Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0670

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear feidhmchlár chun sonraí taistil a chur isteach go leictreonach (an ‘feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha’) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/399 agus (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le húsáid dintiúr taistil digiteach

COM/2024/670 final

Strasbourg, 8.10.2024

COM(2024) 670 final

2024/0670(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear feidhmchlár chun sonraí taistil a chur isteach go leictreonach (an ‘feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha’) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/399 agus (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le húsáid dintiúr taistil digiteach

{SEC(2024) 670 final} - {SWD(2024) 670 final} - {SWD(2024) 671 final} - {SWD(2024) 672 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is gné bhunriachtanach iad bearta aonfhoirmeacha maidir le rialú teorann ag a theorainneacha seachtracha 1 chun feidhmiú cuí limistéar an Aontais, nach ann d’aon rialuithe ag a theorainneacha inmheánacha (‘limistéar Schengen’), agus a shlándáil inmheánach, a áirithiú.

Le bainistiú láidir éifeachtúil na dteorainneacha seachtracha sin, neartaítear freisin beartas cuimsitheach tearmainn agus imirce an Aontais, lena n‑áirithítear go gcuirfear náisiúnaigh tríú tír i dtreo na bpróiseas iomchuí, agus lánurraim á tabhairt dá gcearta bunúsacha.

Trí sheiceálacha teorann córasacha agus doiciméid taistil an‑slán a bheith i bhfeidhm, éascaítear teacht isteach agus fanacht dlisteanach do shaoránaigh an Aontais agus do náisiúnaigh tríú tír araon, agus áirithítear freisin go gcoinnítear slándáil ar bun trí rialuithe cuí céannachta, trí bhíthin doiciméid agus bunachair sonraí araon a sheiceáil chun rioscaí slándála féideartha a chinneadh.

Ó tháinig Cód Teorainneacha Schengen i bhfeidhm in 2006 2 , rinneadh andul chun cinn maidir le rialuithe a chaighdeánú ag a theorainneacha seachtracha. Mar sin féin, le teacht chun cinn teicneolaíochtaí nua agus na gcóras mórscála TF a úsáidtear ag na teorainneacha sin, agus leis na méaduithe suntasacha ar shreafaí taistealaithe, tá athrú as cuimse tagtha ar an timpeallacht ina ndéantar seiceálacha teorann.

Ó tháinig Rialachán (AE) 2017/458 i bhfeidhm lena dtreisítear seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha limistéar Schengen 3 , rinneadh seiceálacha córasacha ar shaoránaigh an Aontais freisin agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha sin, rud a d’fhág go raibh na hamanna feithimh níos faide, cé gur tháinig méadú ar shlándáil mar a léirítear leis an méadú ar amais i mbunachair sonraí ábhartha. Bhí náisiúnaigh tríú tír faoi réir seiceálacha den sórt sin ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh ó tháinig Cód Teorainneacha Schengen i bhfeidhm.

Is éard atá i gceist le seiceálacha teorann céannacht agus náisiúntacht daoine a fhíorú, bailíocht agus barántúlacht a ndoiciméad taistil agus seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha, go háirithe Córas Faisnéise Schengen, bunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid atá Goidte nó Caillte agus bunachair sonraí náisiúnta áirithe 4 .

I gcás náisiúnaigh tríú tír, áirítear ann freisin fíorú go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach agus iontráil a chláraítear sa Chóras Dul Isteach/Imeachta 5 , rud a mheastar a thiocfaidh i bhfeidhm in 2024. Baineann na coinníollacha iontrála sin, i measc nithe eile, le víosa bhailí nó údarú taistil bailí a bheith ag duine, rud a thugann údar maith le cuspóir na cuairte agus leis an gcóir mhaireachtála.

Le blianta beaga anuas, tá an líon daoine a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha ag méadú go seasta agus é beagnach ar na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim. In 2019 taifeadadh 605 mhilliún trasnú teorann den sórt sin, agus in 2020 thit an figiúr go 186 mhilliún. In 2023 taifeadadh 593 mhilliún trasnú san iomlán. As na trasnuithe sin, is ag teorainneacha aeir a bhí 65 % díobh, ag teorainneacha talún a bhí 31 % agus trí bhíthin teorainneacha farraige an 4 % eile 6 . Ós rud é go mbíonn níos mó ná leathbhilliún paisinéir ag teacht isteach san Aontas nó ag imeacht amach as gach bliain cuirtear brú ar a theorainneacha seachtracha. Dúshlán is ea líon mór taistealaithe do na húdaráis atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha, agus do gach taistealaí a thrasnaíonn na teorainneacha sin ar bhonn laethúil.

I bhfianaise an bhrú atá ar na próisis fíorúcháin ag teorainneacha seachtracha 7 , mar aon le rátaí éagsúla digitithe 8 ag na Ballstáit, tá dúshláin nua ag teacht chun cinn. Áirítear orthu sin rioscaí slándála agus bainistiú neamhéifeachtúil teorainneacha chomh maith le bacainní ar thaisteal rianúil thar theorainneacha.

In éagmais próisis a digitíodh (go hiomlán), agus leis an méadú atá ag teacht ar an líon taistealaithe, bíonn amanna feithimh níos faide ann ag na pointí trasnaithe teorann. Ceanglaítear ar thaistealaithe a ndoiciméid taistil a chur i láthair go fisiciúil ag gach pointe trasnaithe teorann seachtraí isteach i limistéar Schengen agus amach as, d’údaráis teorann chun go ndéanfar fíorú de láimh nó ag ríomhgheataí. Fiú agus ríomhgheataí in úsáid, ceanglaítear ar oifigeach de chuid an údaráis teorann maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas agus cinneadh a dhéanamh maidir le cead isteach a thabhairt nó cead isteach a dhiúltú (nó diúltú imeacht).

Bíonn deacrachtaí freisin ag iompróirí a iompraíonn paisinéirí isteach i gcríoch an Aontais agus i limistéar Schengen agus amach astu agus bíonn tionchar ag líon ard taistealaithe orthu mar aon leis an ngá atá le sonraí taistealaithe a fhíorú de láimh. Chomh maith le hamanna feithimh níos faide, tá méadú tagtha ar amanna próiseála in aghaidh an phaisinéara (fíorú céannachta, iniúchadh doiciméid taistil, ceadú bunachar sonraí etc.) de réir mar a tugadh isteach seiceálacha córasacha agus críochnúla atá ríthábhachtach don tslándáil mar sin féin.

Ós rud é nach ndéantar seiceálacha teorann ar shaoránaigh den Aontas agus ar náisiúnaigh tríú tír araon go dtí go sroicheann an taistealaí an pointe trasnaithe teorann fisiciúil agus go gcuireann sé doiciméad taistil fisiciúil i láthair, ní féidir leis na húdaráis a fhíorú roimh ré an bhfuil doiciméad taistil bailí barántúil ag an duine lena mbaineann (cé is moite de shealbhóirí víosa). I gcás náisiúnaigh tríú tír, ní féidir leis na húdaráis teorann a fhíorú roimh ré an gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le dul isteach.

I dTeachtaireacht 2021 ón gCoimisiún maidir le Straitéis Schengen 9 , cuireadh chun cinn pleananna an Choimisiúin Eorpaigh i dtreo nósanna imeachta a dhigitiú a thuilleadh ag teorainneacha seachtracha limistéar Schengen, lena náirítear tionscnamh maidir le doiciméid taistil a dhigitiú agus taisteal a éascú.

Is é an aidhm atá ann rannchuidiú le limistéar níos sábháilte saoirse, slándála agus ceartais, comhbheartas níos láidre de chuid an Aontais maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha agus taisteal a éascú do shaoránaigh an Aontais agus do náisiúnaigh tríú tír araon a chomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach. Go sonrach, is gá an tslándáil a mhéadú i limistéar Schengen agus san Aontas agus trasnú teorann a dhéanamh níos rianúla agus níos tapúla do thaistealaithe.

Dá bhrí sin, is é is aidhm don togra seo le haghaidh rialacháin (i) caighdeán aonfhoirmeach a bhunú le haghaidh dintiúir taistil dhigiteacha agus feidhmchlár coiteann de chuid an Aontais (an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha) chun iad a úsáid, (ii) deis a thabhairt do dhaoine dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun teorainneacha seachtracha aeir, talún agus farraige a thrasnú bunaithe ar réiteach teicniúil aonfhoirmeach de chuid an Aontais, agus (iii) a chur ar chumas údarás teorann seiceálacha a dhéanamh bunaithe ar na dintiúir sin, chun laghdú ar scrogaill tráchta agus ar an am a chaitear ag pointí trasnaithe teorann.

Tríd an deis a thabhairt isteach do thaistealaithe leagan digiteach dá ndoiciméad taistil a bheith acu agus é a chur isteach trí fheidhmchlár le haghaidh seiceáil roimh ré roimh thaisteal, d’fhéadfaidís dul tríd an rialú teorann ar bhealach níos rianúla.

Dá gcruthófaí an deis d’údaráis teorann leaganacha digiteacha de dhoiciméid taistil a fháil roimh ré, bheidís in ann na seiceálacha a dhéanamh roimh ré agus, ar an gcaoi sin, a nacmhainní a dhíriú ar choireacht trasteorann agus imirce neamhrialta a bhrath ar bhealach níos éifeachtúla. Is é an staid atá ann faoi láthair, cé go bhfuil an líon paisinéirí ag méadú i gcónaí agus go bhfuil sé de cheangal ar na húdaráis na seiceálacha uile a dhéanamh tráth an trasnaithe teorann iarbhír, nach ndéantar barrfheabhsú ar a gcumas acmhainní a bhainistiú, réamhscagadh a dhéanamh (chun díriú ar phróifílí ardriosca) agus imirce neamhrialta agus coireanna trasteorann a bhrath (amhail gáinneáil ar dhaoine nó smuigleáil imirceach). Thairis sin, cé go gceanglaítear ar ghardaí teorann barántúlacht agus sláine shonraí na slise i ndoiciméid taistil a fhíorú 10 , d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí an chéim sin uaireanta, mar gheall ar bhuaiceanna taistil agus mífheidhmeanna teicniúla 11 . Sna cásanna sin, is mó a bheidh na gardaí teorann ag brath ar iniúchadh de láimh ar ghnéithe slándála fisiciúla an doiciméid 12 . Is fusa cúbláil a dhéanamh ar ghnéithe slándála fisiciúla ná ar na sonraí leictreonacha a stóráiltear ar shlis an doiciméid, ós rud é go gcosnaítear na sonraí le síniú digiteach an údaráis eisiúna.

Tá sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin ós rud é gur príomhchumasóir í an chalaois doiciméad don choireacht trasteorann, rud a bhfuil tionchar aici ar shlándáil inmheánach an Aontais. In 2023 amháin, bhraith na húdaráis náisiúnta breis agus 17 000 calaoiseoir a raibh breis agus 22 000 doiciméad calaoiseach á núsáid nó ina seilbh acu 13 . Tríd an bhfíorú ar bharántúlacht agus sláine na ndoiciméad taistil a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as dintiúir taistil dhigiteacha, beidh níos mó ama agus acmhainní ag na húdaráis teorann chun díriú ar phróifílí riosca, doiciméid chalaoiseacha a bhrath agus imirce neamhrialta agus coireacht trasteorann a chosc.

Cé go bhfuil slis éadadhaill ag gabháil cheana féin le doiciméid taistil nua-aimseartha, lena n‑áirítear na cinn a eisíonn Ballstáit an Aontais agus formhór na dtríú tíortha, agus go gcuireann siad ardslándáil ar fáil, ní féidir na sonraí sa tslis a úsáid go leordhóthanach faoi láthair le haghaidh cianphróiseála san Aontas.

Thosaigh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) ag obair cheana féin in 2016 ar dhoiciméid taistil a dhigitiú, d’fhonn aerthaisteal a éascú. Go bunúsach, is macasamhail é an léiriú digiteach sin ar chéannacht an duine a dhíorthaítear ó dhoiciméad taistil atá ann cheana, doiciméad ar a dtugtar ‘dintiúr taistil digiteach’ (DTD) i gcomhthéacs ICAO, de na sonraí pearsanta (seachas méarloirg) a choinnítear ar shlis doiciméid taistil, agus is féidir é a stóráil go slán – mar shampla ar fhón póca – le haghaidh idirghníomhaíocht aonair nó ilúsáide. Is féidir an dintiúr taistil digiteach a chomhroinnt le páirtithe leasmhara eile, amhail údaráis teorann agus iompróirí, trí chomhéadan (e.g. aip mhóibíleach) roimh thaisteal, lena náirítear chun sonraí a réamhchlárú, amhail sa Chóras Dul Isteach/Imeachta nó chun réamhfhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a tharchur. Tugadh an chéad leagan de chaighdeán teicniúil DTD ICAO 14 chun críche cheana féin agus rinneadh é a phíolótú.

Léirigh treoirthionscadail leanúnacha arna gcistiú ag an Aontas 15 maidir le dintiúir taistil dhigiteacha bunaithe ar chaighdeán teicniúil ICAO a úsáid ag na teorainneacha seachtracha go mbaineann breisluach doshéanta le húsáid dintiúr taistil digiteach a ionchorprú sa taisteal trasteorann. Bíonn níos mó ama ag na húdaráis taistealaithe aonair a phróiseáil (roimh theacht dóibh fiú), agus is féidir laghdú suntasach a dhéanamh ar na hamanna feithimh agus próiseála in aghaidh an taistealaí ag an bpointe trasnaithe teorann fisiciúil 16 toisc go ndearnadh formhór na seiceálacha roimh ré.

Ar an iomlán, le tionscnamh an Aontais maidir le doiciméid taistil a dhigitiú agus taisteal a éascú, tugtar an deis feabhas a chur ar an eispéireas taistil do thaistealaithe aonair agus an tslándáil a mhéadú trína chur ar chumas na n‑údarás teorann seiceálacha a dhéanamh roimh ré agus ar bhealach nua, bunaithe ar shonraí digiteacha i ndoiciméid taistil arna gcur isteach ag taistealaithe roimh thaisteal dóibh. Thairis sin, tacaíonn an togra seo le cur chun feidhme an Chórais Dul Isteach/Imeachta trína chur ar chumas náisiúnach tríú tír a gcuid sonraí a réamhchlárú go cianda, seachas sonraí a chlárú nuair a shroicheann siad an pointe trasnaithe teorann fisiciúil. Mar thoradh air sin, beidh amanna feithimh níos lú ann ag na pointí trasnaithe teorann fisiciúla agus beidh am breise ag na húdaráis teorann na seiceálacha is gá a dhéanamh.

Comhsheasmhacht le forálacha atá sa réimse beartais cheana

Tá tabhairt isteach agus cur chun feidhme dintiúr taistil digiteach i gcomhthéacs seiceálacha teorann comhsheasmhach le roinnt mórthionscnamh beartais agus leis na forbairtí is déanaí i réimse chomhbheartas an Aontais maidir leis na teorainneacha seachtracha:

·An Rialachán maidir le víosaí digiteacha a glacadh le déanaí 17 : d’fhéadfadh iarratasóirí ar víosa dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun faisnéis a réamhlíonadh in iarratais ar víosa agus d’fhéadfadh na húdaráis inniúla iad a úsáid chun a fhíorú roimh thaisteal go bhfuil víosa bhailí ag an duine;

·An Córas Eorpach um Údarú agus Faisnéis Taistil (ETIAS) 18 : d’fhéadfadh an taistealaí dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun faisnéis a réamhlíonadh in iarratais ar údarú taistil agus d’fhéadfadh na húdaráis inniúla iad a úsáid chun a fhíorú roimh thaisteal go bhfuil doiciméad taistil bailí ag an duine;

·An Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) 19 : is féidir leis an taistealaí dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun na sonraí taistil a theastaíonn le haghaidh EES a réamhchlárú go cianda, rud a chiallaíonn gur lú an tam a chaitear ag pointí trasnaithe teorann;

·Togra le haghaidh Rialachán maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí (API): beidh sé de cheangal ar aeriompróirí sonraí doiciméid taistil a bhailiú chun críocha API ar bhealach uathoibrithe, chun cruinneas na sonraí a áirithiú. Féadfaidh iompróirí dintiúir taistil dhigiteacha, i measc cineálacha eile dintiúr digiteach infhíoraithe, a úsáid le haghaidh an bhailithe uathoibrithe sin, rud a fhágfaidh go mbeidh na sonraí cruinn agus iontaofa.

Le glacadh an rialacháin seo tiocfaidh breisluach na ndintiúr taistil digiteach chun críocha EES agus API, lena mbeifear in ann cianphróiseáil a dhéanamh agus cruinneas sonraí a mhéadú, chun cinn láithreach.

Ar deireadh, rannchuidíonn an togra le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip trí chaighdeáin aonfhoirmeacha a thabhairt isteach chun teorainneacha seachtracha a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Ag gabháil leis an togra seo tá togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le heisiúint dintiúr taistil digiteach bunaithe ar chártaí aitheantais agus maidir le caighdeáin theicniúla ina leith 20 . Ba cheart an caighdeán teicniúil céanna a bheith ann le haghaidh dintiúir taistil dhigiteacha bunaithe ar phas nó ar chárta aitheantais an Aontais, chun a áirithiú go mbeidh siad idir-inoibritheach agus gur féidir iad a úsáid chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú.

Freagraíonn an tionscnamh seo do threocht dhomhanda an digitithe agus d’ionchais athraitheacha taistealaithe maidir le nósanna imeachta atá ag éirí níos tapúla agus níos rianúla trí phríomhchuspóirí straitéis 2020 an Choimisiúin don Eoraip Dhigiteach a bhaint amach, arb é is aidhm di sláine agus athléimneacht bhonneagar sonraí an Aontais a áirithiú agus tacú le glacadh na teicneolaíochta a dhéanfaidh fíordhifríocht do shaol laethúil na ndaoine. Tacaíonn an tionscnamh seo freisin leis an gCompás Digiteach do dheacáid dhigiteach an Aontais, a bhaineann le ceithre bhunphointe, arb é digitiú na seirbhísí poiblí ceann díobh (agus é mar chuspóir sonrach go mbeadh céannacht dhigiteach in úsáid ag 80 % de na saonránaigh faoi dheireadh 2030). 21 Sa Dearbhú Eorpach maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha na hEorpa 22 , gheall an Coimisiún agus na comhreachtóirí a áirithiú go dtabharfaí an deis do dhaoine atá ina gcónaí san Aontas céannacht dhigiteach iontaofa atá inrochtana, deonach agus slán a úsáid. Comhlíonann an rialachán atá beartaithe an gealltanas sin.

Ar deireadh, tá dlúthnasc idir tionscnamh agus cur chun feidhme na ndintiúr taistil digiteach san Aontas agus forbairtí leanúnacha maidir leis an gcéannacht dhigiteach Eorpach agus Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí 23 . D’fhéadfaí dintiúir taistil dhigiteacha a stóráil in éineacht le ceadúnais dhigiteacha tiomána, oidis leighis agus doiciméid eile i dtiachóg na céannachta digití Eorpaí, ar ríomhdhearbhú é is féidir a úsáid chun críocha a théann níos faide ná taisteal, e.g. mar dhoiciméad aitheantais dhigitigh le haghaidh cianidirbhearta agus idirbhearta pearsanta araon.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 77(2)(b) agus (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Le hAirteagal 77(2)(b) CFAE, tugtar de chumhacht don Aontas bearta a fhorbairt maidir leis na seiceálacha a bhfuil daoine faoina réir agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha. Le hAirteagal 77(2)(d) CFAE, tugtar de chumhacht don Aontas bearta a ghlacadh chun córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile.

Leis an dá fhoráil sin soláthraítear an bunús dlí iomchuí chun na bearta a shonrú maidir le teorainneacha seachtracha a thrasnú agus chun na caighdeáin a fhorbairt, maidir le dintiúir taistil dhigiteacha freisin, ar caighdeáin iad a bheidh le leanúint i gcomhthéacs seiceálacha teorann a dhéanamh.

Maidir le ceist an bhunúis dlí iomchuí chun Rialachán Pas an Aontais a leasú 24 , chinn an Chúirt go sainráite in Schwarz 25 , ós rud é go gceanglaítear le seiceálacha ag teorainneacha seachtracha doiciméid a thíolacadh chun daoine a shainaithint, bídís ina náisiúnaigh tríú tír nó ina saoránaigh de chuid an Aontais, gur glacadh Rialachán Pas an Aontais i gceart faoi Airteagal 62(2)(a) den Chonradh ar an gComhphobal Eorpach, réamhtheachtaí Airteagal 77(2)(b) CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Le creat dlíthiúil reatha an Aontais ní thugtar deis úsáid a bhaint as réitigh dhigiteacha chun barántúlacht agus sláine na ndoiciméad taistil i seiceálacha teorann a fhíorú go cianda. Mar gheall ar chineál na faidhbe, ní féidir leis na Ballstáit féin formáid aonfhoirmeach a thabhairt isteach go héifeachtach le haghaidh dintiúir taistil dhigiteacha bunaithe ar dhoiciméid taistil a rialaítear ar leibhéal an Aontais agus ar an gcaoi sin soghluaisteacht trasteorann a éascú.

Chuirfeadh gníomhaíocht an Aontais luach suntasach le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an tslándáil agus le héascú taistil. Déanann an staid reatha difear don tslándáil ag teorainneacha an Aontais agus d’fheidhmiú cuí na dteorainneacha seachtracha agus limistéar Schengen i gcoitinne. Cé go bhfuil brú suntasach ar na teorainneacha seachtracha agus ar an Aontas ina iomláine, chuirfeadh gníomhaíocht chomhpháirteach ón Aontas ar ár gcumas bearta aonfhoirmeacha a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar bhainistiú comhtháite teorainneacha agus chun íosleibhéal aibíochta digití a bhaint amach i measc Bhallstáit uile an Aontais.

Is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir na leasuithe riachtanacha a dhéanamh ar na codanna ábhartha d’acquis Schengen (go háirithe Cód Teorainneacha Schengen agus Rialachán Pas an Aontais). Thairis sin, mar gheall ar an bhfairsinge, na héifeachtaí agus na tionchair a bhfuil coinne leo, is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir na cuspóirí a ghnóthú go héifeachtach agus go héifeachtúil.

Comhréireacht

De réir phrionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is gá a áirithiú go mbeidh cineál birt ar leith agus a dhéine ag teacht leis an bhfadhb a sainaithníodh. Éilíonn na fadhbanna a dtugtar aghaidh orthu sa tionscnamh seo gníomhaíocht reachtach ar leibhéal an Aontais‑ chun é a chur ar a chumas do na Ballstáit dul i ngleic leo go leordhóthanach.

Beartaítear leis an togra seo le haghaidh rialacháin go dtabharfar isteach dintiúir taistil dhigiteacha bunaithe ar dhoiciméid taistil a fhéadfaidh taistealaithe a úsáid, más mian leo, chun dul faoi sheiceálacha teorann. Bheadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a cheadú do thaistealaithe dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun dul thar theorainneacha a luaithe a bheidh an réiteach teicniúil uile-Aontais réidh le húsáid. Roimh an dáta sin, féadfaidh na Ballstáit réitigh náisiúnta a fhorbairt maidir le dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid ag a dteorainneacha seachtracha.

Dá bhrí sin, cuidíonn an togra seo le haghaidh rialacháin leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le méadú ar an líon taistealaithe, agus leibhéil arda/níos airde slándála a áirithiú freisin, mar aon le háisiúlacht bhreise do thaistealaithe aonair. Cé go n‑éilíonn an tionscnamh idirghabháil rialála agus theicniúil, tá sé comhréireach ó thaobh na cuspóirí a bhaint amach agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach.

An rogha ionstraime

Ní féidir cuspóirí an tionscnaimh seo a ghnóthú ach amháin trí ghníomh reachtach lena mbunófar réiteach teicniúil uile-Aontais a bheidh infheidhme go díreach gan gá leis an mbeart a thrasuí sna dlíchórais náisiúnta, agus lena leasófar forálacha reatha na rialachán maidir le seiceálacha teorann agus doiciméid taistil.

Dá bhrí sin, tá gá le gníomh i bhfoirm rialacháin lena mbunaítear feidhmchlár aonfhoirmeach de chuid an Aontais chun sonraí taistil a chur isteach agus chun Cód Teorainneacha Schengen, Rialachán Pas an Aontais agus Rialachán eu-LISA a leasú.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann le hábhar

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí raon leathan comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann i gceist le hullmhú an tionscnaimh seo, lena n‑áirítear:

·údaráis náisiúnta na mBallstát (údaráis teorann, údaráis a eisíonn doiciméid taistil, lucht ceaptha beartas);

·gníomhaireachtaí de chuid an Aontais (amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA));

·eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil baint acu le taisteal idirnáisiúnta;

·tionscal agus saoránaigh phríobháideacha.

Rinneadh comhairliúchán poiblí mar chuid den mheasúnú tionchair. Rinneadh suirbhé Eorabharaiméadair speisialta freisin chun tuilleadh léargais a fháil maidir leis an tuiscint atá ag an bpobal san Aontas ar úsáid dintiúr digiteach taistil le haghaidh taisteal trasteorann.

Chuir formhór na bpáirtithe leasmhara in iúl go dtacaíonn siad go forleathan leis an tionscnamh, agus leag siad béim ar na tairbhí agus an áisiúlacht a bhfuiltear ag dréim leo d’údaráis teorann agus do thaistealaithe araon a bhaineann le cur ar chumas taistealaithe dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun teorainneacha seachtracha a thrasnú.

Dearbhaíodh an gá atá le cur chuige Eorpach aonfhoirmeach chun cur ar chumas taistealaithe dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun teorainneacha seachtracha a thrasnú tríd an gcomhairliúchán spriocdhírithe a rinneadh le hionadaithe náisiúnta:

·bhí 96 % díobh den tuairim gur bunriachtanas nó fíor-riachtanas é cur chuige aonfhoirmeach ar fud Bhallstáit an Aontais;

·Mheas 82 % díobh gur bunriachtanais nó fíor-riachtanais iad bainistiú teorainneacha atá comhtháite go hiomlán agus uirlisí éascaíochta laistigh den Aontas (gan reachtaíocht ná próisis fhorluiteacha a bhaineann le bainistiú teorainneacha lena dtugtar neamhéifeachtúlachtaí oibríochtúla).

D’ainneoin an tionchair ar chórais náisiúnta, d’fhreagair 65 % d’údaráis na mBallstát a ndearnadh suirbhé orthu gur cheart é a bheith éigeantach glacadh le dintiúir taistil dhigiteacha, agus d’fhreagair 71 % díobh gur cheart go mbeadh sé éigeantach úsáid dintiúr taistil digiteach a chumasú le haghaidh taisteal éascaithe.

B’fhearr le 76 % d’údaráis na mBallstát a ndearnadh suirbhé orthu gur aon fheidhmchlár amháin ann a bheadh ann ar leibhéal an Aontais chun sonraí taistil a chur faoi bhráid na n‑údarás teorann. Dúirt na freagróirí uile go mbeadh sé fíor-riachtanach a áirithiú go gcomhlíonfaí caighdeáin idirnáisiúnta (ICAO) maidir le dintiúir taistil dhigiteacha.

Bhí an‑spéis sa chomhairliúchán poiblí, agus fuarthas beagnach 7 000 freagra ar an iomlán, ón nGearmáin, ón Ostair agus ón tSlóvaic den chuid is mó (ar bhain 58 %, 8 % agus 8 % faoi seach de na freagraí leo).

Is tuairimí diúltacha den chuid is mó a fuarthas maidir le dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid agus maidir lena thoilteanaí a bheidís chun dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha.

·Shíl 83 % de na freagróirí nach raibh tábhacht leis na féidearthachtaí maidir le dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid nó nach raibh tábhacht ar bith leo, agus dúirt 12 % díobh go raibh siad antábhachtach nó tábhachtach.

·Nuair a fiafraíodh díobh an bhféadfadh dintiúir taistil dhigiteacha an nós imeachta seiceála teorann a éascú, is freagra diúltach a thug 72 % díobh.

·Ar an gcaoi chéanna, thug 58 % de na freagróirí le fios nach mbeadh sé úsáideach in aon chor a bheith in ann dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid le haghaidh nósanna imeachta riaracháin eile, agus thug 19 % eile le fios nach mbeadh sé sin úsáideach.

·Ní smaoineodh ach 12 % de na freagróirí ar dhintiúr taistil digiteach a úsáid dá mbeadh sé ar fáil, agus dúirt 6% go smaoineoidís air sin faoi choinníollacha áirithe.

Ar na cúiseanna leis an easpa spéise sa ghlacadh, leag freagróirí béim go príomha ar ábhair imní maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, chomh maith le sástacht tríd is tríd leis na próisis reatha.

Fuair an Coimisiún líon suntasach freagraí ar an gcomhairliúchán poiblí tríd an bpost freisin, iad uile i bhfoirm litir chaighdeánach, nárbh éigean ach an seoladh a chur léi. Níorbh fhéidir feachtas spriocdhírithe a chur as an áireamh.

Leis an suirbhé Eorabharaiméadair speisialta EBS 539 26 cumhdaíodh 26 358 nagallamh sna 27 mBallstát den Aontas agus fuarthas torthaí éagsúla.

Rinneadh iniúchadh sa suirbhé ar thuairimí agus ar bhraistintí shaoránaigh den Aontas maidir le beartais taistil a bhaineann le taisteal a éascú, lena n‑áirítear dintiúir taistil dhigiteacha a thabhairt isteach agus a úsáid. Bhí dearcadh dearfach ag dhá thrian (67 %) de mhuintir na hEorpa ar dhintiúir taistil dhigiteacha. Os a choinne sin, bhí tuairim dhiúltach ina leith ag aon cheathrú (26 %) de mhuintir na hEorpa.

Bhí tuairimí an‑dearfach i measc na bhfreagróirí óga, na mac léinn, na mbainisteoirí agus na n‑oibrithe bóna bháin eile, na dtaistealaithe rialta agus na ndaoine sin a mbíonn dearcadh dearfach acu ar an Aontas i gcoitinne.

Is ina measc siúd a mbíonn dearcadh diúltach acu ar an Aontas, nach dtaistealaíonn agus a d’fhág an t‑oideachas lánaimseartha agus iad 15 bliana d’aois nó níos óige is lú a léiríodh dearcadh dearfach.

Mar sin féin, bhí 68 % de mhuintir na hEorpa i bhfabhar dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid le haghaidh taisteal lasmuigh de limistéar Schengen, agus bhí 28 % díobh i gcoinne iad a úsáid chuige sin. Cé go raibh níos lú tacaíochta ann i measc freagróirí níos sine, mar sin féin bhí 54 % de na freagróirí a bhí 55 bliana d’aois nó níos sine, agus 50 % de na pinsinéirí, i bhfabhar dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid le haghaidh taistil lasmuigh de limistéar Schengen.

Maidir leis na hábhair imní éagsúla a luadh, mheas beagnach leath (49 %) na nEorpach gurbh iad teipeanna bogearraí an t‑ábhar imní ba mhó a bhain le dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid. Ardaíodh ábhair imní freisin maidir le cosaint sonraí, fadhbanna le feistí agus cibirionsaithe.

Is díol spéise iad torthaí dearfacha an tsuirbhé Eorabharaiméadair i bhfianaise an aiseolais dhiúltaigh den chuid is mó a bailíodh sa chomhairliúchán poiblí, agus a chur san áireamh freisin gur daonra samplach níos mó agus níos ionadaíche a bhí i gceist.

Cuireadh an t‑aiseolas a fuarthas sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin éagsúla san áireamh in ullmhú an tionscnaimh seo, e.g. trí úsáid na ndintiúr taistil digiteach a choinneáil deonach (seachas í a dhéanamh éigeantach do thaistealaithe), trí chaighdeán teicniúil aonfhoirmeach a bhunú le haghaidh dintiúir taistil dhigiteacha (seachas é a fhágáil faoi gach Ballstát) faoi raon feidhme an tionscnaimh, lena n‑áirítear saoránaigh den Aontas agus náisiúnaigh tríú tír araon agus trí réiteach teicniúil coiteann de chuid an Aontais a roghnú maidir le cur isteach dintiúr taistil digiteach a mbainfidh ardchaighdeáin slándála leo (seachas go ndéanfadh gach Ballstát a dhintiúir taistil dhigiteacha féin a fhorbairt).

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuir an Coimisiún comhairleoir seachtrach ar conradh chun staidéar a dhéanamh ar thionscnamh an Aontais maidir le doiciméid taistil a dhigitiú agus taisteal a éascú, chun roghanna a fhorbairt agus chun measúnú a dhéanamh ar a dtionchair. Thacaigh an staidéar le hullmhú na tuarascála ar an measúnú tionchair. Le linn an staidéir, bailíodh tuairimí agus saineolas na bpáirtithe leasmhara i bhfoirm agallaimh straitéiseacha, comhairliúcháin spriocdhírithe, agallaimh dhoimhne agus an chomhairliúcháin phoiblí. Ina theannta sin, mar a luadh thuas, rinneadh suirbhé speisialta Eorabharaiméadair.

Tá gníomhaíochtaí píolótacha atá á gcistiú ag an Aontas ar siúl ag trí Bhallstát (an Fhionlainn, an Chróit agus an Ísiltír) chun dintiúir taistil dhigiteacha a thástáil don taisteal trasteorann. Cuireadh an taithí agus na torthaí a fuarthas go dtí seo san áireamh freisin agus léiríodh iad sa mheasúnú tionchar agus sa togra seo.

Measúnú tionchair

I gcomhréir lena bheartas maidir le Rialáil Níos Fearr, rinne an Coimisiún measúnú tionchair 27 ar thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ina leith an 15 Nollaig 2023 28 . Rinneadh meastóireacht sa mheasúnú tionchair ar thrí rogha beartais a raibh athruithe reachtacha i gceist le gach ceann díobh toisc go raibh leasuithe ar acquis an Aontais atá ann cheana á néileamh acu uile, go háirithe maidir le doiciméid taistil agus seiceálacha teorann. Dá bhrí sin, cuireadh ‘reachtaíocht bhog’ mar chur chuige as an áireamh ón tús.

Bhain bloic thógála choiteanna áirithe le gach rogha beartais, lena n‑áirítear:

·Idirthréimhse dheonach/tráth cur chun feidhme deonach go dtí go mbeidh réiteach teicniúil an Aontais réidh;

·spleáchas ar chaighdeán teicniúil idirnáisiúnta atá ann cheana;

·dintiúir taistil dhigiteacha a bheith in úsáid go deonach ag taistealaithe (rud a deimhníodh ón gcomhairliúchán poiblí freisin);

·réiteach lárnach teicniúil de chuid an Aontais le haghaidh dintiúir taistil dhigiteacha a chruthú agus a chur isteach.

Bhain an phríomhdhifríocht idir na trí rogha beartais leis an leibhéal solúbthachta a bheadh ag na Ballstáit maidir leis na nithe seo a leanas:

1)an fhéidearthacht do dhaoine dintiúir taistil dhigiteacha a bheith acu (ós rud é go raibh an rochtain ar shonraí na slise i ndoiciméid taistil á teorannú go sainráite do na húdaráis de réir cuid díobh)

2)deis a thabhairt do thaistealaithe dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid le haghaidh taisteal trasteorann.

Rogha beartais 1. 

Chuirfí ar chumas na mBallstát dintiúir taistil dhigiteacha a chur ar fáil do thaistealaithe, agus seiceálacha teorann ar dhaoine a mbeadh dintiúir taistil dhigiteacha acu a éascú.

Rogha beartais 2.

Chuirfí d’oibleagáid ar na Ballstáit dintiúir taistil dhigiteacha a chur ar fáil do thaistealaithe, agus chuirfí ar a gcumas bearta a chur chun feidhme ag pointí trasnaithe teorann ar mhaithe leis na dintiúir sin a úsáid.

Rogha beartais 3. 

Chuirfí d’oibleagáid ar na Ballstáit dintiúir taistil dhigiteacha a chur ar fáil do thaistealaithe agus bearta a chur chun feidhme ag pointí trasnaithe teorann lena n‑úsáid. Chuirfí deireadh le bacainní dlíthiúla ar shonraí doiciméid dhigitigh taistil a úsáid chun críocha seiceálacha teorann agus bhunófaí cur chuige aonfhoirmeach maidir lena n‑úsáid ar fud na mBallstát.

Ar bhonn thorthaí na tuarascála ar an measúnú tionchair, ba í rogha 3 an rogha thosaíochta ar deireadh, tar éis na tréimhse a thógfaidh sé réiteach teicniúil lárnach an Aontais a fhorbairt, ar lena linn a bhféadfadh na Ballstáit ‘rogha a bheith páirteach’ a dhéanamh amhail rogha 2, is é sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)é a chur ar a gcumas do shaoránaigh an Aontais agus do náisiúnaigh tríú tír a ndintiúir taistil dhigiteacha a dhíorthú ó dhoiciméid taistil atá ann cheana atá i gcomhréir le ICAO;

b)deis a thabhairt dóibh dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun teorainneacha seachtracha a thrasnú sna Ballstáit sin a roghnaíonn dintiúir taistil dhigiteacha a chur chun feidhme sula dtiocfaidh réiteach teicniúil lárnach an Aontais i bhfeidhm;

c)deis a thabhairt dóibh dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun teorainneacha seachtracha a thrasnú i ngach Ballstát, a luaithe a bheidh an réiteach teicniúil uile-Aontais réidh.

Ar an iomlán, is ag an rogha thosaíochta atá an tionchar is dearfaí maidir le tacú leis na cuspóirí seo a leanas:

1)slándáil bhreise i limistéar Schengen agus éifeachtúlacht bhreise maidir lena theorainneacha seachtracha a bhainistiú

2)trasnú teorann níos rianúla a thabhairt do thaistealaithe aonair.

Is é an phríomhchúis, an dé-oibleagáid a bheidh ar na Ballstáit ar deireadh thiar a chur ar chumas daoine aonair dintiúir taistil dhigiteacha a bheith acu agus iad a úsáid iarbhír chun dul thar theorainneacha, rud a thabharfadh an glacadh dintiúr taistil digiteach is mó as na roghanna beartais uile. Dá bhrí sin, is í an bealach is éifeachtaí í do na húdaráis chun seiceálacha roimh ré agus réamh‑imréiteach a dhéanamh ar thaistealaithe agus chun deis a thabhairt do gach taistealaí (ag a bhfuil doiciméad taistil ina bhfuil slis) roghnú a bheith páirteach.

Bheadh buntáistí breise ag baint léi freisin ach na dintiúir taistil dhigiteacha a chaighdeánú agus a úsáid le haghaidh bainistiú teorainneacha seachtracha ar fud na mBallstát. D’fhéadfaí cur leis an éifeachtúlacht d’iompróirí ar bhonn deonach, ós rud é go bhféadfaidís dintiúir taistil dhigiteacha a chomhtháthú sna sreafaí oibre atá acu faoi láthair. Cuireann sí ar a gcumas freisin do shaoránaigh an Aontais breis úsáide a bhaint as dintiúir taistil dhigiteacha, trí thréith leictreonach a bhunú le haghaidh thiachóg chéannachta digití an Aontais is féidir a úsáid chun céannacht duine a chruthú laistigh den Aontas nó fiú thar lear, má ghlacann tríú tíortha léi.

Cuirfidh an rogha thosaíochta ualach áirithe ar údaráis náisiúnta, a chúiteofar leis an tionchar dearfach a mheastar a bheidh ag na bearta. Is é atá i gceist léi seiceálacha teorann a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní ar an leibhéal áitiúil freisin, agus a chuirfidh ar a gcumas dóibh, mar shampla, díriú ar anailísí riosca, ar phatrólú agus ar chúraimí eile. Is é atá i gceist leis an rogha thosaíochta den chuid is mó feabhas a chur ar fhorálacha atá ann cheana seachas oibleagáidí nua a chruthú, go háirithe chun gur féidir ‘seiceálacha teorann réamhtheachta’ agus ‘réamh‑imréiteach’ a dhéanamh i gcás paisinéirí sula dtiocfaidh siad go dtí an pointe trasnaithe teorann. Braitheann na tairbhí deiridh ar ghlacadh na ndintiúr taistil digiteach, agus soláthraítear faisnéis bhreise agus meastóireachtaí cásbhunaithe sa tuarascáil ar an measúnú tionchair.

Chruthófaí ualach amháin go háirithe leis an oibleagáid deis a thabhairt do thaistealaithe dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid le haghaidh trasnuithe teorainneacha seachtracha: réiteach comhtháthaithe teicniúil a thógáil lena bhféadfar an dintiúr taistil digiteach a phróiseáil sna córais náisiúnta bainistithe teorainneacha.

Mar gheall ar a chosúla atá caighdeán ICAO maidir le dintiúir taistil dhigiteacha leis na doiciméid taistil atá ann cheana, níor cheart comhtháthú an chaighdeáin sin a bheith an‑chasta ná an‑chostasach. Mheas na Ballstáit a bhí ag plé le treoirthionscadail na ndintiúr taistil digiteach go gcosnódh comhtháthú den sórt sin idir EUR 300 000 agus 700 000 in aghaidh na tíre. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mba ghá cur leis an acmhainneacht freastalaí, ag brath ar an tír agus ar na pointí beachta trasnaithe teorann, rud a chosnódh suas le EUR 250 000 in aghaidh na tíre.

Chun athruithe ar shocruithe náisiúnta, difríochtaí in aibíocht agus acmhainneachtaí teicneolaíochta a chur i gcuntas agus chun forchostais réasúnta a chur san áireamh, meastar go mbeidh EUR 2 mhilliún ar an meán in aghaidh an Bhallstáit ag teastáil chun dintiúir taistil dhigiteacha a chur chun feidhme ag a dteorainneacha seachtracha.

Beidh na costais ar institiúidí an Aontais teoranta do na costais sin a thabhaíonn eu-LISA as lárchóras an Aontais a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil chun dintiúr taistil digiteach a dhíorthú ó dhoiciméad fisiciúil taistil atá ann cheana agus as an dintiúr taistil digiteach sin (mar aon leis na sonraí taistil is gá) a chur faoi bhráid an údaráis fhreagraigh. Measann eu-LISA gur costais aonuaire EUR 55.6 milliún (faoi 2030) a bhainfidh le feidhmchlár den sórt sin a fhorbairt agus a oibriú agus go mbeidh costas bliantúil EUR 6.2 milliún ann in aghaidh na bliana chun é a chothabháil ó 2030 ar aghaidh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

De réir Chlár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag gach tionscnamh chun reachtaíocht reatha an Aontais a athrú na cuspóirí beartais sonraithe a shimpliú agus a sheachadadh ar bhealach níos éifeachtúla (i.e. trí chostais rialála neamhriachtanacha a laghdú). Cé nach cuid de scéim REFIT é an togra seo le haghaidh rialacháin, laghdóidh sé na costais riaracháin i gcoitinne a thabhaíonn údaráis náisiúnta chun seiceálacha teorann a dhéanamh, rud a léiríodh sa mheasúnú tionchair.

Ní bheidh aon tionchar díreach ann i gcás FBManna. In ainneoin spáráil ama do thaistealaithe, lena n‑áirítear lucht gnó, ní bheadh ach tionchar indíreach fánach ann do FBManna, a bhféadfadh na daoine aonair sin a bheith ag taisteal ar a son, nó tionchar ar éigean sa chás is fearr.

Cearta bunúsacha

Déanann an togra seo difear dearfach don cheart bunúsach chun saorghluaiseachta agus cónaithe faoi Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais tríd an deis a thabhairt do thairbhithe an chirt chun saorghluaiseachta dintiúr taistil digiteach a chruthú bunaithe ar a bpas fisiciúil, rud a chuirfidh ar a gcumas a gceart a fheidhmiú ar bhealach níos éasca.

Níl mórán tionchair ag an togra ar chosaint na gceart bunúsach eile.

Maidir le cosaint sonraí pearsanta, déanann na húdaráis teorann sonraí pearsanta a phróiseáil cheana féin i gcás gach duine a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha, agus déanann na húdaráis atá freagrach as doiciméid taistil a eisiúint an rud céanna. Leis an togra seo ní dhéanfar difear don líon sonraí pearsanta a phróiseáiltear faoi láthair i réimsí an rialaithe teorann agus eisiúint doiciméad faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, ná do na catagóirí sonraí a phróiseáiltear.

Is athrú trátha amháin a bheidh i gceist (is é sin an tráth a phróiseáiltear sonraí), ós rud é maidir le seiceálacha a dhéantar faoi láthair nuair a shroicheann an taistealaí an pointe trasnaithe teorann go mbeadh na húdaráis teorann in ann a bhformhór a dhéanamh roimh ré. Má úsáideann taistealaí an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha chun a dhintiúr taistil dhigitigh a chruthú bunaithe ar an doiciméad taistil fisiciúil atá acu cheana, dhéanfaí a gcéannacht a fhíorú go huathoibríoch leis an iarratas chomh maith le céannacht a fhíorú ag an bpointe trasnaithe teorann fisiciúil.

Ar an taobh eile, tiocfaidh feabhas ar cháilíocht sonraí, má tá taistealaithe in ann dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun críocha taistil, seachas sonraí féindearbhúcháin de láimh, i gcás ina bhféadfadh earráidí a bheith ann agus ina bhféadfadh méadú teacht ar amanna próiseála, ar phionóis nó fiú ar dhiúltú cead isteach sa deireadh.

D’ainneoin réiteach teicniúil lárnach de chuid an Aontais a bheith in úsáid chun dintiúir taistil dhigiteacha bunaithe ar phasanna an Aontais nó ar phasanna arna n‑eisiúint ag tríú tíortha a chruthú agus a chur isteach, ní stórálfaí an dintiúr taistil digiteach i stóras lárnach. Ní bheartaítear bunachar sonraí nua a chruthú leis an togra. A luaithe a dhéanfaí an dintiúr taistil digiteach a chruthú/dhíorthú ó dhoiciméad taistil atá ann cheana, stórálfaí é ar ghléas móibíleach an tsealbhóra. Dá bhrí sin, beidh smacht i gcónaí ag ábhair sonraí ar a gcuid sonraí féin agus roghnóidh siad má tá siad le húsáid agus cén uair a bheidh siad le húsáid. Má roghnaíonn duine na sonraí a úsáid le haghaidh seiceáil roimh ré agus taisteal éascaithe, is féidir leis iad a chur faoi bhráid na n‑údarás freagrach, tríd an bhfeidhmchlár a dhéanfaidh eu-LISA a fhorbairt agus a oibriú.

Ba cheart do eu-LISA agus do na húdaráis náisiúnta coimircí iomchuí a úsáid, amhail criptiú sonraí pearsanta agus bearta cibearshlándála, chun sceitheadh sonraí agus sáruithe sonraí a chosc agus chun cosaint a thabhairt ar chibirionsaithe agus ar fheidhmchláir bogearraí a mbíonn cúraimí uathoibrithe orthu.

Chun an dintiúr taistil digiteach a úsáid, ní mór an dintiúr taistil digiteach a bheidh curtha isteach ag an úsáideoir a stóráil go sealadach i mbunachar sonraí áitiúil sa Bhallstát freagrach. Chuirfí sa bhunachar sonraí sealadach/sa ghailearaí sealadach sin na híomhánna den aghaidh sna dintiúir taistil dhigiteacha a cuireadh isteach. Beidh gá leis an méid sin nuair a chuireann taistealaí é féin i láthair ag an bpointe trasnaithe teorann chun an taistealaí a mheaitseáil go bithmhéadrach leis an dintiúr taistil digiteach a cuireadh isteach.

Is é atá i gceist leis sin sampla amháin a chur i gcomparáid le líon beag samplaí, d’fhonn céannacht an duine a fhíorú, seachas an mheaitseáil bhithmhéadrach faoina gcuirtear sampla amháin i gcomparáid le hiliomad samplaí chun duine aonair a shainaithint. A luaithe a dhéantar an tseiceáil teorann, ba cheart na sonraí a scriosadh den bhunachar sonraí sealadach – ar nós mar a dhéantar faoi láthair nuair a léitear sonraí slise ó dhoiciméid fhisiciúla taistil le linn seiceálacha teorann.

Ós rud é gur ar bhonn deonach a d’úsáidfeadh taistealaithe dintiúir taistil dhigiteacha, chomh maith leis an mbunús dlí a bheith acu faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta araon chun sonraí pearsanta taistealaithe a phróiseáil chun críocha seiceála teorann, thoileodh taistealaithe go gníomhach lena gcuid sonraí a phróiseáil agus leis an dintiúr taistil digiteach a stóráil go sealadach sa bhunachar sonraí áitiúil. Is féidir leo a dtoiliú a chúlghairm tráth ar bith gan difear a dhéanamh dá gceart ar thaisteal trasteorann.

Cé go mbíonn sonraí méarlorg an tsealbhóra i ndoiciméid taistil an Aontais agus i ndoiciméid taistil tríú tíortha áirithe, eisiatar méarloirg ó ábhar na ndintiúr taistil digiteach. Tá sé sin i gcomhréir le sonraíocht theicniúil dintiúr taistil digiteach ICAO.

Ó thaobh tionchar ar chearta bunúsacha seachas an ceart chun príobháideachais agus cosaint sonraí pearsanta, ní chuirfeadh an togra isteach ar chosaint na gceart bunúsach. Ós rud é gur rud deonach é dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid, urramaítear prionsabail an neamh‑idirdhealaithe agus na cuimsitheachta.

Aon toradh diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid dintiúr taistil digiteach, e.g. as a n‑eascródh diúltú cead isteach, sárú ar shonraí nó úsáid neamhdhleathach, bheadh sé faoi réir na leigheasanna dlí atá ann cheana agus is infheidhme faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.

Leis an togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Bheadh tionchar ag an togra seo ar bhuiséad eu-LISA agus ar a riachtanais foirne agus bheadh costais aonuaire go príomha i gceist d’údaráis teorann na mBallstát.

I gcás eu-LISA, meastar go mbeidh buiséad breise thart ar EUR 49.5 milliún (EUR 6 mhilliún faoi bhuiséad reatha 7 mbliana an Aontais, an ‘creat airgeadais ilbhliantúil’) agus coibhéis 20 ball foirne lánaimseartha (FTE) ag teastáil chun ‘feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha’ a fhorbairt agus chun go ndéanfaidh eu-LISA a chúraimí i gcomhréir le Rialachán eu-LISA agus leis an togra seo.

Cumhdófar leis na costais agus na coibhéisí lánaimseartha sin na gníomhaíochtaí uile: gníomhaíochtaí ullmhúcháin, bogearraí agus crua-earraí a fháil, anailís agus dearadh, forbairt agus tástáil, ullmhúchán lárionaid sonraí, costais cheadúnais, oibríochtaí agus chothabhála.

I gcás na mBallstát, cé nach féidir na costais a bhaineann le cur chun feidhme an togra seo a chinneadh go cruinn, meastar gur infheistíocht aonuaire thart ar EUR 2 mhilliún a bheidh ann do gach tír. Áirítear leis sin:

·acmhainneacht freastalaí agus stórála a mhéadú chun dintiúir taistil dhigiteacha arna gcur isteach ag taistealaithe a stóráil go sealadach (EUR 250 000);

·an nasc slán leis an ródaire taistealaithe a fhorbairt, lena bhféadfar comhtháthú sna córais náisiúnta bainistithe teorainneacha atá ann faoi láthair (EUR 300 000 go 700 000);

·crua-earraí a uasghrádú nó a sholáthar chun dintiúir taistil dhigiteacha a phróiseáil agus chun tacaíocht a thabhairt don aghaidhaithint, agus oiliúint a chur ar phearsanra (EUR 30 000).

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na socruithe is gá i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na mbeart a mholtar agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu i gcomparáid leis na príomhchuspóirí beartais. 5 bliana tar éis thús oibríochtaí an rialacháin atá beartaithe agus theacht i bhfeidhm fheidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha atá le forbairt agus le hoibriú ag eu-LISA, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar chur chun feidhme an rialacháin agus ar a bhreisluach, lena n‑áirítear aon tionchar díreach nó indíreach ar chearta bunúsacha ábhartha.

Ós rud é go mbeadh sé éigeantach do na húdaráis inniúla a chur ar a gcumas do thaistealaithe dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid le haghaidh taisteal trasteorann a luaithe a bheidh réiteach teicniúil coiteann an Aontais i bhfeidhm, beifear in ann léargas cuimsitheach a fháil ar ghlacadh na ndintiúr taistil digiteach ag taistealaithe, ar a mbreisluach ó thaobh slándáil mhéadaithe agus taisteal níos éasca de chomh maith le haon míbhuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Thairis sin, de bharr staidrimh a bheith á mbailiú ag eu-LISA, cuirfear sonraí iontaofa ar fáil don Choimisiún maidir leis an líon úsáideoirí, nósanna taistil agus faisnéis úsáideach eile chun na próisis a fhorbairt tuilleadh ar mhaithe le taistealaithe agus údaráis na mBallstát araon.

Ba cheart an ‘Lámhleabhar Praiticiúil do Ghardaí Teorann’ 29 a thabhairt cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar na hathruithe ar an gcreat dlíthiúil agus chun treoirlínte/moltaí ábhartha a sholáthar do na húdaráis náisiúnta maidir le dintiúir taistil dhigiteacha a chur chun feidhme i gcomhthéacs bhainistiú na dteorainneacha seachtracha.

Ar deireadh, déanfar faireachán agus meastóireacht ar chur chun feidhme na mbeart faoin togra seo, lena náirítear gnéithe cosanta sonraí, i gcomhthéacs shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen 30 .

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leagtar amach in Airteagal 1 bunú feidhmchláir chun sonraí taistil a chur isteach go leictreonach (‘feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha’), agus ábhar agus raon feidhme an fheidhmchláir.

Leagtar amach in Airteagal 2 na sainmhínithe chun críocha an Rialacháin seo.

Leagtar amach in Airteagal 3 struchtúr ginearálta an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha, lena n‑áirítear cuspóir gach ceann dá chomhpháirteanna teicniúla.

Soláthraítear in Airteagal 4 na rialacha ginearálta maidir le dintiúir taistil dhigiteacha a chruthú agus a úsáid laistigh den fheidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha, lena n‑áirítear maidir leis an bhféidearthacht úsáid a bhaint as dintiúir taistil dhigiteacha a cruthaíodh roimhe seo agus a fhéadfar a stóráil ar thiachóg céannachta digití AE an duine.

Leagtar amach in Airteagal 5 na sonraí taistil is féidir le taistealaithe a chur isteach chuig an údarás teorann tríd an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha. Beidh sonraí ag teastáil, de bhreis ar an dintiúr taistil digiteach, chun tacaíocht a thabhairt don tseiceáil teorann agus don réamh‑imréiteach.

Leagtar amach in Airteagal 6 na rialacha maidir le sonraí taistil a tharchur chuig na húdaráis teorann fhreagracha agus na socruithe riachtanacha a bhaineann le hainmniú údarás freagrach ag na Ballstáit agus fógra a thabhairt dóibh ag na Ballstáit.

Bunaítear le hAirteagal 7 na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le róil an rialaitheora sonraí agus an phróiseálaí sonraí chun sonraí pearsanta a cuireadh isteach tríd an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a phróiseáil.

Leagtar amach in Airteagal 8 na rialacha maidir le forbairt, oibriú agus cothabháil an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha agus na hoibleagáidí iarmhartacha ar eu-LISA.

Bunaítear le hAirteagal 9 oibleagáidí na mBallstát maidir lena áirithiú gur féidir leo sonraí a chuirtear isteach tríd an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a fháil.

Leagtar amach in Airteagal 10 feachtas faisnéise chun an pobal a chur ar an eolas faoi dhintiúir taistil dhigiteacha agus faoi úsáid an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha.

Bunaítear le hAirteagal 11 na rialacha maidir le costais arna dtabhú ag eu-LISA agus ag na Ballstáit i ndáil lena n‑oibleagáidí faoi Airteagail 8 agus 9 faoi seach.

Tá forálacha in Airteagal 12 maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 a leasú chun an caighdeán teicniúil le haghaidh dintiúir taistil dhigiteacha a bhunú agus maidir leis an bhféidearthacht d’iarratasóirí dintiúr a iarraidh.

Tá forálacha in Airteagal 13 maidir le leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2016/399 maidir /a bhaineann le seiceálacha teorann a dhéanamh agus úsáid bhreise a bhaint as córais féinfhreastail agus as feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha chun na gcríoch sin.

Leagtar amach in Airteagal 14 na leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1726 maidir le cúraimí eu-LISA i ndáil leis an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha.

In Airteagail 15 go 20 tá forálacha críochnaitheacha an Rialacháin seo, a bhaineann le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo agus a theacht i bhfeidhm agus a chur i bhfeidhm.

2024/0670 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear feidhmchlár chun sonraí taistil a chur isteach go leictreonach (an ‘feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha’) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/399 agus (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le húsáid dintiúr taistil digiteach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (d) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Trí sheiceálacha teorann éifeachtacha éifeachtúla a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha, rannchuidítear le feidhmiú cuí an limistéir gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha (‘limistéar Schengen’) agus le slándáil inmheánach an Aontais. Trí mheán stórála (slis) a áireamh i ndoiciméid taistil arna neisiúint ag na Ballstáit, ina bhfuil íomhá d’aghaidh an tsealbhóra, faoi réir Rialachán (CE) 2252/2004 ón gComhairle 31 agus Rialachán (AE) 2019/1157 32 , agus le teacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rannchuidíodh 33 go mór le hardchaighdeáin slándála agus le bainistiú urrúnta ar na teorainneacha seachtracha. Is é is cuspóir do sheiceálacha teorann a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 , taistealaithe a shainaithint ar bhealach iontaofa, bagairtí ar shlándáil inmheánach, beartas poiblí, sláinte phoiblí agus caidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chosc chomh maith le himirce neamhrialta a chomhrac agus cearta bunúsacha a urramú freisin.

(2)Ós rud é go bhfuiltear ag brath faoi láthair ar dhoiciméid fhisiciúla taistil agus ar idirghníomhaíochtaí fisiciúla chun doiciméid taistil a scrúdú agus chun seiceálacha teorann a dhéanamh, níl údaráis teorann na mBallstát in ann barántúlacht agus sláine doiciméad taistil a fhíorú go cianda ná na seiceálacha ábhartha a dhéanamh i mbunachair sonraí sula sroicheann taistealaithe an pointe trasnaithe teorann fisiciúil, cé is moite d’aerphaisinéirí a ndearnadh réamhfhaisnéis faoi phaisinéirí a tharchur agus a phróiseáil ina leith. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar shreabha taistealaithe thar theorainneacha seachtracha limistéar Schengen agus i bhfianaise theacht i bhfeidhm an Chórais Dul Isteach/Imeachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 lena gceanglófar ar náisiúnaigh tríú tír a bhfuil feidhm aige maidir leo sonraí breise a sholáthar mar chuid de na seiceálacha teorann, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear ar chumas na núdarás teorann réitigh theicniúla shlána a úsáid chun seiceálacha ábhartha a dhéanamh sula sroichfidh taistealaithe na pointí trasnaithe teorann.

(3)Leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana maidir le doiciméid taistil agus seiceálacha teorann, atá comhdhéanta go háirithe de Rialacháin (CE) Uimh. 2252/2004, (AE) XXXX/XXXX 36 [COM(2024)316 final] agus (AE) 2016/399, ní cheadaítear sonraí atá i meán stórála na ndoiciméad taistil a úsáid chun seiceálacha teorann roimh ré den sórt sin a dhéanamh agus chun taistealaithe a réamhimréiteach nó chun na sonraí sin a úsáid chun críocha eile. Tar éis na bhforbairtí is déanaí ar an leibhéal idirnáisiúnta, eadhon i gcomhthéacs obair chaighdeánaithe arna déanamh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), agus maidir le cumais agus iontaofacht na haghaidhaitheanta, tá an teicneolaíocht sin ar fáil agus is freagairt í d’iarrataí chun an taisteal trasteorann a éascú agus ardleibhéil slándála a áirithiú freisin le lánurraim do chearta bunúsacha, lena náirítear an ceart chun príobháideachais agus sonraí pearsanta a chosaint.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart an creat dlíthiúil atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú gur féidir le taistealaithe agus le húdaráis teorann araon tairbhiú de sheiceálacha teorann níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí trí úsáid a bhaint as dintiúir taistil dhigiteacha mar a thugtar orthu, is é sin, léiriú digiteach ar chéannacht an duine a dhíorthaítear ón bhfaisnéis a stóráiltear i meán stórála (slis) an doiciméid taistil (i.e. pas nó cárta aitheantais an Aontais) agus ar féidir é a bhailíochtú, rud a thugann amanna feithimh agus próiseála níos lú ag pointí trasnaithe teorann ar deireadh thiar agus a chuireann le cumas na núdarás taistealaithe a réamhscagadh, acmhainní a phleanáil agus a bhainistiú agus díriú ar thaistealaithe a mbaineann riosca níos airde leo.

(5)Chun a chuspóirí a ghnóthú, ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais chomh maith le náisiúnaigh tríú tír.

(6)Ar mhaithe le cur chuige aonfhoirmeach a bhaint amach ar leibhéal an Aontais agus an méid is mó is féidir a dhéanamh maidir le héascú taistil agus barainneachtaí scála, ba cheart réiteach teicniúil comhchoiteann a bhunú chun ríomhshonraí taistil a chur isteach, seachas réiteach dá chuid féin a bheith á fhorbairt ag gach Ballstát. Ba cheart gurb é a bheadh san fheidhmchlár sin chun sonraí taistil a chur isteach go leictreonach (an ‘feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha’) feidhmchlár móibíleach soláimhsithe, seirbhís chúlbhailíochtaithe lenar féidir barántúlacht agus sláine doiciméad taistil a fhíorú agus íomhá d’aghaidh an úsáideora a mheaitseáil leis an íomhá stóráilte ar shlis an doiciméid taistil agus comhpháirt theicniúil chun sonraí taistil ón bhfeidhmchlár a chur in iúl go slán don údarás is faighteoir (‘an Ródaire Taistealaithe’). San fhadtéarma, ba cheart an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a fhorbairt agus feidhmiúlachtaí nua a chur leis d’fhonn feidhmchlár cuimsitheach ilfhreastail a bhunú ar leibhéal an Aontais chun tacaíocht a thabhairt do bhainistiú teorainneacha seachtracha.

(7)Ba cheart go gcuirfeadh an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha ar a gcumas do thaistealaithe dintiúr taistil digiteach a chruthú le haghaidh aon úsáid amháin nó úsáid iolrach agus dintiúr taistil digiteach a cruthaíodh cheana a fháil ar ais. Ar chúiseanna slándála agus chun calaois chéannachta a chomhrac, ba cheart go bhféadfadh seirbhís chúlbhailíochtaithe an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha barántúlacht agus sláine an doiciméid taistil a fhíorú sula gcruthaítear an dintiúr taistil digiteach, agus a fhíorú gurb é an túsáideoir sealbhóir dlisteanach an doiciméid taistil tríd an íomhá stóráilte den aghaidh ar shlis an doiciméid taistil a chur i gcomparáid le híomhá bheo d’aghaidh an úsáideora. Ba cheart go bhféadfaí dintiúir taistil dhigiteacha a bheidh le húsáid roinnt uaireanta a stóráil i dTiachóg na Céannachta Digití Eorpaí de chuid an úsáideora, ar Tiachóg í a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 . Daoine nach bhfuil Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí acu a bunaíodh leis an Rialachán sin, ba cheart go bhféadfaidís an dintiúr taistil digiteach a stóráil go háitiúil san fheidhmchlár móibíleach.

(8)D’fhonn tacú le seiceálacha teorann roimh ré a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais i gcás ina mbeidh feidhm acu maidir leo agus le réamhimréiteach náisiúnach tríú tír, ba cheart do thaistealaithe a úsáideann dintiúir taistil dhigiteacha sonraí taistil ábhartha áirithe a dhearbhú freisin, amhail an tam atá beartaithe an teorainn a thrasnú agus an Ballstát ina dtrasnaítear an teorainn sheachtrach. Ba cheart na sonraí sin a theorannú don mhéid is gá chun an tseiceáil teorann a dhéanamh, lena náirítear d’fhonn tacú le comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le dul isteach a fhíorú.

(9)Ba cheart don ródaire taistealaithe na sonraí taistil arna gcur isteach ag an taistealaí a tharchur chuig na húdaráis teorann le haghaidh na seiceála teorann roimh ré agus an réamhimréitigh. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit go nainmneoidís na húdaráis teorann a údarófar chun sonraí den sórt sin a fháil.

(10)Cruthú, cur isteach agus úsáid dintiúr taistil digiteach chun seiceálacha teorann a dhéanamh, beidh tionchar ag an méid sin ar an gceart chun príobháideachais agus ar chosaint sonraí pearsanta. Chun cearta bunúsacha taistealaithe a urramú go hiomlán, ba cheart teorainneacha agus coimircí leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm. Aon sonraí a chuireann taistealaithe faoi bhráid na núdarás teorann roimh thaisteal dóibh, agus go háirithe sonraí pearsanta, ba cheart iad a bheith teoranta don mhéid is gá agus a bheidh comhréireach leis na cuspóirí an tslándáil a mhéadú, taisteal a éascú agus dea-fheidhmiú limistéar Schengen a shaothraítear leis an Rialachán seo a áirithiú. Ba cheart a ráthú nach mbeidh aon chineál idirdhealaithe mar thoradh ar phróiseáil sonraí faoin Rialachán seo. Níor cheart aon sonraí pearsanta a stóráil ar leibhéal an Aontais tar éis na céime is gá chun iad a chur faoi bhráid an údaráis teorann.

(11)Ba cheart an rogha a bheith ag taistealaithe dintiúr taistil digiteach nó doiciméad fisiciúil taistil a úsáid chun dul faoi sheiceálacha teorann agus ba cheart iad a bheith in ann a dtoiliú maidir le próiseáil a sonraí pearsanta a tharraingt siar tráth ar bith gan difear a dhéanamh don incháilitheacht chun teorainneacha seachtracha a thrasnú. Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 , laistigh dá raon feidhme faoi seach.

(12)D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an ceart bunúsach chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a chosaint agus d'fhonn soiléireacht dhlíthiúil a chur chun cinn, ba cheart an rialaitheoir agus an próiseálaí a shainaithint. Chun coimircí agus slándáil leordhóthanach a áirithiú, ba cheart gach cumarsáid idir an ródaire taistealaithe agus an túdarás inniúil a chosaint trí mhodhanna láidre criptithe ionas, maidir le haon sáruithe sonraí a tharlódh, nach nochtfaí sonraí a d’fhéadfaí a rianú siar chuig duine ar leith . Ba cheart do na Ballstáit oiliúint leordhóthanach a sholáthar freisin, lena gcumhdaítear gnéithe slándála sonraí agus gnéithe cosanta sonraí, d’údaráis teorann sular féidir leo sonraí a tharchuirtear tríd an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a phróiseáil.

(13)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 a bheith freagrach as an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a fhorbairt agus a chothabháil. Dá bhrí sin, ba cheart do eu-LISA na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha, lena náirítear chun an córas a fhorbairt agus chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh air. Sula gcuirfear tús le hoibriú an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha, ba cheart do eu-LISA tástáil i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a dhéanamh i gcomhar leis na húdaráis ábhartha. Ba cheart do eu-LISA staidreamh a bhailiú freisin maidir le húsáid an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha.

(14)Cé gur cheart do eu-LISA a bheith freagrach as forbairt, oibriú agus cothabháil fhoriomlán an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha, lena náirítear an ródaire taistealaithe a tharchuireann na sonraí taistil chuig na húdaráis inniúla, ba cheart do gach Ballstát a bheith freagrach as nasc slán, ar an leibhéal náisiúnta, a áirithiú ina chóras náisiúnta chun na sonraí taistil a fháil, lena náirítear an nasc sin a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach freisin as socruithe a dhéanamh chun go mbeadh rochtain ag baill foirne chuíúdaraithe na núdarás teorann ar na sonraí taistil agus as bainistiú na socruithe sin.

(15)Chun cur le feasacht an phobail ar dhintiúir taistil dhigiteacha agus chun úsáid na ndintiúr sin a chur chun cinn, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar le eu-LISA, leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis na húdaráis náisiúnta teorann, feachtais faisnéise a chur i gcrích maidir le cuspóirí an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha, maidir lena úsáid agus maidir le gnéithe tábhachtacha eile, lena náirítear maidir le cosaint sonraí agus slándáil sonraí.

(16)I bhfianaise leasanna an Aontais atá i gceist, ba cheart na costais a thabhaíonn eu-LISA as a chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1726 i ndáil le forbairt, oibriú, cothabháil agus bainistiú foriomlán an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha a íoc as buiséad an Aontais. Ba cheart na Ballstáit a bheith faoi dhliteanas i gcónaí i leith na gcostas a thabhaítear ar an leibhéal náisiúnta as an nasc slán a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil chun na sonraí taistil a tharchuirtear tríd an ródaire taistealaithe a fháil.

(17)Ba cheart do eu-LISA tuairisciú go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn i ndáil le dearadh agus forbairt an fheidhmchláir AE um shonraí taistil dhigiteacha, lena náirítear maidir le costais, tionchair airgeadais agus aon fhadhbanna teicniúla agus rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Ba cheart tuarascáil ar leithligh a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a luaithe a thabharfar forbairt an fheidhmchláir AE um shonraí taistil dhigiteacha chun críche.

(18)Ós rud é gur cheart do eu-LISA an feidhmchlár AE um shonraí taistil dhigiteacha a dhearadh, a fhorbairt, a óstáil agus a bhainistiú go teicniúil, is gá Rialachán (AE) 2018/1726 a leasú trí na cúraimí riachtanacha a chur leis.

(19)Chun sonraíocht chaighdeánach an Aontais a bhunú le haghaidh dintiúir taistil dhigiteacha atá bunaithe ar dhoiciméid taistil, is gá Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 a leasú. Chun borradh a chur faoi ghlacadh na ndintiúr taistil digiteach, ba cheart go mbeadh deis ag iarratasóirí, le linn dóibh iarratas a dhéanamh ar dhoiciméad taistil nó é a athnuachan, a iarraidh ar an údarás inniúil dintiúr taistil digiteach comhfhreagrach a eisiúint in éineacht leis an doiciméad fisiciúil. Ba cheart sealbhóirí doiciméad taistil bailí a bheith in ann dintiúr taistil digiteach a chruthú freisin bunaithe ar an doiciméad fisiciúil taistil atá acu cheana. Ba cheart a bheith in ann na dintiúir taistil dhigiteacha a stóráil freisin i dTiachóg na Céannachta Digití Eorpaí.

(20)Chun cur chuige comhsheasmhach ar an leibhéal idirnáisiúnta agus idir-inoibritheacht dhomhanda na ndintiúr taistil digiteach a áirithiú, ba cheart an creat dlíthiúil nuashonraithe a bheith bunaithe a mhéid is féidir ar na caighdeáin agus na cleachtais idirnáisiúnta ábhartha a comhaontaíodh faoi chuimsiú ICAO.

(21)Cé gur cheart úsáid dintiúr taistil digiteach a bheith deonach do thaistealaithe, chun na cuspóirí a ghnóthú maidir le slándáil a mhéadú ar fud limistéar Schengen, taisteal a éascú agus íosleibhéal aibíochta digití a bhaint amach i measc na mBallstát uile i réimse an bhainistithe teorainneacha, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit uile deis a thabhairt do thaistealaithe dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun dul thar teorainneacha seachtracha a luaithe a bheidh an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha oibríochtúil. Sula ndéanfar é sin, féadfaidh na Ballstáit réitigh náisiúnta a fhorbairt maidir le dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid, i gcomhréir leis an bhformáid aonfhoirmeach, chun críche seiceálacha teorann.

(22)Chun dlús breise a chur leis na próisis agus chun an tam foriomlán a chaitear ag pointí trasnaithe teorann a laghdú, ba cheart cead a bheith ag náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an Chórais Dul Isteach/Imeachta an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a úsáid chun sonraí áirithe a réamhchlárú ar sonraí iad a cheanglaítear le haghaidh an trasnaithe teorann. Maidir le náisiúnaigh tríú tír nár taifeadadh a gcuid sonraí fós sa chóras Dul Isteach/Imeachta, de rogha ar iad a chur faoi bhráid garda teorann chun a gcéannacht a fhíorú go fisiciúil, ba cheart deis a bheith ag na Ballstáit bearta teicniúla éifeachtacha comhréireacha a úsáid, lena náirítear córais féinfhreastail agus ríomhgheataí, chun céannacht a fhíorú fad a dhéantar fíoruithe fisiciúla go randamach agus fad nach ar an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha amháin a bhunaítear an fíorú malartach.

(23)Ba cheart don Choimisiún, 5 bliana tar éis thús oibríochtaí an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha, meastóireacht a dhéanamh ar an bhfeidhmchlár sin agus ar a úsáid agus tuarascáil a ullmhú, lena náirítear moltaí, a bheidh le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Ba cheart a mheas sa mheastóireacht agus sa tuarascáil mar a comhlíonadh cuspóirí an rialacháin seo agus mar a imríodh tionchar ar chearta bunúsacha, má imríodh tionchar ar bith orthu.

(24)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh dintiúir taistil dhigiteacha, leis an ailtireacht theicniúil agus na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha agus a thástála, le bailiú staidrimh agus le tús oibríochtaí an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha agus mar a dhéantar seiceálacha ar dhoiciméid taistil agus ar dhintiúir taistil dhigiteacha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 .

(25)Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh don fhéidearthacht foráil a dhéanamh, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, maidir le dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun críoch seachas seiceálacha teorann a dhéanamh, ar choinníoll go gcomhlíontar dlí an Aontais leis an dlí náisiúnta sin.

(26)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, go háirithe an tslándáil a mhéadú agus an taisteal a éascú i gcomhthéacs bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus, de bharr gur cuspóirí de chineál trasteorann iad ó nádúr, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfadh an tAontas, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(27)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(28)Ní forbairt atá sa Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 42 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(29)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 43 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 44 .

(30)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 45 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 46 .

(31)Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 47 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 48 .

(32)A mhéid a bhaineann leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh a chuireann le acquis Schengen nó a bhaineann leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(33)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an [XX] 49 ,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Bunaítear leis an Rialachán seo feidhmchlár chun sonraí taistil a chur isteach go leictreonach (an ‘feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha’) le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)dintiúir taistil dhigiteacha a chruthú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 31 de Rialachán (AE) 2016/399;

(b)sonraí taistil féindearbhaithe a iontráil;

(c)dintiúir taistil dhigiteacha agus na sonraí taistil féindearbhaithe a chur faoi bhráid an údaráis inniúil go slán chun taisteal a éascú agus seiceálacha teorann a dhéanamh ar dhaoine i gcomhréir le hAirteagal 8(2g) agus (3), pointe (j), de Rialachán (AE) 2016/399.

2.Leagtar síos leis an Rialachán seo na coinníollacha faoina ndéanfar an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘seiceálacha teorann’ na seiceálacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 11, de Rialachán (AE) 2016/399;

(b)ciallaíonn ‘daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais’ daoine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2016/399;

(c)ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ daoine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6) de Rialachán (AE) 2016/399;

(d)ciallaíonn ‘an Ródaire Taistealaithe’ an chomhpháirt theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 5.

Airteagal 3

Struchtúr ginearálta an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha

Is é a bheidh san fheidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha:

(a)feidhmchlár móibíleach, lenar féidir dintiúir taistil dhigiteacha a chruthú le haghaidh aon úsáid amháin nó úsáid iolrach agus sonraí taistil féindearbhaithe a iontráil;

(b)seirbhís chúlbhailíochtaithe, lena náirithítear deimhniú bharántúlacht agus shláine shonraí na slise nó an dintiúir dhigitigh taistil trí úsáid a bhaint as na deimhnithe atá ar fáil agus, i gcás inarb infheidhme, an íomhá den aghaidh a tógadh den úsáideoir a mheaitseáil leis an doiciméad taistil nó leis an dintiúr taistil digiteach;

(c)Ródaire taistealaithe, a áiritheoidh cumarsáid shlán agus chriptithe idir an feidhmchlár móibíleach agus an túdarás fála.

Airteagal 4

Dintiúir taistil dhigiteacha a chruthú agus a úsáid

1.Daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil aon cheann de na doiciméid taistil seo a leanas ina seilbh acu, féadfaidh siad an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a úsáid chun dintiúr taistil digiteach a chruthú bunaithe ar an doiciméad taistil sin le haghaidh aon úsáid amháin nó úsáid iolrach:

(a)doiciméad taistil arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004;

(b)cárta aitheantais arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) XXXX/XXXX [COM(2024)316 final];

(c)doiciméad taistil ina bhfuil na sonraí céanna agus a bhunaítear ar shonraíochtaí teicniúla atá comhoiriúnach leis na sonraíochtaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 agus lena mbeifear in ann barántúlacht, bailíocht agus sláine an doiciméid sin a fhíorú.

2.Leis an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha, déanfar foráil maidir leis an bhféidearthacht dintiúr taistil digiteach a stóráil le haghaidh úsáid iolrach i dTiachóg na Céannachta Digití Eorpaí, ar leagadh síos forálacha ina leith i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

3.Beidh an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha in ann na nithe seo a leanas a aisghabháil:

(a)dintiúr taistil digiteach a eisíodh nó a cruthaíodh roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 1(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 nó le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) XXXX/XXXX 50 [COM(2024)671 final];

(b)dintiúr taistil digiteach a cruthaíodh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

4.Náisiúnaigh tríú tír a bhfuil doiciméad taistil ina seilbh acu ina bhfuil meán stórála, féadfaidh siad, faoi réir infhaighteacht na ndeimhnithe bailí is gá chun a bharántúlacht a sheiceáil, an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a úsáid chun dintiúr taistil digiteach a chruthú le haghaidh aon úsáid amháin nó úsáid iolrach.

5.Sula gcruthófar dintiúr taistil digiteach i gcomhréir le míreanna 1 agus 4, fíorófar leis an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha sláine agus barántúlacht mheán stórála an doiciméid taistil agus meaitseálfar íomhá d’aghaidh an duine atá ag iarraidh an dintiúr taistil digiteach a chruthú leis an íomhá den aghaidh a stóráladh ar an meán stórála.

6.Is ar bhonn deonach a bheidh úsáid an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha, agus cruthú agus úsáid na ndintiúr taistil digiteach, ag daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais agus ag náisiúnaigh tríú tír, agus bunaithe ar a dtoiliú.

7.Ní áireofar méarloirg an tsealbhóra ar dhintiúir taistil dhigiteacha a chruthaítear de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 5

Sonraí taistil a bheidh le cur isteach ag taistealaithe

1.Is éard a bheidh sna sonraí taistil na sonraí seo a leanas maidir le gach taistealaí:

(a)dintiúr taistil digiteach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (31), de Rialachán (AE) 2016/399;

(b)an dáta agus an tam teachta nó imeachta a bheidh beartaithe;

(c)an Ballstát ina dtrasnaítear an teorainn sheachtrach;

2.Is féidir go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach taistealaí sna sonraí taistil freisin, i gcás inarb infheidhme:

(a)uimhir aitheantais na heitilte, cláruimhir na líne cúrsála, uimhir aitheantais na loinge agus cláruimhir na feithicle;

(b)doiciméid lena dtugtar údar le cuspóir agus le coinníollacha na tréimhse fanachta a bheidh beartaithe, mar a cheanglaítear le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399.

3.I ngach cás, beidh na sonraí taistil teoranta don mhéid is gá chun seiceálacha teorann a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399.

Airteagal 6

Sonraí taistil a tharchur chuig na húdaráis inniúla teorann

1.Tarchuirfidh an ródaire taistealaithe na sonraí taistil arna gcur isteach ag an taistealaí chuig an údarás inniúil teorann i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 16(1), pointe (a).

2.Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla teorann a údarófar chun na sonraí taistil a tarchuireadh chucu ón ródaire taistealaithe a fháil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuirfidh siad ainm agus sonraí teagmhála na núdarás inniúil teorann in iúl do eu-LISA, faoin [teacht i bhfeidhm an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha], agus i gcás inar gá, tabharfaidh siad an fhaisnéis a cuireadh in iúl cothrom le dáta.

Airteagal 7

Próiseáil sonraí pearsanta

1.Beidh na húdaráis inniúla teorann ina rialaitheoirí sonraí, de réir bhrí Airteagal 4, pointe 7, de Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le próiseáil sonraí taistil, ar sonraí pearsanta iad, a fhaightear tríd an ródaire taistealaithe.

2.Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil mar rialaitheoir sonraí agus cuirfidh sé na húdaráis sin in iúl don Choimisiún, do eu-LISA agus do na Ballstáit eile.

3.Is é eu-LISA a bheidh ina phróiseálaí sonraí de réir bhrí Airteagal 3, pointe 12, de Rialachán (AE) 2018/1725 chun sonraí taistil ar sonraí pearsanta iad a phróiseáil san fheidhmchlár móibíleach agus tríd an ródaire taistealaithe. Is é eu-LISA a bheidh ina rialaitheoir sonraí de réir bhrí Airteagal 3, pointe 9, de Rialachán (AE) 2018/1725 chun sonraí taistil a phróiseáil tríd an tseirbhís chúlbhailíochtaithe.

4.Ní stórálfar aon sonraí pearsanta ar an tseirbhís chúlbhailíochtaithe ná ar an ródaire taistealaithe thar a bhfuil riachtanach chun an dintiúr taistil digiteach a chruthú agus chun na sonraí taistil a tharchur chuig na húdaráis inniúla teorann.

5.Beidh úsáideoirí an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha in ann a dtoiliú lena sonraí pearsanta a phróiseáil ar an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a chúlghairm tráth ar bith.

Airteagal 8

An feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a bhunú agus a oibriú

1.Forbróidh eu-LISA an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha agus a chomhpháirteanna i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 16(1), pointe (a).

2.Áiritheoidh Bord Bainistíochta an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/817 go ndéanfar bainistiú leordhóthanach ar chéim forbartha an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha. Tiocfaidh Bord Bainistíochta an Chláir le chéile go rialta agus cuirfidh sé tuarascálacha i scríbhinn faoi bhráid Bhord Bainistíochta eu-LISA gach mí maidir le dul chun cinn na céime sin.

3.Áiritheoidh eu-LISA bainistiú oibríochtúil an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha agus go gcuirfear slándáil leordhóthanach ar fáil dó. Is é eu-LISA a dhéanfaidh an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a óstáil.

4.Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha idir-inoibritheach le Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

5.I gcás ina measfaidh eu-LISA go bhfuil forbairt an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha curtha i gcrích, déanfaidh sé an feidhmchlár a thástáil, gan moill mhíchuí, i gcomhar leis na húdaráis inniúla teorann agus le húdaráis ábhartha eile na mBallstát, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 16(1), pointe (c), agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi thoradh na tástála sin.

6.Baileoidh eu-LISA staidreamh maidir le húsáid an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha i gcomhréir le hAirteagal 16(1), pointe (b).

7.Déanfaidh eu-LISA cúraimí a bhaineann le hoiliúint a chur ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta maidir le húsáid theicniúil an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha.

Airteagal 9

Freagrachtaí na mBallstát

1.Beidh gach Ballstát freagrach as an méid seo a leanas:

(a)nasc slán a áirithiú idir a chóras náisiúnta agus an ródaire taistealaithe chun sonraí a tharchuirtear tríd an ródaire taistealaithe a fháil;

(b)forbairt, oibriú agus cothabháil an naisc dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)bainistiú agus socruithe a dhéanamh i ndáil le rochtain a bheith ag baill foirne chuíúdaraithe na núdarás teorann ar na sonraí a fhaightear tríd an ródaire taistealaithe chun seiceálacha teorann a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399.

2.Cuirfidh gach Ballstát oiliúint iomchuí ar fáil d’fhoireann na núdarás teorann a bheidh i dteideal rochtain a fháil ar na sonraí a tharchuirtear tríd an ródaire taistealaithe, oiliúint a chumhdóidh, go háirithe, rialacha maidir le slándáil sonraí agus cosaint sonraí agus na cearta bunúsacha is infheidhme sula núdarófar dóibh na sonraí sin a phróiseáil.

Airteagal 10

Feachtas faisnéise

Tacóidh an Coimisiún, i gcomhar le eu-LISA, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta teorann, le tús a chur le hoibriú an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha trí bhíthin feachtas faisnéise chun an pobal a chur ar an eolas faoi na cuspóirí, na críocha, na príomhoibríochtaí próiseála agus gnéithe eile den chosaint sonraí agus de shlándáil sonraí agus cásanna úsáide an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha.

Airteagal 11

Costais

1.Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais a thabhóidh eu-LISA i ndáil le forbairt, oibriú, óstáil agus bainistiú teicniúil an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha faoin Rialachán seo.

2.Is iad na Ballstáit a íocfaidh na costais a thabhóidh na Ballstáit i ndáil lena naisc shlána a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil chun sonraí arna dtarchur tríd an ródaire taistealaithe a fháil.

Airteagal 12

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 mar a leanas:

(1)in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘1a. Arna iarraidh sin don iarratasóir, beidh dintiúr taistil digiteach ag gabháil le pasanna agus doiciméid taistil arna n‑eisiúint ag na Ballstáit chuig a náisiúnaigh féin, a mbainfidh an méid seo a leanas leo:

(a)beidh siad bunaithe ar na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 2, pointe (d);

(b)beidh siad i bhformáid lenar féidir iad a stóráil i dTiachóga Eorpacha Céannachta Digití , a leagtar síos forálacha ina leith i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(c)beidh siad saor in aisce;

(d)beidh na sonraí pearsanta céanna orthu, lena náirítear an íomhá den aghaidh, agus a bheidh ar an bpas nó ar an doiciméad taistil a ndéantar iad a eisiúint nó a chruthú bunaithe air.

Chun críoch phointe (d), ní bheidh méarloirg an tsealbhóra sna dintiúir taistil dhigiteacha a eiseofar nó a chruthófar de bhun an Airteagail seo.

Cumasóidh na Ballstáit fíordheimhniú agus bailíochtú na ndintiúr digiteach taistil i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach de bhun Airteagal 2, pointe (d).

_____________

* Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE, (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’;

(2)in Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(d) sonraíochtaí teicniúla, lena n‑áirítear nósanna imeachta agus ceanglais maidir le dintiúir taistil dhigiteacha, a scéimre sonraí agus formáid na sonraí sin, a n‑eisiúint, a bpróiseas nochta, a bhfíordheimhniú agus a mbailíochtú, a gcúlghairm, a samhail iontaoibhe agus a mbailíocht.’.

(3)in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4. Ceadóidh na Ballstáit do pháirtithe leasmhara ábhartha, a bheidh bainteach leis an bpróiseas chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú, rochtain a fháil ar an meán stórála i bpasanna agus i ndoiciméid taistil, cé is moite de mhéarloirg, le toiliú an duine ar eisíodh an pas nó an doiciméad taistil dó.”

Airteagal 13

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/399

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 mar a leanas:

(1)in Airteagal 2, cuirtear isteach pointí 31 go 34:

‘31. ciallaíonn ‘dintiúr taistil digiteach’ an léiriú digiteach ar chéannacht duine arna eisiúint nó arna chruthú de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) XXXX/XXXX [COM(2024)670 final]*, Airteagal 1(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004**, nó Airteagal 2 de Rialachán (AE) XXXX/XXXX [COM(2024)671 final]***;

32. ciallaíonn an ‘feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha’ an córas arna bhunú le Rialachán (AE) .../... [COM(2024) 670 final] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

33. ciallaíonn ‘seiceáil teorann roimh ré’ na seiceálacha a dhéantar ar dhaoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais ar bhonn dintiúr taistil digiteach agus sonraí ábhartha eile;

34. ciallaíonn ‘imréiteach roimh ré’ comhlíonadh roinnt de na coinníollacha maidir le dul isteach, nó comhlíonadh na gcoinníollacha uile, a fhíorú le haghaidh náisiúnach tríú tír ar bhonn dintiúr taistil digiteach agus sonraí ábhartha eile agus lena dtacaítear le seiceálacha teorann a dhéanamh.

_______________

* Rialachán (AE) …/… an … lena mbunaítear feidhmchlár le haghaidh cur isteach leictreonach sonraí taistil (an ‘feidhmchlár Digiteach Taistil AE’) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/399 agus (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le húsáid dintiúr digiteach taistil (IO …), […], lch. […], ELI: …). ].

**Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n‑eisiúint ag Ballstáit (IO L 385, 29.12.2004, lch. 1).

*** Rialachán (AE) .../... ón gComhairle an ... maidir le dintiúir taistil dhigiteacha bunaithe ar chártaí aitheantais a eisiúint agus caighdeáin theicniúla a leagan síos ina leith (IO L ...], [...], lch. [...], ELI:...).”;

(2)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘2g. Déanfar na seiceálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo roimh ré tráth nach déanaí ná 36 uair an chloig roimh an dáta agus an am teachta nó imeachta a bheidh beartaithe, dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) .../... [COM(2024) 670 final], i gcás ina bhfuarthas sonraí i gcomhréir le hAirteagal 8ba(1) den Rialachán seo. I gcás ina ndéantar na seiceálacha sin roimh ré, féadfar na sonraí a fhaightear a sheiceáil ag an bpointe trasnaithe teorann i gcoinne na sonraí sa doiciméad fisiciúil taistil nó sa dintiúr taistil digiteach. Fíorófar céannacht an duine lena mbaineann chomh maith le barántúlacht agus sláine an doiciméid fhisiciúil taistil nó an dintiúir dhigitigh taistil.

Sula gcuirfear tús le hoibríochtaí an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha, dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) .../... [COM(2024)670 final], féadfar na seiceálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh roimh ré tráth nach déanaí ná 36 uair an chloig roimh an dáta agus an t‑am teachta nó imeachta atá beartaithe, i gcás ina bhfuarthas sonraí roimh ré ar bhonn an dintiúir dhigitigh taistil. I gcás ina ndéantar na seiceálacha sin roimh ré, féadfar na sonraí a fhaightear a sheiceáil ag an bpointe trasnaithe teorann i gcoinne na sonraí sa doiciméad fisiciúil taistil nó sa dintiúr taistil digiteach. Fíorófar céannacht an duine lena mbaineann chomh maith le barántúlacht agus sláine an doiciméid fhisiciúil taistil nó an dintiúir dhigitigh taistil.’;

(b)i mír 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(j) i gcás ina bhfuarthas dintiúr taistil digiteach roimh ré, beidh feidhm ag mír 3a den Airteagal seo.’;

(c)cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3a. Fíorófar comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le dul isteach dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo roimh ré tráth nach déanaí ná 36 uair an chloig roimh an dáta agus an am teachta nó imeachta atá beartaithe, dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) .../... [COM(2024)670 final], i gcás ina bhfuarthas sonraí i gcomhréir le hAirteagal 8ba(2) den Rialachán seo. I gcás ina ndéantar na seiceálacha sin roimh ré, féadfar na sonraí a fhaightear a sheiceáil ag an bpointe trasnaithe teorann i gcoinne na sonraí sa doiciméad fisiciúil taistil nó sa dintiúr taistil digiteach. Fíorófar céannacht an duine lena mbaineann chomh maith le barántúlacht agus sláine an doiciméid fhisiciúil taistil nó an dintiúir dhigitigh taistil.

Sula gcuirfear tús le hoibríochtaí an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha, dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) .../... [COM(2024) 670 final], féadfar na coinníollacha maidir le dul isteach dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo a chomhlíonadh roimh ré tráth nach déanaí ná 36 uair an chloig roimh an dáta agus an am teachta nó imeachta atá beartaithe, i gcás ina bhfuarthas sonraí roimh ré ar bhonn an dintiúir dhigitigh taistil. I gcás ina ndéantar na seiceálacha sin roimh ré, féadfar na sonraí a fhaightear a sheiceáil ag an bpointe trasnaithe teorann i gcoinne na sonraí sa doiciméad fisiciúil taistil nó sa dintiúr taistil digiteach. Fíorófar céannacht an duine lena mbaineann chomh maith le barántúlacht agus sláine an doiciméid fhisiciúil taistil nó an dintiúir dhigitigh taistil.’;

(d)cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘10. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun íoschaighdeáin a bhunú maidir le teicneolaíocht, modhanna agus nósanna imeachta atá le húsáid chun barántúlacht agus bailíocht doiciméad taistil a fhíorú, lena n‑áirítear ceadanna cónaithe, víosaí agus víosaí fadfhanachta, agus dintiúir taistil dhigiteacha de réir an Airteagail seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).’;

(3)in Airteagal 8a, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4a. De rogha ar mhír 4, pointe (b)(ii), féadfar an fíorú a dhéanamh:

(a) le bearta teicniúla éifeachtacha agus comhréireacha agus;

(b) trí fhíoruithe randamacha dá dtagraítear i mír 4, pointe (b)(ii) a dhéanamh.

Ní bheidh an fíorú malartach sin ag brath ar an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha amháin.’;

(4)cuirtear an tairteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 8ba

Úsáid an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha

1. Daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil dintiúr taistil digiteach ina seilbh acu, féadfaidh siad an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a úsáid chun críoch seiceálacha teorann roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 8(2g).

2. Féadfaidh náisiúnaigh tríú tír, lena n‑áirítear iad siúd atá faoi réir clárú in EES, an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a úsáid chun críoch imréitigh roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 8(3), pointe (j).’

Airteagal 14

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/1726

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 mar a leanas:

(1)cuirtear an tairteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 8d

Cúraimí a bhaineann leis an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha

I ndáil leis an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) na cúraimí arna dtabhairt di le Rialachán (AE) .../... [COM(2024)670 final] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;

(b) cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha.

___________

* Rialachán (AE) …/… an … lena mbunaítear feidhmchlár le haghaidh cur isteach leictreonach sonraí taistil (an ‘feidhmchlár Digiteach Taistil AE’) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/399 agus (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le húsáid dintiúr digiteach taistil  (IO…), […], lch. […], ELI: …).’;

(2)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar na forbairtí i dtaighde is ábhartha do bhainistiú oibríochtúil SIS II, VIS, Eurodac, EES, ETIAS, DubliNet, ECRIS‑TCN, chóras e-CODEX, ardán comhair na bhFoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú, an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha agus chórais mhórscála TF eile dá dtagraítear in Airteagal 1(5).’;

(3)in Airteagal 19, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ee):

‘(ee) na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt EES de bhun Airteagal 72(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt ETIAS de bhun Airteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2018/1240, na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt ECRIS‑TCN agus ar chur chun feidhme thagairt ECRIS de bhun Airteagal 36(3) de Rialachán (AE) 2019/816 agus na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) .../...[COM(2024) 670 final] ;’;

(b)i bpointe (ff), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(x) an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha de bhun Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) .../... [COM(2024)670 final] ;’;

(c)cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(llb) staidreamh a thiomsú agus a fhoilsiú a bhaineann le húsáid an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha de bhun Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) .../... [COM(2024)670 final];”;

(4)in Airteagal 22(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an seachtú fomhír:

‘Féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta freastal mar bhreathnóir ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann leis an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/399 ar an gclár oibre.’;

(5)in Airteagal 24(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (u):

‘(u) na tuarascálacha a ullmhú maidir le forbairt EES dá dtagraítear in Airteagal 72(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2017/2226, maidir le forbairt ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 agus maidir le forbairt an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) .../... [COM(2024)670 final] agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;’.

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Tús oibríochtaí an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha

1.Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna gcuirfear tús le hoibríochtaí an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chuirfidh eu-LISA an Coimisiún ar an eolas faoi chur i gcrích rathúil na tástála ar an bhfeidhmchlár dá dtagraítear in Airteagal 8(5).

2.Socróidh an Coimisiún nach mbeidh an dáta dá dtagraítear sa chéad mhír níos déanaí ná 30 lá ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme sin.

Airteagal 16

Gníomhartha cur chun feidhme

1.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas:

(a)ailtireacht theicniúil an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha a bhunú agus na sonraíochtaí teicniúla a bhunú le haghaidh an fheidhmchláir mhóibíligh, na seirbhísí cúil agus an ródaire taistealaithe;

(b)an staidreamh a bhunú a bheidh le bailiú ag eu-LISA maidir le húsáid an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha;

(c)na sonraíochtaí a bhunú le haghaidh thástáil an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha roimh thús a oibríochta;

(d)cinneadh a dhéanamh maidir le tús oibríochtaí an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha ag eu-LISA.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

Airteagal 17

Nós imeachta coiste

1.Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 18

Monatóireacht agus meastóireacht

1.Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

2.Faoin 1 Eanáir 2028 agus gach 12 mhí ina dhiaidh sin le linn na céime forbartha, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha.

3.Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 faisnéis mhionsonraithe faoi na costais a tabhaíodh agus faisnéis faoi aon rioscaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chostais fhoriomlána an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha a bheidh le híoc as buiséad ginearálta an Aontais. Áireofar sa tuarascáil freisin faisnéis mhionsonraithe faoi chur chun feidhme teicniúil an tionscadail agus aon fhadhb theicniúil agus riosca teicniúil a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fhorbairt fhoriomlán agus ar theacht i bhfeidhm an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha.

4.A luaithe a bheidh céim forbartha an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha tugtha chun críche, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina míneofar an chaoi ar gnóthaíodh na cuspóirí, go háirithe i dtaca le pleanáil agus costais, agus ina dtabharfar údar maith le haon chás inar imíodh óna raibh socraithe.

5.Faoin... [5 bliana tar éis thús oibríochtaí an fheidhmchlár Dhigitigh Taistil AE], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha agus ar a úsáid. Áireofar sa tuarascáil fhoriomlán meastóireachta, arna bunú ar an mbonn sin, measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus scrúdú ar na torthaí a gnóthaíodh i gcomparáid leis na cuspóirí a leagadh síos agus ar an tionchar ar chearta bunúsacha. Áireofar sa tuarascáil freisin measúnú foriomlán ar cé acu atá nó nach bhfuil an bhunréasúnaíocht le haghaidh oibriú an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha fós ann, ar oiriúnacht ghnéithe teicniúla an fheidhmchláir, ar shlándáil an fheidhmchláir agus ar aon impleachtaí ar oibríochtaí amach anseo. Áireofar moltaí riachtanacha sa mheastóireacht. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

Airteagal 19

Grúpa comhairleach

Leathnófar freagrachtaí Ghrúpa Comhairleach Idir-inoibritheachta eu-LISA dá dtagraítear in Airteagal 75 de Rialachán (AE) 2019/817 chun an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a chumhdach. Tiocfaidh an Grúpa Comhairleach le chéile go rialta go dtí go gcuirfear tús le hoibríochtaí an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha. Tabharfaidh sé tuarascáil do Bhord Bainistíochta an Chláir tar éis gach cruinnithe. Soláthróidh an Grúpa Comhairleach sin do eu-LISA saineolas a bhaineann leis an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha go háirithe agus a chlár oibre bliantúil agus a thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí á n‑ullmhú aige. Cuirfidh sé saineolas teicniúil ar fáil freisin chun tacú le cúraimí Bhord Bainistíochta an Chláir agus déanfaidh sé an obair leantach a bhaineann le staid an ullmhúcháin sna Ballstáit.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 12(1), áfach, ón [dhá mhí dhéag tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (d) de Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Is do theorainneacha seachtracha limistéar Schengen a thagraíonn teorainneacha seachtracha gach áit sa doiciméad.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).
(3)    Rialachán (AE) 2017/458 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le hathneartú seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha (IO L 74, 18.3.2017, lch. 1).
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1)
(5)    Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
(6)    Staidreamh arna sholáthar ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex).
(7)    SWD(2022) 422 final, lch. 3.
(8)    An tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI): An tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú (europa.eu) .
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, A strategy towards a fully functioning and resilient Schengen area [Straitéis i dtreo limistéar Schengen atá lánfheidhmiúil agus athléimneach] (COM/2021/277 final).
(10)    An dara fomhír d’Airteagal 8(2), an dara fomhír d’Airteagal 8(3)(a)(i) agus an dara fomhír d’Airteagal 8(3)(g)(i) de Chód Teorainneacha Schengen.
(11)    Tugadh é sin faoi deara i roinnt meastóireachtaí Schengen a rinneadh le déanaí.
(12)    Chonacthas easnaimh freisin le linn mheastóireachtaí Schengen maidir le cigireacht fhisiciúil ar dhoiciméid taistil i roinnt Ballstát. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh mar gheall ar acmhainneachtaí neamhleora, go háirithe le linn buaic-amanna, easpa oiliúna nó easpa trealaimh cigireachta.
(13)    Ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ina doiciméad dar teideal European Union Document Fraud, Risk Analysis for 2023 [Calaois Doiciméad an Aontais Eorpaigh, Anailís Riosca le haghaidh 2023. Is scáththéarma é ‘doiciméid chalaoiseacha’ lena gcumhdaítear doiciméid bhrionnaithe, doiciméid ghóchumtha agus doiciméid bharántúla in úsáid ag duine seachas an sealbhóir ceart (calaois an phasadóra/calaois bunaithe ar an gcosúlacht).
Tagraíonn ‘
doiciméid ghóchumtha’ do dhoiciméid a táirgeadh go neamhdhleathach ón tús chun dlúthaithris a dhéanamh ar dhoiciméad barántúil.
Tagraíonn ‘
doiciméid bhrionnaithe’ do dhoiciméid a d’eisigh údarás dlisteanach, ach a athraíodh go neamhdhleathach ar bhealach éigin, e.g. tríd an ngrianghraf, na leathanaigh nó na sonraí a athrú nó trí bhaint de stampaí dul isteach/imeachta. Chomh maith le pasanna agus cártaí aitheantais, tá ceadanna cónaithe agus víosaí san áireamh sna figiúirí.
(14)    Dintiúir Taistil Dhigiteacha (DTD), Struchtúr Sonraí Comhpháirt Fhíorúil agus Sásraí Bonneagair Eochrach Phoiblí (PKI), leagan 1.2 den tuarascáil theicniúil, Deireadh Fómhair 2020.
(15)    Raja Rajavartiolaitos, ‘Finland and Croatia are testing digital travel credentials in external border traffic in a DTC Pilot project’, 3.2.2023, le fáil ar líne ag: https://raja.fi/-/suomi-ja-kroatia-kokeilevat‑digitaalisen‑matkustusasiakirjan‑kayttoa-ulkorajaliikenteessa-dtc-pilottiprojektissa?languageId=en_US ; Rialtas na hÍsiltíre, ‘Dutch participation in European DTC pilot’, 27.10.2023, le fáil ar líne ag: https://www.government.nl/documents/publications/2023/02/23/dtc .
(16)    Féach an tuarascáil ar an measúnú tionchair (SWD(2024) 671 final) chun tuilleadh sonraí a fháil.
(17)    Rialachán (AE) 2023/2667 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009 agus (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle agus an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, a mhéid a bhaineann le digitiú an nós imeachta víosa (IO L, 2023/2667, 7.12.2023).
(18)    Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
(19)    Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
(20)    Rialachán (AE) XXXX/XXXX ón gComhairle an XXX maidir le heisiúint dintiúr taistil digiteach bunaithe ar chártaí aitheantais agus maidir le caighdeáin theicniúla ina leith (IO L [...], [...], lch. [...], ELI: XXXX).
(21)     Deacáid Dhigiteach na hEorpa: spriocanna digiteacha le haghaidh 2030 | An Coimisiún Eorpach (europa.eu) .
(22)    IO C 23, 23.1.2023, lch. 1.
(23)    Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.4.2024).
(24)    Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna neisiúint ag Ballstáit (IO L 385, 29.12.2004, lch. 1).
(25)    CBAE, breithiúnas an 17.10.2013, Cás C-291/12 Michael Schwarz v Stadt Bochum.
(26)    Suirbhé speisialta Eorabharaiméadair 539, ‘Doiciméid taistil a dhigitiú agus taisteal a éascú’, Meán Fómhair 2023, le fáil ar líne: https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2967 .
(27)    SWD(2024) 671 final
(28)    SEC(2024) 670; Ares(2023)8616773
(29)    Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún lena mbunaítear ‘Lámhleabhar Praiticiúil do Ghardaí Teorann (Lámhleabhar Schengen)’, lámhleabhar coiteann a bheidh le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát le linn dóibh rialú teorann ar dhaoine a dhéanamh agus a chuirfear in ionad Mholadh (C (2019) 7131 final).
(30)    Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 (IO L 160, 15.6.2022, lch. 1).
(31)    Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna neisiúint ag Ballstáit (IO L 385, 29.12.2004, lch. 1).
(32)    Rialachán (AE) 2019/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna neisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta (IO L 188, 12.7.2019, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1157/oj).
(33)    Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).
(34)    Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1)
(35)    Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
(36)    Rialachán (AE) XXXX/XXXX ón gComhairle an XXX maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n‑eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta (IO L XX, XXX, p. X, ELI XXX)
(37)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(38)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí mar sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj ).
(39)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj ).
(40)    Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).
(41)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(42)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(43)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(44)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(45)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(46)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(47)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(48)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(49)    [IO C...]
(50)    Rialachán (AE) XXXX/XXXX ón gComhairle an XXX maidir le dintiúir taistil dhigiteacha bunaithe ar chártaí aitheantais a eisiúint agus caighdeáin theicniúla a leagan síos ina leith (IO L [...], [...], lch. [...], ELI: XXXX).
Top

Strasbourg, 8.10.2024

COM(2024) 670 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear feidhmchlár chun sonraí taistil a chur isteach go leictreonach (an ‘feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha’) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/399 agus (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le húsáid dintiúr taistil digiteach

{SEC(2024) 670 final} - {SWD(2024) 670 final} - {SWD(2024) 671 final} - {SWD(2024) 672 final}


IARSCRÍBHINN

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear feidhmchlár chun sonraí taistil a chur isteach go leictreonach (an ‘feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha’) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/399 agus (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Gnóthaí baile

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 1  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Éifeachtacht agus éifeachtúlacht bhainistiú na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú, rud a chuirfidh le limistéar saoirse, slándála agus ceartais níos sábháilte agus le dea-fheidhmiú an limistéir gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha (limistéar Schengen).

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóirí sonracha:

1. Slándáil i limistéar Schengen agus éifeachtúlacht bhainistiú na dteorainneacha seachtracha a mhéadú:

Caighdeán aonfhoirmeach a bhunú le haghaidh dintiúir taistil dhigiteacha (DTDanna) le haghaidh na dteorainneacha seachtracha ar bhealach comhordaithe ag na Ballstáit uile, lena gcothófar an idir-inoibritheacht agus na deiseanna comhair amach anseo;

Deis a thabhairt don taistealaí dintiúr taistil digiteach a chur isteach ar bhealach slán tráthúil sula ndéantar turas, rud a chuirfidh le hiontaofacht na sonraí a chuirtear faoi bhráid na núdarás rialaithe teorann freisin;

Cead a thabhairt do na húdaráis rialaithe teorann seiceálacha roimh ré a dhéanamh ar na sonraí sin chun scrogaill tráchta agus an tam a chaitear ag an bpointe trasnaithe teorann a laghdú;

Íosleibhéal aibíochta digití a bhaint amach i measc na mBallstát uile i réimse an bhainistithe teorainneacha;

2. Trasnú teorann níos rianúla agus níos tapúla a chur ar a gcumas do thaistealaithe.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Éascófar agus luathófar an trasnú teorainneacha seachtracha a dhéanann na taistealaithe uile, gan beann ar a náisiúntacht, trí bhíthin seiceálacha teorann níos éifeachtúla ar bhonn na seiceálacha roimh ré atá bunaithe ar na dintiúir taistil dhigiteacha arna gcur isteach ag taistealaithe. Cuirtear dlús freisin leis na próisis, agus luaithaítear náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an Chórais Dul Isteach/Imeachta, trí dheis a thabhairt dóibh sonraí a réamhchlárú go cianda trí dhintiúir taistil dhigiteacha a úsáid.

Bunóidh eu-LISA an feidhmchlár AE um shonraí taistil dhigiteacha agus oibreoidh sé é a luaithe is féidir ón dáta a ghlacfar an togra reachtach.

Tairbheoidh oibreoirí calafort iontrála (e.g. aerfoirt agus calafoirt) d'amanna trasnaithe teorann níos giorra.

Is féidir le hiompróirí tairbhiú go hindíreach den fhíric go bhféadfadh dintiúir taistil dhigiteacha a bheith ag taistealaithe, trína chomhtháthú ina bhfeidhmchláir an fhéidearthacht na dintiúir sin a úsáid chun ticéid a cheannach, seiceáil isteach agus réamhfhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú ar bhealach uathoibrithe cruinn.

Tairbheoidh na húdaráis bainistithe teorainneacha de bheith in ann seiceálacha teorann roimh ré a dhéanamh ar dhaoine ar bhonn dintiúir taistil dhigiteacha, rud nach féidir a dhéanamh faoi láthair. Is féidir leis na húdaráis teorann barántúlacht agus sláine na ndoiciméad taistil a fhíorú agus acmhainní a phleanáil agus a bhainistiú ar bhealach níos fearr trí réamh‑imréiteach a dhéanamh ar thaistealaithe a úsáideann dintiúir taistil dhigiteacha sula dtaistealaíonn siad.

Tairbheoidh an tAontas ann féin agus a shaoránaigh go hindíreach agus go díreach den tslándáil mhéadaithe agus d’fheidhmiú níos fearr an limistéir gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Cuspóir sonrach Uimh. 1 – caighdeán agus comhéadan teicniúil coiteann a bhunú chun dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid

-    Glacadh rathúil na ngníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla maidir le dintiúir taistil dhigiteacha, ailtireacht theicniúil an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha, an feidhmchlár móibíleach, seirbhísí cúil agus an ródaire taistealaithe, bailiú staidrimh, tástáil an fheidhmchláir 'Travel Europe' roimh thús a oibríochta agus an gníomh cur chun feidhme chun tús oibriú an fheidhmchláir a chinneadh

-    Tús oibriú an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha (deireadh 2030 an sprioc)

Cuspóir sonrach Uimh. 2 – deis a thabhairt do thaistealaithe dintiúir taistil dhigiteacha a chruthú agus a chur faoi bhráid na n‑údarás teorann agus seiceálacha roimh ré a chumasú

-    Sciar na mBallstát atá nasctha leis an ródaire taistealaithe faoi dháta theacht i bhfeidhm an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha (100 % an sprioc)

-    An líon údaráis náisiúnta teorann a fhaigheann faisnéis ón ródaire taistealaithe

-    An líon dintiúir taistil dhigiteacha a cruthaíodh leis an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha (sprioc: méadú de réir a chéile óna theacht i bhfeidhm + 5 bliana)

-    An líon earráidí maidir le dintiúir taistil dhigiteacha a chruthú agus a chur isteach ar bhonn doiciméid taistil a chomhlíonann ceanglais ICAO 2 (0 % an sprioc, ach na sonraí a líonadh isteach i gceart)

-    An líon dintiúir taistil dhigiteacha arna niarraidh ag saoránaigh den Aontas i gcomhar leis an iarratas chun doiciméid fhisiciúla taistil a fháil (pasanna agus cártaí aitheantais) (sprioc: méadú de réir a chéile ó 0 go 25 % d’iarratasóirí óna theacht i bhfeidhm + 2 bhliain)

-    An líon taistealaithe a úsáideann an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha chun a ndintiúir taistil dhigiteacha a chur isteach roimh thaisteal

-    Cóimheas: An líon taistealaithe a úsáideann dintiúir taistil dhigiteacha chun teorainneacha seachtracha a thrasnú vs an líon taistealaithe nach núsáideann ach a ndoiciméid fhisiciúla taistil (sprioc 30 % 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha)

-    Cóimheas: an líon taistealaithe a seiceáladh roimh ré vs an líon taistealaithe a chuir a ndintiúir taistil dhigiteacha isteach (sprioc 100 %)

-    An sciar de na doiciméid chalaoiseacha agus de na hamais chalaoiseacha a braitheadh le linn na seiceálacha roimh ré i mbunachair sonraí (sprioc 100 %)

-    Meánam in aghaidh na seiceála teorann ag an bpointe trasnaithe teorann fisiciúil do thaistealaithe a bhfuil a ndintiúr taistil digiteach curtha isteach acu (sprioc < 10 soicind in aghaidh an duine)

Cuspóir sonrach Uimh. 3 – taisteal trasteorann a éascú

-    Meánamanna feithimh le haghaidh shaoránaigh an Aontais ag pointí trasnaithe teorann (sprioc: laghdú de réir a chéile ó na hamanna feithimh atá ann faoi láthair tar éis theacht i bhfeidhm an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha – ní féidir é a chainníochtú ós rud é go bhfuil mórdhifríocht sna socruithe bonneagair)

-    Meánamanna feithimh le haghaidh náisiúnach tríú tír ag pointí trasnaithe teorann (sprioc: laghdú de réir a chéile ó na hamanna feithimh atá ann faoi láthair tar éis theacht i bhfeidhm an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha – ní féidir é a chainníochtú ós rud é go bhfuil mórdhifríocht sna socruithe bonneagair)

-    An meánam a thógann sé ar náisiúnaigh tríú tír a d’úsáid dintiúir taistil dhigiteacha sonraí a réamhchlárú le haghaidh an Chórais Dul Isteach/Imeachta (sprioc: laghdú 20 soicind ar a laghad in aghaidh an duine)

-    An meánam a thógann sé ar thaistealaithe a bhfuil a ndintiúir taistil dhigiteacha curtha isteach acu dul faoin tseiceáil ag an bpointe trasnaithe teorann fisiciúil (sprioc: <10 soicind in aghaidh an duine).

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Éilítear leis an tionscnamh go bhforbrófar an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha, agus go ndéanfar é a chothabháil agus a oibriú ina dhiaidh sin.

Sa chéim deartha agus forbartha, forbróidh eu-LISA na comhpháirteanna teicniúla is gá chun an feidhmchlár a oibriú. Beidh an amlíne bheacht ag brath ar ghlacadh an rialacháin atá beartaithe (agus ar ábhar beacht an rialacháin) agus ar sheachadadh na gcomhpháirteanna teicniúla a bhféadfadh cuid acu a bheith nasctha le tionscadail forbartha eile atá ar siúl in eu-LISA. Tá sé beartaithe go saorfaí acmhainní daonna a d’fhéadfaí a athshannadh chun an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a fhorbairt dá gcuirfí tionscadail forbartha eile laistigh de eu-LISA i gcrích.

Rinneadh toimhdí go nglacfaí an rialachán atá beartaithe faoi dheireadh 2025, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí tús a chur leis na hullmhúcháin, lena n‑áirítear earcaíocht do phróifílí áirithe laistigh de 2026 agus go luath in 2027. Tá tréimhse cur chun feidhme 3 bliana beartaithe ag eu-LISA don tionscadal mar gheall ar an bpróiseas sainmhínithe ceanglas, rannpháirtíocht chasta na bpáirtithe leasmhara chomh maith le tástáil sheachtrach fhairsing.

Ba cheart tús a chur le feidhmiú an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha faoi 2030. Beidh sé sin ag brath ar thástáil rathúil a bheith déanta ar an bhfeidhmchlár. Ní fhoráiltear maidir le hidirthréimhse ar leith, agus ba cheart na comhpháirteanna teicniúla is gá a bheith forbartha ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun nascadh leis an gcomhpháirt ródaire taistealaithe den fheidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha tráth a chuirfear tús le hoibriú an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha.

Sula bhforbrófar an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha, áfach, d’fhéadfadh na Ballstáit roghnú a bheith páirteach i ndintiúir taistil dhigiteacha agus iad a chur chun feidhme (de réir fhorálacha an rialacháin atá beartaithe) faoi thionscadail náisiúnta.



1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex-ante)

Leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cumhachtaítear an tAontas go sainráite comhbheartas a fhorbairt maidir leis na seiceálacha a mbeidh daoine faoina réir agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha agus bearta a ghlacadh chun córas comhtháite bainistithe le haghaidh na dteorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile. Is cuspóirí soiléire iad sin atá le saothrú ar leibhéal an Aontais chun dea-fheidhmiú na dteorainneacha seachtracha agus an limistéir gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha a áirithiú, chun slándáil a chur chun cinn san Aontas agus chun inimirce neamhdhleathach a chomhrac.

Cé nach gceadaítear le creat dlíthiúil reatha an Aontais dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun barántúlacht agus sláine na ndoiciméad taistil a fhíorú go cianda i seiceálacha teorann, ní féidir leis na Ballstáit féin dintiúir taistil dhigiteacha a thabhairt isteach go héifeachtach ar bhealach aonfhoirmeach chun na cuspóirí a bhaint amach.

Dá bhrí sin, b’fhiú go mór an togra seo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an tslándáil agus le héascú taistil a mbíonn tionchar acu ar an tslándáil ar fud an Aontais agus ar fheidhmiú cuí na dteorainneacha seachtracha. Le gníomhaíocht chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais, chuirfí bearta comhchuibhithe i bhfeidhm chun dintiúir taistil dhigiteacha a bhunú agus chun gur féidir iad a úsáid i gcomhthéacs seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha.

Breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex post)

Ba cheart go mbainfeadh údaráis teorann tairbhe as dintiúir dhigiteacha taistil a thabhairt isteach trína chur ar a gcumas barántúlacht agus sláine doiciméad taistil a fhíorú agus na bunachair sonraí ábhartha a cheadú sula sroicheann taistealaithe an pointe trasnaithe teorann ar bhealach níos éifeachtúla ná mar atá inniu ann. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí acmhainní a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus taistealaithe ardriosca agus doiciméid chalaoiseacha a bhrath ar bhealach níos fearr, ós rud é go ndéanfaí roinnt taistealaithe a réamh‑imréiteach agus a phróiseáil go tapa ag an bpointe trasnaithe teorann.

Cé go ndírítear sa rialachán atá beartaithe ar dhintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun teorainneacha seachtracha a thrasnú, ach sainmhíniú dlíthiúil ar dhintiúir taistil dhigiteacha a thabhairt isteach, d’fhéadfadh sé freisin dul chun tairbhe na n‑údarás atá freagrach as iarratais ar víosaí agus iarratais ar an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a phróiseáil agus é a chur ar a gcumas dóibh barántúlacht agus sláine na ndoiciméad taistil a úsáideann iarratasóirí a fhíorú (go cianda). Tá feidhm aige sin freisin maidir le húdaráis inimirce a phróiseálann iarratais ar chead cónaithe arna gcur isteach ag náisiúnaigh tríú tír i dtríú tír.

Leis an rialachán atá beartaithe, chuirfí ar chumas taistealaithe aonair (saoránaigh den Aontas agus náisiúnaigh tríú tír araon) dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid chun críoch trasnaithe teorann seachtraí. Baineann tairbhí leis sin i dtéarmaí níos lú ama a chaitheamh ag pointí trasnaithe teorann agus níos lú deacrachta mar gheall ar shonraí mílitrithe nó sonraí a dhearbhaítear de láimh go mícheart. D’fhéadfadh earráidí i sonraí féindearbhaithe a bheith ina gcúis le ham feithimh breise nó fiú le diúltú cead isteach nó le diúltú dul ar bord feithicil iompair.

Ós rud é go mbunófaí leis an tionscnamh caighdeán dlíthiúil le haghaidh dintiúir taistil dhigiteacha, d’fhéadfaí na cineálacha úsáide a bhainfí as a ionchorprú sna córais náisiúnta, go háirithe le leathadh amach na céannachta digití agus na dTiachóg Eorpaí Céannachta Digití. D’fhéadfadh saoránaigh den Aontas leas níos fearr a bhaint as sonraí na slise ina bpas nó ina gcárta aitheantais chun sainaithint shlán a dhéanamh in idirbhearta ar líne agus in idirbhearta fisiciúla araon.

Rachaidh an tionscnamh chun tairbhe do dhaoine aonair freisin, má dhéanann iompróirí (e.g. aerlínte, cóistí, traenacha agus longa) próiseáil na ndintiúr taistil digiteach a chomhtháthú ina gcórais áirithinte agus seiceála isteach. D’fhéadfadh sé sin deis a thabhairt do phaisinéirí dul faoi sheiceálacha áirithe – seiceálacha a dhéantar go fisiciúil faoi láthair ag moil iompair, e.g., le linn seiceáil isteach, titim bagáiste nó bordáil – go hiomlán ó chian agus breis ama a shábháil agus níos lú stró a bheith orthu freisin.

Ós rud é go mbeadh úsáid dintiúir taistil dhigitigh deonach agus saor in aisce do dhaoine aonair, níl aon chostas airgeadais beartaithe. Bhainfeadh an t‑aon infheistíocht a bheadh ag teastáil ó dhaoine aonair leis an am a thógann sé dintiúr taistil dhigiteacha a dhíorthú ó phas nó cárta aitheantais an taistealaí atá ann cheana, rud a d’fhéadfaí a dhéanamh go cianda.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Cé gurb é seo an chéad uair don Aontas (nó d’aon eintiteas eile) dintiúir taistil dhigiteacha a thabhairt isteach chun críoch seiceála teorann, foghlaimíodh roinnt ceachtanna ó thionscadail forbartha TF roimhe seo agus ó na treoirthionscadail atá ar siúl i dtrí Bhallstát maidir le dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid (féach Iarscríbhinn 5 den mheasúnú tionchair chun tuilleadh sonraí a fháil).

I gcomhthéacs córais láraithe eile de chuid an Aontais a fhorbairt (Córas Faisnéise Víosaí, Córas Faisnéise Schengen), tugadh faoi deara go bhféadfadh róchaiteachas agus moilleanna a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme na comhpháirte lárnaí (an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha féin agus a chomhpháirteanna uile) mar gheall ar athruithe ar cheanglais sula mbeidh na hionstraimí dlí lena leagtar amach a chuspóir, a raon feidhme, a fheidhmeanna agus a shonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm. Dá bhrí sin, níor cheart tús a chur le céim an deartha ullmhúcháin go dtí go nglacfaidh an Coimisiún na sonraíochtaí teicniúla faoi seach. Ina theannta sin, ba cheart an úsáid is fearr a bhaint as sineirgíochtaí agus gnóthachain éifeachtúlachta laistigh de phróifílí foirne/réimsí saineolais, e.g. tríd an ródaire taistealaithe a thógáil sa bhreis ar an gComhéadan Iompróra agus ar an Ródaire API.

Cé gur deacair tionchar soiléir an rialacháin atá beartaithe ar amanna feithimh ag an teorainn a fháil amach, léiríonn na torthaí ó threoirthionscadail leanúnacha an Aontais gur tháinig laghdú suntasach ar aga próiseála na dtaistealaithe DTD réamh‑imréitithe (saoránaigh den Aontas) ó idir 30 agus 90 soicind go dtí níos lú ná 9 soicind in aghaidh an taistealaí. Déanfar an tionchar sin a iolrú de réir mar a ghlactar DTDanna faoi dheireadh, rud a fhágann go mbeidh amanna scuaine níos giorra ann fiú do na taistealaithe sin nach n‑úsáidfidh an DTD iad féin, cé nach féidir an luach airgeadaíochta a mheas ag an bpointe seo.

Tháinig ceisteanna tábhachtacha chun cinn freisin i gcomhthéacs na dtreoirthionscadal sin nach mór a chur san áireamh agus na gníomhartha cur chun feidhme á ndréachtú lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha. Baineann na ceisteanna sin le slándáil stórála na ndintiúr taistil digiteach, teachtaireachtaí slána, prótacal tarchurtha agus a thábhachtaí atá sé an feidhmchlár a fhorbairt ar bhealach modúlach chun feidhmiúlachtaí breise agus an t‑aistriú ó chaighdeán teicniúil amháin go caighdeán teicniúil eile a cheadú de réir mar a thiocfaidh forbairt ar chaighdeáin dhomhanda amach anseo.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá na hinfheistíochtaí a bheidh ag teastáil ar leibhéal an Aontais le linn chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 teoranta do EUR 1.3 milliún. Ba cheart, dá bhrí sin, formhór na n‑infheistíochtaí a bheidh ag teastáil ar leibhéal an Aontais (EUR 60.2 milliún) a mhaoiniú ón gcéad CAI eile.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Níl na leithreasuithe is gá chun forbairt an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha arna dhéanamh ag eu-LISA (EUR 61.5 milliún) a mhaoiniú beartaithe faoi leithdháiltí CAI 2021-2027 do eu-LISA, ós rud é gur togra nua é seo nach raibh méideanna ar eolas ina leith tráth a tugadh isteach CAI 2021-2027.

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe maoiniú leordhóthanach eu-LISA a áirithiú do na méideanna is gá in 2027 trí shaoráidí téamacha comhfhreagracha na hIonstraime um Bainistiú Teorainneacha agus um Beartas Víosaí a laghdú nó trí chistí a ath‑leithdháileadh ó ghníomhaireachtaí díláraithe eile.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.An modh / na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 3   

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

trína ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

    trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

  BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’.

Nótaí

Meastar go mairfidh céim deartha agus forbartha an fheidhmchláir AE um shonraí taistil dhigiteacha idir 2026 agus 2030. Ba cheart an feidhmchlár 'Travel Europe' a bheith oibríochtúil faoi dheireadh 2030.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déanfar faireachán agus tuairisciú ar an togra de réir na bprionsabal a leagtar amach i Rialachán eu-LISA, i Rialachán Airgeadais an Aontais agus i gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe. Go háirithe, ní mór do eu-LISA Doiciméad Clársceidealaithe Aonair a chur faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain ina mbeidh cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla agus clársceidealú acmhainní. Leagtar amach sa Doiciméad seo na cuspóirí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí agus na dtorthaí. Ní mór do eu-LISA Tuarascáil Chomhdhlúite Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an bhoird bainistíochta freisin, tuarascáil ina mbeidh faisnéis maidir le gnóthú na gcuspóirí agus na dtorthaí a leagtar amach sa Doiciméad Clársceidealaithe Aonair. Cuirtear an tuarascáil chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle freisin.

De réir Airteagal 39 de Rialachán eu-LISA, gach 5 bliana, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mbord bainistíochta, meastóireacht ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta i ndáil lena cuspóirí, lena sainordú, lena láithreacha agus lena cúraimí. Áirítear sa mheastóireacht sin freisin scrúdú ar chur chun feidhme an rialacháin seo atá beartaithe agus ar an gcaoi a gcuireann an Ghníomhaireacht go héifeachtach le bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF agus le timpeallacht TF atá comhordaithe, costéifeachtach agus comhleanúnach a bhunú ar leibhéal an Aontais sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus a mhéid a rannchuidíonn sí leis an méid sin. Déantar measúnú sa mheastóireacht sin ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus ar na himpleachtaí airgeadais a bhaineann le haon mhodhnú den sórt sin. Féadfaidh an bord bainistíochta moltaí a eisiúint chuig an gCoimisiún maidir le leasuithe ar an rialachán seo.

Ar deireadh, leis an rialachán atá beartaithe, thabharfaí sainordú do eu-LISA a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta i bhfeidhm aige chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an fheidhmchláir. Ba cheart do eu-LISA, faoin 1 Eanáir 2028 agus gach 12 mhí ina dhiaidh sin le linn chéim an deartha agus na forbartha, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an staid na himeartha i ndáil le forbairt an fheidhmchláir. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil sin faisnéis mhionsonraithe faoi na costais a tabhaíodh agus faisnéis faoi aon riosca a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chostais fhoriomlána an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha chomh maith le faisnéis mhionsonraithe faoi chur chun feidhme teicniúil an tionscadail agus aon fhadhb theicniúil agus aon riosca teicniúil a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fhorbairt fhoriomlán an fheidhmchláir agus ar a theacht i bhfeidhm.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Cuirfear forbairt an fheidhmchláir AE um shonraí taistil digiteacha chun feidhme trí bhuiséad eu-LISA, trí bhainistíocht indíreach. De bhun phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, cuirfear buiséad eu-LISA chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach éifeachtúil. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar an nGníomhaireacht straitéis rialaithe iomchuí a chur chun feidhme, straitéis a chomhordófar i measc na ngníomhaithe iomchuí a mbeidh baint acu leis an slabhra rialaithe.

Maidir le rialuithe ex post, tá eu-LISA, mar ghníomhaireacht dhíláraithe, faoi réir an mhéid seo a leanas:

-    Iniúchadh inmheánach arna dhéanamh ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach de chuid an Choimisiúin;

-    Tuarascálacha bliantúla ón gCúirt Iniúchóirí, ina dtugtar ráiteas dearbhaithe maidir le hiontaofacht na náireamh bliantúil agus dlíthiúlacht agus rialtacht na nidirbheart is bun leo;

-    Urscaoileadh bliantúil arna dheonú ag Parlaimint na hEorpa;

-    Imscrúduithe a d’fhéadfadh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) a dhéanamh chun a áirithiú go mbainfear úsáid chuí as na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaireachtaí.

Ina cáil mar Ard‑Stiúrthóireacht comhpháirtíochta le eu-LISA, cuirfidh AS HOME a Straitéis Rialaithe maidir le gníomhaireachtaí díláraithe chun feidhme chun tuairisciú iontaofa a áirithiú faoi chuimsiú a Tuarascála Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí. Cé go bhfuil freagracht iomlán ar ghníomhaireachtaí díláraithe as a mbuiséad a chur chun feidhme, tá AS HOME freagrach as ranníocaíochtaí bliantúla arna mbunú ag Údaráis Bhuiséadacha AE a íoc go tráthrialta.

Cuireann an tOmbudsman Eorpach sraith bhreise rialaithe agus cuntasachta ar fáil maidir le gníomhaíochtaí riaracháin eu-LISA.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Níor aithníodh aon riosca ag an gcéim seo.

I gcás an bhuiséid arna chur chun feidhme ag eu-LISA, tá gá le Creat Rialaithe Inmheánaigh ar leith atá bunaithe ar Chreat Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin Eorpaigh.

Ní mór faisnéis a sholáthar sa Doiciméad Clársceidealaithe Aonair maidir leis na córais rialaithe inmheánaigh, agus ní mór faisnéis a bheith sa Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh, lena n‑áirítear maidir le measúnú riosca. Tuairiscítear in CAAR 2021 go raibh lucht bainistíochta na Gníomhaireachta réasúnta muiníneach go bhfuil rialuithe oiriúnacha i bhfeidhm ar an iomlán agus go bhfuil siad ag feidhmiú mar a bhí beartaithe. Ina theannta sin, rinneadh faireachán agus maolú cuí ar rioscaí, agus cuirtear feabhsuithe agus treisithe éagsúla chun feidhme de réir mar ba ghá.

Cuireann Cumas Iniúchóireachta Inmheánaí eu-LISA leibhéal breise maoirseachta ar fáil freisin, ar bhonn plean iniúchóireachta bliantúil agus measúnú rioscaí in eu-LISA á chur san áireamh go háirithe. Cuidíonn an Cumas Iniúchóireachta Inmheánaigh le eu-LISA a chuspóirí a bhaint amach trí chur chuige córasach agus eagraithe a thabhairt isteach chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na bpróiseas bainistíochta riosca, rialaithe agus rialachais, agus trí mholtaí a eisiúint maidir lena bhfeabhsú.

Thairis sin, déanann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus oifigeach cosanta sonraí eu-LISA (feidhm neamhspleách a ghabhann go díreach le Rúnaíocht an Bhoird Bainistíochta) maoirseacht ar an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann eu-LISA.

Ina cháil mar Ard‑Stiúrthóireacht comhpháirtíochta eu-LISA, reáchtálann AS HOME cleachtadh bliantúil i ndáil le bainistíocht riosca chun rioscaí arda a shainaithint agus a mheasúnú, rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le hoibríochtaí gníomhaireachtaí, lena n‑áirítear eu-LISA. Tuairiscítear na rioscaí a mheastar a bheith criticiúil go bliantúil i bplean bainistíochta AS HOME agus bíonn plean gníomhaíochta ag gabháil leo ina luaitear na ghníomhaíochtaí maolaithe atá beartaithe.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Tuairiscíonn an Coimisiún ar an gcóimheas ‘costais rialaithe/luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’. Tuairiscítear sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí le haghaidh 2021 ó AS HOME cóimheas 0.08 % i ndáil le heintitis iontaobhaithe bainistíochta indírí agus gníomhaireachtaí díláraithe, lena n‑áirítear eu-LISA.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Cuirfidh AS HOME a Straitéis Frithchalaoise i bhfeidhm i gcomhréir le Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin (CAFS) chun a áirithiú go bhfuil a rialuithe inmheánacha frithchalaoise ailínithe go hiomlán le CAFS agus go bhfuil a chur chuige maidir le bainistiú riosca calaoise dírithe ar réimsí riosca calaoise agus freagairtí leordhóthanacha a shainaithint.

Leagtar amach na bearta a bhaineann le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac in Airteagal 50 de Rialachán eu-LISA agus faoi Theideal X de Rialachán Airgeadais eu-LISA.

Glacfaidh an Ghníomhaireacht páirt go háirithe i ngníomhaíochtaí coiscthe calaoise OLAF agus cuirfidh sí an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi chásanna toimhdithe calaoise agus neamhrialtachtaí airgeadais eile – i gcomhréir lena straitéis inmheánach frithchalaoise le haghaidh na tréimhse 2022-2024.

Mar Ard‑Stiúrthóireacht chomhpháirtíochta, i mí Dheireadh Fómhair 2021, ghlac AS HOME Straitéis nua Frith‑Chalaoise, lena raibh Plean Gníomhaíochta ag gabháil, rud a threisigh cumais frithchalaoise na hArd‑Stiúrthóireacht a thuilleadh agus a chuir in oiriúint iad do thimpeallacht atá ag síorathrú. Cuirtear san áireamh inti nithe nua a tugadh isteach le Straitéis Frith‑Chalaoise 2019 ón gCoimisiún agus na coigeartuithe a cheanglaítear le CAI 2021-2027.

Tagann gníomhaireachtaí díláraithe, lena n‑áirítear eu-LISA, faoi raon feidhme na straitéise sin. Ba é tátal na tuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí le haghaidh 2021 ó AS HOME gur oibrigh na próisis chun calaois a chosc agus a bhrath go sásúil agus gur rannchuidigh siad, dá bhrí sin, leis an gcinnteacht maidir leis na cuspóirí rialaithe inmheánaigh a bhaint amach.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

Difreáilte/Neamhdhifreáilte 4 .

ó thíortha de chuid CSTE 5

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith in niarrthóirí 6

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

4

11 10 02 Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (‘eu-LISA’)

Neamhdhifreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
 

4

An imirce agus bainistiú teorainneacha

EU-LISA

Impleachtaí buiséadacha táscacha*

Bliain 
2027

Bliain 
2028

Bliain 
2029

Bliain 
2030

Bliain 
2031

IOMLÁN 28-31

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Teideal 1 Caiteachas foirne

Gealltanais

(1a)

0.178

1.383

2.481

2.600

2.647

9.288

Íocaíochtaí

(2a)

0.178

1.383

2.481

2.600

2.647

9.288

Teideal 2 Caiteachas bonneagair agus oibríochtúil

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

Teideal 3 Caiteachas oibríochtúil

Gealltanais

(1b)

0.550

5.517

25.492

11.133

6.803

49.494

Íocaíochtaí

(2b)

0.550

5.517

25.492

11.133

6.803

49.494

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 7  

IOMLÁN leithreasuithe 
i gcomhair eu-LISA

Gealltanais

=1a+1b +3

0.728

6.900

27.972

13.732

9.450

58.782

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0.728

6.900

27.972

13.732

9.450

58.782

 



IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Gealltanais

(4)

0.728

6.900

27.972

13.732

9.450

58.782

Íocaíochtaí

(5)

0.728

6.900

27.972

13.732

9.450

58.782

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 4
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

0.728

6.900

27.972

13.732

9.450

58.782

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.728

6.900

27.972

13.732

9.450

58.782

An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne le haghaidh na mblianta 2028 agus ina dhiaidh sin sa ráiteas airgeadais reachtach seo, is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear isteach é agus ní dhéantar réamhbhreith leis ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

Cumhdófar na riachtanais chistiúcháin bhreise trí na méideanna atá ar fáil i Saoráidí Téamacha IBTV a laghdú, trí na corrlaigh theoranta atá ar fáil faoi CAI do thionscnaimh bheartais nó d’éigeandálaí amach anseo a choimirciú, lena n‑áirítear cásanna brú imirce.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
 

7

Caiteachas riaracháin

AS HOME

Bliain 
2027

Bliain 
2028

Bliain 
2029

Bliain 
2030

Bliain 
2031

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Acmhainní daonna

Gealltanais

(1a)

0.534

0.534

0.534

0.534

0.534

2.670

Íocaíochtaí

(2a)

0.534

0.534

0.534

0.534

0.534

2.670

Caiteachas riaracháin eile

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 8  

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh AS HOME

Oibleagáidí = íocaíochtaí

=1a+1b +3

0.534

0.534

0.534

0.534

0.534

2.670

An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne do na blianta 2028 agus ina dhiaidh sin sa ráiteas airgeadais reachtach seo, is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear isteach é agus ní dhéantar réamhbhreith leis ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

 

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 7
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Iomlán na ngealltanas = iomlán na n‑íocaíochtaí

=4+ 6

0.534

0.534

0.534

0.534

0.534

2.670

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 9  

Gealltanais

=4+ 6

1.262

7.434

28.506

14.266

9.984

61.452

Íocaíochtaí

=5+ 6

1.262

7.434

28.506

14.266

9.984

61.452

An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne do na blianta 2028 agus ina dhiaidh sin sa ráiteas airgeadais reachtach seo, is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear isteach é agus ní dhéantar réamhbhreith leis ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.



3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
2027

Bliain 
2028

Bliain 
2029

Bliain

2030

Bliain 
2030

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 10

Meánchostas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 feidhmchlár AE um shonraí taistil dhigiteacha a fhorbairt

- Aschur

Crua-earraí, bogearraí, anailís, dearadh, forbairt, tástáil, ullmhú lárionaid sonraí, gníomhaíochtaí oiliúna na mBallstát

0.550

3.412

16.644

4.200

1.250

26.056

- Aschur

Costais oibriúcháin, Ddos + DNS Domhanda, ceadúnais SW, cothabháil agus tacaíocht (ceartaitheach agus oiriúnaitheach)

-

2.105

8.848

6.933

5.553

23.438

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

IOMLÁIN

0.550

5.517

25.492

11.133

6.803

49.494

An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne do na blianta 2028 agus ina dhiaidh sin sa ráiteas airgeadais reachtach seo, is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear isteach é agus ní dhéantar réamhbhreith leis ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

3.2.3.Achoimre ar an tionchar measta ar acmhainní daonna eu-LISA

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

Bliain 
2027

Bliain 
2028

Bliain 
2029

Bliain 
2030

Bliain

2031

Poist (FTE)

Gníomhairí sealadacha (AD)

2.0

9.0

9.0

9.0

9.0

Gníomhairí ar conradh (Grúpa Feidhme IV)

8.5

10-0

11.0

11.0

Iomlán

2.0

17.5

19.0

20.0

20.0

Costais tuarastail (EUR milliún) a ríomh

Iomlán

Gníomhairí sealadacha (AD)

0.178

0.979

1.602

1.602

1.602

5.963

Gníomhairí ar conradh (Grúpa Feidhme IV)

0.404

0.879

0.998

1.045

3.325

Iomlán

0.178

1.383

2.481

2.600

2.647

9.288

Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón nGníomhaireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó a ath‑imlonnófar laistigh den Ghníomhaireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ghníomhaireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne le haghaidh na mblianta 2028 agus ina dhiaidh sin sa ráiteas airgeadais reachtach seo, is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear isteach é agus ní dhéantar réamhbhreith leis ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

3.2.3.1.Na riachtanais acmhainní daonna measta in AS HOME

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2027

Bliain 
2028

Bliain 2029

Bliain 2030

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

3

3

3

3

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

 Foireann sheachtrach (in aonad de Choibhéis Lánaimseartha: FTE) 11

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   12

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02(AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, INT, SNE – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

3

3

3

3

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath‑imlonnófar laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne le haghaidh na mblianta 2028 agus ina dhiaidh sin sa ráiteas airgeadais reachtach seo, is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear isteach é agus ní dhéantar réamhbhreith leis ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Tá gá le triúr oifigeach AD chun obair leantach a dhéanamh ar an togra. Seiceálfaidh na baill foirne go bhfuil an togra reachtach á chomhlíonadh, tabharfaidh siad aghaidh ar aon saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhlíonadh, ullmhóidh siad tuarascálacha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, déanfaidh siad measúnú ar dhul chun cinn na mBallstát maidir le forbairt an chórais náisiúnta chun sonraí a chuirtear isteach tríd an bhfeidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a fháil, coimeádfaidh siad an reachtaíocht thánaisteach cothrom le dáta, lena n‑áirítear trí na caighdeáin a fhorbairt agus trí ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Ós rud é gur gníomhaíocht bhreise é an tionscnamh i gcomparáid leis na hualaí oibre atá ann cheana, tá gá le baill foirne bhreise (3 FTE).

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Na leithreasuithe is gá chun go bhforbróidh eu-LISA an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha agus costais athfhillteacha amhail ó 2031, ní dhearnadh iad a phleanáil faoi leithdháileadh CAI eu-LISA 2021-2027, ná maidir le foireann fhorlíontach AS HOME. Féadfar an cistiú is gá chun an feidhmchlár AE um shonraí taistil digiteacha a fhorbairt agus a chothabháil le linn an CAI reatha (EUR 6 mhilliún) a chur ar fáil trí fhritháireamh buiséadach in aghaidh IBTV (11.02.01 – Ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí) nó trí bhuiséid ghníomhaireachtaí díláraithe eile a ath‑leithdháileadh laistigh de raon feidhme AS HOME.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú ó thríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú ó thríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 13

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

más ioncam é a sannadh do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 14

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ….........

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.

Áireofar sa bhuiséad ranníocaíocht ó thíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen mar atá leagtha síos sna comhaontuithe faoi seach atá i bhfeidhm. Bunófar na meastacháin ar ríomhanna i ndáil le hioncam do chur chun feidhme acquis Schengen ó na Stáit (an Íoslainn, an Iorua agus an Eilvéis) a ranníocann suim bhliantúil don bhliain airgeadais ábhartha faoi láthair le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (íocaíochtaí atá caite), arna ríomh i gcomhréir lena olltáirgeacht intíre mar chéatadán d’olltáirgeacht intíre na Stát rannpháirteach uile. Bunófar an ríomh ar fhigiúirí ó EUROSTAT a d'fhéadfadh athrú go mór ag brath ar staid eacnamaíoch na Stát rannpháirteach.

(1)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(2)    Is é sin, go gcomhlíontar caighdeán teicniúil idirnáisiúnta atá ann cheana arna fhorbairt ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).
(3)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais, le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget‑implementation/Pages/implementation‑methods.aspx
(4)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(5)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa
(6)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(7)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(8)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(9)    Déanfar na hacmhainní do eu-LISA a ailíniú le toradh na caibidlíochta maidir le hathbhreithniú meántéarma CAI. Is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear isteach an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne do 2028 agus ina dhiaidh sin sa ráiteas airgeadais reachtach seo agus ní dhéantar réamhbhreith ar an gcéad CAI eile leis. Ní dhéanfar na hacmhainní daonna nua a fhritháireamh.
(10)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: an líon malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(11)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(12)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(13)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta ina dhiaidh sin.
(14)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top