Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC02894

    Teachtaireacht Ón gCoimisiún — Treoirchritéir agus treoirphrionsabail maidir le coincheap na húsáide riachtanaí i reachtaíocht an Aontais ina ndéileáiltear le ceimiceáin

    C/2024/1995

    IO C, C/2024/2894, 26.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2894/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2894/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2894

    26.4.2024

    TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

    Treoirchritéir agus treoirphrionsabail maidir le coincheap na húsáide riachtanaí i reachtaíocht an Aontais ina ndéileáiltear le ceimiceáin

    (C/2024/2894)

    1.   RÉAMHRÁ

    Fógraíodh sa Chomhaontú Glas (1) don Eoraip go bhfuil an Coimisiún tiomanta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide chomh maith leis an truailliú agus cailliúint na bithéagsúlachta arb iad cúraimí sainitheacha na glúine seo iad. Braitheann formhór na n-earraí agus na dteicneolaíochtaí a theastaíonn le haghaidh an aistrithe ghlais ar cheimiceáin le haghaidh raon leathan feidhmeanna éagsúla. Tá ceimiceáin i gcroílár phríomhshlabhraí luacha na hEorpa, lena n-áirítear táirgí tomhaltais, leictreonaic, iompar lena n-áirítear ceallraí d’fheithiclí leictreacha, ábhair foirgníochta, agus tuilleadh nach iad.

    Ag an am céanna, tá iliomad samplaí feicthe san Eoraip ina bhfuil ceimiceáin a úsáidtear go forleathan ina gcúis le damáiste mór don tsláinte agus don chomhshaol. Léirítear de bhrí úsáid leathan na gceimiceán sin, go háirithe i bhfeidhm thionsclaíoch, na haincheisteanna casta atá romhainn le linn an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh; is féidir úsáid theicniúil ildánach a bhaint as na ceimiceáin is díobhálaí, cuid acu ar fónamh le haghaidh feidhmeanna tábhachtacha feidhmíochta i dteicneolaíochtaí glasa, ach gabhann fadhbanna móra leo freisin ó thaobh sláinte agus sábháilteachta de agus tá a lorg le brath i ndaoine agus in go leor meán comhthimpeallach ar fud an Aontais agus ar fud an domhain ar leibhéil a leanfaidh de bheith ag méadú mura dtabharfar aghaidh orthu. Leis na haincheisteanna sin, tugtar chun suntais coincheap ‘na húsáide riachtanaí’ a fógraíodh sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (2) chun cuidiú le baint amach aidhmeanna na huaillmhéine maidir le truailliú nialasach ar mhaithe le comhshaol saor ó thocsainí faoin gComhaontú Glas don Eoraip (3).

    Chun athléimneacht thionscal ceimiceán an Aontais a neartú agus chun a chur ar a chumas a ról a imirt san aistriú glas, tá soiléireacht agus intuarthacht de dhíth ar an earnáil tionsclaíochta, agus na gnéithe sin uile den aistriú á gcur san áireamh, chun tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí sa nuálaíocht. Is é is aidhm don Teachtaireacht seo mionsaothrú a dhéanamh ar an gcoincheap agus ar na critéir ábhartha, agus treoir a thabhairt don úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as, lena n-áirítear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as sa reachtaíocht maidir le ceimiceáin a bheidh ann amach anseo (4). Go dtí seo, níl aon sainmhíniú i reachtaíocht an Aontais ar úsáidí riachtanacha substaintí.

    Chun bonn eolais a chur faoi ullmhú na Teachtaireachta seo, rinneadh comhairliúchán cuimsitheach le raon leathan páirtithe leasmhara ó údaráis na mBallstát, ón tionscal, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ón saol acadúil le linn earrach 2022 i bhfoirm ceardlann le páirtithe leasmhara, suirbhéanna agus agallaimh spriocdhírithe (5).

    1.1   Aidhm choincheap na húsáide riachtanaí

    Is féidir le ceimiceáin ghuaiseacha éifeachtaí tromchúiseacha a bheith acu agus dochar nach beag a dhéanamh do shláinte an duine agus don chomhshaol. Chun an díobháil sin a sheachaint agus a chosc, ach freisin chun costais a sheachaint don tsochaí mar thoradh ar ghalair agus ar thruailliú comhshaoil a leigheas, agus chun borradh a chur faoin nuálaíocht le haghaidh timthriallta ábhar neamhthocsaineach agus chun geilleagar ciorclach glan a bhaint amach, d’fhógair an Coimisiún sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht gur cheart deireadh a chur de réir a chéile leis na substaintí (6) is díobhálaí i gcás úsáidí neamhriachtanacha, go háirithe i dtáirgí tomhaltais, agus go ndéanfaí iad a íoslaghdú agus cinn eile a chur ina n-ionad a mhéid is féidir i ngach úsáid. D’fhéadfadh úsáidí áirithe substaintí den sórt sin a bheith riachtanach don tsochaí, e.g. le haghaidh maolú ar an athrú aeráide, aistriú digiteach, cosaint sláinte, slándáil agus cosaint agus, dá bhrí sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá leo chun príomhchuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach amhail an Comhaontú Glas don Eoraip agus an t-aistriú digiteach. Gealladh sa Straitéis Ceimiceán go sonrach an méid seo a leanas a dhéanamh:

    […] define criteria for essential uses to ensure that the most harmful chemicals are only allowed if their use is necessary for health, safety or is critical for the functioning of society and if there are no alternatives that are acceptable from the standpoint of environment and health. [‘[...] critéir a shainiú maidir le húsáidí riachtanacha chun a áirithiú nach gceadófar na ceimiceáin is díobhálaí ach amháin má tá a n-úsáid riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht nó má tá a n-úsáid ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí agus mura bhfuil aon rogha mhalartach ann atá inghlactha ó thaobh an chomhshaoil agus na sláinte de.] These criteria will guide the application of essential uses in all relevant EU legislation for both generic and specific risk assessments ’ [Beidh na critéir sin ina dtreoir do chur i bhfeidhm úsáidí riachtanacha i reachtaíocht ábhartha uile an Aontais le haghaidh measúnuithe riosca cineálacha agus sonracha araon’]

    Is é aidhm fhoriomlán choincheap na húsáide riachtanaí cinnteoireacht a éascú agus éifeachtúlacht rialála a mhéadú chun deireadh céim ar chéim a chur go tapa leis na substaintí is díobhálaí i gcás úsáidí neamhriachtanacha agus, ag an am céanna, foráil a dhéanamh maidir le húsáidí atá fós riachtanach don tsochaí agus maidir le hinfhaighteacht leanúnach táirgí a bhíonn ar fónamh do riachtanais sláinte an duine agus do shláinte ainmhithe. I gcás úsáidí atá riachtanach don tsochaí, is féidir leis an gcoincheap cinnteacht a thabhairt do chuideachtaí gur féidir leanúint de shubstaintí a úsáid a bhfuil deireadh de réir a chéile luaite leo chun riachtanais na sochaí a chomhlíonadh, go dtí go mbeidh roghanna eile ar fáil. Is uirlis é an coincheap chun cabhrú le cinnteoireacht maidir le cén uair a bhfuil údar maith leis na substaintí is díobhálaí a úsáid ó thaobh na sochaí de. Chomh maith leis an reachtaíocht lena leagtar síos na rialacha maidir le rochtain ar mhargadh an Aontais, is féidir leis an gcoincheap sin a bheith ina uirlis freisin chun dreasachtaí a sholáthar faoi scéimeanna deonacha mar atá maoiniúchán inbhuanaithe agus, b’fhéidir, tionscnaimh eile arb é is aidhm dóibh an t-aistriú chuig táirgí agus cleachtais shábháilte inbhuanaithe a chur chun cinn agus a chúiteamh.

    Le cur chun feidhme choincheap na húsáide riachtanaí, ba cheart cuideachtaí a spreagadh le bheith réamhghníomhach chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáid na substaintí is díobhálaí agus chun taighde agus nuálaíocht a dhíriú ar roghanna malartacha sábháilte inbhuanaithe (7), agus earnáil tionsclaíochta an Aontais a chur chun cinn mar cheannródaí domhanda ar bhonn mhargadh inmheánach mór an Aontais ina bhfuil éileamh mór ó thomhaltóirí ar tháirgí níos sábháilte agus saor ó thocsainí. Is féidir coincheap na húsáide riachtanaí a chur i bhfeidhm go cothrom maidir le táirgí monaraithe agus allmhairithe an Aontais agus, ar an gcaoi sin, cothrom iomaíochta a choinneáil do ghnólachtaí an Aontais.

    Níl éifeacht dhlíthiúil ag coincheap na húsáide riachtanaí ach amháin nuair a thugtar isteach i reachtaíocht shonrach é. Sula ndéanfar é a ionchorprú i bpíosa áirithe reachtaíochta, ní mór machnamh cúramach a dhéanamh ar a indéanta atá sé an coincheap a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an critéar maidir le ‘roghanna malartacha inghlactha’, ag féachaint freisin do chuspóirí, do riachtanais agus do ghnéithe uathúla na reachtaíochta is infheidhme a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith. Mar shampla, i gcás táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta, i gcás feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, ní mór tosaíocht chuí a thabhairt d’uathriail straitéiseach an Aontais agus d’infhaighteacht substaintí a úsáidtear i monarú táirgí le haghaidh feidhmeanna sláinte.

    Ceapadh coincheap na húsáide riachtanaí chun tacú le tionscail san Aontas mar uirlis luachmhar lena n-éascaítear díolúintí le haghaidh úsáidí a fhreastalaíonn go soiléir ar riachtanais na sochaí. Dá réir sin, is féidir leis sin rannchuidiú le timpeallacht a chothú a chabhródh le gníomhaíochtaí monaraíochta glana inbhuanaithe le haghaidh earraí laistigh den Aontas.

    1.2   Cúlra beartais

    In 2019, ghlac an Chomhairle na Conclúidí ‘ I dTreo Straitéis an Aontais um Beartas Inbhuanaithe Ceimiceán ’ ina n-iarrann sí ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta a fhorbairt chun deireadh a chur le gach úsáid neamhriachtanach a bhaintear as PFAS (8) ,  (9). In 2021, ghlac an Chomhairle na conclúidí ‘ Sustainable Chemicals Strategy of the Union: Time to Deliver ’  (10) [Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuanaitheacht: Am le beart a dhéanamh’] ina gcuireann sí i dtábhacht gur príomhghné de chur chun feidhme na Straitéise Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht é coincheap na ‘n-úsáidí riachtanacha’, a dtabharfar aird tosaíochta uirthi chun an coincheap a chur i bhfeidhm gan moill mhíchuí.

    In 2020, ghlac Parlaimint na hEorpa Rún maidir leis an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (11) ina n-iarrtar ar an gCoimisiún, i measc nithe eile, an coincheap agus na critéir maidir le ‘húsáid riachtanach’ ceimiceán guaiseach a shainiú, chun cur chuige comhchuibhithe a sholáthar le haghaidh bearta rialála maidir le húsáidí neamhriachtanacha.

    Le Prótacal Montréal (12), comhaontú comhshaoil iltaobhach, tugadh isteach coincheap na húsáide riachtanaí cheana féin in 1992 agus cuireadh deireadh de réir a chéile le ceimiceáin a ídíonn ciseal ózóin an Domhain cé is moite d’úsáidí riachtanacha áirithe. Rinneadh tuilleadh plé sna haicmí acadúla agus polaitiúla ar choincheap na húsáide riachtanaí a thabhairt isteach mar uirlis le haghaidh bainistiú riosca ceimiceán i gcás réimse níos leithne ceimiceán, go háirithe PFAS, (13), agus pléitear i roinnt foilseachán eolaíochta féidearthacht choincheap na húsáide riachtanaí le haghaidh bainistiú riosca (14) ,  (15).

    2.   COINCHEAP NA hÚSÁIDE RIACHTANAÍ

    Sainítear sa roinn seo critéir na húsáide riachtanaí, leagtar síos prionsabail choincheap na húsáide riachtanaí agus príomhthéarmaí an choincheapa.

    2.1   Critéir maidir le húsáid riachtanach

    Tá sé riachtanach don tsochaí (16) substaint a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí a úsáid má chomhlíontar an dá chritéar seo a leanas:

    1)

    tá an úsáid sin riachtanach le haghaidh sláinte nó sábháilteachta nó ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí,

    agus

    2)

    níl aon rogha mhalartach inghlactha eile ann.

    Is é is aidhm don Teachtaireacht seo soiléireacht a thabhairt maidir leis na critéir sin agus maidir leis an gcaoi ar féidir cur le hindéantacht a gcur chun feidhme ar fud na reachtaíochta. Is é is cuspóir don Teachtaireacht nádúr carnach na gcritéar sin a chur in iúl i dtéarmaí simplí, ach solúbthacht a bheith ann freisin chun sainiúlachtaí píosaí aonair reachtaíochta a mheas (e.g. maidir lena dtuairim faoina bhfuil i gceist le roghanna malartacha) i gcás reachtaíocht ina bhféadfaí an coincheap a chur i bhfeidhm.

    Bhí Prótacal Montréal ar thús cadhnaíochta i dtaobh leas a bhaint as an gcoincheap maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin. Is conradh idirnáisiúnta é Prótacal Montréal a bhfuil an tAontas Eorpach ina Pháirtí ann. Is mar seo a leanas a shainmhínigh an prótacal an dara critéar: ‘ there are no available technically and economically feasible alternatives or substitutes that are acceptable from the standpoint of environment and health ’. [‘níl aon rogha mhalartach ná ionadán ar fáil a bheadh inúsáidte go teicniúil nó go heacnamaíoch ó thaobh an chomhshaoil agus na sláinte de’.]

    Mar a léiríodh i roinnt samplaí san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht seo, tá éagsúlacht áirithe ann maidir leis na téarmaí a úsáidtear chun na roghanna malartacha i ndlí an Aontais a cháiliú. I bhformhór na bpíosaí reachtaíochta de chuid an Aontais, tá measúnú féidearthachta teicniúil agus/nó eacnamaíoch mar chuid den mheasúnú ar roghanna malartacha: mar shampla, in REACH, ní leor a thaispeáint gurb ann do rogha mhalartach in abstracto, faoi dhálaí saotharlainne nó faoi dhálaí eisceachtúla. Léirítear roinnt de na samplaí sin san Iarscríbhinn. Níl sé beartaithe ag an gCoimisiún na tagairtí atá ann cheana do mheasúnú féidearthachta teicniúil agus/nó eacnamaíoch a athrú má mholann sé coincheap na húsáide riachtanaí a thabhairt isteach in aon réimse reachtach den sórt sin. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar oiriúnacht na dtagairtí sin don chomhthéacs reachtach agus breithniú á dhéanamh aige ar choincheap na húsáide riachtanaí a thabhairt isteach in aon réimse eile. Mínítear agus sonraítear tuilleadh sna ranna seo a leanas na critéir maidir le húsáid riachtanach.

    2.2   Téarmaí atá mar bhonn agus mar thaca ag coincheap na húsáide riachtanaí

    Mínítear i dTábla 1 thíos na príomhthéarmaí maidir le coincheap na húsáide riachtanaí ar bhealach neamh-uileghabhálach chun treoir a thabhairt dá gcur i bhfeidhm i reachtaíocht ábhartha an Aontais de réir mar is iomchuí.

    Tábla 1. Téarmaí le haghaidh choincheap na húsáide riachtanaí

    Na substaintí is díobhálaí

    Tá ceann amháin nó níos mó de na hairíonna guaise seo a leanas ag substaint a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí (17) ,  (18) ,  (19):

    Carcanaigineacht, Cat. 1A agus 1B

    Só-ghineacht ghaiméite, Cat. 1A agus 1B

    Tocsaineacht atáirgthe/Tocsaineacht forbraíochta, Cat. 1A agus 1B

    Suaitheadh inchríneach, Cat. 1 (sláinte an duine)

    Suaitheadh inchríneach, Cat. 1 (comhshaol)

    Íogrú riospráide, Cat. 1,

    Tocsaineacht sain-spriocorgáin – athnochtadh (STOT-RE), Cat. 1, lena n-áirítear tocsaineacht imdhíonachta agus néarthocsaineacht

    Marthanach, inbhithbhailithe agus tocsaineach/an-mharthanach agus an-inbhithbhailithe (PBT/vPvB)

    Marthanach, móibíleach agus tocsaineach/an-mharthanach agus an-mhóibíleach (PMT/vPvM) (20)

    Guaiseach don chiseal ózóin Cat. 1 (21)

    Riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht

    Is gá substaint a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí a úsáid ar mhaithe le sláinte nó sábháilteacht más gá úsáid agus feidhm theicniúil na substainte san úsáid sin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    Tinneas agus riochtaí sláinte den chineál céanna a chosc, faireachán a dhéanamh orthu nó iad a chóireáil

    Bunchoinníollacha a choinneáil do bheatha agus do shláinte an duine nó ainmhithe

    Géarchéimeanna agus éigeandálaí sláinte a bhainistiú

    Sábháilteacht phearsanta a áirithiú

    Sábháilteacht phoiblí a áirithiú

    Tugtar tuairisc ar na heilimintí sin san Iarscríbhinn, roinn III.b, tábla 2.

    Ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí

    Is ríthábhachtach í substaint a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí a úsáid d’fheidhmiú na sochaí más ríthábhachtach úsáid agus feidhm theicniúil na substainte san úsáid sin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    Acmhainní nó seirbhísí a sholáthar nach mór dóibh a bheith ar fónamh chun go bhfeidhmeoidh an tsochaí (e.g. soláthar fuinnimh agus amhábhar criticiúil a áirithiú nó athléimneacht in aghaidh suaitheadh soláthair a áirithiú)

    Rioscaí agus tionchair shochaíocha a bhaineann le géarchéimeanna nádúrtha agus tubaistí a bhainistiú

    An comhshaol nádúrtha a chosaint agus a athshlánú

    Taighde agus forbairt eolaíoch a dhéanamh

    An oidhreacht chultúrtha a chosaint

    Tugtar tuairisc ar na heilimintí sin san Iarscríbhinn, roinn III.b, tábla 3.

    Roghanna malartacha inghlactha

    Is é atá i gceist le roghanna malartacha inghlactha substaintí, ábhair, teicneolaíochtaí, próisis nó táirgí, ar substaintí, ábhair, teicneolaíochtaí, próisis nó táirgí iad, ó thaobh na sochaí de:

    (i)

    atá in ann an fheidhm agus an leibhéal feidhmíochta a sholáthar ar féidir leis an tsochaí glacadh léi mar sholáthar leordhóthanach ar an tseirbhís a bhfuiltear ag súil léi; AGUS

    (ii)

    tá siad níos sábháilte (tá na rioscaí ceimiceacha foriomlána do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol níos ísle le linn na saolré ar fad i gcomparáid leis an tsubstaint is díobhálaí).

    Baineann dearcadh sochaíoch le hinghlacthacht roghanna malartacha. De ghnáth, sainmhínítear an coincheap de ‘rogha inghlactha’ le ceanglais shonracha i ngach píosa reachtaíochta, agus i gcás fhormhór na bpíosaí reachtaíochta áirítear measúnú féidearthachta teicniúil agus/nó eacnamaíoch freisin. Ba cheart na sainmhínithe sin atá ann cheana (mar shampla, an fhéidearthacht theicniúil agus/nó eacnamaíoch) a chur san áireamh más rud é, agus nuair a bheidh coincheap na húsáide riachtanaí á chur chun feidhme i réimsí den sórt sin.

    Substaint a úsáid

    Earra a phróiseáil, a fhoirmiú, a thomhailt, a stóráil, a choimeád, a chóireáil, a chur i gcoimeádáin, a aistriú ó choimeádán amháin go coimeádán eile, a mheascadh, a tháirgeadh nó é a a úsáid ar aon slí eile.

    Feidhm theicniúil substainte (le linn úsáide)

    An ról a chomhlíonann an tsubstaint nuair a úsáidtear í, i.e. an méid a dhéanann sí i bpróiseas, i meascán nó in earra. Is feidhmeanna teicniúla iad, mar shampla, tuaslagóir eastósctha, díbhealaitheoir, coscaire in aghaidh creimeadh, etc.

    Táirge deiridh

    Táirge (substaint leis féin, meascán, earra nó táirge casta) a úsáideann tomhaltóirí, úsáideoirí tionsclaíocha nó gairmiúla. Is féidir substaint a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí a úsáid chun an táirge deiridh a tháirgeadh (cé nach bhfuil sí sa táirge deiridh féin) agus/nó is féidir é a bheith sa táirge deiridh.

    Seirbhís

    An cuspóir/na cuspóirí a chomhlíonann an táirge deiridh dá úsáideoir nó dá fhaighteoir (gníomhaíocht nó feidhm, ní réad fisiciúil é).

    2.3   Prionsabail choincheap na húsáide riachtanaí

    Is iad seo a leanas croíphrionsabail choincheap na húsáide riachtanaí:

    Is é is aidhm don choincheap cosaint na sláinte agus an chomhshaoil a mhéadú trí dhlús a chur le deireadh a chur de réir a chéile le húsáidí na substainte is díobhálaí atá neamhriachtanach agus, i gcás ina bhfuil siad bunriachtanach, am a chur ar fáil chun iad a ionadú.

    Tá an coincheap beartaithe chun a chinneadh an bhfuil sé riachtanach don tsochaí substaint a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí a bhfuil feidhm theicniúil áirithe aici a úsáid, agus an tsubstaint sin i láthair i dtáirge deiridh nó á húsáid chun an táirge sin a tháirgeadh nó chun seirbhís a sholáthar. I ngach cás, beidh sé riachtanach comhthéacs na húsáide a sholáthraíonn an táirge deiridh agus an tseirbhís nó an cuspóir a chomhlíonann sí don tsochaí agus do na húsáideoirí (e.g. tomhaltóirí) a chur san áireamh. D’fhéadfadh úsáid substainte a bheith ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí nó a bheith riachtanach le haghaidh sláinte nó sábháilteachta i gcomhthéacs amháin ach nach mbeadh i gcomhthéacs eile (e.g. an gá atá le húsáid a bhaint as an tsubstaint lena soláthraítear feidhm theicniúil áirithe i lampa le haghaidh máinliachta in ospidéal, d’fhéadfadh sé a bheith difriúil ón ngá atá ann í a úsáid le haghaidh lampa sa bhaile nó i siopa).

    Níl sé i gceist leis an gcoincheap a chinneadh an bhfuil substaint, táirge, grúpa táirgí nó seirbhís áirithe riachtanach ann féin don tsochaí, ná a chinneadh an measann tomhaltóir aonair nó cuideachta go bhfuil an úsáid riachtanach dóibh.

    Tá gá le measúnú ar an úsáid agus ar a comhthéacs. D’fhéadfadh úsáidí sonracha substainte, ar substaint í a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí, laistigh d’earnáil ar bith an chéad chritéar a chomhlíonadh nó gan é a chomhlíonadh (e.g. substaint a úsáid in inneall eitleáin a sholáthraíonn feidhm theicniúil atá riachtanach don tsábháilteacht vs. i suíochán eitleáin nó i gcairpéad gan ann ach feidhm theicniúil chun críoch maisiúcháin amháin).

    Chun a chruthú go bhfuil úsáid riachtanach, ní mór an dá chritéar i roinn 2.1 a chomhlíonadh. D’fhonn simpliú a dhéanamh ar an measúnú agus éifeachtúlacht an mheasúnaithe a mhéadú, más iomchuí, d’fhéadfadh sé uaireanta go gcuimseodh na húsáidí atá á measúnú catagóirí táirgí níos leithne, agus d’fhéadfaí measúnú na gcritéar a dhéanamh ar bhealach struchtúrtha (ceann ar cheann).

    I gcás úsáidí ar cruthaíodh ina leith go bhfuil siad riachtanach, ba cheart coinníollacha a shocrú de ghnáth chun astaíochtaí agus nochtadh daoine agus an chomhshaoil a íoslaghdú, go háirithe chun nochtadh grúpaí leochaileacha amhail leanaí, mná torracha agus daoine scothaosta, atá níos íogaire i leith nochtadh ceimiceán díobhálach, a sheachaint nó a íoslaghdú.

    Ní rud statach é riachtanacht úsáide, ach athraíonn sí le himeacht ama, i bhfianaise faisnéis nua faoi ghuaiseacha, faoi dhúshláin agus riachtanais shochaíocha nua agus faoi roghanna malartacha nua nuálacha atá ag teacht chun cinn. I gcothromaíocht idir tréimhsí infheistíochta ionchasacha réasúnta, dreasachtaí chun nuáil a dhéanamh i roghanna malartacha níos sábháilte trí bhíthin ionchais go rachfaí i bhfód ar an margadh amach anseo agus an aidhm ghinearálta atá ann úsáid na substaintí is díobhálaí a íoslaghdú, go háirithe i dtáirgí tomhaltais, tá sé úsáideach i bhformhór na gcásanna teorainn ama a shocrú agus ceadanna úsáide riachtanaí a athbhreithniú ag an tráth iomchuí.

    Chun cineál éabhlóideach sin na n-úsáidí riachtanacha a chur san áireamh, d’fhéadfadh pleananna ionadaíochta lena ngabhann gealltanais, amlínte agus céimeanna atá beartaithe chun aistriú chuig roghanna malartacha a bheith ag teastáil le haghaidh úsáidí substaintí a mheastar a bheith riachtanach agus d’fhéadfaí a gcur san áireamh i gcláir oibre taighde agus nuálaíochta a mheas freisin.

    3.   CONCLÚIDÍ

    Tá an Teachtaireacht seo ceaptha breithnithe a threorú maidir le coincheap na húsáide riachtanaí a thabhairt isteach i reachtaíocht an Aontais ina ndéileáiltear le ceimiceáin. Agus an coincheap á thabhairt isteach, d’fhéadfadh sé gur ghá sainiúlachtaí gach ionstraime reachtaíochta a chur san áireamh. Ní mór nósanna imeachta, gníomhaithe agus comhlachtaí a bhfuil baint acu leis an measúnú agus leis an gcinnteoireacht maidir le húsáidí riachtanacha a shainiú sna píosaí reachtaíochta sin.

    Trí shoiléireacht a thabhairt don Choimisiún, d’institiúidí eile an Aontais atá rannpháirteach i nglacadh na reachtaíochta, agus dá seolaithe, tá sé d’aidhm ag an tacar prionsabal sin creat coiteann a chur ar fáil lenar féidir feabhas a chur ar intuarthacht agus ar chomhsheasmhacht, agus ina theannta sin a chur ar chumas earnáil tionsclaíochta an Aontais an t-aistriú chuig an truailliú nialasach agus chuig comhshaol saor ó thocsainí a bhaint amach go tapa mar chodanna tábhachtacha de chlár oibre beartais níos leithne an Aontais, go háirithe aistriú an Chomhaontaithe Ghlais.


    (1)  COM(2019) 640 Final.

    (2)  COM(2020) 667 final.

    (3)  COM(2021) 400.

    (4)  Tá an Teachtaireacht gan dochar do cheart tionscnaimh an Choimisiúin agus tograí reachtacha nua á dtíolacadh aige. Níl sé de chuspóir ná d’éifeacht aige aon ghníomh dlí atá i bhfeidhm faoi láthair a léirmhíniú.

    (5)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, Bougas, K., Flexman, K., Keyte, I., et al., Supporting the Commission in developing an essential use concept: final report [Ag tacú leis an gCoimisiún coincheap na húsáide riachtanaí a fhorbairt: an tuarascáil chríochnaitheach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023, https://data.europa.eu/doi/10.2779/529713.

    (6)  Féach an sainmhíniú i roinn 2.2.

    (7)  Moladh ón gCoimisiún an 8.12.2022 lena mbunaítear creat measúnaithe Eorpach le haghaidh ceimiceáin agus ábhair ‘atá sábháilte agus inbhuanaithe de réir dearadh’. C(2022) 8854 final.

    (8)  Substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile

    (9)  Conclúid ón gComhairle an 26 Meitheamh 2019 ‘Towards a Sustainable Chemicals Policy Strategy of the Union’ [I dTreo Straitéis an Aontais um Beartas Inbhuanaithe Ceimiceán], https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2019/06/26/council-conclusions-on-chemicals

    (10)  Conclúidí an 15 Márta 2021 ón gComhairle dar teideal‘ Sustainable Chemicals Strategy of the Union: Time to Deliver ’ [‘an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht: Am le beart a dhéanamh] https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2021/03/15/council-approves-conclusions-on-the-eu-chemicals-strategy-for-sustainability/

    (11)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2020 maidir leis an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht, https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2020-0201_EN.html

    (12)   Prótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin | Rúnaíocht an Ózóin (unep.org)

    (13)  Ráiteas Mhaidrid maidir le Substaintí Polaifhluarailcile agus Sárfhluarailcile (PFAS), https://ehp.niehs.nih.gov/doi/10.1289/ehp.1509934

    (14)  Féach, i measc nithe eile, Cousins, Ian T., et al. (2019). ‘ The concept of essential use for determining when uses of PFASs can be phased out. ’ [Coincheap na húsáide riachtanaí chun cinnteoireacht a dhéanamh maidir le cá huair ar féidir deireadh a chur de réir a chéile le húsáidí PFASanna.’ Environmental Science: Processes & Impacts 21.11 (2019): 1803-1815 (https://doi.org/10.1039/C9EM00163H)

    (15)  Cousins, Ian T., et al. (2021). ‘Finding essentiality feasible: common questions and misinterpretations concerning the ‘essential-use’ concept.’ Environmental Science: Processes & Impacts 23.06 (2021). (https://doi.org/10.1039/D1EM00180A)

    (16)  Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht: I dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí. COM(2020) 667 Final.

    (17)  Moladh ón gCoimisiún an 8.12.2022 lena mbunaítear creat measúnaithe Eorpach le haghaidh ceimiceáin agus ábhair ‘atá sábháilte agus inbhuanaithe de réir dearadh’. C(2022) 8854 final.

    (18)  Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú Substaintí agus Meascán.

    (19)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, COM(2022) 748 final.

    (20)  Beidh cuimsiú gach PMT agus vPvM i bhfoghrúpa na substaintí is díobhálaí faoi réir measúnú breise.

    (21)  Tá coincheap na húsáide riachtanaí ábhartha cheana féin maidir le substaintí atá guaiseach don chiseal ózóin i gcomhréir le Prótacal Montréal.


    IARSCRÍBHINN

    I.   FORLÉARGAS AR CHOINCHEAP NA hÚSÁIDE RIACHTANAÍ I bPRÓTACAL MONTRÉAL

    Is comhaontú domhanda é Prótacal Montréal a tháinig i bhfeidhm in 1989 chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáidí ceimiceán a ídíonn ciseal ózóin an Domhain. Ba é an toradh a bhí ar an gconradh idirnáisiúnta sin deireadh rathúil a chur de réir a chéile leis an gcuid is mó de na húsáidí is mó astaíochtaí a bhaintear as substaintí ídithe ózóin seachas le haghaidh úsáidí riachtanacha áirithe. Admhaíodh, i gcás codán beag úsáidí, go mbeadh gá le níos mó ama chun deireadh a chur de réir a chéile lena n-úsáid agus, dá bhrí sin, nach mór é a láimhseáil ar leithligh ón sceideal comhaontaithe maidir le deireadh de réir a chéile. In 1992, chinn na Páirtithe i bPrótacal Montréal, dá bhrí sin, nár cheart go gcáileodh (1) úsáid substainte mar úsáid ‘riachtanach’ ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    a)

    it is necessary for the health, safety or is critical for the functioning of society (encompassing cultural and intellectual aspects); and [tá sé riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht nó tá sé ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí (lena gcuimsítear gnéithe cultúrtha agus intleachtúla); agus]

    b)

    there are no available technically and economically feasible alternatives or substitutes that are acceptable from the standpoint of environment and health. [níl aon rogha mhalartach ná ionadán ar fáil a bheadh inúsáidte go teicniúil nó go heacnamaíoch ó thaobh an chomhshaoil agus na sláinte de.]

    Ina theannta sin, chinn na Páirtithe nár cheart táirgeadh agus tomhaltas, más ann dóibh, a cheadú ach amháin má rinneadh gach beart is indéanta go heacnamaíoch chun úsáid riachtanach na substainte agus aon astú gaolmhar ón tsubstaint sin a íoslaghdú; agus mura bhfuil an tsubstaint ar fáil i gcainníocht ná i gcáilíocht leordhóthanach ó stoic atá ann cheana de shubstaintí stoc-charntha nó athchúrsáilte.]

    I measc na n-úsáidí riachtanacha faoi Phrótacal Montréal bhí úsáid substaintí i gcógais, go príomha análóirí asma, úsáidí saotharlainne agus anailíse, úsáidí oibreán próisis, i gcomhrac dóiteáin agus mar thuaslagóirí i bhfeidhmeanna aeraspáis. Baineadh úsáid as modhanna agus coinníollacha éagsúla chun na húsáidí riachtanacha sin a íoslaghdú. Mar sin féin, ní dhéantar critéir na húsáide riachtanaí i bPrótacal Montréal a shainiú a thuilleadh sa Phrótacal ná in aon treoir.

    Is minic a mheastar Prótacal Montréal a bheith ar cheann de na comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil is rathúla riamh. Mar sin féin, is fiú a thabhairt faoi deara nach gcumhdaíonn sé ach líon beag ceimiceán agus go bhfuil sé infheidhme ar scála domhanda. Ina ainneoin sin, níl critéir na húsáide riachtanaí a úsáidtear i bPrótacal Montréal ginearálta go leor chun go mbeidh siad inoibrithe i reachtaíocht ábhartha uile an Aontais ina ndéileáiltear le ceimiceáin.

    II.   CAD É AN ÚSÁID AR LEITH ATÁ LE MEASÚNÚ?

    Tá úsáid shonrach ceimiceáin agus a raon feidhme a chinneadh ar na túsphointí d’aon mheasúnú atá bunaithe ar na heilimintí seo a leanas:

    Príomhthréithe na húsáide agus an phróisis a bhfuil an úsáid ar leith ar fónamh dó (e.g. cad é an úsáid agus conas a dhéantar í agus cé a dhéanann í);

    Feidhm theicniúil arna soláthar ag an tsubstaint san úsáid – an ról a chomhlíonann an tsubstaint nuair a úsáidtear ina haonar í , i meascán, in earra nó i bpróiseas monaraíochta; e.g. áis phróiseála, tuaslagóir eastósctha, díbhealaitheoir, coscaire in aghaidh creimeadh, plaisteachán, frithocsaídeoir, dathán mar aon le rudaí eile nach iad.

    D’fhéadfaí córas tuairsceora úsáide na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) (2) chun substaintí a chlárú faoi REACH a úsáid mar bhonn le haghaidh tuairisc ar fheidhmeanna teicniúla ach d’fhéadfadh sé gur ghá an tuairisc ar úsáid a fhorlíonadh le faisnéis níos mionsonraithe, go háirithe maidir leis na saintréithe teicniúla agus na hairíonna teicniúla a sholáthraítear de bhun na substainte san úsáid (e.g. oibreán glantacháin, a bhfuil airíonna aige chun teannas dromchla leachtanna a laghdú).

    Comhthéacs na húsáide, go háirithe:

    cad é an táirge/na táirgí deiridh nó an tseirbhís/na seirbhísí deiridh a eascraíonn as úsáid na substainte;

    an gá atá leis an tsubstaint san úsáid (e.g. an féidir leis an táirge deiridh nó leis an bpróiseas deiridh a sheirbhís a sholáthar don úsáideoir gan an tsubstaint);

    an gá atá le feidhm theicniúil an táirge deiridh agus an chaoi a bhfuil tionchar ag feidhm theicniúil substainte a úsáidtear chun an táirge sin a tháirgeadh ar fheidhm theicniúil an táirge deiridh agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil gá leis an tsubstaint sin a úsáid le haghaidh sláinte nó sábháilteachta, nó an bhfuil sí ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí (e.g. an bhfuil táirgí éagsúla ar an margadh atá in ann an tseirbhís chéanna a sholáthar gan an tsubstaint nó gan an fheidhm theicniúil a sholáthraítear leis an tsubstaint);

    sraith saintréithe (e.g. coinníollacha, ceanglais, feidhmíocht theicniúil) maidir le húsáid agus/nó an táirge deiridh, mar chreat le haghaidh measúnú ar roghanna malartacha agus ionadú le rogha mhalartach (e.g. sraith ceanglas trínar féidir an tseirbhís agus an fheidhm a sholáthraítear trí bhíthin úsáid na substainte a sholáthar ar an leibhéal is gá agus atá inghlactha don tsochaí). Ba cheart raon feidhme na húsáide a shainiú ar bhealach atá cúng go leor le gur féidir easpa roghanna malartacha a léiriú;

    sonraí maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear an tsubstaint agus maidir leis na gníomhaíochtaí/cúraimí éagsúla a bhaineann leis an úsáid, lena n-áirítear cásanna nochta agus na bearta bainistithe riosca agus na dálaí oibríochtúla comhfhreagracha (ó thaobh shláinte an duine agus an chomhshaoil de).

    A luaithe a bheidh raon feidhme na húsáide ar leith sainithe, ba cheart é a léiriú i dtuairisc ar úsáid agus ba cheart leibhéal leordhóthanach sonraí a bheith ann chun a fháil amach an gcomhlíontar na critéir maidir le húsáid riachtanach. Moltar go mbeadh na heilimintí seo a leanas sa tuairisc ar úsáid:

    tuairisc ar an úsáid i ndáil leis an táirge nó an tseirbhís deiridh a eascraíonn as an úsáid;

    tuairisc ar an úsáid i ndáil lena riachtanaí agus atá sí maidir le sláinte nó sábháilteacht nó ríthábhachtacht d’fheidhmiú na sochaí (e.g. an fheidhm theicniúil agus a riachtanaí agus atá sí don táirge deiridh, lena n-áirítear comhthéacs na húsáide);

    tuairisc ar an úsáid i ndáil le hanailís ar roghanna malartacha (e.g. saintréithe don úsáid agus don táirge/do na táirgí deiridh, mar chreat don anailís ar roghanna malartacha);

    tuairisc ar an úsáid i ndáil le cásanna nochta (e.g. codanna áirithe den úsáid a dhéantar i gcóras iata), arna comhlánú ag na bearta comhfhreagracha chun an úsáid, an nochtadh agus na hastaíochtaí uaidh a íoslaghdú.

    III.   MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR CÉ ACU ATÁ ÚSÁID RIACHTANACH DON tSOCHAÍ NÓ NACH BHFUIL

    Tugtar treoir sa roinn seo maidir le conas an measúnú a dhéanamh de réir na gcritéar maidir le húsáid riachtanach. Nuair a thugtar an coincheap isteach i bpíosa áirithe reachtaíochta, ní mór nósanna imeachta, comhlachtaí agus gníomhaithe a bhfuil baint acu leis an measúnú agus leis an gcinnteoireacht maidir le húsáidí riachtanacha a chinneadh laistigh den reachtaíocht sin. Cé gur cheart an dá chritéar maidir le húsáid riachtanach a leagtar amach i roinn 2.1 a mheasúnú ar leithligh, is féidir leo a bheith idirspleách. D’fhéadfadh an measúnú ar an riachtanas le haghaidh sláinte nó sábháilteachta agus ar an ríthábhachtacht d’fheidhmiú na sochaí tionchar a imirt ar chineál an mheasúnaithe ar roghanna malartacha agus vice versa. Tugtar tuairisc i roinn IV thíos ar choinníollacha a leagan síos maidir le húsáid a bhfuil sé cruthaithe ina leith go bhfuil sí riachtanach.

    a.   Úsáidí neamhriachtanacha a scagadh

    Le carachtar carnach chritéir na húsáide riachtanaí agus lena measúnú struchtúrtha (critéar ar chritéar), tugtar an deis, ag gach céim, scagadh a dhéanamh ar na húsáidí nach gcáilíonn mar úsáidí riachtanacha, gan gá le measúnú iomlán a dhéanamh ar na critéir uile atá fágtha. Tríd an méid sin a dhéanamh, beifear in ann leas iomlán a bhaint as acmhainneacht simplithe agus éifeachtúlachta an choincheapa sin (féach an Fíor forléargais thíos).

    Ar bhonn prionsabail, is leor nach gcomhlíonann an úsáid ceann den dá chritéar charnacha chun a chinneadh go bhfuil an úsáid neamhriachtanach. Is féidir scagadh a dhéanamh ar na húsáidí nach gcomhlíonann critéar ar leith agus is féidir deireadh a chur leis an measúnú breise ar an gcritéar eile, rud a d’fhéadfadh gnóthachain éifeachtúlachta agus simpliú a bhaint amach. Ag an am céanna, ba cheart an tátal go bhfuil an úsáid neamhriachtanach a dhéanamh le dóthain muiníne. Mar shampla, más é an chéad chritéar a ndéantar measúnú air an riachtanas le haghaidh sláinte nó sábháilteachta nó an ríthábhachtacht d’fheidhmiú na sochaí agus má theipeann air go soiléir, ní gá measúnú a dhéanamh ar an gcritéar maidir le heaspa roghanna malartacha, chun teacht ar an tátal gur úsáid neamhriachtanach í. Ar an gcaoi chéanna, más é an chéad chritéar a ndéantar measúnú air an easpa roghanna malartacha inghlactha agus más féidir a chruthú go héasca gur ann do roghanna malartacha inghlactha don úsáid áirithe sin, ní gá measúnú a dhéanamh ar an gcritéar maidir leis an riachtanas le haghaidh sláinte nó sábháilteachta nó an ríthábhachtacht d’fheidhmiú na sochaí chun teacht ar an tátal gur úsáid neamhriachtanach í.

    Os a choinne sin, chun go gcruthófaí go bhfuil úsáid riachtanach, ní mór an dá chritéar a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, mura gcomhlíontar ach critéar amháin, ní leor an méid sin chun a chinneadh go bhfuil an úsáid riachtanach don tsochaí.

    Image 1

    Fíor 1: Measúnú a dhéanamh ar cé acu atá úsáid substainte riachtanach don tsochaí nó nach bhfuil.

    b.   Measúnú ar an riachtanas le haghaidh sláinte nó sábháilteachta agus ar an ríthábhachtacht d’fheidhmiú na sochaí

    Comhlíontar na riachtanais shochaíocha a ghabhann leis an gcritéar sin trí bhíthin an ghá atá le feidhm theicniúil a sholáthraítear leis an tsubstaint is díobhálaí trí úsáid ar leith agus trí chomhthéacs na húsáide sin. Ba cheart béim a leagan ar a bhfuil riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht nó atá ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí, i.e.,

    Úsáidí na substaintí is díobhálaí a bhfuil gá leo chun ardleibhéal cosanta sláinte, slándála agus/nó comhshaoil a áirithiú nó úsáidí na substaintí is díobhálaí a mbeadh iarmhairtí do-ghlactha ann don tsochaí mar thoradh ar easpa úsáide, níor cheart ach na húsáidí sin a mheas mar úsáidí atá riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht nó ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí.

    Feidhmeanna teicniúla na substaintí is díobhálaí nach dtugann ach airíonna a bhaineann le háisiúlacht, fóillíocht, maisiú nó só d’úsáideoir an táirge deiridh, níor cheart a mheas de ghnáth go bhfuil siad riachtanach le haghaidh sláinte nó sábháilteachta nó ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí.

    D’fhéadfadh sé gur ghá leibhéil éagsúla comhthéacsaithe a mheas le haghaidh úsáidí éagsúla. Uaireanta, is leor an fheidhm theicniúil a sholáthraítear leis an tsubstaint san úsáid a chinneadh chun teacht ar an gconclúid go bhfuil an úsáid neamhriachtanach, ach go minic is gá an comhthéacs ina n-úsáidtear an táirge deiridh agus ina soláthraíonn sé a sheirbhís a mheas freisin. Chun go measfar úsáid a bheith riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht nó a bheith ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí, is é ‘tá’ an freagra is gá a bheith ar an dá cheist sin:

    i.

    An bhfuil gá le feidhm theicniúil na substainte is díobhálaí chun go mbeidh an táirge deiridh in ann a sheirbhís a sholáthar?

    ii.

    An gcomhlíonann úsáid na substainte is díobhálaí eilimint amháin ar a laghad a shonraítear i dtáblaí 2 nó 3 thíos ionas go gcomhlíonann sí an critéar maidir le bheith riachtanach don tsláinte don tsábháilteacht ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí? (i.e. ní mór ceann amháin ar a laghad de na trí chuid sin den chritéar seo a chomhlíonadh).

    Is é breithniú bunúsach na ceiste cé acu atá gá leis an bhfeidhm theicniúil arna soláthar ag an tsubstaint san úsáid chun go soláthródh an táirge deiridh a sheirbhís nó le haghaidh shaintréithe teicniúla an táirge atá ábhartha dá sheirbhís nó nach bhfuil ar chor ar bith. Murab amhlaidh an cás, níl an úsáid riachtanach le haghaidh sláinte nó sábháilteachta nó ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí.

    Má tá gá leis an bhfeidhm theicniúil chun gur féidir leis an táirge deiridh a sheirbhís a sholáthar, is é an chéad chéim eile leanúint den mheasúnú chun a chinneadh an bhfuil gá le húsáid na substainte is díobhálaí le haghaidh sláinte nó sábháilteachta, nó an bhfuil sí ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí. Is gnách gur gá comhthéacs níos leithne a mheas sa mheasúnú sin, agus an suíomh ar leith ina dtarlaíonn an úsáid nó an tseirbhís a sholáthraíonn an táirge deiridh á chur san áireamh (e.g. úsáid in ospidéil vs úsáid i dtithe daoine nó úsáid i suíomhanna tionsclaíocha).

    Sna táblaí thíos, sonraítear eilimintí chun a chruthú agus a fhíorú an bhfuil gá le húsáid le haghaidh sláinte nó sábháilteachta (tábla 2) nó an bhfuil an úsáid ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí (tábla 3). Is é is aidhm don tuairisc i gcás gach eiliminte treoir a thabhairt agus treoraíocht a sholáthar don mheasúnú chun intuarthacht a mhéadú agus comhsheasmhacht a áirithiú laistigh den reachtaíocht agus ar fud na reachtaíochta.

    Tábla 2. Liosta neamh-uileghabhálach d’eilimintí ina dtugtar tuairisc ar an gcritéar ‘riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht’ agus tuairisc threorach ar úsáidí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe faoi gach eilimint.

    Eilimintí

    Tuairisc

    Is gá substaint a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí a úsáid le haghaidh sláinte nó sábháilteacht i gcás ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas:

    Aghaidh a thabhairt ar bhreoiteacht agus ar shaincheisteanna sláinte inchomparáide

    Tá feidhm theicniúil na substainte is díobhálaí san úsáid riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht, mar shampla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    sláinteachas agus glanadh a áirithiú in ospidéil agus i suíomhanna comhchosúla agus i gcásanna comhchosúla ina bhfuil gá le hardleibhéal díghalraithe, mar shampla díghalrú a bhaineann le máinliacht (faoi ghnáthdhálaí, amhail i dteaghlaigh, ní cháileodh úsáid substainte, ar substaint í a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí, i sláinteachas ná i nglanadh mar úsáid riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht)

    tarchur galar a chosc agus galair a rialú (lena n-áirítear zónóisí)

    cúram sláinte a sholáthar agus tinnis thromchúiseacha a chosc, meabhairghalair san áireamh.

    Is éard is ‘tinneas agus riochtaí sláinte comhchosúla’ ann riochtaí a mbíonn tionchar diúltach acu ar an gcáilíocht saoil agus ar an bhfeidhm laethúil, agus/nó a mbíonn na siomptóim agus cóireálacha a mbaineann leo ina n-ualach trom.

    Ba cheart breithniú cúramach a dhéanamh ar an ngá atá le substaint a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí a úsáid chun tinneas agus riochtaí sláinte comhchosúla a chosc, a chóireáil, nó faireachán a dhéanamh orthu toisc go bhféadfadh an úsáid féin éifeachtaí díobhálacha a chruthú do shláinte an duine nó don chomhshaol.

    Bunchoinníollacha a choinneáil do bheatha agus do shláinte an duine nó ainmhithe

    Tá feidhm theicniúil na substainte is díobhálaí san úsáid riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht, mar shampla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    bia agus beatha leordhóthanach agus sábháilte a áirithiú, amhail úsáidí i dtáirgeadh, i bpróiseáil, i stóráil, i ndáileadh agus i seachadadh bia lena thomhailt ag an duine, úsáidí i dtáirgeadh táirgí cosanta plandaí agus bithicídí agus uirlisí diagnóiseacha, a úsáidtear i gcomhthéacs sláinte ainmhithe a chosaint

    uisce leordhóthanach glan a áirithiú

    aer glan a áirithiú

    teas agus foscadh a áirithiú chun cosaint a fháil ar an timpeallacht máguaird.

    Ba cheart breithniú cúramach a dhéanamh ar an ngá atá le ceimiceán a luaitear i measc na gceimiceán is díobhálaí a úsáid chun bunchoinníollacha a áirithiú do bheatha agus do shláinte an duine nó ainmhithe toisc go bhféadfadh an úsáid féin éifeachtaí díobhálacha a chruthú do shláinte an duine nó don chomhshaol.

    Géarchéimeanna agus éigeandálaí sláinte a bhainistiú

    Tá feidhm theicniúil na substainte is díobhálaí san úsáid riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht, mar shampla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    Tionchar géarchéimeanna agus éigeandálaí sláinte a mhaolú

    feidhmiú seirbhísí éigeandála a áirithiú, lena n-áirítear seirbhísí otharchairr agus comhraicthe dóiteáin.

    Ba cheart nasc díreach a bheith idir úsáid na substainte is díobhálaí agus na hoibríochtaí géarchéime agus éigeandála.

    Sábháilteacht phearsanta a áirithiú

    Tá feidhm theicniúil na substainte is díobhálaí san úsáid riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht, mar shampla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    feidhmiú trealaimh sábháilteachta pearsanta a áirithiú, amhail úsáidí i gcriosanna sábhála, trealamh cosanta pearsanta san ionad oibre, veisteanna piléardhíonacha, seaicéid tarrthála, clogaid, aláraim dóiteáin

    sábháilteacht táirgí, trealaimh agus uirlisí a áirithiú, amhail bealadh i gcoscáin feithiclí, dó-obacht i dtáirgí a bhfuiltear ag súil lena dtéamh go teocht ina bhféadfadh adhaint tarlú, nó úsáidí chun táirgí a chosaint ar chreimeadh i gcás táirgí a úsáidtear i dtimpeallachtaí ina bhfuil gá leis sin.

    Sábháilteacht an phobail a áirithiú

    Tá feidhm theicniúil na substainte is díobhálaí san úsáid riachtanach don tsláinte nó don tsábháilteacht, mar shampla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    sábháilteacht an bhonneagair a áirithiú, amhail sábháilteacht ar bhóithre, ar iarnród agus san aer agus sábháilteacht foirgneamh (úsáidí in ardaitheoirí, aláraim dóiteáin agus trealamh comhraicthe dóiteáin)

    feidhmiú na seirbhísí éigeandála a áirithiú chun contúirt don phobal a chosc, amhail seirbhísí míleata, póilíní, seirbhísí frithsceimhlitheoireachta, seirbhísí sábháilteachta dóiteáin agus cibearshlándáil

    rialú custaim, garda cósta.

    Ba cheart nasc díreach a bheith idir úsáid na substainte is díobhálaí agus na hoibríochtaí sábháilteachta.


    Tábla 3. Liosta neamh-uileghabhálach d’eilimintí ina dtugtar tuairisc ar an gcritéar ‘ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí’ agus tuairisc threorach ar úsáidí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe faoi gach eilimint.

    Eilimintí

    Tuairisc

    Tá úsáid substainte, ar substaint í a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí, ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí i gcás ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas:

    Acmhainní nó seirbhísí a chur ar fáil nach mór dóibh a bheith ar fónamh chun go bhfeidhmeoidh an tsochaí

    Tá feidhm theicniúil na substainte is díobhálaí san úsáid ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí, mar shampla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    suiteáil, cothabháil agus tarchur bonneagair agus seirbhísí atá ríthábhachtach don tsochaí a chumasú, amhail tiontú, stóráil agus soláthar fuinnimh (e.g. fuinneamh in-athnuaite, leictreachas, ola, gás), soghluaisteacht agus iompar (e.g. iompar de bhóthar, iompar d’iarnród, aeriompar, iompar d’uiscebhealaí, loingseoireacht agus calafoirt), cóireáil uisce agus soláthar uisce, cóireáil dramhaíola, cumarsáid dhigiteach agus bonneagar cúraim sláinte (3)

    feidhmiú bonneagar, teicneolaíochtaí agus seirbhísí digiteacha fíor-riachtanacha a chumasú, amhail próiseáil sonraí, loingseoireacht agus braiteacht

    eastóscadh, claochlú, athchúrsáil agus stóráil amhábhar (4) ríthábhachtach nó athléimneacht in aghaidh suaitheadh soláthair a chumasú le haghaidh na n-ábhar sin

    anailís, tomhais agus córais tástála a chumasú le haghaidh acmhainní agus seirbhísí atá ríthábhachtach don tsochaí;

    monarú, soláthar, cothabháil agus athchúrsáil príomhthrealaimh agus príomh-chomhpháirteanna a chumasú le haghaidh na n-acmhainní agus na seirbhísí sin atá ríthábhachtach don tsochaí (5).

    Is éard atá i gceist le ‘acmhainní nó seirbhísí nach mór dóibh a bheith ar fónamh chun go bhfeidhmeoidh an tsochaí’ na hacmhainní nó na seirbhísí sin a mbeadh suaitheadh nach beag ar shábháilteacht agus ar shlándáil an phobail, nó iarmhairtí drámatúla eile, mar thoradh ar a gcliseadh nó a ndíghrádú. D’fhéadfadh acmhainní nó seirbhísí den sórt sin a bheith poiblí nó príobháideach agus ní mór iad a chur i gcomhthéacs maidir lena bhfuil i gceist ar leibhéal sochaíoch (seachas ar leibhéal an duine aonair) nuair a dhéantar substaint a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí a úsáid.

    Ba cheart nasc díreach a bheith idir úsáid na substainte is díobhálaí agus na seirbhísí agus na bonneagair féin.

    Acmhainní a chur ar fáil amhail bonneagar agus trealamh chun cosaint agus slándáil a áirithiú don tsochaí i bhfianaise bagairtí comhghnásacha, bagairtí neamhghnásacha agus bagairtí hibrideacha

    Tá feidhm theicniúil na substainte is díobhálaí san úsáid ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí, mar shampla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    suiteáil agus cothabháil bonneagair don chosaint agus don tslándáil a chumasú

    monarú, soláthar, cothabháil agus athchúrsáil príomhthrealaimh agus príomh-chomhpháirteanna a chumasú le haghaidh na cosanta agus na slándála.

    Acmhainní amhail bonneagair agus trealamh chun cosaint agus slándáil don tsochaí a áirithiú i bhfianaise bagairtí comhghnásacha, bagairtí neamhghnásacha agus bagairtí hibrideacha’; is iad na hacmhainní sin a gcuirfeadh a gcliseadh nó a ndíghrádú bac ar chumas an Aontais Eorpaigh nó na Ballstát iad féin nó a bpobal a chosaint ar bhagairtí den sórt sin.

    Ba cheart nasc díreach a bheith idir úsáid na substainte is díobhálaí agusan bonneagar agus an trealamh féin.

    Rioscaí agus tionchair shochaíocha a bhaineann le géarchéimeanna nádúrtha agus tubaistí a bhainistiú

    Tá feidhm theicniúil na substainte is díobhálaí san úsáid ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí, mar shampla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    damáiste don bhonneagar ó thubaistí nádúrtha amhail tuilte, dóiteáin, creathanna talún a chosc nó a dheisiú.

    Ba cheart nasc díreach a bheith idir úsáid na substainte is díobhálaí agus na hoibríochtaí géarchéime.

    An comhshaol nádúrtha a chosaint agus a athshlánú

    Tá feidhm theicniúil na substainte is díobhálaí san úsáid ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí, mar shampla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a mhaolú, amhail úsáid le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite agus teicneolaíochtaí iompair astaíochtaí nialasacha

    truailleáin uisce, ithreach nó aeir a laghdú, amhail úsáid i dteicneolaíochtaí sciúrthóra agus úsáidí comhchosúla

    éiceachórais agus bithéagsúlacht a chosaint, amhail úsáid chun speicis ionracha a rialú

    anailís agus monatóireacht a dhéanamh ar thruailleáin

    truailleáin sa chomhshaol a leigheas.

    Tá an tsochaí ag brath ar chosaint agus ar athbhunú an chomhshaoil nádúrtha. Ba cheart breithniú cúramach a dhéanamh ar an ríthábhachtacht a bhaineann le substaint a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí a úsáid chun an comhshaol nádúrtha a chosaint, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar thruailliú, toisc go bhféadfadh an úsáid féin cur le truailliú. Le ríthábachtacht a chruthú ba cheart fianaise shubstaintiúil a bhailiú maidir lena mhéid a d’fhéadfadh an úsáid rannchuidiú le comhlíonadh reachtaíocht an Aontais agus le comhlíonadh conarthaí idirnáisiúnta.

    Taighde agus forbairt eolaíoch a dhéanamh

    Tá feidhm theicniúil na substainte is díobhálaí san úsáid ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí, mar shampla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    anailís, tomhais agus tástáil saotharlainne a dhéanamh faoi dhálaí rialaithe chun críoch taighde eolaíoch nó forbairt eolaíoch

    turgnaimh saotharlainne a dhéanamh a dhéantar faoi dhálaí rialaithe in institiúidí ardoideachais (leibhéal na hollscoile) agus in institiúidí taighde.

    An oidhreacht chultúrtha a chosaint

    Tá feidhm theicniúil na substainte is díobhálaí san úsáid ríthábhachtach d’fheidhmiú na sochaí, mar shampla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    an oidhreacht chultúrtha a chosaint, lena n-áirítear séadchomharthaí go háirithe, mar a shainmhínítear sna Treoirlínte Oibríochtúla maidir le Cur Chun Feidhme an Choinbhinsiúin maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda (6):

    (a)

    monuments: architectural works, works of monumental sculpture and painting, elements or structures of an archaeological nature, inscriptions, cave dwellings and combinations of features, which are of Outstanding Universal Value from the point of view of history, art or science; [(a) séadchomharthaí,. saothair ailtireachta, saothair dealbhóireachta agus péintéireachta cuimhniúcháin, eilimintí nó struchtúir de chineál seandálaíochta, inscríbhinní, teaghaisí uaimhe agus teaglamaí gnéithe, a bhfuil Sárluach Uilíoch ag baint leo ó thaobh na staire, na healaíne nó na heolaíochta de;]

    (b)

    groups of buildings: groups of separate or connected buildings which, because of their architecture, their homogeneity or their place in the landscape, are of Outstanding Universal Value from the point of view of history, art or science; [(b) grúpaí foirgneamh: grúpaí foirgneamh idir chinn atá scartha óna chéile agus chinn nasctha lena mbaineann, mar gheall ar a n-ailtireacht, a n-aonchineálacht nó a n-áit sa tírdhreach, Sárluach Uilíoch ó thaobh na staire, na healaíne nó na heolaíochta de;]

    (c)

    sites: works of man or the combined works of nature and of man, and areas including archaeological sites which are of Outstanding Universal Value from the historical, aesthetic, ethnological or anthropological points of view. [(c) suíomhanna: saothair de dhéantús an duine nó oibreacha comhcheangailte de dhéantús an dúlra agus an duine, agus limistéir lena n-áirítear suíomhanna seandálaíochta a bhfuil Sárluach Uilíoch ag baint leo ó thaobh na staire, na haeistéitiúlachta, na heitneolaíochta nó na hantraipeolaíochta de.]

    Ba cheart ‘oidhreacht chultúrtha a chosaint’ a léirmhíniú mar cheanglas chun díriú go sonrach ar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha. I gcásanna áirithe, is féidir gnéithe de mhaisiúchán nó de luach aeistéitiúil a aithint mar ghnéithe a bhfuil luach cultúrtha nach beag ag baint leo (e.g. liostú mar láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO) chomh maith le hoidhreacht chultúrtha dholáimhsithe mar atá sainithe ag UNESCO (7) amhail an cheardaíocht thraidisiúnta atá aitheanta ag UNESCO (8). Ba cheart urraim chomhionann a thabhairt d’oidhreacht chultúrtha na ngrúpaí sochdhéimeagrafacha uile agus measúnú oibiachtúil a dhéanamh uirthi.

    Níor cheart nochtadh leanaí ná grúpaí leochaileacha eile a bheith mar thoradh ar shubstaint a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí a úsáid chun an oidhreacht chultúrtha a chosaint. Ba cheart nasc díreach a bheith idir úsáid na substainte is díobhálaí agus an oibríocht chaomhnaithe, ní cháileodh úsáidí eile mar úsáidí ríthábhachtacha d’fheidhmiú na sochaí.

    c.   Measúnú a dhéanamh ar an easpa roghanna malartacha inghlactha

    Chun critéar na húsáide riachtanaí sin a chomhlíonadh, ní mór easpa roghanna malartacha inghlactha a bheith ann, rud ba cheart a léiriú trí anailís a dhéanamh ar roghanna malartacha. Dá réir sin, ba cheart an dá ghné seo a leanas ar a laghad a bheith sa mheasúnú ar an gcritéar sin (9):

    i.

    sainaithint roghanna malartacha féideartha le haghaidh na húsáide, ag féachaint an féidir substaint mhalartach, ábhar malartach, táirge malartach, próiseas malartach nó teicneolaíocht mhalartach a chur in ionad úsáid na substainte atá á measúnú (i.e., cad iad na roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann lenar féidir an fheidhm theicniúil is gá a sholáthar go leordhóthanach chun go soláthródh an táirge deiridh an tseirbhís ionchasach). Is iondúil gur faoin bpíosa áirithe reachtaíochta atá an coincheap ‘rogha mhalartach’ leagtha amach; AGUS

    ii.

    an measúnú ar a n-inghlacthacht.

    Ní mór do roghanna malartacha a bheith in ann an fheidhm agus an leibhéal feidhmíochta a sholáthar ar féidir leis an tsochaí glacadh leis mar sholáthar leordhóthanach ar an tseirbhís ionchasach agus ní mór dóibh a bheith níos sábháilte. Mar a thuairiscítear faoi roinn 2.2 den Teachtaireacht seo, sainmhínítear an measúnú ar roghanna malartacha de ghnáth le ceanglais shonracha i ngach píosa reachtaíochta, agus i gcás fhormhór na bpíosaí reachtaíochta, áirítear leis measúnú féidearthachta teicniúil agus/nó eacnamaíoch freisin. Mar a luaitear thuas, níl sé beartaithe ag an gCoimisiún na tagairtí atá ann cheana do mheasúnú féidearthachta teicniúil agus/nó eacnamaíoch a athrú má mholann sé coincheap na húsáide riachtanaí a thabhairt isteach in aon réimse reachtach den sórt sin. Níor cheart an measúnú a bheith teoranta don úsáideoir ar leith atá i mbun na húsáide ach ba cheart baint a bheith ag an measúnú leis an úsáid ar leibhéal an mhargaidh agus maidir le riachtanais na sochaí. Dá réir sin, ní hamháin gur cheart roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann lena mbaineann an leibhéal céanna feidhmíochta a mheas sa mheasúnú, ach ba cheart go mbreithneofaí ann freisin aon rogha mhalartach lena mbaineann feidhm agus leibhéal feidhmíochta ar féidir leis an tsochaí glacadh leis go bhfuil an tseirbhís ionchasach á soláthar go leordhóthanach. Dá bhrí sin, is iad seo a leanas na roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann nach mór iad a mheas:

    táirgí sa mhargadh sa chatagóir chéanna táirgí nach n-úsáideann an tsubstaint a luaitear i measc na substaintí is díobhálaí;

    na roghanna malartacha a bhfuil feidhmíocht níos ísle acu, ar choinníoll go bhfuil sé inghlactha ó thaobh na sochaí de (10);

    na roghanna malartacha sin lena soláthraítear feidhm theicniúil agus leibhéal feidhmíochta atá comhchosúil leis na cinn a sholáthraítear leis an tsubstaint is díobhálaí nó a chuirtear ar fáil leis an tsubstaint is díobhálaí.

    Tugtar roinnt samplaí thíos ar an gcaoi a ndéantar measúnú ar roghanna malartacha i reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana.

    Leagtar amach i Rialachán REACH ((CE) Uimh. 1907/2006)  (11) an creat chun ceimiceáin a chlárú, meastóireacht a dhéanamh orthu, iad a údarú agus a shrianadh. Déantar measúnú ar roghanna malartacha i gcomhthéacs údaruithe agus srianta. Ní mór infhaighteacht roghanna malartacha a chur san áireamh i gcinntí maidir le srianta atá bunaithe ar Airteagal 68(1). Tá an measúnú bunaithe ar fhaisnéis maidir le roghanna malartacha lena n-áirítear a n-infhaighteacht agus a bhféidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch (12). Sa phróiseas údarúcháin, éilíonn REACH measúnú ar ‘oiriúnacht’ roghanna malartacha ar úsáid na substainte arb údar mór imní í, lena n-áirítear a bhféidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch. Níl aon sainmhíniú ar na téarmaí sin leagtha amach i Rialachán REACH. I réimse an údaraithe, tá siad bunaithe ar an gcásdlí ábhartha (13). De réir an chásdlí seo:

    Is é is aidhm don téarma ‘oiriúnach’ líon na roghanna malartacha ábhartha a theorannú do líon na roghanna malartacha ‘sábháilte’, rud a chiallaíonn substaintí nó teicneolaíochtaí a bhfuil riosca níos ísle ag gabháil lena n-úsáid i gcomparáid leis an riosca a ghabhann le húsáid na substainte ábhartha ar údar mór imní í.

    Ina theannta sin, ciallaíonn an téarma ‘oiriúnach’ nach mór don rogha mhalartach a bheith ‘inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta agus na teicneolaíochta de’  (14). Níl an chiall sin teoranta don tuiscint gurb ann do rogha mhalartach in abstracto, faoi dhálaí saotharlainne nó faoi dhálaí eisceachtúla.

    Maidir le hinfhaighteacht roghanna malartacha teicniúla agus eacnamaíocha, ní mór anailís a dhéanamh ar roghanna malartacha ó thaobh na n-acmhainneachtaí táirgthe le haghaidh na substaintí malartacha agus ó thaobh fhéidearthacht na dteicneolaíochtaí malartacha de, agus i bhfianaise na gceanglas dlíthiúil agus fíorasach chun iad a chur i gcúrsaíocht.

    Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012)  (15) an creat chun táirgí bithicídeacha amhail dífhabhtáin, leasaithigh, creimiricídí, feithidicídí agus eile a chur ar an margadh agus a úsáid, ar táirgí iad atá ceaptha chun orgánaigh atá díobhálach do dhaoine, a ngníomhaíochtaí nó na táirgí a úsáideann siad nó a tháirgeann siad (lena n-áirítear táirgí tomhaltais), nó d’ainmhithe, nó don chomhshaol, a rialú. Leagtar síos sa Rialachán critéir eisiaimh le haghaidh substaintí gníomhacha a bhfuil airíonna guaise áirithe acu (CMR catagóir 1A agus 1B, suaiteoirí inchríneacha maidir le sláinte an duine, PBT agus vPvB), nach mbíonn formheasta de ghnáth. Féadfar maolú a thabhairt ar bhonn Airteagal 5(2) den Rialachán, ina bhfuil, i measc critéar eile, roinnt eilimintí atá cosúil le coincheap na húsáide riachtanaí, agus go sonrach:

    tá sé léirithe le fianaise go bhfuil an tsubstaint ghníomhach fíor-riachtanach chun baol tromchúiseach ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe nó ar an gcomhshaol a chosc nó a rialú;

    beidh infhaighteacht substaintí malartacha nó teicneolaíochtaí malartacha atá oiriúnach agus leordhóthanach ina bpríomhchomaoin chun maoluithe a fhormheas;

    agus beidh an úsáid mhaolaithe faoi réir bearta iomchuí maolaithe riosca chun a áirithiú go n-íoslaghdófar nochtadh daoine, ainmhithe agus an chomhshaoil.

    Féadfaidh an Coimisiún cead a thabhairt do Bhallstát freisin táirge bithicídeach ina bhfuil substaint ghníomhach nár formheasadh a údarú má tá an tsubstaint sin riachtanach chun an oidhreacht chultúrtha a chosaint (16) agus mura bhfuil aon rogha mhalartach iomchuí ar fáil (Airteagal 55(3)).

    Bunaítear leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht i ndáil le hinfheistíocht inbhuanaithe ((AE) 2020/852) (17) an creat ginearálta chun a chinneadh an gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de bunaithe ar a rannchuidithe leis na sé chuspóir comhshaoil (18) a leagtar amach leis an rialachán. Sonraítear sna critéir maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (DNSH) maidir le cosc agus rialú ar thruailliú (19) mar cheanglais nár cheart go mbeadh monarú, úsáid ná cur ar an margadh substaintí a chomhlíonann na critéir le haghaidh ceann de na haicmí guaise nó catagóirí guaise a luaitear in Airteagal 57 de REACH mar thoradh ar ghníomhaíocht, ach amháin má dhéanann na hoibreoirí measúnú agus doiciméadú uirthi nach bhfuil aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach oiriúnach eile ar fáil ar an margadh, agus go n-úsáidtear iad faoi choinníollacha rialaithe.

    Leis an Rialachán maidir le Mearcair ((AE) 2017/852) (20) ceadaítear táirgí nua ar cuireadh mearcair leo a mhonarú agus a chur ar an margadh agus próisis mhonaraithe nua ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair a úsáid, sa chás go léirítear le measúnú go mbeadh tairbhí nach beag don chomhshaol nó don tsláinte ag baint le húsáid nua mearcair agus nach mbeadh aon riosca mór ag baint leis don chomhshaol ná do shláinte an duine, agus nach bhfuil aon rogha mhalartach saor ó mhearcair ar fáil a bheadh in-úsáidte go teicniúil agus a mbeadh na tairbhí sin ag baint léi, agus sa chás sin amháin.

    IV.   COINNÍOLLACHA A BHAINEANN LEIS AN gCINNEADH MAIDIR LE hÚSÁID RIACHTANACH

    Le measúnú spriocdhírithe ar an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol, ba cheart a shuí an mbíonn bearta bainistithe riosca agus dálaí oibríochtúla maidir leis an úsáid ina gcúis le hastaíochtaí agus dneamhchosaint daoine agus an chomhshaoil a íoslaghdú go dtí leibhéal chomh híseal agus is féidir go teicniúil agus go praiticiúil. Murab amhlaidh an cás, ba cheart coinníollacha a fhorchur chun an cuspóir sin a bhaint amach, de réir mar is iomchuí le haghaidh gach píosa reachtaíochta ar leith.

    Prionsabail maidir le coinníollacha a leagan síos le haghaidh úsáidí a mheastar a bheith riachtanach don tsochaí:

    nochtadh daoine agus ainmhithe agus astaíochtaí sa chomhshaol a íoslaghdú le linn táirgeadh, úsáide, deireadh ré agus athchúrsála, lena n-áirítear coinníollacha lena gcuirtear teorainn le cainníocht na substainte in úsáid (21) go háirithe chun nochtadh grúpaí leochaileacha amhail leanaí, mná torracha agus daoine scothaosta a sheachaint nó a íoslaghdú, ar daoine iad atá níos íogaire ó thaobh nochtadh do cheimiceáin dhíobhálacha de.

    dreasachtaí a áirithiú le haghaidh nuálaíocht i leith roghanna malartacha sábháilte agus inbhuanaithe agus iad a chur in ionad roghanna eile

    coinníollacha lena ngealltar aghaidh a thabhairt ar an ionadú agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo ionadú (pleananna ionadaíochta), agus

    ba cheart teorainn ama a shocrú de ghnáth le haghaidh maoluithe ar shrianta agus ar úsáidí údaraithe.

    infhaighteacht faisnéise maidir leis an úsáid sa slabhra soláthair agus infhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí agus d’oibreoirí dramhaíola a áirithiú.


    (1)  Cinneadh IV/25 ó Pháirtithe Phrótacal Montréal: https://ozone.unep.org/treaties/montreal-protocol/meetings/fourth-meeting-parties/decisions/decision-iv25-essential-uses

    (2)  Foscríbhinn R.12.4. den Treoir maidir le Ceanglais Faisnéise agus Measúnú Sábháilteachta ar Cheimiceáin Caibidil R.12: Úsáid tuairisc Leagan 3.0 - Nollaig 2015

    (3)  Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle.

    (4)  Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar ríthábhachtach a áirithiú, COM(2023) 160 final.

    (5)  féach e.g. Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna).

    (6)  UNESCO. Treoirlínte oibríochtúla maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda. Arna fháil an 2023-03-29 ag https://whc.unesco.org/en/guidelines/

    (7)  Coinbhinsiún UNESCO 2003 maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe MISC/2003/CLT/CH/14.

    (8)  Liostaí UNESCO d’Oidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe agus Clár na ndea-chleachtas cosanta. Arna fháil an 2023-03-29 ag https://ich.unesco.org/en/lists

    (9)  Maidir leis an gcaoi a sainmhínítear an critéar sin agus a bhfuil sé beartaithe measúnú a dhéanamh air, cuirtear san áireamh na codanna ábhartha de chritéir Phrótacal Montréal maidir le húsáid riachtanach chomh maith leis an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht.

    (10)  Mar sin féin, ba cheart an tseirbhís fhoriomlán agus na feidhmeanna ábhartha arna soláthar ag táirge na húsáide sin a chur san áireamh sa mheasúnú ar roghanna malartacha, agus táirgí malartacha, ábhair mhalartacha agus teicneolaíochtaí malartacha á meas.

    (11)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún, IO L 396, 30.12.2006, lgh. 1–849.

    (12)  Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán REACH.

    (13)  Breithiúnas ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 7 Márta 2019 i gCás t-837/16, míreanna 71-74.

    (14)  laistigh de bhrí Airteagal 55 de REACH.

    (15)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid IO L 167, 27.6.2012, lgh. 1–123.

    (16)  Go dtí seo, níl ach aon chineál díolúine amháin den sórt sin a iarradh, ar suíodh go raibh údar léi agus a deonaíodh: cosaint earraí cultúrtha in iarsmalanna trí nítrigin arna giniúint in-situ a úsáid.

    (17)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088, IO L 198, 22.6.2020, lch. 13–43.

    (18)  Maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, úsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, aistriú chuig geilleagar ciorclach, cosc agus rialú ar thruailliú, agus bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athchóiriú.

    (19)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2485 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2023 lena leasaítear Foscríbhinn C a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide ((AE) 2021/2139).

    (20)  Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008, IO L 137, 24.5.2017, lch. 1–21).

    (21)  E.g. Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, só-ghineacha, nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ar an láthair oibre.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2894/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top