AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.3.2024
COM(2024) 114 final
2024/0063(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2025 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Leasaítear leis an togra na deiseanna iascaireachta sin chun an chomhairle eolaíoch agus na forbairtí is déanaí a chur san áireamh. Ina theannta sin, ceartaítear leis an togra earráidí áirithe i Rialachán (AE) 2024/257.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le cuspóirí agus rialacha an chomhbheartais iascaigh (CBI).
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe leis na beartais i réimse an chomhshaoil.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá leis an togra.
•Coimhdeacht
Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Leis an togra, déantar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh. De bhun Airteagail 16 agus 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, déanfaidh na Ballstáit cinneadh maidir leis an gcaoi a bhféadfar na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh a chionroinnt ar shoithí atá faoina mbratach i gcomhréir le critéir áirithe maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta. Dá bhrí sin, agus na Ballstáit ag dáileadh na ngabhálacha iomlána incheadaithe cionroinnte (TACanna), bíonn an corrlach lánroghnach is gá acu i gcomhréir leis an tsamhail shóisialta/eacnamaíoch chun na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh a shaothrú.
•An rogha ionstraime
Ós rud é go leasaítear rialachán atá ann cheana leis an togra, rialachán is fearr a oireann mar ionstraim dhlíthiúil.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, trí na comhairlí comhairleacha go háirithe, ar bhonn na Teachtaireachta bliantúla uaidh ‘Iascaireacht inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2024’ (COM(2023) 303 final).
I bhfreagraí na bpáirtithe leasmhara ar an teachtaireacht bhliantúil sin, leagtar amach na tuairimí a bhí acu maidir le meastóireacht an Choimisiúin ar staid na n‑acmhainní agus maidir leis an bhfreagairt iomchuí bainistithe. Chuir an Coimisiún na freagraí sin san áireamh agus an togra á cheapadh aige.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Tá comhairle eolaíoch ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) bunaithe ar chreat arna fhorbairt ag a chuid grúpaí saineolaithe agus comhlachtaí cinnteoireachta, agus arna eisiúint i gcomhréir lena chreatchomhaontú comhpháirtíochta leis an gCoimisiún.
•Measúnú tionchair
Cuireann Airteagal 43(3) de CFAE teorainn le raon feidhme an togra.
Leis an togra féachtar le cur chuige gearrthéarmach a sheachaint ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht fhadtéarmach. Cuirtear san áireamh ann tionscnaimh ó na páirtithe leasmhara agus ó na comhairlí comhairleacha más rud é go ndearna ICES athbhreithniú dearfach orthu. Bhí an togra ón gCoimisiún maidir le CBI a athchóiriú bunaithe ar mheasúnú tionchair (SEC(2011) 891) inar measadh, cé gur coinníoll riachtanach é an cuspóir maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach chun inbhuanaitheacht comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú, nach féidir na trí chuspóir sin a bhaint amach astu féin.
A mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta ERBI agus le stoic a ndéantar bainistíocht chomhpháirteach orthu le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, is éard a dhéantar leis an togra bearta a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur chun feidhme. Le linn ullmhú na caibidlíochta idirnáisiúnta ar faoina cuimsiú a dhéantar deiseanna iascaireachta an Aontais a chomhaontú le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus lena linn, déileáiltear le haon ghné atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na deiseanna iascaireachta.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra urramaítear cearta bunúsacha, agus go háirithe na cearta sin a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh impleachtaí buiséadacha ag na bearta atá beartaithe.
5.EILIMINTÍ EILE
•
Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an togra, féachtar le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle a leasú mar a thuairiscítear thíos.
An roc mionsúileach i Muir nIocht Thiar
Le Rialachán (AE) 2024/257 bunaíodh TAC le haghaidh sciataí agus roc (Rajiformes) in uiscí an Aontais agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i ranna 6a, 6b, 7a go 7c agus 7e go 7k ICES (Iarthar na hAlban, na Farraigí Ceilteacha deisceartacha agus Muir nIocht). Bunaíodh coinníoll speisialta faoin TAC sin leis an Rialachán sin freisin. Leis an gcoinníoll speisialta sin, ceadaítear don Aontas agus don Ríocht Aontaithe gabhálacha roc mionsúileach (Raja microocellata) a dhéanamh i roinn 7e ICES (Muir nIocht Thiar) in 2024, chun gur féidir iascach faire a bheith ann chun bailiú sonraí iascachbhunaithe a cheadú le haghaidh an stoic sin arna mheasúnú ag ICES. Chun foráil a dhéanamh maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus chun go bhféadfar ‘cláir faireacháin’ san iascach faire a dhéanamh, ba cheart cainníochtaí faoin gcoinníoll speisialta sin a chionroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta agus leis an scála cionroinnte le haghaidh sciataí agus roc in uiscí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe i ranna 6a, 6b, 7a go 7c agus 7e go 7k ICES.
An leathóg bhán agus an leathóg mhín in Skagerrak-Kattegat
An 6 Nollaig 2023 thug an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhairliúcháin dhéthaobhacha i gcrích maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú le haghaidh na stoc a liostaítear in Iarscríbhinn 35 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘Comhaontú Trádála agus Comhair’). Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dTaifead i Scríbhinn a síníodh an 6 Nollaig 2023, a forlíonadh le haguisín an 8 Nollaig 2023 agus a cuireadh i bhfeidhm i ndlí an Aontais trí Rialachán (AE) 2024/257.
Sna comhairliúcháin dhéthaobhacha sin, bhunaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, inter alia, TACanna den chéad uair le haghaidh na speiceas seo a leanas: (i) an leathóg bhán (Glyptocephalus cynoglossus) in uiscí an Aontais i roinn 3a ICES (Skagerrak-Kattegat); agus (ii) an leathóg mhín (Microstomus kitt) sa limistéar céanna. Go dtí go dtiocfar ar chomhaontú idir na Ballstáit maidir leis an gcaoi a ndéanfar na deiseanna iascaireachta sin a chionroinnt, is le ‘le bunú’ a marcáladh na TACanna le haghaidh na stoc sin i Rialachán (AE) 2024/257. Chun gur féidir leis na Ballstáit na deiseanna iascaireachta sin a úsáid, ba cheart TACanna agus cuótaí an Aontais maidir leis na stoic sin a shocrú ar na leibhéil a leagtar amach sa Taifead i Scríbhinn. Ós rud é go bhfuil an plé fós ar siúl idir na Ballstáit maidir le cionroinnt, níl cuótaí na mBallstát san áireamh. A luaithe a bheifear ar an eolas faoi thoradh an phlé sin, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin an togra a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina molfar na nithe seo a leanas: (i) cuótaí na mBallstát; nó (ii) gan cuótaí an Aontais a chionroinnt ar na Ballstáit agus cead a thabhairt do na Ballstáit uile iascaireacht a dhéanamh ar chuótaí an Aontais go dtí go n‑úsáidfear ina n‑iomláine iad.
An chorr ghainimh sa Mhuir Thuaidh
Le Rialachán (AE) 2024/257 socraíodh ag nialas go sealadach an TAC le haghaidh corra gainimh agus foghabhálacha gaolmhara (Ammodytes spp.) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais d’fholimistéar 4 ICES (an Mhuir Thuaidh), in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES agus in uiscí an Aontais i roinn 3a (Skagerrak agus Kattegat) le haghaidh 2024, go dtí go bhfoilseofar an chomhairle eolaíoch ó ICES le haghaidh an stoic sin le haghaidh 2024.
Meastar go ndéanfaidh ICES a chomhairle eolaíoch le haghaidh 2024 le haghaidh corra gainimh i bhfolimistéar 4 ICES agus i roinn 3a ICES a fhoilsiú an 29 Feabhra 2024. Tar éis fhoilsiú na comhairle sin, reáchtálfaidh an tAontas comhairliúcháin dhéthaobhacha leis an Ríocht Aontaithe maidir le leibhéal TAC le haghaidh 2024 le haghaidh an stoic sin de bhun Airteagal 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Go dtí go bhfaighfear toradh foirmiúil na gcomhairliúchán déthaobhach sin, tá téacs na haithrise ábhartha de Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle san áireamh idir lúibíní cearnacha agus is le pm (pro memoria) a mharcáiltear an TAC le haghaidh corra gainimh i bhfolimistéar 4 agus i ranna 2a agus 3a ICES le haghaidh 2024 ‘pm’ (pro memoria). A luaithe a bheifear ar an eolas faoi thoradh foirmiúil na gcomhairliúchán déthaobhach sin, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin an togra a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil lena moltar an TAC ábhartha le haghaidh 2024 ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe.
SPRFMO
I Rialachán (AE) 2024/257, is le ‘le bunú’ a mharcáiltear TACanna i limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) agus coinnítear ar bun go sealadach bearta atá nasctha go feidhmiúil leis na TACanna, go dtí go mbeidh toradh ar chruinniú bliantúil SPRFMO 2024 a bhí ar siúl ón 29 Eanáir go dtí an 2 Feabhra 2024.
Ag an 12ú cruinniú bliantúil a bhí aige in 2024, ghlac SPRFMO teorainneacha gabhála le haghaidh an bholmáin ghoirm (Trachurus murphyi) agus choinnigh sé iascaigh thaiscéalaíocha le haghaidh an déadéisc (Dissostichus spp.). Ina theannta sin, rinne SPRFMO na bearta atá nasctha go feidhmiúil a choinneáil ar bun nó a leasú. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
WCPFC
I Rialachán (AE) 2024/257, is le ‘le bunú’ a mharcáiltear deiseanna iascaireachta i limistéar Choinbhinsiún an Choimisiúin Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC) agus coinnítear ar bun go sealadach na bearta atá nasctha go feidhmiúil leo, go dtí go mbeidh toradh ar chruinniú bliantúil WCPFC 2023 a bhí ar siúl ón 4 go dtí an 8 Nollaig 2023.
Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige in 2023, chinn WCPFC na teorainneacha iarrachta peas‑saighne agus an líon uasta soithí sin a dhéanann iascaireacht ar thuinníní trópaiceacha a choinneáil ar bun. Thairis sin, leasaigh WCPFC bearta a bhaineann le feistí comhthiomsaithe éisc (FADanna) a bhainistiú in iascach tuinníní trópaiceacha, go háirithe maidir le tréimhse choiscthe FADanna. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
ICCAT
Maidir le teorainneacha iarrachta iascaireachta le haghaidh shoithí an Aontais a dhéanann iascaireacht ar an tuinnín gorm (Thunnus thynnus) i limistéar Choinbhinsiún an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) agus maidir le huas‑ionchur agus uas‑acmhainneacht le haghaidh fheirmeacha tuinníní gorma an Aontais, tá siad bunaithe ar fhaisnéis a sholáthraítear sna pleananna iascaireachta bliantúla, sna pleananna bainistíochta maidir le hacmhainneacht iascaireachta agus sna pleananna bainistíochta feirmeoireachta bliantúla le haghaidh tuinníní gorma atá ag na Ballstáit. Tá na Ballstáit leis na pleananna sin a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain, de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tiomsóidh an Coimisiún na pleananna sin ina dhiaidh sin agus beidh siad ina mbonn chun plean bliantúil de chuid an Aontais a bhunú, ar plean é a chuirtear ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT lena phlé agus lena fhormheas, mar a cheanglaítear le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2023/2053. Go dtí go gcuirfidh ICCAT plean bliantúil an Aontais isteach agus go dtí go bhformheasfaidh ICCAT é, tá téacs na haithrise ábhartha de Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle san áireamh idir lúibíní cearnacha agus is le pm (pro memoria) a mharcáiltear teorainneacha iarrachta iascaireachta an Aontais, agus uas‑ionchur agus uas‑acmhainneacht feirmeoireachta an Aontais le haghaidh 2024. A luaithe a dhéanfaidh ICCAT plean bliantúil an Aontais a fhormheas, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin an togra a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil lena molfar na teorainneacha iarrachta iascaireachta ábhartha agus uas‑ionchur agus uas‑acmhainneacht na feirmeoireachta le haghaidh 2024.
An siorc tíograch gainimh
Ag an 14ú cruinniú a bhí aici in Samarkand na hÚisbéiceastáine, ón 12 go dtí an 17 Feabhra 2024, chuir Comhdháil na bPáirtithe (COP) sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (CMS) an siorc tíograch gainimh (Carcharias taurus) leis na liostaí de speicis faoi chosaint in bhFoscríbhinní I agus II den Choinbhinsiún sin. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí thoirmeasc a chur ar an méid seo a leanas: (i) soithí iascaireachta de chuid an Aontais sna huiscí uile; agus (ii) soithí tríú tír in uiscí an Aontais i dtaca leis an speiceas sin a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.
Mar sin féin, le hAirteagal 98(2) de Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá toirmeasc den sórt sin bunaithe cheana féin maidir leis an siorc tíograch gainimh sa Mheánmhuir. Chun forálacha forluiteacha maidir leis an ábhar céanna a sheachaint, níor cheart, dá bhrí sin, toirmeasc den sórt sin a bhunú sa Mheánmhuir, ach amháin do shoithí de chuid an Aontais sna huiscí uile, seachas sa Mheánmhuir, agus do shoithí tríú tír in uiscí an Aontais.
Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc sin maidir leis an siorc tíograch gainimh ón 1 Aibreán 2024, is é sin: (i) tar éis an 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, a bhí ar siúl ón 12 go dtí an 17 Feabhra 2024; agus (ii) roimh theacht i bhfeidhm an leasaithe ar Fhoscríbhinní I agus II de CMS an 17 Bealtaine 2024.
Ceartú earráidí
Tagraíonn Airteagal 41, mír 4, agus Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2024/257 araon don líon uasta céanna soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun an colgán (Xiphias gladius) a iascach i limistéir de limistéar Choinbhinsiún WCPFC. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhoráil a bhí ann roimhe seo a scriosadh ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil.
Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2024/257 maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm, ba cheart é a cheartú maidir le bearta ar an eascann Eorpach (Anguilla anguilla) in uiscí muirí agus goirte an Aontais i bhfolimistéir 3, 4, 6, 7, 8 agus 9 ICES agus in uiscí goirte de chuid an Aontais atá cóngarach dóibh, mar a leanas:
–Tá feidhm ag Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2023/194, lena gceanglaítear ar na Ballstáit tréimhsí coiscthe a chinneadh le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le haghaidh eascanna Eorpacha ag gach céim dá saolré sa limistéar sin, ón 1 Márta 2023 go dtí an 31 Márta 2024. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 13(6) de Rialachán (AE) 2024/257 lena mbunaítear beart den sórt sin ón 1 Aibreán 2024; agus
–Bearta a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le haghaidh eascanna Eorpacha ag gach céim dá saolré sa limistéar sin a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/257, beidh feidhm acu go dtí an 31 Márta 2025. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc ar iascach áineasa na heascainne Eorpaí ag gach céim dá saolré sa limistéar sin de bhun Airteagal 13(7) den Rialachán sin go dtí an 31 Márta 2025.
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/257, ba cheart na hearráidí seo a leanas a cheartú:
–Tábla 60: ba cheart cuótaí na mBallstát le haghaidh sóil líomóide agus leathóga bána in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a le haghaidh 2024 a cheartú chun aghaidh a thabhairt ar earráid i ríomh na gcuótaí sin. Ina theannta sin, i bhfonótaí 3 agus 4 faoi seach, ba cheart na cóid tuairiscithe maidir leis an méid seo a leanas a cheartú: (i) sóil líomóide in uiscí an Aontais i roinn 3a; agus (ii) an leathóg bhán in uiscí an Aontais i roinn 3a;
–Tábla 93: an TAC le haghaidh an turbaird agus na broite (Scophthalmus maximus agus Scophthalmus rhombus) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a le haghaidh 2024, ba cheart ‘TAC anailíseach’ a chur air i gcomhréir leis an gcomhairle ábhartha ó ICES. Ina theannta sin, i bhfonóta 4, ba cheart an cód tuairiscithe le haghaidh broiteanna in uiscí an Aontais i roinn 3a a cheartú;
–Tábla 101: sna táblaí TAC le haghaidh an roic dústríoctha (Raja undulata) in uiscí an Aontais i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES faoi seach, ba cheart a shoiléiriú gur cheart gabhálacha ón gcionroinnt bhreise ar shoithí atá rannpháirteach san iascach faire a thuairisciú ar leithligh;
–Tábla 103: sa tábla TAC le haghaidh an ronnaigh (Scomber scombrus) sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt: (i) ba cheart an tuairisc limistéir agus an cód tuairiscithe a cheartú chun raon feidhme geografach an dá TAC le haghaidh ronnach sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt a cuimsíodh i Rialachán (AE) 2023/194 a léiriú; (ii) ba cheart an dara habairt d’fhonóta 1 a scriosadh, rud a thagann salach ar an gcuid eile den fhonóta sin; (iii) i bhfonóta 2, an chéad cholún den tábla, ba cheart an tuairisc limistéir agus an cód tuairiscithe a cheartú chun an tuairisc limistéir ar an TAC a léiriú; agus (iii) i bhfonóta 4, ba cheart an teideal ‘aistriú ina dhiaidh sin’ a scriosadh ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil; agus
–Tábla 106: sa tábla TAC le haghaidh an tsóil choitinn (Solea solea) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a, fonóta 1, ba cheart an cód tuairiscithe a cheartú.
In Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/257, ba cheart na hearráidí seo a leanas a cheartú:
–pointe 2: sa tábla TAC le haghaidh an ronnaigh (Scomber scombrus) sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt: (i) ba cheart an dara habairt d’fhonóta 1 a scriosadh, rud a thagann salach ar an gcuid eile den fhonóta; (ii) i bhfonóta 2, an chéad cholún den tábla, ba cheart an tuairisc limistéir agus an cód tuairiscithe a cheartú chun an tuairisc limistéir ar an TAC a léiriú; agus (iii) i bhfonóta 4, ba cheart an teideal ‘aistriú ina dhiaidh sin’ a scriosadh ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil.
2024/0063 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2023/257 ón gComhairle socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2025 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus na teorainneacha iarrachta, agus na bearta atá nasctha go feidhmiúil leis na TACanna agus na teorainneacha iarrachta a shocraítear le Rialachán (AE) 2024/257, ba cheart iad a leasú chun foilsiú na comhairle eolaíche a chur san áireamh chomh maith le torthaí na gcomhairliúchán le tríú tíortha agus torthaí chruinnithe na n‑eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna).
(2)Le Rialachán (AE) 2024/257, bunaíodh TAC le haghaidh sciataí agus roc (Rajiformes) in uiscí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe i ranna 6a, 6b, 7a go 7c agus 7e go 7k de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES). Bunaíodh coinníoll speisialta faoin TAC sin leis an Rialachán sin freisin. Leis an gcoinníoll speisialta sin, ceadaítear don Aontas agus don Ríocht Aontaithe gabhálacha roc mionsúileach (Raja microocellata) a dhéanamh i roinn 7e ICES (Muir nIocht Thiar) in 2024, chun gur féidir iascach faire a bheith ann d’fhonn bailiú sonraí iascachbhunaithe a cheadú le haghaidh an stoic sin arna mheasúnú ag ICES. Chun foráil a dhéanamh maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus chun go bhféadfar ‘cláir faireacháin’ san iascach faire a dhéanamh, ba cheart cainníochtaí faoin gcoinníoll speisialta sin a chionroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta agus leis an scála cionroinnte le haghaidh sciataí agus roc in uiscí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe i ranna 6a, 6b, 7a go 7c agus 7e go 7k ICES.
(3)Sna comhairliúcháin dhéthaobhacha maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú le haghaidh na stoc a liostaítear in Iarscríbhinn 35 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘Comhaontú Trádála agus Comhair’), bhunaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, den chéad uair, TACanna le haghaidh na nithe seo a leanas: (i) an leathóg bhán (Glyptocephalus cynoglossus) in uiscí an Aontais i roinn 3a ICES (Skagerrak-Kattegat); agus (ii) an leathóg mhín (Microstomus kitt) sa limistéar céanna. Go dtí go dtiocfar ar chomhaontú idir na Ballstáit maidir leis an gcaoi a ndéanfar na deiseanna iascaireachta sin a chionroinnt, is le ‘le bunú’ a marcáladh na TACanna le haghaidh na stoc sin i Rialachán (AE) 2024/257. Chun gur féidir leis na Ballstáit na deiseanna iascaireachta sin a úsáid, ba cheart TACanna agus cuótaí an Aontais le haghaidh na stoc sin a shocrú ar na leibhéil a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe agus, más ábhartha, ba cheart iad a chionroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le toradh an phlé idir na Ballstáit maidir leis an gcionroinnt sin
(4)[Idir an 9 agus an 13 Márta 2023, rinneadh comhairliúcháin dhéthaobhacha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le leibhéal an TAC le haghaidh corra gainimh agus foghabhálacha gaolmhara (Ammodytes spp.) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais d’fholimistéar 4 ICES, uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES agus uiscí an Aontais i roinn 3a. Rinneadh na comhairliúcháin sin de bhun Airteagal 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus ar bhonn sheasamh an Aontais a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 2 Márta 2023. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dTaifead i Scríbhinn. Ba cheart, dá bhrí sin, an TAC ábhartha a shocrú ar an leibhéal a chomhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe.] [Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis na gcomhairliúchán idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a thabhairt i gcrích.]
(5)Ag an 12ú cruinniú bliantúil a bhí aici in 2022, ghlac an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) teorainneacha gabhála le haghaidh an bholmáin ghoirm (Trachurus murphyi) agus choinnigh sí iascaigh thaiscéalaíocha le haghaidh an déadéisc (Dissostichus spp.). Ina theannta sin, rinne SPRFMO na bearta atá nasctha go feidhmiúil a choinneáil ar bun nó a leasú. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(6)Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige in 2023, chinn an Coimisiún Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC) na teorainneacha iarrachta peas‑saighne agus an líon uasta soithí sin a dhéanann iascaireacht ar thuinníní trópaiceacha a choinneáil ar bun. Leasaíodh forálacha a bhaineann le feistí comhthiomsaithe éisc (FADanna) a bhainistiú in iascach tuinníní trópaiceacha, agus go háirithe maidir le tréimhse choiscthe FADanna. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(7)[Maidir le teorainneacha iarrachta iascaireachta le haghaidh shoithí an Aontais a dhéanann iascaireacht ar an tuinnín gorm (Thunnus thynnus) i limistéar Choinbhinsiún an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) agus maidir le huas‑ionchur agus uas‑acmhainneacht le haghaidh fheirmeacha tuinníní gorma an Aontais, tá siad bunaithe ar fhaisnéis a sholáthraítear sna pleananna iascaireachta bliantúla, sna pleananna bainistíochta maidir le hacmhainneacht iascaireachta agus sna pleananna bainistíochta feirmeoireachta bliantúla le haghaidh tuinníní gorma atá ag na Ballstáit. Tá na Ballstáit leis na pleananna sin a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain, de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tiomsóidh an Coimisiún na pleananna sin ina dhiaidh sin agus beidh siad ina mbonn chun plean bliantúil de chuid an Aontais a bhunú, ar plean é a chuirtear ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT lena phlé agus lena fhormheas, mar a cheanglaítear le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2023/2053. D’fhormheas ICCAT an plean bliantúil is déanaí de chuid an Aontais an 8 Márta 2023. Dá bhrí sin, ba cheart teorainneacha iarrachta iascaireachta an Aontais agus uas‑ionchur agus uas‑acmhainneacht feirmeoireachta an Aontais le haghaidh 2023 a leasú i gcomhréir leis an bplean bliantúil sin.] [Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis do ICCAT an Aontais an plean bliantúil a fhormheas.]
(8)Ag an 14ú cruinniú a bhí aici in Samarkand na hÚisbéiceastáine, ón 12 go dtí an 17 Feabhra 2024, chuir Comhdháil na bPáirtithe (COP) sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (CMS) an siorc tíograch gainimh (Carcharias taurus) leis na liostaí de speicis faoi chosaint i bhFoscríbhinní I agus II den Choinbhinsiún sin. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí thoirmeasc a chur ar na soithí seo a leanas: (i) soithí iascaireachta de chuid an Aontais sna huiscí uile; agus (ii) soithí tríú tír in uiscí an Aontais i dtaca leis an speiceas sin a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír. Le hAirteagal 98(2) de Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar sin féin, tá toirmeasc den sórt sin bunaithe cheana féin maidir leis an siorc gainimh sa Mheánmhuir. Chun forálacha forluiteacha maidir leis an ábhar céanna a sheachaint, níor cheart, dá bhrí sin, toirmeasc den sórt sin a bhunú sa Mheánmhuir, ach amháin do shoithí de chuid an Aontais sna huiscí uile, seachas sa Mheánmhuir, agus do shoithí tríú tír in uiscí an Aontais.
(9)Tagraíonn Airteagal 41, mír 4, agus Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2024/257 araon don líon uasta céanna soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun an colgán (Xiphias gladius) a iascach i limistéir de limistéar Choinbhinsiún WCPFC. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhoráil a bhí ann roimhe seo a scriosadh ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil.
(10)Ba cheart Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2024/257 maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm a cheartú maidir le bearta ar an eascann Eorpach (Anguilla anguilla) in uiscí muirí agus goirte an Aontais i bhfolimistéir 3, 4, 6, 7, 8 agus 9 ICES agus in uiscí goirte de chuid an Aontais atá cóngarach dóibh.
(11)Ba cheart earráidí áirithe sna táblaí TAC sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/257 a cheartú. Áirítear orthu sin earráidí a bhaineann leis na nithe seo a leanas: (i) cuótaí na mBallstát; (ii) an cineál TAC (i.e. ‘TAC anailíseach’ nó ‘TAC réamhchúraim’); (iii) tuairiscí limistéir; agus (iv) cóid tuairiscithe. Ina theannta sin, sna hIarscríbhinní sin, ba cheart forálacha áirithe a shoiléiriú sna táblaí TAC seo a leanas: (i) na táblaí TAC le haghaidh an roic dústríoctha (Raja undulata) in uiscí an Aontais i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES faoi seach; agus (ii) na táblaí TAC le haghaidh an ronnaigh (Scomber scombrus) sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt.
(12)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/257 a leasú agus a cheartú dá réir sin.
(13)Tá feidhm ón 1 Eanáir 2024 ag na deiseanna iascaireachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/257. Dá bhrí sin, na forálacha maidir le deiseanna iascaireachta a thugtar isteach leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu ón dáta sin chomh maith. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, mar go bhfuil méadú tagtha ar na deiseanna iascaireachta atá i gceist nó nár ídíodh go fóill iad.
(14)Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir leis an siorc tíograch gainimh ón 1 Aibreán 2024, is é sin: (i) tar éis an 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, a bhí ar siúl ón 12 go dtí an 17 Feabhra 2024; agus (ii) roimh theacht i bhfeidhm an leasaithe ar Fhoscríbhinní I agus II de CMS an 17 Bealtaine 2024.
(15)I bhfianaise na práinne atá le briseadh sna gníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú agus ceartúchán ar Rialachán (AE) 2024/257
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2024/257 mar a leanas:
(1)In Airteagal 20(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(ba)an siorc gainimh (Carcharias taurus) sna huiscí uile seachas sa Mheánmhuir;’
(2)Scriostar Airteagal 41, mír 3.
(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42:
‘Airteagal 42
Iascaireacht a bhainistiú le FADanna
1.Sa chuid sin de limistéar Choinbhinsiún WCPFC idir 20° T agus 20° D, ní dhéanfaidh soithí peas‑saighne, soithí tairisceana, agus aon soitheach eile a oibríonn mar thacaíocht do shoithí peas‑saighne, FADanna a imscaradh, a sheirbhísiú nó eangacha a chur orthu idir 00.00 uair an chloig an 1 Iúil 2024 agus 24.00 uair an chloig an 30 Meán Fómhair 2024.
2.I dteannta an toirmisc i mír 1, toirmeascfar eangacha a chur ar FADanna ar mórmhuir i limistéar Choinbhinsiún WCPFC atá suite idir 20° T agus 20° D ar feadh mí bhreise amháin, ó 00.00 uair an chloig an 1 Aibreán 2024 go 24.00 uair an chloig an 31 Aibreán 2024, nó 00.00 uair an chloig an 1 Bealtaine 2024 go 24.00 uair an chloig an 31 Bealtaine 2024, nó ó 00.00 uair an chloig an 1 Samhain 2024 go 24.00 uair an chloig an 30 Samhain 2024, nó ó 00.00 uair an chloig an 1 Nollaig 2024 go 24.00 uair an chloig an 31 Nollaig 2024.
3.Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann a chinneadh go comhpháirteach cé acu de na tréimhsí coiscthe dá dtagraítear i mír 2 a mbeidh feidhm aici maidir le soithí peas‑saighne atá faoina mbratach. Déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas go comhpháirteach faoin 15 Feabhra 2024 maidir leis an tréimhse choiscthe a roghnaíodh. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do rúnaíocht WCPFC maidir leis an gcomhthréimhse choiscthe a roghnaigh na Ballstáit lena mbaineann roimh an 1 Márta 2024.
4.
Áiritheoidh gach Ballstát nach mó ná 350 an líon FADanna a mbeidh baoithe gléasta gníomhachtaithe acu a dhéanfaidh soithí peas‑saighne dá chuid a imscaradh ar muir ag aon am amháin. Ní dhéanfar na baoithe a ghníomhachtú ach amháin ar bord soithigh peas‑saighne.’
(4)In Airteagal 55(1), cuirtear an méid seo a leanas isteach:
‘(aa)an siorc gainimh (Carcharias taurus) in uiscí uile an Aontais;’
(5) In Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
‘(a)Beidh feidhm ag Airteagal 13(1) agus (7) ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Márta 2025;
(b)Beidh feidhm ag Airteagal 13(2) go (6) ón 1 Aibreán 2024 go dtí an 31 Márta 2025;
(6) In Airteagal 59, cuirtear isteach na pointí (ca) agus (ga) seo a leanas:
‘ (ca)Beidh feidhm ag Airteagal 20(1), pointe (ba), ón 1 Aibreán 2024;
(ga) Beidh feidhm ag Airteagal 55(1), pointe (aa), ón 1 Aibreán 2024;’
(7)leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinní IA, IG, IH, VI, IX agus XI i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán