Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC05547

    Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh le haghaidh a n-úsáide agus/nó iad a úsáid (Arna foilsiú de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006)

    C/2024/6354

    IO C, C/2024/5547, 23.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5547/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5547/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/5547

    23.9.2024

    Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh le haghaidh a n-úsáide agus/nó iad a úsáid

    (Arna foilsiú de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006  (1) )

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (C/2024/5547)

    Cinneadh lena ndeonaítear údarú

    Uimhir thagartha an chinnidh (2)

    Dáta an chinnidh

    Ainm na substainte

    Sealbhóir an údaraithe

    Uimhir an údaraithe

    Úsáid údaraithe

    Dáta éaga na tréimhse athbhreithniúcháin

    Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

    C(2024) 6354

    16 Meán Fómhair 2024

    trí-ocsaíd chróimiam (CE Uimh. 215-607-8; Uimh. CAS 1333-82-0)

    Ratier-Figeac, Route de Cahors, 46100 Figeac, an Fhrainc

    REACH/24/38/0

    Úsáid thionsclaíoch le haghaidh plátáil cróim fheidhmiúil ar scriúnna mill cruach criticiúla sábháilteachta aerárthaigh a úsáidtear i ngníomhróirí aerárthaigh, chun an cóimheas frithchuimilte a laghdú, agus chun feabhas a chur ar bhuaine, ar fhrithsheasmhacht in aghaidh creimeadh agus ar sheasmhacht, rud a chumasaíonn saol seirbhíse spriocdhírithe

    An 10 Samhain 2033

    I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, na sochair shocheacnamaíocha a bhaineann le húsáid na substainte, is mó iad ná an baol do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann leis an úsáid chéanna, agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann a bheadh oiriúnach.

    REACH/24/38/1

    Úsáid thionsclaíoch le haghaidh anóidiú aigéid chrómaigh ar sparraí alúmanaim mar chéim ullmhaithe dromchla chriticiúil le haghaidh nascadh le lanna liáin criticiúla sábháilteachta chun feidhmíocht nasctha iontaofa a bhaint amach agus chun feabhas a chur ar fhrithsheasmhacht sparraí in aghaidh creimeadh

    An 10 Samhain 2030


    (1)   IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

    (2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5547/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top