EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CB0574

Cás C-574/20, Finanzamt Österreich: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 13 Eanáir 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzgericht – an Ostair) – XO v Finanzamt Österreich, ar a dtugtaí Finanzamt Waldviertel roimhe seo (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53 (2) agus Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Slándáil shóisialta – Sochair teaghlaigh – Innéacsú de réir praghsanna – Freagra ar cheist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú ar féidir tátal a bhaint as go soiléir as cásdlí na Cúirte Breithiúnais – Easpa ceangail idir an cheist a tarchuireadh agus an díospóid sna príomhimeachtaí – Ceist do-ghlactha go follasach)

IO C 164, 8.5.2023, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 164/20


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 13 Eanáir 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzgericht – an Ostair) – XO v Finanzamt Österreich, ar a dtugtaí Finanzamt Waldviertel roimhe seo

(Cás C-574/20 (1), Finanzamt Österreich)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53 (2) agus Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Slándáil shóisialta - Sochair teaghlaigh - Innéacsú de réir praghsanna - Freagra ar cheist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú ar féidir tátal a bhaint as go soiléir as cásdlí na Cúirte Breithiúnais - Easpa ceangail idir an cheist a tarchuireadh agus an díospóid sna príomhimeachtaí - Ceist do-ghlactha go follasach)

(2023/C 164/25)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: XO

Cosantóir: Finanzamt Österreich, ar a dtugtaí Finanzamt Waldviertel roimhe seo

An chuid oibríochtúil

1)

Níor léirigh breithniú na chéad cheiste aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, i.e. arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 465/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le hAirteagal 45 CFAE.

2)

Is léir go bhfuil an dara ceist a tharchuir an Bundesfinanzgericht (Cúirt Cónaidhme Fhioscach, an Ostair) le haghaidh réamhrialú do-ghlactha go follasach.


(1)  IO C 35, 1.2.2021


Top