EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62019TA0330

Cás T-330/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – PNB Banka v BCE (Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa – Airteagal 22 de Threoir 2013/36/AE – Agóid ag BCE i gcoinne cheannach sealúchais cháilitheacha in institiúid chreidmheasa – Túsphointe na tréimhse mheasúnaithe – Idirghabháil BCE le linn céim tosaigh an nós imeachta – Critéir chobhsaíochta airgeadais an fhaighteora bheartaithe agus comhlíonadh na gceanglas stuamachta – Foras réasúnach a bheith ann chun cur i gcoinne an cheannaigh ar bhonn critéar meastóireachta amháin nó roinnt critéar meastóireachta – Airteagal 106 de na Rialacha Nós Imeachta – Iarratas ar éisteacht gan cúis)

IO C 35, 30.1.2023, p. 46–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/46


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – PNB Banka v BCE

(Cás T-330/19) (1)

(Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa - Airteagal 22 de Threoir 2013/36/AE - Agóid ag BCE i gcoinne cheannach sealúchais cháilitheacha in institiúid chreidmheasa - Túsphointe na tréimhse mheasúnaithe - Idirghabháil BCE le linn céim tosaigh an nós imeachta - Critéir chobhsaíochta airgeadais an fhaighteora bheartaithe agus comhlíonadh na gceanglas stuamachta - Foras réasúnach a bheith ann chun cur i gcoinne an cheannaigh ar bhonn critéar meastóireachta amháin nó roinnt critéar meastóireachta - Airteagal 106 de na Rialacha Nós Imeachta - Iarratas ar éisteacht gan cúis)

(2023/C 35/53)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: PNB Banka AS (Ríge, an Laitvia) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)

Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: C. Hernández Saseta, F Bonnard agus V. Hümpfner, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou, A. Nijenhuis agus A. Steiblytė, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ar tugadh fógra ina leith i litir an 21 Márta 2019, lenar chur an institúid sin i gcoinne cheannach sealúchais cháilitheacha in B, a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do PNB Banka AS a chostais féin agus iad siúd arna dtabhú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) a íoc.

3)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 270, 12.8.2019.


Top