EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC02078

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Fógra ón gCoimisiún maidir leis na luachanna tairsí a shocraítear faoi Threoir Réime 2008/56/CE um Straitéis Mhuirí agus Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún

C/2024/1268

IO C, C/2024/2078, 11.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2078/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2078/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2078

11.3.2024

TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

Fógra ón gCoimisiún maidir leis na luachanna tairsí a shocraítear faoi Threoir Réime 2008/56/CE um Straitéis Mhuirí agus Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún

(C/2024/2078)

I.   Réamhrá

Is é is aidhm don fhógra seo soiléiriú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le stádas dlíthiúil agus úsáid na luachanna tairsí le haghaidh dea-stádas comhshaoil, ar luachanna tairsí iad a shocraítear trí chomhar ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach, i gcomhréir leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (1) (Treoir 2008/56/CE, dá ngairtear ‘an Treoir’ anseo feasta) agus Cinneadh (AE) 2017/848 lena leagtar síos critéir agus caighdeáin mhodheolaíochta maidir le dea-stádas comhshaoil uiscí mara agus sonraíochtaí agus modhanna caighdeánaithe le haghaidh faireacháin agus measúnú (2) (dá ngairtear ‘an Cinneadh’ anseo feasta).

II.   Comhthéacs dlí

Leis an Treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil ar bun sa mhuirthimpeallacht faoi 2020 ar a dhéanaí (Airteagal 1(1)). Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ní mór dóibh straitéisí muirí a fhorbairt agus a chur chun feidhme mar a leagtar amach in Airteagal 5. Gné amháin de na straitéisí muirí is ea féachaint cé acu atá nó nach bhfuil dea-stádas comhshaoil ag uiscí mara (Airteagal 5(2)(a)(ii)).

Sainmhínítear ‘Dea-Stádas Comhshaoil’ (DSC) faoi Airteagal 3(5) den Treoir mar a leanas: ‘stádas comhshaoil uiscí mara i gcás ina gcuirtear aigéin agus farraigí dinimiciúla atá éagsúil ó thaobh na héiceolaíochta de ar fáil a bhuí leis na huiscí sin, aigéin agus farraigí atá glan, folláin agus táirgiúil laistigh dá ndálaí intreacha, agus i gcás ina bhfuil úsáid na muirthimpeallachta ar leibhéal atá inbhuanaithe, rud a chosnaíonn an fhéidearthacht go n-úsáidfeadh an ghlúin seo agus na glúnta atá le teacht iad nó go mbainfí leas astu i gcomhair gníomhaíochtaí’ .

I gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Treoir agus ar bhonn an mheasúnaithe tosaigh a rinneadh faoi Airteagal 8(1), ní mór do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thacar saintréithe Dea-Stádais Comhshaoil le haghaidh uiscí mara gach réigiúin nó foréigiúin. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ní mór dóibh an t-aon tuairisceoir cáilíochtúil déag a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir a chur san áireamh. Leagtar amach sa Chinneadh na critéir agus na caighdeáin mhodheolaíochta maidir le Dea-Stádas Comhshaoil uiscí mara atá le húsáid ag na Ballstáit. Luaitear in Airteagal 9(3) den Treoir gur shocraigh na Coimisiún iad ‘ ar bhealach lena n-áiritheofaí comhsheasmhacht agus a d’fhágfadh go bhféadfaí comparáid a dhéanamh idir réigiúin mhuirí nó foréigiúin mhuirí maidir leis an méid atá dea-stádas comhshaoil á bhaint amach’ .

Faoi aithris 8 den Chinneadh, ‘I gcás gach tuairisceora cháilíochtúil a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE, agus ar bhonn na liostaí táscacha in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, is gá na critéir a shainiú, lena n-áirítear eilimintí na gcritéar agus, i gcás inarb iomchuí, na luachanna tairsí, atá le húsáid. Tá na luachanna tairsí ceaptha chun bheith ina rannchuidiú leis na Ballstáit tacar saintréithe a chinneadh le haghaidh dea-stádas comhshaoil agus bonn eolais a chur faoina measúnú ar a mhéid atá dea-stádas comhshaoil á bhaint amach. ’ Le hAirteagal 2, an dara fomhír, pointe (5) den Chinneadh, sonraítear an méid seo a leanas: ‘ ciallaíonn “luach tairsí” luach nó raon luachanna lenar féidir measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cáilíochta a bhaintear amach le haghaidh critéar ar leith agus, dá bhrí sin, lena rannchuidítear leis an measúnú ar a mhéid atá dea-stádas comhshaoil á bhaint amach.’

Luaitear sa Chinneadh go leagtar amach san Iarscríbhinn dhá chineál critéar chun Dea-Stádas Comhshaoil a shainiú: critéir phríomha (3) agus critéir thánaisteacha (4). I bprionsabal, tá oibleagáid ar na Ballstáit na critéir phríomha a úsáid, seachas i gcás – ar bhonn an mheasúnaithe tosaigh ar stádas a n-uiscí mara nó ar bhonn nuashonruithe a dhéantar ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 17(2)(a) den Treoir – ina míníonn siad go cuí cén fáth nach bhfuil feidhm ag critéar príomha. Mar sin féin, faoi Airteagal 3(2) den Chinneadh, tá méid áirithe solúbthachta ag na Ballstáit agus cinneadh á dhéanamh acu cé acu ba cheart nó nár cheart critéir thánaisteacha a úsáid (mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn). Is féidir leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh critéar tánaisteach a úsáid, i gcás inar gá, chun critéar príomha a chomhlánú nó i gcás ina bhfuil baol ann, i ndáil le critéar áirithe, nach mbainfidh an mhuirthimpeallacht dea-stádas comhshaoil amach nó nach gcoinneoidh sí dea-stádas comhshaoil ar bun.

Is é is cuspóir do luachanna tairsí measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cáilíochta a bhaintear amach i ndáil le gach critéar (príomha nó tánaisteach) a úsáidtear, dá réir sin, chun measúnú a dhéanamh ar bhaint amach na dtuairisceoirí cáilíochtúla a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. Úsáidtear na tuairisceoirí sin chun dea-stádas comhshaoil a chinneadh, a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, arb é príomhchuspóir na Treorach é.

Tá roinnt luachanna tairsí bunaithe cheana san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh, tháinig siad as an reachtaíocht atá ann cheana agus, dá bhrí sin, tá siad infheidhme cheana. Maidir leis na luachanna tairsí eile is gá a shocrú faoin gCinneadh, le hAirteagal 5(1) den Chinneadh ceanglaítear ar na Ballstáit iad sin a bhunú faoin 15 Iúil 2018  (5). Mura bhfuil na Ballstáit in ann luachanna tairsí a shocrú laistigh den tréimhse sin, ní mór dóibh iad a shocrú ‘ a luaithe is féidir ina dhiaidh sin ’  (6), ar choinníoll go dtugann siad cúiseanna leis an moill don Choimisiún san fhógra a thugtar faoi Airteagal 17(3) den Treoir.

Go dtí seo, socraíodh roinnt luachanna tairsí (7) le haghaidh critéir tuairisceoirí éagsúla trí chomhar ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach.

III.   Stádas luachanna tairsí le haghaidh dea-stádas comhshaoil

1.   Luachanna tairsí atá éagsúil leis na luachanna arna socrú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach

Is é an chéad saincheist atá le soiléiriú cé acu is féidir nó nach féidir leis na Ballstáit, i ndáil leis an gcritéar céanna, luachanna tairsí náisiúnta a úsáid atá éagsúil leis na luachanna arna socrú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach.

Is é Airteagal 9(3) den Treoir an bunús dlí leis an gCinneadh. Ceanglaítear leis an gCinneadh go mbeidh luachanna tairsí ceaptha‘ ar bhealach lena n-áiritheofaí comhsheasmhacht agus a d’fhágfadh go bhféadfaí comparáid a dhéanamh idir réigiúin mhuirí nó foréigiúin mhuirí maidir leis an méid atá dea-stádas comhshaoil á bhaint amach ’. Dá gceadófaí do na Ballstáit leanúint dá luachanna tairsí náisiúnta féin a úsáid nuair a bheidh luachanna tairsí socraithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach, bhainfí an bonn de chuspóir Airteagal 9(3), a bhfuil sé d’aidhm aige freisin a áirithiú go ngníomhóidh na húdaráis ar bhealach comhleanúnach comhordaithe ar fud an Aontais.

Bheadh sé ag teacht salach ar fhorálacha an Chinnidh freisin. Mar a léiríodh roimhe seo, le hAirteagal 4(2)(a) den Chinneadh, ní cheadaítear do na Ballstáit luachanna tairsí náisiúnta a úsáid ach amháin go dtí go mbunófar luachanna tairsí trí chomhar ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach. Tugann sé sin le tuiscint, nuair a shocrófar na luachanna tairsí ar an leibhéal fornáisiúnta, nach bhféadfaidh na Ballstáit a luachanna tairsí náisiúnta féin a úsáid a thuilleadh. Tagann foclaíocht aithris 12 leis an gconclúid sin. Faoin aithris sin, ‘ go dtí go mbunófar na luachanna tairsí sin trí chomhar ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann luachanna tairsí náisiúnta, treochtaí treocha nó luachanna tairsí brúbhunaithe a úsáid ina n-ionad ’.

Dá bhrí sin, ní cheadaítear do na Ballstáit luachanna tairsí náisiúnta éagsúla a úsáid a thuilleadh, nuair a shocraítear na luachanna tairsí sin ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach.

2.   Discréid a bheith ann do na Ballstáit gan úsáid a bhaint as luachanna tairsí a shocraítear trí chomhar ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach i gcomhthéacs na nuashonruithe ar straitéisí muirí in Airteagal 17

Is é an dara saincheist atá le soiléiriú cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear do na Ballstáit gan na luachanna tairsí a shocraítear trí phróiseas ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach a chur i bhfeidhm agus a straitéisí muirí á dtabhairt cothrom le dáta acu. Go sonrach, cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear é sin agus stádas comhshaoil a n-uiscí mara á chinneadh faoi Airteagal 17 den Treoir.

Faoi Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (5) den Chinneadh, le luachanna tairsí ‘ is féidir measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cáilíochta a bhaintear amach le haghaidh critéar ar leith’ . Ciallaíonn sé sin, i gcás ina roghnaíonn na Ballstáit tuairisceoir nó critéar ar leith a chur i bhfeidhm agus inar socraíodh na luachanna tairsí comhfhreagracha trí chomhar ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach, nach mór dóibh na luachanna tairsí sin a úsáid.

Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) nó (2) den Chinneadh, ceadaítear do na Ballstáit gan na luachanna tairsí a shocraítear ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach a úsáid i gcás ina gcumhdaítear leis na luachanna sin critéar nach gcuireann an Ballstát sin i bhfeidhm. Is amhlaidh atá i gcás luachanna tairsí lena gcumhdaítear tuairisceoirí a mheasann Ballstát ‘nach bhfuil siad iomchuí’, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir.

An ‘cinneadh’  (8) a dhéanann Ballstát gan tuairisceoir nó critéar ar leith a chur i bhfeidhm ‘go huathoibríoch’, tá feidhm aige sin freisin maidir leis na heilimintí, na luachanna tairsí agus na caighdeáin mhodheolaíochta a chomhfhreagraíonn don tuairisceoir nó/agus don chritéar ar leith. Is é sin le rá, i gcás ina gcinneann Ballstát gan tuairisceoir nó critéar ar leith a úsáid, go gcinneann sé, dá réir sin, gan úsáid a bhaint as na luachanna tairsí a bhaineann leis an tuairisceoir agus/nó leis an gcritéar sin.

Mar fhocal scoir, agus a straitéisí muirí á dtabhairt cothrom le dáta ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 17 den Treoir, ní cheadaítear dóibh gan na luachanna tairsí a shocraítear ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach a úsáid ach amháin a mhéid a bhaineann na luachanna tairsí le tuairisceoirí nó le critéir a roghnaigh siad gan a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos leis an Treoir agus leis an gCinneadh.

IV.   Luachanna tairsí a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar stádas comhshaoil

Leis an gCinneadh, ceanglaítear ar na Ballstáit luachanna tairsí a shocrú, mar aon le critéir agus caighdeáin mhodheolaíochta eile a bhaineann le dea-stádas comhshaoil a chinneadh agus measúnú a dhéanamh air, faoi 2018 nó ‘ a luaithe is féidir ina dhiaidh sin’, ar choinníoll go mbeidh údar cuí tugtha acu don Choimisiún (Airteagal 5).

I bhfianaise chuspóir na Treorach dea-stádas comhshaoil na farraige a bhaint amach nó a choinneáil ar bun faoi 2020 ar a dhéanaí, ba cheart luachanna tairsí a bheith socraithe ag na Ballstáit le linn an dara timthriall de chur chun feidhme na Treorach (9).

Faoi Airteagal 6 den Chinneadh, a luaithe a shocrófar na luachanna tairsí sin, ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas, agus a straitéisí muirí á dtabhairt cothrom le dáta, maidir le húsáid na luachanna sin agus caighdeán modheolaíochta eile chun measúnú a dhéanamh ar dhea-stádas comhshaoil.

Dá bhrí sin, meastar go ndéanfaidh na Ballstáit, laistigh de na chéad nuashonruithe eile a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 17(2)(a) agus (b) den Treoir (i) ar an measúnú tosaigh agus ar an gcinneadh maidir le dea-stádas comhshaoil dá bhforáiltear in Airteagail 8(1) agus 9(1), agus (ii) ar na spriocanna comhshaoil a shocraítear faoi Airteagal 10(1), na luachanna tairsí a shocraítear trí chomhar ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach a chur i bhfeidhm, mar aon le luachanna tairsí a eascraíonn as reachtaíocht atá ann cheana agus a bunaíodh cheana san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh le haghaidh na gcritéar a úsáidfidh siad chun measúnú a dhéanamh ar stádas comhshaoil.

I gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann na luachanna tairsí sin a úsáid, go háirithe agus an measúnú tosaigh de bhun Airteagal 8(1) á thabhairt cothrom le dáta acu, ba cheart údar cuí a thabhairt leis sin. Mar shampla, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina n-úsáideann Ballstát na luachanna tairsí mar chuid den tuairisciú nuashonraithe maidir le dea-stádas comhshaoil faoi Airteagal 9(1) ach nach raibh sé in ann na tairseacha céanna a úsáid chun an measúnú tosaigh a thabhairt cothrom le dáta faoi Airteagal 8(1), toisc nár socraíodh na luachanna go fóill an tráth a ullmhaíodh an measúnú ar a n-uiscí mara.

Dá bhrí sin, agus meastóireacht á déanamh ag an gCoimisiún ar straitéisí muirí nuashonraithe na mBallstát, go háirithe an measúnú ar staid a n-uiscí mara agus an dul chun cinn i dtreo dea-stádas comhshaoil a bhaint amach, seiceálfaidh sé cé acu a bhain nó nár bhain na Ballstáit úsáid as luachanna tairsí chun dea-stádas comhshaoil a chinneadh ina gcuid nuashonruithe ar na straitéisí muirí.


(1)   IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.

(2)   IO L 125, 18.5.2017, lch. 43.

(3)  Féach an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh: D1C1, D1C2, D1C3, D1C4, D1C5, D1C6, D2C1, D3C1, D3C2, D3C3, D4C1, D4C2, D5C1, D5C2, D5C5, D6C1, D6C2, D6C3, D6C4, D6C5, D8C1, D8C3, D9C1, D10C1, D10C2, D11C1, D11C2.

(4)  Féach an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh: D2C2, D2C3, D4C3, D4C4, D5C3, D5C4, D5C6, D5C7, D5C8, D7C1, D7C2, D8C2, D8C4, D10C3, D10C4.

(5)  I gcomhréir le mír 2(a) d’Airteagal 17 den Treoir.

(6)  Airteagal 5, mír 2, den Chinneadh.

(7)  Féach an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht seo.

(8)  Ós rud é go n-údaraítear do na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe, gan tuairisceoirí nó critéir phríomha áirithe a úsáid, agus a chinneadh (mura bhforáiltear a mhalairt leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh) cé acu a chuirfidh nó nach gcuirfidh siad na critéir thánaisteacha i bhfeidhm, ba cheart a thuiscint gurb é atá in úsáid an fhocail ‘cinneadh’ in Airteagal 6 den Chinneadh rogha na mBallstát maidir leis na tuairisceoirí agus na critéir a chuirfidh siad i bhfeidhm.

(9)  Airteagail 5(1) agus 5(2) den Chinneadh.


IARSCRÍBHINN

LUACHANNA TAIRSÍ BUNAITHE LE hAGHAIDH DEA-STÁDAS COMHSHAOIL

Forordaítear leis an gCinneadh úsáid na luachanna tairsí seo a leanas a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais atá ann cheana.

Critéar

Luach(anna) tairsí

D3C1

Básmhaireacht iascaigh

Tá ráta básmhaireachta iascaigh phobail na speiceas a shaothraítear ar bhonn tráchtála ar leibhéil nó faoi bhun leibhéil ar a bhféadfaí an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh.

D3C2

Bithmhais Stoic Sceite

Tá Bithmhais Stoic Sceite phobail na speiceas a shaothraítear ar bhonn tráchtála os cionn leibhéil bhithmhaise ar a bhféadfaí an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh.

D5C1

Tiúchan cothaitheach

Is iad seo a leanas na luachanna tairsí:

(a)

in uiscí cósta, na luachanna a shocraítear i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE;

D5C2

Tiúchan chlóraifill a

Is iad seo a leanas na luachanna tairsí:

(a)

in uiscí cósta, na luachanna a shocraítear i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE;

D5C5

Ocsaigin thuaslagtha

Is iad seo a leanas na luachanna tairsí:

(a)

in uiscí cósta, na luachanna a shocraítear i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE;

D8C1

Tiúchan éilleán

Laistigh d’uiscí cósta agus teorann, ní sháraíonn tiúchan na n-éilleán na luachanna tairsí seo a leanas:

(a)

i gcás na n-éilleán a leagtar amach faoi phointe 1(a) d’eilimintí na gcritéar, na luachanna a shocraítear i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE;

[…]

Lasmuigh d’uiscí teorann, ní sháraíonn tiúchan na n-éilleán na luachanna tairsí seo a leanas:

(a)

i gcás na n-éilleán arna roghnú faoi phointe 2(a) d’eilimintí na gcritéar, na luachanna mar is infheidhme laistigh d’uiscí cósta agus teorann;

D9C1

Éilleáin i mbia mara

Leibhéal na n-éilleán i bhfíocháin inite (matán, ae, eochraí, feoil nó codanna boga eile, de réir mar is iomchuí) de bhia mara (lena n-áirítear éisc, crústaigh, moilisc, eicínideirmigh, feamainn agus plandaí muirí eile) a ghabhtar nó a bhuainteoir san fhiántas (seachas éisc eite ó mhuirshaothrú), ní sháraíonn sé an méid seo a leanas:

(a)

i gcás na n-éilleán a liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, na huasleibhéil a leagtar síos sa Rialachán sin, arb iad na luachanna tairsí iad chun críocha an Chinnidh seo;

Ina theannta sin, bunaíodh na luachanna tairsí seo a leanas trí chomhar ar leibhéal an Aontais, comhar a bheidh ar bun, mar a mhínítear in aithris 12 den Chinneadh, ‘faoi chuimsiú na Comhstraitéise Cur Chun Feidhme arna bunú ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún chun críocha Threoir 2008/56/CE’.

Critéar

Luach(anna) tairsí

D6C4

Caillteanas gnáthóige

Is é 2 % de mhéid nádúrtha an limistéir (≤ 2 %) an t-uaschion de chineál gnáthóige leithne beantaí is féidir a chailliúint i limistéar measúnaithe (D6C4).

D6C5

Éifeachtaí díobhálacha ar ghnáthóga

Is é 25 % de mhéid nádúrtha an limistéir (≤ 25 %) an t-uaschion de chineál gnáthóige leithne beantaí ar féidir dochar a dhéanamh dó i limistéar measúnaithe. Áirítear leis sin an cion den chineál gnáthóige leithne beantaí a cailleadh (D6C5). Déantar dochar do chineál gnáthóige leithne beantaí i limistéar measúnaithe má fheictear diall neamh-inghlactha ón staid tagartha ina struchtúr bitheach agus aibitheach agus ina fheidhmeanna bitheacha agus aibitheacha (e.g. comhdhéanamh tipiciúil speiceas, flúirse choibhneasta agus struchtúr méide, speicis íogaire nó speicis lena soláthraítear príomhfheidhmeanna, in-aisghabhálacht agus feidhmiú gnáthóg agus próiseas éiceachórais) (D6C5).

D10C1

Bruscar ar an gcósta

20 píosa bruscair/100 m de chósta

D11C1

Torann tuairte

Maidir le teagmháil ghearrthéarmach (1 lá, i.e. teagmháil laethúil), is é 20 % nó níos ísle (≤ 20 %) an t-uaschion de limistéar measúnaithe/gnáthóige a úsáideann speiceas ar díol spéise é a nglactar leis go mbíonn sé i dteagmháil le leibhéil torainn tuairte atá níos airde ná Leibhéal Tosaithe na nÉifeachtaí Díobhálacha Bitheolaíocha. Maidir le teagmháil fhadtéarmach (1 bhliain), ríomhtar an mheánteagmháil. Is é 10 % nó níos lú (≤ 10 %) an t-uaschion de limistéar measúnaithe/gnáthóige a úsáideann speiceas ar díol spéise é a nglactar leis go mbíonn sé i dteagmháil le leibhéil torainn tuairte atá níos airde ná Leibhéal Tosaithe na nÉifeachtaí Díobhálacha Bitheolaíocha, thar 1 bhliain ar an meán.

D11C2

Torann leanúnach

An cion de ghnáthóg na spriocspeiceas ina bhfuil leibhéil torainn os cionn Leibhéal Tosaithe na nÉifeachtaí Díobhálacha Bitheolaíocha, ní sháróidh sé 20 % in aon mhí de bhliain an mheasúnaithe, i gcomhréir leis an gcuspóir caomhnúcháin 80 % den acmhainn iompair/de mhéid na gnáthóige.

Is iad na luachanna tairsí is gá a shainiú fós ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir leis an gCinneadh, na luachanna sin le haghaidh bruscar muirí i sraith dhromchla an cholúin uisce agus i ngrinneall na farraige; i gcás micreabhruscair ar an gcósta, i sraith dhromchla an cholúin uisce, agus i ndríodar ar ghrinneall na farraige; agus i gcás leibhéal na n-éifeachtaí díobhálacha ar ghnáthóga ar ghrinneall na farraige. Bunaíodh roinnt de na luachanna tairsí atá fágtha, nó tá siad á mbunú trí chomhar ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal foréigiúnach. Mínítear in Aithris 12 den Chinneadh gur cheart do na Ballstáit sa chás seo, mar shampla, tagairt a dhéanamh do ‘ luachanna atá ann cheana nó luachanna nua a fhorbairt faoi chuimsiú na gCoinbhinsiún maidir le Farraigí Réigiúnacha’ . Leagtar amach go soiléir iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh (1).


(1)  Féach an tuarascáil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde dar teideal ‘Marine Strategy Framework Directive - Thresholds for MSFD criteria: state of play and next steps’ [‘An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí - Tairseacha le haghaidh critéir na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí: staid na himeartha agus na chéad chéimeanna eile’]. Mar gheall ar chineál dinimiciúil an phlé faoi chur chun feidhme an Chinnidh maidir le Dea-Stádas Comhshaoil, níl cuid den fhaisnéis atá sa tuarascáil seo cothrom le dáta a thuilleadh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2078/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top