EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0160

Cás C-160/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Rotterdam – an Ísiltír) – Stichting RookPreventie Jeugd v Staatssecretaris van Volksgezondheid, Welzijn en Sport (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2014/40/AE – Monarú, cur i láthair agus díol táirgi tobac – Tairgí nach gcomhlíonann na huasleibhéil astaíochta – Toirmeasc ar iad a chur ar an margadh – Modh tomhais – Toitíní le scagaire a bhfuil micrea-phoill aerála acu – Tástálacha astaíochtaí bunaithe ar chaighdeáin ISO – Caighdeáin nár foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh – Comhréireacht le ceanglais foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla – Comhréireacht le prionsabal na trédhearcachta)

IO C 165, 19.4.2022, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 165, 19.4.2022, p. 2–3 (GA)

19.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 165/2


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Rotterdam – an Ísiltír) – Stichting RookPreventie Jeugd v Staatssecretaris van Volksgezondheid, Welzijn en Sport

(Cás C-160/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2014/40/AE - Monarú, cur i láthair agus díol táirgi tobac - Tairgí nach gcomhlíonann na huasleibhéil astaíochta - Toirmeasc ar iad a chur ar an margadh - Modh tomhais - Toitíní le scagaire a bhfuil micrea-phoill aerála acu - Tástálacha astaíochtaí bunaithe ar chaighdeáin ISO - Caighdeáin nár foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh - Comhréireacht le ceanglais foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla - Comhréireacht le prionsabal na trédhearcachta)

(2022/C 165/03)

Teanga an cháis: an Ísiltíris

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Rotterdam

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Stichting Rookpreventie Jeugd, Stichting Inspire2live, Rode Kruis Ziekenhuis BV, Stichting ClaudicatioNet, Nederlandse Vereniging voor Kindergeneeskunde, Nederlandse Vereniging voor Verzekeringsgeneeskunde, Accare, Stichting Universitaire en Algemene Kinder- en Jeugdpsychiatrie Noord-Nederland, Vereniging Praktijkhoudende Huisartsen, Nederlandse Vereniging van Artsen voor Longziekten en Tuberculose, Nederlandse Federatie van Kankerpatiëntenorganisaties, Nederlandse Vereniging Arbeids- en Bedrijfsgeneeskunde, Nederlandse Vereniging voor Cardiologie, Koepel van Artsen Maatschappij en Gezondheid, Koninklijke Nederlandse Maatschappij tot bevordering der Tandheelkunde, College van Burgemeester en Wethouders van Amsterdam

Cosantóir: Staatssecretaris van Volksgezondheid, Welzijn en Sport

Idiragraí: Vereniging Nederlandse Sigaretten- en Kerftabakfabrikanten (VSK),

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 3 Aibreán 2014, maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE, a léirmhíniú amhail is go bhforáiltear léi go ndéanfar na huasleibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin ó thoitíní atá beartaithe a chur ar an margadh nó a mhonarú sna Ballstáit, a shocraítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin, a thomhas trí úsáid a bhaint as na modhanna tomhais a dhíorthaítear ó chaighdeáin ISO 4387, 10315, 8454 agus 8243, dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

2.

Níor nochtadh le scrúdú ar an gcéad cheist aon fhachtóir den sórt sin a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise phrionsabal na trédhearcachta, Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 ón gComhairle an 7 Márta 2013 maidir le foilsiú leictreonach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

3.

Níor nochtadh le scrúdú ar cheist 3(a), aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise Airteagal 5(3) de Chreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac.

4.

Níor nochtadh le scrúdú ar cheist 3(b), aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise Airteagal 114(3) CFAE, Chreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac agus Airteagail 24 agus 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

5.

Mura mbeidh Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 in-fhorfheidhmithe i gcoinne daoine aonair, ní mór an modh a úsáidtear chun Airteagal 3(1) den Treoir sin a chur i bhfeidhm a bheith iomchuí, de réir forbairtí eolaíocha agus teicniúla nó caighdeáin arna nglacadh go hidirnáisiúnta, chun leibhéil na n-astaíochtaí a scaoiltear nuair a úsáidtear toitín chun na críche atá beartaithe dó a thomhas, agus bunaithe ar ardleibhéal cosanta do shláinte an duine, go háirithe do dhaoine óga, agus déanfar cruinneas na dtomhas a fhaightear leis an modh sin a fhíorú ag na saotharlanna formheasta agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Treoir sin.


(1)  IO C 222 an 06.07.2020


Top