Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62019TA0245

    Cás T-245/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Uzina Metalurgica Moldoveneasca v an Coimisiún (Bearta coimirce – Margadh na dtáirgí iarainn agus cruach – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 – Caingean le haghaidh neamhniú – Leas i gcaingean a thionscnamh – Locus standi – Inghlacthacht – Cóir chomhionann – Prionsabal an ionchais dhlisteanaigh – Prionsabal an dea-riaracháin – Dualgas díchill – Bagairt mhórdhíobhála – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Tionscain imscrúdú coimirce – Dlínse an Choimisiúin – Cearta na cosanta)

    IO C 284, 25.7.2022, p. 23–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/23


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2022 – Uzina Metalurgica Moldoveneasca v an Coimisiún

    (Cás T-245/19) (1)

    (Bearta coimirce - Margadh na dtáirgí iarainn agus cruach - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 - Caingean le haghaidh neamhniú - Leas i gcaingean a thionscnamh - Locus standi - Inghlacthacht - Cóir chomhionann - Prionsabal an ionchais dhlisteanaigh - Prionsabal an dea-riaracháin - Dualgas díchill - Bagairt mhórdhíobhála - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Tionscain imscrúdú coimirce - Dlínse an Choimisiúin - Cearta na cosanta)

    (2022/C 284/26)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Uzina Metalurgica Moldoveneasca OAO (Rîbniţa, an Mholdóiv) (ionadaithe: P. Vander Schueren agus E. Gergondet, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo agus P. Němečková, Gníomhairí)

    Maidir le:

    Lena chaingean de bhua Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí cruach áirithe (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Ordaítear do Uzina Metalurgica Moldoveneasca OAO na costais a íoc.


    (1)  IO C 230, an 8.7.2019.


    Top