Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024SC0011

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR […] a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/38/CE a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú Comhairlí Oibreacha Eorpacha agus forfheidhmiú éifeachtach ceart maidir le hoibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo

    SWD/2024/11 final

    An Bhruiséil,24.1.2024

    SWD(2024) 11 final

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

    ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

    […]

    a ghabhann leis an doiciméad

    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    lena leasaítear Treoir 2009/38/CE a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú Comhairlí Oibreacha Eorpacha agus forfheidhmiú éifeachtach ceart maidir le hoibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo

    {COM(2024) 14 final} - {SEC(2024) 35 final} - {SWD(2024) 9 final} - {SWD(2024) 10 final}


    A.Comhthéacs

    Is éard is Comhairlí Oibreacha Eorpacha (‘EWCanna’) ann comhlachtaí ionadaíochta fostaithe chun bainistíocht gnóthas ilnáisiúnta de mhéid áirithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo maidir le cúrsaí trasnáisiúnta. I bhfianaise an chlaochlaithe atá ag teacht ar shaol na hoibre, arb iad breithnithe comhshaoil, eacnamaíocha agus inbhuanaitheachta sóisialta is cúis leis, is féidir rannpháirtíocht fhóinteach oibrithe agus a nionadaithe ar gach leibhéal a bheith ina cuidiú le hathruithe a réamhmheas agus a bhainistiú, caillteanais post a laghdú, infhostaitheacht a choinneáil ar bun, agus éifeachtaí ar chórais leasa shóisialta agus na costais choigeartúcháin a bhaineann leo a mhaolú. Go dtí seo, tá EWCanna nó comhaontuithe eile maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ar bhonn trasnáisiúnta ann i dtuairim agus 1 000 gnóthas ilnáisiúnta, lena ndéantar ionadaíocht ar thart ar 16,6 milliún fostaí de chuid an Aontais. Le Treoir 2009/38/CE (‘an Treoir’) , soláthraítear creat ina bhfuil íoscheanglais maidir le EWCanna a chur ar bun agus a oibriú, ar creat é lena nurramaítear neamhspleáchas na bainistíochta agus ionadaithe na bhfostaithe an próiseas chun oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo a chur in oiriúint dá riachtanais agus lena gcaomhnaítear cumas na bainistíochta cinntí a dhéanamh go héifeachtach. Is éard atá i gceist leis an tionscnamh seo a chinntiú go bhfuil an creat sin soiléir, éifeachtach agus infhorfheidhmithe. Baineann an tionscnamh seo le gnóthais a fheidhmíonn ar scála an Aontais agus lena bhfostaithe sna Ballstáit.

    EWCanna agus nósanna imeachta trasnáisiúnta chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, tá siad ina gcomhlánú ar na nósanna imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo de bhun, go háirithe, Threoir 2002/14/CE lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, Threoir 2001/23/CE maidir le gnóthais a aistriú, agus Threoir 98/59/CE maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna. Leis an tionscnamh seo, ní dhéantar difear don reachtaíocht náisiúnta maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo a eascraíonn as na Treoracha sin ón Aontas.

    B.An gá atá le gníomh ón Aontas

    Cad í an fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

    Leis an Treoir, ní i gcónaí a bhaintear amach a cuspóir maidir le feabhas a chur ar an gceart atá ag fostaithe i ngnóthais ilnáisiúnta go gcuirfí ar an eolas iad agus go rachfaí i gcomhairle leo. I gcásanna áirithe, tá easpa fíor-idirphlé fóinteach idir an bhainistíocht agus EWCanna, agus éiginnteacht ann i ndáil leis an méid seo a leanas: an próiseas chun EWCanna a bhunú; raon feidhme na n‑oibleagáidí i dtaca le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, ar oibleagáidí iad atá teoranta sa Treoir do ‘chúrsaí trasnáisiúnta’; speansais a chumhdach; na coinníollacha chun a cheangal go ndéanfaí faisnéis a láimhseáil go rúnda nó chun diúltú faisnéis áirithe a nochtadh do EWCanna; agus rochtain ar cheartas. Thairis sin, is léir go bhfuil easpa cothromaíocht inscne ann ar chuid mhaith EWCanna, agus is minic nach ngearrtar pionós leordhóthanach i leith sáruithe ar chearta maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo chun comhlíontacht a áirithiú. Ar deireadh, mar gheall ar dhíolúintí ón raon feidhme, níl feidhm ag an Treoir maidir le thart ar 350 gnóthas ina bhfuil comhaontuithe maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ar bhonn trasnáisiúnta ann, rud a fhágann go bhfuil an creat rialála casta agus ilroinnte, rud a chruthaíonn leibhéil éagsúla cosanta d’fhostaithe i ngnóthais a fheidhmíonn ar leibhéal an Aontais.

    Cé nach féidir glacadh leis go mbaineann na saincheisteanna sin le hábhar ar scála ginearálta, i dteannta a chéile, bíonn easnaimh maidir le héifeachtacht chreat EWC atá ann cheana mar thoradh orthu. Dá bhrí sin, ní bhaintear leas iomlán as acmhainneacht EWCanna chun rannpháirtíocht fostaithe agus tacaíocht ó fhostaithe mar aon le dálaí oibre inbhuanaithe a chur chun cinn, agus i gcomhthéacs athruithe struchtúracha a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach freisin.

    Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

    Is é is cuspóir ginearálta don tionscnaimh seo feabhas a chur ar éifeachtacht an chreata chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ar an leibhéal trasnáisiúnta. Tá an cuspóir sin comhsheasmhach leis na haidhmeanna agus na prionsabail a leagtar amach sa Treoir. I gcomhréir leis an mbunús dlí ábhartha sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní dhéantar aon athrú ar bhunchineál na Treorach mar ionstraim um fhostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo – seachas ionstraim um chomhchinneadh.

    Go sonrach, is é is aidhm don tionscnamh (i) difríochtaí nach bhfuil údarú leo i gcearta íosta fostaithe maidir lena gcur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ar an leibhéal trasnáisiúnta a sheachaint,, (ii) a áirithiú go mbunófar EWCanna ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, (iii) a áirithiú go dtabharfar acmhainní iomchuí do EWCanna agus go mbeidh próiseas éifeachtach ann lena gcur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, agus (iv) forfheidhmiú níos éifeachtaí na Treorach a chur chun cinn, lena n‑áirítear an méid sin a dhéanamh trí rochtain ar cheartas d’ionadaithe fostaithe agus trí smachtbhannaí éifeachtacha, athchomhairleacha agus comhréireacha.

    Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais?

    Leis an Treoir, leagtar amach íoschaighdeáin maidir le fostaithe i ngnóthais ilnáisiúnta a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ar bhonn trasnáisiúnta. Ós rud é gur ábhar trasteorann é sin, ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ar leibhéal an Aontais. Baineann breisluach sonrach AE an tionscnaimh le forbairt na n‑íoschaighdeán sin. Leis na caighdeáin sin, cothaítear cóineasú aníos i dtaca le torthaí fostaíochta agus sóisialta ó Bhallstát go chéile. Leis an tionscnamh, méadófar a thuilleadh an breisluach do chuideachtaí freisin, trí chreat rialála níos simplí agus níos comhleanúnaí a chruthú ar fud an Aontais ar fad. I dtéarmaí geografacha, d’fhéadfadh an fhadhb difear a dhéanamh do na Ballstáit uile, toisc go dtagann iarmhairtí na faidhbe chun cinn, ní hamháin sa Bhallstát ina bhfuil an EWC bunaithe, ach sna Ballstáit sin ina bhfuil bunaíochtaí a bhaineann leis an ngrúpa céanna bunaithe freisin.

    C.Roghanna beartais

    Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh?

    Rinne an Coimisiún breithniú ar roghanna beartais éagsúla, agus an fhianaise atá ar fáil agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara á gcur san áireamh, go háirithe a mheastóireacht ar an Treoir athmhúnlaithe, rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa agus aighneachtaí ó chomhpháirtithe sóisialta le linn an chomhairliúcháin dhá chéim. Rinneadh na roghanna a ghrúpáil i ndáil leis na ceithre shainchuspóir beartais thuasluaite.

    I ndáil le cur i bhfeidhm rialacha éagsúla maidir le gnóthais ag brath ar an tráth a thug siad a gcomhaontú i gcrích, is é sin a gcomhaontú maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo nó a gcomhaontú EWC, tá rogha beartais dhénartha ann, ar chúiseanna dlíthiúla, idir na díolúintí ó raon feidhme na Treorach a choinneáil ar bun nó iad a bhaint.

    Maidir le bunú EWCanna, is éard atá i gceist le roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha soiléirithe maidir leis na hacmhainní atá ar fáil d’ionadaithe fostaithe a bhfuil sé de chúram orthu comhaontú EWC a chaibidliú, agus go háirithe a gcostais dlí réasúnta a chumhdach. Mar bheart tionlacain, áirítear leis na roghanna soiléiriú ar an sprioc-am chun caibidlíocht a thionscnamh tar éis iarraidh ar EWCanna a bhunú. Mar rogha mhalartach níos forleithne, áirítear leis na roghanna freisin cuspóir maidir le comhdhéanamh EWCanna atá cothrom ó thaobh inscne de, rud atá le léiriú i gcomhaontuithe EWC.

    Maidir le hoibriú EWCanna, i measc na roghanna beartais malartacha atá ann chun an coincheap ‘cúrsaí trasnáisiúnta’ a shoiléiriú tá treoraíocht léirmhínitheach neamhcheangailteach agus soiléiriú spriocdhírithe ar an bhfoclaíocht chun an coincheap a leathnú go mór, mar aon le hoibleagáid ar an mbainistíocht chun údar a thabhairt leis an bhfáth nach mbaineann ábhar áirithe le cúrsaí trasnáisiúnta. Ar an dara dul síos, rinneadh measúnú ar cheanglas a chur ar lucht bainistíochta freagra réasúnaithe a thabhairt ar thuairim EWC, mar aon le soiléiriú nach bhféadfadh an bhainistíocht láimhseáil rúnda faisnéise a fhorchur ach amháin i gcás ina mbeadh sé sin chun leas dlisteanach an ghnóthais. Thairis sin, cheanglófaí ar an lucht bainistíochta, arna iarraidh sin, na forais atá ann le faisnéis áirithe a dhearbhú faoi rún nó diúltú í a nochtadh. Le rogha mhalartach níos forleithne, cheadófaí don bhainistíocht a dhiúltú, i gcás ina dtabharfaí údarú breithiúnach nó riaracháin di roimh ré, agus sa chás sin amháin, faisnéis a nochtadh ar an bhforas go ndéanfadh sé dochar tromchúiseach d’fheidhmiú an ghnóthais, agus an chomhroinnt faisnéise idir an EWC agus ionadaithe fostaithe náisiúnta nó áitiúla a dhíolmhú ó shrianta rúndachta. Ar an tríú dul síos, maidir le costais EWCanna a chumhdach, áirítear le roghanna beartais treoraíocht neamhcheangailteach lena n‑éascaítear cur i bhfeidhm na gceanglas atá ann cheana nó, de rogha air sin, ceanglais reachtacha níos sonraí ar pháirtithe chun rialáil a dhéanamh ina gcomhaontú ar an gcaoi a gcumhdaítear speansais áirithe – amhail táillí saineolaithe agus costais dlí agus oiliúna. De rogha air sin, d’fhéadfaí ceanglais cheangailteacha níos forleithne a leagan síos sa Treoir maidir le costais a chumhdach.

    Maidir leis na saincheisteanna i ndáil le forfheidhmiú agus rochtain ar cheartas, baineann na roghanna beartais le smachtbhannaí is infheidhme i gcás ina sáraítear an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir, agus le leigheasanna atá ar fáil do shealbhóirí ceart i gcásanna den sórt sin. I measc na roghanna ceangailteacha, ar thaobh amháin den speictream, tá bearta chun na ceanglais ghinearálta sa Treoir a shoiléiriú agus a neartú, lena n‑áirítear an méid sin a dhéanamh trí cheanglas chun láimhdeachas gnóthas a chur san áireamh agus smachtbhannaí airgid á gcinneadh acu, chomh maith le hoibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoin gcaoi a ndéantar rochtain ar cheartas agus ar leigheasanna éifeachtacha a áirithiú i leith na gceart uile faoin Treoir. Ar an taobh eile den speictream, tá roghanna níos forleithne ann lena n‑áirítear an deis a thabhairt isteach do EWCanna iarraidh a dhéanamh ar chinntí bainistíochta a chur ar fionraí agus uasteorainneacha sonracha a leagan síos le haghaidh smachtbhannaí airgid de 2 % (i gcás sáruithe neamhbheartaithe) agus 4 % ( i gcás sáruithe beartaithe) de láimhdeachas domhanda na ngnóthas.

    Agus na bearta beartais á gceapadh agus iad á bpacáistiú chun roghanna beartais a chruthú, bhí na príomhbhreithnithe seo a leanas ina dtreoir don Choimisiún: (i) an gá atá ann discréid a fhágáil faoi na Ballstáit aon íoscheanglas athbhreithnithe maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo a chur chun feidhme, lena gcuirfear ar a gcumas dóibh iad a chomhtháthú ina rialacha, ina dtraidisiúin agus ina gcleachtais faoi seach maidir le caidreamh tionsclaíoch, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus le bunús dlí an Chonartha; (ii) neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú go hiomlán agus éifeacht phraiticiúil á tabhairt do na híoscheanglais; (iii) ós rud é go bhfuil páirtithe leasmhara gnó, den chuid is mó, i bhfabhar bearta neamhcheangailteacha ach go dtacaíonn eagraíochtaí ceardchumainn agus ionadaithe fostaithe le leasuithe reachtacha. Dá bhrí sin, cé go bhféadfaí meascáin mhalartacha éagsúla de bhearta reachtacha agus neamhreachtacha a bheartú go teoiriciúil, níor léirigh aiseolas ó pháirtithe leasmhara aon mheascán ar leith den sórt sin; (iv) is cuid den chás bunlíne iad bearta neamhreachtacha, cuir i gcás tionscadail a chistiú chun feasacht a chur chun cinn i dtaca leis an gcreat um fhostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, agus faireachán an Choimisiúin ar chur chun feidhme na Treorach ag na Ballstáit. Dá bhrí sin, dhéanfaí tionscnamh reachtach a chomhcheangal go huathoibríoch le bearta leanúnacha neamhcheangailteacha den sórt sin.

    Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla?

    Mar chuid d’fheachtas níos leithne ar son an daonlathais in áiteanna oibre, ina  rún maidir le ‘daonlathas ag an obair’ in 2021 agus, go háirithe, ina rún ina bhfuil moltaí don Choimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2009/38/CE in 2023, d’iarr an Pharlaimint go neartófaí ról agus acmhainneacht EWCanna mar chomhlachtaí faisnéise i ngnóthais a fheidhmíonn ar scála an Aontais a oibríonn san Aontas Eorpach. Rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa iarrataí den chineál céanna le blianta beaga anuas. Tacaíonn eagraíochtaí ceardchumainn na hEorpa, i gcoitinne, leis na leasuithe ceangailteacha níos forleithne a leagtar amach thuas, leasuithe ina nglacfar le moltaí Pharlaimint na hEorpa, ach, os a choinne sin, tá eagraíochtaí gnó den tuairim nach ann do na heasnaimh lena néilítear gníomhaíocht beartais ón Aontas, agus tugann siad rabhadh in aghaidh costais bhreise a chruthú agus maidir le tionchair dhiúltacha roinnt roghanna ar iomaíochas.

    Cad í an rogha ab fhearr agus cén fáth?

    Leis an rogha beartais ab fhearr, comhcheanglaítear na bearta seo a leanas leis:

    (i) Cuirfear deireadh le díolúintí gnóthas áirithe a fheidhmíonn ar scála an Aontais, chun an creat um fhostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo a shimplí agus chun rochtain chomhionann na bhfostaithe ar na cearta faoin Treoir a ráthú. Rinneadh ‘comhaontuithe deonacha’ na ngnóthas a bhí díolmhaithe roimhe seo a thabhairt i gcrích agus a oibriú lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais, mar sin, nuair a bhainfear an díolúine féadfar EWC a bhunú arna iarraidh sin d’fhostaithe nó ar thionscnamh na bainistíochta, nó féadfaidh na comhaontuithe deonacha leanúint ar aghaidh mura ndéanfar aon iarraidh den sórt sin.

    (ii) Na hacmhainní atá ar fáil d’ionadaithe fostaithe agus comhaontuithe nua EWC á gcaibidliú, go háirithe costais dlí réasúnta a chumhdach, déanfar iad a shoiléiriú, mar aon le foclaíocht oibleagáid na bainistíochta caibidlíocht a thionscnamh laistigh de 6 mhí tar éis iarraidh a fháil ar EWC a bhunú. Ina theannta sin, tá cuspóir maidir le cothromaíocht inscne le léiriú i gcomhaontuithe EWC, ós rud é go ndéanfaí an comhdhéanamh neamhchothrom EWCanna atá ann faoi láthair a bhuanú murach sin.

    (iii) Tabharfar isteach soiléirithe spriocdhírithe ar an gcoincheap ‘cúrsaí trasnáisiúnta’ sa Treoir chun aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht atá ann faoi láthair agus chun an baol a bhaineann le díospóidí a laghdú. Leagfar síos oibleagáid ar lucht bainistíochta fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ar bhealach lena gcuirfear ar a gcumas d’ionadaithe oibrithe a dtuairimí a chur in iúl sula nglacfar an cinneadh agus freagairt réasúnaithe a thabhairt ar thuairimí EWCanna sula nglacfaidh siad cinneadh maidir le cúrsaí trasnáisiúnta, chun éifeachtacht an idirphlé ar chúrsaí trasnáisiúnta a neartú. Maidir le speansais EWCanna a chumhdach, cosnaítear leis an rogha ab fhearr prionsabal neamhspleáchas na bpáirtithe, trína cheangal go dtabharfar aghaidh i gcomhaontuithe EWC ar phointí a d’fhéadfadh a bheith ina gcnámh spairne amhail costais dlí, táillí saineolaithe agus costais oiliúna a chumhdach. I gcás EWCanna a oibríonn ar bhonn ceanglais choimhdeacha, leagfar amach sna ceanglais sin an ceart atá acu costais dlí réasúnta a chumhdach. Maidir le foclaíocht an cheanglais atá ann faoi láthair chun oiliúint riachtanach ‘gan pá a chailleadh’ a chur ar fáil do chomhaltaí EWCanna agus do chomhlachtaí caibidlíochta speisialta (SNBanna), déanfar í a oiriúnú chun a shoiléiriú go bhfuil gnóthais chun na costais agus na speansais a bhaineann le hoiliúint den sórt sin a chumhdach. Thairis sin, chun a áirithiú nach ndéanfar faisnéis a láimhseáil go rúnda gan údar cuí a bheith leis sin, déanfar an fhéidearthacht sin a theorannú leis an rogha ab fhearr do chásanna ina bhfuil sé chun leas dlisteanach an ghnóthais. Ar chúiseanna trédhearcachta agus sásaimh éifeachtaigh, ceanglófar ar an mbainistíocht, arna iarraidh sin, na forais lena dtugtar údar le rúndacht nó le neamhnochtadh a shonrú.

    (iv) Ceanglófar ar na Ballstáit, mar chuid dá n‑oibleagáid trasuite, fógra a thabhairt faoina gcreat forfheidhmiúcháin i ndáil leis na cearta a ráthaítear leis an Treoir, d’fhonn faireachán agus forfheidhmiú ar chomhlíonadh ag an gCoimisiún a éascú, agus léireofar sa Treoir an oibleagáid ghinearálta smachtbhannaí éifeachtacha agus rochtain ar cheartas a áirithiú. Cinnfear pionóis airgeadais chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i ndáil le sáruithe ar chearta maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo agus breithniú á dhéanamh ar láimhdeachas gnóthas, chun a áirithiú go mbeidh siad comhréireach agus athchomhairleach.

    D.Tionchair na rogha beartais ab fhearr

    Cad iad tairbhí na rogha ab fhearr?

    Na 678 ngnóthas a bhfuil comhaontuithe gníomhacha EWC acu faoi láthair agus thart ar 11,3 milliún fostaí AE atá ag obair dóibh, mar aon le páirtithe i gcomhaontuithe EWC a bheidh ann amach anseo, rachaidh soiléireacht mhéadaithe maidir leis na ceanglais dhlíthiúla chun tairbhe dóibh, rud a mheastar go laghdóidh sé an riosca a bhaineann le díospóidí agus costais ghaolmhara.

    Trí dheireadh a chur le díolúintí ó raon feidhme na Treorach, chuirfí gach gnóthas incháilithe (thart ar 3 970) ar comhchéim, beart lena ndéanfaí comhleanúnachas an chreata rialála a shimpliú agus a threisiú. Maidir le thart ar 5,4 milliún fostaí AE/LEE (agus a n‑ionadaithe) nó bainistíocht na ngnóthas atá díolmhaithe faoi láthair a bhfuil ‘comhaontuithe deonacha’ acu (323), thabharfaí an ceart dóibh iarraidh a dhéanamh ar EWC a bhunú chun tairbhiú de chur i bhfeidhm comhionann ceart agus oibleagáidí íosta atá in‑fhorfheidhmithe faoi dhlí an Aontais. In éineacht leis an mbainistíocht, d’fhéadfaidís a roghnú freisin comhaontuithe deonacha dea-fheidhmiúla a chaomhnú. I gcomhthéacs iarrataí ar EWC nua a bhunú, bheadh sé soiléir go bhfuil ionadaithe fostaithe i dteideal a gcostais dlí réasúnta a chumhdach agus bheadh níos mó deimhneacht dhlíthiúil acu maidir leis an oibleagáid atá ar an mbainistíocht caibidlíocht a thionscnamh laistigh de 6 mhí. Thairbheodh oibrithe gnóthas a fheidhmíonn ar scála an Aontais den chuspóir maidir le comhdhéanamh EWCanna atá cothrom ó thaobh inscne de, rud atá le léiriú i gcomhaontuithe nua EWC a thugtar i gcrích nó a athchaibidlítear. Le cothromaíocht inscne níos fearr in EWCanna, chuirfí feabhas ar cháilíocht an idirphlé shóisialta agus d’fhéadfadh sé a bheith ina rannchuidiú le cinntí bainistíochta níos cothroime maidir le cúrsaí trasnáisiúnta.

    Le linn an phróisis chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, i gcás EWCanna nach bhfuil i dteideal go fóill freagairt réasúnaithe thráthúil a fháil ón lucht bainistíochta ar a dtuairim, gheobhaidís an ceart sin. Cuideoidh sé sin leo dul i mbun idirphlé leis an lárbhainistíocht maidir le cúrsaí trasnáisiúnta. Éascaítear an t‑idirphlé sin freisin le soiléirithe ar an gcoincheap fíor-riachtanach ‘cúrsaí trasnáisiúnta’, ar coincheap é sin lena sainítear raon feidhme gníomhaíochtaí EWCanna i dtaca le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, agus le cur i bhfeidhm na hoibleagáide rúndachta i gcásanna ina bhfuil údar oibiachtúil leis, agus sna cásanna sin amháin. Maidir le EWCanna, SNBanna agus ionadaithe fostaithe nach bhfuil leigheasanna éifeachtacha acu faoi láthair chun a gcearta uile faoin Treoir a fhorfheidhmiú, chuirfí feabhas ar an rochtain ar cheartas mar thoradh ar an tionscnamh.

    Leis an méadú foriomlán ar éifeachtacht agus ar cháilíocht an idirphlé shóisialta thrasnáisiúnta i ngnóthais a fheidhmíonn ar scála an Aontais, bheadh cuideachtaí in ann cinnteoireacht straitéiseach níos eolaí a dhéanamh agus d’atreiseofaí an mhuinín fhrithpháirteach idir an lucht bainistíochta agus an lucht saothair. Mar sin féin, is gá an anailís ar shochair den sórt sin a bheith cáilíochtúil ó thaobh cineáil de, ós rud é go mbíonn siad fadtéarmach agus indíreach de ghnáth, agus go mbraitheann siad ar thosca doláimhsithe amhail cultúr seanbhunaithe rannpháirtíocht na bhfostaithe sa ghnóthas faoi seach.

    Cad iad costais na rogha ab fhearr?

    Sna gnóthais atá díolmhaithe faoi láthair a bhfuil ‘comhaontuithe deonacha’ acu, d’fhéadfadh an lárbhainistíocht caibidlíocht a thionscnamh maidir le EWC nua, nó bheadh uirthi caibidlíocht a thionscnamh, dá n‑iarrfadh na fostaithe amhlaidh i gcomhréir leis an Treoir. Is é a bheidh i gceist leis sin meánchostais mheasta de thart ar EUR 148 000 in aghaidh na caibidlíochta le haghaidh na ngnóthas sin. Go ginearálta, le linn caibidlíocht nó athchaibidlíocht a bhaineann le SNB, beidh ceangal dlíthiúil ar ghnóthais costais dlí réasúnta – mar aon le costais eile a thabhaítear le linn na céime bunaithe – a chumhdach freisin, rud nach gceanglaítear go sainráite faoi láthair i bhformhór mór na mBallstát. I gcás inar gá chun comhaontuithe EWC atá ann cheana a ailíniú leis na ceanglais athbhreithnithe – e.g., chun aghaidh a thabhairt ar chumhdach speansas EWCanna le haghaidh comhairle dhlíthiúil nó shaineolach agus oiliúna – ní mór don lárbhainistíocht dul i mbun athchaibidlíochta. Ní fhéadfaí meánchostais athchaibidlíochta a chainníochtú go hiontaofa ós rud é go bhfuil siad an‑athraitheach. Tugann an fhianaise le fios go bhfuil próiseas athchaibidlithe níos giorra ná an próiseas chun EWC nua a bhunú, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le roinnt cruinnithe i gcásanna casta. Ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil, bhíothas in ann luach airgid a chur ar chostais áirithe a bhaineann le cruinnithe idir an lucht bainistíochta agus ionadaithe EWC chun comhaontuithe atá ann cheana a athchaibidliú (thart ar EUR 18 400 in aghaidh an chruinnithe). I líon substaintiúil cásanna, d’fhéadfaí na hoiriúnuithe is gá a dhéanamh ar chomhaontuithe EWC a chomhaontú mar chuid d’athchaibidlíocht rialta, a tharlaíonn gach 5 bliana ar an meán, oiriúnuithe nach mbeadh aon chostas breise i gceist leo nó nach mbeadh ach costais bhreise an‑teoranta i gceist leo i gcomparáid leis an gcás bunlíne. D’fhéadfadh gnóthais a bheith thíos le méadú incriminteach ar na costais a bhaineann le EWC a reáchtáil freisin (thart ar EUR 300 000 ar an meán in aghaidh na bliana in aghaidh an EWC faoin gcás bunlíne), mar shampla i ndáil leis an oibleagáid freagairt réasúnaithe a thabhairt don EWC. Ar deireadh, i gcásanna sáruithe ar oibleagáidí, bheadh an baol ann do ghnóthais go ngearrfaí pionóis airgeadais níos airde orthu. Meastar, áfach, nach mbeidh mórán díospóidí dlíthiúla ann agus nach mbeidh gá le mórán pionós a chur i bhfeidhm.

    Chun measúnú a dhéanamh ar thionchair na roghanna beartais, cuireadh meastacháin ar chostais atá ar fáil i láthair i dtéarmaí meánchostas aonaid in aghaidh na rogha, i ndáil le meánláimhdeachas na ngnóthas a fheidhmíonn ar scála an Aontais. Agus comparáid á déanamh idir na costais aonaid inchainníochtaithe agus láimhdeachas na ngnóthas ábhartha agus na treochtaí réamh‑mheasta á gcur san áireamh, meastar go mbeidh costais eacnamaíocha na rogha ab fhearr diomaibhseach agus go bhfanfaidh siad mar sin. Dá réir sin, ní fhéadfaí aon tionchar ar iomaíochas cuideachtaí a shainaithint mar thoradh ar an rogha ab fhearr

    Forbraíodh meastacháin ar chostais chomhiomlána an tionscnaimh chun costais fhéideartha a chur in iúl bunaithe ar thoimhdí hipitéiseacha, mar gheall ar an iliomad tosca a mbíonn tionchar acu ar fheidhmiú an idirphlé shóisialta, nach féidir a mheas go hiontaofa (mar shampla, ní féidir meastachán a dhéanamh go hiontaofa ar cé mhéad gnóthas a bhfuil comhaontuithe deonacha, fostaithe nó foireann bainistíochta acu a dhéanfadh próiseas a thionscnamh chun EWC a bhunú, nó cé mhéad de na comhaontuithe EWC atá ann cheana a dhéanfaí a oiriúnú mar thoradh ar an tionscnamh seo). Ós rud é go dtugtar leis an Treoir saoirse leathan do pháirtithe i gcomhaontuithe EWC an próiseas chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, mar aon le hacmhainní, oiliúint, etc., a chur in oiriúint dá gcás sonrach agus dá riachtanais shonracha, tá sé dúshlánach go bunúsach nasc cúisíoch a shuí idir na roghanna beartais agus na torthaí eacnamaíocha nó sóisialta sonracha.

    An ndéanfar difear do FBManna nó do thomhaltóirí?

    Ní bheadh feidhm ag na bearta beartais atá beartaithe maidir le FBManna agus níl coinne le haon éifeacht indíreach ar FBManna. Is beag seans freisin go gcuirfí ar aghaidh chuig tomhaltóirí na méaduithe imeallacha a d’fhéadfadh teacht ar na costais a bhaineann le EWCanna a bhunú nó a reáchtáil.

    An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

    Bheadh ar gach Ballstát a reachtaíocht lena gcuirtear an Treoir chun feidhme a leasú. Bheadh orthu faisnéis a bhailiú agus fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcaoi ar féidir le EWCanna, SNBanna agus ionadaithe fostaithe imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh i ndáil lena gcearta uile faoin Treoir. Bheadh costais riaracháin theoranta i gceist leis an oibleagáid sin, costais a d’íoslaghdófaí trína comhlíonadh tríd an bpróiseas caighdeánach chun fógra a thabhairt faoi bhearta trasuite trí bhíthin na gcóras TF atá ar fáil. Ní dócha go mbeidh costais mhéadaithe forfheidhmiúcháin/breithnithe ar údaráis náisiúnta mar thoradh ar an tionscnamh.

    Top