This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XC03977
Publication of an application for registration of a name pursuant to Article 50(2), point (b), of Regulation (EU) No 1151/2012 of the European Parliament and of the Council on quality schemes for agricultural products and foodstuffs
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
C/2024/4327
IO C, C/2024/3977, 25.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3977/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3977 |
25.6.2024 |
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(C/2024/3977)
Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
SONRAÍOCHT TÁIRGE SAINEARRA TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT
‘ SENENO MESO ’
Uimh. AE: TSG-SI-02988 – 23.8.2023
Ballstát nó Tríú Tír: an tSlóivéin
1. Ainm (nó ainmneacha) le clárú
‘Seneno meso’
2. Cineál an táirge
Aicme 1.1 Feoil (agus scairteach) úr
3. An foras le clárú a dhéanamh
3.1. Cé acu de na nithe seo a leanas is fíor i leith an táirge
☒ |
is toradh é ar mhodh táirgthe, ar mhodh próiseála nó ar mhodh comhdhéanaimh a chomhfhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an mbia-earra sin |
☐ |
táirgtear é ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a úsáidtear go traidisiúnta. |
Is é modh táirgthe ‘seneno meso’ [feoil féir] d’ainmhithe luibhiteacha an cineál táirgthe feola is sine. Tá sé bunaithe ar an modh tógála is luaithe agus léiríonn sé filleadh ar bheathú traidisiúnta. San am a chuaigh thart, rinneadh ainmhithe a innilt le linn thréimhse an fhásra, agus sa gheimhreadh beathaíodh ar fhéar tirim iad a fuarthas ar na móinéir le linn thréimhse an tsamhraidh. Ba i riocht tirim é an t-aon bhealach chun an bheatha a stóráil, agus ní choiptí í mar a dhéantar le roinnt próiseas caomhnaithe beatha an lae inniu. Ní raibh beatha ná ainmhithe géinmhodhnaithe i gceist le táirgeadh feola.
3.2. Cé acu is fíor nó nach fíor iad na nithe seo a leanas i leith an ainm
☐ |
tá sé in úsáid go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach |
☒ |
aithnítear leis carachtar traidisiúnta nó carachtar sonrach an táirge. |
Is é dea-bheatha, i.e. féar tirim an rud is tábhachtaí maidir le táirgeadh ‘seneno meso’, agus b’amhlaidh é riamh. Déantar an féar a thriomú ar fhéarthailte buana agus arúla, ach is féidir é a thriomú ar thriomadóirí freisin chun cáilíocht níos fearr a bhaint amach nó chun rioscaí a bhaineann leis an aimsir a laghdú. Is dócha gurb é an triomadóir is sine an raca féir (kozolec sa tSlóivéinis), mar a luadh é chomh luath le 1558. Tá príomhthagairt d’úsáid raca féir chun féar tirim a thriomú chun ainmhithe feirme a bheathú ann ó bhí 1822 ann. Deimhnítear leis na tagairtí sin úsáid an fhéir thirim mar bheatha thraidisiúnta agus leitheadúlacht an chineáil teicneolaíochta sin ar fud cuid mhór den Eoraip.
4. Tuairisc
4.1. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm faoi phointe 1 maidir leis, lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha lena léirítear saintréith shonrach an táirge
Feoil eallaigh, athchogantach beag agus ainmhithe den speiceas eachaí i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm.
4.2. Tuairisc ar mhodh táirgthe an táirge lena mbaineann an t-ainm faoi phointe 1 ar modh táirgthe é nach mór do na táirgeoirí é a leanúint lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineál agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar a úsáidtear, agus an modh ina n-ullmhaítear an táirge
Tá feoil ‘seneno meso’ eallaigh, athchogantach beag agus ainmhithe den speiceas eachaí difriúil ó fheoil chaighdeánach eallaigh, athchogantach beag agus ainmhithe den speiceas eachaí i dtéarmaí an phróisis táirgthe shonraigh ar a dtugtar tuairisc faoin bpointe seo.
Táirgtear feoil ‘seneno meso’ eallaigh, athchogantach beag agus ainmhithe den speiceas eachaí trí úsáid a bhaint as próisis táirgthe thraidisiúnta. Is saintréith dá gcuid toirmeasc ar úsáid beatha coipthe (amhail sadhlas plandaí farae, grán gránaigh sadhlasaithe nó burlaí cruinne i scannán) agus ar úsáid ainmhithe agus beatha a shainaithnítear mar ainmhithe agus beatha atá ‘géinmhodhnaithe’ faoin reachtaíocht atá i réim.
Chun ‘seneno meso’ a tháirgeadh, ní mór na hainmhithe uile sa tréad a innilt ar thalamh féaraigh nuair is féidir sin de réir na ndálaí. Ní mór an innilt a bheith ag maireachtáil 120 lá in aghaidh na bliana ar a laghad le linn na tréimhse fásra.
Mura gcomhlíontar na coinníollacha innilte, féadfar an ceanglas innilte sainordaitheach a tharscaoileadh. Ní mór cúiseanna a thabhairt le hinnilt a thréigean. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin ilroinnt iomarcach na talún, méid, claonadh nó iargúltacht na talún, toirmeasc ar innilt mar gheall ar shuíomh na feirme nach gceadaítear innilt inti, nó meascán de na cúiseanna sin. I gcás nach féidir innilt a dhéanamh, ní mór na hainmhithe a choinneáil gan teaghrán, faoi dhálaí lenar féidir leis na hainmhithe gluaiseacht faoi shaoirse. Maidir le gluaiseacht neamhshrianta, ní mór an spás laistigh atá sonraithe i dTábla 1 a chur san áireamh.
Tábla 1
|
Achar dromchla laistigh (glan-achar ar fáil do na hainmhithe) |
|
Eallach |
Meáchan beo íosta (kg) |
m2/ceann |
|
suas le 100 |
1,5 |
|
suas le 200 |
2,5 |
|
suas le 350 |
4,0 |
|
os cionn 350 |
5 |
Ba déiríochta |
|
6 |
Tairbh phórúcháin |
|
10 |
Caora |
|
1,5 |
Uain |
|
0,35 |
Gabhair |
|
1,5 |
Meannáin |
|
0,35 |
Each-ainmhithe pórúcháin agus ramhraithe |
suas le 100 |
1,5 |
|
suas le 200 |
2,5 |
|
suas le 350 |
4,0 |
|
os cionn 350 |
5 |
Sula ndéantar iad a mharú, féadfar na hainmhithe a choinneáil i dtithíocht ar feadh tréimhse nach faide ná 30 lá le linn na tréimhse innilte.
Ní mór cion ábhair thirim na gairbhsí a bheith níos mó ná 70 % ar bhonn bliantúil. Déantar cion ábhair thirim na gairbhsí a ríomh ar bhonn bliantúil le haghaidh gach gabháltas talmhaíochta.
Ar an ngabháltas, ní mór gach ainmhí den chatagóir chéanna (eallach, athchogantaigh bheaga, ainmhithe den speiceas eachaí) a thógáil i gcomhréir le ceanglais na sonraíochta seo.
a) |
I gcás nach dtógtar speicis eile ainmhithe, nó nach féidir iad a thógáil, i gcomhréir leis na rialacha maidir le ‘seneno meso’, toisc nach liostaítear iad sa tsonraíocht, ní mór na hainmhithe agus an bheatha ar an ngabháltas a choinneáil ar leithligh agus a thaifeadadh i gceart. Tá feidhm ag an toirmeasc ar stóráil agus táirgeadh burlaí i scannáin, sadhlais agus farae coipthe maidir leis an ngabháltas ar fad, fiú i gcásanna nach dtógtar gach speiceas ainmhithe i gcomhréir leis na rialacha maidir le ‘seneno meso’. |
b) |
Má tháirgeann gléasra deimhnithe le haghaidh próiseáil ‘seneno meso’ táirgí eile freisin, ní mór dó a áirithiú go bhfaightear agus go stóráiltear na hamhábhair dheimhnithe ar leithligh ó na hamhábhair eile. Sa chás sin, ní mór táirgeadh bia-earraí lena n-úsáidtear ‘seneno meso’ a dheighilt ó thaobh spáis nó ama de, agus ní mór na bearta uile a dhéanamh chun meascadh nó malartú amhábhar a chosc. |
c) |
I gcás ina ndéanann fochonraitheoir nach bhfuil deimhnithe cuid den ghníomhaíocht phróiseála nó an ghníomhaíocht phróiseála ar fad, ní mór comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích. Is gá inrianaitheacht na n-ainmhithe deimhnithe nó na n-amhábhar deimhnithe a áirithiú agus maoirseacht ar chur chun feidhme na gníomhaíochta a chumasú. Is é an comhlacht deimhniúcháin a chinneann raon feidhme na maoirseachta i ndáil le raon feidhme na ngníomhaíochtaí tarmligthe. I gcás inar deimhníodh go bhfuil an fochonraitheoir ag teacht leis an tsonraíocht seo, ní cheanglaítear aon mhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí an fhochonraitheora. |
Beatha cheadaithe
— |
gairbhseach thirim: féar tirim, meidic thriomaithe na mbó, seamair thriomaithe, etc. |
— |
gairbhseach ghlas: féarach, féar, meidic na mbó, seamair, síol ráibe, gránaigh, grán buí, duilleoga biatais siúcra, etc. |
— |
barra fréimhe: biatas farae, tornapa, svaeid, cairéad farae, etc. |
— |
tuí de bharra éagsúla (amh nó gearrtha). |
— |
farae móinéir úr. |
— |
gránaigh thriomaithe (grán buí, eorna, coirce, triteacál, cruithneacht, seagal, etc.), laíon biatais tirim, triosc tirim, seachtháirgí triomaithe ó thionscal an tsiúcra agus ó phróiseáil gránach, agus beatha thirim eile i bhfoirm atá ar fáil ar bhonn tráchtála (amhail bran nó millíní meidic na mbó). Bíonn na hainmhithe ag innilt le linn thréimhse an fhásra agus beathaítear iad go príomha ar ghairbhseach thirim sa gheimhreadh. D’fhéadfadh plandaí croisiféaracha úra, grán buí, gránaigh agus fréamhacha amhail síol ráibe úr, coirce úr, grán buí úr nó biatas farae a bheith san áireamh i mbeatha fhorlíontach. Féadfar léagúim farae (pónairí leathana, piseanna, lúipíní, etc.), plandaí ola (síol ráibe, soighe, lusanna na gréine, etc.) agus dlútháin phróitéine (síolta ola agus min ola, e.g. pónairí soighe, síol ráibe, lusanna na gréine, puimcíní, etc.) a úsáid sa chandam beatha. Ceadaítear beatha fhorlíontach a thabhairt d’ainmhithe sna limistéir innilte. Cuirtear cainníocht na beatha forlíontaí san áireamh san iomlán bliantúil. |
Beatha thoirmiscthe
— |
sadhlas plandaí farae chomh maith le grán gránaigh sadhlasaithe agus beatha ainmhithe eile. |
— |
beatha choipthe de chineál ar bith. |
— |
seachtháirgí grúdlann nó drioglann, iarmhair ó shú brúite nó ó fhíon brúite (marc) agus fuílleach eile ó thionscal an bhia, amhail laíon biatais úr nó sadhlasaithe, triosc úr nó sadhlasaithe, torthaí meilte úra nó sadhlasaithe, etc. |
— |
beatha agus beathaí ainmhithe, lena n-áirítear seachtháirgí ina ríocht fliuch (ar maos). |
— |
beatha de bhunadh ainmhíoch (bainne, meadhg, min feola agus cnámh, etc.), cé is moite de bhainne cíche go dtí go mbaintear de dhiúl iad. Ceadaítear ainmhithe óga a bheathú le bainne ionaid go dtí go mbaintear de dhiúl iad, nó suas le 90 lá i gcás eallaigh, 45 lá i gcás athchogantaigh bheaga agus 150 lá i gcás ainmhithe den speiceas eachaí. |
— |
úiré. Tá beatha nach liostaítear sa tsonraíocht seo faoi réir rialacha an Aontais maidir leis an gCatalóg d’ábhair bheatha. |
Mura bhfuil an cion ábhair thirim tomhaiste iarbhír mar chéatadán ar fáil d’ábhar beatha, cuirfear na luachanna a leagtar amach i dTábla 2 san áireamh chun cion ábhair thirim an ábhair beatha a ríomh. I gcás beatha a cheadaítear ach nach liostaítear sa tábla, úsáidfear na luachanna a leagtar amach sa litríocht eolaíoch atá ar fáil.
Tábla 2
Cion ábhair thirim beatha i gcás nár bunaíodh é sin trí anailís
Beatha |
% d’ábhar tirim |
féar tirim, tuí, meidic na mbó |
86 |
molás tirim |
77 |
seamra tirime éagsúla |
89 |
farae glas úr (féar, meidic na mbó) |
20 |
meánbheatha ainmhithe mheasctha |
88 |
pónairí leathana, piseanna (tirim) |
87 |
gránaigh (gráin) |
88 |
mín/cácaí éagsúla |
88 |
giosta bríbhéireachta (tirim) |
90 |
laíon biatais (tirim) |
88 |
biatas farae (úr) |
15 |
Chun an ceanglas maidir leis an iontógáil laethúil beatha íosta a ríomh chun cion ábhair thirim na gairbhsí le haghaidh gach gabháltais a ríomh, glactar leis na luachanna a thugtar i dTábla 3 mar an iontógáil laethúil ábhair thirim in aghaidh an speicis agus na catagóire ainmhithe.
Tábla 3
Tomhaltas laethúil íosta (kg ar bhonn tirim in aghaidh an lae)
Speiceas ainmhithe, aois nó táirgeacht bainne |
Meáchan coirp (kg) |
Iontógáil laethúil (kg ar bhonn tirim in aghaidh an lae) |
EALLACH |
|
|
Laonna idir 5 agus 6 mhí d’aois |
150 |
3 -4 |
Eallaí óga lena dtógáil a thuilleadh |
200 -300 |
4 |
|
300 -400 |
6 |
|
400 -500 |
8 |
|
500 -650 |
9 |
Eallaí óga lena ramhrú |
200 -300 |
7 |
|
300 -400 |
8,5 |
|
400 -500 |
10 |
|
500 -650 |
10,5 |
BA (déiríocht) |
|
|
suas le 2 000 kg in aghaidh na bliana |
650 |
11,4 |
suas le 4 000 kg in aghaidh na bliana Coibhéiseach le ba diúil |
650 |
14,9 |
suas le 6 000 kg in aghaidh na bliana |
650 |
17,6 |
suas le 8 000 kg in aghaidh na bliana |
650 |
19,7 |
>8 000 kg in aghaidh na bliana |
650 |
>20,6 |
CAPAILL |
|
|
Obair éadrom |
500 |
7 -9 |
Obair mheán-throm |
500 |
8 -9 |
Obair throm |
500 |
10 |
CAORA |
|
|
Déiríocht |
70 |
3 |
Caoirigh dhiúil (1-2 uan) |
70 |
1,8 |
Caoirigh óga |
40 -70 |
1,2 |
Uain lena ramhrú |
20 -45 |
0,8 -1,6 |
GABHAIR |
|
|
Déiríocht |
70 |
suas le 3,5 |
Gabhair dhiúil a bhfuil meannáin acu |
70 |
1,8 |
Ní mór do tháirgeoirí ‘seneno meso’ na taifid agus na doiciméid tacaíochta uile is gá a choimeád i bhfoirm a fhágfaidh gur féidir leis an gcomhlacht cigireachta na ceanglais uile a leagtar síos sa tsonraíocht seo a sheiceáil tráth ar bith le linn cigireachta.
Leasúchán
— |
Tá toirmeasc ar úsáid díleáiteáin ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ag a bhfuil toilleadh is mó ná 50 CA (coibhéis áitritheora – an t-aonad ualaigh uisce a chomhfhreagraíonn don truailliú a dhéanann duine fásta amháin in aghaidh an lae). |
— |
Tá limistéir a leasaítear le díleáiteán ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ag a bhfuil toilleadh níos lú ná 50 CA oiriúnach lena n-innilt tar éis 3 seachtaine ó cuireadh an leasachán deireanach orthu. |
Substaintí cúnta ceimiceacha
Ní fhéadfar oibreáin spraeála le haghaidh feithidí eitilte a úsáid i dtithe pórúcháin ainmhithe ach amháin nuair nach bhfuil aon ainmhí i láthair.
Toirmeasc ar dhíol ainmhithe
— |
Chun deimhniú a fháil le haghaidh ‘seneno meso’, ní mór an tréimhse chun an gabháltas nó na hainmhithe a thiontú go táirgeadh féir thirim a chur san áireamh maidir le hainmhithe nár tógadh i gcomhréir leis an tsonraíocht seo ó rugadh iad. Is éard atá sa tréimhse thiontaithe chun ainmhithe beo nó feoil a mhargú dhá thrian d’aois ainmhithe suas le 9 mí d’aois agus 6 mhí d’aois i gcás ainmhithe níos sine. Tá toirmeasc ar ainmhithe beo a dhíol agus ar fheoil a lipéadú mar ‘seneno meso’ roimh dheireadh na tréimhse tiontaithe. |
— |
Má nochtar le cigireacht cás neamhchomhlíontachta a dhéanann difear do stádas ‘seneno meso’ (e.g. beatha a thabhairt le beatha choipthe), ní mór tréimhse thiontaithe nua le haghaidh na n-ainmhithe atá i gceist a chur san áireamh. |
Próiseáil
— |
Féadfar ‘seneno meso’ a lipéadú amhlaidh má tá sé úr, fuaraithe, reoite nó próiseáilte. Ní fhéadfar ach breiseáin nach sainaithnítear mar ‘ghéinmhodhnaithe’ faoin reachtaíocht atá i réim a úsáid i bpróiseáil na feola. |
— |
I dtáirgí agus ullmhóidí feola, ní mór ‘seneno meso’ a bheith ina 60 % ar a laghad de chomhábhair an táirge chríochnaithe. |
— |
Féadfar géimfheoil a chur le táirgí feola agus le hullmhóidí feola ar choinníoll gur de thionscnamh limistéar nach gceadaítear plandaí géinmhodhnaithe a chur iontu an géim fiaigh. |
Ní fhéadfar an t-ainm ‘seneno meso’ ná an tásc ‘arna dhéanamh as seneno meso’ a úsáid ach amháin má chomhlíonann comhdhéanamh an táirge ceanglais na sonraíochta le haghaidh ‘seneno meso’.
I gcás ina ndéantar táirge as roinnt cineálacha feola, nach ‘seneno meso’ iad go léir, ní mór tásc soiléir a bheith ar an dearbhú táirge maidir le cé acu feoil is’seneno meso’ agus tásc maidir le cion gach feola sa táirge.
4.3. Tuairisc ar na príomheilimintí lena mbunaítear saintréith thraidisiúnta an táirge
Go dtí 1827, foraois den chuid is mó a bhí in Alpa na Slóivéine. Ba é talamh féaraigh an dara catagóir ba mhó, a chumhdaigh 27,5 % den limistéar, rud a léiríonn tábhacht na talmhaíochta nó na feirmeoireachta beostoic tréadaí ag an am. Ba thalamh móinéir 12,6 % de, ba thalamh arúil 4,8 % de agus ba sna catagóirí eile a bhí 9 % de (Petek, 2005). Faoi 1929, bhí an córas feirmeoireachta foráiste ceannasach i leath thiar Alpa na Slóivéine, agus bhí sciar beagán níos ísle de bharra foráiste agus sciar níos mó de ghránaigh agus de bharra fréimhe sa leath thoir. D’fhan an staid gan athrú den chuid is mó chomh déanach le 1960 (Petek, 2005).
As thart ar 4 440 gabháltas talmhaíochta in Alpa na Slóivéine a taifeadadh san áireamh talmhaíochta in 2000, bhí 88 % díobh tiomnaithe go hiomlán do tháirgeadh beostoic, bíodh sin innilt beostoic (59 %) nó táirgeadh beostoic mheasctha (29 %) (Petek, 2005).
Is é táirgeadh ‘seneno meso’ an cineál táirgthe feola is sine, ós rud é gurbh é an modh is luaithe é chun ainmhithe luibhiteacha (eallach, caoirigh, gabhair agus ainmhithe den speiceas eachaí) a thógáil bunaithe ar innilt agus ar bheathú le féar tirim le linn an gheimhridh. Is é an rud is tábhachtaí do tháirgeadh ‘seneno meso’, agus b’amhlaidh é i gcónaí, dea-bheatha. Ar na feirmeacha, is minic a bhíonn eallach, caoirigh, gabhair agus ainmhí den speiceas eachaí ag innilt ar fhéaraigh shléibhe ag a bhfuil tír-raon garbh agus ar shléibhte i bhfad ó na feirmeacha. Sa gheimhreadh, beathaíodh le féar tirim iad, a triomaíodh ar fhéarthailte buana agus arúla, cé go bhféadfaí é a thriomú ar thriomadóirí freisin chun cáilíocht níos fearr a bhaint amach nó chun rioscaí a bhaineann leis an aimsir a laghdú. Is féidir a rá gurb é an raca féir (kozolec sa Slóivéinis) an triomadóir is sine. Luaigh an tOllamh Oskar Moser é chomh luath le 1558 (Juvanec, 2007, Kozolec, lch. 24). Rinne Joseph Pseiner príomhthagairt d’úsáid raca féir chun féar tirim a thriomú chun ainmhithe feirme a bheathú in 1822 (Juvanec, 2007, Kozolec, lch. 26). Deimhnítear leis na tagairtí sin úsáid an fhéir thirim mar bheatha thraidisiúnta agus leitheadúlacht an chineáil teicneolaíochta sin ar fud cuid mhór den Eoraip.
Tá leath an oiread saille agus i bhfad níos lú calraí i bhfeoil ainmhithe innilte ná mar atá i bhfeoil ainmhithe a bheathaítear le sadhlas gráin bhuí nó le haiste bia ina bhfuil cion níos airde beatha tiubhaithe. De réir taighde eolaíoch, tá 10 n-uaire níos mó béite-charaitéin i bhfeoil eallaí a thógtar ar fhéarach, suas le 30 % níos mó vitimín C agus suas le 54 % níos mó alfa-tócaifearóil (vitimín E) (Kmečki glas, 20.5.2021). Tá dhá oiread lúitéine i bhfeoil na gcaorach a thógtar ar fhéarach agus atá i bhfeoil na gcaorach a bheathaítear le beatha. Tá feoil na n-ainmhithe a thógtar ar fhéarach cosúil ó thaobh cáilíochta de le géimfheoil agus tá thart ar an gcion saille céanna aici. Tá an cóimheas idir aigéid shailleacha óimige-6 agus óimige-3 i bhfad níos cúinge ná i bhfeoil ainmhithe a bheathaítear le grán buí (Robinson, 2000).
Baineann éifeacht thairbheach le hainmhithe a bheathú le féarach agus farae móinéir maidir le cion iomlán saille a laghdú agus méadú a dhéanamh ar an sciar béite-charaitéine, vitimín E (alfa-tócaifearóil), vitimín B, tiaimín agus ribeaflaivin, na mianraí cailciam, maignéisiam agus potaisiam, agus aigéid shailleacha omega-3 iomlána, chomh maith le cóimheas níos sláintiúla idir aigéid shailleacha óimige-6 agus óimige-3 a sholáthar mar aon le cion CLA [aigéad líonoiléach comhchuingeach] níos airde (cios-9 tras-11), cion aigéid vacsaínigh níos airde (is féidir a thiontú ina CLA) agus cion saille sáithithe níos ísle (S. K. Duckett et al., 2009).
Bíonn ba a thógtar le féarach níos frithsheasmhaí in aghaidh galar agus struis. Is féidir éifeacht thairbheach na frithsheasmhachta sin a chur ar aghaidh chuig daoine freisin a ólann bainne agus a itheann feoil na n-ainmhithe sin (Robinson, 2000). Tá teorainn le cainníocht an ghráin bhuí agus na beatha tiubhaithe eile in aiste bia na n-ainmhithe a úsáidtear chun ‘seneno meso’ a tháirgeadh, toisc go spreagann úsáid iomarcach gráin bhuí in aiste bia na n-athchogantach méadú ar fhrithsheasmhacht an bhaictéir Escherichia coli in aghaidh imoibriú aigéid, rud a bhaineann le riosca méadaithe go leathfaidh an baictéar sin.
Tá táirgeadh ‘seneno meso’ dírithe go háitiúil agus fágann an cion ard farae móinéir (féarach agus féar tirim) gur feirmeoireacht beostoic de chineál inbhuanaithe é. Is í innilt féaraigh an bealach is fearr chun ainmhithe a thógáil ar bhealach inbhuanaithe agus, in éineacht le beathú féir thirim, is cur chuige traidisiúnta í freisin maidir le tógáil ainmhithe. Cuidíonn an meascán d’úsáid fhairsing agus thraidisiúnta leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú (Večer laethúil, 2021). Mar sin féin, chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú sa dúlra, is é cur chuige ina gcomhcheanglaítear innilt agus baint móinéir an bealach is éifeachtaí chun talamh móinéir a úsáid.
Tá táirgeadh ‘seneno meso’ thar a bheith inbhuanaithe, toisc go gcosnaíonn sé an aeráid agus an ithir agus go spreagann sé an bhithéagsúlacht. Tá sé ríthábhachtach féarthalamh a chaomhnú chun ‘seneno meso’ a tháirgeadh, ós rud é go stórálann móinéir agus féaraigh thart ar aon trian níos mó carbóin in aghaidh an heicteáir ná talamh arúil (149 t C/ha) a bhuí lena gcion ard húmais i sraitheanna uachtaracha na hithreach. I sraitheanna ithreach níos doimhne, stórálann féarthalamh (196 t C/ha) méid carbóin atá cosúil leis an meánithir foraoise (191 t C/ha) (ARGE Heumilch, 2021). Cuireann ceapadh carbóin san ithir feabhas ar struchtúr agus cáilíocht na hithreach, agus cuireann sé le talmhaíocht inbhuanaithe agus le bainistiú acmhainní nádúrtha an tráth céanna.
(1) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3977/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)