Vodafone.

276

Thabharfaí ar an gCúirt Ghinearálta diúltú don dara teoiric dhíobhála le gach breithniú nár cuireadh faoi chonspóid.

277

Áitíonn an Coimisiún go bhfuil feidhm leis an séú foras achomhairc.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

278

Ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt chun cuimhne, i míreanna 325, 330, 340, 344 agus 346 go 348 den breithiúnas atá faoi achomharc, go ndearna an Chúirt Ghinearálta scrúdú le feiceáil an bhféadfadh nó nach bhféadfadh sé gurbh ionann cur isteach marthanach ar fheidhmiú conarthaí comhroinnte líonra agus bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach de dheasca, go háirithe, go bhféadfadh sé nach bhfuil leasa na bpáirtithe sna conarthaí sin ag teacht le chéile ann féin.

279

Níor chinn an Coimisiún go raibh a leithéid de bhac ann ar an mbonn nach bhfuil na leasa ag teacht le chéile agus ar an mbonn sin amháin, ós toisc amháin atá le cur san áireamh sa chinneadh atá faoi chonspóid é nach bhfuil na leasa ag teacht le chéile.

280

Mar sin, ní bhféadfaí an séú foras achomhairc ag an gCoimisiún a chur ó fheidhm toisc nach gcuireann an Coimisiún faoi chonspóid cinneadh na Cúirte Ginearálta nár leor é chun bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach a shuíomh nach bhfuil leasa na bpáirtithe sna conarthaí comhroinnte líonraí ag teacht le chéile, ann féin, mar sin.

281

Ar an dara dul síos, maidir le hargóintí CK Telecoms nach bhfuil feidhm leis an séú foras achomhairc ar an bhforas nár chuir an Coimisiún faoi chonspóid anailís na Cúirte Ginearálta i míreanna 362 go 397 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, maidir le héifeachtaí an chomhchruinnithe bheartaithe ar BT/EE agus Vodafone, is fíor, mar is léir, go háirithe, i mír 361 den bhreithiúnas sin, gur scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta an raibh nó nach raibh an anailís ag an gCoimisiún maidir le héifeachtaí an chomhchruinnithe ar BT/EE agus Vodafone fíor‑dhaingean agus áititheach. Mheas an Chúirt Ghinearálta gur ghá an scrúdú sin a dhéanamh, agus í den bhuntuiscint, mar a leagtar amach i míreanna 358 go 361 den bhreithiúnas agus mar a cuireadh faoi chonspóid sa chéad chuid den fhoras achomhairc seo, nach bhfuil sa chinneadh atá faoi chonspóid anailís ar “mheath na seirbhísí a sholáthraítear nó chaighdeán a líonra féin ag an eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú”.

282

Sna himthosca sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 181 dá Tuairim, ós rud é gurb ionann cinntí na Cúirte Ginearálta i míreanna 358 go 361 den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus an bunús le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an chomhchruinnithe bheartaithe ar BT/EE agus ar Vodafone, a dhéantar i míreanna 362 go 397 den bhreithiúnas sin, níl an séú foras achomhairc inchurtha ó fheidhm ós rud é nach gcuireann an Coimisiún an measúnú sin ag an gCúirt Ghinearálta faoi chonspóid go díreach.

283

Dá bhrí sin, is gá diúltú d’argóintí CK Telecoms nach bhfuil feidhm leis an séú foras achomhairc agus, uime sin, scrúdú a dhéanamh ar an bhfiúntas de.

An chéad chuid

– Argóintí na bpáirtithe

284

Lena chéad chuid den séú foras achomhairc, áitíonn an Coimisiún gur bhain an Chúirt Ghinearálta, le cinneadh i míreanna 358 go 361 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nach ndearna an Coimisiún measúnú ar mheath a d’fhéadfadh a bheith ann ar chaighdeán líonra an eintitis a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe, míbhrí as an gcinneadh atá faoi chonspóid agus gur chinn sé in éigeart nach mór diúltú don dara teoiric dhíobhála.

285

I ndáil leis sin, cuireann an Coimisiún i dtreis gur bunchuid den anailís sa chinneadh atá faoi chonspóid é laghdú a d’fheadfadh a bheith ar ábhair ghríosaithe na n‑oibreoirí líonraí cumarsáide soghluaiste, lena n‑áirítear an t‑eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe, infheistíocht a dhéanamh i bhfeabhas a chur ar chaighdeán na líonraí.

286

Ar an gcéad dul síos, is léir ó aithrisí 1293 go 1297 den chinneadh atá faoi chonspóid go ndearna an Coimisiún scrúdú ar an bpríomhchás ina bhféadfaí a dhéanamh go bhfuil an t‑eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe níos lú gríosaithe chun infheistíocht a dhéanamh chun feabhas a chur ar a líonra i gcomparáid le cúrsaí roimh an gcomhchruinniú sin.

287

Ar an dara dul síos, scrúdaigh an Coimisiún roinnt cásanna ar leith a d’fhéadfadh a bheith ann, atá bunaithe den chuid is mó ar phleananna comhdhlúthúcháin na líonraí arna gcur chun tosaigh ag Three. Ar dtús, is léir ó aithrisí 1558 go 1562 den chinneadh atá faoi chonspóid go ndearna an Coimisiún scrúdú ar an laghdú sa ghríosú atá ag an eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú chun infheistíocht a dhéanamh mar chuid de Phlean [A]. Ar an dara dul síos, is léir ó aithrisí 1732 go 1742 den chinneadh sin gur scrúdaigh an Coimisiún, i gcomhthéacs Phlean B, laghdú ar an infheistíocht fhoriomlán sna líonraí mar gheall ar na hinfheistíochtaí a bheith níos trédhearcaí a rinne gach oibreoir líonraí cumarsáide soghluaiste, lena n‑áirítear infheistíochtaí an eintitis a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe.

288

Sa chomhthéacs sin, áitíonn an Coimisiún go ndearna sé measúnú ar an mbaol go laghdófaí caighdeán líonra an eintitis a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe mar aon le laghdú ar an mbrú iomaíochta a bheadh ar na hoibreoirí líonraí cumarsáide soghluaiste eile dá thoradh.

289

Deir CK Telecoms d’aisfreagra nár bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí as ábhar an chinnidh atá faoi chonspóid agus nár thug sí neamhaird ar aithrisí an chinnidh sin dá dtagraíonn an Coimisiún.

290

Cuireann an chuideachta i dtreis, d’fhonn argóintí an Choimisiúin a thuiscint, nach mór a chur san áireamh comhthéacs an dara teoiric díobhála.

291

I ndáil leis sin, tugann an chuideachta sin chun cuimhne go bhfuil dhá fho-theoiric maidir le conarthaí comhroinnte líonra sa teoiric dhíobhála sin. Bhainfeadh an chéad cheann le laghdú a d’fhéadfadh a bheith ar an mbrú iomaíochta arna chur ag na hiomaitheoirí eile (BT/EE agus/nó Vodafone) ar an eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe (Three) fad a bhaineann an dara fo‑theoiric le cúinsí comhroinnte líonra mar thoradh ar an gcomhchruinniú sin lena gcuirfí leis an trédhearcacht fhoriomlán agus lena laghdófaí infheistíocht ar fud na hearnála bonneagair líonraí.

292

Scrúdaigh an Coimisiún an dá fho-theoiric dhíobhála sin i bhfianaise phleananna comhdhlúthúcháin an líonra arna dtíolacadh ag CK Telecoms.

293

Sa chomhthéacs sin, de réir na cuideachta sin, ní bhaineann aithrisí an chinnidh atá faoi chonspóid dá dtagraíonn an Coimisiún agus, de réir na hinstitiúide sin, a bhfuil anailís iontu ar mheath líonra an eintitis a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe leis an gcéad fho-theoiric dhíobhála ach leis an dara ceann.

294

Tá míreanna 358 go 361 den bhreithiúnas faoi achomharc ina gcuid d’anailís na Cúirte Ginearálta ar an gcéad fho-theoiric dhíobhála, a bhaineann le laghdú ar an mbrú iomaíochta a chuireann na hiomaitheoirí eile, eadhon BT/EE agus/nó Vodafone, ar an eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe.

295

Dá réir sin, ní féidir an Chúirt Ghinearálta a cháineadh as gan cur san áireamh, sna míreanna sin, aithrisí an chinnidh atá faoi chonspóid dá dtagraíonn an Coimisiún agus as míbhrí a bhaint as an gcinneadh sin mar sin.

296

Sna himthosca sin, soiléiríonn CK Telecoms gur scrúdaigh agus gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta an dara fo-theoiric dhíobhála ní i míreanna 358 go 361 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ach i míreanna 398 go 418 den bhreithiúnas sin agus chuir sí san áireamh go beacht na haithrisí den chinneadh atá faoi chonspóid dá dtagraíonn an Coimisiún go háirithe i míreanna 400 go 403 den bhreithiúnas sin.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

297

Lena chéad chuid den séú foras achomhairc, áitíonn an Coimisiún, le cinneadh i míreanna 358 go 361 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nach ndearna an Coimisiún measúnú ar mheath a d’fhéadfadh a bheith ann ar chaighdeán líonra an eintitis a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe, gur bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí as an gcinneadh atá faoi chonspóid agus gur chinn sé in éigeart nach mór diúltú don dara teoiric dhíobhála.

298

Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara, mar is léir ó mhír 292 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, le linn an nós imeachta riaracháin, gur thíolaic Three dhá phlean comhdhlúthaithe líonraí, eadhon “Plean [A]” agus “Plean [B]”. Bunaíodh na pleananna seo ar an dá chonradh comhroinnte líonra dá dtagraítear i mír 18 den bhreithiúnas seo, eadhon conradh MBNL idir BT/EE agus Three agus conradh Beacon idir Vodafone agus O2. Leis na conarthaí sin, rinne na hoibreoirí sin a líonraí faoi seach a chomhdhlúthú d’fhonn a bheith in ann na costais leata amach a chomhroinnt fad ar lean siad ar aghaidh a bheith in iomaíocht sa mhargadh miondíola. De réir na bpleananna sin, ní raibh an t‑eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe in ainm cothabháil a dhéanamh ar dhá líonra ar leith go fadtéarmach, ach beartaíodh líonra comhdhlúite amháin a chruthú.

299

I mír 295 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, shoiléirigh an Chúirt Ghinearálta, i gcomhthéacs an dara teoiric dhíobhála maidir le conarthaí comhroinnte líonra, gur fhorbair an Coimisiún dhá fho‑theoiric.

300

Is léir ó mhír 298 den bhreithiúnas sin gurb ionann an chéad fho‑theoiric sin agus a mheas, go bunúsach, i ndiaidh an chomhchruinnithe bheartaithe, go mbeadh laghdú ar an mbrú iomaíochta arna gcur ag na hiomaitheoirí eile (BT/EE agus/nó Vodafone) ar an eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú (Three).

301

Maidir leis an dara fo-theoiric, is léir ó mhír 299 den bhreithiúnas sin gurb ionann an fho-theoiric sin, go bunúsach, agus a mheas go laghdófaí infheistíocht ar fud na hearnála bonneagair líonraí de thoradh na gcúinsí comhroinnte líonra a bheadh ann mar thoradh ar an gcomhchruinniú beartaithe. Go deimhin, in aithris 1233 den chinneadh atá faoi chonspóid, áitíonn an Coimisiún go bhféadfadh an comhchruinniú sin a bheith ina chúis le laghdú ar na sineirgí lena ndéantar difear do pháirtithe i gconarthaí comhroinnte líonra agus cheadófaí leis iompraíocht infheistíochta ag an eintiteas a eascraíonn uaidh, rud lena laghdófaí infheistíocht ar fud na hearnála, agus, dá bhrí sin, an méid iomaíochta éifeachtaí a bheadh ann mura dtarlódh an comhchruinniú sin.

302

Sa chomhthéacs sin, ní mór a thabhairt faoi deara, tar éis béim a leagan, in aithrisí 1235 go 1243 den chinneadh atá i gceist, ar a thábhachtaí atá sé go bhfuil leasa na bpáirtithe i gconradh comhroinnte líonra ag teacht le chéile, gur i bhfianaise an dá fho-theoiric dhíobhála sin a scrúdaigh an Coimisiún na pleananna comhdhlúthúcháin líonraí, in aithrisí 1244 go 1784 den chinneadh sin.

303

In aithrisí 1293 go 1297 den chinneadh sin, rinne an Coimisiún scrúdú ansin ar an bpríomhchás ina bhféadfaí a dhéanamh go bhfuil an t‑eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe níos lú gríosaithe chun infheistíocht a dhéanamh chun feabhas a chur ar a líonra i gcomparáid le cúrsaí roimh an gcomhchruinniú sin.

304

Leagtar amach na cora a d’fhéadfadh a bheith sa scéal i leith an mhargaidh i ndiaidh an chomhchruinnithe bheartaithe in aithrisí 1368 go 1784 den chinneadh atá faoi chonspóid, a dtagraítear in aithrisí 1391 go 1567 de d’éifeachtaí Plean [A] agus a dtagraítear in aithrisí 1598 go 1749 de d’éifeachtaí Plean [B]. Mar sin, scrúdaigh an Coimisiún éifeachtaí na bpleananna sin, ar dtús, ar BT/EE agus go háirithe ar líonra MBNL, ansin, ar Vodafone agus go háirithe ar líonra Beacon agus, ag an deireadh ar fad, ar an infheistíocht fhoriomlán sna líonraí lena mbaineann.

305

Mar chuid den anailís ar thionchar na bpleananna sin ar an infheistíocht fhoriomlán i líonraí cumarsáide soghluaiste, chuir an Coimisiún i dtreis, inter alia, in aithrisí 1556 go 1562 agus 1732 go 1742 den chinneadh atá faoi chonspóid, go bhféadfaí a dhéanamh go bhfuil oibreoirí líonraí cumarsáide soghluaiste níos lú gríosaithe chun infheistíocht a dhéanamh i líonraí toisc go bhfuil na hinfheistíochtaí níos trédhearcaí agus d’fhéadfaí tionchar diúltach a imirt ar infheistíocht sna líonraí sin ar fud na hearnála dá bhrí sin.

306

Go háirithe, ar an gcéad dul síos, in aithrisí 1559 go 1561 agus 1734 den chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an Coimisiún, go bunúsach, toisc na hinfheistíochtaí a bheith níos trédhearcaí, go bhféadfaí an t‑eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú a chur ar an eolas faoi infheistíocht de chuid BT/EE i dteicneolaíocht chun leasa líonra MBNL agus d’fhéadfadh sé a chinneadh a leithéid de theicneolaíocht a chur chun feidhme é féin ar mhaithe le líonra Beacon [faoi rún] mar sin. De réir an chinnidh atá faoi chonspóid, d’fhéadfadh Vodafone a bheith ar an eolas go bhfuil sé de rún ag an eintiteas beartaithe an teicneolaíocht sin a chur chun feidhme agus go ngríosófaí é chun staonadh óna leithéid d’infheistíochtaí teicneolaíochta a dhéanamh go dtí go ndéanfaidh an t‑eintiteas sin amhlaidh dá bhrí sin.

307

Ar an dara dul síos, in aithrisí 1735 agus 1736 den chinneadh sin, mheas an Coimisiún, de réir Phlean B, go bhféadfadh an t‑eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe a bheith curtha ar an eolas faoi na hinfheistíochtaí beartaithe ag BT/EE nó ag Vodafone agus a bheith gríosaithe infheistíochtaí comhchosúla a dhéanamh, in oirthear agus in iarthar na Ríochta Aontaithe [faoi rún] araon. In aithris 1737 den chinneadh sin, chinn sé go mbeadh an baol ann mar gheall ar an trédhearcacht mhéadaithe go bhfanfadh BT/EE agus Vodafone ar a leithéid d’infheistíochtaí ag an eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe i bhforbairt teicneolaíochtaí tábhachtacha nua sula ndéanfaidís infheistíocht iad féin.

308

Sa chomhthéacs sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 189 dá Tuairim, ní mór a mheas go ndearna an Coimisiún anailís ar an meath a d’fhéadfadh a bheith ann ar chaighdeán líonra MBNL agus líonra Beacon araon. Agus an anailís sin á déanamh aige, bhí an Coimisiún den bhuntuiscint, mar a leagtar amach in aithris 1275 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur slí eile chun an brú iomaíochta arna dhéanamh ag páirtí i gconradh comhroinnte líonra ná caighdeán an líonra a mheath trí chosc a chur le, nó moill a chur ar infheistíochtaí sa líonra ag páirtí eile sa chomhaontú sin. Tugtar le tuiscint uaidh sin gur mheas an Coimisiún ón tús go bhféadfaí, inter alia, an brú iomaíochta a laghdú lena leithéid de mheath ar chaighdeán a líonra féin ag an eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú.

309

Sna himthosca sin, ní mór a mheas gur léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid go ndearna an Coimisiún measúnú ar mheath a d’fhéadfadh teacht ar chaighdeán líonra an eintitis a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe.

310

Mar sin, bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí as an gcinneadh sin le cinneadh, i míreanna 358 go 361 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach ndearna an Coimisiún a leithéid de mheasúnú.

311

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 191 dá Tuairim, ní fhéadfaí an cinneadh sin a chur ar ceal le hargóint CK Telecoms, i bhfianaise struchtúr an chinnidh atá faoi chonspóid, gur de réir dhá chritéar éagsúla a rinne an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí Phlean [A] agus [B] ar infheistíocht fhoriomlán sna líonraí faoi seach.

312

Is deimhin, ós rud é go ndearnadh measúnuithe an Choimisiúin maidir le héifeachtaí Phlean [A] agus Phlean [B] ar infheistíocht fhoriomlán sna líonraí faoi seach i dhá roinn den chinneadh sin dar teideal “Éifeachtaí Phlean [A] ar infheistíocht fhoriomlán sna líonraí” agus “Éifeachtaí Phlean [B] ar infheistíocht fhoriomlán sna líonraí” faoi seach, tá an chuma orthu go bhfuil siad níos cóngaraí don dara fo‑theoiric dhíobhála. Ina theannta sin, leagtar amach i míreanna 358 go 361 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar chuir an Coimisiún faoi chonspóid, breithnithe ginearálta na Cúirte Ginearálta maidir leis an gcéad fho-theoiric dhíobhála, ar dá réir go bhféadfaí an laghdú ar an mbrú iomaíochta ar iomaitheoirí an eintitis bheartaithe a thabhairt faoi deara. San anailís dá chuid ar éifeachtaí an dá phlean comhdhlúthacháin líonra ar BT/EE agus ar Vodafone agus ar infheistíocht fhoriomlán sna líonraí sin, ní dhearna an Coimisiún idirdhealú de réir na fo-theoirice arna cur chun tosaigh, ach, a mhalairt air sin, rinne sé crostagairtí do na codanna ábhartha éagsúla den chinneadh atá faoi chonspóid.

313

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, ní mór seasamh leis an gcéad chuid den séú foras achomhairc.

An dara cuid

– Argóintí na bpáirtithe

314

Leis an dara cuid den séú foras achomhairc, áitíonn an Coimisiún, agus faillí i gcúiseanna a shonrú á maíomh aige, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta scrúdú ar a tionscnamh féin ar cheist nár tharraing an chuideachta sin trí sheasamh, i mír 417 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, leis an séú cuid den tríú saincheist dlí ag CK Telecoms ag an gcéad chéim agus, dá bhrí sin, nach bhfuil an réasúnú i míreanna 408 go 416 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ag teacht le gearáin CK Telecoms a rinneadh mar pháirt den chuid sin.

315

I ndáil leis sin, tugann an Coimisiún chun cuimhne gur áitigh CK Telecoms, leis an séú cuid dá tríú saincheist dlí ag an gcéad chéim, ar an gcéad dul síos, go ndearna an Coimisiún earráid dlí agus éifeacht neamh‑chomhordaithe á tabhairt ar laghdú féideartha ar infheistíochtaí foriomlána mar thoradh ar na hinfheistíochtaí idir na hoibreoirí líonraí cumarsáide soghluaiste a bheith níos trédhearcaí agus, ar an dara dul síos, nár chuir an Coimisiún na gealltanais arna dtabhairt ag CK Telecoms san áireamh ina n‑iomláine.

316

De réir an Choimisiúin, ní féidir a thuiscint ó na forais i míreanna 398 go 416 den bhreithiúnas atá faoi achomharc na cúiseanna ar chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 417 dá breithiúnas, go ndearna an Coimisiún earráid dlí agus éifeacht neamh-chomhordaithe á tabhairt aige ar laghdú féideartha ar infheistíochtaí foriomlána mar thoradh ar na hinfheistíochtaí idir na hoibreoirí líonraí soghluaiste a bheith níos trédhearcaí.

317

Soiléiríonn an Coimisiún, i míreanna 408 go 416 den bhreithiúnas sin, gur thug an Chúirt Ghinearálta aghaidh ar cheist eile ar a tionscnamh féin, ar ceist í nár tharraing CK Telecoms ag an gcéad chéim a bhaineann le cibé ar mhainnigh nó nár mhainnigh an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, an tráthchlár iomchuí a leagan amach ina bhfuil sé de rún aige a léiriú go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

318

Sna himthosca sin, áitíonn an Coimisiún nach bhfuil réasúnú na Cúirte Ginearálta i míreanna 404 go 416 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ag teacht leis an gcinneadh a rinne sí i mír 417 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Dá bhrí sin, níl aon réasúnú sa bhreithiúnas sin maidir le cibé ar thug an Coimisiún, go hearráideach, éifeacht neamh‑chomhordaithe ar laghdú a d’fhéadfadh a bheith ar infheistíochtaí foriomlána de dheasca na n-infheistíochtaí a bheith níos trédhearcaí idir oibreoirí líonraí cumarsáide soghluaiste agus maidir le cibé an ndearna nó nach ndearna sé earráidí follasacha measúnaithe ina anailís ar thionchar an chomhchruinnithe ar infheistíochtaí ar fud na hearnála.

319

Deir CK Telecoms d’aisfhreagra gur leag an Chúirt Ghinearálta amach go soiléir uileghabhálach an réasúnú lenar tugadh uirthi diúltú don dara fo‑theoiric dhíobhála, lena gcuirtear i gcumas do na páirtithe leasmhara a bheith ar an eolas faoi na forais le cinneadh na Cúirte Ginearálta, agus don Chúirt Bhreithiúnais a hathbhreithniú a dhéanamh.

320

I ndáil leis sin, áitíonn CK Telecoms, ar an gcéad dul síos, gur chinn an Chúirt Ghinearálta i mír 408 den bhreithiúnas atá faoi achomharc nár shonraigh an Coimisiún an tréimhse inar mheas sé go dtiocfadh bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach. Chun teacht ar an dearbhú sin, mheas an Chúirt Ghinearálta, i mír 415 den bhreithiúnas sin, gurb anailís dhinimiciúil ionchais lena bhfuil na héifeachtaí neamh-chomhordaithe nó aontaobhacha ar feadh tréimhse ama fada go leor anonn le cur san áireamh í an anailís ar éifeachtaí atá ag comhchruinniú i margadh olagaplach in earnáil na teileachumarsáide, arb earnáil í ina bhfuil infheistíocht fhadtéarmach ag teastáil agus inar minic conarthaí thar roinnt blianta a bheith de cheangal ar na tomhaltóirí.

321

Ar an dara dul síos, chinn an Chúirt Ghinearálta nár shoiléirigh an Coimisiún ach an oiread cé acu is dóichí de na cásanna iomadúla comhdhlúthaithe líonra a bhí beartaithe sa chinneadh faoi chonspóid.

322

I ndáil leis sin, i míreanna 410 go 413 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, shuífeadh an Chúirt Ghinearálta nach mbeadh dhá líonra ar leith á gcoimeád go fadtéarmach ag an eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú, gan beann ar phlean comhdhlúthúcháin na líonraí lenar ghlac na páirtithe sa chomhchruinniú beartaithe ar deireadh. Dá bhrí sin, dhíreodh an t‑eintiteas sin go fadtéarmach ar cheann amháin den dá chomhaontú maidir le comhroinnt líonraí.

323

Sna himthosca sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, mar is ceart, gur ghá diúltú don dara fo-theoiric dhíobhála toisc go raibh sé bunaithe ar an gcás, mar atá bunoscionn leis an méid arna dhearbhú ag an gCúirt Ghinearálta, go bhfuil dhá líonra ar leith ann go fadtéarmach.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

324

Is é a thagann as na rialacha maidir leis an nós imeachta os comhair Chúirteanna an Aontais, go háirithe Airteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 76 agus 84(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, go gcinneann agus socraíonn na páirtithe an díospóid i bprionsabal agus nach féidir le cúirt an Aontais breith a thabhairt ultra petita (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Nollaig 2013, an Coimisiún v Éire agus páirtithe eile, C‑272/12 P, EU:C:2013:812, mír 27).

325

Bíodh is gur féidir, nó nach mór fiú, forais áirithe a lua go huathoibríoch, amhail mainneachtain i gcúiseanna a shonrú nó cúiseanna a shonrú go heasnamhach sa chinneadh atá faoi chonspóid, ar forais iad a thagann faoi fhoirmeacha substaintiúla, ní fhéadfadh cúirt an Aontais scrúdú a dhéanamh, os a choinne sin, ar fhoras faoin dlíthiúlacht is bun leis an gcinneadh sin, ar foras é a bhaineann le sárú ar na conarthaí nó ar aon riail dlí a bhaineann lena gcur i bhfeidhm, de réir bhrí Airteagal 263 CFAE, ach amháin i gcás ina n‑agraíonn an t‑iarratasóir é (breithiúnas an 10 Nollaig 2013, an Coimisiún v Éire agus páirtithe eile, C‑272/12 P, EU:C:2013:812, mír 28).

326

Sa chás seo, ní mór a lua gur áitigh CK Telecoms, leis an séú cuid dá tríú saincheist dlí ag an gcéad chéim, ar an gcéad dul síos, go ndearna an Coimisiún earráid dlí agús éifeacht neamh-chomhordaithe á tabhairt aige ar laghdú féideartha ar infheistíochtaí foriomlána mar thoradh ar na hinfheistíochtaí idir na hoibreoirí líonraí cumarsáide soghluaiste a bheith níos trédhearcaí agus, ar an dara dul síos, nár chuir an Coimisiún na gealltanais arna dtabhairt ag CK Telecoms san áireamh ina n‑iomláine.

327

I míreanna 398 go 401 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, thug an Chúirt Ghinearálta chun cuimhne, go bunúsach, an séú cuid den tríú saincheist dlí sin agus argóintí an Choimisiúin. I míreanna 402 go 407 den bhreithiúnas sin, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta aithrisí an chinnidh atá faoi chonspóid a bhaineann leis an laghdú féideartha ar infheistíochtaí foriomlána i líonraí mar gheall ar na hinfheistíochtaí idir oibreoirí líonraí cumarsáide soghluaiste a bheith níos trédhearcaí mar thoradh ar an gcomhchruinniú beartaithe.

328

Sa chomhthéacs sin, in ionad scrúdú a dhéanamh le feiceáil ar thug an Coimisiún éifeacht neamh-chomhordaithe ar an laghdú féideartha sin ar infheistíochtaí go hearráideach agus ar chuir sé na gealltanais arna dtabhairt ag CK Telecoms san áireamh ina n‑iomláine, mheas an Chúirt Ghinearálta, i mír 408 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, sa chás seo, go raibh “deacracht ar leith” le sárú aici maidir leis an athbhreithniú breithiúnach nach mór di a dhéanamh ar an gcinneadh atá faoi chonspóid, ó tharla gur mhainnigh an Coimisiún an tráthchlár iomchuí a leagan amach ina raibh sé de rún aige a léiriú go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

329

I mír 410 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an chúirt sin, go bunúsach, nár mheas an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid gurb é an fadtéarma an tréimhse ama iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an chomhchruinnithe bheartaithe.

330

I ndáil leis sin, shoiléirigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 415 den bhreithiúnas sin, gurb anailís dhinimiciúil ionchais lena bhfuil na héifeachtaí neamh-chomhordaithe nó aontaobhacha ar feadh tréimhse ama fada go leor anonn le cur san áireamh í an anailís ar éifeachtaí comhchruinnuithe i margadh olagaplach in earnáil na teileachumarsáide, arb earnáil í ina bhfuil infheistíocht fhadtéarmach ag teastáil agus inar minic conarthaí thar roinnt blianta a bheith de cheangal ar na tomhaltóirí.

331

Chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, i míreanna 416 agus 417 den breithiúnas atá faoi achomharc, i bhfianaise nach ndéanfadh na páirtithe sa chomhchruinniú cothabháil ar dhá líonra ar leith go fadtéarmach, go ndearna an Coimisiún earráid dlí agus éifeacht neamh-chomhordaithe á tabhairt aige ar an tionchar atá ag trédhearcacht mhéadaithe ar infheistíocht fhoriomlán sna líonraí “a mhéad a bhunaítear an [dara fo-theoiric] ar an gcur i gcás [earráideach] go bhfuil dhá líonra ar leith ann”.

332

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 200 dá Tuairim, ní mór a lua nár cháin CK Telecoms, ina ráitis ag an gcéad chéim, an Coimisiún as mainneachtain i soiléiriú nó in anailís a dhéanamh ar an tráthchlár iomchuí ina raibh sé de rún ag an institiúid sin a shuíomh go bhfuil éifeachtaí neamh-chomhordaithe ann agus go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach.

333

Dá bhrí sin, ní mór a chinneadh, gan scrúdú a dhéanamh ar na gearáin arna dtíolacadh ag CK Telecoms mar chuid den fhoras lena mbaineann, gur tharraing an Chúirt Ghinearálta an gearán ar a tionscnamh féin nár soiléiríodh an tráthchlár agus nach ndearnadh anailís ar na héifeachtaí neamh-chomhordaithe go fadtéarmach.

334

Is follasach nach bhféadfaí glacadh leis an ngearán seo mar shaincheist dlí a bhaineann leis an mbeartas poiblí de réir bhrí chásdlí na Cúirte a thugtar chun cuimhne i mír 325 den bhreithiúnas seo.

335

Mar sin, ós rud é, chun seasamh, i mír 417 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, leis an séú cuid den tríú saincheist dlí de chaingean CK Telecoms ag an gcéad chéim, tharraing an Chúirt Ghinearálta ar a tionscnamh féin, i míreanna 408 go 416 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gearán nach bhféadfaí saincheist dlí a bhaineann leis an mbeartas poiblí a thabhairt air agus, dá bhrí sin, níl an réasúnú sna míreanna sin ag teacht le gearáin CK Telecoms arna leagan amach mar pháirt den chuid sin, ní mór a mheas go ndearna an chúirt sin earráid dlí.

336

Dá bhrí sin, tá bunús maith leis an dara cuid den séú foras achomhairc agus ní mór, dá bhrí sin, seasamh leis an séú foras achomhairc ina iomláine.

337

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo agus ag féachaint do mhéid, do chineál agus do raon feidhme na n‑earráidí arna ndéanamh ag an gCúirt Ghinearálta, mar a aithnítear sa bhreithiúnas seo, ar earráidí iad lena ndéantar difear do réasúnú na Cúirte Ginearálta ina iomláine, ní mór an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní.

An cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta

338

De réir Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcás ina bhfuil bunús leis an achomharc, cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh na Cúirte Ginearálta ar neamhní. Féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí a leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais.

339

Sa chás seo, is léir ó mhíreanna 291, 397, 417, 418, 454 agus 455 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ós rud é gur sheas sí leis an tsaincheist dlí den chaingean ag an gcéad chéim a leagtar amach i mír 41 den bhreithiúnas seo, gur chuir an Chúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní agus gur chinn sí nach raibh aon ghá le scrúdú a dhéanamh ar an séú cuid den chéad saincheist dlí, lena n‑éilítear gur chinn an Coimisiún go hearráideach gur dócha gur lú ábhair gríosaithe an eintitis a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe ná hábhair gríosaithe Three agus O2 roimh an gcomhchruinniú sin. Níor scrúdaigh sí an dara saincheist dlí ach oiread maidir le measúnú an Choimisiúin ar an gcás frithfhíorasach, ar a mbeadh an measúnú ar na margaí miondíola agus mórdhíola bunaithe, nó an dara agus an seachtú cuid den tríú saincheist dlí, a bhaineann, ar an gcéad dul síos, leis na cora sa scéal i leith an dá chomhaontú comhroinnte gréasáin a bhí ann cheana sa chás frithfhíorasach agus, ar an dara dul síos, leis an measúnú ar na gealltanais maidir le comhroinnt líonraí. Níor rialaigh an Chúirt Ghinearálta ach an oiread ar an gceathrú cuid, ar an gcúigiú cuid ná ar an séú cuid den cheathrú saincheist dlí, ar coda iad a bhaineann, faoi seach, le measúnú an Choimisiúin gur lú a bheadh an eintiteas a eascraíonn ón gcomhchruinniú beartaithe gríosaithe chun dul i ngleic leis an iomaíocht, le measúnú na hinstitiúide sin nach mbeadh iomaitheoirí an eintitis sin sa chumas is gá, nó nach mbeadh an gríosú is gá acu, chun dul in iomaíocht leis agus le cur san áireamh roinnt ráitis tríú páirtí ag an gCoimisiún. Ag an deireadh ar fad, níor rialaigh an Chúirt Ghinearálta ar an gcúigiú saincheist dlí sa chaingean ag an gcéad chéim, lenar chuir CK Telecoms faoi chonspóid an measúnú ag an gCoimisiún ar roinnt dá ghealltanais.

340

Is é atá i gceist leis na saincheisteanna dlí nach ndearna an Chúirt Ghinearálta scrúdú orthu ná roinnt ceisteanna fíorasacha agus dlíthiúla a scrúdú ar bhonn tosca nach ndearna an Chúirt Ghinearálta measúnú orthu sa bhreithiúnas atá faoi achomhairc agus nár pléadh os comhair na Cúirte Breithiúnais iad. Thairis sin, is amhlaidh, mar gheall ar chineál agus raon feidhme na n-earráidí arna ndéanamh ag an gCúirt Ghinearálta, mar a aithnítear iad sa bhreithiúnas seo, gurb é atá de dhíth le scrúdú na saincheisteanna dlí arna n-agairt sa chéad chaingean, ar scrúdú é atá lochtaithe ag earráidí, ná go ndéanfadh an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, anailís eile ar na saincheisteanna dlí sin atá éagsúil go mór leis an anailís atá sa bhreithiúnas atá faoi achomharc.

341

Sa chomhthéacs sin, ní mór a chinneadh, sa chás seo, nach bhfuil an fhaisnéis is gá os comhair na Cúirte Breithiúnais chun breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ar na saincheisteanna dlí go léir arna maíomh ag an gcéad chéim.

342

Sna himthosca sin, caithfear an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta agus na costais a fhorchoimeád.

Costais

343

Ós rud é go ndéantar an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, ní mór na costais a bhaineann leis na himeachtaí reatha a fhorchoimeád.

 

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra):

 

1.

Cuirtear ar neamhní breithiúnas an 28 Bealtaine 2020, CK Telecoms UK Investments v an Coimisiún (T‑399/16EU:T:2020:217).

 

2.

Tarchuirtear an cás ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

 

3.

Forchoimeádtar na costais.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.

( 1 ) Sonraí pearsanta curtha faoi cheilt.

Top