Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XG03542

Conclúidí ón gComhairle maidir le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chumhachtú trí phobal meáin sonraíbhunaithe a fhorbairt

ST/9302/2024/INIT

IO C, C/2024/3542, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3542/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3542/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3542

31.5.2024

Conclúidí ón gComhairle maidir le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chumhachtú trí phobal meáin sonraíbhunaithe a fhorbairt

(C/2024/3542)

DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID A LEANAS,

AGUS É Á AITHINT AICI:

1.

Tá an claochlú digiteach ag éirí níos tábhachtaí mar ábhar sa bheartas Eorpach, mar a léirítear i dtionscnaimh, mar shampla, Clár Eoraip na Cruthaitheachta, Clár Beartais don Deacáid Dhigiteach, an Straitéis Thionsclaíoch don Eoraip, an Clár Oibre Scileanna don Eoraip, an Limistéar Eorpach Oideachais agus an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, as ar tháinig Spásanna Sonraí Eorpacha, lena n-áirítear Spás Coiteann Sonraí Eorpach don Oidhreacht Chultúrtha (1) agus an Néal Eorpach don Oidhreacht Chultúrtha faoin gClár Fís Eorpach (2);

2.

Leagtar béim i bPlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Chultúr 2023-2026 (3) ar luach intreach an chultúir, lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha. Sa chomhthéacs sin, leagtar béim sa Phlean Oibre ar an ngá atá le claochlú digiteach a spreagadh in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, leagtar béim ar rannpháirtíocht chultúrtha mar thosaíocht agus áirítear ann beart sonrach chun gur féidir teacht ar ábhar cultúrtha éagsúil Eorpach sa timpeallacht dhigiteach;

3.

Trí fhorbairt a dhéanamh ar an bpobal meáin, tugtar deis le caidrimh fhónta idirghníomhacha a chothú le lucht féachana éagsúil, feabhas a chur ar eispéireas úsáideoirí agus éagsúlacht agus forbairt chultúrtha, comhtháthú sóisialta agus daonlathas a chothú (4). Tá sé mar cheann de na cuspóirí a bheartaítear le Clár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027 dul i bhfeidhm ar phobail mheáin leathana agus éagsúla (5). Tá uirlisí agus treoirlínte nuálacha á bhfiosrú ag earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta chun sonraí maidir le pobail mheáin a bhailiú agus a bhainistiú, chun seirbhísí níos fearr agus níos dírithe ar an úsáideoir a fhorbairt. Is féidir leis sin rannchuidiú freisin le ceapadh beartas fianaisebhunaithe (6). Beidh tuilleadh iarrachtaí comhchoiteanna ag teastáil, áfach.

4.

Tá deis iontach ag teicneolaíochtaí nua an cuimsiú a fheabhsú agus rochtain níos fearr a fháil ar an bpobal meáin reatha agus ar an bpobal meáin a bhféadfaí dul i bhfeidhm air, ach tá eagraíochtaí cultúir ag céimeanna éagsúla den fhorbairt dhigiteach agus tá difríocht idir an úsáid a bhaineann siad as na seirbhísí a chuireann soláthraithe teicneolaíochta ar fáil;

5.

Tá a lán gníomhaithe cultúir ag tabhairt tús áite do thábhacht sonraí ó thaobh tuiscint a fháil ar an bpobal meáin de, é a mhealladh agus a chothú arís tar éis phaindéim COVID-19, a chuir dlús leis an gclaochlú digiteach sa tsochaí (7);

I bhFIANAISE AN MHÉID SEO A LEANAS:

6.

Tá méadú ag teacht ar an méid sonraí is féidir a úsáid ar mhaithe le forbairt a dhéanamh ar an bpobal meáin mar thoradh ar an digiteáil in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Trí shonraí faoin bpobal meáin a ghiaráil tugtar deis d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais agus iompar an phobail meáin, caidrimh fhóinteacha a chothú leo, ábhar agus seirbhísí cultúir nuálacha a shaincheapadh agus gníomhaíochtaí for-rochtana spriocdhírithe a chruthú chun dul i bhfeidhm ar phobal meáin níos leithne agus rannpháirtíocht chultúrtha a uasmhéadú, go háirithe rannpháirtíocht fhisiciúil. Cuirtear éagsúlacht chultúrtha chun cinn san Eoraip leis sin, agus dá bharr, is féidir ionaid chultúir a neartú mar spásanna le haghaidh idirghníomhaíocht shóisialta neamhfhoirmiúil, saor in aisce, atá riachtanach don daonlathas, ar a dtugtar freisin ‘tríú háiteanna’.

7.

Leis an bhforbairt sonraíbhunaithe a dhéantar ar an bpobal meáin, cuirtear deiseanna ar fáil d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta chun féachaint ar shamhlacha nua gnó agus ioncaim bhreise a ghiniúint trí nuálaíocht agus cleachtais chomhoibritheacha.

8.

Tá earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta an-éagsúil, agus áirítear eagraíochtaí, earnálacha agus tionscail leo a fheidhmíonn ar leibhéil éagsúla bheartais agus eagraíochtúla, idir phoiblí agus phríobháideach, lena gcuimsítear léirithe cultúrtha éagsúla, disciplíní ealaíne, céimeanna éagsúla den nuálaíocht dhigiteach agus difríochtaí sa bhonneagar digiteach; ba cheart, dá bhrí sin, cur chuige difreáilte a úsáid nuair a bhítear ag gabháil d’fhorbairt shonraíbhunaithe an phobail meáin.

9.

Chun gur féidir dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gclaochlú digiteach agus maidir le scileanna teicniúla, digiteacha agus cruthaitheacha, beidh ceannaireacht agus fiontraíocht ag teastáil chun leas a bhaint as réitigh shonraíbhunaithe agus as ardteicneolaíochtaí ar nós na hintleachta saorga. Ina theannta sin, ba cheart scileanna digiteacha an phobail meáin a chur san áireamh freisin. Dá bhrí sin, ba cheart féachaint ar chur chuige cuimsitheach agus ar thacaíocht iomchuí d’eagraíochtaí cultúrtha a bhfuil teorainn lena n-acmhainneacht, saineolas agus acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar na deiseanna agus ar na dúshláin a bhaineann leis an gclaochlú digiteach (8);

10.

Bíonn roinnt eagraíochtaí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ag brath ar chuideachtaí teicneolaíochta, ar na meáin shóisialta, ar ardáin nó ar idirghabhálaithe chun pobal meáin a fhorbairt. D’fhéadfadh sé nach roinnfeadh na gníomhaithe margaidh teicneolaíochta sin i gcónaí na sonraí pobal meáin a bhaineann go sonrach le gníomhaíochtaí, le hábhair nó le saothair de chuid earnálacha an chultúir nó na cruthaitheachta. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar chumas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta leas iomlán a bhaint as poitéinseal na digiteála, chomh maith lena n-iomaíochas;

11.

Chuir roinnt Ballstát cistiú chun cláir agus straitéisí digiteála a fhorbairt le haghaidh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta isteach ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta COVID-19 (agus béim á leagan ag roinnt díobh ar rannpháirtíocht). Mar sin féin, d’fhéadfaí dul chun cinn a spreagadh le huaillmhian chomhroinnte i dtaca le comhar níos fearr;

12.

Cuirtear an iliomad deiseanna ar fáil trí shonraí a úsáid ar mhaithe le forbairt agus rannpháirtíocht an phobail meáin, ach ceanglaítear ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta rioscaí agus tionchair na húsáide sin a thuar agus a modhanna oibre a oiriúnú dá réir. Cuirtear ábhair imní dhlíthiúla san áireamh leis sin (cearta maoine intleachtúla, cóipcheart, príobháideachas agus cearta cosanta sonraí pearsanta san áireamh), chomh maith le hábhair imní eiticiúla, inbhuanaitheachta agus éiceolaíocha, agus measúnú cúramach a dhéanamh ar thionchar na hintleachta saorga agus ardteicneolaíochtaí digiteacha eile;

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

13.

Féachaint ar chreataí beartais a fhorbairt agus ar dhálaí a chruthú lena gcothófar agus lena spreagfar cur chuige sonraíbhunaithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach chun sonraí pobail meáin a bhailiú, a chosaint, a bhainistiú agus a úsáid;

14.

Eagraíochtaí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a spreagadh agus tacú leo chun straitéis a fhorbairt maidir le réitigh shonraíbhunaithe mar chuid dá mbeartais chun pobal meáin a fhorbairt. Eagraíochtaí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a spreagadh agus tacú leo chun sonraí maidir leis an bpobal meáin a chomhroinnt agus a úsáid ar bhealach níos cliste agus níos eiticiúla. Is é an aidhm atá ann a áirithiú gur féidir leis na hearnálacha féin cur amach níos fearr a bheith acu ar phobail mheáin nua, iad a shainaithint agus a mhealladh, le go mbeidh sé níos furasta ábhar Eorpach a aimsiú agus go mbeidh an pobal meáin in ann teacht ar sheirbhísí cultúir agus cruthaitheacha atá iomchuí agus éagsúil.

15.

Eagraíochtaí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a spreagadh agus cúnamh a thabhairt dóibh chun páirt a ghlacadh i gcláir ábhartha arna gcistiú ag an Aontas arb é is aidhm dóibh tacú le comhar sonraíbhunaithe agus le réitigh nuálacha in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta;

16.

Scileanna digiteacha eagraíochtaí agus gairmithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chur chun cinn agus forbairt uirlisí idir-inoibritheacha, gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus cláir thacaíochta a éascú chun próisis dhigiteacha in eagraíochtaí a neartú, agus ar an gcaoi sin, iad a chumhachtú chun go mbeidh siad in ann dul i ngleic leis an timpeallacht dhigiteach atá ag athrú ar bhealach éifeachtach;

IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN AGUS AR NA BALLSTÁIT, LAISTIGH DÁ RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT ACU AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

17.

Taighde a spreagadh agus comhar trasearnála agus trasteorann a éascú (mar shampla le leibhéil eile rialtais, lucht acadúla agus gníomhaithe tráchtála) maidir le caighdeáin a fhiosrú agus a úsáid le haghaidh bonneagar digiteach inrochtana bunúsach inbhuanaithe lena gcumasaítear sonraí slána, iontaofa agus idir-inoibritheacha, a chloíonn le rialacha an Aontais maidir le maoin intleachtúil, cóipcheart, sonraí agus cosaint príobháideachais, agus a chuireann leis an mbonneagar atá ann cheana;

18.

Forbairt agus úsáid caighdeán agus creataí a chur chun cinn chun tacú le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus sonraí maidir lena bpobal meáin á mbailiú agus á mbainistiú acu, ionas go dtiocfaidh na sonraí sin le bheith inrochtana, inchomparáide, inúsáidte agus idir-inoibritheach, agus gur féidir, dá bhrí sin, iad a úsáid le haghaidh seirbhísí nua (níos dírithe ar an úsáideoir).

19.

Earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a spreagadh, nuair is féidir, chun sonraí oscailte (9) agus prionsabail sonraí FAIR (10) a úsáid chun tacú le comhroinnt agus cúrsaíocht sonraí, mar a leagtar síos go háirithe sa Treoir maidir le sonraí oscailte agus faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, agus sna prionsabail ‘Mo chuid sonraí féin’ chun ceart an duine aonair rochtain a fháil ar na sonraí a bhailítear faoi a ráthú (11), agus a chuid sonraí a chosaint go héifeachtach ag an am céanna mar shócmhainn iomaíochais ar leis féin í;

20.

Forbairt a spreagadh i ndáil le litearthacht sonraí agus cláir fothaithe acmhainneachta in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta maidir le sonraí a bhailiú, a anailísiú, a chosaint, a bhainistiú agus a rialú; ar mhaithe le straitéis a fhorbairt maidir le húsáid sonraí chun an pobal meáin a fhorbairt agus a bhainistiú; agus chun feasacht agus eolas a mhéadú ar an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha agus conas is féidir é a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs pobal meáin sonraíbhunaithe a fhorbairt, lena n-áiritheofar trédhearcacht i leith pobal meáin a láimhseáiltear a gcuid sonraí íogaire;

21.

Taighde a spreagadh chun leas a bhaint as acmhainneacht na n-uirlisí digiteacha le haghaidh fhorbairt an phobail meáin, lena sainaithneofar treochtaí atá ag teacht chun cinn agus na scileanna a bheidh slán i bhfad na haimsire a bhfuil gá leo in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, chomh maith leis an gcaoi ar féidir na scileanna sin a fhorbairt i gcláir oideachais agus oiliúna gairmiúla as a dtiocfaidh poist sna hearnálacha sin. Ar an leibhéal Eorpach, féadfaidh an Limistéar Eorpach Oideachais, an Clár Oibre Eorpach um Scileanna, an Comhshocrú um Scileanna (12), na Comhaontais Eorpacha um Threoirphleananna agus an tArdán um Scileanna Digiteacha agus Poist (13) rannchuidiú leis sin.;

22.

Comhairliúchán, comhroinnt eolais agus dea-chleachtais agus comhar idir na Ballstáit agus comhpháirtithe ábhartha ar an leibhéal Eorpach a spreagadh maidir le héiceachórais dhigiteacha, straitéisí agus uirlisí digiteacha comhroinnte a fhorbairt agus/nó a chur chun feidhme chun sonraí a bhailiú maidir le rannpháirtíocht agus forbairt pobail meáin, agus eagraíochtaí cultúrtha beaga a bhfuil acmhainní teoranta acu, agus difríochtaí idir na Ballstáit maidir leis an mbonneagar teicneolaíochta atá ar fáil iontu á gcur san áireamh;

23.

Athbhreithniú a dhéanamh ar dhea-chleachtais maidir le sonraí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a bhailiú, a chosaint agus a bhainistiú agus maidir le hanailís a dhéanamh ar rannpháirtíocht agus forbairt pobail meáin agus cruthaitheachta.

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN EORPACH, FAOI CHUIMSIÚ A INNIÚLACHTA AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

24.

I gcás inarb infheidhme, rochtain a bheith ag earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ar chláir Eorpacha seachas an Clár Eoraip na Cruthaitheachta a chur chun cinn, ar chláir iad atá ábhartha don chlaochlú digiteach agus don nuálaíocht agus a bhfuil tacaíocht airgeadais ar fáil dóibh, mar shampla an Clár don Eoraip Dhigiteach, an clár Fís Eorpach agus Clár an Mhargaidh Aonair, lena n-áirítear trí threoraíocht agus faisnéis shoiléir a sholáthar;

25.

Féachaint ar bhealaí chun tionscnaimh trédhearcachta sonraí a spreagadh a thuilleadh chun leasa earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta d’fhonn cur ar a gcumas tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar a gcuid oibre agus a gcuid gníomhaíochtaí agus tógáil ar léargais ábhartha ina bpróisis chruthaitheacha.

26.

Féachaint ar bhealaí chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do riachtanais an chlaochlaithe dhigitigh agus do riachtanais athraitheacha earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, trí úsáid a bhaint as réitigh shonraíbhunaithe agus trí thionscadail dhigiteacha nuálacha a chur chun cinn i dtionscnaimh Eorpacha;

(1)  Moladh ón gCoimisiún maidir le spás coiteann sonraí Eorpach don oidhreacht chultúrtha (IO L 401, 12.11.2021, lch. 5).

(2)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha do rannpháirtíocht agus do scaipeadh, lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(3)  Rún ón gComhairle maidir le Plean Oibre an Aontais don Chultúr 2023-2026 2022/C 466/01 (IO C 466, 7.12.2022, lch. 1).

(4)  Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach dar teideal Culture and Democracy, the evidence. How citizens’ participation in cultural activities enhances civic engagement, democracy and social cohesion: lessons from international research [An Cultúr agus an Daonlathas, an fhianaise: mar a chuireann rannpháirtíocht na saoránach i ngníomhaíochtaí cultúrtha leis an rannpháirtíocht shibhialta, leis an daonlathas agus leis an gcomhtháthú sóisialta: ceachtanna ó thaighde idirnáisiúnta], 2023 agus Cairt Porto Santo (2021).

(5)  Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 34).

(6)  Conclúidí ón gComhairle dar teideal Promoting access to culture through digital means with a focus on audience development [Rochtain ar an gcultúr trí mheáin dhigiteacha a chur chun cinn agus béim ar leith ar fhorbairt an phobail meáin] (2017/C 425/03).

(7)  An tuarascáil ó Voices of Culture dar teideal (Re)-Engaging digital audiences in the cultural sectors: improving audience data [Pobal meáin digiteach a athbhunú in earnáil an chultúir: feabhas a chur ar shonraí maidir leis an bpobal meáin].

(8)  Tuarascáil ón Modh Oscailte Comhordúcháin dar teideal Promoting access to culture through digital means [Rochtain ar chultúr a chur chun cinn trí mheáin dhigiteacha].

(9)  Tagraíonn ‘sonraí oscailte’ do shonraí atá inrochtana go hoscailte, insaothraithe, ineagraithe agus inroinnte. Déantar sonraí oscailte a cheadúnú faoi cheadúnas oscailte a ligeann do dhaoine eile saothar cruthaitheora eile a athúsáid de réir mar is mian leo. Gan ceadúnas speisialta, bíonn cosc ar na húsáidí sin de ghnáth mar gheall ar chóipcheart, paitinn nó ceadúnas tráchtála.

(10)  Tagraíonn ‘prionsabail FAIR’ do threoirlínte idirnáisiúnta maidir le bainistiú sonraí, prionsabail darb aidhm athúsáid sonraí a bharrfheabhsú. Baintear é sin amach trí shonraí a dhéanamh Findable, Accessible, Interoperable and Reusable [inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte]. Is príomhghnéithe de shonraí FAIR iad meiteashonraí agus doiciméadacht shaibhir, agus úsáid a bheith á baint as formáidí comhaid oscailte nó caighdeánacha agus as ceadúnais athúsáide.

(11)  Tagraíonn ‘Mo chuid sonraí’ do chur chuige duinelárnach maidir le bainistiú sonraí pearsanta, lena gcomhcheanglaítear an gá atá ag an earnáil le sonraí agus cearta digiteacha an duine. Is é is sprioc dó sin smacht níos fearr a thabhairt do dhaoine ar a gcuid sonraí pearsanta trí dheis a thabhairt dóibh na cásanna ina n-úsáidtear na sonraí sin a chinneadh.

(12)  Comhpháirtíocht scileanna ar mórscála d’éiceachóras earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Féach an Creative Pact for Skills Manifesto [Forógra maidir leis an gComhshocrú Cruthaitheach um Scileanna] ag https://pact-for-skills.ec.europa.eu/about/industrial-ecosystems-and-partnerships/creative-and-cultural-industries_en

(13)  Féach, mar shampla, tuarascáil 2022 dar teideal Voices of Culture maidir le ‘pobal meáin digiteach a athbhunú in earnáil an chultúir’ agus an Comhshocrú Cruthaitheach um Scileanna.


IARSCRÍBHINN

Tagairtí

Moladh ón gCoimisiún maidir le spás coiteann sonraí Eorpach don oidhreacht chultúrtha (IO L 401, 12.11.2021, lch. 5)

Conclúidí ón gcomhdháil dar teideal European Audiences 2020 and beyond [Lucht Féachana na hEorpa: 2020 agus ina dhiaidh sin] (2012)

Conclúidí ón gComhairle maidir le rochtain ar an gcultúr trí mheáin dhigiteacha a chur chun cinn agus béim ar leith ar fhorbairt an lucht éisteachta/féachana (IO C 425, 12.12.2017, lch. 4)

Rún ón gComhairle maidir le Plean Oibre an Aontais don Chultúr 2023-2026 (IO C 466, 7.12.2022, lch. 1)

Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (an Treoir maidir le Sonraí Oscailte agus Faisnéis ón Earnáil Phoiblí) (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56)

Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach dar teideal Culture and Democracy, the evidence. How citizens’ participation in cultural activities enhances civic engagement, democracy and social cohesion: lessons from international research [An Cultúr agus an Daonlathas, an fhianaise: mar a chuireann rannpháirtíocht na saoránach i ngníomhaíochtaí cultúrtha leis an rannpháirtíocht shibhialta, leis an daonlathas agus leis an gcomhtháthú sóisialta: ceachtanna ó thaighde idirnáisiúnta], 2023

An Straitéis Eorpach maidir le tionsclaíocht: https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/priorities-2019-2024/europe-fit-digital-age/european-industrial-strategy_en

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin Annual Single Market Report 2021 [Tuarascáil Bhliantúil ar an Margadh Aonair 2021] lena sainaithnítear éiceachóras earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta lch. 98-104 (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/TXT/?uri=CELEX%3A52021SC0351)

An Comhshocrú Eorpach um Scileanna: https://pact-for-skills.ec.europa.eu/index_en

Innovation Policy Platform for the Cultural and Creative Industries [Ardán beartais nuálaíochta le haghaidh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta] https://ekipengine.eu/policy-areas/

Tuarascáil ón Modh Oscailte Comhordúcháin dar teideal Promoting access to culture through digital means [Rochtain ar chultúr a chur chun cinn trí mheáin dhigiteacha] (2017)

Paca torthaí ó CORDIS maidir leis an oidhreacht chultúrtha dhigiteach, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2020, https://data.europa.eu/doi/10.2830/941375

Cairt Porto Santo (2021) https://portosantocharter.eu/the-charter

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)

Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

The Cultural Heritage Cloud: https://research-and-innovation.ec.europa.eu/research-area/social-sciences-and-humanities/cultural-heritage-and-cultural-and-creative-industries-ccis/cultural-heritage-cloud_en

Tosaíocht an Choimisiúin Eorpaigh dar teideal ‘Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach’ https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/priorities-2019-2024/europe-fit-digital-age_ga

An tuarascáil ó Voices of Culture dar teideal (Re)-Engaging digital audiences in the cultural sectors: improving audience data [Lucht féachana digiteach a athbhunú in earnáil an chultúir: feabhas a chur ar shonraí lucht féachana] (2022)

Vuylsteke, Devoldere, et al. (2023) Claochlú digiteach earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta in oirchill Uachtaránacht na Beilge ar an Aontas Eorpach in 2024

Sainmhínithe

Chun críocha na gconclúidí seo ón gComhairle, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

Tagraíonn ‘sonraí pobail meáin’ d’fhaisnéis arna bailiú agus arna próiseáil ag eagraíochtaí cultúrtha faoi dhaoine aonair nó faoi ghrúpa daoine ar úsáideoirí (beartaithe) táirgí, gníomhaíochtaí, suíomhanna, seirbhísí nó ábhar cultúrtha iad. D’fhéadfadh faisnéis dhéimeagrafach, sonraí maidir le freastal agus iompraíocht cuairteoirí, idirghníomhaíochtaí agus rannpháirtíocht pobail meáin, sonraí ballraíochta, freagraí suirbhé agus aiseolais, nó faisnéis faoi shainroghanna cultúrtha a bheith san áireamh i sonraí an phobail meáin.

Tagraíonn ‘forbairt pobail meáin’ d’iarrachtaí agus do ghníomhaíochtaí a dhéanann eagraíochtaí cultúrtha chun a bpobail mheáin a chothú, a éagsúlú agus a leathnú darb aidhm engagement, rannpháirtíocht agus nasc a fheabhsú. Is féidir forbairt an phobail meáin a thuiscint ar bhealaí éagsúla, ag brath ar a chuspóirí agus ar a spriocghrúpaí: pobal meáin a mhéadú (pobal meáin a mhealladh leis an bpróifíl shochdhéimeagrafach chéanna leis an bpobal meáin reatha), an caidreamh le pobal meáin a dhoimhniú (eispéiris an phobail meáin reatha a fheabhsú) agus an pobal meáin a éagsúlú (daoine a bhfuil próifíl shochdhéimeagrafach éagsúil acu a mhealladh le bheith sa phobal meáin reatha). Is é atá i gceist leis an bpróiseas sin riachtanais, roghanna agus leasanna an phobail meáin reatha agus phobail meáin a d’fhéadfadh a bheith ann a thuiscint, agus tionscnaimh for-rochtana a chur chun feidhme chun dul i gcion ar phobal meáin níos leithne agus níos éagsúla.

Tagraíonn ‘bonneagar digiteach’ do sheirbhísí agus ardáin chumarsáide, do sheirbhísí stórála, agus d’fheidhmiúlacht bhunúsach bogearraí, do phrótacail agus do chaighdeáin. Ní gá go dtagraíonn bonneagar digiteach don bhonneagar ábhartha agus teicniúil (mar atá cáblaí, líonraí gan sreang, lárionaid sonraí, malartáin idirlín) ach do sheirbhísí agus d’ardáin lena gcumasaítear nascadh agus malartú idir eagraíochtaí cultúrtha.

Tagraíonn ‘idir-inoibritheacht’ do chumas córas faisnéise agus bogearraí sonraí a mhalartú agus úsáid a bhaint as faisnéis chomhroinnte, ar réamhchoinníoll é d’eagraíochtaí cultúrtha chun sonraí maidir leis an lucht féachana a mhalartú agus a úsáid gan bac. Baineann sé le cumas córas bogearraí éagsúil oibriú le chéile, rud a ligeann dóibh na sonraí a chomhroinntear eatarthu a thuiscint, a léirmhíniú agus a úsáid. I dtimpeallacht sonraí idir-inoibritheach, tá córais éagsúla in ann idirghníomhú agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh, rud a áirithíonn gur féidir sonraí a aistriú, a rochtain agus a úsáid ar fud ardáin agus teicneolaíochtaí éagsúla gan fadhbanna suntasacha comhoiriúnachta.

Is spásanna iad ‘tríú háiteanna’ le haghaidh idirghníomhaíocht shóisialta neamhfhoirmiúil shaor atá ríthábhachtach don daonlathas. Maidir le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, d’fhéadfadh músaeim, ionaid phobail, leabharlanna poiblí, siopaí leabhar, amharclanna agus tithe ceoldrámaíochta a bheith san áireamh sna tríú háiteanna sin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3542/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top