Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0329

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua, lena leagtar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 den Chomhaontú sin

    COM/2024/329 final

    An Bhruiséil,30.7.2024

    COM(2024) 329 final

    2024/0190(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua, lena leagtar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 den Chomhaontú sin


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.Ábhar an togra

    Baineann an togra seo leis an gCinneadh lena leagfar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Iorua i ndáil le Cinneadh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh, Cinneadh lena leagfar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach.

    2.Comhthéacs an togra

    2.1.An Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua

    Is é is aidhm don Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua 1 (an Comhaontú) forbairt chomhchuí an chaidrimh eacnamaíoch idir na páirtithe a chur chun cinn tríd an trádáil chómhalartach a leathnú. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Iúil 1973.

    2.2.An Comhchoiste

    Féadfaidh an Comhchoiste, arna bhunú i gcomhréir le forálacha Airteagal 29 den Chomhaontú, moltaí agus cinntí a dhéanamh. Is trí chomhaontú idir an dá Pháirtí a tharraingíonn an Comhchoiste suas a chuid cinntí agus moltaí.

    2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste

    Sa chéad chruinniú eile a bheidh ag an gComhchoiste, nó trí mhalartú litreacha, tá sé le Cinneadh a ghlacadh lena leagfar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach (an gníomh atá beartaithe).

    3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

    Le linn an chéad chruinnithe theicniúil maidir le Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) 2 rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin 3 (na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh) a chur chun feidhme i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go nglacfaí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.

    Tá líonra prótacal déthaobhach i bhfeidhm maidir le rialacha tionscnaimh idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann, rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha, lena n‑áirítear feidhm a bheith acu idir an tAontas agus an Iorua.

    Is é is cuspóir do na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh rialacha níos maolaithe a thabhairt isteach chun cáiliú an stádais tionscnaimh fhabhraigh maidir le hearraí a éascú agus chun an deis a chur ar fáil úsáid a bhaint as cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach agus/nó a thíolactar go leictreonach.

    Chomhaontaigh an tAontas agus an Iorua forálacha Airteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 den Chomhaontú a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach, agus dá bhrí sin ní mór creat ceanglas ginearálta a chinneadh.

    Le linn chruinniú Chomhchoiste an Choinbhinsiúin, an 7 Nollaig 2023, ghlac na Páirtithe Conarthacha d’aon toil an Moladh ón gComhchoiste maidir le húsáid deimhnithe leictreonacha faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin atá ann faoi láthair. Leagtar síos leis an Moladh liosta coinníollacha, agus a luaithe a chomhlíonfar iad, féadfaidh an páirtí allmhairiúcháin glacadh le cruthúnas tionscnaimh i bhfoirm deimhniú gluaiseachta EUR.1.

    Is ionann na coinníollacha sin agus na coinníollacha lena leagtar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach laistigh den togra seo.

    Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na bhforálacha maidir le cruthúnais tionscnaimh i bhfoirm deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach san Aontas a áirithiú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún córas leictreonach a bhunú le haghaidh tíolacadh iarratas ar dheimhnithe gluaiseachta a eiseofar go leictreonach, chun na deimhnithe sin a eisiúint agus chun faisnéis a stóráil agus a mhalartú idir údaráis chustaim na mBallstát agus leis na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún. Ba cheart an córas leictreonach um dheimhnithe cruthúnais tionscnaimh (córas Eorpach r-DCT) a bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena fhorálacha cur chun feidhme. An seasamh atá le glacadh ag an Aontas laistigh den Chomhchoiste, ba cheart don Chomhairle an seasamh sin a bhunú.

    Is de chineál teicniúil é an creat atá beartaithe agus baineann sé leis na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh is infheidhme faoi láthair idir na Páirtithe agus ní dhéanann sé difear do shubstaint an phrótacail maidir le rialacha tionscnaimh. Dá bhrí sin, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ina leith.

    4.Bunús dlí

    4.1.Bunús dlí don nós imeachta

    4.1.1.Prionsabail

    In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

    Cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 4 .

    4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

    Is comhlacht é an Comhchoiste a bunaíodh le comhaontú, mar atá, an Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua.

    An gníomh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis.

    Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

    Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

    4.2.Bunús dlí substainteach

    4.2.1.Prionsabail

    An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

    4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

    Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

    Dá bhrí sin, is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

    4.3.Conclúid

    Ba cheart an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) a bheith ina bunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

    5.Impleacht Bhuiséadach

    Na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach, níl aon tionchar intomhaiste acu ar bhuiséad an Aontais ós rud é go mbaineann a raon feidhme go príomha le héascú na trádála agus comhdhlúthú cleachtas nua-aimseartha na n‑údarás custaim. Déantar foráil leo maidir le simpliú sna réimsí atá fós faoi inniúlacht na n‑údarás, gan tionchar a imirt ar shubstaint na rialacha óna bhfaigheann earraí stádas tionscnaimh fabhrach. Trí úsáid a bhaint as cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach, cuirtear feabhas ar éifeachtacht rialuithe custaim agus laghdaítear an riosca calaoise trí thimpeallacht shlán eisiúna agus fíoraithe a thabhairt isteach.

    6.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

    Ós rud é go bhforlíonfar le gníomh an Chomhchoiste Prótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

    2024/0190 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua, lena leagtar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 den Chomhaontú sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)An Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (an Comhaontú), rinne an tAontas é a thabhairt i gcrích le Rialachán (CEE) Uimh. 1691/73 ón gComhairle 5 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1973.

    (2)De bhun Airteagal 29 den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste, a bunaíodh i gcomhréir le forálacha Airteagal 29 den Chomhaontú, cinntí a ghlacadh.

    (3)Tá an Comhchoiste, le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aige, le cinneadh a ghlacadh lena leagfar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach.

    (4)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste, is iomchuí é a leagan síos, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ón gComhchoiste ina cheangal ar an Aontas.

    (5)Le linn an chéad chruinnithe theicniúil maidir le Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) 6 rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin 7 (na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh) a chur chun feidhme i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go nglacfaí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.

    (6)Le cur i bhfeidhm na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh, áirithítear oiriúnú na sreafaí trádála agus na gcleachtas custaim go dtí go dtiocfaidh rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025, rialacha ar a bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh bunaithe.

    (7)Tá líonra prótacal déthaobhach i bhfeidhm maidir le rialacha tionscnaimh idir roinnt Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann 8 , rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 9 go dtí go dtiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm.

    (8)Is iad seo a leanas an dá phríomhchuspóir atá ag na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 10 : rialacha níos maolaithe a thabhairt isteach chun cáiliú an stádais tionscnaimh fhabhraigh maidir le hearraí a éascú; agus an deis a chur ar fáil úsáid a bhaint as cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach nó a thíolactar go leictreonach.

    (9)Chomhaontaigh an tAontas agus an Iorua forálacha Airteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 den Chomhaontú a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach. Dá bhrí sin, ba cheart creat ceanglas ginearálta a chinneadh.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste, beidh sé bunaithe ar dhréachtghníomh an Chomhchoiste a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)     IO L 171, 27.6. 1973 , lch. 2
    (2)    IO L 54, 26.2.2013, lch. 4.
    (3)    IO L 339, 30.12.2019, lch. 1.
    (4)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
    (5)    Rialachán ón gComhairle an 25 Meitheamh 1973 lena dtugtar Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua i gcrích agus lena nglactar forálacha maidir lena chur chun feidhme (IO 171, 27.6.1973, lch. 1).
    (6)    IO L 54, 26.2.2013, lch. 4.
    (7)    IO L 339, 30.12.2019, lch. 1.
    (8)    An tAontas Eorpach, an Íoslainn, an Eilvéis (lena n-áirítear Lichtinstéin), an Iorua, Oileáin Fharó, Iosrael, an Iordáin, an Phalaistín (ní dhéanfar an t-ainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas gur ann do Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát maidir leis an gceist sin), an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive), an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, Montainéagró, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin.
    (9)    IO C, C/2024/1637, 20.2.2024    
    (10)    IO L 395, 9.11.2021, lch. 1
    Top

    An Bhruiséil,30.7.2024

    COM(2024) 329 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua, lena leagtar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 den Chomhaontú sin


    IARSCRÍBHINN

    [Dréacht-]CHINNEADH Uimh. ... ÓN gCOMHCHOISTE IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN IORUA

    an XX XX 2024

    lena leagtar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 den Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua

    TÁ AN COMHCHOISTE IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN IORUA,

    Ag féachaint don Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua 1 (an Comhaontú), agus go háirithe Airteagal 29 den Chomhaontú,

    De bharr an mhéid seo a leanas,

    (1)De dheasca phaindéim COVID19, cuireadh dlús leis an ngá atá le timpeallacht chustaim gan pháipéar i réimse na rialacha tionscnaimh agus chinn formhór mór na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara 2 (an Coinbhinsiún) glacadh le cóipeanna leictreonacha de dheimhnithe gluaiseachta.

    (2)Na Páirtithe Conarthacha a chuireann na rialacha i bhfeidhm, d’fhorbair siad córais leictreonacha nó chuir siad córais atá ann cheana in oiriúint chun an gá atá le digitiú a chothromú le ceanglais na foirme deimhnithe gluaiseachta ar a dtugtar tuairisc sna Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 3 (Foscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 den Chomhaontú).

    (3)I bhfianaise na forbartha ar chórais leictreonacha chustaim, admhaíonn an tAontas agus Ríocht na hIorua (na Páirtithe) gur cheart cruthúnais tionscnaimh i bhfoirm deimhnithe gluaiseachta a nuachóiriú a mhéid a bhaineann lena neisiúint, lena dtíolacadh agus lena bhfíorú.

    (4)Tháinig líonra prótacal déthaobhach i bhfeidhm cheana maidir le rialacha tionscnaimh idir Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 4 ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann.

    (5)Dearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas leanúint leis na dea-chleachtais a tugadh isteach faoi na bearta eisceachtúla le linn phaindéim COVID19, aithníonn siad a thábhachtaí atá sé modhanna leictreonacha a thabhairt isteach agus oibriú i gcomhar le chéile i dtreo córas comhchoiteann a bheidh bunaithe ar chruthúnais tionscnaimh leictreonacha agus ar chomhar riaracháin leictreonach laistigh de réigiún uile-Eora-Mheánmhara (réigiún UEM) 5 .

    (6)Measann na Páirtithe gurb é atá san aistriú chuig cruthúnais tionscnaimh leictreonacha agus chuig comhar riaracháin digitithe faoi chuimsiú na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh na chéad chéimeanna i dtreo digitiú iomlán cruthúnas tionscnaimh ar scála réigiún UEM, go háirithe i bhfianaise theacht i bhfeidhm an leasaithe ar an gCoinbhinsiún atá le teacht 6 .

    (7)Chomhaontaigh na Páirtithe forálacha Airteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 den Chomhaontú a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le cruthúnais tionscnaimh a eisítear go leictreonach, agus dá bhrí sin, rachaidh na forálacha sin chun leasa na dtáirgí tionscnaimh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH

    Airteagal 1

    Maidir le hAirteagal 17(4) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 den Chomhaontú, comhaontaíonn na Páirtithe go bhféadfar na cruthúnais tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (a), a eisiúint go leictreonach.

    Airteagal 2

    Glacfaidh na Páirtithe le deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach nuair a chuirtear isteach iad tráth an allmhairithe i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    a. go mbeadh foirm ag na deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach atá cosúil leis an bhfoirm shamplach dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Foscríbhinn A;

    b. go ndéanfadh údaráis chustaim an Pháirtí is onnmhaireoir foráil maidir le córas slán ar líne chun barántúlacht na ndeimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach a fhíorú;

    c. go mbeadh sraithuimhir uathúil ar na deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach agus, má tá fáil orthu, gnéithe slándála trínar féidir iad a shainaithint;

    d. go ndéanfaí an dáta óna gcuirfidh Páirtí tús le heisiúint deimhnithe gluaiseachta leictreonacha a shonrú i bhfógraí a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith C) agus de réir nósanna imeachta an Pháirtí sin. Beidh feidhm ag glacadh na ndeimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach ón dáta a shonraítear sna fógraí sin.

    Airteagal 3

    Féadfaidh Páirtí a chinneadh glacadh deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach a chur ar fionraí i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a liostaítear faoi Airteagal 2 agus cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas faoi sin roimh ré. Léireofar dáta tosaigh na fionraí sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (d).

    Airteagal 4

    Chun críoch an chomhair riaracháin i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 35 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 3 den Chomhaontú, féadfaidh na Páirtithe a chinneadh cúnamh a thabhairt dá chéile trí mhodhanna leictreonacha.

    Airteagal 5

    Fógraí ina sonraítear cur i bhfeidhm an Chinnidh seo, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith C) agus i bhfoilseachán oifigiúil san Iorua, i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.

    Airteagal 6

    Beidh feidhm ag Airteagail 1 go 5 go dtí dáta theacht i bhfeidhm chomhaontú na bPáirtithe maidir le timpeallacht dhigiteach uile-Eora-Mheánmhara a úsáid le haghaidh cruthúnais tionscnaimh arna bhforbairt leis na Páirtithe Conarthacha eile a chuirfidh na rialacha i bhfeidhm, timpeallacht lena gceadaítear cruthúnais tionscnaimh a eisiúint agus/nó a thíolacadh go leictreonach.

    Airteagal 7

    Ós rud é go scoirfidh na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh d’fheidhm a bheith acu ar dháta theacht i bhfeidhm an leasaithe ar an gCoinbhinsiún, leanfaidh Airteagail 1 go 6 den Chinneadh seo d’fheidhm a bheith acu idir na páirtithe faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin go dtí dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh ó Chomhchoiste an Choinbhinsiúin lena leagtar síos na ceanglais ghinearálta maidir le cruthúnais tionscnaimh a eisítear agus/nó a thíolactar go leictreonach.

    Airteagal 8

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den chéad mhí tar éis a ghlactha.

    Arna dhéanamh i/in/sa/san…

       Thar ceann an Chomhchoiste

       An tUachtarán

    (1)    Rialachán ón gComhairle an 25 Meitheamh 1973 lena dtugtar Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua i gcrích agus lena nglactar forálacha maidir lena chur chun feidhme (IO 171, 27.6.1973, lch. 1).
    (2)    IO L 54, 26.2.2013, lch. 4
    (3)    IO L 395, 9.11.2021, lch. 1
    (4)    IO C, C/2024/1673, 20.2.2024    
    (5)    An tAontas Eorpach, an Íoslainn, an Eilvéis (lena náirítear Lichtinstéin), an Iorua, Oileáin Fharó, Iosrael, an Iordáin, an Phalaistín (ní dhéanfar an tainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas gur ann do Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát maidir leis an gceist sin), an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (ní dochar an tainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive), an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, Montainéagró, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin
    (6)    IO L 390/2024, 19.2.2024
    Top