This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CA0463
Case C-463/20: Judgment of the Court (Third Chamber) of 24 February 2022 (request for a preliminary ruling from the Conseil d’État — Belgium) — Namur-Est Environnement ASBL v Région wallonne (Reference for a preliminary ruling — Environment — Directive 2011/92/EU — Assessment of the effects of certain projects on the environment — Directive 92/43/EEC — Conservation of natural habitats — Relationship between the assessment and consent procedure referred to in Article 2 of Directive 2011/92/EU and a national procedure of derogation from the species protection measures provided for in Directive 92/43/EEC — Concept of ‘consent’ — Complex decision-making process — Obligation to conduct an assessment — Material scope — Procedural stage at which public participation in the decision-making process must be guaranteed)
Cás C-463/20: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 24 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Bheilg) – Namur-Est Environnement ASBL v Région wallonne (Iarraidh ar réamhrialú – Comhshaol – Treoir 211/92/AE – Measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal áirithe ar an gcomhshaol – Treoir 92/43/CEE – Caomhnú gnáthóg nádúrtha – Caidreamh idir an nós imeachta measúnachta agus toilithe dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2011/92/AE agus nós imeachta náisiúnta i leith maolú ó na bearta cosanta speiceas de bhun Threoir 92/43/CEE – An coincheap “toiliú” – Próiseas cinnteoireachta casta – Oibleagáid i leith measúnú a dhéanamh – Raon feidhme ábhartha – Céim an nós imeachta nach mór rannpháirtíocht phoiblí sa phróiseas cinnteoireachta a chinntiú)

IO C 165, 19.4.2022, p. 13–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 165, 19.4.2022, p. 11–11
(GA)
19.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 165/11 |
Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 24 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Bheilg) – Namur-Est Environnement ASBL v Région wallonne
(Cás C-463/20) (1)
(Iarraidh ar réamhrialú - Comhshaol - Treoir 211/92/AE - Measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal áirithe ar an gcomhshaol - Treoir 92/43/CEE - Caomhnú gnáthóg nádúrtha - Caidreamh idir an nós imeachta measúnachta agus toilithe dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2011/92/AE agus nós imeachta náisiúnta i leith maolú ó na bearta cosanta speiceas de bhun Threoir 92/43/CEE - An coincheap “toiliú” - Próiseas cinnteoireachta casta - Oibleagáid i leith measúnú a dhéanamh - Raon feidhme ábhartha - Céim an nós imeachta nach mór rannpháirtíocht phoiblí sa phróiseas cinnteoireachta a chinntiú)
(2022/C 165/15)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d'État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Namur-Est Environnement ASBL
Cosantóir: Région wallonne
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní mór Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol, a léiriú amhail go dtagann cinneadh arna ghlacadh faoi Airteagal 16(1) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú, lena gceadaítear d’fhorbróir maolú ó bhearta infheidhme maidir le cosaint speiceas, d’fhonn tionscadal a bhaint amach, de réir bhrí Airteagal 1(2)(a) de Threoir 2011/92, faoi nós imeachta toilithe an tionscadail sin, de réir bhrí Airteagal 1(2)(a) den Treoir sin más rud é, sa chéad áit, nach bhféidir an tionscadal sin a bhaint amach mura bhfaigheann an forbróir an cinneadh sin agus, sa dara háit, má chaomhnaíonn an t-údarás inniúil as an tionscadal sin a údarú an fhéidearthacht a chuid éifeachtaí ar an gcomhshaol a thomhais ar bhealach níos déine ná mar a rinneadh sa chinneadh sin. |
2) |
Ní mór Treoir 2011/92 a léiriú, ag féachaint go háirithe d’Airteagail 6 agus 8 di, amhail, maidir le réamhchinneadh arna ghlacadh lena gceadaítear d’fhorbróir maolú ó bhearta infheidhme maidir le cosaint speiceas, d’fhonn tionscadal a bhaint amach, de réir bhrí Airteagal 1(2)(a) den Treoir sin, nach gá go mbeadh rannpháirtíocht phoiblí ann roimh ré, ar choinníoll go gcinntítear an rannpháirtíocht sin go héifeachtach roimh ghlacadh an chinnidh ag an údarás inniúil le haghaidh thoiliú an tionscadail sin. |