Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC02975

    Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frith-fhóirdheontais is infheidhme i dtaca le hallmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

    C/2024/2653

    IO C, C/2024/2975, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2975/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2975/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2975

    30.4.2024

    Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frith-fhóirdheontais is infheidhme i dtaca le hallmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

    (C/2024/2975)

    Tar éis fhoilsiú an fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú (1) i dtaca leis na bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm ar allmhairí táirgí cruach áirithe le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’ nó ‘an tír lena mbaineann’), fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheonaithe ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (‘an bun-Rialachán’).

    1.   Iarraidh ar athbhreithniú

    Is é EUROFER, Comhlachas Eorpach na gCruach, (‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh isteach an 2 Feabhra 2024 thar ceann thionscal an Aontais i leith táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu, de bhrí Airteagal 10(6) den bhun-Rialachán.

    Tá leagan oscailte den iarraidh mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí an Aontais leis an iarraidh le fáil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.

    2.   An táirge faoi athbhreithniú

    Is é an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu (‘OCS’), i.e. táirgí cothromrollta de chruach neamh-chóimhiotail agus cóimhiotail (gan cruach dhosmálta san áireamh) atá péinteáilte, vearnaiseáilte nó brataithe le plaistigh ar thaobh amháin ar a laghad, seachas ‘painéil srathaithe’ mar a thugtar orthu, de chineál a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna tógála agus ina bhfuil dhá leathán miotail lasmuigh agus croí cobhsaí d’ábhar inslithe eatarthu, seachas na táirgí sin a bhfuil bratú deiridh since orthu (péint ar mhórán since, arb é sinc 70 % de ar a laghad de réir meáchain), agus seachas na táirgí sin le foshraith le bratú miotalach cróimiam nó stáin (‘an táirge faoi athbhreithniú’), atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7210 70 80, ex 7212 40 80, ex 7225 99 00, agus ex 7226 99 70 (cóid TARIC 7210708011, 7210708091, 7212408001, 7212408021, 7212408091, 7225990011, 7225990091, 7226997011 agus 7226997091). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.

    3.   Na bearta atá ann cheana

    Is éard atá sna bearta atá i bhfeidhm faoi láthair dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 215/2013 ón gComhairle (3) arna leasú go deireanach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688 ón gCoimisiún (4).

    4.   Foras an athbhreithnithe

    Tá an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha, ar dhul in éag na mbeart, go leanfar den fhóirdheonú nó go ndéanfar an díobháil do thionscal an Aontais an athuair.

    4.1.    An líomhain gur dócha go leanfar den fhóirdheonú nó ndéanfar an athuair í

    Is leor an fhianaise a thug an t-iarratasóir lena léiriú go bhfuil na scéimeanna fóirdheontais a frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh fós i bhfeidhm agus gur bhain táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann tairbhe, agus gur dócha go leanfaidh siad de bheith ag tairbhiú de roinnt fóirdheontas arna ndeonú ag Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na gcúigí.

    Ar bhonn na fianaise san iarraidh, is cosúil gur substaintiúil fós an leibhéal fóirdheonaithe atá ann.

    Is éard atá i gceist, inter alia, leis na cleachtais fóirdheonúcháin líomhnaithe, (i) aistriú díreach cistí; (ii) ioncam rialtais a tarscaoileadh nó nár bailíodh; agus (iii) soláthar earraí nó seirbhísí ag an rialtas ar luach saothair nach bhfuil leordhóthanach. I measc nithe eile, líomhain an t-iarratasóir gur ann, mar shampla, d’iasachtaí agus deontais fhabhracha, agus do dhíolúintí ó cháin nó laghduithe ar cháin. Líomhain sé freisin gur chuir an rialtas talamh, ábhair ionchuir agus leictreachas ar fáil ar luach saothair nach bhfuil leordhóthanach.

    Líomhnaíonn an t-iarratasóir gur fóirdheontais iad na bearta a shonraítear ó tharla gurb é atá i gceist leo ranníocaíocht ó Rialtas na tíre lena mbaineann agus go dtugann siad sochar do tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú. Líomhnaítear go mbaineann na fóirdheontais sin go sonrach le fiontar nó tionscal nó grúpa fiontar nó tionscal nó go bhfuil siad ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad in-fhrithchúitithe.

    I bhfianaise Airteagal 18(2) den bhun-Rialachán, d’ullmhaigh an Coimisiún meabhrán maidir le leordhóthanacht na faisnéise ina bhfuil measúnú an Choimisiúin ar an bhfianaise uile atá ar fáil dó agus ar ar a bonn a thionscnaíonn an Coimisiún an t-athbhreithniú éaga seo. Is féidir an meabhrán sin a fháil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara.

    Forchoimeádann an Coimisiún an ceart chun imscrúdú a dhéanamh ar chleachtais fóirdheontais ábhartha eile, a d’fhéadfaí teacht chun solais le linn an imscrúdaithe.

    4.2.    An líomhain gur dócha go ndéanfar an díobháil an athuair

    Líomhnaíonn an t-iarratasóir gur dócha go mbeidh díobháil ann arís ón tír lena mbaineann. I ndáil leis sin, tá a dóthain fianaise curtha ar fáil ag an iarratasóir, dá ligfí do bhearta dul in éag, gur dócha go dtiocfaidh méadú ar leibhéal allmhairiúcháin reatha an táirge atá faoi athbhreithniú ón tSín chuig an tAontas toisc go bhfuil acmhainneacht mhór neamhúsáidte sa tSín, moilliú ar an éileamh intíre, tarraingteacht mhargadh an Aontais, agus bearta trádála sriantacha a tugadh isteach i ndlínsí eile.

    Ar deireadh, líomhnaíonn an t-iarratasóir go bhfuil tionscal an Aontais i staid leochaileach agus, dá ligfí do bhearta dul in éag, gur dócha go dtarlóidh an díobháil do thionscal an Aontais an athuair mar thoradh ar mhéideanna móra allmhairí a thabhairt isteach arís ar phraghsanna fóirdheonaithe ón tír lena mbaineann.

    5.   Nós imeachta

    Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 25(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise atá ann maidir le dóchúlacht an fhóirdheonaithe agus na díobhála chun údar maith a thabhairt le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 18(2) den bhun-Rialachán.

    Cinnfidh an t-athbhreithniú éaga an dócha, ar dhul in éag na mbeart, go leanfar d’fhóirdheonú an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne nó go ndéanfar an athuair é agus an dócha go ndéanfar an díobháil do thionscal an Aontais an athuair.

    Tugadh cuireadh chuig comhairliúcháin do Rialtas na tíre lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 10(7) den bhun-Rialachán.

    Ina theannta sin tarraingíonn an Coimisiún aird na bpáirtithe ar an imscrúdú frith-dhumpála ar leithligh atá ag dul ar aghaidh faoi láthair maidir leis an táirge céanna. Iarrtar ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin, ar thionscal an Aontais, agus ar na páirtithe leasmhara uile san imscrúdú frithdhumpála sin clárú ar leithligh a dhéanamh le haghaidh an imscrúdaithe seo agus an fhaisnéis ábhartha a chur isteach de réir na módúlachtaí agus na dtráthchlár a shonraítear san fhógra seo gan beann ar an bhfaisnéis a d’fhéadfadh a bheith curtha isteach i gcomhthéacs an imscrúdaithe frithdhumpála. Ní dhéanfar an fhaisnéis nó na barúlacha a cuireadh isteach i gcomhthéacs an imscrúdaithe frithdhumpála a chur san áireamh go huathoibríoch san imscrúdú seo, agus an fhaisnéis uile a bhaineann leis an imscrúdú seo, beidh ar na páirtithe í a chur isteach ar leithligh i gcomhthéacs an nós imeachta seo mar phrionsabal.

    5.1.    Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

    An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den fhóirdheonú nó an ndéanfar an athuair é, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go ndéanfar an díobháil an athuair, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go deireadh thréimhse an imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

    5.2.    Barúlacha maidir leis an iarraidh agus tionscnamh an imscrúdaithe

    Gach páirtí leasmhar ar mian leis barúil a thabhairt maidir leis an iarraidh (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le hatarlú na díobhála agus cúisíocht) nó maidir le haon ghé a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear a mhéid a thacaítear leis an ngearán), ní mór dó déanamh amhlaidh laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh  (5).

    Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.

    5.3.    Nós imeachta chun a chinneadh an dócha go leanfar den fhóirdheonú nó go ndéanfar an athuair í

    In athbhreithniú éaga, déanann an Coimisiún scrúdú ar onnmhairí a cuireadh chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus, gan beann ar an onnmhairiú chuig an Aontas, measann sé an rud é, de thoradh staid na gcuideachtaí a tháirgeann agus a dhíolann an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann, gur dócha go leanfar den onnmhairiú ar phraghsanna fóirdheonaithe nó go gcuirfear tús leis arís má théann na bearta in éag.

    Dá bhrí sin, táirgeoirí uile (6) an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh orthu, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

    5.3.1   Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí sa tír lena mbaineann

    Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí sa tSín a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí atá le himscrúdú, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

    Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach táirgeoir, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne agus faisnéis faoina gcuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas:

    https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2721 .

    I ranna 5.6 agus 5.9 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar Tron.

    An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, déanfaidh sé teagmháil le húdaráis na tíre lena mbaineann freisin agus féadfaidh sé teagmháil a dhéanamh le haon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí sa tír lena mbaineann.

    Má tá gá le sampla, roghnófar na tairgeoirí ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de tháirgeacht, díolacháin nó onnmhairí ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta laistigh den am atá ar fáil. Gach táirgeoir aitheanta, údaráis na tíre lena mbaineann, agus na comhlachais de tháirgeoirí, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis na tíre lena mbaineann más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

    Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 37 lá tar éis an dáta a thugtar fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

    Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá tar éis an dáta a fhógraítear an cinneadh faoin sampla.

    Beidh cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara ar dháta foilsithe an chinnidh samplála : https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2721 .

    Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 28 den bhun-Rialachán, na cuideachtaí a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu.

    5.3.2.   Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe (7) (8)

    Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an táirge atá faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú sin.

    Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

    Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar leis seo ar na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe uile, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne don Choimisiún. Ní mór do na páirtithe sin déanamh amhlaidh laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, tríd an bhfaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfógra seo a thabhairt don Choimisiún.

    An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, féadfaidh sé teagmháil a dhéanamh le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí atá ann.

    Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann san Aontas ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta laistigh den am atá ar fáil. Gach allmhaireoirí neamhchomhlachaithe aitheanta agus na comhlachais d’allmhaireoirí, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

    Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá tar éis an dáta a fhógraítear an cinneadh faoin sampla.

    An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí ar fáil do na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 37 lá tar éis an dáta a thugtar fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.

    Beidh cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí neamhchomhlachaithe ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara ar dháta foilsithe an chinnidh samplála.

    5.4.    Nós imeachta chun a chinneadh an dócha go ndéanfar an díobháil an athuair agus imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí an Aontais

    Chun a chinneadh an dócha go ndéanfar an díobháil do thionscal an Aontais an athuair, iarrtar ar an gCoimisiún ar tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú san Aontas a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

    Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí san Aontas a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí san Aontas a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.

    Roghnaigh an Coimisiún sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara.

    Leis seo, iarrtar ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Sa bhreis air sin, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, a mheasann gur ann do chúiseanna ar cheart dóibh a chuimsiú sa sampla, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

    Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais agus/nó do gach comhlachas de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.

    Beidh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte san Aontas ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá tar éis an dáta a thugtar fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

    Beidh cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí neamhchomhlachaithe ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara ar dháta foilsithe an chinnidh samplála. Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais

    5.5.    Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais

    Má dheimhnítear gur dócha go leanfar den fhóirdheonú ó go ndéanfar an díobháil arís, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 31 den bhun-Rialachán, maidir le cé acu a bheadh sé in aghaidh leas an Aontais nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frith-fhóirdheontais i bhfeidhm.

    Táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, iarrtar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.

    Aon fhaisnéis a bhaineann leis an measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a sholáthar laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl i bhformáid shaor, sin nó trí cheistneoir arna ullmhú ag an gCoimisiún a líonadh isteach.

    Tá cóip de na ceistneoirí, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi athbhreithniú, le fáil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2721. In aon chás, aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 31 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag gabháil léi tráth a chuirtear isteach í, ar fianaise í a thugann bunús le bailíocht na faisnéise.

    5.6.    Páirtithe leasmhara

    Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, páirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

    Táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.2 agus 5.4, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

    Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 28 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.

    Is féidir an comhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (9).

    5.7.    Aighneachtaí eile i scríbhinn

    Faoi réir fhorálacha an fhógra seo, iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile, leis seo, a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.

    5.8.    An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

    Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.

    I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar a iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur ar fáil tar éis na héisteachta.

    5.9.    Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

    Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

    Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘Íogair’  (10) orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi.

    Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 29(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘Le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara’. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach i modh rúin a thuiscint go réasúnta. Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

    Iarrtar ar na páirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhnithe. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do pháirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha dá dtagraítear thuas maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara.

    Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

    An Coimisiún Eorpach

    Directorate-General for Trade

    Directorate G

    Office: CHAR 04/039

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË

    TRON.tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi

    Ríomhphost le haghaidh ábhair a bhaineann le fóirdheontas:

    TRADE-R813-R814-OCS-DUMPING-SUBSIDY@ec.europa.eu

    Ríomhphost maidir le hábhair a bhaineann le díobháil:

    TRADE-R813-R814-OCS-INJURY@ec.europa.eu

    6.   Sceideal an imscrúdaithe

    De ghnáth, tabharfar an t-imscrúdú chun críche laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, de bhun Airteagal 22(1) den bhun-Rialachán.

    7.   Faisnéis a chur isteach

    Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na tráthchláir a shonraítear i roinn 5 den fhógra seo.

    Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.

    8.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile

    Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.

    Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt.

    An tráthchlár arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

    9.   Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san fhógra seo

    Níor cheart aon shíneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. In aon chás, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh an sprioc-ama chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus mar riail ghinearálta, ní rachaidh sé thar 7 lá. Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh an síneadh thar 3 lá, mura léirítear gur ann d’imthosca eisceachtúla.

    10.   Neamh-chomhoibriú

    I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán.

    I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

    Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh sé dá mbeadh sé tar éis comhoibriú.

    Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagra a chur isteach de réir mar a iarradh. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

    11.   An tOifigeach Éisteachta

    Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh leis na teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

    Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí de chuid an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

    Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus tionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

    Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en

    12.   An deis athbhreithniú a iarraidh faoi Airteagal 19 den bhun-Rialachán

    Ó tharla go dtionscnaítear an t-athbhreithniú éaga seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, ní leasófar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i ngeall ar thorthaí an athbhreithnithe, ach déanfar na bearta sin a aisghairm nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 22(3) den bhun-Rialachán.

    Má mheasann aon pháirtí leasmhar go bhfuil údar le hathbhreithniú ar na bearta ar dhóigh a d’fhágfadh go bhféadfaí na bearta a leasú, féadfaidh an páirtí sin athbhreithniú a iarraidh de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán.

    Aon pháirtí ar mian leis athbhreithniú den sórt sin a iarraidh, ar athbhreithniú é a dhéanfaí go neamhspleách ar an athbhreithniú éaga a luaitear san fhógra seo, féadfaidh sé dul i dteagmháil leis an gCoimisiún ag an seoladh a shonraítear thuas.

    13.   Próiseáil sonraí pearsanta

    Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

    Tá fógra cosanta sonraí le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W


    (1)   IO C 274, 3.8.2023, lch. 18.

    (2)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2013 ón gComhairle an 11 Márta 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 73, 11.3.2013, lch. 16).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 116, 3.5.2019, lch. 39).

    (5)  Le tagairtí d’fhoilsiú an fhógra seo, is é foilsiú an fógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bheidh i gceist mura sonraítear a mhalairt.

    (6)  Is éard is táirgeoir ann aon chuideachta (sa chás seo, sa tír lena mbaineann) a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí comhlachaithe a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin intíre nó onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú.

    (7)  Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil comhlachaithe leis na táirgeoirí sa tír lena mbaineann a shampláil. Allmhaireoirí atá comhlachaithe le táirgeoirí, ní mór dóibh Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith comhlachaithe sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má rialaíonn duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

    (8)  Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhchomhlachaithe ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le leas an Aontais a chinneadh.

    (9)  I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála ach ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán +32 22979797.

    (10)  Is doiciméad ‘Íogair’ doiciméad a mheastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 29 den bhun-Rialachán agus Airteagal 12 de Chomhaontú EDT maidir le fóirdheontais agus le bearta frithchúitimh. Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

    (11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    IARSCRÍBHINN

    Leagan ‘Íogair’

    Leagan ‘Le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara’

    (Cuir tic sa bhosca iomchuí)

    ATHBHREITHNIÚ ÉAGA AR NA DLEACHTANNA FRITH-FHÓIRDHEONTAIS IS INFHEIDHME I DTACA LE HALLMHAIRÍ TÁIRGÍ ÁIRITHE CRUACH LE BRATÚ ORGÁNACH ORTHU DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE

    FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN SAMPLA D’ALLMHAIREOIRÍ NEAMHCHOMHLACHAITHE A ROGHNÚ

    Tá an fhoirm seo ceaptha le cuidiú le hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus an iarraidh ar fhaisnéis samplála a rinneadh i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnamh á freagairt acu.

    Ba cheart an leagan ‘Íogair’ agus an leagan ‘Le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara’ a chur ar ais chuig an gCoimisiún de réir mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh.

    1.   CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA

    Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:

    Ainm na cuideachta

     

    Seoladh

     

    Duine teagmhála

     

    Seoladh ríomhphoist

     

    Uimhir theileafóin

     

    2.   LÁIMHDEACHAS AGUS AN MÉID DÍOLACHÁN

    Léirigh in euro (EUR) láimhdeachas iomlán na cuideachta, an luach in euro (EUR) agus an méid i dtonaí le haghaidh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de réir mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh, agus le haghaidh athdhíolacháin an táirge sin ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

     

    Tonaí

    Luach in euro (EUR)

    Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (EUR)

     

     

    Allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

     

     

    Allmhairí an táirge faoi imscrúdú (de gach áit tionscnamh)

     

     

    Athdhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne

     

     

    3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA AGUS NA GCUIDEACHTAÍ ATÁ COMHLACHAITHE LÉI (1)

    Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta atá comhlachaithe léi (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) atá bainteach le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge faoi athbhreithniú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge faoi athbhreithniú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonarthachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí eile nach iad.

    Ainm agus suíomh na cuideachta

    Gníomhaíochtaí

    Gaol

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    4.   FAISNÉIS EILE

    Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an sampla a roghnú.

    5.   DEIMHNIÚ

    Tríd an bhfaisnéis thuas a sholáthar, aontaíonn an chuideachta gur féidir í a áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith sa sampla, beidh ar an gcuideachta sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagraí a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach mbeadh sí sásta a bheith sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Is ar na fíorais atá ar fáil a bhunaíonn an Coimisiún torthaí a imscrúdaithe i gcás allmhaireoirí neamh-chomhoibríocha, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheidís dá mbeadh sí tar éis comhoibriú.

    Síniú an oifigigh údaraithe:

    Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:

    Dáta:


    (1)  I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith comhlachaithe sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála atá ag an mbeirt acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má rialaíonn duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2975/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top