EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC03268

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

PUB/2024/235

IO C, C/2024/3268, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3268/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3268/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3268

27.5.2024

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

(C/2024/3268)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.

FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL

‘Yecla’

PDO-ES-A0606-AM03

Dáta na teachtaireachta: 1 Márta 2024

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

AN CINEÁL VIOGNIER A ÁIREAMH

Tuairisc:

Leasaíodh an tsonraíocht táirge chun an cineál fíniúna geal Viognier a chur san áireamh.

Leasaíodh pointe 6 ‘Cineálacha fíonchaor’ den tsonraíocht táirge agus leasaíodh pointe 7 den doiciméad aonair.

Is leasú caighdeánach é seo. Is é an toradh a bhíonn air sin go ndéantar na cineálacha céanna fíona a tháirgeadh leis an bpróifíl agus na saintréithe céanna a leagtar amach i bpointe 2, ‘Tuairisc ar na fíonta’, den tsonraíocht táirge. Measaimid dá bhrí sin nach mbaineann an leasú seo le haon cheann de na catagóirí dá bhforáiltear in Airteagal 105(2) de Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 (an Rialachán maidir le CEM aonair).

Réasúnú

Rinneadh staidéar a léiríonn go bhfuil an cineál Viognier thar a bheith oiriúnach dár réigiún agus do cháilíocht a bhfíonta. Léirítear sa staidéar freisin go gcoinnítear na saintréithe a leagtar síos sa tsonraíocht táirge le haghaidh fíonta faoin ATFC seo. Tá údar leis an gcineál sin a áireamh freisin mar gheall ar éileamh reatha an mhargaidh.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm (nó ainmneacha)

Yecla

2.   Cineál an táisc gheografaigh:

ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí an táirge fíniúna

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

4.

Fíon súilíneach

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

1.   FÍON – Fíonta geala

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Cuma: glan agus gléigeal, bánbhuí le dathanna buí órga, d’fhéadfadh imir ghlas a bheith ag an imeall.

Dea-bholadh: glan agus dea-bholaithe torthaíocha agus/nó bláthacha. Má aosaíodh an fíon in adhmad, cothromaítear iad sin leis an mboladh tipiciúil a bhíonn ón mbairille.

Blas: aigéadacht mhaith, blas torthaíoch. Má aosaíodh an fíon in adhmad, is féidir an blas clasaiceach a thugann sin don fhíon a bhlaiseadh. Bíonn fíonta leathmhilse agus fíonta milse cothrom i dtéarmaí neart alcóil, aigéadachta agus méid siúcra iarmharach.

*

Má tá an méid siúcra níos mó ná 5 g/l nó cothrom leis, is é 250 mg/l an cion uasta sulfair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 10.5

Aigéadacht iomlán íosta: 4.5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 13.3

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 200

2.   FÍON – Fíonta rosé

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Cuma: glan agus gléigeal, idir dhath éadrom an bhradáin go bándearg.

Dea-bholadh: dea-bholaithe torthaíocha agus/nó bláthacha.

Blas: aigéadacht mhaith, cothrom, blas torthaíocha. Bíonn fíonta leathmhilse agus fíonta milse cothrom i dtéarmaí neart alcóil, aigéadachta agus méid siúcra iarmharach.

*

Má tá an méid siúcra níos mó ná 5 g/l nó cothrom leis, is é 250 mg/l an cion uasta sulfair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 11

Aigéadacht iomlán íosta: 4.5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 13.3

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 200

3.   FÍON – Fíonta dearga

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Cuma: déine dathanna idir measartha agus láidir. D’fhéadfadh dathanna corcra nó dathanna silíní-dearga, dearg-rúibíneach nó líocha brící a bheith ar dhath na silíní a bhfuil imir chorcairghorm orthu, ar dhath corcra agus ar dhath an ghairnéid.

Dea-bholadh: torthaí úra agus/nó aibí, de dhéine mhaith. I gcás fíonta a bhíonn coipthe nó aosaithe in adhmad, beidh cothromaíocht idir na torthaí agus an t-adhmad. Ró-aibiú de bheagán, spíosraí, blas balsamach, rianta den dair.

Blas: sraitheanna éagsúla le marthanacht mhaith, tathag, teas agus tainniní aibithe agus boga, an-chothrom. Bíonn fíonta leathmhilse agus fíonta milse cothrom i dtéarmaí neart alcóil, aigéadachta agus méid siúcra iarmharach.

*

Má tá an méid siúcra níos mó ná 5 g/l nó cothrom leis, is é 200 mg/l an cion uasta sulfair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 12

Aigéadacht iomlán íosta: 4.5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 20

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 150

4.   FÍON LICÉIR

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Cuma: den chineál fíona: geal, rosé nó dearg.

Dea-bholadh: déine mhaith a bhaineann le haosú, an-dlúth agus saintréitheach nuair a dhéantar é le fíonchaora Monastrell.

Blas: an-chothrom idir milseacht agus searbhas, lán-tathag, olartha le hiarbhlas fada.

*

Má tá an méid siúcra níos mó ná 5 g/l nó cothrom leis, is é 200 mg/l an cion uasta sulfair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 15

Aigéadacht iomlán íosta: 3.5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 20

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 150

5.   FÍON SÚILÍNEACH

TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR

Cuma: i gcás inar fíon geal an bunfhíon, bíonn dath buí éadrom agus buí órga air den chuid is mó. I gcás inar rosé an bunfhíon, bíonn dathanna bándearga ar na fíonta, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh imireacha den sú craobh, sú talún, cuiríní dearga nó dath an bhradáin iontu. I gcás inar fíon dearg an bunfhíon, bíonn dathanna dearga ar na fíonta maille le himireacha de chorcairghorm, corcra, gairnéad, silíní nó rúibín.

Dea-bholadh: le dea-bholaithe bláthacha nó torthaíocha a bhaineann go sonrach leis an gcineál.

Blas: cothrom idir siúcra agus aigéadacht.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 11.5

Aigéadacht iomlán íosta: 4.5 gram in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 16.7

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): 235

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Ní mór neart íosta 11 °Bé a bheith ag na fíonchaora le haghaidh fíonchaora dearga agus 10 °Bé le haghaidh fíonchaora geala; maidir le fíonta licéir, caithfidh an neart íosta a bheith 13°°Bé.

Srian ábhartha ar dhéanamh na bhfíonta

Chun úrfhíon a úscadh ó fhíonchaora úra i bhfíonóireacht lena mbaineann coipeadh ó chraicne, nó ó fhíon ó mharc fíonchaor coipthe i bhfíonóireacht dhearg, is iad na córais mheicnithe amháin a cheadaítear na córais sin nach ndéanann damáiste do na codanna soladacha de thriopaill fíonchaor. Tá toirmeasc ar bhrúiteoirí lártheifeacha ardluais a úsáid.

Tá toirmeasc ar fháisceáin leanúnacha a úsáid.

Ní sháróidh an táirgeacht 74 lítear d’fhíon críochnaithe in aghaidh gach 100 cileagram d’fhíonchaora a bhuantar agus úrfhíon nó fíon á úscadh agus á scaradh ón marc fíonchaor. Ní fhéadfar baisceanna úrfhíona nó fíona a fhaightear trí bhrú mí-oiriúnach a úsáid chun fíonta cosanta a dhéanamh i gcás ar bith.

Cleachtas saothraithe

Is iad na córais treoraithe agus phrúnála a úsáidtear i bhfíonghoirt an córas traidisiúnta cuachphrúnála agus a leaganacha malartacha, agus treilísiú agus a chuid leaganacha malartacha.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   PLANDÁLACHA NEAMH-UISCITHE DE CHINEÁLACHA GEALA

 

4 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

 

33.3 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   PLANDÁLACHA NEAMH-UISCITHE DE CHINEÁLACHA DEARGA

 

4 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

 

29.6 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.   PLANDÁLACHA UISCITHE DE CHINEÁLACHA GEALA

 

9 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

 

66.6 heictilítear in aghaidh an heicteáir

4.   PLANDÁLACHA UISCITHE DE CHINEÁLACHA DEARGA

 

7 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

 

51.8 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

I gcás na bhfíonta a chumhdaítear leis an ainmniúchán tionscnaimh tá an limistéar ina saothraítear na fíonchaora comhdhéanta de na limistéir talún atá áirithe sa chlár fíonghort, iad go léir suite laistigh de bhardas Yecla i réigiún Murcia.

Is ionann an limistéar fíonóireachta agus na limistéir ina bhfástar agus ina n-aosaítear na fíonchaora.

7.   CINEÁL(CINEÁLACHA) FÍONCHAOR

AIREN

CABERNET SAUVIGNON

CHARDONNAY

GARNACHA TINTA

GARNACHA TINTORERA

MACABEO – VIURA

MALVASIA AROMÁTICA - MALVASÍA SITGES

MERLOT

MERSEGUERA

MONASTRELL

MOSCATEL DE GRANO MENUDO

PETIT VERDOT

SAUVIGNON BLANC

SYRAH

TEMPRANILLO

VERDEJO

VIOGNIER

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

Tá aeráid ilchríochach thirim in Yecla le samhradh te agus geimhreadh an-fhuar. Titeann 300 milliméadar báistí ar an meán ann in aghaidh na bliana. Scalann an ghrian ann ar feadh níos mó ná 3 000 uair an chloig in aghaidh na bliana.

Is é an tsaintréith is tábhachtaí i dtéarmaí rilíf an limistéir seo airde shuntasach an ardchláir.

Saintréith shuntasach den chóras uisce é cineál ionoirfic na n-abhantrach sa limistéar. Is ithreacha calcacha agus domhain iad na hithreacha, i measc rudaí eile, le tréscaoilteacht mhaith agus iad lag go háirithe in ábhar orgánach. Tá fianaise sheandálaíochta ann go bhfuil fíniúnacha ag fás sa limistéar ón gcéad aois RC.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil:

 

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

 

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

 

Ní mór an méid seo a leanas a bheith ar lipéid na bhfíonta pacáistithe: ‘Denominación de Origen Yecla’ [Ainmniúchán TionscnaimhYecla] nó ‘Denominación de Origen Protegida Yecla’ [Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint Yecla]. Scrúdaíonn an comhlacht rialaithe na lipéid, comhlacht a fhíoraíonn go bhfuil ceanglais na sonraíochta táirge á gcomhlíonadh.

 

Ní mór séalaí ráthaíochta nó lipéid deimhniúcháin a bheith ar an bpacáistiú ina seoltar na fíonta, agus iad uimhrithe sa dá chás, arna n-eisiúint ag an gcomhlacht rialaithe nó a úsáideann uimhriú arna sholáthar ag an gcomhlacht rialaithe agus a ghreamaítear ag an bhfíonlann féin (aon úsáid amháin).

NASC CHUIG AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

Yecla_2022_06_14.docx (carm.es)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3268/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top