Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62019TA0251

    Cás T-251/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Wieland Werke v an Coimisiún (Iomaíocht – Comhchruinnithe – Margadh na dtáirgí rollta agus stiallacha copair agus cóimhiotail copair réamhrollta – Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an comhchruinniu ag luí leis an margadh inmheánach agus Comhaontú LEE – Gealltanais – Margadh ábhartha – Measúnú ar éifeachtaí cothrománacha agus ingearacha an idirbhirt ar an iomaíocht – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Prionsabal an dea-riaracháin – Cearta na cosanta)

    IO C 284, 25.7.2022, p. 23–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/23


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Wieland Werke v an Coimisiún

    (Cás T-251/19) (1)

    (Iomaíocht - Comhchruinnithe - Margadh na dtáirgí rollta agus stiallacha copair agus cóimhiotail copair réamhrollta - Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an comhchruinniu ag luí leis an margadh inmheánach agus Comhaontú LEE - Gealltanais - Margadh ábhartha - Measúnú ar éifeachtaí cothrománacha agus ingearacha an idirbhirt ar an iomaíocht - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Prionsabal an dea-riaracháin - Cearta na cosanta)

    (2022/C 284/27)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Wieland Werke AG (Ulm, an Ghearmáin) (ionadaithe: U. Soltész, C. von Köckritz agus K. Winkelmann, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Berghe, A. Cleenewerck de Crayencour, M. Farley agus F. Jimeno Fernández, Gníomhairí)

    Maidir le:

    Iarratas de bhua Airteagal 263 CFAE maidir le Cinneadh C(2019) 922 final an 5 Feabhra 2019 a chur ar neamhní, ar iarratas é lena ndearbhaítear nach bhfuil comhchruinniú ag luí leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE (Cás M.8900 – Wieland/Aurubis Rolled Products/Schwermetall)

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Wieland-Werke AG na costais a íoc.


    (1)  IO C 213, an 24.6.2019.


    Top