Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024M11619

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11619 — LGP / FRANCISCO PARTNERS / REDSAIL) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    PUB/2024/603

    IO C, C/2024/4399, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4399/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4399/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/4399

    5.7.2024

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

    (Cás M.11619 — LGP / FRANCISCO PARTNERS / REDSAIL)

    Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (C/2024/4399)

    1.   

    An 17 Meitheamh 2024 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

    Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

    Leonard Green & Partners, L.P. (‘LGP’, na Stáit Aontaithe),

    Francisco Partners Management L.P. (‘Francisco Partners’, na Stáit Aontaithe),

    Kona Topco, L.P. agus a fhochuideachtaí, lena n-áirítear RedSail Technologies LLC (‘RedSail’, na Stáit Aontaithe), atá faoi rialú Francisco Partners (na Stáit Aontaithe)

    Gheobhaidh LGP agus Francisco Partners rialú comhpháirteach ar RedSail de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

    Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

    2.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

    Is gnólacht infheistíochta cothromais phríobháidigh é LGP a bhfuil a cheanncheathrú in Los Angeles, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Oibríonn LGP i gcomhpháirt le foirne bainistíochta a bhfuil taithí acu agus go minic le bunaitheoirí chun infheistíocht a dhéanamh go príomha i gcuideachtaí atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe in earnálacha na seirbhísí tomhaltóirí, gnó agus cúraim sláinte.

    Is gnólacht infheistíochta domhanda é Francisco Partners, atá lonnaithe i San Francisco, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá, arb é an speisialtóireacht atá aige oibriú i gcomhpháirt le gnólachtaí teicneolaíochta agus gnólachtaí cumasaithe ag an teicneolaíocht.

    3.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó an ghnóthais RedSail: Is soláthraí bogearraí agus seirbhísí bainistíochta gnó do chógaslanna é RedSail atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, atá gníomhach go heisiach i Meiriceá Thuaidh agus go príomha sna Stáit Aontaithe. Déanann ardán comhtháite teicneolaíochta cógaslainne na cuideachta sreafaí oibre cógaslainne a uathoibriú agus a bharrfheabhsú, amhail bainistiú fardail a uathoibriú, próifílí othar a bhainistiú, chomh maith le billeáil leighis, ríomhchóras um ordú oideas agus cumais íocaíochta a thairiscint.

    4.   

    Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

    De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

    5.   

    Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

    M.11619 — LGP / FRANCISCO PARTNERS / REDSAIL

    Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

    R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

    Seoladh poist:

    European Commission

    Directorate-General for Competition

    Merger Registry

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË


    (1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

    (2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4399/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top