Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0377

    Cás C-377/20: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Servizio Elettrico Nazionale SpA, ENEL SpA, Enel Energia SpA v Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato agus páirtithe eile (Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Ceannasacht – Mí-úsáid – Airteagal 102 CFAE – Tionchar cleachtais ar leas tomhaltóirí agus struchtúr an mhargaidh – Cleachtas eisiatach mí-úsáideach – Cumas cleachtais chun éifeacht eisiatach a imirt – Dul i muinín modhanna seachas iadsan atá bainte le hiomaíocht ar bhonn buanna – Dodhéantacht d’iomaitheoir féideartha atá chomh éifeachtach an cleachtas a athchruthú – Láithreacht rúin fhrithiomaíoch – Oscailt an mhargaidh le haghaidh díol leictreachais don iomaíocht – Aistriú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála idir grúpa cuideachtaí d’fhonn ceannasacht ar mhargadh a fuarthas ó mhonaplacht dhlíthiúil a choinneáil – Iompraíocht na fochuideachta a chur i leith na máthairchuideachta)

    IO C 257, 4.7.2022, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    4.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 257/4


    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Servizio Elettrico Nazionale SpA, ENEL SpA, Enel Energia SpA v Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato agus páirtithe eile

    (Cás C-377/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Iomaíocht - Ceannasacht - Mí-úsáid - Airteagal 102 CFAE - Tionchar cleachtais ar leas tomhaltóirí agus struchtúr an mhargaidh - Cleachtas eisiatach mí-úsáideach - Cumas cleachtais chun éifeacht eisiatach a imirt - Dul i muinín modhanna seachas iadsan atá bainte le hiomaíocht ar bhonn buanna - Dodhéantacht d’iomaitheoir féideartha atá chomh éifeachtach an cleachtas a athchruthú - Láithreacht rúin fhrithiomaíoch - Oscailt an mhargaidh le haghaidh díol leictreachais don iomaíocht - Aistriú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála idir grúpa cuideachtaí d’fhonn ceannasacht ar mhargadh a fuarthas ó mhonaplacht dhlíthiúil a choinneáil - Iompraíocht na fochuideachta a chur i leith na máthairchuideachta)

    (2022/C 257/05)

    Teanga an cháis: an Iodáilis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Consiglio di Stato

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: Servizio Elettrico Nazionale SpA, ENEL SpA, Enel Energia SpA

    Cosantóirí: Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato, ENEL SpA, Servizio Elettrico Nazionale SpA, Eni Gas e Luce Spa, Eni SpA, Axpo Italia SpA, Gala SpA, E.Ja SpA, Green Network SpA, Ass.ne Codici – Centro per i Diritti del Cittadino

    Idiragraithe: Green Network SpA, Associazione Italiana di Grossisti di Energia e Trader – AIGET, Ass.ne Codici – Centro per i Diritti del Cittadino, Associazione Energia Libera, Metaenergia SpA

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Ní mór Airteagal 102 CFAE a léirmhíniú sa chaoi, d’fhonn cleachtas mí-úsáid ceannasachta a shuí, gur leor, d’údarás iomaíochta, a chruthú go bhféadfadh an cleachtas sin dochar a dhéanamh don struchtúr iomaíochta éifeachtaí atá i bhfeidhm ar an margadh i dtrácht, ach amháin má léiríonn an chuideachta cheannasach lena mbaineann go ndéantar frithchothromú, nó fiú sárú, ar na héifeachtaí frithiomaíocha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcleachtas sin le héifeachtaí dearfacha do thomhaltóirí, go háirithe maidir leis an bpraghas, leis an rogha, leis an gcaighdeán agus leis an nuálaíocht.

    2)

    Ní mór Airteagal 102 CFAE a léirmhíniú sa chaoi, d’fhonn nádúr mí-úsáideach d’iompraíocht cuideachta le ceannasacht a chur as an áireamh, nach bhféadfaí a mheas go bhfuil an fhianaise, ina haonar, arna tabhairt ar aird ag an gcuideachta i dtrácht, nach raibh éifeachtaí sriantacha nithiúla ag an iompraíocht sin leordhóthanach. D’fhéadfadh an fhianaise sin a bheith ina comhartha nach bhféadfadh an iompraíocht i dtrácht a bheith in ann éifeachtaí frithiomaíocha a imirt, ach ní mór é sin a shlánú, áfach, le heilimintí eile fianaise d’fhonn an t-éagumas sin a shuí.

    3)

    Ní mór Airteagal 102 CFAE a léirmhíniú sa chaoi nach mór a mheas gurb ann do chleachtas eisiatach mí-úsáideach ag cuideachta le ceannasacht ar bhonn cumas an chleachtais sin éifeachtaí frithiomaíocha a imirt. Ní cheanglaítear ar údarás iomaíochta rún na cuideachta i dtrácht chun fáil réidh lena hiomaitheoirí trí mhodhanna nó trí dhul i muinín acmhainní seachas iadsan lena rialaítear iomaíocht ar bhonn buanna a shuí. Is cúinse fíorasach fianaise de rún den sórt sin, áfach, a d’fhéadfaí a chur san áireamh d’fhonn mí-úsáid ceannasachta a chinneadh.

    4)

    Ní mór Airteagal 102 CFAE a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfadh cleachtas dleathach lasmuigh de dhlí na hiomaíochta, nuair a chuireann cuideachta le ceannasacht i bhfeidhm é, a bheith cáilithe mar “mhíúsáideach”, de réir bhrí na forála sin, dá mba rud é go bhféadfadh sé éifeacht eisiatach a imirt agus go bhfuil sé bunaithe ar úsáid modhanna seachas iadsan atá baint le hiomaíocht ar bhonn buanna. Nuair a chomhlíontar an dá choinníoll sin, is féidir leis an gcuideachta cheannasach lena mbaineann éalú ón gcosc dá bhforáiltear in Airteagal 102 CFAE trína suí go raibh údar oibiachtúil leis an gcleachtas i dtrácht agus agus go raibh sé comhréireach leis an údar sin nó go ndearnadh frithchothromú, nó fiú sárú, air le buntáistí maidir le héifeachtacht a théann chun thairbhe na dtomhaltóirí freisin.

    5)

    Ní mór Airteagal 102 CFAE a léirmhíniú sa chaoi, i gcás ina dtugann fochuideachta amháin nó níos mó a bhaineann le haonad eacnamaíoch faoi mhí-úsáid ceannasachta, gur leor gurb ann don aonad sin chun a mheas go bhfuil an mháthairchuideachta í féin freagrach as an mí-úsáid sin freisin. Ní mór glacadh leis gurb ann d’aonad den sórt sin má tá, an tráth ábhartha, nach mór an caipiteal go léir, ar a laghad, de na fochuideachtaí sin i seilbh, go díreach nó go hindíreach, na máthairchuideachta. Ní cheanglaítear ar an údarás iomaíochta aon fhianaise breise a thabhairt, ach amháin má shuíonn an mháthairchuideachta nach raibh sé de chumhacht aici iompraíocht a fochuideachtaí a shainiú, agus go raibh siadsan ag gníomhú ar bhealach neamhspleách.


    (1)  IO C 348, 19.10.2020


    Top