EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0151

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Márta 22.
Bundeswettbewerbsbehörde v Nordzucker AG e.a.
Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Airteagal 101 CFAE – Cairtéal ar thug dhá údarás náisiúnta iomaíochta imeachtaí ina choinne – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 50 – An prionsabal ne bis in idem – An cion céanna a bheith ann – Airteagal 52(1) – Teorainneacha ar an bprionsabal ne bis in idem – Coinníollacha – Cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú – Comhréireacht.
Cás C-151/20.

Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:203

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

22 Márta 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Airteagal 101 CFAE – Cairtéal ar thug dhá údarás náisiúnta iomaíochta imeachtaí ina choinne – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 50 – An prionsabal ne bis in idem – An cion céanna a bheith ann – Airteagal 52(1) – Teorainneacha ar an bprionsabal ne bis in idem – Coinníollacha – Cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú – Comhréireacht)

I gCás C‑151/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair), trí bhreith an 12 Márta 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 27 Márta 2020, sna himeachtaí idir

Bundeswettbewerbsbehörde

agus

Nordzucker AG,

Südzucker AG,

Agrana Zucker GmbH,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe (Rapóirtéir), C. Lycourgos, E. Regan, N. Jääskinen, I. Ziemele agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, T. von Danwitz, A. Kumin agus N. Wahl, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Bobek,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 22 Márta 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

an Bundeswettbewerbsbehörde, ag N. Harsdorf Enderndorf, B. Krauskopf agus A. Xeniadis, i gcáil Gníomhairí,

Südzucker AG, ag C. von Köckritz, W. Bosch agus A. Fritzsche, Rechtsanwälte,

Agrana Zucker GmbH, ag H. Wollmann, C. von Köckritz, W. Bosch agus A. Fritzsche, Rechtsanwälte,

Rialtas na Beilge, ag J.-C. Halleux agus L. Van den Broeck, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó P. Vernet agus E. de Lophem, avocats,

Rialtas na Gearmáine, ar dtús ag J. Möller agus S. Heimerl, agus J. Möller ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó S. Fiorentino, avvocato dello Stato,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna agus M. Wiącek, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag A. Keidel, G. Meessen, P. Rossi agus H. van Vliet, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 2 Meán Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir an Bundeswettbewerbsbehörde (an tÚdarás Cónaidhme Iomaíochta, an Ostair) (“údarás na hOstaire”) agus Nordzucker AG, Südzucker AG agus Agrana Zucker GmbH (“Agrana”) maidir lena rannpháirtíocht i gcleachtas a thagann salach ar Airteagal 101 CFAE agus ar na forálacha comhfhreagracha de dhlí iomaíochta na hOstaire.

An dlí lena mbaineann

3

Foráiltear le haithrisí 6 agus 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail [101 CFAE] agus [102 CFAE] (IO 2003 L 1, lch. 1), mar a leanas:

“(6)

Chun cur i bhfeidhm éifeachtach rialacha iomaíochta [an Aontais] a áirithiú, ní mór do na húdaráis iomaíochta náisiúnta a bheith níos rannpháirtí. Chuige sin, ní mór na húdaráis iomaíochta náisiúnta a údarú chun dlí [an Aontais] a chur i bhfeidhm.

[...]

(8)

Chun forghníomhú éifeachtach rialacha iomaíochta [an Aontais] agus dea-fheidhmiú na sásraí comhair dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú, is gá a chur de cheangal ar údaráis iomaíochta agus ar chúirteanna na mBallstát Airteagail [101] agus [102 CFAE] a chur i bhfeidhm, agus rialacha iomaíochta náisiúnta á gcur i bhfeidhm acu, maidir le comhaontuithe agus cleachtais a d’fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit. Chun dálaí cothroma iomaíochta a chruthú le haghaidh comhaontuithe idir gnóthais laistigh den mhargadh inmheánach, cinntí comhlachas gnóthas agus cleachtais chomhbheartaithe, is gá a leagan síos freisin, ar bhonn Airteagal [103(2)(e) CFAE], an gaol idir dlíthe náisiúnta agus dlí [an Aontais] i réimse na hiomaíochta. Chuige sin, ní mór foráil a dhéanamh nach bhféadfadh toirmeasc ar na comhaontuithe, na cinntí ná na cleachtais chomhbheartaithe sin de réir bhrí Airteagal [101](1) [CFAE] a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm dlí iomaíochta náisiúnta, mura dtoirmisctear iad freisin de bhua dhlí iomaíochta [an Aontais]. Is coincheapa a bhaineann go sonrach le dlí iomaíochta [an Aontais] iad coincheapa na gcomhaontuithe, na gcinntí agus na gcleachtas comhbheartaithe, lena gcumhdaítear an comhordú ar iompar gnóthas ar an margadh de réir na brí a thugann cúirteanna [an Aontais Eorpaigh] dóibh. [...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Faoi Airteagal 3(1) agus (2) den Rialachán sin:

“1.   I gcás ina gcuireann údaráis iomaíochta na mBallstát nó na cúirteanna náisiúnta an dlí iomaíochta náisiúnta i bhfeidhm ar chomhaontuithe, cinntí comhlachas gnóthas nó cleachtais chomhbheartaithe de réir bhrí Airteagal [101(1) CFAE] a d’fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit de réir bhrí na forála sin, cuirfidh siad Airteagal [101 CFAE] i bhfeidhm freisin ar na comhaontuithe, na cinntí nó na cleachtais chomhbheartaithe sin. I gcás ina gcuireann údaráis iomaíochta na mBallstát nó na cúirteanna náisiúnta an dlí iomaíochta náisiúnta i bhfeidhm ar mhí-úsáid a thoirmisctear le hAirteagal [102 CFAE], cuirfidh siad Airteagal [102 CFAE] i bhfeidhm freisin.

2.   Ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm an dlí iomaíochta náisiúnta toirmeasc ar chomhaontuithe, cinntí ó chomhlachais gnóthas ná cleachtais chomhbheartaithe, ach nach bhfuil d’éifeacht acu an iomaíocht a shrianadh de réir bhrí Airteagal [101](1) CFAE, nó a shásaíonn na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal [101](3) [CFAE] nó atá cumhdaithe ag rialachán arb é a chuspóir Airteagal [101](3) [CFAE] a chur i bhfeidhm. Ní thoirmeasctar na Ballstáit faoin Rialachán seo dlíthe náisiúnta níos déine a ghlacadh agus a chur chun feidhme ar a gcríoch lena gcuirtear toirmeasc nó beart sriantach ar iompar aontaobhach a bhíonn ar bun ag gnóthais.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 5 den Rialachán sin:

“Beidh údaráis iomaíochta na mBallstát inniúil chun Airteagail [101] agus [102 CFAE] a chur i bhfeidhm i gcásanna aonair. Chuige sin, féadfaidh siad, ag gníomhú dóibh ar a dtionscnamh féin nó ar ghearán, na cinntí seo a leanas a ghlacadh:

a ordú go gcuirfear deireadh le cion,

bearta sealadacha a ordú,

glacadh le gealltanais,

fíneálacha, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nó aon phionós eile dá bhforáiltear ina ndlí náisiúnta a fhorchur.

I gcás ina measann siad, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dóibh, nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le toirmeasc, féadfaidh siad a chinneadh freisin nach bhfuil aon fhoras caingne ar a dtaobh.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráiltear le hAirteagal 12(1) den Rialachán céanna:

“Chun críocha Airteagail [101] agus [102 CFAE] a chur chun feidhme, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún agus ag údaráis iomaíochta na mBallstát aon eilimint fíorais nó dlí, lena n-áirítear faisnéis rúnda, a chur ar fáil dá chéile agus a úsáid mar fhianaise.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear le hAirteagal 23(2) de Rialachán Uimh. 1/2003 go bhféadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, fíneálacha a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas i gcás ina ndéanfadh siad sárú, d’aon ghnó nó le faillí, ar Airteagail 101 CFAE nó 102 CFAE.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

8

Tá Nordzucker, Südzucker agus a fhochuideachta Agrana gníomhach ar an margadh chun siúcra atá beartaithe don tionscal agus do thomhaltas teaghlaigh (“margadh an tsiúcra”) a tháirgeadh agus a mhargú.

9

Tá Nordzucker agus Südzucker i gceannas, le tríú mórtháirgeoir, ar mhargadh an tsiúcra sa Ghearmáin. Tá monarchana Nordzucker suite i dtuaisceart agus tá monarchana Südzucker i ndeisceart an Bhallstáit sin. Mar gheall ar shuíomh na monarchana, saintréithe an tsiúcra agus na costais iompair, rinneadh margadh siúcra na Gearmáine a roinnt go traidisiúnta i dtrí phríomhlimistéar gheografacha, a raibh gach ceann acu faoi cheannas ceann amháin de na trí mhórtháirgeoir seo. Níor bhain deighilt gheografach an mhargaidh sin le margaí eachtracha, lena n‑áirítear na margaí sin ar a raibh fochuideachtaí na dtrí tháirgeoir sin ag feidhmiú, agus nár bhain sí, go háirithe, le margadh na hOstaire.

10

Is é Agrana an príomhtháirgeoir siúcra san Ostair. Feidhmíonn sé go neamhspleách den chuid is mó ar na margaí a bhfreastalaíonn sé orthu.

11

Bhí aontachas Ballstát nua den Aontas in 2004, ina chúis imní do tháirgeoirí siúcra Gearmánacha mar gheall ar an mbrú nua iomaíoch ó ghnóthais atá bunaithe sna Ballstáit sin. Is sa chomhthéacs sin a tionóladh roinnt cruinnithe, ó 2004 ar a dhéanaí, idir stiúrthóirí díolacháin Nordzucker agus Südzucker, agus d’aontaigh siad, ag deireadh na gcruinnithe sin, gan dul san iomaíocht lena chéile trí chur isteach ar a bpríomhlimistéir thraidisiúnta díolacháin chun an brú iomaíoch nua sin a sheachaint.

12

I dtreo dheireadh 2005, thug Agrana faoi deara seachadtaí siúcra ar mhargadh na hOstaire, go háirithe, ó fhochuideachta Shlóvacach de Nordzucker chuig custaiméirí tionsclaíocha Ostaracha a raibh Agrana ina sholáthróir eisiach di go dtí seo.

13

An 22 Feabhra 2006, le linn comhrá teileafóin, chuir bainisteoir Agrana in iúl do stiúrthóir díolacháin Südzucker go raibh na seachadtaí sin ann agus d’iarr sé air ainm duine teagmhála laistigh de Nordzucker a thabhairt.

14

Chuir stiúrthóir díolacháin Südzucker glaoch ar stiúrthóir díolacháin Nordzucker ar an lá céanna, chun é a chur ar an eolas faoi na seachadtaí sin chuig an Ostair, ag tagairt d’iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do mhargadh siúcra na Gearmáine (“an comhrá teileafóin atá faoi dhíospóid”). Ní shuitear gur cuireadh Agrana ar an eolas faoin nglao teileafóin sin.

15

Tar éis do Nordzucker iarratais ar thrócaire a chur isteach, go háirithe chuig an Bundeskartellamt (an tÚdarás Cónaidhme Iomaíochta, an Ghearmáin) (“údarás na Gearmáine”) agus chuig údarás na hOstaire, thionscain na húdaráis sin nósanna imeachta imscrúdaithe go comhchéimneach.

16

Dá réir sin, i mí Mheán Fómhair 2010, thionscain údarás na hOstaire caingean os comhair Oberlandesgericht Wien (Uaschúirt Réigiúnach. Vín, an Ostair), arb í cúirt na hOstaire a bhfuil dlínse aici i gcúrsaí cairtéil í, chun dearbhú a fháil gur sháraigh Nordzucker Airteagal 101 CFAE agus forálacha comhfhreagracha dhlí na hOstaire agus dhá fhíneáil a fhorchur ar Südzucker, ceann acu go comhpháirteach agus go leithleach le Agrana. I measc na bhfíoras ábhartha a raibh údarás na hOstaire ag brath orthu chun a shuíomh gur ghlac na trí ghnóthas sin páirt i gcairtéal ar mhargadh siúcra na hOstaire, bhí, go háirithe, an comhrá teileafóin atá faoi dhíospóid.

17

Ó thaobh an údaráis Ghearmánaigh de, le cinneadh an 18 Feabhra 2014, a tháinig chun bheith críochnaitheach, chinn sé go ndearna Nordzucker, Südzucker agus an tríú táirgeoir Gearmánach dá dtagraítear i mír 9 den bhreithiúnas seo Airteagal 101 CFAE agus forálacha comhfhreagracha dhlí iomaíochta na Gearmáine a shárú agus, go háirithe, rinne sé fíneáil EUR 195500000 a fhorchur ar Südzucker (“cinneadh críochnaitheach údarás na Gearmáine”). De réir an chinnidh sin, chuir na gnóthais sin comhaontú chun feidhme, ar mhargadh an tsiúcra, chun príomhlimistéir díolacháin a chéile a urramú trí mheán cruinnithe rialta idir ionadaithe Nordzucker agus Südzucker a tionóladh le linn na tréimhse idir 2004 agus 2007, nó fiú go dtí samhradh 2008. Sa chinneadh sin, rinne údarás na Gearmáine an méid a dúradh sa chomhrá teileafóin atá faoi dhíospóid a scríobh amach, inar phléigh ionadaithe Nordzucker agus Südzucker margadh na hOstaire. I measc na bhfíoras go léir a fuair an t-údarás sin, is é an t-agallamh sin an t-aon fhíoras a bhaineann le margadh na hOstaire.

18

Le hordú an 15 Bealtaine 2019, dhíbh Oberlandesgericht Wien (Uaschúirt Réigiúnach, Vín) an chaingean a thug údarás na hOstaire, ar an bhforas, go háirithe, gur cuireadh an comhaontú a tugadh i gcrích le linn an chomhrá teileafóin atá faoi dhíospóid faoi réir pionóis cheana féin arna fhorchur ag údarás náisiúnta iomaíochta eile, agus go mbeadh pionós nua ag teacht salach ar an bprionsabal ne bis in idem.

19

Rinne údarás na hOstaire achomharc i gcoinne an ordaithe sin os comhair an Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair), arb í an chúirt a rinne an tarchur í. Tá sé ag lorg, ar thaobh amháin, mar thoradh ar an gcomhaontú sin, dearbhú gur sháraigh Nordzucker Airteagal 101 CFAE agus forálacha comhfhreagracha dhlí iomaíochta na hOstaire agus, ar an taobh eile, go ndéanfaí fíneáil iomchuí a fhorchur ar Südzucker as an sárú céanna.

20

Ar an gcéad dul síos, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras, i bhfianaise an phrionsabail ne bis in idem atá cumhdaithe in Airteagal 50 den Chairt, an féidir an comhrá teileafóin atá faoi dhíospóid a chur san áireamh, cé gur luadh an comhrá sin go sainráite i gcinneadh críochnaitheach údarás na Gearmáine.

21

I dtosach báire, tugann an chúirt sin faoi deara gur eascair léirmhínithe éagsúla as an bprionsabal ne bis in idem, ina ghné “idem”. Dá réir sin, maidir le dlí na hiomaíochta, dar leis an gcúirt sin, is léir, go háirithe, ó bhreithiúnas an 14 Feabhra 2012, Toshiba Corporation agus páirtithe eile (C‑17/10, EU:C:2012:72, mír 97), nach féidir an prionsabal sin a chur i bhfeidhm ach amháin má chomhlíontar trí chritéar charnacha, eadhon, céannacht na bhfíoras, céannacht na gciontóirí agus céannacht an leasa dhlíthiúil cosanta. Ar an taobh eile, i réimsí eile de dhlí an Aontais, go háirithe i mbreithiúnas an 9 Márta 2006, Van Esbroeck (C‑436/04, EU:C:2006:165, mír 36), agus an 20 Márta 2018, Menci (C‑524/15, EU:C:2018:197, mír 35), dhiúltaigh an Chúirt do na critéir maidir le céannacht an leasa dhlíthiúil cosanta.

22

Ar an dara dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar cheart, maidir leis an measúnú ar an ngné “idem”, i measc tosca eile, tionchair chríochacha na gcairtéal i gcríocha Ballstát éagsúil a chur san áireamh, de réir analaí, leis an gcinneadh a glacadh i mbreithiúnas an 18 Bealtaine 2006, Archer Daniels Midland agus Archer Daniels Midland Ingredients v an Coimisiún (C‑397/03 P, EU:C:2006:328), an 29 Meitheamh 2006, Showa Denko v an Coimisiún (C‑289/04 P, EU:C:2006:431) agus an 14 Feabhra 2012Toshiba Corporation agus páirtithe eile (C‑17/10, EU:C:2012:72, míreanna 99 go 103).

23

Maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, de réir údarás na hOstaire, nár cuireadh san áireamh san fhíneáil a forchuireadh le cinneadh críochnaitheach údarás na Gearmáine éifeachtaí an chairtéil san Ostair. Ar an gcaoi chéanna, dar le tuairim ó Leas-Uachtarán údarás na Gearmáine, an 28 Meitheamh 2019, le cinntí an údaráis sin, i bprionsabal, níor cuireadh pionóis ach i leith éifeachtaí frithiomaíocha sa Ghearmáin. Mar sin féin, mheas Oberlandesgericht Wien (Uaschúirt Réigiúnach, Vín) a mhalairt mar gheall ar an tábhacht ar leith a bhain, i gcinneadh críochnaitheach údarás na Gearmáine, leis an gcomhrá teileafóin atá faoi dhíospóid.

24

Sa dara háit, maidir leis an iarraidh ar chinneadh go ndearna Nordzucker sárú, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gur dheonaigh údarás na hOstaire na bearta trócaire do Nordzucker de bhua an dlí náisiúnta. Á thabhairt dá haire, de réir bhreithiúnas an 18 Meitheamh 2013, Schenker & Co. agus páirtithe eile (C‑681/11, EU:C:2013:404), gur féidir le húdarás iomaíochta náisiúnta, ar bhonn eisceachtúil, a chinneadh go bhfuil sárú ann amháin, gan fíneáil a fhorchur, fiafraíonn sí an gá an prionsabal ne bis in idem a chur i bhfeidhm i leith imeachtaí um shárú den sórt sin a dhearbhú. Dar léi gur chinn an Chúirt, go háirithe i mír 94 de bhreithiúnas an 14 Feabhra 2012, Toshiba Corporation agus páirtithe eile (C‑17/10, EU:C:2012:72), nach gcaithfear an prionsabal sin a urramú ach amháin in imeachtaí chun fíneálacha a fhorchur.

25

Sna himthosca sin, chinn an Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“(1)

An gcaithfear an tríú critéar atá leagtha síos i gcásdlí na Cúirte i réimse na hiomaíochta maidir leis an bprionsabal ne bis in idem a chur i bhfeidhm, eadhon, nach mór an leas dlíthiúil cosanta céanna a bheith i gceist, i gcás ina dtugtar ar údaráis iomaíochta dhá Bhallstát na rialacha céanna de dhlí na hEorpa a chur i bhfeidhm ar na fíorais chéanna agus ar na daoine céanna sa bhreis ar an dlí náisiúnta (Airteagal 101 CFAE sa chás seo)?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin:

(2)

I gcásanna den sórt sin ina ndéantar dlí iomaíochta na hEorpa agus an dlí iomaíochta náisiúnta a chur i bhfeidhm go comhthráthach, an é an leas dlíthiúil céanna é a chosnaítear?

(3)

Thairis sin, chun críocha chur chun feidhme an phrionsabail ne bis in idem, an bhfuil sé tábhachtach cé acu ar chuir an chéad chinneadh — go croineolaíoch — ó údarás iomaíochta de chuid Ballstáit lena bhforchuirtear fíneáil, na héifeachtaí a bhí ag an sárú ar an iomaíocht, i gcleachtas, sa Bhallstát eile nár rialaigh a údarás iomaíochta go dtí níos déanaí ina imeachtaí um dhlí na hiomaíochta?

(4)

I gcás nós imeachta é nach bhféadfaí, mar gheall ar rannpháirtíocht páirtí lena mbaineann sa chlár náisiúnta trócaire, ach a dhearbhú ina leith go ndearnadh sárú ar dhlí na hiomaíochta, an nós imeachta freisin é sin atá faoi réir an phrionsabail ne bis in idem, nó an féidir dearbhú simplí den sórt maidir le sárú a dhéanamh beag beann ar thoradh nós imeachta roimhe sin a bhaineann le fíneáil a fhorchur (i mBallstát eile)?”

Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

An chéad cheist agus an tríú ceist

26

Leis an gcéad cheist agus an tríú ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 50 den Chairt a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé go dtoirmeasctar ar údarás iomaíochta de chuid Ballstáit imeachtaí a thabhairt i gcoinne gnóthais agus fíneáil a fhorchur air, más iomchuí, as sárú ar Airteagal 101 CFAE agus ar na forálacha comhfhreagracha den dlí iomaíochta náisiúnta, mar gheall ar iompar a raibh cuspóir nó éifeacht fhrithiomaíoch aige i gcríoch an Bhallstáit sin, sa chás gur luaigh údarás iomaíochta de chuid Ballstáit eile an t-iompar sin cheana féin i gcinneadh críochnaitheach arna ghlacadh ag an údarás sin, maidir leis an ngnóthas sin, i ndiaidh imeachtaí um shárú ar Airteagal 101 CFAE agus ar fhorálacha comhfhreagracha dhlí iomaíochta an Bhallstáit eile sin.

27

Sa chomhthéacs sin, is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur, go háirithe, soiléiriú a fháil ar na critéir ábhartha chun measúnú a dhéanamh an bhfuil rialú déanta ag an dá údarás iomaíochta náisiúnta ar na fíorais chéanna.

Réamhbharúlacha

28

Ba cheart a choinneáil i gcuimhne gur bunphrionsabal de dhlí an Aontais Eorpaigh é an prionsabal ne bis in idem (breithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 2002, Limburgse Vinyl Maatschappij agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑238/99 P, C‑244/99 P, C‑245/99 P, C‑247/99 P, C‑250/99 P à C‑252/99 P agus C‑254/99 P, EU:C:2002:582, mír 59), atá cumhdaithe anois in Airteagal 50 den Chairt.

29

Foráiltear le hAirteagal 50 den Chairt mar seo a leanas: “Ní dhlífear aon duine a thriail ná a phionósú athuair in imeachtaí coiriúla i ngeall ar chion ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh é nó í go críochnaitheach san Aontas i ngeall air cheana i gcomhréir leis an dlí”. Dá réir sin, cuirtear cosc leis an bprionsabal ne bis in idem ar charnadh imeachtaí agus pionóis de chineál coiriúil de réir bhrí an Airteagail sin i ndáil leis na fíorais chéanna agus i gcoinne an duine chéanna (breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C‑524/15, EU:C:2018:197, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

30

Maidir le measúnú a dhéanamh ar chineál coiriúil na n-imeachtaí agus na bpionós atá i gceist, measúnú ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé é sin a dhéanamh, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil trí chritéar ábhartha. Is é an chéad cheann ná aicmiú dlíthiúil an chiona faoin dlí náisiúnta, an dara ceann ná cineál an chiona agus an tríú ceann ná déine an phionóis a d’fhéadfaí a chur ar an duine lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Meitheamh 2012, Bonda, C‑489/10, EU:C:2012:319, mír 37, agus an 20 Márta 2018, Menci, C‑524/15, EU:C:2018:197, míreanna 26 agus 27).

31

Ba cheart a chur in iúl, i ndáil leis sin, nach bhfuil cur i bhfeidhm Airteagal 50 den Chairt teoranta d’imeachtaí agus do phionóis a aicmítear mar “choiriúil” faoin dlí náisiúnta, ach go gcuimsítear leis – beag beann ar aicmiú den sórt sin faoin dlí náisiúnta – imeachtaí agus pionóis nach mór a mheas mar a bheith de chineál coiriúil ar bhonn an dá chritéar eile dá dtagraítear sa mhír roimhe seo (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C‑524/15, EU:C:2018:197, mír 30).

32

Thairis sin, chinn an Chúirt cheana féin nach mór an prionsabal ne bis in idem a urramú i nósanna imeachta maidir le fíneálacha a fhorchur faoi dhlí na hiomaíochta. Toirmeasctar leis an bprionsabal sin, i réimse na hiomaíochta, gnóthas a chiontú nó imeachtaí a thabhairt ina choinne athuair mar gheall ar iompar frithiomaíoch ar gearradh pionós air ina leith nó ar dearbhaíodh nach raibh sé faoi dhliteanas ina leith le cinneadh roimhe seo nach féidir achomharc a dhéanamh ina choinne a thuilleadh (breithiúnais an 14 Feabhra 2012, Toshiba Corporation agus páirtithe eile, C‑17/10, EU:C:2012:72, mír 94 agus an cásdlí a luaitear, agus an 3 Aibreán 2019, Powszechny Zakład Ubezpieczeń na Życie, C‑617/17, EU:C:2019:283 mír 28).

33

Dá bhrí sin, tá cur i bhfeidhm an phrionsabail ne bis in idem i nósanna imeachta maidir le dlí na hiomaíochta faoi réir coinníoll dúbailte, eadhon, ar thaobh amháin, go bhfuil cinneadh críochnaitheach ann roimhe seo (an coinníoll “bis”) agus, ar an taobh eile, go mbaineann an cinneadh roimhe seo leis an iompar céanna agus a mbaineann na himeachtaí nó na cinntí ina dhiaidh sin leo (an coinníoll “idem”).

An coinníoll “bis”

34

Maidir leis an gcoinníoll “bis”, ba cheart a choinneáil i gcuimhne, chun go bhféadfar cinneadh a mheas mar chinneadh lenar tugadh rialú críochnaitheach ar na fíorais a cuireadh faoi réir an dara nós imeachta, is gá, ní hamháin go bhfuil an cinneadh sin críochnaitheach, ach gur tugadh é i ndiaidh thuillteanas an cháis a mheas (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Meitheamh 2014, M, C‑398/12, EU:C:2014:1057, míreanna 28 agus 30).

35

Sa chás seo, is léir ó chinntí na cúirte a rinne an tarchur gurb ionann cinneadh críochnaitheach údarás na Gearmáine agus cinneadh críochnaitheach roimhe sin de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo.

An coinníoll “idem”

36

Maidir leis an gcoinníoll “idem”, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 50 den Chairt go dtoirmeasctar leis aon duine a thriail nó a phionósú níos mó ná uair amháin as an gcion céanna.

37

Mar a luann an chúirt a rinne an tarchur ina hiarraidh ar réamhrialú, baineann na nósanna imeachta agus na pionóis éagsúla atá i gceist sna príomhimeachtaí leis na daoine dlítheanacha céanna, eadhon, Nordzucker agus Südzucker.

38

De réir chásdlí socair na Cúirte, is é an critéar ábhartha lena ndéantar measúnú i dtaobh an é an cion céanna ná céannacht na bhfíoras ábhartha, a thuigtear mar thacar d’imthosca nithiúla atá dodhealaithe óna chéile agus ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh go críochnaitheach an duine atá i dtrácht ar a mbonn. Dá réir sin, toirmeasctar le hAirteagal 50 den Chairt, i leith fíorais chomhionanna, roinnt pionós de chineál coiriúil a fhorchur i ndiaidh nósanna imeachta éagsúla arna reáchtáil chun na gcríoch sin (breithiúnais an 20 Márta 2018, Menci, C‑524/15, EU:C:2018:197, mír 35, agus an 20 Márta 2018, Garlsson Real Estate agus páirtithe eile, C‑537/16, EU:C:2018:193, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39

Thairis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte nach bhfuil aicmiú dlíthiúil na bhfíoras sa dlí náisiúnta agus an leasa dhlíthiúil cosanta ábhartha chun a shuíomh go bhfuil an cion céanna ann, a mhéid nach féidir raon feidhme na cosanta a thugtar le hAirteagal 50 den Chairt a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát (breithiúnais an 20 Márta 2018, Menci, C‑524/15, EU:C:2018:197, mír 36, agus an 20 Márta 2018, Garlsson Real Estate agus páirtithe eile, C‑537/16, EU:C:2018:193, mír 38).

40

Is amhlaidh an cás maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail ne bis in idem a chumhdaítear in Airteagal 50 den Chairt i réimse dhlí iomaíochta an Aontais, ós rud é nach féidir le raon feidhme na cosanta a thugtar don fhoráil sin a bheith éagsúil, ó réimse amháin de dhlí an Aontais go réimse eile, mura bhforáiltear a mhalairt i ndlí an Aontais (breithiúnas an lae seo, bpost, C‑117/20, mír 35).

41

Maidir leis an gcritéar i ndáil le céannacht na bhfíoras, ní féidir a mheas ar bhealach teibí ar ghlac gnóthais iompar arb é a chuspóir nó a éifeacht an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, ach ní mór é a scrúdú i bhfianaise na críche agus an mhargaidh táirgí ina raibh an cuspóir nó an éifeacht sin ag an iompar atá i gceist agus ar an tréimhse a raibh an cuspóir nó an éifeacht sin ag an iompar atá i gceist lena linn (féach, de réir analaí, breithiúnais an 14 Feabhra 2012, Toshiba Corporation agus páirtithe eile, C‑17/10, EU:C:2012:72, mír 99, agus an 25 Feabhra 2021, Slovak Telekom, C‑857/19, EU:C:2021:139, mír 45).

42

Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, ag a bhfuil, agus aici sin amháin, an inniúlacht breithiúnas a thabhairt ar na fíorais, a chinneadh an mbaineann an díospóid atá os a comhair leis na fíorais chéanna leo siúd ba bhonn le cinneadh críochnaitheach údarás na Gearmáine a ghlacadh, ag féachaint don chríoch, do mhargadh na dtáirgí agus don tréimhse a mbaineann an cinneadh sin léi. Dá bhrí sin, is faoin gcúirt sin atá sé raon feidhme an chinnidh sin a chinntiú. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i mír 68 dá Thuairim, i gcur i bhfeidhm Airteagal 12(1) de Rialachán Uimh. 1/2003, is féidir le cúirt náisiúnta, le cúnamh ón údarás náisiúnta iomaíochta, a iarraidh ar údarás iomaíochta i mBallstát eile, cinneadh arna ghlacadh ag an údarás sin agus faisnéis a bhaineann leis an méid a bhí sa chinneadh sin a rochtain. Mar sin féin, is féidir leis an gCúirt treoir a thabhairt don chúirt sin maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais i gcomhthéacs an raon feidhme sin a mheasúnú.

43

Maidir leis sin, is léir ón bhfaisnéis atá sa chomhad go mbaineann ceisteanna na cúirte a rinne an tarchur, go sonrach, leis an bhfíoras go bhfuil na himeachtaí arna dtabhairt san Ostair bunaithe ar ghné fhíorasach, eadhon, an comhrá teileafóin atá faoi dhíospóid inar pléadh margadh siúcra na hOstaire, rud a luadh cheana i gcinneadh críochnaitheach údarás na Gearmáine. Tá an chúirt sin in amhras, i bhfianaise na tagartha don chomhrá teileafóin sa chinneadh sin, i dtaobh an bhfuil an coinníoll maidir le céannacht na bhfíoras comhlíonta.

44

I ndáil leis sin, i bhfianaise an chásdlí a leagtar amach i mír 41 den bhreithiúnas seo, ní mór a shoiléiriú nach leor fíoras a bhaineann le críoch Ballstáit eile, a bheith luaite ag údarás Ballstáit eile i gcinneadh go bhfuil sárú ar dhlí iomaíochta an Aontais agus ar fhorálacha comhfhreagracha dhlí an Bhallstáit sin, chun a mheas go bhfuil an fíoras sin mar bhonn do na himeachtaí nó go bhfuil sé sainaitheanta ag an údarás sin mar cheann de na gnéithe lena gcomhdhéantar an sárú sin. Is gá fós a fhíorú an ndearna an t-údarás sin rialú iarbhír ar an ngné fhíorasach sin chun an sárú a shuíomh, chun dliteanas an duine chúisithe mar gheall ar an sárú sin a bhunú agus, más gá, chun pionós a fhorchur air, sa chaoi nach mór a mheas go gcuimsítear críoch an Bhallstáit eile sin leis an sárú sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 14 Feabhra 2012, Toshiba Corporation agus páirtithe eile, C‑17/10, EU:C:2012:72, míreanna 101 agus 102).

45

Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú, ar bhonn measúnú ar na himthosca ábhartha go léir, arbh é cuspóir chinneadh críochnaitheach údarás na Gearmáine a dhearbhú gurbh ann don chairtéal atá i gceist agus é sin a phionósú a mhéid a bhí éifeacht fhrithiomaíoch aige le linn na tréimhse atá faoi thrácht, ní hamháin ar mhargadh na Gearmáine, ach ar mhargadh na hOstaire freisin.

46

I gcomhthéacs an mheasúnaithe sin, tá sé tábhachtach, go háirithe, scrúdú a dhéanamh an mbaineann na measúnuithe dlíthiúla a rinne údarás na Gearmáine ar bhonn na bhfíoras a fuarthas ina chinneadh críochnaitheach le margadh na Gearmáine amháin nó le margadh siúcra na hOstaire freisin. Chun críocha an fhíneáil a ríomh, ar fíneáil í atá bunaithe ar an láimhdeachas ar an margadh a dtéann an sárú i gcion air, is ábhartha freisin ar ghlac údarás na Gearmáine mar bhonn dá ríomh an láimhdeachas a rinneadh sa Ghearmáin amháin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 14 Feabhra 2012, Toshiba Corporation agus páirtithe eile, C‑17/10, EU:C:2012:72, mír 101).

47

I gcás ina measfadh an chúirt a rinne an tarchur, i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar na himthosca ábhartha go léir, nár dearbhaíodh le cinneadh críochnaitheach údarás na Gearmáine gurbh ann don chairtéal atá i gceist sna príomhimeachtaí ná é sin a phionósú mar gheall ar an gcuspóir nó an éifeacht fhrithiomaíoch atá aige ar chríoch na hOstaire, ba cheart don chúirt sin a chinneadh nach mbaineann na himeachtaí os a comhair leis na fíorais chéanna leo siúd is bonn le cinneadh críochnaitheach údarás na Gearmáine, sa chaoi nach dtoirmeasctar imeachtaí nua agus, más iomchuí, pionóis nua, leis an bprionsabal ne bis in idem, de réir bhrí Airteagal 50 den Chairt (féach, de réir analaí, breithiúnas an 14 Feabhra 2012, Toshiba Corporation agus páirtithe eile, C‑17/10, EU:C:2012:72, mír 103).

48

Os a choinne sin, i gcás ina measfadh an chúirt a rinne an tarchur gur dearbhaíodh le cinneadh críochnaitheach údarás na Gearmáine gurbh ann don chairtéal atá i gceist agus go ndearnadh é a phionósú mar gheall freisin ar an gcuspóir nó an éifeacht fhrithiomaíoch atá aige ar chríoch na hOstaire, ba chóir don chúirt sin a chinneadh go mbaineann na himeachtaí os a comhair leis na fíorais chéanna leo siúd is bonn le cinneadh críochnaitheach údarás na Gearmáine. Bheadh carnadh imeachtaí den sórt sin agus, más iomchuí, pionós, ina theorannú ar an gceart bunúsach a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt.

Bonn cirt le teorannú féideartha ar an gceart bunúsach a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt

49

D’fhonn freagairt iomlán a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, ba cheart a lua go bhféadfar bonn cirt a thabhairt le teorannú ar an gceart bunúsach a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt, amhail an teorannú a bheadh ann sa chás dá dtagraítear i mír 48 den bhreithiúnas seo, ar bhonn Airteagal 52(1) den Chairt (breithiúnais an 27 Bealtaine 2014, Spasic, C‑129/14 PPU, EU:C:2014:586, míreanna 55 agus 56, agus an 20 Márta 2018, Menci, C‑524/15, EU:C:2018:197, mír 40).

50

I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 52(1) den Chairt, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt sin agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. De réir an dara habairt d’Airteagal 52(1), faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a chur leis na cearta agus na saoirsí sin ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí eile leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

51

Maidir leis na coinníollacha a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal 52(1) den Chairt, agus go sonrach an cheist i dtaobh an gcomhlíontar leis an teorainn ar an gceart bunúsach a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt, ar teorannú é a eascraíonn as carnadh imeachtaí agus, más gá, pionóis ó dhá údarás náisiúnta iomaíochta, cuspóir leasa ghinearálta, ba cheart a chur in iúl gur foráil de bheartas poiblí é Airteagal 101 CFAE lena dtoirmeasctar cairtéil agus lena saothraítear an cuspóir, atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, is é sin a áirithiú nach ndéanfar an iomaíocht sa mhargadh sin a shaobhadh (féach, chuige sin, breithiúnais an 1 Meitheamh 1999, Eco Swiss, C‑126/97, EU:C:1999:269, mír 36, agus an 13 Iúil 2006, Manfredi agus páirtithe eile, C‑295/04 go C‑298/04, EU:C:2006:461, mír 31).

52

I bhfianaise a thábhachtaí atá an cuspóir leasa ghinearálta sin i gcásdlí na Cúirte, féadfar bonn cirt a thabhairt le carnadh imeachtaí agus pionós de chineál coiriúil i gcás ina bhfuil, d’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, aidhmeanna comhlántacha á saothrú ag na himeachtaí agus na pionóis sin, agus gnéithe éagsúla den iompar sáraitheach céanna mar chuspóir acu (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C‑524/15, EU:C:2018:197, mír 44).

53

Chuige sin, ba cheart a choinneáil i gcuimhne, maidir le ról údaráis na mBallstát i gcomhlíonadh dhlí an Aontais i réimse na hiomaíochta, go mbunaítear dlúthnasc tríd an gcéad abairt d’Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 1/2003 idir an toirmeasc ar chairtéil a leagtar síos in Airteagal 101 CFAE agus na forálacha comhfhreagracha sa dlí iomaíochta náisiúnta. I gcás ina gcuireann an t-údarás náisiúnta iomaíochta forálacha an dlí náisiúnta lena dtoirmeasctar cairtéil chun feidhme maidir le comhaontú idir gnóthais a d’fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit de réir bhrí Airteagal 101 CFAE, ceanglaítear leis an gcéad abairt d’Airteagal 3(1) freisin go gcuirfear Airteagal 101 CFAE i bhfeidhm ag an am céanna (breithiúnais an 14 Feabhra 2012, Toshiba Corporation agus páirtithe eile, C‑17/10, EU:C:2012:72, mír 77, agus 13 Nollaig 2012, Expedia, C‑226/11, EU:C:2012:795, mír 18).

54

I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 3(2) de Rialachán Uimh. 1/2003, ní fhéadfaidh toirmeasc ar chairtéil a d’fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm an dlí iomaíochta náisiúnta mura bhfuil sé d’éifeacht acu an iomaíocht a shrianadh de réir bhrí Airteagal 101(1) CFAE (breithiúnas an 13 Nollaig 2012, Expedia, C‑226/11, EU:C:2012:795, mír 19).

55

Is léir ó na forálacha sin, arna léamh i bhfianaise aithris 8 de Rialachán Uimh. 1/2003, nach féidir toirmeasc ar na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe de réir bhrí Airteagal 101(1) CFAE a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an dlí iomaíochta náisiúnta, mura dtoirmeasctar iad freisin de bhua na forála sin. Is é sin le rá, ní fhéadfaidh sé a bheith ina chúis le toradh eile seachas an ceann a eascraíonn as cur bhfeidhm na forála sin.

56

Dá bhrí sin, sa chás go ndéanfadh dhá údarás náisiúnta iomaíochta imeachtaí a thionscnamh i leith na bhfíoras céanna agus go ndéanfadh siad iad a phionósú chun a áirithiú go gcomhlíonfar an toirmeasc ar chairtéil i gcur i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE agus forálacha comhfhreagracha a ndlíthe náisiúnta faoi seach, dhéanfadh an dá údarás sin an cuspóir leasa ghinearálta céanna a shaothrú chun a áirithiú nach ndéanfaí an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh le comhaontuithe, le cinntí ó chomhlachais gnóthas nó le cleachtais chomhbheartaithe fhrithiomaíocha.

57

Sna himthosca sin, ní mór a mheas nach féidir bonn cirt a thabhairt, in aon chás, faoi Airteagal 52(1) den Chairt, le carnadh na n-imeachtaí agus na bpionós, i gcás nach bhfuil aidhmeanna comhlántacha á saothrú acu arb é is cuspóir leo gnéithe éagsúla den iompar céanna de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 52 den bhreithiúnas seo.

58

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an tríú ceist ná nach mór Airteagal 50 den Chairt a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé nach dtoirmeasctar ar údarás iomaíochta de chuid Ballstáit imeachtaí a thabhairt i gcoinne gnóthais agus fíneáil a fhorchur air, más iomchuí, as sárú ar Airteagal 101 CFAE agus ar na forálacha comhfhreagracha den dlí iomaíochta náisiúnta, mar gheall ar iompar a raibh cuspóir nó éifeacht fhrithiomaíoch aige i gcríoch an Bhallstáit sin, sa chás gur luaigh údarás iomaíochta de chuid Ballstáit eile an t-iompar sin cheana féin, i gcinneadh críochnaitheach arna ghlacadh ag an údarás sin, maidir leis an ngnóthas sin, i ndiaidh imeachtaí um shárú ar Airteagal 101 CFAE agus ar fhorálacha comhfhreagracha dhlí iomaíochta an Bhallstáit eile sin, ar choinníoll nach bhfuil an cinneadh sin bunaithe ar chinneadh go bhfuil cuspóir nó éifeacht fhrithiomaíoch aige ar chríoch an chéad Bhallstáit.

An dara ceist

59

I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar an gcéad cheist agus ar an tríú ceist, ní gá breith a thabhairt ar an dara ceist.

An ceathrú ceist

60

Lena ceathrú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 50 den Chairt a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé gur féidir nós imeachta chun dlí na hiomaíochta a fhorghníomhú, nach bhféadfaí, mar gheall ar rannpháirtíocht an pháirtí lena mbaineann sa chlár náisiúnta trócaire, ach sárú ar dhlí na hiomaíochta a dhearbhú, a bheith faoi réir an phrionsabail ne bis in idem.

61

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a choinneáil i gcuimhne, mar is léir ón gcásdlí a luaitear i mír 32 den bhreithiúnas seo, go dtoirmeasctar leis an bprionsabal ne bis in idem, i réimse na hiomaíochta, gnóthas a chiontú nó imeachtaí a thabhairt ina choinne athuair mar gheall ar iompar frithiomaíoch ar gearradh pionós air ina leith nó ar dearbhaíodh nach raibh sé faoi dhliteanas ina leith le cinneadh roimhe seo nach féidir achomharc a dhéanamh ina choinne a thuilleadh.

62

Tá sé mar aidhm ag an bprionsabal ne bis in idem mar sin go dtoirmeasctar gnóthas “a chiontú nó a thriail athuair”, rud a thugann le tuiscint gur ciontaíodh an gnóthas sin nó gur dearbhaíodh nach raibh sé faoi dhliteanas ina leith le cinneadh roimhe seo nach féidir achomharc a dhéanamh ina choinne a thuilleadh. Mar atoradh ar an bprionsabal res judicata, is é an cuspóir atá leis ná deimhneacht dhlíthiúil agus cothroime a ráthú trína áirithiú, nuair a dhéantar imeachtaí a thabhairt ina choinne agus, más iomchuí, é a chiontú, go mbeidh an duine lena mbaineann cinnte nach ndéanfar é a thriail athuair as an gcion céanna. (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Aibreán 2019, Powszechny Zakład Ubezpieczeń na Życie, C‑617/17, EU:C:2019:283, míreanna 29 agus 33).

63

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh tionscnamh imeachtaí coiriúla teacht, mar sin, faoi raon feidhme an phrionsabail ne bis in idem, beag beann ar cé acu an eascraíonn forchur pionóis as na himeachtaí sin nó nach n-eascraíonn.

64

Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mór, de réir chásdlí na Cúirte, Airteagal 101 CFAE agus Airteagail 5 agus 23(2) de Rialachán Uimh. 1/2003 a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn siad, i gcás ina ndéantar a shuíomh go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE, go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta an sárú sin a dhearbhú amháin, ar bhonn eisceachtúil, gan fíneáil a fhorchur i gcás inar ghlac an gnóthas lena mbaineann páirt i gclár náisiúnta trócaire (breithiúnas an 18 Meitheamh 2013, Schenker & Co. agus páirtithe eile, C‑681/11, EU:C:2013:404, mír 50). Chun a áirithiú nach ndéanfar le neamh-fhorchur fíneála faoi chlár náisiúnta trócaire an bonn a bhaint den cheanglas maidir le hAirteagal 101 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go haonfhoirmeach, ní fhéadfar an chóireáil sin a dheonú ach amháin i gcásanna fíor-eisceachtúla, amhail na cásanna sin ina raibh comhar gnóthais cinntitheach chun an cairtéal a bhrath agus a phionósú go héifeachtach (breithiúnas an 18 Meitheamh 2013, Schenker & Co. agus páirtithe eile, C‑681/11, EU:C:2013:404, míreanna 47 agus 49).

65

Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 92 dá Thuairim, ní ráthaítear i gcás ar bith díolúine ó fhíneálacha nó laghdú orthu go huathoibríoch do ghnóthas a dhéanann iarratas ar chlár trócaire.

66

Sna himthosca sin, ní mór a mheas, gan dochar don fhreagra a tugadh ar an gcéad cheist agus ar an tríú ceist ón gcúirt a rinne an tarchur, go bhféadfaidh feidhm a bheith ag an bprionsabal ne bis in idem maidir le nós imeachta chun dlí na hiomaíochta a fhorghníomhú d’ainneoin, mar gheall ar rannpháirtíocht an ghnóthais atá i gceist sa chlár náisiúnta trócaire, gnóthas ar tugadh imeachtaí ina choinne cheana féin i nós imeachta eile inar tugadh cinneadh críochnaitheach, nach féidir leis an nós imeachta nua seo ach sárú ar an gceart sin a dhearbhú.

67

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gceathrú ceist ná nach mór Airteagal 50 den Chairt a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé gur féidir nós imeachta chun dlí na hiomaíochta a fhorghníomhú, ar nós imeachta é nach bhféadfaí, mar gheall ar rannpháirtíocht an pháirtí lena mbaineann sa chlár náisiúnta trócaire, ach sárú ar dhlí na hiomaíochta a dhearbhú ina leith, a bheith faoi réir an phrionsabail ne bis in idem.

Costais

68

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé nach dtoirmeasctar ar údarás iomaíochta de chuid Ballstáit imeachtaí a thabhairt i gcoinne gnóthais, agus fíneáil a fhorchur air, más iomchuí, as sárú ar Airteagal 101 CFAE agus ar na forálacha comhfhreagracha den dlí iomaíochta náisiúnta, mar gheall ar iompar a raibh cuspóir nó éifeacht fhrithiomaíoch aige i gcríoch an Bhallstáit sin, sa chás gur luaigh údarás iomaíochta de chuid Ballstáit eile an t-iompar sin cheana féin, i gcinneadh críochnaitheach arna ghlacadh ag an údarás sin, maidir leis an ngnóthas sin, i ndiaidh imeachtaí um shárú ar Airteagal 101 CFAE agus ar fhorálacha comhfhreagracha dhlí iomaíochta an Bhallstáit eile sin, ar choinníoll nach bhfuil an cinneadh sin bunaithe ar chinneadh go bhfuil cuspóir nó éifeacht fhrithiomaíocha ar chríoch an chéad Bhallstáit.

 

2.

Ní mór Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé gur féidir nós imeachta chun dlí na hiomaíochta a fhorghníomhú, ar nós imeachta é nach bhféadfaí, mar gheall ar rannpháirtíocht an pháirtí lena mbaineann sa chlár náisiúnta trócaire, ach sárú ar dhlí na hiomaíochta a dhearbhú ina leith, a bheith faoi réir phrionsabal ne bis in idem.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.

Top