Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC04277

    Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoraíocht maidir le creataí infheistíochta comhoibríche le haghaidh tionscadail fuinnimh amach ón gcósta

    C/2024/3998

    IO C, C/2024/4277, 4.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4277/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4277/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/4277

    4.7.2024

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

    Treoraíocht maidir le creataí infheistíochta comhoibríche le haghaidh tionscadail fuinnimh amach ón gcósta

    (C/2024/4277)

    Clár

    I.

    RÉAMHRÁ 2

    I.a.

    Beartas an Aontais agus Rialachán GTE-F 2

    I.b.

    Ann fáth a bhfuil gá le creataí infheistíochta comhoibríche 2

    I.c.

    Raon feidhme na treoraíochta seo 3

    II.

    CLEACHTAÍ COSTAIS IS TAIRBHE LE hAGHAIDH IMCHUACHA FARRAIGE 4

    II.a.

    Anailís costais is tairbhe imchuach farraige mar bhonn leis an gcomhroinnt costais 4

    i.

    Cásanna agus anailísí íogaireachta 5

    ii.

    An cás frithfhíorasach 5

    iii.

    Eangach thagartha 6

    iv.

    Cumraíocht creasa tairisceana 6

    v.

    Atreisithe ar tír 6

    vi.

    Samhaltú costais agus tairbhe 6

    vii.

    Gráinneachtaí ama agus geografacha 7

    viii.

    Torthaí an ACT-IF 7

    II.b.

    Comhroinnt trasteorann neamhcheangailteach costais maidir le himchuacha farraige 7

    i.

    Costais atá le cur san áireamh sa CTC-IF 7

    ii.

    Tairseach shuntais le haghaidh glantairbhithe dearfacha 8

    iii.

    Torthaí an CTC-IF 8

    III.

    MOLTAÍ LE hAGHAIDH MEASÚNUITHE ATÁ SONRACH DON TIONSCADAL 8

    III.a.

    Anailís costais is tairbhe atá sonrach don tionscadal 8

    i.

    An próiseas a bhaineann le ACT-ST a bhunú 8

    ii.

    Cásanna agus anailísí íogaireachta le haghaidh ACT-STanna 9

    iii.

    Cásanna frithfhíorasacha le haghaidh ACT-STanna 9

    iv.

    Cumraíocht creasa tairisceana 10

    III.b.

    Leithdháileadh trasteorann costais atá sonrach don tionscadal 10

    i.

    Tairseach shuntais le haghaidh glantairbhithe dearfacha 10

    ii.

    Ranníocaíochtaí a dhéanann Ballstáit nach Ballstáit óstacha iad 10

    III.c.

    Uirlisí eile lasmuigh de LTCSTanna 11

    i.

    Uirlisí chun éascú a dhéanamh ar úsáid iomlán na huirlise LTCST i gcás tionscadail tarchuir 11

    ii.

    Uirlisí chun bearna leanúnach mhaoinithe a chumhdach 12

    I.   RÉAMHRÁ

    I.a.   Beartas an Aontais agus Rialachán GTE-F

    Dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus dul i gcomhar chun córas fuinnimh níos athléimní a bhaint amach is bonn le Plean RePowerEU an Choimisiúin chun laghdú a chur go pras ar spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise (1). I gcomhréir iomlán leis sin, rinne an tAontas athbhreithniú ar an Treoir maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (2) agus méadaíodh sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite go dtí 42,5 % ar a laghad faoi 2030. Beidh ról ríthábhachtach ag foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta maidir le tacú leis na cuspóirí sin. Cuideoidh siad go mór le spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach agus tá siad le bheith ina bpríomhcholún den mheascán leictreachais a bheidh ann amach anseo agus beidh gá leo chun bogadh i dtreo córas cumhachta atá dícharbónaithe go hiomlán faoi 2040 (3). Trí bhíthin foinsí fuinnimh in-athnuaite, cuirfear freisin le giniúint intíre leictreachais an Aontais, rud a laghdóidh spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise. Cuirfidh siad praghsanna iomaíocha leictreachais ar fáil, mar a léiríodh cheana le torthaí ceantála a bhí ann le déanaí, rud a dtacóidh le hiomaíochas tionsclaíoch na hEorpa agus a chuideoidh le praghsanna inacmhainne a bhaint amach do thomhaltóirí. Ós rud é gur de chineál intíre den chuid is mó é an slabhra soláthair sa lá atá inniu ann agus i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an éileamh, cruthófar deiseanna nua chun poist ardcháilíochta a chruthú agus tabharfar aghaidh ar dhúshláin áitiúla dífhostaíochta san Aontas.

    Baineadh amach an chéad sprioc insoláthartha de chuid Rialachán GTE-F (AE) 2022/869 in 2023, nuair a chomhaontaigh na Ballstáit ar bhonn réigiúnach spriocanna carnacha maidir le foinsí fuinnimh amach ón gcósta thart ar 111 GW faoi 2030 agus 317 GW faoi 2050 (4), ar méadú mór é ar an 19,38 GW de thoilleadh suiteáilte san Aontas faoin mbliain chéanna – 2023. Is dócha go rachaidh an toilleadh ollmhór giniúna atá le suiteáil chun tairbhe d’áiteanna lasmuigh de theorainneacha na mBallstát a óstálfaidh na tionscadail go fisiceach. Dá bhrí sin, beidh gá le tionscadail nua trasteorann, go háirithe idirnascairí hibrideacha – línte tarchuir a nascann foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus a idirnascann na Ballstáit. Ba é sin ceann de na conclúidí ón gcéad leagan de na pleananna forbartha gréasáin amach ón gcósta (PFGACanna) a d’fhorbair agus a d’fhoilsigh ENTSO-E le haghaidh gach ceann de na cúig imchuach farraige san Aontas i mí Eanáir 2024, sprioc insoláthartha eile de chuid GTE-F a chuireann le comhaontuithe réigiúnacha na mBallstát. Féadfar tionscadail shonracha bhonneagair atá comhsheasmhach leis na riachtanais a shainaithnítear sna PFGACanna a bhreithniú ansin laistigh de Phleananna Forbartha Gréasáin Deich mBliana (PFGDBanna) agus a léiriú sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna). An tríú ceanglas comhleanúnach de chuid GTE-F is ea go bhforbróidh an Coimisiún treoraíocht maidir le hanailísí costais is tairbhe agus comhroinnt trasteorann costais chun na PFGACanna a fhorbairt le haghaidh gach imchuach farraige, méid a dtugtar aghaidh air sa doiciméad seo. Ar deireadh, sainordaítear in GTE-F do ENTSO-E torthaí chur i bhfeidhm na treoraíochta seo a chur i láthair den chéad uair faoin 24 Meitheamh 2025. Na comhaontuithe réigiúnacha, na PFGACanna agus torthaí chur i bhfeidhm na treoraíochta maidir le comhroinnt costais, tá siad le tabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. I réimsí áirithe a dtugtar aghaidh orthu sa treoraíocht seo maidir le comhroinnt costais, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le héabhlóid na PFGACanna chun a cuid prionsabal a chur i bhfeidhm ina n-iomláine. D’fhéadfadh gá a bheith le simplithe áirithe, dá bhrí sin, sa chéad leagan den chleachtadh maidir le cur i bhfeidhm na comhroinnte costais atá le déanamh ag ENTSO-E.

    I.b.   Ann fáth a bhfuil gá le creataí infheistíochta comhoibríche

    Eascraíonn an gá le comhroinnt trasteorann costais chun na PFGACanna a fhorbairt as roinnt gnéithe a bhaineann go sonrach le tionscadail amach ón gcósta, ar gá aird ar leith a thabhairt orthu.

    Ar an gcéad dul síos, bíonn leibhéal mór rannpháirtíochta ó na Ballstáit de dhíth chun tionscadal a imscaradh laistigh dá spás farraige mar gheall ar a méid, gníomhaíochtaí eile a bheith ar siúl ar muir agus tionchair trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ann. Glacann Ballstáit páirt i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt trí réamhstaidéir ar dhromchla an ghrinnill agus ar an muirthimpeallacht, trí mheasúnuithe straitéiseacha comhshaoil, trí phleananna spásúla muirí lena roghnaítear limistéir oiriúnacha, trí cheantanna foinsí fuinnimh in-athnuaite, trí léasanna grinnill agus trí spriocanna polaitiúla a fhorbairt le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Ós rud é go bhféadfadh gníomhaíochtaí a dhéanann Ballstát amháin tionchar a bheith acu ar a chomharsana, tá an comhar idir-rialtasach fíor-riachtanach. Mar gheall air sin, ní mór comhar láidir réigiúnach a bheith ann idir na Ballstáit maidir leis na céimeanna éagsúla a bhaineann le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a imscaradh, lena n-áirítear comhar maidir le comhroinnt costais agus tairbhe.

    Ar an dara dul síos, tá comhaontuithe réigiúnacha na mBallstát i dtreo thart ar 317 GW faoi 2050 uaillmhianach, réalaíoch agus riachtanach chun earnáil cumhachta na hEorpa a dhícharbónú faoi 2040. Tá miondealuithe iontu in aghaidh an Bhallstáit lena léirítear an chaoi arbh fhéidir na comhspriocanna a bhaint amach. D’ainneoin sin, d’fhéadfadh sé nach mbeifí in ann cuid de na miondealuithe náisiúnta sin ar spriocanna réigiúnacha a bhaint amach murab ann do na coinníollacha cumasúcháin. Cuirtear na coinníollacha sin ar bun trína áirithiú gur féidir leis an acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a dtacaítear léi le spriocanna polaitiúla an t-éileamh laistigh den réigiún a bhaint amach go héifeachtach, ar bhonn intíre (leictreachas a sholáthar don éileamh traidisiúnta, leictrithe agus nua), ar bhonn trasteorann (trádáil leictreachais trí hibridí agus trí idirnascairí ar tír) agus ar bhonn tiontaithe chuig iompróirí eile fuinnimh (cumhacht a thiontú go X, amhail hidrigin agus amóinia, lena húsáid sa bhaile nó lena honnmhairiú).

    Trí bhíthin comhordú pleanála leordhóthanach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart aghaidh a thabhairt ar chuid de na réimsí sin, go háirithe trí éabhlóidí a dhéanfar amach anseo ar na PFGACanna. Mar sin féin, tá cuid de na coinníollacha cumasúcháin ag brath go mór ar straitéisí agus ar bheartais náisiúnta agus áitiúla, mar shampla maidir leis an tionsclaíocht (e.g. dícharbónú tionscal dianfhuinnimh), an digitiú (e.g. lárionaid sonraí) agus an fuinneamh (e.g. idirnascairí agus hidrigin). Gan na gnéithe sin a bhíonn ag brath go mór ar an éileamh, d’fhéadfadh sé nach bhféadfaí cur in úsáid na spriocanna réigiúnacha maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhaint amach: i gcás nach féidir leis an bhfuinneamh a ghintear an t-éileamh a bhaint amach, d’fhéadfadh na tairbhí a bheadh ann do Bhallstát atá toilteanach tuilleadh tionscadal foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a óstáil a bheith níos lú ná costais imscartha ar deireadh. San am céanna, tá sé ríthábhachtach leas iomlán a bhaint as acmhainní in-athnuaite dúchasacha na hEorpa amach ón gcósta chun an Eoraip agus a cuid réigiún a dhícharbónú. Chuige sin, ní mór teacht ar chomhthuiscint idir na Ballstáit i ngach réigiún maidir leis na himpleachtaí a bheidh ann mar thoradh ar a n-uaillmhianta réigiúnacha maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt, mar aon leis na rioscaí agus na himpleachtaí a bheidh ann mura mbainfear cuid díobh sin amach, agus aon chostas gaolmhar a bheidh ann agus aon tairbhe a chaillfear.

    An tríú gné atá ábhartha is ea inrochtaineacht an ghréasáin leictreachais. Beidh gá le hinfheistíocht shubstaintiúil úrnua in eangacha leictreachais chun nascadh le feirmeacha gaoithe amach ón gcósta, i gcomparáid leis an gcás ar tír, toisc nach ann do ghreillí mogallacha amach ón gcósta go fóill. Sa chás sin, beidh ról bunúsach ag tionscadail hibrideacha toisc go gcumasaítear leo níos mó acmhainneachtaí in-athnuaite a imscaradh, go gcuirtear le slándáil réigiúnach an tsoláthair agus go gcoimeádtar praghsanna faoi smacht. Thairis sin, d’fhéadfadh idirnascaire hibrideach úsáid na sócmhainní tarchuir a mhéadú – agus dá bhrí sín, an luach a bhaineann leis a mhéadú – i gcomparáid le feirm ghaoithe a nasctar go gathach (i.e. a nasctar trí líne dhíreach leis an gcósta) ós rud é go bhfaigheann an fheirm ghaoithe rochtain ar mhargadh breise agus gur féidir leis an idirnascaire hibrideach leanúint de ‘feidhmiú’ mar idirnascaire nuair nach mbíonn mórán gaoithe ann.

    Le gréasán fuinnimh dea-phleanáilte le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta lena mbaintear an úsáid is fearr is féidir as an spás farraige agus talún agus lena gcuirtear an t-idirnascadh chun cinn, laghdófar freisin an tionchar ar an gcomhshaol agus laghdófar costais infheistíochta san eangach chun an méid céanna acmhainneachtaí in-athnuaite a nascadh. Dá bhrí sin, ba cheart plé maidir le comhroinnt costais a bhunú ar phleanáil agus ar anailísí costais is tairbhe lena gcainníochtaítear go hiomchuí luach na n-idirnascairí hibrideacha agus an ról dúbailte a bhíonn acu mar líne nasctha lenar féidir foinsí nua fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chomhtháthú agus mar idirnascaire freisin.

    Chun aghaidh a thabhairt ar na trí ghné sin go tráthúil agus i bhfianaise chastacht na dtionscadal fuinnimh amach ón gcósta, ní mór comhar níos láidre a bheith ann ar an leibhéal réigiúnach, tionscadail nua trasteorann a chur ar bun agus córas cothrom a bheith ann chun costais infheistíochta a leithdháileadh i gcomhréir le leithdháileadh na dtairbhí. Dá bhrí sin, tá gá le creataí infheistíochta comhoibríche lena gcuirfear ar a gcumas do na Ballstáit a gcomhspriocanna a bhaint amach, rud a chinnteoidh go mbeidh na coinníollacha cumasúcháin is gá ann.

    I.c.   Raon feidhme na treoraíochta seo

    Chun na tairbhí ollmhóra a bhaineann le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhaint amach, ní mór aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le teacht ar chomhthoil maidir le dáileadh cothrom na gcostas. I gcás tionscadal trasteorann, comhaontaítear an méid sin go hiondúil trí chaibidlíocht dhéthaobhach. Ba cheart go deimhin an comhaontú deiridh chun costais a leithdháileadh le haghaidh tionscadail amach ón gcósta leanúint de bheith sonrach don tionscadal, i gcás ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe ar fáil. D’ainneoin sin, chun níos mó ná 300 GW a imscaradh sna 25 bliana atá amach romhainn, rud is uaillmhian do na Ballstáit, ní mór cur chuige ó bhun aníos atá sonrach don tionscadal a chomhlánú le measúnuithe ardleibhéil in aghaidh an imchuach farraige chun tacú le tús tráthúil a chur leis an bplé, na páirtithe ábhartha a shainaithint agus a mhealladh agus tuiscint a fháil ar impleachtaí costais a bhaineann leis na pleananna réigiúnacha a chur i gcrích.

    Tá gá le creataí infheistíochta comhoibríche le haghaidh tionscadail amach ón gcósta a bhfuil tábhacht trasteorann leo chun a áirithiú nach ndéantar dochar d’uaillmhianta réigiúnacha. Féachann an treoraíocht seo le cuidiú leis na Ballstáit agus le húdaráis rialála dul i mbun plé maidir le prionsabail chomhair ón am a shainaithnítear riachtanais ghréasáin, rud lena gcuirfear dlús le teacht chun cinn tionscadail nua trasteorann agus lena gcothófar cur chun feidhme comhaontuithe polaitiúla. Le faisnéis luath réigiúnach bunaithe ar phrionsabail choiteanna, tacófar leis na Ballstáit comhaontú a dhéanamh maidir le tionscadail trasteorann fuinneamh amach ón gcósta a iniúchadh agus infheistíocht a dhéanamh iontu, is iad sin idirnascairí hibrideacha agus tionscadail chomhpháirteacha maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.

    Leagtar amach sa treoraíocht seo creat le haghaidh na gcleachtaí nua anailíse costais is tairbhe imchuach farraige (ACT-IF) agus comhroinnte trasteorann costais imchuach farraige (CTC-IF) lena ndéanfar measúnú ar na himpleachtaí a bhaineann le PFGAC a fhorbairt. Cuireann siad leis na PFGACanna agus comhlánóidh siad iad amach anseo, tiocfaidh éabhlóid orthu le himeacht ama chun athruithe pleanála a dhéanfar amach anseo a léiriú, lena n-áirítear comhtháthú tras-veicteora le córais hidrigine, feabhas a chur ar shainaithint na dtairbhí a bhaineann le hibridí, riachtanais treisithe eangaí ar tír agus aon athrú ábhartha eile a bheidh ann amach anseo. Cé go bhfuil na prionsabail a d’fhéadfadh a bheith infheidhme tríd is tríd maidir le forbairtí PFGAC sa treoraíocht seo, féadfar í a thabhairt cothrom le dáta má mheastar gur gá sin i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán GTE-F. Chomh maith le tacú leis an bplé maidir le comhroinnt costais, tacófar leis na Ballstáit trí bhíthin an ACT-IF agus an CTC-IF ó 2026 ar aghaidh sna hathbhreithnithe a dhéanfaidh siad amach anseo ar a spriocanna réigiúnacha maidir le foinsí fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta. Is den tábhacht freisin é a chur i dtábhacht nach bhfuil impleachtaí ceangailteacha ag an CTC-IF ar chinntí leithdháilte costais trasteorann atá sonrach don tionscadal (LTCST), arb iad an phríomhuirlis i gcónaí iad chun caibidlíocht comhroinnte infheistíochta iarbhír a dhéanamh i gcás Tionscadail Leasa Choitinn (TLC) agus Tionscadail Leasa Fhrithpháirtigh (TLF) chomh maith le tionscadail chomhpháirteacha giniúna fuinnimh in-athnuaite.

    Leis an treoraíocht seo, féachtar freisin ar ghnéithe d’anailísí costais is tairbhe agus de chuir chuige comhroinnte costais atá sonrach don tionscadal. Soláthraítear inti moltaí, lena bhforlíontar an Treoraíocht ón gCoimisiún maidir le comhroinnt costais is tairbhe i dtionscadail trasteorann foinsí fuinnimh in-athnuaite (5) agus Moltaí ACER maidir le dea-chleachtais chun déileáil le hiarrataí ar infheistíocht (lena n-áirítear LCTanna) le haghaidh TLCanna (6). I gcomhréir le hAirteagal 16(11) de GTE-F, ba cheart do ACER a áirithiú go mbreithneofar go comhsheasmhach na prionsabail a shonraítear sa treoraíocht seo ón gCoimisiún in aon nuashonrú a dhéanfar amach anseo ar a Moltaí. Ar deireadh, féachtar trí bhíthin na treoraíochta ar na deiseanna a bhaineann le huirlisí nua infheistíochta comhoibríche le haghaidh tionscadail fuinnimh amach ón gcósta a bhfuil ábharthacht trasteorann leo, i gcás sócmhainní tarchuir agus giniúna araon.

    II.   CLEACHTAÍ COSTAIS IS TAIRBHE LE hAGHAIDH IMCHUACHA FARRAIGE

    Ceanglaítear ar ENTSO-E measúnuithe costais is tairbhe agus measúnuithe comhroinnte costais a dhéanamh le haghaidh gach ceann de na cúig chonair tosaíochta eangaí amach ón gcósta de chuid TEN-E ar bhonn PFGACanna a forbraíodh cheana, i.e. le haghaidh na mBallstát sin ag a bhfuil uaillmhianta i dtaobh foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Dá bhrí sin ní mór na Ballstáit sin a bhaineann le gach conair tosaíochta eangaí amach ón gcósta atá i gceist a chur san áireamh sa ACT-IF agus sa CTC-IF, is iad sin:

    Conair eangacha amach ón gcósta na Mara Thuaidh: BE, DE, DK, FR, IE, LU, NL, SE

    Eangacha amach ón gcósta an Phlean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach (BEMIP): DE, DK, EE, FI, LV, LT, PL, SE

    Eangacha amach ón gcósta an Deiscirt agus an Iarthair: EL, ES, FR, IT, MT, PT

    Eangacha amach ón gcósta an Deiscirt agus an Oirthir: BG, CY, EL, HR, IT, RO, SI

    Eangacha amach ón gcósta an Atlantaigh: ES, FR, IE, PT

    Dá bhrí sin, cumhdaítear Ballstáit ábhartha na n-imchuach farraige ar leith le raon feidhme geografach na gcleachtaí. Ar choinníoll go bhfuil leas ann, i gcásanna eisceachtúla agus má tá údar cuí leis, d’fhéadfaí Ballstáit bhreise, lena n-áirítear Ballstáit thalamhiata, nó tríú tíortha a chur san áireamh sna cleachtaí, rud ar ghá measúnú a dhéanamh air ar bhonn cás ar chás.

    II.a.   Anailís costais is tairbhe imchuach farraige mar bhonn leis an gcomhroinnt costais

    Le hanailís costais is tairbhe, tacaítear le lucht ceaptha beartas tuiscint a fháil ar na torthaí a mheastar a bheidh ann dá gcuirfí plean nó tionscadal i gcrích, agus bíonn sí ina bonn eolais le plé idir na páirtithe lena mbaineann. Tagraíonn an ACT-IF don chinntiú costas agus tairbhí a bhaineann le PFGAC a chur i gcrích, rud lena gcuirtear na Ballstáit ar an eolas faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a n-uaillmhianta maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.

    i.   Cásanna agus anailísí íogaireachta

    Tá gach ACT-IF le déanamh agus úsáid á baint as na cásanna comhpháirteacha is déanaí a leagtar síos i gcreat an Phlean Forbartha Gréasáin Deich mBliana (PFGDB) i gcomhréir le hAirteagal 12 de GTE-F. Nuair a úsáidtear roinnt cásanna, cuidítear le cúinsí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chur san áireamh, mar shampla, éileamh níos mó a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar ionchais éagsúla i gcás, mar shampla, na leictrea-shoghluaisteachta nó na lárionad sonraí, nó i gcás solúbthacht a bheith ar fáil. Ní mór spriocanna réigiúnacha na mBallstát maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chur san áireamh i gcásanna uile an PFGDB, agus d’fhéadfaí luachanna difriúla laistigh de na raonta a léirítear sna comhaontuithe a mheas sna cásanna difriúla.

    Ba cheart aghaidh a thabhairt ar neamhchinnteachtaí go príomha trí úsáid a bhaint as cásanna comhpháirteacha éagsúla an PFGDB seachas trí bhíthin anailísí íogaireachta. Beidh stóinseacht níos mó ann ar leibhéal an phlean, i dtaobh raonta feidhme móra geografacha agus ama, mar gheall go príomha ar roinnt cásanna a chur san áireamh. D’fhéadfadh íogaireachtaí maidir le hathróga aonair a bheith ábhartha ar leibhéal an tionscadail.

    ii.   An cás frithfhíorasach

    Is éard atá sa chás frithfhíorasach an cás malartach a gcuirtear na tairbhí agus na costais a bhaineann le cur i gcrích an PFGAC i gcomparáid leis, i.e. cén fhorbairt réalaíoch eile a d’fhéadfadh a bheith ann seachas an ceann a chuirtear i láthair sa PFGAC. Leis sin, is féidir an breisluach a bhaineann le cur i gcrích an PFGAC agus na féidearthachtaí comhair a shainaithnítear ann a chinneadh. I gcás gach ACT-IF, ba cheart a bhreithniú, trí bhíthin na gcásanna frithfhíorasacha, a mhéid is féidir iomláine na spriocanna réigiúnacha maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a imscaradh go réalaíoch gan chomhar. Mar shampla, is dócha go mbeadh roinnt feirmeacha gaoithe a nascfaí go gathach róchostasach thar achar áirithe, agus go mbeadh hibridí de dhíth chun go gcuirfí suim thráchtála iontu. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé nach nasc gathach a bheadh sa rogha mhalartach ar thionscadal hibrideach áirithe ach go bhfaighfí réidh le haon tionscadal ar chor ar bith. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh laghdú ar an tsuim a bheadh ag Ballstát óstach san fhuinneamh breise a ghintear amach ón gcósta a chur ar ceant mura mbunaítear idirnascairí nua ar tír lena n-áirithítear gur féidir leis an leictreachas breise lárionaid mhóra éilimh a bhaint amach. Sa chás sin, ba cheart laghdú páirteach ar na hacmhainneachtaí giniúna amach ón gcósta atá le himscaradh a chur san áireamh sa chás frithfhíorasach.

    Níl sé simplí, mar sin féin, an fhorbairt mhalartach réalaíoch sin, is é sin an cás frithfhíorasach, a chinneadh. Agus spriocanna réigiúnacha maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta á leagan síos, tugann na Ballstáit aird ar leith ar na bacainní atá ann, mar shampla, an acmhainneacht ghaoithe amach ón gcósta atá ar fáil, an spás mara atá ar fáil, limistéir faoi chosaint comhshaoil a bheith ann, tacaíocht phoiblí, etc. Tugtar breac-chuntas sna PFGACanna ansin ar an mbonneagar trasteorann (agus gathach) tarchuir is gá chun go mbeifear in ann na huaillmhianta atá acu a fhíorú. Ní mór a chur san áireamh sa chás frithfhíorasach, d’uirseasa an chomhair a nglactar leis sa PFGAC go mbeidh sé ann, go gcuirfear srian breise mar thoradh ar na bacainní sin ar an acmhainneacht amach ón gcósta is féidir a imscaradh. Tá srianta ar éileamh, idir shrianta intíre agus srianta trasteorann, go háirithe, ríthábhachtach chun cainníochtú a dhéanamh ar an méid den chás fíorasach nach bhfuil réadúil gan tionscadail nua trasteorann. Os cionn leibhéal áirithe imscartha giniúna amach ón gcósta, gan chomhar, d’fhéadfadh luach imeallach feirmeacha gaoithe nua amach ón gcósta a bheith teoranta i bhfianaise na n-ionchas atá ann i dtaobh éileamh intíre i mBallstát an imscartha, agus i bhfianaise na ndeiseanna trádála atá ar fáil cheana ag baint úsáid as bonneagar trasteorann fuinnimh atá ann cheana chomh maith.

    Ós rud é go bhfuil na Ballstáit freagrach as an uaillmhian a chinneadh, foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a shuíomh agus an fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a chur ar ceant, beidh príomhról acu freisin maidir le measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bheidh ann i dtéarmaí uaillmhianta réigiúnacha maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhaint amach in éagmais bonneagar nua trasteorann mar a shainaithnítear sa PFGAC barrfheabhsaithe. Dá bhrí sin, le haghaidh an cháis fhrithfhíorasaigh, ba cheart do na Ballstáit ionchur a sholáthar freisin maidir leis na hionchais atá acu i dtaobh spriocanna maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta is féidir a bhaint amach faoi choinníollacha srianta onnmhairiúcháin, agus iad ag leanúint de bheith uaillmhianach agus ag iarraidh teacht ar chur chuige comhleanúnach i ngach réigiún. Sa chás frithfhíorasach, ba cheart glacadh le tionscadail a nascfar go gathach suas go dtí an leibhéal giniúna a mheastar a bheith réalaíoch agus ba cheart glacadh leis nach mbeidh aon tionscadal eile ann os cionn na tairsí sin.

    D’fhéadfadh ardluach a bheith ar chleachtadh den sórt sin le haghaidh na mBallstát ós rud é gur féidir a áirithiú trína bhíthin nach amháin go ndéantar measúnú ar an ACT-IF le cás frithfhíorasach iomchuí, ach go dtuigtear spleáchas a n-uaillmhianta maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta ar chomhar polaitiúil réigiúnach torthúil. Thairis sin, mar is amhlaidh i gcás na spriocanna réigiúnacha maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, d’fhéadfadh impleachtaí trasteorann eascairt as cinneadh na coda de na spriocanna sin nach féidir a bhaint amach agus, dá bhrí sin, ba cheart é a dhéanamh ar bhonn réigiúnach más féidir bunaithe ar mheasúnuithe náisiúnta agus ar phrionsabail a chomhaontaítear. D’fhéadfadh na Grúpaí Ardleibhéil (7) nó Grúpaí Réigiúnacha GTE-F a bheith ina bhfóraim chun tacú leis an bpróiseas sin. I bhfianaise srianta ama atá ann, beidh gá leis an gcás frithfhíorasach a shimpliú le haghaidh an chéad leagain den ACT-IF.

    iii.   Eangach thagartha

    Is éard atá san eangach thagartha an gréasán bonnlíne a mheastar a bheidh ann faoin tréimhse ama ar leith ar a ndéantar anailís sa ACT-IF. Samhlaítear costais agus tairbhí le haghaidh an cháis fhíorasaigh (PFGAC) agus le haghaidh an cháis fhrithfhíorasaigh, agus úsáidtear an eangach thagartha sin mar an gréasán ar féidir an cás fíorasach nó an cás frithfhíorasach a chur leis nó a bhaint de. Ba cheart an eangach thagartha a úsáidtear le haghaidh na ACT-IFanna uile a bheith ag teacht, i gcás gach tréimhse ama ar leith, leis an tsamhail uile-Aontais a úsáidtear le haghaidh ACTanna atá sonrach do tionscadal an PFGDB, rud lena n-áirithítear comhsheasmhacht le measúnuithe uile-chórais an PFGDB chomh maith le breithniú tionscadal agus riachtanas eile imchuach farraige.

    iv.   Cumraíocht creasa tairisceana

    D’fhéadfadh tionchar a bheith ag cumraíocht an chreasa tairisceana ar an leithdháileadh tairbhí idir na Ballstáit. I gcás riachtanais idirnascairí hibrideacha a shainaithnítear in PFGACanna, ba cheart cumraíocht creasa tairisceana amach ón gcósta a úsáid san ACT-IF le haghaidh na giniúna nasctha, mar go ndéanann sí léiriú níos fearr ar na coinníollacha gréasáin laistigh de na próisis ríofa agus leithdháilte toillte (8).

    v.   Atreisithe ar tír

    Chun PFGACanna a chur i gcrích, beidh gá le hatreisithe substaintiúla eangaí ar tír, agus beidh costais chomhfhreagracha ag gabháil leis sin chomh maith le tairbhí amhail ciorrúchán laghdaithe. Ba cheart measúnuithe atreisithe ar tír a bheith ina gcuid den ACT-IF le haghaidh na mBallstát sin sa raon feidhme in aghaidh an imchuach farraige. Baineann dúshlán samhaltaithe le sainaithint na n-atreisithe is gá chun na PFGACanna a chur i gcrích, ós rud é go bhféadfadh atreisiú ar tír a shainaithnítear sa PFGAC a bheith ag teastáil freisin le haghaidh riachtanas eile córais ar tír. Mar sin féin, mura gcuirfí na costais agus na tairbhí a bhainfeadh le riachtanais atreisithe ar tír san áireamh, ní bheadh ach léargas teoranta ag na Ballstáit ar na hiarmhairtí a bhainfeadh le PFGACanna a fhorbairt agus d’fhéadfaidís a bheith ina bhfachtóir cinntitheach chun an tsuim ina n-imscaradh a dhearbhú, ós rud é go mbaineann sé leis an gcinnteacht go mbainfidh an leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta an t-éileamh amach. I gcás riachtanais fhorluiteacha maidir le hatreisiú eangaí ar tír, idir na riachtanais a eascraíonn as comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus riachtanais a eascraíonn as riachtanais eile atreisithe ar tír, níor cheart a áireamh ach an chuid sin de na riachtanais atreisithe ar tír is féidir a shainaithint go soiléir mar riachtanais atá ann mar gheall ar riachtanais atreisithe amach ón gcósta, agus mar gheall orthu sin amháin. Ba cheart a bhreithniú freisin go mbeadh gá níos mó le foinsí fuinnimh in-athnuaite ar tír dá mbeadh imscaradh níos lú foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta ann mar gheall ar chomhar níos lú, rud a d’fhéadfadh méadú a chur ar riachtanais atreisithe eagnaí ar tír ar an gcaoi chéanna.

    Ba cheart do ENTSO-E faisnéis thrédhearcach a sholáthar maidir leis na toimhdí a dhéantar chun na riachtanais atreisithe a bhaineann le hacmhainneachtaí giniúna amach ón gcósta a idirdhealú. I gcás inar gá, ba cheart do ENTSO-E treoir a lorg ó na Grúpaí Ardleibhéil nó ó Ghrúpaí Réigiúnacha GTE-F.

    vi.   Samhaltú costais agus tairbhe

    Ba cheart na tairbhí seo a leanas a bhaineann le PFGDB ar a laghad a chur san áireamh sna tionchair a ndéantar measúnú orthu faoi ACT-IF: leas socheacnamaíoch, inathraitheacht CO2, astaíochtaí nach astaíochtaí CO2 iad (lena n-áirítear truailleáin aeir), leordhóthanacht córais agus comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite. A mhéid is féidir, ba cheart measúnú a dhéanamh ar na tionchair ar an mbithéagsúlacht agus ar sheachtrachtaí ábhartha eile comhshaoil (e.g. an truailliú). Laistigh de sin, is léir go dtéann imscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta chun tairbhe d’fhorbairt bonneagair hibridigh agus ghathaigh tarchuir amach ón gcósta. Beidh tairbhe ag baint le línte hibrideacha tarchuir freisin maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite ar tír a chomhtháthú, i bhfianaise an róil atá acu mar idirnascairí. Thairis sin, trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcás frithfhíorasach mar a tuairiscíodh cheana, cainníochtaítear tairbhí giniúna amach ón gcósta nach mbainfí amach seachas sin.

    Ba cheart na costais a bhunú ar chaiteachas caipitiúil go príomha i gcás inar féidir. Níor cheart ach costais tarchuir a chur san áireamh i.e. costais nach costais ghiniúna, a mbíonn cúinsí tráchtála ina gcúis leo agus nach bhfaightear amach fúthu ach trí thairiscintí a bhaineann go sonrach le tionscadal, agus meastar gurb iad na tairbhí ábhartha iad siúd a tuairiscíodh thuas. Níor cheart do ENTSO-E meastachán a dhéanamh ar chostais infheistíochta i bhfeirmeacha gaoithe amach ón gcósta atá ann faoi láthair ná ar éabhlóidí ar na costais sin a bheidh ann amach anseo. Ba cheart measúnú a dhéanamh san ACT-IF ar na sócmhainní tarchuir uile a shainaithnítear sa PFGAC. D’fhéadfadh costais oibriúcháin a bheith ina gcuid mhór de na costais fhoriomlána a bhaineann le PFGACanna a chur i gcrích, ach is minic a bhaineann siad le dearaí atá sonrach don tionscadal, mar shampla caillteanais ghréasáin nó cothabháil gréasáin agus d’fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair measúnú leormhaith a dhéanamh orthu ar leibhéal imchuach na farraige. D’fhéadfadh imscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta difear a dhéanamh do chothromú riachtanas cúlchiste freisin, ach d’fhéadfadh sé nach mbeadh ACT-IFanna feiliúnach le haghaidh measúnuithe den sórt sin. Maidir leis sin, ba cheart d’oibreoirí córais tarchuir (OCTanna) cuimhneamh ar iarraidh ar na Lárionaid Comhordúcháin Réigiúnaigh measúnuithe tiomnaithe a dhéanamh lena mbreithnítear an ghiniúint amach ón gcósta ina gcúraimí maidir le méidniú agus soláthar réigiúnach. Ba cheart do ENTSO-E measúnú a dhéanamh ar cé na costais oibriúcháin a d’fhéadfaí a chomhtháthú go láidir in ACT-IFanna. Trí dhul i gcomhar maidir le tionscadal trasteorann nithiúil, d’fhéadfadh sé gur mhian leis na Ballstáit aon chostas oibriúcháin ábhartha thar na costais sin a dtugann ENTSO-E aghaidh orthu ar leibhéal an imchuach farraige a chur san áireamh san ACT ar leith atá sonrach don tionscadal.

    vii.   Gráinneachtaí ama agus geografacha

    Méadaíonn na leibhéil riosca a bhaineann leis na PFGACanna a chur i gcrích le himeacht ama, e.g. d’fhéadfadh torthaí pleanála athrú de réir mar a tharlaíonn forbairtí eile sa tír, nó d’fhéadfaí tionscadail mhalartacha a shainaithint. Mar gheall ar chastachtaí ama-riosca den sórt sin, dá bhrí sin, ní mór idirdhealú ama a bheith ann. Ba cheart an ACT-IF a dhéanamh le haghaidh 2040 agus 2050. I bhfianaise an mhéid ama is gá chun tionscadal fuinnimh amach ón gcósta a fhorbairt, agus mar gheall ar an am a fhoilseofar na chéad ACT-IFanna, níor cheart measúnuithe 2030 a dhéanamh ós rud é nach soláthróidís aon fhaisnéis úsáideach do na Ballstáit.

    Ba cheart torthaí ACT-IFanna a chinneadh ina n-aonar in aghaidh an Bhallstáit chomh maith lena gcinneadh ar bhealach comhiomlánaithe in aghaidh an imchuach farraige. Leis sin, soláthraítear na huirlisí do na Ballstáit i réigiún chun go mbeidh siad in ann glantairbhithe de chur chun feidhme PFGACanna a shainaithint agus, ar a seal, chun tús a chur le coincheapú tionscadal lena dtugtar páirt do na Ballstáit os cionn na mBallstát sin a óstálann na tionscadail go fisiceach. Cuirtear ar a gcumas dóibh freisin plé comhpháirteach a dhéanamh ar na himpleachtaí ardleibhéil a bhaineann le PFGAC a chur i gcrích. Níos faide anonn sa phlé atá sonrach don tionscadal, d’fhéadfaí a mheas nach mbaineann cuid de na Ballstáit a breithníodh ar dtús bunaithe ar thorthaí an ACT-IF aon tairbhe as an tionscadal atá i gceist (agus gur dócha go mbainfeadh siad tairbhe as tionscadail eile de chuid an PFGAC). An tráth céanna, is féidir na Ballstáit sin a bhaineann tairbhe as a shainaithint agus a chur san áireamh go luath sa phróiseas, rud a íoslaghdaíonn na rioscaí a bhaineann le cliseadh rannpháirteachais deireanach i bpróiseas leithdháilte costais atá sonrach do thionscadal.

    viii.   Torthaí an ACT-IF

    Ba cheart ról iomchuí a bheith ag na OCTanna agus na húdaráis rialála náisiúnta (ÚRNanna) ábhartha, ag ACER agus ag an gCoimisiún i gcleachtaí ACT-IF ENTSO-E. Ba cheart do ENTSO-E a thorthaí a chur faoi bhráid chonairí eangaí tosaíochta amach ón gcósta GTE-F, sna grúpaí réigiúnacha ar leith nó, i gcás inarb ábhartha, sna Grúpaí Ardleibhéil. Ba cheart na torthaí a sholáthar ina euro le haghaidh meastachán is fearr is féidir a dhéanamh ar chás PFGDB, lena dtaispeántar raonta éiginnteachta a léiríonn cásanna comhpháirteacha eile PFGDB. Ba cheart na Ballstáit a mbíonn glantionchar dearfach agus glantionchar diúltach orthu a shainaithint leis an ACT-IF. Ba cheart achoimre a bheith ann freisin ar na riachtanais uile bhonneagair chun PFGAC a fhorbairt, agus, a mhéid is féidir, an tionchar a bhíonn acu ar thorthaí an ACT-IF.

    Chun an plé réigiúnach a éascú a thuilleadh, ba cheart do ÚRNanna i réigiún measúnú a dhéanamh ar an gcleachtadh ACT-IF a rinne ENTSO-E agus, i gcás inarb ábhartha, tacaíocht a thabhairt dá thorthaí. Féadfaidh sé sin cuidiú le tacaíocht agus tiomantas rialála roimh ré a chothú, rud a laghdaíonn aighneas agus an méid ama a chaitear ar chéimeanna atá sonrach don tionscadal. Thairis sin, ba cheart do ACER breithniú a dhéanamh ar thuairim a thabhairt do na ACT-IFanna uile.

    I gcás ina léiríonn ACT-IF torthaí dearfacha le haghaidh riachtanais áirithe bonneagair trasteorann, ba cheart staidéar breise a dhéanamh orthu sin. Mar sin, ba cheart coinne a bheith leis go gcuirfear measúnuithe atá sonrach don tionscadal san áireamh i bpleananna réigiúnacha infheistíochta (i.e. staidéir tionscadail) nó sa PFGDB.

    II.b.   Comhroinnt trasteorann neamhcheangailteach costais maidir le himchuacha farraige

    Trí bhíthin an CTC-IF, ba cheart faisnéis faoi bhreithnithe comhroinnte costais a sholáthar, ar an leibhéal réigiúnach, ar bhonn na gcostas agus na dtairbhí a bhaineann le PFGACanna a chur i gcrích. Tá toradh an chleachtaidh seo faisnéiseach agus táscach, gan leithdháileadh iarbhír costas a bheith mar thoradh air.

    i.   Costais atá le cur san áireamh sa CTC-IF

    Na riachtanais ghréasáin uile is gá chun uaillmhianta réigiúnacha maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhaint amach, trí na riachtanais ghréasáin sin a chur san áireamh san ACT-IF, cuirtear é ar a gcumas do na Ballstáit (agus do OCTanna agus don slabhra soláthair) an fhaisnéis is gá a bhaint faoi riachtanais chomhair, méideanna trealaimh, táscanna maidir leis na tairbhí a bhaineann le tionscadail trasteorann tarchuir a fhorbairt chun acmhainneachtaí amach ón gcósta nach bhféadfaí a chumasú gan iad agus faisnéis eile atá ábhartha le haghaidh athbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na spriocanna réigiúnacha maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.

    Maidir leis an gcomhroinnt costais, níor cheart ach fothacar de na riachtanais bhonneagair a áirítear in PFGAC agus ACT-IF a bheith faoi réir chleachtadh an CTC-IF: na riachtanais sin lena mbaineann ábharthacht shoiléir trasteorann. I gcás riachtanais bonneagair hibridigh, áirítear leis sin an córas tarchuir eangaí amach ón gcósta ó na láithreáin giniúna fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta chuig dhá Bhallstát nó níos mó ná sin. D’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt riachtanais bonneagair nasctha ghathaigh ábhartha freisin don chomhroinnt costais. Is amhlaidh a bheadh an cás, go háirithe más cuid de riachtanas bonneagair iad a shainaithníonn PFGAC mar riachtanas a bheidh hibrideach amach anseo. Beidh roinnt atreisithe eangaí ar tír ábhartha freisin chun PFGACanna a fhorbairt agus beidh ábharthacht shoiléir trasteorann ag baint leo. Chun cothroime a áirithiú sa phlé maidir le comhroinnt costais a bhaineann le comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, ba cheart iad sin a áireamh i bprionsabal freisin i gcleachtadh an CTC-IF, a mhéid is féidir modheolaíocht iomchuí a leagan síos mar a thuairiscítear thuas.

    Trí na riachtanais bhonneagair sin atá ábhartha go soiléir le haghaidh comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus lena mbaineann suntas trasteorann a chur san áireamh i raon feidhme an CTC-IF, agus na riachtanais sin amháin, is féidir leis na Ballstáit laistigh de réigiún a shainaithint cé na riachtanais bhonneagair is dóichí a bheidh ábhartha do dhearadh tionscadal nithiúil trasteorann i dtréimhse áirithe ama (2040 nó 2050) agus tar éis caibidlíocht a dhéanamh maidir le leithdháileadh costais. Cuideoidh sé sin le raon feidhme grúpaí féideartha tionscadal a bheidh le cuachadh a shainiú go luath roimh ré agus le rannpháirteachas tráthúil ÚRNanna agus OCTanna.

    ii.   Tairseach shuntais le haghaidh glantairbhithe dearfacha

    Bíonn impleachtaí díreacha maidir le leithdháileadh costais ag caibidlíocht ar thionscadail nithiúla agus dá bhrí sin, chun glantairbhithe dearfacha a ainmniú le haghaidh leithdháileadh trasteorann costais atá sonrach don tionscadal, ní mór úsáid a bhaint as tairseacha suntais chun leanúint de bheith réadúil. Áirithítear leis sin nach gcuireann rannchuidithe samhaltaithe ó Bhallstáit bheaga nach Ballstáit óstacha iad méadú mór ar chostais chaibidlíochta agus riaracháin tionscadail aonair i.e. nach méadaítear an líon páirtithe rannpháirteacha go hiomarcach.

    Ar leibhéal an phlean, rud atá coincheapúil gan aon impleacht cheangailteach chostais a bheith ag baint leis, níl feidhm ag na hargóintí sin ach d’fhéadfadh deischostas a bheith ann mura ndéantar páirtithe is tairbhithe a thairbhíonn de ghlantionchair dhearfacha atá réasúnta beag a shainaithint agus mura dtugtar ról leordhóthanach dóibh roimh ré. Thairis sin, d’fhéadfadh bearnaí substainteacha a bheith ann ar leibhéal an phlean i dtéarmaí mhéid foriomlán na gcostas a chumhdaítear mar thoradh ar aon tairseach bheag, agus d’fhéadfadh riachtanais bhonneagair Ballstáit amháin thar tréimhse 10 mbliana ina n-iomláine líon mór tionscadal agus costais infheistíochta a chumhdach. Dá bhrí sin, i gcás CTC-IF, níor cheart aon íostairseach shuntais maidir le glantionchair dhearfacha a úsáid.

    iii.   Torthaí an CTC-IF

    Ba cheart ról iomchuí a bheith ag na OCTanna agus na ÚRNanna ábhartha, ag ACER agus ag an gCoimisiún i gcleachtaí CTC-IF ENTSO-E, agus ba cheart do ENTSO-E torthaí na gcleachtaí sin a chur faoi bhráid chonairí eangaí tosaíochta amach ón gcósta GTE-F. Ba cheart do ENTSO-E cur i bhfeidhm na comhroinnte costais le haghaidh gach Ballstáit in aghaidh an imchuach farraige a thuairisciú, roinnte in aghaidh na 10 mbliana (2040 agus 2050), ina euro, ar bhonn leithdháileadh atá i gcomhréir leis an sciar tairbhí. Ba cheart achoimre a bheith sa CTC-IF freisin ar na riachtanais uile bhonneagair atá ábhartha don chomhroinnt réigiúnach costais agus, a mhéid is féidir, a dtionchar ar thorthaí an CTC-IF.

    III.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH MEASÚNUITHE ATÁ SONRACH DON TIONSCADAL

    III.a.   Anailís costais is tairbhe atá sonrach don tionscadal

    i.   An próiseas a bhaineann le ACT-ST a bhunú

    Nuair a thosaítear plé agus caibidlíocht maidir le leithdháileadh costais i dtaobh tionscadail nithiúla trasteorann tarchuir amach ón gcósta, bíonn údarás rialála náisiúnta (ÚRNanna) ag brath ar anailísí costais is tairbhe atá sonrach don tionscadal (ACT-ST). D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh freisin nuair a phléann na Ballstáit tionscadail chomhpháirteacha trasteorann maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, plé a d’fhéadfadh a bheith ann chun caibidlíocht a dhéanamh maidir le haistrithe staidrimh nó bunú scéime comhpháirtí tacaíochta chun bearna infheistíochta a chumhdach. I gceachtar den dá chás, féadfaidh ÚRNanna agus/nó na Ballstáit cinneadh a dhéanamh na ríomhanna samhaltaithe a tharmligean chuig OCTanna.

    Is féidir teorainn a chur leis an riosca go gclisfidh ar an gcaibidlíocht maidir le tionscadail trasteorann nuair a chomhaontaíonn na páirtithe ábhartha an próiseas roimh ré. Mar shampla, d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist le cur chuige comhordaithe le haghaidh sócmhainní trasteorann tarchuir:

    1.

    Meabhrán tuisceana, nó a chomhionann, a leagan síos idir na Ballstáit ábhartha

    2.

    Meabhrán tuisceana, nó a chomhionann, a leagan síos idir OCTanna ábhartha

    3.

    ÚRNanna ábhartha le toimhdí atá le breithniú ag OCTanna a chomhaontú

    4.

    OCTanna le ACT-ST a fhorbairt i gcomhar

    5.

    ÚRNanna le torthaí a bhailíochtú i gcomhpháirt nó athruithe ar OCTanna a iarraidh i gcomhpháirt

    Má dhéantar toimhdí atá le húsáid in ACT-ST a chomhaontú i gcomhpháirt (cé mhéad cás agus cé na cásanna a bhreithneofar) agus samhaltú comhpháirteach, is féidir laghdú mór a chur ar easaontais ina dhiaidh sin a eascraíonn as cuir chuige samhaltaithe agus torthaí éagsúla a úsáid. Ba cheart é a thabhairt faoi deara go bhféadfadh na Ballstáit a bheith rannpháirteach sa phróiseas le haghaidh sócmhainní tarchuir, de réir cleachtais náisiúnta, e.g. na toimhdí nó na torthaí a bhailíochtú (mar shampla, nuair a fhormheasann Ballstáit áirithe na pleananna infheistíochta náisiúnta le haghaidh OCTanna ina gcríoch). Ba cheart an nós imeachta comhordaithe ACT-ST atá beartaithe a bheith ina chreat treorach, agus ba cheart solúbthacht a sholáthar de réir mar is gá. Mar shampla, d’fhéadfadh grúpa Ballstát a mheas go gcuirfeadh sé leis an am caibidlíochta dá ndéanfaí meabhráin tuisceana a leagan síos seachas an t-am caibidlíochta is gá a ghiorrú agus dá bhrí sin, d’fhéadfaidís a chinneadh nach bhfuil gá leo nó d’fhéadfaidís a chinneadh gur cheart roinnt céimeanna a shaothrú an tráth céanna.

    I gcás tionscadail trasteorann ghiniúna amach ón gcósta, féadfaidh na Ballstáit ábhartha an ACT-ST a dhéanamh i gcomhpháirt. Ar dtús, ba cheart dóibh an cur chuige a chinneadh a úsáidfear chun na ríomhanna comhpháirteacha samhaltaithe a fhorbairt (e.g. go díreach astu féin, trína dtarmligean chuig a ngníomhaireachtaí fuinnimh féin, trína dtarmligean chuig OCTanna ábhartha nó trí thairiscintí a lorg ó sheirbhísí comhairliúcháin). Ansin, ba cheart dóibh na toimhdí atá le húsáid a chinneadh i gcomhpháirt (e.g. cásanna agus an fhéidearthacht atreisithe eangaí ar tír a chur san áireamh sa mheasúnú) agus an ACT-ST a fhorbairt i gcomhpháirt mar a comhaontaíodh roimhe sin.

    I gcás ina bhféadfadh tionscadail chasta trasteorann amach ón gcósta idir thionscadal idirnascaire hibridigh agus tionscadal comhpháirteach foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chomhtháthú, ba cheart do na Ballstáit agus do na ÚRNanna ábhartha comhsheasmhacht a áirithiú sna ACT-STanna ar leith le haghaidh an dá thionscadal. Ba cheart dóibh a áirithiú, ar thaobh amháin, go bhfuil na toimhdí a úsáidtear le haghaidh an dá thionscadal comhsheasmhach agus comhaireamh dúbailte costas agus tairbhí a sheachaint. An tráth céanna, ba cheart dóibh an riosca a bhaineann le moilleanna a íoslaghdú, go háirithe i gcás ina bhfuil agaí éagsúla cinnteoireachta infheistíochta ag baint leis na tionscadail ar leith. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur ghá an leithdháileadh costais deiridh a chinneadh le haghaidh na sócmhainne tarchuir níos luaithe i gcás ina dtógfadh a coimisiúnú i bhfad níos faide ná coimisiúnú na feirme gaoithe amach ón gcósta. D’fhéadfaidís a chinneadh freisin an dá mheasúnú tionscadail a chomhtháthú in aon mheasúnú iomlánaíoch amháin. Ba cheart a chumasú le cur chuige den sórt sin, áfach, gur féidir idirdhealú a dhéanamh i gcónaí idir, ar thaobh amháin, torthaí atá sonrach don bhonneagar lena mbreithniú ag na ÚRNanna ina gcinntí leithdháilte trasteorann costais agus, ar an taobh eile, faisnéis atá sonrach don ghiniúint atá ábhartha do shocruithe comhroinnte costais is tairbhe na mBallstát le haghaidh leithdháileadh costas tacaíochta agus staidrimh maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite.

    Cineál tionscadail chasta eile atá in oileáin fuinnimh a éilíonn infheistíocht mhór agus a bhféadfadh dearaí tionscadail, struchtúir úinéireachta agus sásraí maoiniúcháin an-éagsúil a bheith ag gabháil leo. Dá bhrí sin, ba cheart staidéar a dhéanamh ar an bpróiseas agus ar na hanailísí le haghaidh oileán fuinnimh ar bhonn cás ar chás, agus a shaintréithe á gcur san áireamh.

    ii.   Cásanna agus anailísí íogaireachta le haghaidh ACT-STanna

    I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán GTE-F, ba cheart cásanna comhpháirteacha PFGDB ar a laghad a chur san áireamh sna cásanna atá le húsáid in anailísí tionscadail. Dá dtabharfaí cásanna breise isteach, d’fhéadfaí cur leis an stóinseacht trí chásanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chur san áireamh ach bíonn an baol ann freisin go mbeadh forluí ann le cásanna PFGDB, agus go gcuirfí síneadh le hagaí samhaltaithe agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí le costais chaibidlíochta. Soláthraítear creat le GTE-F chun cásanna comhpháirteacha PFGDB a fhorbairt lena n-áirithítear ardleibhéal rannpháirteachais agus grinnscrúdaithe ó pháirtithe leasmhara. Dá bhrí sin, ba cheart do na páirtithe náisiúnta a bheith rannpháirteach go gníomhach ionas go mbeidh ardcháilíocht sna cásanna agus ionas go mbeidh leibhéal ard iontaoibhe astu, rud lena n-íoslaghdófar an gá le cásanna breise a ídíonn go leor ama (agus a dhéanann níos mó dochair ná maitheas in amanna).

    Seachas cásanna breise a bheith ann, is féidir anailísí íogaireachta ar chásanna PFGDB a bheith ina n-uirlisí éifeachtacha chun cur le stóinseacht na measúnuithe tionscadail a thuilleadh. Is éard atá i gceist leis sin measúnú a dhéanamh ar an athrú a thagann ar luach an tionscadail nuair a athraítear príomhthoimhde chun na toimhdí ag a bhfuil an tionchar is mó ar thorthaí an ACT-ST a shainaithint. I gcás ina meastar gur gá cásanna eile anuas ar chásanna an PFGDB, mar shampla chun faisnéis nua áitiúil a chomhtháthú a cuireadh ar fáil tar éis cásanna an PFGDB a fhorbairt, ceanglaítear le GTE-F go mbeidh na cásanna sin comhsheasmhach le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 agus spriocanna idirmheánacha fuinnimh agus aeráide an Aontais, go mbeidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus a bhí ann i gcás chásanna an PFGDB agus go ndéanfaidh ACER measúnú orthu.

    iii.   Cásanna frithfhíorasacha le haghaidh ACT-STanna

    Agus iad i mbun cás frithfhíorasach a fhorbairt le haghaidh tionscadal amach ón gcósta, ba cheart do na Ballstáit agus/nó do na ÚRNanna, de réir mar is ábhartha, measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí ba dhóichí a bheadh ann dá gclisfeadh ar an gcaibidlíocht maidir le leithdháileadh costais le haghaidh an tionscadail agus na hiarmhairtí sin a chomhaontú. Ba cheart an cás frithfhíorasach comhaontaithe a bheith ina léiriú i gcónaí ar an rogha mhalartach tionscadail is réalaíche. Mar shampla, nuair a dhéantar measúnú ar thionscadal tarchuirhibridigh, d’fhéadfadh dhá ÚRN a mheas gurb é an rogha mhalartach is dóichí ar an idirnascaire hibrideach a fhorbairt líne ghathach a nascann leis an gcladach is gaire. I gcás inarb ann go measartha minic do dhifríochtaí measartha mór sa phraghas leictreachais idir criosanna tairisceana na dtíortha, d’fhéadfadh sé go leanfadh rogha mhalartach dhóchúil de bheith ann idirnascaire traidisiúnta ó phointe go pointe a chur san áireamh.

    Ar an gcaoi chéanna, i gcás tionscadal comhpháirteach giniúna fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a nasctar trí bhíthin idirnascaire hibrideach, d’fhéadfadh cásanna frithfhíorasacha éagsúla a bheith iomchuí. I gcás tionscadail mhóra ghiniúna (e.g. na tionscadail sin a bhaineann le hoileán fuinnimh) nó i gcás tionscadail nach féidir a chur i gcrích ach amháin má bhunaítear acmhainneacht nua idirnascaire (féach freisin ‘an cás frithfhíorasach’ le haghaidh ACT-IFanna), d’fhéadfadh sé gurb éard a bheadh i gceist le roghanna malartacha réasúnta feirm ghaoithe níos lú amach ón gcósta a nasctar go gathach a bhreithniú, nó fiú gan feirm ghaoithe a bheith ann ar chor ar bith má tá sé róchostasach í a nascadh go gathach.

    iv.   Cumraíocht creasa tairisceana

    Is féidir le cumraíocht creasa tairisceana tionscadail shonraigh tionchar a bheith aici ar an leithdháileadh tairbhí idir na Ballstáit, agus idir na forbróirí tarchuir agus na forbróirí feirmeacha gaoithe chomh maith. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh cumraíocht creasa tairisceana tionscadail a chinneadh a luaithe is féidir, chun í a bhreithniú go leormhaith in ACT-STanna na dtionscadal tarchuir agus giniúna agus chun infheictheacht a sholáthar roimh cheantanna. I gcás tionscadail arb éard atá iontu feirmeacha gaoithe amach ón gcósta a nasctar trí bhíthin idirnascaire hibrideach, ba cheart do na Ballstáit criosanna tairisceana amach ón gcósta a imscrúdú mar shocrú níos láidre chun an ghiniúint a chomhtháthú go hiomlán le margadh leictreachais na hEorpa.

    III.b.   Leithdháileadh trasteorann costais atá sonrach don tionscadal

    Agus Moladh ACER maidir le déileáil le hiarrataí ar infheistíocht TLC á chomhlánú, ba cheart gnéithe áirithe de thionscadail tarchuir amach ón gcósta a bhreithniú. Baineann roinnt castachtaí go háirithe le hidirnascairí hibrideacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chaibidlíocht maidir le leithdháileadh costas infheistíochta. Trí bhíthin idirnascairí traidisiúnta ó phointe go pointe, déantar praghsanna a eadránú thar theorainneacha, rud lena mbarrfheabhsaítear an córas foriomlán fuinnimh. Chomh maith leis sin, is féidir le hibridí acmhainneachtaí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá an-substaintiúil a chomhtháthú agus athrú ó bhonn a chur ar an meascán fuinnimh i réigiún. Is dóichí anois ná mar a bhí i gcás tionscadail idirnascairí leictreachais a bhí ann cheana go mbeidh tairbhí ann ní hamháin do na Ballstáit óstacha, ach go leathnóidh siad amach chuig limistéir chomharsanacha freisin.

    Chun go leanfaidh tionscadail de bheith suimiúil, ba cheart glantionchar dearfach foriomlán leasa socheacnamaíoch a bheith acu agus níor cheart glantionchar diúltach a bheith ann d’aon Bhallstát aonair. Bacainn a d’fhéadfadh a bheith ann ar fhorbairt tionscadail amach ón gcósta atá in ACT-ST lena léirítear glantionchar diúltach ar thír a óstálfaidh an tionscadal. Is éard atá i leithdháileadh trasteorann costais atá sonrach don tionscadal (LTCST) uirlis lena mbaineann próiseas struchtúrtha a leagtar síos le GTE-F lena gcuidítear le ÚRNanna agus leis na Ballstáit teacht ar chomhaontuithe maidir le leithdháileadh costas infheistíochta. Tá úsáid LTCSTanna sainordaitheach le haghaidh TLCanna agus TLFanna i gcás ina lorgaítear deontais le haghaidh oibreacha faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), ach d’fhéadfaí cuir chuige chomhchosúla eile (nach gcloíonn go docht le ceanglais GTE-F) a úsáid i gcásanna eile. Fiú sa chás nach bhfuil sé sainordaitheach, i bhfianaise na méideanna infheistíochta tábhachtaí agus a chasta atá tionscadal hibrideach le hais tionscadail eile, is dócha go n-éireoidh na cleachtais neamhéifeachtach arb é atá iontu úsáid a bhaint as eochracha simplí comhroinnte nach bhfuil comhréireach le sochair agus seachaint LTCSTanna. Ní hamháin gur ceanglas atá in LTCSTanna le haghaidh iarratas a d’fhéadfadh TLC/TLF a dhéanamh ar chistiú SCE le haghaidh oibreacha, ach is uirlis thábhachtach chaibidlíochta iad lena mbaineann nós imeachta soiléir agus sceidil nithiúla lenar féidir an chaibidlíocht a éascú agus dlús a chur léi. Ba cheart féachaint air dá bhrí sin mar cheann de na buntáistí a bhaineann le stádas TLC/TLF lena gcuidítear le soláthar tráthúil bonneagair trasteorann.

    i.   Tairseach shuntais le haghaidh glantairbhithe dearfacha

    Ós rud é go n-eascraíonn cinneadh ceangailteach as LTCST faoin gcaoi le costais a chomhroinnt, ní mór an cinneadh maidir leis na Ballstáit a mbíonn glantionchar mór dearfach ag cur chun feidhme tionscadail orthu a bheith pragmatach i gcónaí, ach gan infheistíochtaí bunúsacha a fhágáil gan chumhdach. Ós rud é gur dóichí go mbeidh tairbhí ann ar bhonn réigiúnach, d’fhéadfadh sé gur ghá tairseach shuntais níos ísle a bheith ann chun glantairbhí dearfacha hibridí a shainaithint ná mar is gá i gcás idirnascairí traidisiúnta. I bhfianaise an chúlra sin, ba cheart tairseach níos lú ná 10 % a bhreithniú.

    ii.   Ranníocaíochtaí a dhéanann Ballstáit nach Ballstáit óstacha iad

    D’fhéadfadh sé gur gá ranníocaíocht a fháil ó Bhallstát nach Ballstát óstach é ach ar glantairbhí dearfach é le haghaidh iontaofacht tionscadail ó thaobh brabúis de i gcás ina meastar glantionchar diúltach a bheith ag Ballstát óstach. I bprionsabal, ba cheart don Bhallstát is tairbhí sin rannchuidiú ó thaobh airgeadais de chun a áirithiú go mbeidh rath ar thionscadal agus go mbainfear amach go héifeachtach na tairbhí ina chríoch. Sa chleachtas, d’fhéadfadh an méid sin a bheith dúshlánach. Mar shampla, d’fhéadfadh an tír nach tír óstach í a bheith rannpháirteach ródhéanach sa phróiseas, rud a tharraingeoidh ceisteanna nua anuas maidir leis na samhlacha a rinneadh agus a dtorthaí, d’fhéadfadh sí a mheas go bhfuil na tairbhí measta ró-neamhchinnte nó a mheas go mbeidh dúshlán ann go praiticiúil ranníocaíocht airgeadais trasteorann a dhéanamh. I gceachtar den dá chás, i gcás nach mbíonn baint ag tír nach tír óstach í le tionscadal ach an tráth a iarrtar ranníocaíocht uirthi, d’fhéadfadh sé go mbraithfeadh sí nach bhfuil ach ról teoranta sa tionscadal aici agus d’fhéadfadh a toilteanas ranníocaíocht a dhéanamh a bheith teoranta. Ba cheart an CTC-IF a bheith ina chuidiú leis an mbaol a bhaineann le rannpháirteachas tráthúil a mhaolú.

    Thairis sin, i gcás caibidlíocht maidir le leithdháileadh infheistíochta le haghaidh tionscadail trasteorann, ba cheart do na ÚRNanna ábhartha teacht ar chomhaontuithe maidir le LTCST agus iarraidh infheistíochta. I gcás ina gcliseann ar an gcaibidlíocht sin, nó arna iarraidh sin dóibh, ba cheart do ACER cinneadh a dhéanamh, agus réiteach tráthúil ar an bpróiseas a áirithiú. Cé gurb ann do chásanna inar leithdháileadh ranníocaíochtaí ar thríú páirtí ó LTCSTanna, is cásanna annamha iad sin agus is iondúil go mbaineann siad le bonneagar gáis (9).

    D’fhéadfadh ranníocaíochtaí ó Bhallstáit nach Ballstáit óstacha iad a bheith ann agus i gcásanna inarb ann do ghlantairbhithe dearfacha agus go meastar go bhfuil glantionchair dhiúltacha ar Bhallstát óstach amháin nó níos mó ná sin, is féidir a mheas go mbeidh gá leis na ranníocaíochtaí sin le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bheidh ann amach anseo. An tráth céanna, ba cheart é a bheith soiléir nach bhfuil in LTCST ach uirlis. Chun a áirithiú go mbeidh toradh rathúil ar an gcaibidlíocht agus chun easaontas a laghdú, go háirithe nuair is ann do na tairbhí thar theorainneacha náisiúnta na mBallstát óstach, rachadh sé chun tairbhe do LTCSTanna dá leagfaí síos cuir chuige chomhordaithe ina ndéantar prionsabail a chomhaontú roimh ré sula rachfar i mbun caibidlíocht nithiúil. D’fhéadfaí na prionsabail sin a eascairt ar bhonn réigiúnach as an taithí a fuarthas cheana ón CTC-IF agus ón LTCST roimhe. Thairis sin, ba cheart tionscnaimh chomhoibríocha fhorlíontacha eile a bhreithniú chun cur le toilteanas Ballstát nach Ballstáit óstacha iad páirt a ghlacadh san infheistíocht a dhéantar i dtionscadal.

    III.c.   Uirlisí eile lasmuigh de LTCSTanna

    Agus socruithe agus ionstraimí forlíontacha le haghaidh LTCSTanna á mbreithniú le haghaidh LTCSTanna, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an deacracht phraiticiúil a bhaineann le costais bhonneagair a aistriú chuig eintitis rialáilte i dtíortha nach tíortha óstacha iad. An tráth céanna, bíonn cleachtais éagsúla chomhair agus uaillmhianta éagsúla ann maidir le foinsí fuinnimh amach ón gcósta i réigiúin éagsúla na hEorpa. Mar gheall ar dhifríochtaí réigiúnacha, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh comhaontuithe éagsúla ann maidir le haon socrú forlíontach comhroinnte costais atá le húsáid. D’fhéadfadh na Grúpaí Ardleibhéil a bheith ina n-ardáin úsáideacha chun plé a dhéanamh ar an bhféidearthacht uirlisí a bhreithniú le haghaidh tionscadail ina réigiúin féin agus ar an gcineál uirlisí a d’fhéadfaí a bhreithniú.

    D’fhéadfaí dhá chineál uirlisí forlíontacha a fhiosrú a thuilleadh: uirlisí chun éascú a dhéanamh ar úsáid iomlán an LTCST agus uirlisí chun bearna leanúnach mhaoinithe a chumhdach.

    i.   Uirlisí chun éascú a dhéanamh ar úsáid iomlán na huirlise LTCST i gcás tionscadail tarchuir

    Eochracha comhroinnte chun ioncam ó phlódú a leithdháileadh

    Déantar LTCST tráth a chomhaontaítear an cinneadh deiridh infheistíochta i dtaobh tionscadal trasteorann. Agus an tsócmhainn sin á hoibriú, gintear ioncam ó phlódú agus dáiltear an t-ioncam sin de réir modheolaíochtaí agus eochracha comhroinnte a comhaontaíodh. Is iondúil go mbíonn eochair chomhroinnte chaighdeánach 50-50 nó eochracha comhroinnte sonracha eile lena léirítear leibhéil úinéireachta nó infheistíochta i gceist i gcás dáileadh ioncaim ó phlódú. D’fhéadfadh sé nach uirlis éifeachtach a bheadh ann go ginearálta na heochracha comhroinnte sonracha sin a úsáid mar uirlis chaibidlíochta thar leibhéil úinéireachta/infheistíochta i gcás tionscadail hibride amach ón gcósta a bheidh ann amach anseo, toisc go bhféadfadh méadú teacht ar an neamhchinnteacht maidir le giniúint ioncaim ó phlódú, mar shampla mar gheall ar éifeachtaí canablaithe idir tionscadail chomhuaineacha tarchuir. D’ainneoin sin, d’fhéadfadh sé gur mhian leis na ÚRNanna ábhartha eochracha comhroinnte sonracha éagsúla a léiríonn riachtanais an tionscadail a chomhaontú (e.g. costais oibriúcháin a mheastar a bheidh ann) i gcás ina bhfuil siad i gcomhréir le rialáil agus modheolaíochtaí an Aontais.

    Cuachadh tionscadal

    Dá gcuachfaí grúpa tionscadal atá comhlántach le chéile agus lena mbaineann leibhéil chomhchosúla riosca (e.g. nuair atá siad le coimisiúnú go comhuaineach nó go luath i ndiaidh a chéile), d’fhéadfaí na costais idirbhirt a bhaineann le caibidlíocht a laghdú go mór. Trí bhíthin an chuachta sin freisin, d’fhéadfaí a áirithiú go ndéantar measúnú in éineacht ar thionscadail atá idirnasctha le chéile, mar shampla i gcás roinnt hibridí sa réigiún céanna, nó i gcás hibride agus atreisithe idirnascaire ar tír is gá chun go mbainfidh an leictreachas a ghintear amach ón gcósta lárionad éilimh áirithe amach. Is féidir leis sin cuidiú le neamhchinnteachtaí a laghdú trí thionscadail a mbíonn tionchar acu ar a chéile a shamhaltú le chéile agus trí chomhaontuithe a leagan síos lena bhféachtar ar an staid níos leithne, rud a d’fhéadfadh an gá le haon idirbheart airgeadais trasteorann a laghdú (e.g. ó LTCST) trí ghlanluacháil a dhéanamh ar chostais agus ar thairbhí ar fud tionscadal agus ranníocaíochtaí ‘comhchineáil’ a chumasú trí infheistíochtaí comhuaineacha a dhéanamh a rachadh chun tairbhe do na páirtithe uile lena mbaineann. I bhfianaise an ghá atá ann tionscadail shubstaintiúla bhonneagair a fhorbairt go comhuaineach chun uaillmhianta na mBallstát maidir le foinsí fuinnimh amach ón gcósta a bhaint amach go tráthúil, d’fhéadfadh sé go mbeadh an cuachadh tionscadal ina uirlis éascaithe. Féadfaidh an CTC-IF tacú leis sin trí roghanna ciallmhara cuachta a shainaithint.

    Coinníollachtaí ex post

    D’fhéadfadh coinníollacha a chomhaontaítear roimh ré a bheith in LTCST faoina bhféadfaí ceartúchán áirithe (e.g. athrú ar eochair chomhroinnte chun ioncam ó phlódú a leithdháileadh) nó idirbheart airgeadais a dhéanamh, i.e. dá dtiocfadh athrú mór ar na coinníollacha i gcomparáid leo siúd a ndearnadh measúnú orthu ag an gcéim leithdháilte costais. D’ainneoin sin, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach sa chleachtas na coinníollacha sin a chur chun feidhme gan rioscaí nua a chruthú don tionscadal, agus mar sin ba cheart prionsabail shoiléire a leagan síos roimh ré i gcás ina n-úsáidtear an rogha sin.

    Socruithe nuálacha pleanála agus úinéireachta

    D’fhéadfadh na Ballstáit agus oibreoirí sna réigiúin éagsúla cuir chuige nuálacha úinéireachta a fhiosrú, mar shampla úinéireacht chomhpháirteach, trí eintitis réigiúnacha tarchuir amach ón gcósta a bhunú a bheadh i gceannas ar ghníomhaíochtaí pleanála imchuach farraige agus trí thionscadail trasteorann ábhartha eangaí amach ón gcósta a fhorbairt. Ar thaobh amháin, bheadh gá le hiarracht ag an tús chun eintitis den sórt sin a chruthú agus socruithe comhroinnte costais a shainiú a bhféadfadh infheistíochtaí móra eascairt uathu. Ar an taobh eile, bheadh tairbhe ag baint leo sa mheántéarma mar go n-ísleofaí costais idirbhirt mar aon leis na rioscaí a bhaineann le cliseadh caibidlíochta, agus bheadh na páirtithe ábhartha ina n-úinéirí ar an eintiteas cheana agus dá bhrí sin, bheidís ag plé le tionscadail trasteorann a dhearadh agus a fhorbairt i gcónaí. D’fhéadfaí tacú leis an úinéireacht chomhpháirteach trí chreataí réigiúnacha um bonn sócmhainní rialála a bhunú. Thairis sin, níor ghá go mbeadh impleachtaí ag na heintitis sin ar chóras oibriúcháin na ngréasán amach ón gcósta, córais a d’fhéadfaí a fhágáil faoi chúram na OCTanna ceaptha.

    D’fhéadfaí struchtúir mhalartacha úinéireachta a fhiosrú freisin chun forbairt bonneagair amach ón gcósta a dhreasú. Mar shampla, i gcás cuachadh roinnt tionscadal, d’fhéadfadh na páirtithe ar leith trasúinéireacht a chomhaontú, lena gcruthófaí ceannach isteach ó thír is glanallmhaireoir sa tsócmhainn tarchuir amach ón gcósta, agus vice versa. D’fhéadfadh sé sin cuidiú le spéis láidir a dhreasú i measc na bpáirtithe ábhartha i réigiún ar leith chun a áirithiú go gcuirtear i gcrích na tionscadail ábhartha uile mar atá beartaithe agus go mbaintear na tairbhí amach de réir an mheasúnaithe, rud lena maolófaí rioscaí agus lena gcruthófaí comhthairbhí.

    D’fhéadfaí an phleanáil réigiúnach amach ón gcósta (ach ní an fhorbairt) a láidriú freisin, mar shampla trí iarraidh ar na Lárionaid Comhordúcháin Réigiúnaigh cúraimí nua pleanála réigiúnaí a dhéanamh.

    Muirir nasctha gréasáin a chomhchuibhiú le haghaidh na giniúna amach ón gcósta

    Dá mba ann do chuir chuige dhifriúla i leith córais muirearaithe nasctha eangaí (éadomhain nó domhain) le haghaidh tionscadail giniúna fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, d’fhéadfadh sé an próiseas tairisceana le haghaidh forbróirí foinsí fuinnimh in-athnuaite, mar aon leis an bplé idir na Ballstáit agus/nó na ÚRNanna maidir le LTCST a dhéanamh níos casta. D’fhéadfaí ailíniú réigiúnach muirear nasctha a bhreithniú le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus an prionsabal gur gá na costais a tabhaíodh a chur san áireamh i muirir ghréasáin agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe i muirir ghréasáin á gcur san áireamh.

    Teimpléid réigiúnacha le haghaidh caibidlíochta

    D’fhéadfaí teimpléid réigiúnacha a fhorbairt lena dtabharfaí imlíne ar na prionsabail ghinearálta atá le leanúint nuair a bhogtar ó CTC-IF chuig measúnuithe agus caibidlíocht atá sonrach don tionscadal, agus ba cheart na teimpléid sin leanúint de bheith ina n-uirlis éascaithe agus faisnéise chun tús a chur leis an bplé agus ba cheart solúbthacht a choinneáil ar bun i gcónaí i gcaibidlíocht iarbhír tionscadail.

    ii.   Uirlisí chun bearna leanúnach mhaoinithe a chumhdach

    a)   I gcás na giniúna amach ón gcósta

    Táirgí réamhcheaptha ilbhliantúla aistrithe staidrimh lena mbaineann cur ar leataobh le haghaidh tionscadail amach ón gcósta

    D’fhéadfadh comhaontuithe maidir le haistrithe staidrimh a bheith ann le haghaidh na bliana seo caite, na bliana reatha, na bliana seo chugainn nó na mblianta atá le teacht (táirgí a bheidh ann amach anseo). D’fhéadfadh táirgí a bheidh ann amach anseo a bheith spéisiúil go háirithe chun tacú le tionscadail amach ón gcósta atá á mbreithniú faoi láthair. D’fhéadfadh an Ballstát óstach maoiniú breise a fháil ansin chun an tionscadal foinse fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chur i gcrích agus aghaidh á tabhairt ar bhearnaí struchtúracha costais tacaíochta atá ann go fóill, agus is féidir leis an mBallstát ceannaigh aistrithe staidrimh a dhéanfar amach anseo a dhaingniú agus tacú le cuspóirí beartais maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. D’fhéadfadh coinníollacha a bheith i gcomhaontuithe staidrimh freisin maidir le húsáid malartuithe airgeadais aistrithe staidrimh, mar shampla coinníollacha lena sonraítear gur gá méideanna aistrithe a úsáid le haghaidh na ngréasán amach ón gcósta a bhaineann leis an tionscadal foinse fuinnimh in-athnuaite. Tá samplaí de chleachtais choinníollachta den sórt sin ann cheana in aistrithe staidrimh a rinneadh cheana.

    Tacaíocht ón Aontas

    Trí bhíthin an tSásra Maoiniúcháin don Fhuinneamh In-athnuaite, tugtar rogha do na Ballstáit a bpointí tagartha náisiúnta le haghaidh sciartha foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhlíonadh tríd an gcomhar trasteorann. Cumasaítear leis tacaíocht tairisceana le haghaidh tionscadail nua fuinnimh in-athnuaite san Aontas chun bearna a chumhdach i gconair tháscach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite nó chun dlús a chur leis an imscaradh. Bíonn tíortha is ranníocóirí rannpháirteach go deonach ó thaobh airgeadais de sa sásra, i gcás ina ndéantar an íocaíocht a nascadh le tionscadail nua fuinnimh in-athnuaite a thógtar i gcríoch na mBallstát óstach trí thairiscint iomaíoch a eagraíonn an Coimisiún, rud lena laghdaítear na costais riaracháin ar na Ballstáit lena mbaineann (10) agus lena gcuirtear le héifeachtúlacht an imscartha agus glacadh an phobail trí ranníocaíochtaí airgeadais trasteorann a bheith ann a nasctar le tionscadail nithiúla fuinnimh in-athnuaite. Trí bhíthin an tSásra Maoiniúcháin don Fhuinneamh In-athnuaite, is féidir an mhian atá ann tacú le cineál áirithe teicneolaíochta (e.g. foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta) a shonrú, agus, cé nach ann dóibh sa lá atá inniu ann, d’fhéadfaí leibhéil chomhiomlánaithe a chur isteach (e.g. le haghaidh na n-imchuach farraige éagsúil). Ar choinníoll go ndéantar córas comhchosúil a athnuachan le haghaidh spriocanna 2040 agus ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh an Sásra Maoiniúcháin don Fhuinneamh In-athnuaite a bheith spéisiúil go háirithe i gcás tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu. D’fhéadfadh acmhainneachtaí giniúna amach ón gcósta a mheastar nach féidir iad a bhaint amach gan creataí infheistíochta comhoibríche a bheith an-fheiliúnach lena aghaidh sin.

    Thairis sin, is féidir suas le 15 % de bhuiséad iomlán na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) a shanntar don fhuinneamh a úsáid chun tacú le tionscadail trasteorann fuinnimh in-athnuaite, a fhad agus atá comhaontú comhair mar bhonn taca leo i gcomhréir leis an Treoir maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn. Seachas an Sásra Maoiniúcháin don Fhuinneamh In-athnuaite agus SCE, tá ionstraimí eile (11) ar fáil lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste don Nuachóiriú, ach gan a bheith teoranta dóibh.

    b)   I gcás an tarchuir amach ón gcósta

    Cuntais coigilte ioncaim ó phlódú réigiúnach le haghaidh infheistíochtaí a dhéanfar amach anseo

    Tá an t-ioncam ó phlódú le húsáid le haghaidh na gcuspóirí tosaíochta a leagtar síos i Rialachán Leictreachais (AE) 2019/943, arb é ceann de na cuspóirí sin infheistíochtaí gréasáin a chumhdach lena méadaítear an acmhainneacht trasteorann. Tá an t-ioncam ó phlódú a ghintear trí mhalartuithe margaidh réasúnta teoranta i gcomparáid leis na riachtanais fhoriomlána infheistíochta le haghaidh bonneagar amach ón gcósta, agus de réir mar a fhorbraítear gréasáin amach ón gcósta, méadófar dearbhmhéideanna ioncaim ó phlódú réigiúnach.

    Ba cheart fiosrú a dhéanamh ar chuir chuige réigiúnacha chun sciar den ioncam a ghintear ó phlódú a charnadh i gcuntais thiomnaithe agus é a úsáid chun sciar den infheistíocht is gá le haghaidh tionscadail nua a chumhdach, ar tionscadail iad lena soláthraítear buntáistí níos leithne le haghaidh réigiúin. I gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán Leictreachais, níor cheart ioncaim a eascraíonn as ioncam ó phlódú a úsáid chun taraifí gréasáin a ísliú ach amháin más rud é gur comhlíonadh na cuspóirí tosaíochta agus cuirfear ioncaim iarmharacha ar líne chuntais inmheánach ar leithligh go dtí gur féidir iad a úsáid le haghaidh cuspóirí tosaíochta. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh cuntas coigiltis réigiúnach tacú le cur chun feidhme na bhforálacha sin. D’fhéadfaí spriocdhíriú air sin, mar shampla, chun aghaidh a thabhairt go heisiach ar na glantionchair dhiúltacha ar Bhallstáit óstacha i gcás tionscadail ag a bhfuil stádas TLC/TLF. Trí bhíthincuntais coigiltis réigiúnacha thabharfaí aghaidh ar bhearnaí infheistíochta a mbíonn deacrachtaí leanúnacha ag baint lena líonadh agus an tráth céanna nach mbeifí ag brath go heisiach ar infhaighteacht cistí ón Aontas nó cistí eile. Chuige sin, bheadh gá le dlúthchomhar sa phleanáil, sa chinntiú costais agus tairbhí agus i socruithe comhroinnte costais na ÚRNanna (agus na OCTanna) sa réigiún. D’fhéadfaí breithnithe a dhéanamh ar chuntais choigiltis réigiúnacha in éineacht le measúnuithe ar an ngá le socruithe neartaithe pleanála réigiúnaí agus úinéireachta.

    Tacaíocht ón Aontas

    I gcás na chéad PFGACanna, réamh-mheasann ENTSO-E (12) go mbeidh tuairim agus EUR 400 billiún ag teastáil idir 2025 agus 2050 (13) maidir leis an infheistíocht iomlán caiteachais chaipitiúil chun acmhainneachtaí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta na hEorpa a nascadh, rud lena gcumasófaí soláthar 1 600 TWh d’fhuinneamh glan gach bliain do thomhaltóirí Eorpacha agus a d’fhágfadh gurb í an ghaoth amach ón gcósta an tríú foinse fuinnimh is mó i gcóras fuinnimh na hEorpa.

    Ba cheart do thionscnóirí tionscadal trasteorann bonneagair amach ón gcósta agus go háirithe iad siúd ag a bhfuil stádas TLC/TLF a fhiosrú leis an mBanc Eorpach Infheistíochta an féidir coinníollacha iomaíocha maoinithe a sholáthar dá dtionscadail (14).

    Ar deireadh, d’fhéadfadh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) a bheith ina huirlis ríthábhachtach i gcás roinnt tionscadail uaillmhianacha trasteorann bonneagair amach ón gcósta ag a bhfuil stádas LCT/TLF. D’fhéadfadh SCE a bheith an-éifeachtach go háirithe chun rannchuidiú le cuid den ghlantionchar diúltach a chumhdach a d’fhéadfadh a bheith ann do Bhallstát óstach. Is é an buiséad a leithdháiltear sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair do SCE-F EUR 5,84 billiún le haghaidh na tréimhse 2021-2027, a bhféadfadh TLC/TLFanna i gcatagóirí éagsúla bonneagair a bheith incháilithe chuige, lena n-áirítear eangacha leictreachais, eangacha amach ón gcósta, eangacha cliste leictreachais, eangacha cliste gáis, bonneagar CO2 agus bonneagar hidrigine, agus dá bhrí sin, tá an buiséad réasúnta beag i gcomparáid leis na riachtanais shainaitheanta.


    (1)   https://energy.ec.europa.eu/topics/markets-and-consumers/actions-and-measures-energy-prices/repowereu-2-years_en?prefLang=ga

    (2)  Treoir (AE) 2023/2413.

    (3)  COM(2024) 63 final.

    (4)   https://energy.ec.europa.eu/news/member-states-agree-new-ambition-expanding-offshore-renewable-energy-2023-01-19_en?prefLang=ga

    (5)   Fógra ón gCoimisiún: Treoraíocht maidir le comhroinnt costais is tairbhe i dtionscadail comhair trasteorann le haghaidh fuinneamh in-athnuaite - An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

    (6)   https://acer.europa.eu/sites/default/files/documents/Recommendations/ACER_Recommendation_02-2023_CBCA.pdf

    (7)   https://energy.ec.europa.eu/topics/infrastructure/high-level-groups_en?prefLang=ga

    (8)  SWD(2020) 273 final

    (9)  E.g. i gcás an idirnascaire leictreachais LT-PL LitPol Link, tháinig ACER ar an gconclúid nár ghá aon chúiteamh a fháil ó thíortha nach tíortha óstacha iad. I gcás an idirnascaire gáis PL-LT ar a dtugtar GIPL, tháinig ACER ar an gconclúid gur cheart do na glantairbhithe dearfacha (LT, LV, EE) PL a chúiteamh, ós rud é gur measadh go raibh glantionchar diúltach ar an mBallstát óstach.

    (10)  Cé go bhféadfadh dúshláin phraiticiúla a bheith ann i ndlínsí náisiúnta áirithe, mar a bhféadfadh cosc a bheith ar reáchtáil tairiscintí a tharmligean.

    (11)   https://energy.ec.europa.eu/topics/renewable-energy/financing/eu-funding-offshore-renewables_en?prefLang=ga

    (12)   https://eepublicdownloads.blob.core.windows.net/public-cdn-container/tyndp-documents/ONDP2024/web_entso-e_ONDP_PanEU_240226.pdf

    (13)  Lena n-áirítear an Iorua agus an Bhreatain Mhór, ach gan naisc ghathacha a chur san áireamh

    (14)   https://www.eib.org/attachments/lucalli/20230107_cross_border_infrastructure_projects_en.pdf


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4277/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top